Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0225

Moladh le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Slóvaice

COM/2025/225 final

An Bhruiséil,4.6.2025

COM(2025) 225 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Slóvaice

{SWD(2025) 225 final}


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Slóvaice

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle 1 , agus go háirithe Airteagal 3(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú 2 , agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

De bharr an mhéid seo a leanas:

Breithnithe ginearálta

(1)Le Rialachán (AE) 2024/1263, a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024, sonraítear cuspóirí an chreata rialachais eacnamaíoch, creat a bhfuil sé d’aidhm aige airgeadas poiblí inbhuanaithe fónta agus fás cuimsitheach inbhuanaithe agus athléimneacht a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Sonraítear sa Rialachán go ndéanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún faireachas iltaobhach i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh i gcomhréir leis na cuspóirí agus na ceanglais a leagtar amach in CFAE. Áirítear sa Seimeastar Eorpach, go háirithe, foirmliú na moltaí tírshonracha agus faireachas ar chur chun feidhme na moltaí sin. Leis an Rialachán, cuirtear úinéireacht náisiúnta i leith an bheartais fhioscaigh chun cinn, agus béim á leagan ar an bhfócas meántéarmach a bhaineann leis an mbeartas céanna, agus i dteannta leis sin cuirtear forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí chun cinn chomh maith. Ní mór do gach Ballstát plean fioscachstruchtúrach meántéarmach náisiúnta a chur faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, plean ina mbeidh a chuid gealltanas fioscach, athchóiriúcháin agus infheistíochta, thar thréimhse 4 nó 5 bliana, de réir fhad an téarma reachtaigh náisiúnta. Ní mór an chonair ghlanchaiteachais 3 sna pleananna sin ceanglais an Rialacháin a chomhlíonadh, lena náirítear na ceanglais ollfhiachas rialtais a chur nó a choimeád ar chonair inchreidte anuas faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama faoi bhun 60 % den olltáirgeacht intíre (OTI), agus an teasnamh rialtais ghinearálta a thabhairt agus/nó a choimeád faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 3 % de OTI, sa mheántéarma. I gcás ina dtugann Ballstát gealltanas i leith sraith ábhartha d’athchóirithe agus infheistíochtaí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán, féadtar síneadh suas le 3 bliana a chur leis an tréimhse choigeartúcháin.

(2)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 , lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (‘an tSaoráid’), i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Leis an tSaoráid cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, agus soláthraítear spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh um chomhordú an bheartais eacnamaíoch, déanann an tSaoráid an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta a chothú, agus spreagann sí athchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe an tráth céanna, go háirithe athchóirithe agus infheistíochtaí trína gcuirtear an taistriú glas agus an taistriú digiteach chun cinn agus trína gcuirtear le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an tairgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoi chruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

(3)Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 (‘Rialachán REPowerEU’), a glacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur, de réir a chéile, le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuidíonn sé sin ó thaobh slándáil fuinnimh a bhaint amach agus ó thaobh soláthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú, agus an tráth céanna, cuireann sé le glacadh foinsí inathnuaite fuinnimh, le hacmhainneachtaí stórála agus le héifeachtúlacht fuinnimh. Chuir an tSlóvaic caibidil nua REPowerEU lena plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí ríthábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach.

(4)An 29 Aibreán 2021, chuir an tSlóvaic a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 den Rialachán sin, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V. An 13 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle a Cinneadh Cur Chun Feidhme lena bhformheastar an measúnú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Slóvaice 6 a leasaíodh de réir Airteagal 18(2) an 14 Iúil 2023 chun an ranníocaíocht uasta airgeadais le haghaidh tacaíocht airgeadais neamhinaisíoctha a thabhairt cothrom le dáta, agus chun an chaibidil REPowerEU a chur san áireamh 7 . Chun go scaoilfear na tráthchodanna, caithfidh cinneadh a bheith glactha ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 24(5), ina sonraítear go bhfuil na clocha míle agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle bainte amach go sásúil ag an tSlóvaic. Ní féidir gnóthú sásúil a bheith i gceist ach sa chás nach ndeachthas siar ar an méid a rinneadh chun na clocha míle agus na spriocanna maidir leis an athchóiriú céanna nó an infheistíocht chéanna a bhaint amach.

(5)An 21 Eanáir 2025, ar mholadh ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle moladh lena bhformhuinítear plean fioscachstruchtúrach meántéarmach náisiúnta na Slóvaice 8 . Cuireadh an plean isteach i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 36(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1263, cumhdaíonn sé an tréimhse ó 2025 go 2028 agus cuirtear i láthair ann coigeartú fioscach thar thréimhse 4 bliana.

(6)An 26 Samhain 2024 ghlac an Coimisiún tuairim freisin maidir le dréachtphlean buiséadach na Slóvaice 2025. An dáta céanna, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún Tuarascáil 2025 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil inar shainaithin go bhfuil an tSlóvaic ar cheann de na Ballstáit a mbeadh grinn‑athbhreithniú ag teastáil ina leith. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, agus togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2025, ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ghlac an Chomhairle an Moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro 9 an 13 Bealtaine 2025 agus an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht an 10 Márta 2025.

(7)An 29 Eanáir 2025 d’fhoilsigh an Coimisiún an Compás Iomaíochais, creat straitéiseach arb é is aidhm dó borradh a chur faoi iomaíochas domhanda an Aontais sna 5 bliana amach romhainn. Sainaithnítear ann na trí riachtanas chlaochlaitheacha a bhaineann le fás eacnamaíoch inbhuanaithe: (i) an nuálaíocht; (ii) an dícharbónú agus an tiomaíochas; agus (iii) an tslándáil. Chun an bhearna nuálaíochta a dhúnadh, tá sé d’aidhm ag an Aontas nuálaíocht thionsclaíoch a chothú, tacú le fás gnólachtaí nuathionscanta trí thionscnaimh amhail an Straitéis AE um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú, agus glacadh ardteicneolaíochtaí a chur chun cinn, an intleacht shaorga agus an ríomhaireacht chandamach, cuir i gcás. Ar mhaithe le geilleagar níos glaise a bhaint amach, tá Plean Gníomhaíochta cuimsitheach um Fhuinneamh Inacmhainne agus Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan leagtha amach ag an gCoimisiún, rud a áiritheoidh go mbeidh an taistriú chuig fuinneamh glan costéifeachtach, fabhrach don iomaíochas i gcónaí, go háirithe i gcás earnálacha dianfhuinnimh, agus ina spreagadh don fhás. Chun spleáchais iomarcacha a laghdú agus an tslándáil a mhéadú, tá an tAontas tiomanta do chomhpháirtíochtaí trádála domhanda a neartú, do shlabhraí soláthair a éagsúlú agus do rochtain ar amhábhair chriticiúla agus ar fhoinsí fuinnimh glana a áirithiú. Is iad na cumasóirí cothrománacha seo a leanas atá ina mbonn taca ag na tosaíochtaí sin — simpliú rialála, doimhniú an mhargaidh aonair, maoiniú iomaíochais agus Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, cur chun cinn scileanna agus poist ardcháilíochta , agus comhordú níos fearr ar bheartais an Aontais. Tá an Compás Iomaíochais ailínithe leis an Seimeastar Eorpach, rud a áirithíonn go bhfuil beartais eacnamaíocha na mBallstát comhsheasmhach le cuspóirí straitéiseacha an Choimisiúin, ionas go bhfuil cur chuige aontaithe ann maidir le rialachas eacnamaíoch lena gcothaítear fás inbhuanaithe, nuálaíocht agus athléimneacht ar fud an Aontais.

(8)In 2025, beidh an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch ag forbairt leis de réir mar a bheidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta á cur chun feidhme. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais atá ann faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go gcuidíonn na pleananna ó thaobh aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Tá na moltaí tírshonracha sin fós chomh hábhartha céanna maidir leis an measúnú ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta leasaithe i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/241.

(9)Na príomhdhúshláin beartais eacnamaíoch nach dtugtar aghaidh orthu go leordhóthanach leis na bearta atá sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta, cumhdaíonn moltaí tírshonracha 2025 iad, agus na dúshláin ábhartha a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2019-2024 á gcur san áireamh.

(10)An 4 Meitheamh 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2025 don tSlóvaic. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar an dul chun cinn atá déanta ag an tSlóvaic thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha agus rinneadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Slóvaice a mheas. I bhfianaise na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre na dúshláin is práinní atá le sárú ag an tSlóvaic. Leis an tuarascáil, rinneadh measúnú freisin ar dhul chun cinn na Slóvaice ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, sin agus ar an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

(11)Rinne an Coimisiún grinnathbhreithniú maidir leis an tSlóvaic faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011. An 13 Bealtaine 2025, foilsíodh príomhthorthaí an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún chun críoch an Rialacháin sin ar leochaileachtaí maicreacnamaíocha i gcás na Slóvaice 10 . An 4 Meitheamh 2025, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sa tSlóvaic. Go háirithe, d’ainneoin roinnt feabhsuithe, tá na leochaileachtaí a bhaineann le hiomaíochas costais, an comhardú seachtrach agus an margadh tithíochta fós ann, agus is cosúil go bhfuil feabhsuithe ar fhéichiúnas teaghlaigh níos láidre, agus tá gníomhaíocht beartais teoranta. Tháinig laghdú suntasach ar an mboilsciú agus ar an bhfás ar chostais saothair aonadacha ach tá difreálacha fós ann, lena náirítear an croíbhoilsciú, leis an gcuid eile den limistéar euro agus leis an Aontas. Tar éis an fheabhais shuntasaigh a tháinig in 2023 i ngeall ar phraghsanna fuinnimh níos ísle, chuaigh an teasnamh sa chuntas reatha in olcas beagán in 2024 mar gheall ar onnmhairí malla agus allmhairí a bheith ag dul i méid le linn éileamh intíre a tháinig chun cinn arís. Meastar go dtiocfaidh méadú breise ar an easnamh sa chuntas reatha i mbliana. Ag an am céanna, níl laghdú ag teacht ar an easnamh rialtais ard. Ina theannta sin, tháinig borradh faoi phraghsanna tithe arís le linn 2024, agus cuireann an laghdú ar an tógáil chónaithe leis an soláthar tithíochta atá teann cheana féin. Tar éis roinnt blianta de mhéaduithe móra ar fhiachas teaghlaigh, chuir rátaí úis níos airde moill ar an éileamh ar mhorgáistí le 2 bhliain anuas agus tháinig laghdú ar chóimheasa fiachais teaghlaigh le blianta beaga anuas. Mar sin féin, ó tharla gur tháinig laghdú ar dhálaí airgeadais le linn 2024 agus go luath in 2025, tá iasachtaíocht teaghlaigh ag téarnamh le déanaí agus tugadh tuilleadh tacaíochta di trí ioncam indiúscartha réadach a mhéadú i gcomhthéacs margadh saothair docht. Níl éifeachtaí ainmneora ag éirí chomh suntasach céanna, sa chaoi go bhféadfadh cóimheasa fiachais teaghlaigh cobhsú nó titim níos lú sa ghearrthéarma ná mar a tharla roimhe seo, agus iad fós faoi bhun mheán an Aontais i gcomhthéacs earnáil fhónta baincéireachta. Is dul chun cinn teoranta atá déanta ó thaobh beartais de. Chun srian a chur leis an mboilsciú, cuireadh síneadh le bearta tacaíochta fuinnimh do theaghlaigh. Mar sin féin, bhí an beart neamhspriocdhírithe sin ar cheann de na nithe a spreag na heasnaimh mhóra rialtais agus na heasnaimh sa chuntas reatha. Tá glacadh na mbeart chun feabhas a chur ar tháirgiúlacht saothair agus ar an timpeallacht ghnó teoranta i gcónaí. Tháinig leasú ar an Acht Foirgníochta, arb é is aidhm dó nósanna imeachta tógála a chuíchóiriú, i bhfeidhm i mí Aibreáin seo.

Measúnú ar an Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn

(12)An 21 Eanáir 2025, mhol an Chomhairle na huasrátaí fáis glanchaiteachais seo a leanas le haghaidh na Slóvaice: 3,8 % in 2025, 0,9 % in 2026, 1,6 % in 2027, agus 1,5 % in 2028, rátaí a chomhfhreagraíonn do na huasrátaí fáis carnacha arna ríomh faoi threoir 2023, mar atá 10,3 % in 2025, 11,2 % in 2026, 13,0 % in 2027, agus 14,8 % in 2028. In 2025-2027, beidh uasrátaí fáis sin an ghlanchaiteachais ag teacht leis an gconair cheartaitheach i gcomhréir le hAirteagal 3(4) de Rialachán 1467/97, mar a mhol an Chomhairle an 21 Eanáir 2025 d’fhonn deireadh a chur le heasnamh iomarcach 11 . An 30 Aibreán 2025, thíolaic an tSlóvaic a Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn 12 , maidir le gníomhaíocht a rinneadh mar fhreagairt ar an moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 d’fhonn deireadh a chur le heasnamh iomarcach, agus athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagraítear do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha an tSeimeastair Eorpaigh a chur chun feidhme. An Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, is léiriú freisin í ar thuairisciú débhliantúil na Slóvaice i ndáil leis an dul chun cinn atá déanta maidir lena plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241.

(13)Is dúshlán eiseach don Aontas Eorpach é an cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin agus a iarmhairtí. Mhol an Coimisiún clásal éalaithe náisiúnta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú ar bhealach comhordaithe chun tacú le hiarrachtaí an Aontais méadú tapa suntasach ar chaiteachas cosanta a bhaint amach agus ba dhíol sásaimh do Chomhairle Eorpach an 6 Márta 2025 an togra sin. Tar éis iarraidh a fháil ón tSlóvaic an 30 Aibreán 2025, an [dáta], agus ar mholadh ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle moladh lena gceadaítear don tSlóvaic imeacht ó uasrátaí fáis glanchaiteachais a moladh agus iad a shárú 13 .

(14)Ar bhonn sonraí atá fíoraithe ag Eurostat 14 , tháinig méadú ar easnamh rialtais ghinearálta na Slóvaice ó easnamh 5,2 % de OTI in 2023 go heasnamh 5,3 % in 2024, agus tháinig méadú ar fhiachas rialtais ghinearálta ó 55,6 % de OTI ag deireadh 2023 go 59,3 % ag deireadh 2024. De réir ríomhanna an Choimisiúin, comhfhreagraíonn na forbairtí sin do ráta fáis glanchaiteachais 5,4 % in 2024. Sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, measann an tSlóvaic gurb é 3,0 % an fás glanchaiteachais in 2024. Measann an Coimisiún go raibh an fás glanchaiteachais níos airde ná mar a bhí sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn. Is é is cúis leis an difríocht idir ríomhanna an Choimisiúin agus meastacháin na núdarás náisiúnta caiteachas níos ísle arna chistiú ón Aontas in 2023 a úsáideadh sna toimhdí is bun leis an Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach 15 , lena náirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, bhí staid fhioscach chrapthach ann in 2024, mar atá 2,2 % de OTI.

(15)De réir na Tuarascála Bliantúla ar Dhul Chun Cinn, sa chás maicreacnamaíoch atá mar bhonn taca le réamhmheastacháin bhuiséadacha na Slóvaice, tá coinne le fás fíor-OTI 1,9 % in 2025 agus in 2026 araon, agus réamhmheastar go mbeidh boilsciú ICPT 3,9 % ann in 2025 agus 3,7 % in 2026. Réamhmheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún go bhfásfaidh an fíor-OTI faoi 1,5 % in 2025 agus faoi 1,4 % in 2026, agus go mbeidh boilsciú ICPT 4,0 % ann in 2025 agus 2,9 % in 2026.

(16)Sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an easnamh rialtais ghinearálta go 4,9 % de OTI in 2025, agus tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI le laghdú go 61,1 % faoi dheireadh 2025. Comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 3,6 % in 2025. Réamhmheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún go mbeidh easnamh rialtais ghinearálta 4,9 % de OTI ann in 2025. Léiríonn an laghdú ar an easnamh in 2025 go príomha na bearta comhdhlúthaithe méadaithe ioncaim a ghlac rialtas na Slóvaice le haghaidh 2025. De réir ríomhanna an Choimisiúin, comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 3,8 % in 2025. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach, lena náirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, réamhmheastar go mbeidh staid fhioscach neodrach den chuid is mó ann in 2025, mar atá 0,2 % de OTI. Meastar go dtiocfaidh méadú go 60,9 % ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI faoi dheireadh 2025. Den chuid is mó, léiríonn an méadú ar an gcóimheas fiachaisOTI in 2025 an easnamh príomha ard.

(17)Meastar go maoineofar caiteachas rialtais ghinearálta 1,4 % de OTI le tacaíocht neamhinaisíoctha (‘deontais’) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2025, i gcomparáid le 0,7 % de OTI in 2024, de réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún. Le caiteachas a mhaoinítear le tacaíocht neamhinaisíoctha ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, beifear in ann infheistíocht ardcháilíochta agus athchóirithe lena gcuirfear leis an táirgiúlacht a dhéanamh gan tionchar díreach a imirt ar chomhardú rialtais ghinearálta agus fiachas na Slóvaice.

(18)1,4 % de OTI in 2021, 1,0 % de OTI in 2022 agus 1,2 % de OTI in 2023, ba é sin caiteachas cosanta an rialtais ghinearálta sa tSlóvaic 16 . De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamhmheastar go gcaithfear 1,3 % de OTI in 2024 agus 2,3 % de OTI in 2025 ar an gcosaint. Comhfhreagraíonn sé sin do mhéadú 0.9 pointe céatadáin de OTI i gcomparáid le 2021. Le linn na tréimhse ina ngníomhachtófar an clásal éalaithe náisiúnta (2025-2028) beidh an tSlóvaic in ann tosaíochtaí nua a thabhairt do chaiteachas rialtais nó ioncam rialtais a mhéadú ionas nár bhaol d’inbhuanaitheacht fhioscach sa mheántéarma caiteachas cosanta a bheidh níos airde go marthanach.

(19)De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamhmheastar go bhfásfaidh an glanchaiteachais sa tSlóvaic faoi 3,8 % in 2025 agus gur fás carnach 9,3 % a bheidh ann in 2024 agus 2025. Ar bhonn Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamhmheastar go mbeidh glanfhás caiteachais na Slóvaice in 2025 faoi bhun an uasráta fáis a mholtar arna bhunú leis an gconair cheartaitheach, go bliantúil agus nuair a chuirtear 2024 agus 2025 araon san áireamh. Dá bhrí sin, tá an nós imeachta um easnamh iomarcach don tSlóvaic ar stad.

(20)Sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, réamhmheastar go dtiocfaidh laghdú ar an easnamh rialtais ghinearálta go 4,5 % de OTI in 2026, agus réamhmheastar go dtiocfaidh méadú ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI go 63,3 % faoi dheireadh 2026. Ar bhonn bearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise, réamhmheastar i Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún easnamh rialtais ghinearálta 5,1 % de OTI in 2026. Den chuid is mó, léiríonn an méadú ar an easnamh in 2026 go bhfuil an tionchas maicreacnamaíoch ag dul in olcas mar aon le bearta lánroghnacha leanúnacha lena méadaítear caiteachas, go háirithe an 13ú híocaíocht phinsin bhuan, nó méadú ar chaiteachas ar chúram sláinte. Comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 3,9 % in 2026. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach, lena náirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, réamhmheastar go mbeidh staid fhioscach neodrach ann in 2026. D’fhéadfadh comhdhlúthú fioscach rannchuidiú freisin le feabhas a chur ar an staid sheachtrach. Is é réamhmheastachán an Choimisiúin go dtiocfaidh méadú go 63,0 % ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI faoi dheireadh 2026. Den chuid is mó, léiríonn an méadú ar an gcóimheas idir fiachais agus OTI in 2026 an teasnamh príomhúil ard.

Príomhdhúshláin bheartais

(21)In 2024, sháraigh ding chánach na Slóvaice (cánachas ar thuilleamh ó shaothar) meán an Aontais le haghaidh saothraithe ar ioncam íseal, le ráta 38,2 % do dhaoine aonair a thuill 50 % den mheánphá, i gcomparáid le meán an Aontais de 31,8 %. Mar sin féin, bhí an ding níos gaire do mheán an Aontais ar leibhéil ioncaim níos airde, rud a léiríonn go bhfuil an tualach cánach níos substaintiúla le haghaidh saothraithe ar ioncam níos ísle. Bhí an tioncam ó cháin mhaoine in 2023 íseal ag 0,4 % de OTI, i gcomparáid le meán an Aontais de 1,9 %, go príomha mar gheall ar an gcóras cánachais maoine limistéarbhunaithe sa tSlóvaic, córas nach gcuireann san áireamh gnéithe amhail suíomh ná luach margaidh sa ríomh fioscach. Bíonn ioncam cánach marbhánta mar thoradh air sin, i gcomhthéacs an mhéadaithe atá ag teacht ar phraghsanna tithe le blianta beaga anuas agus saincheisteanna a bhaineann le cothroime agus cothromas. Ina theannta sin, tá an tioncam ó chánachas comhshaoil na Slóvaice, go háirithe i réimsí amhail iompar, truailliú agus acmhainní nádúrtha, go comhsheasmhach faoi bhun mheán an Aontais. Is é EUR 64,1 in aghaidh an tona CO2 an ráta carbóin éifeachtach sa tSlóvaic, méid atá i bhfad níos ísle ná meán an Aontais de EUR 84,8. Tugann sé sin le fios go bhfuil dreasachtaí eacnamaíocha níos laige ann chun astaíochtaí a laghdú. Tá bearta á ndéanamh ag an tSlóvaic chun borradh a chur faoi éifeachtúlacht a córais bailithe cánach trí infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar TF agus trí straitéis chuimsitheach um chlaochlú digiteach a chur chun feidhme. Cé go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar an mbearna CBL le blianta beaga anuas, tá an bhearna chomhlíontachta CBL fós i bhfad níos airde ná meán an Aontais. Chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh arda rialtais, tá bearta tugtha isteach ag an tSlóvaic arb é is aidhm dóibh ioncam rialtais a mhéadú, rud a dhéanfaidh difear diúltach d’iomaíochas praghsanna agus a mbeidh dáileadh míchothrom acmhainní mar thoradh air. Go sonrach, cuireann an cháin ar idirbhearta airgeadais a cuireadh chun feidhme le déanaí bac ar an timpeallacht ghnó, cuireann sí le praghsanna níos airde agus spreagann sí úsáid íocaíochtaí in airgead tirim, rud a chruthaíonn imní maidir le himghabháil cánach a d’fhéadfadh a bheith ann. Ina theannta sin, tá síneadh curtha ag an rialtas le bearta arb é is aidhm dóibh tionchair shóisialta praghsanna arda fuinnimh a mhaolú. Mar sin féin, níl na bearta sin dírithe ar dhaoine leochaileacha ná ní dhéanann siad na comharthaí praghais ó mhargaí fuinnimh a shaobhadh. Thairis sin, cuireann cur chun feidhme neamhleor na nathbhreithnithe caiteachais atá ann cheana sa phróiseas buiséadach bac ar choigiltis fhéideartha a bhaint amach a d’fhéadfadh feabhas a chur ar an airgeadas poiblí. Trí dhigitiú an riaracháin cánach a chur chun cinn, go háirithe i ríomhshonrascadh agus i dtuairisceáin chánach réamhlíonta, d’fhéadfaí sceitheadh sa chóras cánach a laghdú, comhlíonadh a shimpliú agus costais ghaolmhara a laghdú.

(22)Tá ganntanas suntasach tithíochta fós le sárú ag an tSlóvaic, agus tá líon na dtithe in aghaidh an mhíle áitritheoir i measc an líon is ísle ar fud thíortha ECFE. Tá an fhoirgníocht chónaithe faoi bhun mheán an Aontais agus tá laghdú ag teacht uirthi ó bhí deireadh 2023 ann. Tá treocht anuas chomhchosúil ann freisin maidir le líon na gceadanna tógála a eisíodh ó dheireadh 2023. Is toradh é sin ar nósanna imeachta neamhéifeachtúla ceadúcháin na Slóvaice, arna spreagadh ag ilroinnt ard riaracháin agus acmhainní neamhleora ar leibhéal an bhardais. Trí thacú le soláthar tithíochta, cuidítear freisin le srian a chur ar rioscaí a bhaineann le fiachas teaghlaigh. Ina theannta sin, tá an margadh cíosa tearcfhorbartha, toisc nach bhfuil an creat reachtach fabhrach do chíosanna seachas úinéireacht tí. Tá úinéireacht tí fós ar an rogha is fearr le formhór na dteaghlach sa tSlóvaic, ó tharla go bhfuil cíosanna ard, agus go bhfuil fáil íseal ar lóistín ar cíos. Ag an am céanna, cuireann an soláthar fíortheoranta tithíochta sóisialta – 1,6 % den stoc tithíochta – bac ar rochtain a fháil ar thithíocht do na daoine is leochailí. Cuireann an tardú ar phraghsanna tithe agus an laghdú ar an bhfoirgníocht chónaithe srian breise ar inrochtaineacht agus ar inacmhainneacht tithíochta.

(23)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Meastar go gcuideoidh siad sin ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Laistigh den tréimhse ghairid sin, tá sé ríthábhachtach cur chun feidhme éifeachtach an phlean téarnaimh agus athléimneachta a thabhairt chun críche chun borradh a chur faoi iomaíochas fadtéarmach na Slóvaice leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, agus cothroime shóisialta á háirithiú an tráth céanna. Chun gealltanais an phlean téarnaimh agus athléimneachta a chomhlíonadh faoi mhí Lúnasa 2026, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh an tSlóvaic dlús le cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ábhartha. Go háirithe, timpeallacht rialála dhothuartha, ualaí riaracháin agus struchtúr rialachais ilroinnte, chomh maith le próisis soláthair phoiblí neamhéifeachtúla agus ullmhú neamhleor tionscadal infheistíochta, bíonn tionchar acu ar acmhainneacht na Slóvaice tionscadail infheistíochta a chur chun feidhme go héifeachtach agus cistiú ón Aontas a ionsú, rud a chuireann bac suntasach ar acmhainneacht na Slóvaice maidir le nuálaíocht agus éagsúlú eacnamaíoch. Tá rannpháirtíocht chórasach na núdarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta, na sochaí sibhialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile ríthábhachtach i gcónaí i ndáil le húinéireacht leathan a áirithiú maidir le cur chun feidhme rathúil an phlean téarnaimh agus athléimneachta.

(24)Sa tSlóvaic, tá dlús curtha le cur chun feidhme chláir an bheartais chomhtháthaithe, lena gcuimsítear tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ón gCiste um Aistriú Cóir (CUAC) agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus ón gCiste Comhtháthaithe (CC). Tá sé tábhachtach leanúint de na hiarrachtaí chun cur chun feidhme tapa an chláir sin a áirithiú, agus a thionchar ar an láthair á uasmhéadú ag an am céanna. Tá an tSlóvaic ag gníomhú cheana féin faoina cláir beartais chomhtháthaithe chun borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin bhfás. Ag an am céanna, tá dúshláin fós le sárú ag an tSlóvaic, lena náirítear iad sin a bhaineann le feabhas a chur ar an iomaíochas i gcomhthéacs an aistrithe thionsclaíoch, borradh a chur faoin acmhainneacht nuálaíochta, lena náirítear chun teicneolaíochtaí criticiúla a fhorbairt agus a mhonarú, athléimneacht uisce agus tithíocht a mhéadú, chomh maith le hinrochtaineacht oideachas agus chúram na luathóige agus rannpháirtíocht grúpaí faoi mhíbhuntáiste sa mhargadh saothair. I gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060, ceanglaítear ar an tSlóvaic – mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar chistí an bheartais chomhtháthaithe – a clár a athbhreithniú agus na dúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2024, i measc nithe eile, á gcur san áireamh. Leis na tograí ón gCoimisiún a glacadh an 1 Aibreán 2025 17 , cuirtear síneadh leis an spriocdháta chun measúnú a chur isteach – le haghaidh gach cláir – ar thoradh an athbhreithnithe mheántéarma tar éis an 31 Márta 2025. Cuirtear ar fáil leis freisin solúbthachtaí chun cuidiú le dlús a chur le cur chun feidhme clár agus dreasachtaí do na Ballstáit acmhainní an bheartais chomhtháthaithe a leithdháileadh ar chúig réimse tosaíochta straitéisí de chuid an Aontais, is iad sin iomaíochas i dteicneolaíochtaí straitéiseacha, cosaint, tithíocht, athléimneacht uisce agus aistriú fuinnimh.

(25)Deis atá san Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) infheistíocht a dhéanamh i gceann de phríomhthosaíochtaí straitéiseacha an Aontais, is é sin iomaíochas an Aontais a neartú. Cuirtear STEP ar fáil trí 11 chiste AE atá ann cheana. Is féidir leis na Ballstáit rannchuidiú leis an gclár InvestEU freisin, clár a thacaíonn le hinfheistíochtaí sna réimsí tosaíochta. D’fhéadfadh an tSlóvaic na tionscnaimh sin a úsáid chun tacú le forbairt nó monarú teicneolaíochtaí criticiúla, teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní san áireamh.

(26)Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus i gcistí eile de chuid an Aontais, tá roinnt dúshláin bhreise le sárú ag an tSlóvaic a bhaineann le dícharbónú agus claochlú na tionsclaíochta, forbairt na soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha, an timpeallacht ghnó agus an riarachán poiblí, digitiú, taighde agus nuálaíocht, an córas ceartais, an margadh saothair, oideachas agus cúram sláinte.

(27)Mar a leagtar amach sa Chompás Iomaíochais, ní mór do na hinstitiúidí Eorpacha, náisiúnta agus áitiúla uile iarracht mhór a dhéanamh rialacha níos simplí a chur ar fáil agus dlús a chur le luas na nósanna imeachta riaracháin. Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos ag an gCoimisiún chun an tualach riaracháin a laghdú: 25 % ar a laghad agus 35 % ar a laghad i gcás FBManna; agus chruthaigh sé uirlisí nua chun na spriocanna sin a bhaint amach, lena náirítear tástáil struis chórasach ar chorpas reachtaíocht an Aontais agus idirphlé feabhsaithe le páirtithe leasmhara. Chun teacht leis an uaillmhian sin, ní mór don tSlóvaic beart a dhéanamh freisin. Measann 78 % de ghnólachtaí gur fadhb í castacht na nósanna imeachta riaracháin dá gcuideachta agus iad i mbun gnó sa tSlóvaic 18 . Fágann nósanna imeachta riaracháin fada casta, timpeallacht rialála dhothuartha, reachtaíocht atá ag athrú go tapa agus pleanáil neamhleor infheistíochta go bhfuil timpeallacht ghnó na Slóvaice ar cheann de na timpeallachtaí is lú fabhar san Aontas. Sa tSlóvaic, is iondúil go nathraíonn an reachtaíocht go tapa agus tá nósanna imeachta reachtacha meara tagtha chun bheith coitianta agus dlíthe nua á nglacadh. Idir mí Dheireadh Fómhair 2023 agus mí Feabhra 2025, sheachain 37 % de na dlíthe uile a glacadh measúnuithe tionchair caighdeánacha agus comhairliúcháin le páirtithe leasmhara. Níl rialacha soiléire trédhearcacha ag baint leis an gcreat reatha maidir le rialáil níos fearr sa tSlóvaic agus ní chuirtear chun feidhme go héifeachtach é. D’ainneoin gur tugadh isteach bearta chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó, lena náirítear i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Slóvaice, bhí na feabhsuithe foriomlána fánach.

(28)Tá bac á chur ar iomaíochas na Slóvaice mar gheall ar riarachán poiblí ilroinnte, trédhearcacht theoranta sa soláthar poiblí, agus pleanáil infheistíochta lag. Tá an rialachas áitiúil thíos le héagothromaíochtaí móra ag brath ar mhéid an bhardais, freagrachtaí breise tearcmhaoinithe, agus easpa pleanála straitéisí. Tá an phleanáil infheistíochta fós ceangailte le timthriallta cistiúcháin an Aontais agus níl fís fhadtéarmach ann, rud a chruthaíonn éiginnteacht do ghnólachtaí agus d’údaráis áitiúla. Teastaíonn níos mó oiliúna agus acmhainneachta ó bhardais bheaga, go háirithe, chun infheistíochtaí a bhainistiú agus chun rochtain a fháil ar chistí an Aontais. D’ainneoin na nathchóirithe a rinneadh le déanaí maidir le measúnú, roghnú agus buiséadú na hinfheistíochta poiblí, tá faireachán agus measúnú ex post ar thionscadail fós lag. Agus straitéis infheistíochta náisiúnta á forbairt ag an tSlóvaic go dtí 2050, tá sé ríthábhachtach go bhfaighidh an straitéis tacaíocht leathan pholaitiúil agus go nglacfar í in am trátha. Trí athchóiriú a dhéanamh ar an struchtúr rialachais áitiúil agus trí chistiú leordhóthanach a áirithiú do na freagrachtaí éagsúla, d’fhéadfaí acmhainneacht struchtúrach na Slóvaice a chur chun cinn go suntasach chun infheistíocht a phleanáil agus a chur chun feidhme. Ina theannta sin, ní mór don tSlóvaic feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán ar an leibhéal áitiúil agus neamhspleáchas airgeadais agus cumas bainistíochta na rialtas áitiúil agus réigiúnach a neartú.

(29)Cé gurb é is aidhm do na hathchóirithe a rinneadh le déanaí nósanna imeachta soláthair phoiblí a shimpliú, tá imní fós ann maidir le trédhearcacht agus iomaíocht neamhleor, ó tharla gurbh ionann céatadán na gconarthaí poiblí a dámhadh i nósanna imeachta le tairgeoir aonair amháin agus 33 % in 2023. Tá gá le trédhearcacht agus iomaíocht i bpróisis soláthair phoiblí chun dea-rialachas a chur chun cinn agus chun éifeachtacht an chaiteachais phoiblí a fheabhsú. Thairis sin, d’ainneoin ghlacadh an Ghnímh um Nósanna Imeachta Soláthair Phoiblí, arb é is aidhm dó na rialacha maidir le soláthar poiblí glas a neartú agus feabhas a chur ar úsáid critéar cáilíochta agus costála saolré, bronntar formhór na gconarthaí sa tSlóvaic fós ar bhonn an phraghais is ísle.

(30)Tá imní ann faoi chóras breithiúnach na Slóvaice. Go háirithe, níl ráthaíochtaí leordhóthanacha a mhéid a bhaineann le comhaltaí na Comhairle Breithiúnaí a bhriseadh as a bpost i bhfeidhm go fóill. Roinnt forbairtí, amhail díchóimeáil sainghníomhaireachtaí frithéillithe (an Oifig Ionchúisimh Speisialta agus an Ghníomhaireacht Náisiúnta Coireachta), chomh maith le tionchar leasuithe áirithe ar an gcód coiriúil, is cúis mhór imní iad maidir le stóinseacht chreat frithéillithe na Slóvaice chomh maith le leibhéal na speisialtóireachta agus na hacmhainneachta institiúidí a tógadh le himeacht ama. Mar thoradh air sin, cuireadh isteach go mór ar iarrachtaí an fhórsa póilíneachta agus an ionchúisimh chun éilliú casta agus ardleibhéil a imscrúdú agus a ionchúiseamh, rud a raibh tionchar aige ar an obair leantach éifeachtach ar chásanna leanúnacha agus ar chásanna a bheidh ann amach anseo. Tá baol ann go gcuirfidh na forbairtí sin isteach ar thimpeallacht ghnó agus rialála na Slóvaice, agus dá bhrí sin ar a hiomaíochas.

(31)Tá bonneagar digiteach na Slóvaice ina bhac ar a hiomaíochas, agus níor cumhdaíodh ach 69,12 % de theaghlaigh le líonraí fíor-ardacmhainneachta in 2023, i gcomparáid le meán an Aontais de 78,81 %. Ní mór aghaidh a thabhairt ar an mbearna infheistíochta a mheastar a bheith os cionn EUR 500 milliún le haghaidh nascacht ghigighiotáin chun nascacht dhigiteach níos tapúla, níos iontaofa agus níos forleithne a chur ar fáil do ghnólachtaí agus don phobal. Chun leathadh amach bonneagair dhigitigh nua a éascú, tá sé ríthábhachtach an creat rialála a chuíchóiriú, timpeallacht fhabhrach ghnó a chruthú d’infheisteoirí agus an tam agus an costas a bhaineann le bonneagar digiteach a chur i bhfeidhm a laghdú.

(32)Is dúshlán breise don iomaíochas agus don fhás é glacadh mall na dteicneolaíochtaí digiteacha sa tSlóvaic, agus níl ach 62 % d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ag baint bundéine dhigiteach amach, i gcomparáid le meán an Aontais de 72,9 %. Is bac suntasach breise ar an bhfás eacnamaíoch agus ar an iomaíochas é an comhar teoranta idir na hearnálacha gnó agus taighde. Tá teorainn leis na deiseanna atá ann do FBManna infheistíocht a dhéanamh in T&F, ó tharla go bhfuil an scéim dreasachta cánach T&F atá ann faoi láthair claonta ar son cuideachtaí móra. Trí fheabhas a chur ar scéimeanna dreasachta T&F agus trí bheartais T&F a dhíriú níos mó ar FBManna, d’fhéadfaí acmhainneacht fáis na Slóvaice a chothú.

(33)Tá dúshláin roimh gheilleagar na Slóvaice, lena náirítear an earnáil thionsclaíoch mhór atá dian ar shaothar, maidir le nuachóiriú a dhéanamh, cuspóirí aeráide a bhaint amach, agus leanúint de bheith iomaíoch. Tá an acmhainneacht mhonaraíochta intíre fós teoranta go háirithe in earnáil na dteicneolaíochtaí glannialasachta. Trí aistriú i dtreo geilleagar atá níos éagsúlaithe agus níos dírithe ar an nuálaíocht, lena náirítear i dtreo teicneolaíochtaí glasa agus próisis uathoibrithe, d’fhéadfadh an tSlóvaic borradh a chur faoina hinbhuanaitheacht eacnamaíoch fhadtéarmach agus faoina hathléimneacht in aghaidh suaití seachtracha. Chuige sin, ní mór tosaíocht shoiléir a thabhairt d’infheistíochtaí. D’fhéadfaí an creat reachtach atá ann cheana lena néascaítear claochlú thionscal na Slóvaice a chomhlánú le sásra lena ndéanfaí athbhreithniú agus spreagadh rialta ar na gníomhaíochtaí tosaíochta don earnáil thionsclaíoch, lena dtacófaí a thuilleadh lena haistriú go háirithe i dtreo teicneolaíochtaí glannialasacha agus nuálacha. Ó tharla go bhfuil samhail eacnamaíoch na Slóvaice ag brath den chuid is mó ar chóimeáil iartheachtach earraí idirmheánacha allmhairithe, cuireann sé sin teorainn le breisluach intíre agus iarmhairtí saineolais do ghnólachtaí áitiúla. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun comhtháthú na nearnálacha monaraíochta agus tionsclaíocha atá ag teacht chun cinn i slabhraí soláthair ar fud an Aontais a neartú.

(34)Tá an tSlóvaic fós ag brath go mór ar an Rúis le haghaidh breoslaí iontaise. In 2024, ba de thionscnamh na Rúise timpeall 70 % den ghás nádúrtha agus níos mó ná 80 % den amhola a ídíodh. Tá iarrachtaí na Slóvaice imeacht ó spleáchas na Rúise mall.

(35)Tá na costais arda fuinnimh do ghnólachtaí fós ar cheann de na príomhbhaic ar an iomaíochas sa tSlóvaic, agus tá praghsanna fuinnimh rialáilte do theaghlaigh fós ag cur bac ar na dreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh in éifeachtúlacht fuinnimh. In 2024, níor rannchuidigh foinsí inathnuaite fuinnimh ach le 24 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh, i bhfad faoi bhun mheán an Aontais de 47 %. Cé gur ghlac an tSlóvaic athchóirithe le déanaí lena dtacaítear le cur in úsáid infheistíochtaí i gcomhréir le cuspóirí REPowerEU, tá gá le hiarrachtaí breise chun dlús a chur le leathadh amach foinsí fuinnimh inathnuaite, lena náirítear fuinneamh gaoithe, grianfhuinneamh, fuinneamh geoiteirmeach agus gáis inathnuaite. Ag an am céanna, ba cheart nascadh foinsí inathnuaite fuinnimh leis an eangach a dhéanamh níos éifeachtúla agus ba cheart ualach níos lú a bheith ag baint leis, lena náirítear trí thosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí lena néascaítear nascadh leis an eangach agus solúbthacht. Tá dícharbónú earnáil an téimh intíre ríthábhachtach i gcónaí chun spleáchas an gheilleagair ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus chun spriocanna aeráide na tíre a bhaint amach. Ní bhaintear dóthain úsáid as teicneolaíochtaí geoiteirmeacha ná teaschaidéil go háirithe sna líonraí móra téimh ceantair. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, mar shampla, in earnálacha na bhfoirgneamh, an iompair agus an tionscail, ó tharla go bhfuil dúshláin fós ann ó thaobh infheistíochtaí a chur chun feidhme agus a mhéadú go tráthúil san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon.

(36)Cuireann dul i bhfód íseal na soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha sa tSlóvaic teorainn le hiomaíochas intíre thionscal mór gluaisteán na tíre. Léirítear é sin le ceann de na céatadáin is ísle de chlárúcháin nua feithiclí astaíochtaí nialasacha san Aontas (gan ach 2,9 % de chlárúcháin gluaisteán nua), ach freisin le leathadh amach bonneagair luchtaithe agus athbhreoslaithe astaíochtaí nialasacha atá tite ar gcúl. Cé go bhfuil roinnt athchóirithe glactha ag an tSlóvaic faoina plean téarnaimh agus athléimneachta (e.g. plean gníomhaíochta leictrea-shoghluaisteachta), níl dreasachtaí tagtha chun cinn go fóill chun tacú le leathadh amach feithiclí agus bonneagair astaíochtaí nialasacha. Tá leathadh amach na ndreasachtaí a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta leictrea-shoghluaisteachta ríthábhachtach chun go mbeidh an earnáil phríobháideach in ann infheistíochtaí suntasacha breise a dhéanamh. Ar an gcaoi chéanna, níl bonneagar iompair iarnróid na Slóvaice á nuachóiriú ach go mall, rud a chuireann teorainn lena tharraingteacht d’úsáid paisinéirí agus tráchtála araon. Thairis sin, níl cur chuige láraithe ag an tSlóvaic maidir le cistiú fadtéarmach le haghaidh athchóirithe straitéiseacha ar an mbonneagar iompair náisiúnta, mar shampla, trí chiste láraithe tiomnaithe le haghaidh bonneagar iompair chun dlús a chur le cistiú náisiúnta meántéarmach agus fadtéarmach. Chomh maith leis sin, ní dhreasaíonn rialachas an bhonneagair iarnróid náisiúnta uasghráduithe tapa ar an ngréasán atá ann cheana.

(37)Tá an tSlóvaic i bhfad ó sprioc 2035 a bhaint amach maidir le dramhaíl chathrach a chur go líonadh talún. Tá gá le hacmhainní dramhaíola a bhainistiú ar bhealach níos fearr chun srian a chur le dramhaíl a chur go líonadh talún agus le húsáid mhéadaithe a bhaint as ábhair chiorclacha. Tá cáilíocht dhobharlaigh dhromchla na Slóvaice ag dul in olcas mar gheall ar bhearta neamhleora bainistithe uisce. Cuireadh na dobharlaigh sin faoi bhrú mar gheall ar an méadú ar líon na neachtraí adhaimsire, an iomarca truailleán agus athruithe rialta ar chruth agus ar shreabhadh na ndobharlach. Mar sin féin, d’fhéadfaí stádas na ndobharlach a fheabhsú agus athléimneacht uisce in aghaidh triomaigh agus tuilte a neartú trí bhainistiú uisce níos inbhuanaithe a thabhairt isteach. Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach tús áite a thabhairt do réitigh dhúlrabhunaithe agus d’athbhunú abhann thar dhambaí nua uisce agus ‘bonneagar liath’ eile a thógáil, agus na gníomhaíochtaí sin a aistriú ina mbeartais náisiúnta ábhartha ag an am céanna. Tá aistrithe carbóin na Slóvaice faoi bhun an leibhéil uaillmhéine is gá chun a spriocanna 2030 maidir le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a bhaint amach. Chun acmhainneacht aistrithe carbóin agus athléimneacht fhoraoisí na Slóvaice a mhéadú, is gá cosaint níos fearr a thabhairt don bhithéagsúlacht, go háirithe trí chriosú páirceanna náisiúnta a thabhairt chun críche, foraoisí ilspeiceas agus ilghlúine a chur, agus acmhainní nádúrtha a chaomhnú.

(38)Tá ráta dífhostaíochta réasúnta íseal ag an tSlóvaic, ach tá an dífhostaíocht fhadtéarmach agus an dífhostaíocht i measc na hóige fós ard, chomh maith le dífhostaíocht i measc grúpaí faoi mhíbhuntáiste amhail Romaigh agus daoine a bhfuil leibhéil níos ísle scileanna acu. Ag an am céanna, cé go bhfuil an bhearna fostaíochta idir na hinscní sa tSlóvaic sách íseal i gcomparáid le meán an Aontais, tá mná faoi ghannionadaíocht den chuid is mó sa mhargadh fostaíochta. D’fhéadfadh iarrachtaí chun rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair a mhéadú cabhrú le haghaidh a thabhairt ar an nganntanas lucht saothair atá ag dul i méid. Tá infheistíocht i mbeartais chun cabhrú le grúpaí leochaileacha daoine obair a aimsiú nó fanacht san obair chun a rannpháirtíocht sa mhargadh fostaíochta a choinneáil íseal i gcónaí. Cuirtear bac freisin ar rannpháirtíocht sa mhargadh saothair, go háirithe do mhná, mar gheall ar infhaighteacht agus úsáid neamhleor seirbhísí inacmhainne oideachais agus cúraim luathóige ar ardchaighdeán, go háirithe do leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois. Tá na deiseanna le haghaidh socruithe solúbtha oibre teoranta freisin, ach, mar shampla, dá dtacófaí le fostaíocht pháirtaimseartha, d’fhéadfaí rannpháirtíocht tuismitheoirí leanaí óga sa mhargadh saothair a mhéadú.

(39)Tá mímheaitseáil shuntasach scileanna os comhair na Slóvaice, mar gheall, i measc nithe eile, ar an easpa oibrithe a bhfuil scileanna glasa agus digiteacha acu. Chuige sin, tá gá le hiarrachtaí suntasacha spriocdhírithe uasscilithe agus athscilithe. Tá líon íseal speisialtóirí TFC agus sciar íseal mac léinn atá cláraithe i gcláir ETIM sa tír. Ag an am céanna, tá an iliomad dúshlán roimh chóras oideachais na Slóvaice, lena náirítear ganntanas múinteoirí agus an gá le cláir oiliúna múinteoirí, tearcmhaoiniú fadtéarmach, feidhmíocht íseal bunscileanna i measc mac léinn agus daoine fásta. Ó 2020 i leith, tá baol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta ag dul i méid. Sháraigh ráta bochtaineachta leanaí na Slóvaice meán an Aontais in 2023 agus cé gur tháinig feabhas ar ráta bochtaineachta leanaí in 2024, tá sé fós ard agus tá éagothromaíochtaí réigiúnacha suntasacha fós ann, go háirithe i réigiún thoir na tíre. Cé go bhfuil sé d’aidhm ag bearta a fhaigheann tacaíocht ón bplean téarnaimh agus athléimneachta, ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus agus ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa leithscaradh na Romach san oideachas a laghdú agus rochtain chomhionann chuimsitheach ar oideachas ar ardchaighdeán a áirithiú ar gach leibhéal, tá an acmhainneacht ar an leibhéal áitiúil le haghaidh cur chun feidhme tite ar gcúl, go háirithe maidir le tionscadail bhonneagair.

(40)Tá athléimneacht chóras cúraim sláinte na Slóvaice faoi bhrú mar gheall ar ghanntanas agus aosú gairmithe cúraim sláinte. Tá na leibhéil foirne faoi bhun mheán an Aontais agus tá beagnach an ceathrú cuid d’altraí ar tí dul ar scor. Cuireann na hiarrachtaí teoranta chun borradh a chur faoi chlárú i staidéir leighis, dálaí oibre a fheabhsú, agus bonneagar a nuachóiriú tuilleadh brú ar acmhainneacht an chórais. Cuireann neamhéifeachtúlachtaí struchtúracha in ospidéil agus tearcmhaoiniú leanúnach, go háirithe i gcúram coisctheach, nach bhfuair ach 2,0 % den chaiteachas sláinte iomlán in 2022, leis an staid. Mar thoradh ar dheacrachtaí airgeadais, tá fiacha móra agus moilleanna fada íocaíochta ann in ospidéil mhóra stáit, rud a bhaineann an bonn d’iarrachtaí chun éifeachtúlacht a fheabhsú. Rannchuidigh an plean téarnaimh agus athléimneachta le roinnt feabhsuithe ar rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte agus le comhordú níos fearr ar fud na leibhéal cúraim. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun soláthar cúraim phríomhúil a neartú agus chun soláthar leordhóthanach táirgí leighis criticiúla agus bonneagair leighis chriticiúil a áirithiú. Ina theannta sin, tá seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh fós tearcmhaoinithe agus tá siad fós sách teoranta, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha. Mar gheall ar aosú an daonra, tá dúshláin maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach roimh na córais cúraim sláinte agus cúraim fhadtéarmaigh sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

(41)I bhfianaise na ndlúthidirnasc idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro, agus a rannchuidithe chomhchoitinn le feidhmiú an aontais eacnamaíoch agus airgeadais, in 2025 mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i measc rudaí eile, chun Moladh 2025 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur chun feidhme. I gcás na Slóvaice, cuidíonn moltaí (2), (3), (4), (5) agus (6) le cur chun feidhme an chéad mholta maidir leis an limistéar euro i dtaca le hiomaíochas, cuidíonn moltaí (1), (5) agus (6) le cur chun feidhme an dara moladh maidir leis an limistéar euro i dtaca le hathléimneacht, agus cuidíonn moltaí (1), (3) agus (6) le cur chun feidhme an tríú moladh maidir leis an limistéar euro i dtaca le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais a leagtar amach i Moladh 2025.

(42)I bhfianaise ghrinnathbhreithniú an Choimisiúin agus a chonclúidí maidir le míchothromaíochtaí a bheith ann, léirítear moltaí faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 sna moltaí (1), (2), (3) agus (5) thíos. Cuidíonn beartais dá dtagraítear i moladh (1) le haghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann leis an margadh tithíochta agus le fiachas teaghlaigh. Cuidíonn beartais dá dtagraítear i moltaí (1), (2) agus (5) le haghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann le comhardú seachtrach. Cuidíonn beartais dá dtagraítear i moltaí (1), (3) agus (5) le haghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann leis an iomaíochas. Cuidíonn moltaí (1), (2) (3) agus (5) chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí agus chun an Moladh a chur chun feidhme le haghaidh bheartas eacnamaíoch an limistéir euro, i gcomhréir le haithris 41.

AG MOLADH LEIS SEO go nglacfaidh an tSlóvaic gníomhaíocht in 2025 agus in 2026 chun:

1.Caiteachas agus ullmhacht fhoriomlán i réimse na cosanta a threisiú i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 6 Márta 2025. Cloí le huasrátaí fáis an ghlanchaiteachais a mhol an Chomhairle an 21 Eanáir 2025, d’fhonn deireadh a chur le heasnamh iomarcach, agus úsáid á baint as an liúntas faoin gclásal éalaithe náisiúnta le haghaidh caiteachas cosanta níos airde. An meascán cánach a dhéanamh níos éifeachtúla, lena náirítear trí dhídhreasachtaí sa mhargadh saothair a laghdú, agus trí úsáid níos láidre a bhaint as cánacha nach ndéanann dochar don fhás amhail cánachas comhshaoil agus cánachas athfhillteach maoine. Éifeachtúlacht caiteachais a fheabhsú, mar shampla, trí athbhreithnithe ar chaiteachas a chur chun feidhme. Leanúint de chomhlíonadh cánach a neartú, lena náirítear tríd an riarachán cánach a dhigitiú a thuilleadh. Deireadh a chur leis na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála atá i bhfeidhm agus a áirithiú go mbeidh siad dírithe ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, agus go mbeidh siad inacmhainne go fioscach, agus go gcaomhnófar leo dreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh. Tacú le soláthar tithíochta agus an margadh cíosa a leathnú trí dhlús a chur le tógáil chónaithe agus trí thithíocht shóisialta a chur chun cinn, agus éagothromaíochtaí réigiúnacha á gcur san áireamh.

2.I bhfianaise na sprioc-amanna is infheidhme chun athchóirithe agus infheistíochtaí a thabhairt chun críche go tráthúil faoi Rialachán (AE) 2021/241, dlús a chur le cur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta a áirithiú, lena náirítear an chaibidil REPowerEU. Dlús a chur le cur chun feidhme chlár an bheartais comhtháthaithe (CFRE, CUAC, CSE+, CC), agus, i gcás inarb iomchuí, na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an athbhreithniú meántéarma a thapú agus dul chun cinn a dhéanamh dá réir. An úsáid is fearr is féidir a bhaint as ionstraimí an Aontais, an raon feidhme a chuirtear ar fáil le InvestEU agus leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip san áireamh, chun cur leis an iomaíochas.

3.Timpeallacht fhabhrach ghnó a áirithiú trí thimpeallacht rialála níos intuartha a chruthú, trí fheabhas a chur ar an gcreat maidir le rialáil níos fearr, lena náiritheofar go ndéanfar measúnú tionchair agus comhairliúcháin le páirtithe leasmhara a chomhtháthú sa phróiseas reachtach. Aghaidh a thabhairt ar ilroinnt na struchtúr rialachais, lena náirítear trí athchóiriú ar an rialachas áitiúil a ullmhú. Seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán a áirithiú trí chomhordú agus ceapadh beartas níos fearr. Trédhearcacht agus iomaíocht a áirithiú i bpróisis soláthair phoiblí chun dea-rialachas a chur chun cinn agus éifeachtacht an chaiteachais phoiblí a fheabhsú, agus úsáid critéar costais a bhaineann le cáilíocht agus le saolré in oibríochtaí soláthair phoiblí a mhéadú. An córas breithiúnach a neartú agus éifeachtacht an chórais frithéillithe a fheabhsú, lena náirítear trí imscrúduithe agus ionchúisimh leordhóthanacha, uathrialacha agus éifeachtacha i gcásanna éillithe ardleibhéil agus acmhainneacht leordhóthanach speisialaithe ar leibhéal na bpóilíní agus an ionchúisimh a áirithiú.

4.An bonneagar digiteach a neartú tríd an mbearna infheistíochta le haghaidh nascacht ghigighiotáin a dhúnadh agus tríd an rialáil maidir le leathadh amach an bhonneagair a chuíchóiriú. Glacadh teicneolaíochtaí digiteacha a mhéadú, go háirithe i measc FBManna, trí dheireadh a chur le scrogaill i dtaca lena gcur i bhfeidhm. Feabhas a chur ar an mbeartas taighde agus nuálaíochta tríd an gcomhar idir an earnáil ghnó agus an earnáil taighde a dhreasú agus trí athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim dreasachta cánach T&F chun tacaíocht níos fearr a chur ar fáil do FBManna.

5.Tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí i dtáirgeadh glan éifeachtúil agus in úsáid fuinnimh agus acmhainní. An creat reachtach a neartú chun tacú le teicneolaíochtaí agus táirgí glasa, agus infheistíochtaí a chur chun cinn chun iomaíochas tionsclaíoch agus éagsúlú eacnamaíoch a chur ar aghaidh. Dlús a chur le héagsúlú an tsoláthair breoslaí iontaise chun deireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas ar fhoinsí Rúiseacha. Dlús a chur le leathadh amach foinsí inathnuaite fuinnimh, agus ag an am céanna na nósanna imeachta chun foinsí inathnuaite fuinnimh a nascadh leis an eangach a dhéanamh níos éifeachtúla agus an tualach oibre a laghdú. Tacú le tuilleadh infheistíochtaí in eangacha, go háirithe gréasáin leictreachais, agus i ndícharbónú na hearnála téimh. Tacú le soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha a leathadh amach a thuilleadh agus leis an ngréasán iarnróid a nuachóiriú, tríd an rialachas bonneagair iarnróid náisiúnta a athchóiriú agus trí chreat infheistíochta tiomnaithe a chruthú. Bainistiú dramhaíola acmhainní agus athúsáid dramhaíola ó phacáistíocht agus cathrach a neartú, acmhainní nádúrtha a chaomhnú, agus athléimneacht uisce a fheabhsú trí réitigh dúlrabhunaithe a chur chun cinn agus criosú na limistéar dúlra faoi chosaint a chríochnú.

6.Rannpháirtíocht grúpaí faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair a neartú, agus socruithe oibre níos solúbtha a thabhairt isteach do thuismitheoirí a bhfuil leanaí acu. Infhaighteacht agus úsáid oideachais agus cúraim na luathóige inacmhainne ar ardchaighdeán a mhéadú do leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois. Teagasc bunscileanna a neartú, lena náirítear do leanaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, go háirithe i bpobail imeallaithe na Romach, agus rochtain chomhionann chuimsitheach ar oideachas ar ardchaighdeán ar gach leibhéal á háirithiú ag an am céanna. Dlús a chur le hiarrachtaí beartais atá dírithe ar scileanna agus inniúlachtaí a sholáthar agus a shealbhú, trí dheiseanna athscilithe agus uasscilithe a chur ar fáil do dhaoine fásta, trí infheistíocht a dhéanamh in oiliúint múinteoirí, agus trí chlárú i gcláir oideachais ETIM a mhéadú. Feabhas a chur ar sholáthar cúraim phríomhúil, go háirithe do dhaoine leochaileacha, agus bearta coisctheacha cúraim sláinte a leathnú. Athléimneacht an chórais sláinte a neartú i réimsí na dtáirgí leighis chriticiúla, an bhonneagair leighis agus an lucht saothair cúraim sláinte trí oibrithe oilte a choinneáil agus a mhealladh, agus inbhuanaitheacht fhioscach an chórais cúraim sláinte á háirithiú ag an am céanna. Cúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán a áirithiú.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

(1)    IO L 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj.
(2)    IO L 306, 23.11.2011, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1176/oj.
(3)    Glanchaiteachas mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (2) de Rialachán (AE) 2024/1263: ciallaíonn ‘glanchaiteachas’ caiteachas rialtais atá glan ar na rudaí seo a leanas: (i) caiteachas úis; (ii) bearta lánroghnacha ioncaim; (iii) caiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais; (iv) caiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas; (v) gnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta; agus (iv) bearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(4)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj).
(5)    Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa. eu/eli/reg/2023/435/oj).
(6)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Slóvaice (ST 10156/2021; ST 10156/2021 ADD 1; ST 10156/2021 COR 1).
(7)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 14 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Slóvaice (ST 11205/2023 INIT, ST 11205/2023 ADD 1).
(8)    Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 lena bhformhuinítear plean fioscachstruchtúrach meántéarmach na Slóvaice, IO C/2025/645, 10.2.2025.
(9)    Moladh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2025 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (IO C, C/2025/2782, 22.5.2025, ELI: http:// data.europa.eu/eli/C/2025/2782/oj ).
(10)    SWD(2025) 125 final.
(11)    Moladh ón gComhairle d’fhonn deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh sa tSlóvaic, C/2025/5039.
(12)    Tá na Tuarascálacha Bliantúla ar Dhul Chun Cinn maidir le 2025 le fáil ar: https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and‑fiscal-governance/stability-and‑growth‑pact/preventive-arm/annual-progress‑reports_ga .  
(13)    Moladh ón gComhairle lena gceadaítear don tSlóvaic imeacht ón gconair ghlanchaiteachais a moladh agus dul thairsti (Gníomhachtú an chlásail éalaithe náisiúnta), [Líon isteach: IO C/2025/xxx, x.x.2025].
(14)    Táscairí EurostatEuro, 22.4.2025.
(15)    Sainmhínítear an staid fhioscach mar thomhas ar an athrú bliantúil ar riocht buiséadach foluiteach an rialtais ghinearálta. Is é is aidhm dó measúnú a dhéanamh ar an spreagadh eacnamaíoch a eascraíonn as beartais fhioscacha, idir na cinn sin a mhaoinítear go náisiúnta agus na cinn a mhaoinítear le buiséad an Aontais. Déantar an staid fhioscach a thomhas mar an difríocht idir (i) an fás féideartha meántéarmach agus (ii) an tathrú ar chaiteachas príomhúil glan ar bhearta ioncaim lánroghnacha agus lena náirítear caiteachas arna mhaoiniú le tacaíocht neamhinaisíoctha (deontais) faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile an Aontais.
(16)    Eurostat, caiteachas rialtais de réir aicmiú fheidhmeanna an rialtais (COFOG).
(17)     Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1058 agus (AE) 2021/1056 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma - COM(2025) 123 final .
(18)    ‘Businesses’ attitudes towards corruption in the EU’ [Dearcthaí gnólachtaí i leith éillitheachta san Aontas] Gearrtuarascáil, Tuarascáil Eorabharaiméadair (Aibreán 2024).
Top