Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0096

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Flíteanna Corparáideacha a Dhícharbónú

COM/2025/96 final

An Bhruiséil,5.3.2025

COM(2025) 96 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Flíteanna Corparáideacha a Dhícharbónú


1.RÉAMHRÁ

Is croí-inneall é an tionscal gluaisteán le haghaidh rathúnas, nuálaíocht agus fás na hEorpa. Mar a thugtar faoi deara sa Phlean Gníomhaíochta um Ghluaisteáin, tá an earnáil i mbun aistriú iomlán, agus athruithe struchtúracha á ndéanamh uirthi ar luas agus ar mhéid nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo sna blianta amach romhainn, arna spreagadh ag an aistriú luathaithe chuig soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus ag comhtháthú méadaitheach na dteicneolaíochtaí digiteacha. Beidh feithiclí amach anseo níos glaine, níos nasctha agus níos uathoibrithe. Tá flíteanna corparáideacha i gcroílár an aistrithe sin.

Tá beagnach 290 milliún feithicil ar bhóithre na hEorpa faoi láthair. Níl ach 6 mhilliún feithicil astaíochtaí nialasacha ann. Thart ar 60 % de chlárúcháin gluaisteán san Aontas atá i gceist le clárúcháin feithiclí corparáideacha, i.e. feithiclí a cheannaíonn eintitis dhlítheanacha seachas daoine nádúrtha. I gcás veaineanna, busanna, cóistí, agus trucailí, tá an margadh iomlán corparáideach go bunúsach, toisc nach bhfuil beagnach aon cheann de na feithiclí sin cláraithe in ainm daoine aonair príobháideacha. Dá bhrí sin, is féidir le bearta sa deighleog chorparáideach tionchar dearfach a bheith acu ar an margadh foriomlán.

Is beart éifeachtach ó thaobh an tsoláthair de iad na Rialacháin lena leagtar síos caighdeáin CO2 le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus veaineanna agus trucailí, lena leagtar síos spriocanna laghdaithe astaíochtaí níos airde de réir a chéile do mhonaróirí.

Ó 2035 ar aghaidh, ní cheadófar gluaisteáin agus veaineanna nua a chlárú san Aontas ach amháin má tá siad saor ó astaíochtaí 1 ; i gcás feithiclí tromshaothair, is é an toradh a bheidh ar na spriocanna atá ag éirí níos déine laghdú 90 % ar astaíochtaí CO2 ó 2040 ar aghaidh, agus beidh ar gach bus uirbeach nua a bheith saor ó astaíochtaí ó 2035ar aghaidh 2 . Ba cheart na bearta sin a fhorlíonadh anois trí spreagadh iomchuí a thabhairt don éileamh ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha, rud a fhágann go bhfuil ról lárnach ag tacaíocht d’fheithiclí corparáideacha.

Trí dhlús a chur le glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha i bhflíteanna corparáideacha, is féidir leis sin dul chun tairbhe do thionscal gluaisteán na hEorpa agus cuidiú lena hiomaíochas agus lena hathléimneacht a mhéadú ag an tráth ríthábhachtach seo. Is féidir leis cuidiú freisin le hastaíochtaí iompair a laghdú a thuilleadh mar gheall ar mhíleáiste níos airde na bhfeithiclí corparáideacha. Is é an t‑iompar is cúis leis an gceathrú cuid d’astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána an Aontais agus cuireann sé go mór le truailliú aeir. I limistéir uirbeacha, inar achtaíodh saincheantair astaíochtaí ísle atá ag éirí níos doichte, tá tionchar na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha ar fheabhas a chur ar cháilíocht an aeir an-suntasach. Dá bhrí sin, trí dhlús a chur le glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha, téann sé chun tairbhe do laghdú an truaillithe agus chun tairbhe do shláinte ár saoránach araon.

Bíonn sciar níos airde den mhargadh ag monaróirí feithiclí an Aontais i bhfeithiclí corparáideacha ná mar atá acu i bhfeithiclí príobháideacha. Le héileamh brostaithe ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha ó fhlíteanna corparáideacha, is féidir cuidiú le fás agus iomaíochas an tionscail gluaisteán Eorpaigh a bhaint amach arís, costas foriomlán na n‑oibríochtaí thar shaolré na feithicle a laghdú d’oibreoirí flíteanna agus cuidiú le tomhaltóirí trí fheabhas a chur ar thairiscintí an mhargaidh gluaisteán athláimhe agus, ar an gcaoi sin, costais na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha a laghdú.

Dá bhrí sin, is féidir le gníomhaíocht den sórt sin rannchuidiú go mór leis an bplean gníomhaíochta tionsclaíochta maidir leis an tionscal gluaisteán, agus rannchuidiú freisin le cuspóirí an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan, an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus an Chompáis Iomaíochais.

Ba cheart a chur san áireamh le haon bheart laghdú costéifeachtach gasta ar astaíochtaí, agus gnéithe chomh maith le dúshláin chríochacha i réigiúin i mbéal forbartha agus i limistéir uirbeacha, limistéir ar imeall na mbailte, limistéir thuaithe nó iargúlta lena n‑áirítear bearnaí sa bhonneagar (i leith athluchtú).

 

Cuirtear i láthair sa Teachtaireacht seo forbhreathnú ar an margadh do na cuideachtaí agus na feithiclí a mheastar a bheith ina bhflít chorparáideach agus na dúshláin, deiseanna agus dea-chleachtais a bhaineann leo ar féidir leo cuidiú le dlús a chur le nuashonrú feithiclí astaíochtaí nialasacha i bhflíteanna corparáideacha d’fhonn sprioc astaíochtaí nialasacha 2035 a bhaint amach. Áirítear ann freisin gníomhaíochtaí is féidir leis na Ballstáit a dhéanamh anois chun an glacadh a mhéadú roimh an togra reachtach atá an Coimisiún a ullmhú agus ba cheart an togra a ghlacadh faoi dheireadh na bliana. Is féidir leis feidhmiú freisin mar threoirphlean agus mar shampla dea-chleachtais do na tíortha comharsanachta agus comhpháirtíochta againne.

2.CAD IS FLÍTEANNA CORPARÁIDEACHA ANN?

Tá éagsúlacht mhór sna margaí flíteanna corparáideach, a ngníomhaithe agus a samhlacha gnó. Ag brath ar dheighleog an mhargaidh, is féidir le gníomhaithe margaidh a bheith an-mhór, a oibríonn na mílte feithiclí, nó an-bheag, nach n‑oibríonn ach cúpla ceann acu. Tá go leor gníomhaithe ina FBManna. An tráth céanna áfach, ní rialaíonn ach cúpla cuideachta mhór formhór na n‑oibríochtaí léasaithe, atá freagrach as formhór mór na gclárúchán feithiclí corparáideacha.

Níl aon sainmhíniú i reachtaíocht an Aontais faoi láthair ar a bhfuil i gceist le flít corparáideach. Chun críoch na Teachtaireachta seo, meastar gur feithiclí corparáideacha iad na feithiclí uile atá cláraithe ag eintiteas dlíthiúil (seachas duine fisiciúil). 3 Dá bhrí sin, d’fhéadfaí flíteanna corparáideacha a roinnt ina gcúig chatagóir leathana, lena gcumhdaítear gluaisteáin, veaineanna agus feithiclí tromshaothair (trucailí, busanna agus cóistí):

·Gluaisteáin chuideachta – feithiclí a sholáthraíonn fostóir d’fhostaí mar shochar comhchineáil; tá éagsúlacht mhór idir na Ballstáit maidir lena sciar den fhlít iomlán mar gheall ar dhifríochtaí maidir lena láimhseáil fhioscach agus rialacha agus coinníollacha ginearálta fostaíochta. In go leor cásanna, faightear na gluaisteáin trí léasú.

·Léasú – cuideachtaí a léasaíonn gluaisteáin le cuideachtaí eile (cuideachtaí móra agus FBManna) agus le daoine aonair príobháideacha, agus a léasaíonn veaineanna le cuideachtaí eile. Tá forluí idir an chatagóir sin agus cuid de na catagóirí eile, mar shampla faightear gluaisteáin chuideachta agus feithiclí a úsáidtear i bhfíorfhlíteanna trí léasú go minic.

·Cíos – cuideachtaí a ligeann gluaisteáin ar cíos do chuideachtaí eile nó do dhaoine aonair príobháideacha. Cé go mbaineann gluaisteán ar cíos le turasóireacht nó le gnó den chuid is mó, is gnách go dtugann veaineanna ar cíos rogha lóistíochta agus shoghluaisteachta do chuideachtaí.

·Fíorfhlíteanna – áirítear cineálacha éagsúla feithiclí, eintiteas agus cásanna gnó ar fheithiclí atá cláraithe ag cuideachtaí agus a úsáidtear dá ngníomhaíochtaí tráchtála féin, amhail:

oFlíteanna gluaisteán seirbhíse soghluaisteachta uirbí  – tacsaithe, seirbhís taistil ar ordú, roinnt gluaisteáin – seachas iompar poiblí sceidealaithe);

oFlíteanna móra veaineanna lóistíochta flíteanna an mhíle deiridh agus flíteanna seachadta uirbigh a oibríonn seirbhísí poist, ríomhthráchtáil, miondíoltóirí móra etc.);

oGluaisteáin seirbhíse agus veaineanna feithiclí a úsáidtear chun pearsanra agus trealamh a iompar, chomh maith le seirbhísí a sholáthar arna n‑oibriú ag cuideachtaí innealtóireachta nó teileachumarsáide dá n‑oibreacha deisiúcháin, cuir i gcás nó feithiclí aonair atá cláraithe ag soláthraithe seirbhíse;

oBusanna agus cóistí atá cláraithe go heisiach, nach mór, ag eintitis dhlítheanacha, lena n‑áirítear busanna uirbeacha a úsáideann údaráis phoiblí agus eintitis phoiblí den chuid is mó atá faoi réir rialacha soláthair phoiblí agus faoi réir na spriocanna sainordaitheacha le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha faoin Treoir maidir le Feithiclí Glana, agus is eintitis phoiblí agus tráchtála araon a oibríonn cóistí agus iad ag tiomáint iompar poiblí sceidealaithe peirea-uirbeach agus idiruirbeach, iompar paisinéirí fad-achair idiruirbeach, chomh maith le seirbhísí turasóireachta;  

oTrucailí atá cláraithe go heisiach, nach mór, ag eintitis dhlítheanacha, áirítear iontu cuideachtaí móra lóistíochta, ceannaitheoirí lastais agus daoine eile a oibríonn flíteanna ina bhfuil na céadta trucailí go micrifhiontair agus FBManna a oibríonn trucail aonair.  

·Feithiclí arna gclárú ag monaróirí féin – e.g. salón agus feithiclí tástála; murab ionann agus cineálacha eile flíteanna corparáideacha, tá tionchar níos dírí ag treochtaí ginearálta (lena n‑áirítear i ndíolacháin phríobháideacha) ar na feithiclí sin ná mar atá ag tosca sonracha eile.

3.AN FÁTH A bhFUIL GÁ LE GNÍOMHAÍOCHT

Maidir le caighdeáin CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna agus le haghaidh feithiclí tromshaothair, tá gá le clárúcháin feithiclí astaíochtaí nialasacha a mhéadú de réir a chéile. Tá méadú leanúnach ag teacht ar dhíolacháin feithiclí ceallra-leictreacha san Aontas go dtí tús 2024. In 2023, shroich an sciar de dhíolacháin gluaisteán nua ceallraí-leictreacha 14,6 %. Spreagadh é seo le feasacht chomhshaoil níos fearr, tairiscintí samhlacha leathnaithe, agus dreasachtaí rialtais.

Mar sin féin, tá an cuar fáis is gá géar chun caighdeáin CO2 a chomhlíonadh faoi 2030. Tháinig laghdú beag ar dhíolacháin in 2024, agus thit scaireanna clárúcháin na ngluaisteán leictreach aon phointe céatadáin amháin go 13,6 % ar mhargadh an Aontais. Tá feithiclí astaíochtaí nialasacha eile amhail feithiclí breosla-chille hidrigine fós ag céim an-luath sa mhargadh.

Is féidir le roinnt tosca forbairtí an mhargaidh in 2024 a mhíniú. Mar shampla, scoireadh d’fhóirdheontais i roinnt margaí móra ag deireadh 2023. Is dócha freisin gur tosca iad na deacrachtaí foriomlána do dhíolacháin ghinearálta gluaisteán, mar gheall ar choinníollacha deacra an chomhthéacs eacnamaíoch san Aontas.

Sa chomhthéacs sin, tá ról tábhachtach ag clárúcháin feithiclí corparáideacha, agus iad freagrach as thart ar 60 % de na clárúcháin gluaisteán nua uile san Aontas. Bíonn oibreoirí flíteanna, agus oibreoirí móra go háirithe, i riocht níos fearr go minic chun praghsanna a shocrú trí chaibidlíocht le haghaidh ceannach feithiclí, agus d’fhéadfaidís tairbhiú de dhreasachtaí cánach éagsúla, amhail rialacha fabhracha maidir le dímheas cánach, asbhaint CBL nó cóireáil fhabhrach maidir le sochar comhchineáil. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás léasú gluaisteán, ar margadh comhdhlúite é, ina bhfuil ceannas ag líon measartha beag oibreoirí móra atá freagrach as thart ar 3 mhilliún clárúchán feithiclí nua in aghaidh na bliana (thart ar 30 % de dhíolacháin gluaisteán nua). 4  

5 Tugtar le fios sna sonraí atá ar fáil, áfach, nach bhfuil an acmhainneacht sin gníomhachtaithe go hiomlán ar mheánleibhéal an Aontais: tá an sciar d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha i bhflíteanna gluaisteán corparáideach ag titim chun deiridh ar an sciar de dhíolacháin le daoine aonair príobháideacha le blianta beaga anuas. 12.3 % a bhí sna scaireanna faoi seach do 2023 maidir le feithiclí corparáideacha i gcomparáid le 14,1 % maidir le feithiclí príobháideacha, agus laghdaigh sé sin beagán go 12,4 % i gcomparáid le 13,8 % in 2024.

In 2024, lean an líon feithiclí tráchtála éadroma (veaineanna), busanna, cóistí agus trucailí astaíochtaí nialasacha ar fud an Aontais de bheith ag méadú go seasta i gcomparáid le 2023, ach bhí an staid míchothrom. Tháinig méadú foriomlán ar dhíolacháin veaineanna, agus bhí sciar 6,1 % de chlárúcháin nua ag veaineanna astaíochtaí nialasacha. Lean an deighleog busanna agus cóistí de bheith ag dul in airde freisin, agus tá fás ag teacht ar dhíolacháin fhoriomlána agus busanna leictreacha atá i gceist le 18,5 % de na clárúcháin uile, nó níos mó ná aon trian de bhusanna uirbeacha nua. Cé go bhfuil sé fós ina mhargadh an-bheag ar an iomlán, taifeadadh fás nach beag de thart ar 10 % ó leibhéil 2023 ar dhíolacháin nua trucailí astaíochtaí nialasacha, agus sciar clárúcháin de 2,3 % maidir le díolacháin trucailí nua.

Nuair a bhreathnaítear ar mhargaí Ballstáit amháin, léirítear éagsúlachtaí móra sa sciar de chlárúcháin feithiclí astaíochtaí nialasacha, mar gheall ar fhlíteanna corparáideacha freisin: mar shampla, tháinig laghdú 27 % ar dhíolacháin feithiclí ceallra-leictreacha sa Ghearmáin in 2024, agus tháinig méadú 37 % ar dhíolacháin feithiclí ceallra-leictreacha sa Bheilg, agus is iad flíteanna gluaisteán corparáideacha den chuid is mó is cúis leis an ngníomhaíocht don mhargadh maidir le feithiclí ceallra-leictreacha tar éis athruithe ar an scéim náisiúnta chánachais. Cuireann sé sin i dtábhacht an gá le breathnú ar na tosca uile a bhfuil tionchar acu ar chinntí na mbainisteoirí flíteanna corparáideacha feithiclí astaíochtaí nialasacha a cheannach, lena n‑áirítear infhaighteacht samhla, praghas samhla, bonneagar i leith athluchtú a bheith ar fáil, cánachas náisiúnta, dreasachtaí cánach eile agus dreasachtaí neamhfhioscacha eile (e.g. cearta rochtana uirbí) agus ceanglais rialála eile. Mar shampla, i gcás fíorfhlíteanna, is iad na príomhthosca lena gcinntear an rogha feithicle atá le húsáid na ceanglais oibríochtúla (e.g. an gá le hoibriú ar feadh uaireanta fada agus achair fhada mar aon le ham teoranta le hathluchtú), an bonneagar thiomnaithe i leith athluchtú a bheith ar fáil, agus coinníollacha sonracha amhail an gá le rochtain a fháil ar shaincheantar astaíochtaí ísle nó ceanglais a chomhlíonadh chun ceadúnas a fháil.  

4.DÚSHLÁIN AGUS DEISEANNA

Chun dul ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí oiriúnacha chun borradh a chur faoi ghlacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha i dtreo 2035, tá sé tábhachtach a chur san áireamh go n‑athraíonn na dúshláin a bhaineann le flíteanna corparáideacha dícharbónaithe de réir na gcásanna úsáide agus a saintréithe.

Tá oibreoirí flíteanna léasaithe ag cur gluaisteáin astaíochtaí nialasacha lena bhflíteanna níos mó agus níos mó. De réir na hearnála, áfach, cuireann roghanna custaiméirí atá ag athrú go mall agus ábhair imní a mheastar a bheith ann faoi eispéireas rianúil i leith athluchtú cosc le haistriú níos tapúla chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha. Is é an chiall atá le hoibreoirí flíteanna léasaithe freisin go bhfuil na praghsanna ceannaigh ard agus go bhfuil éiginnteachtaí ann maidir le luachanna iarmharacha na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha agus an t‑éileamh ar an margadh athláimhe, rud a d’fhéadfadh tionchar ar leith a bheith aige ar mheasúnú rioscaí na gcuideachtaí . Cuireann siad i dtábhacht freisin dreasachtaí maidir le láimhseáil fhioscach na bhfeithiclí léasaithe, rud a bhíonn i bhfabhar gnáthfheithicil a cheannach go minic fós.

Tugann oibreoirí flíteanna ar cíos faoi deara go bhfuil fadhbanna leanúnacha ann maidir le líon mór gluaisteán astaíochtaí nialasacha a thairiscint ar cíos. Tugann siad le fios go bhfuil sé sin amhlaidh mar gheall ar easpa spéise ó chustaiméirí, go háirithe maidir le cíos an-ghearrthéarmach, éiginnteachtaí faoi luach iarmharach agus éileamh ó chustaiméirí ar fheithiclí athláimhe astaíochtaí nialasacha, agus easpa ghinearálta bonneagar i leith athluchtú ar bhonn tapa oiriúnach ag moil ar cíos, mar shampla ag aerfoirt agus moil soghluaisteachta eile.

I measc na bpríomhthosca a bhfuil tionchar acu ar rogha na bhfeithiclí freisin maidir le veaineanna a fháil ar cíos agus a léasú, tuairiscítear rogha an chustaiméara, infhaighteacht samhla agus praghas samhla, ábhair imní faoi bhonneagar i leith athluchtú agus láimhseáil fhioscach na bhfeithiclí, agus éiginnteachtaí faoin éileamh ar an margadh athláimhe.

Baineann costas ceannaigh i bhfad níos airde le trucailí astaíochtaí nialasacha i gcomparáid leis na gnáth-thrucailí; tá méadú ag teacht ar infhaighteacht bonneagair i leith athluchtú go tapa, ach bíonn drogall ar oibreoirí aistriú chuig roghanna leictreacha go minic, go háirithe i gcás oibríochtaí cianaistir. Is gá d’oibreoirí trucailí a bheith in ann bonneagar athluchtaithe a shuiteáil ina n‑iosta, rochtain a bheith acu ar bhonneagar lenar féidir athluchtú leordhóthanach a dhéanamh atá comhoiriúnach le riachtanais oibríochtúla na trucaile le linn na sosanna sainordaitheacha. Tá meánaois na dtrucailí san Aontas thart ar 14 bliana d’aois, agus oibríonn an chéad úinéir an trucail ar feadh 5 bliana de ghnáth. Tá an margadh a úsáidtear le haghaidh trucailí thart ar dhá oiread mhéid an mhargaidh nua, ina bhfuil dinimic shoiléir maidir leis an gcéad úsáid i dTuaisceart agus in Iarthar na hEorpa, agus tá an dara nó an tríú húsáid ag úsáideoirí i nDeisceart agus in Oirthear na hEorpa.

Mar gheall ar struchtúr gníomhaithe comhdhlúite na hearnála léasaithe gluaisteán agus ar an bhforluí mór atá aici le cineálacha eile flíteanna corparáideacha, bheadh sé réasúnta simplí tionscnaimh a dhíríonn ar ghluaisteáin léasaithe astaíochtaí nialasacha a chur chun feidhme agus d’fhéadfadh siad a bheith an-éifeachtach. D’fhéadfadh dheis mhór a bheith i léasú freisin chun bacainn na gcostas ard ceannaigh a shárú, rud a chuireann cosc ar rochtain ar na feithiclí sin d’úsáideoirí ar ioncam níos ísle, agus d’fhéadfadh sé tacú le margadh leathan athláimhe.   

Bíonn gluaisteáin ar cíos gearrthéarmach de ghnáth i measc na ngluaisteán is tapúla a shroicheann an margadh athláimhe – laistigh de bhliain amháin nó dhá bhliain go minic. Tugtar leis sin deis infhaighteacht feithiclí astaíochtaí nialasacha a mhéadú ar an margadh athláimhe go tapa trí thionscnaimh lena ndírítear ar an gcineál sin flíteanna corparáideacha, go háirithe má tá bearta ag gabháil leo lena dtacaítear le feithiclí athláimhe astaíochtaí nialasacha a cheannach. Dá méadófaí an tairiscint maidir le roghanna do ghluaisteáin astaíochtaí nialasacha ar cíos, bheadh tairbhí móra ann ó thaobh laghduithe astaíochtaí de, i bhfianaise a míleáiste ard bliantúil.

Dá n‑aistreofaí níos tapúla chuig veaineanna astaíochtaí nialasacha a fháil ar cíos agus a léasú, bheadh deis ann an costas ard ceannaigh tosaigh a bhaineann le veaineanna leictreacha a shárú agus d’fhéadfaí oibríochtaí iompair roinnt mhaith gnólachtaí beaga agus meánmhéide a dhícharbónú. I bhfianaise mhíleáiste bliantúil réasúnta ard an chineáil feithicle sin, bheadh tairbhí móra ag baint le haistriú níos tapúla chuig astaíochtaí nialasacha ó thaobh laghduithe astaíochtaí de.

I gcás gluaisteáin chuideachta go ginearálta, is í an láimhseáil fhioscach an ghné is mó lena gcinntear rogha na bhfeithiclí, rud a thugann deis mhór dlús a chur leis an aistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha trí idirghabhálacha fioscacha.

Ós rud é go gceadaíonn flíteanna corparáideacha comhiomlánú agus go mbíonn iompraíocht i leith luchtú intuartha acu go hiondúil, tá siad an-ábhartha d’fheidhmiúlachtaí luchtaithe déthreocha. Trí leictreachas a instealladh ar ais san eangach, ginfidh feithicil go heangach (V2G) ioncaim ó na seirbhísí solúbthachta sin.

5.DEA-CHLEACHTAIS AGUS TOSAÍOCHTAÍ LE hAGHAIDH GNÍOMHAÍOCHTA

Rinne an Coimisiún Comhairliúchán Poiblí Oscailte maidir le Flíteanna Corparáideacha a Ghlasú in 2024. 6  Chumhdaigh an Comhairliúchán Poiblí Oscailte gluaisteáin, veaineanna, trucailí agus cóistí. Fuarthas 267 bhfreagra ó pháirtithe leasmhara éagsúla – gnólachtaí agus comhlachais ghnó den chuid is mó (72 % de na freagraí), agus ENRanna (11 %), saoránaigh (9 %) agus údaráis phoiblí (3 %) ina dhiaidh sin. Léiríodh comhdhearcadh soiléir ann maidir lena inmhianaithe atá sé go rachadh feithiclí astaíochtaí nialasacha i bhfód níos tapúla i bhflíteanna corparáideacha. Deimhníodh sa Chomhairliúchán Poiblí Oscailte freisin go mbeadh sciar níos airde d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha i bhflíteanna corparáideacha tairbheach ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus margaí gluaisteán athláimhe a fhorbairt, rud a chuirfeadh feabhas ar inacmhainneacht feithiclí astaíochtaí nialasacha. Tugadh fadhbanna agus dúshláin leanúnacha faoi deara freisin áfach, lena n‑áirítear costas ceannaigh níos airde, rioscaí a bhaineann le luachanna iarmharacha agus easpa feithiclí (tromshaothair den chuid is mó etc.) a bheith ar fáil.

Mar sin féin, luadh go soiléir sa chomhairliúchán go leagann na costais amach (costais cheannaigh, oibriúcháin agus costas iomlán úinéireachta) na cinntí ceannaigh a dhéanann oibreoirí flíteanna feithiclí corparáideacha. Measadh go forleathan go raibh láimhseáil fhioscach (i gcáin ioncaim, i gcáin chorparáide agus i gcáin cláraithe feithiclí, i gcáin bhliantúil ar chúrsaíocht feithiclí agus i láimhseáil fhioscach feithiclí sonracha, e.g. gluaisteáin chuideachta mar shochar comhchineáil) ina príomhthoisc sna cineáil uile flíteanna. Sainaithníodh bearta fioscacha go comhsheasmhach mar an bealach is éifeachtaí chun aistriú níos tapúla den sórt sin a bhaint amach, sna cineáil uile flíteanna corparáideacha.

Sampla den dea-chleachtas – Coigeartuithe ar an gcóras cánach

Sa Bheilg atá sampla den chaoi ar féidir an córas cánach a choigeartú chun an sciar d’fheithiclí corparáideacha astaíochtaí nialasacha a mhéadú, rinneadh athchóiriú ann ar a scéim gluaisteán cuideachta amhail ó 2021 chun glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur chun cinn agus chun na buntáistí cánach a laghdú le haghaidh feithiclí innill dócháin inmheánaigh thraidisiúnta agus feithiclí hibrideacha inluchtaithe 7 .. Ba iad seo a leanas na príomhluamháin:

-athruithe ar in-asbhainteacht chánach costas feithiclí, lena dteorannaítear de réir a chéile in-asbhainteacht na gcostas uile le haghaidh feithiclí nach feithiclí astaíochtaí nialasacha iad, a fuarthas idir an 1 Iúil 2023 agus an 31 Nollaig 2025, chun 0 % a bhaint amach faoi 2028 agus costais bhreosla (peitreal nó díosal) maidir le breoslaí a úsáidtear i bhfeithiclí hibrideacha inluchtaithe, a fuarthas ó 2023 ar aghaidh go 50 %, agus tá in-asbhainteacht 100 % fós ann d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus d’úsáid leictreachais;

-modhnú ar na luachanna tagartha astaíochtaí CO₂ a úsáidtear chun an sochar comhchineáil inchánach le haghaidh úsáid phríobháideach gluaisteán cuideachta a ríomh chun meánastaíochtaí laghdaitheacha gluaisteán nuachláraithe sa Bheilg a léiriú.

Cé go bhfuil an t‑athchóiriú á chur i bhfeidhm de réir a chéile, ó bhí 2024 ann, tá méadú as cuimse tagtha ar dhíolacháin feithiclí astaíochtaí nialasacha sa Bheilg, méadú faoi thrí, a bheag nó a mhór, le linn 2 bhliain agus fágann sin gurb í an Bheilg an tríú margadh is mó san Eoraip le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha, ó thaobh díolacháin iomlána de. Leathnaigh an bonneagar i leith athluchtú go mór sa Bheilg le 3 bliana anuas, fiú níos tapúla ná díolacháin feithiclí, agus tháinig méadú beagnach 10 n‑uaire ar athluchtú tapa. Léiríonn sampla na Beilge gur féidir tionchar suntasach a bheith ag fócas spriocdhírithe ar mhodhnú na mbeart fioscach atá ann cheana ar an margadh iomlán.

Thug roinnt Ballstát bearta dímheasa brostaithe isteach mar dhreasacht chun feithiclí leictreacha a fháil. Tá an Spáinn ar cheann de na samplaí maithe, inar féidir feithiclí glana nuafhaighte agus stáisiúin athluchtaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin a dhímheas gan bhac 8 , má úsáidtear iad le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha. Tá an dímheas gan bhac ar fáil le haghaidh tréimhsí cánach dar tús an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin agus tá feidhm aige maidir le hinfheistíochtaí nua a thosaíonn sna tréimhsí cánach dar tús 2024 agus 2025 9 .

Sampla eile is ea an tSeicia, inar féidir feithiclí glana a fuarthas agus a cuireadh in úsáid sa tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí anFeur 31 Nollaig 2028 a dhímheas laistigh de 2 bhliain. Tá an dímheas teoranta do 60 % den phraghas éadála sa chéad 12 mhí agus suas le 40 % don chéad 12 mhí eile 10 .

Tá torthaí an Chomhairliúcháin Phoiblí Oscailte comhsheasmhach leis an bhfaisnéis atá ar fáil agus leis an anailís mhargaidh a léiríonn go bhfuil tionchar mór ag córais cánachais feithiclí corparáideacha. Is léir ón taithí a fuarthas go bhféadfadh borradh i gclárúcháin nua feithiclí corparáideacha astaíochtaí nialasacha a bheith ann mar thoradh ar athbhreithnithe ar an gcreat cánachais chun bonn níos cothroime nó níos fabhraí a áirithiú d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha i bhflíteanna corparáideacha, nó ar dhreasachtaí eile a thabhairt isteach amhail scéimeanna malus nó bonus/malus lena gcuirtear láimhseáil níos fabhraí ar fáil d’fheithiclí ag a bhfuil astaíochtaí níos ísle ná d’fheithiclí ag a bhfuil astaíochtaí níos airde.

Ina theannta sin, léiríodh sa chomhairliúchán go raibh scéimeanna tacaíochta ar leith agus dreasachtaí oibríochtúla (díolúintí ó shrianta rochtana, muirearú bóthair, coinníollacha dola nó páirceála chomh maith le scéimeanna léasaithe shóisialta , lena n‑áirítear Éiceascór, etc.) éifeachtach, go háirithe do fhlíteanna ar cíos agus flíteanna léasaithe, flíteanna móra lóistíochta, flíteanna soghluaisteachta uirbí agus gluaisteáin chuideachta.

Samplaí den dea-chleachtas - rialacháin maidir le tacsaí le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha

Tá roinnt samplaí san Eoraip, ina bhfuil rialacháin thiomnaithe achtaithe ag údaráis chathrach nó réigiúnacha lena gceanglaítear ar fhlíteanna tacsaithe oibríochtaí astaíochtaí nialasacha a ailíniú lena bpleananna aeráide agus cáilíochta aeir.

Leag Hamburg sprioc shonrach síos maidir le hoibríochtaí tacsaí: ba cheart níos mó agus níos mó tacsaithe astaíochtaí nialasacha nuachláraithe a bheith ann ionas go mbeidh an flít iomlán tacsaithe a oibríonn in Hamburg ag teacht leis sin faoi 2030. Bainfear é sin amach go príomha tríd an bpróiseas ceadúnúcháin, inar gá d’oibreoirí tacsaí comhlíonadh a léiriú sula dtabharfar nó athnuafar a gceadúnais oibríochta. Tá tacaíocht airgeadais á cur ar fáil ag Hamburg freisin, amhail fóirdheontais chun feithiclí astaíochtaí nialasacha a cheannach agus bonneagar i leith athluchtú nó athbhreoslaithe hidrigine leormhaith a shuiteáil.

In Amstardam, tá coinne ann go mbeidh na tacsaithe uile a oibríonn i limistéir shrianta lár na cathrach saor ó astaíochtaí faoi 2025, agus tar éis an dáta sin, ní dheonófar ceadúnais tacsaí nua ach d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha. Faoi 2030, tá sé beartaithe ag an gcathair an riachtanas seo a leathnú chuig na tacsaithe uile a oibríonn ar fud an bhardais. Chun cuidiú le hoibreoirí tacsaí aistriú, cuireann an rialtas áitiúil fóirdheontais agus cineálacha eile tacaíochta ar fáil, agus é ag obair freisin chun bonneagar láidir i leith athluchtú agus athbhreoslaithe a bhunú, agus fócas ar phointí athluchtaithe tapa a leathnú in áiteanna ardéilimh mar Stáisiún Lárnach Amstardam agus Aerfort Schiphol. 

Cuireadh i dtábhacht sa chomhairliúchán freisin bonneagar i leith athluchtú agus athbhreoslú a bheith ar fáil mar phríomhthoisc tionchair. Cé go n‑áiritheofar leis na spriocanna sainordaitheacha a leagtar síos sa Rialachán maidir le bonneagar breoslaí malartacha 11 cumhdach leordhóthanach ar fud na mBallstát, agus go háirithe feadh TEN-T, cinnfear go háitiúil suíomh beacht, líon agus aschur cumhachta na bpointí athluchtaithe aonair ag suíomhanna sonracha.

Beidh infhaighteacht an lín chirt agus an chineáil chirt pointí athluchtaithe ag roinnt de na suíomhanna sin ríthábhachtach chun ceanglais shonracha cineálacha áirithe flíteanna corparáideacha a chomhlíonadh; mar shampla, braitheann flíteanna tacsaithe agus seirbhíse taistil ar ordú ar phointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal sna limistéir uirbeacha ina n‑oibríonn siad, agus bíonn bonneagar tiomnaithe i leith athluchtú de dhíth go minic ar fhlíteanna gluaisteán ar cíos a oibríonn ag aerfoirt, ach braitheann siad ar an aerfort lena gcur in úsáid. Ar an taobh eile, bíonn roinnt flíteanna amhail flíteanna bus iompair phoiblí ag brath go heisiach ar a mbonneagar tiomnaithe féin de ghnáth, ag iostaí nó i gcás athluchtú deise ag stadanna bus.

Úsáideann trucailí athluchtú ag iostaí mar phríomhrogha, ach go háirithe i gcás oibríochtaí cianaistir teastaíonn rochtain uathu ar bhonneagar i leith athluchtú atá tapa go leor chun freastal ar a riachtanais oibríochtúla trí athluchtú le linn na sosanna sainordaitheacha . Mar a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta um Ghluaisteáin, oibreoidh an Coimisiún ar thionscnamh maidir le Conair Ghlan Eorpach chun dlús a chur le mol luchtaithe feithiclí tromshaothair (HDV) a chur in úsáid feadh príomhchonairí lóistíochta in TEN-T mar bhonneagar criticiúil, trí chuíchóiriú a dhéanamh ar mhaoiniú a cheadú agus a ghiaráil chun an riosca a bhaint d’infheistíochtaí, agus nasc á dhéanamh leis na forálacha maidir le réimsí tosaíochta sonracha eangaí faoin Treoir maidir le fuinneamh in-athnuaite. Leis an tionscnamh, tabharfar le chéile oibreoirí flíteanna, oibreoirí pointí athluchtaithe, oibreoirí eangaí leictreachais agus údaráis phoiblí de réir mar is iomchuí i gcomhthéacs chonair TEN-T faoi seach agus, dá bhrí sin, beidh sé ina ardán úsáideach chun feasacht a mhúscailt maidir le riachtanais na ngníomhaithe uile lena mbaineann chomh maith le muinín a chothú i measc oibreoirí flíteanna corparáideacha maidir lena indéanta atá sé oibríochtaí rianúla lena mbaineann achar níos faide.

Samplaí den dea-chleachtas – pointí athluchtaithe ag aerfoirt

Cuireadh 750 pointe athluchtaithe in úsáid in Aerfort Zaventem, sa Bhruiséil, do phaisinéirí agus don fhoireann ina limistéir pháirceála Fógraíodh na céadta pointí athluchtaithe breise ag aerfoirt Pháras (Orly agus Charles de Gaulle) faoi dheireadh 2025, lena gcumhdófar níos mó ná 600 pointe athluchtaithe mall ag na limistéir pháirceála poiblí chomh maith le pointí athluchtaithe tapa chun riachtanais na gcuideachtaí cíosa agus na dtiománaithe tacsaí a chomhlíonadh, agus luchtairí sárthapa ar fáil d’úsáideoirí éagsúla. Tá sé ríthábhachtach roghanna athluchtaithe tapa leordhóthanacha a chur ar fáil do fhlíteanna gluaisteán ar cíos agus do thacsaithe ag suíomhanna amhail aerfoirt nó moil soghluaisteachta eile chun gur féidir an cineál flít sin a aistriú chuig feithiclí leictreacha; d’fhéadfadh sé sin, dá réir sin, rannchuidiú le hoibríocht fhoriomlán an aerfoirt a dhéanamh níos inbhuanaithe.

Samplaí den dea-chleachtas – oileán a leictriú sa Ghréig

Tá claochlú ceannródaíoch á dhéanamh ar Astypalaia, oileán Gréagach sa Mhuir Aeigéach Theas, go ‘Oileán Cliste & Inbhuanaithe’ trí chomhar uaillmhianach idir rialtas na Gréige agus Grúpa Volkswagen. Tionscnaíodh é in 2020 agus rolladh amach é ó thús 2021, agus is é is aidhm don treoirthionscadal feithiclí leictreacha a chur in ionad ghnáthfhlít san oileán in éineacht le scútair leictreacha, rothair leictreacha, agus seirbhís roinnte gluaisteáin ar éileamh a úsáideann feithiclí leictreacha a chur chun feidhme. Tháinig forbairt ar an mbonneagar i leith luchtú a bhí gann tráth, agus tá gléasraí grianfhuinnimh á dtógáil chun fuinneamh glan a sholáthar don líon feithiclí leictreacha atá ag dul i méid. Tugadh an-aird ar an tionscnamh, rud a léiríonn an chaoi ar féidir le hoileáin bheaga a bhraitheann ar dhíosal aistriú i dtreo fuinneamh in-athnuaite agus soghluaisteacht atá neodrach ó thaobh carbóin de. Le tionscnaimh leanúnacha Astypalaia, cuireadh i dtábhacht a aistriú chuig an turasóireacht inbhuanaithe, lena dtugtar fíorshampla den chaoi ar féidir le leictrea-shoghluaisteacht, fuinneamh in-athnuaite agus iompar poiblí nuachóirithe ceann scríbe taistil ísealtionchair atá dírithe ar an todhchaí a chruthú.

6.CAD IS FÉIDIR A DHÉANAMH INNIU

Ní mór an t‑éileamh ar mhargadh na ngluaisteán a neartú anois. Tá roinnt gníomhaíochtaí is féidir le gníomhaithe éagsúla a dhéanamh anois ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, chun dlús a chur leis an aistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha i bhflíteanna corparáideacha. Leis na gníomhaíochtaí sin, comhlánófar agus réamh-mheasfar an togra reachtach atá á ullmhú ag an gCoimisiún do dheireadh 2025 lena mbreathnófar ar na roghanna beartais uile chun glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha i bhflíteanna corparáideacha a mhéadú.

6.1.Feithiclí astaíochtaí nialasacha a dhéanamh níos tarraingtí trí bheartas fioscach

Faoi láthair, tá na Ballstáit ag tacú leis an margadh gluaisteán cuideachta le níos mó ná EUR 40 billiún in aghaidh na bliana trí fhóirdheontais nó trí láimhseáil fhioscach (laghduithe nó díolúintí ó cháin chlárúcháin, cáin bhliantúil ar fheithiclí, etc.), agus úsáidtear an chuid is mó den mhéid sin le haghaidh gnáthfheithiclí 12 . Cé go bhfuil an staid éagsúil ar fud na mBallstát, agus tacaíocht stáit suas le méideanna substainteacha amhail EUR 16 bhilliún in aghaidh na bliana san Iodáil, tá méid áirithe de thacaíocht á tabhairt go forleathan i bhformhór na mBallstát.

Faoi láthair, tá fóirdheontais agus córais fhioscacha ann nach dtacaíonn le flíteanna corparáideacha a aistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha i roinnt mhaith Ballstát – tá na cánacha nó na sochair chánach comhchosúil i roinnt Ballstát, ionas go ndídhreasaíonn an praghas ceannaigh níos airde na feithiclí astaíochtaí nialasacha, ach tá sochar cánach níos airde i bhfeidhm maidir le gnáthfheithicil a cheannach agus a oibriú i roinnt eile.

Is féidir ról tapa cinntitheach a bheith ag athrú na gcóras fioscach sin san aistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha i bhflíteanna corparáideacha, ós rud é go bhfuil láimhseáil fhioscach na bhfeithiclí éagsúla ar cheann de na príomhchúiseanna a bhfuil tionchar acu ar roghanna oibreoirí. D’fhéadfadh sé an buntáiste féideartha a bhaint as impleachtaí buiséadacha poiblí níos ísle a bheith ann i gcomparáid le fóirdheontais cheannaigh dhírigh, ós rud é go bhféadfadh úsáid níos spriocdhírithe a bhaint as forálacha fioscacha atá ann cheana i bhfabhar feithiclí astaíochtaí nialasacha a bheith i gceist leis sin.

Ba cheart gníomhaíocht a dhéanamh chun córais a dhéanamh níos fabhraí do roghanna astaíochtaí nialasacha, trí shochair chomparáideacha do ghnáthfheithiclí a laghdú nó trí fheabhas a chur ar láimhseáil na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha. Tá na tairbhí a bhaineann le hathruithe spriocdhírithe ar láimhseáil fhioscach gnáthfheithiclí corparáideacha an-infheicthe sa Bheilg, mar a shonraítear sa sampla a chuirtear i láthair thuas. Is féidir é sin a bhaint amach freisin i réimse CBL tríd an Treoir maidir le CBL a mhodhnú chun an ceart asbhainte a laghdú le haghaidh gnáthfheithiclí. Agus bearta den sórt sin á n‑athbhreithniú, tá sé tábhachtach critéir a chur san áireamh chun athléimneacht agus inbhuanaitheacht an tslabhra soláthair a chosaint, amhail rialacha tionscnaimh, an chiorclaíocht agus critéir inbhuanaitheachta, mar a thugtar tuairisc air sa Phlean Gníomhaíochta um Ghluaisteáin.

Sa chomhthéacs sin, meabhraíonn an Coimisiún freisin go dtugtar deiseanna leathana solúbtha do na Ballstáit le rialacha an Aontais maidir le Státchabhair chun tacú le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha, lena n‑áirítear trí chánacha a laghdú chun feithiclí den sórt sin a cheannach nó a léasú, chomh maith le tacú leis an mbonneagar i leith athluchtú agus athbhreoslú is gá. Dá bhrí sin, spreagann an Coimisiún na Ballstáit leas a bhaint as deiseanna den sórt sin.

D’fhéadfaí bearta fioscacha den sórt sin a chomhlánú trí úsáid bhreisithe a bhaint as na roghanna atá ar fáil faoin Treoir Eoraifínéid trí ionstraimí maidir le húsáid bóthair ina bhféadfaí feithiclí astaíochtaí nialasacha a dhíolmhú agus trí úsáid a bhaint as an ioncam, amhail dolaí bóthair nó muirearú bóthair, chun tacú leis an earnáil iompair de bhóthar a dhícharbónú, lena n‑áirítear trí infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar i leith athluchtú. Tugtar tuairisc air sin a thuilleadh sa Phlean Gníomhaíochta um Ghluaisteáin.

Nuair atá bearta i bhfeidhm ag údaráis phoiblí atá i bhfabhar gluaisteáin chuideachta a sholáthar (e.g. trí chánachas), iarrann an Coimisiún orthu a áirithiú go gceapfar iad ar bhealach lena gcruthófar dreasacht feithiclí astaíochtaí nialasacha a roghnú thar ghnáthfheithiclí, agus go n‑áireofar critéir lena n‑áiritheofar inbhuanaitheacht agus athléimneacht shlabhra soláthair na hEorpa, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta um Ghluaisteáin. Spreagann an Coimisiún na húdaráis phoiblí freisin bearta comhchosúla a mheas le haghaidh cineálacha eile flíteanna corparáideacha, agus úsáid a bhaint as an ioncam a chruinnítear ó ionstraimí maidir le húsáid bóthair le haghaidh bonneagar tacaíochta poiblí i leith athluchtú agus athbhreoslú. Déanfaidh an Coimisiún freisin, mar chuid dá thionscnamh CBL glas atá beartaithe do 2026, breithniú ar dheireadh a chur de réir a chéile leis an asbhaint CBL a bhaineann le gnáthfheithiclí.

6.2. Deiseanna ar an leibhéal áitiúil maidir le flíteanna seirbhísí soghluaisteachta uirbí

Is cineál eile flíteanna corparáideacha iad flíteanna seirbhísí soghluaisteachta uirbí, amhail flíteanna tacsaithe, seirbhíse taistil ar ordú agus roinnte gluaisteáin, a bhfuil nasc láidir acu leis an tsoghluaisteacht áitiúil agus uirbeach. Oibríonn siad ar bhonn ceadúnais a dheonaítear ar an leibhéal áitiúil de ghnáth, lena leagtar síos coinníollacha maidir lena n‑oibriú. Chuir go leor oibreoirí na gcineálacha sin flíteanna in iúl go bhfuil sé ar intinn acu ról dearfach a bheith acu ar an iompar de bhóthar a dhícharbónú. Mar gheall ar a samhail ghnó, a réimse oibríochta agus a gceanglais oibríochtúla, tá an rogha maidir le haistriú go feithiclí astaíochtaí nialasacha ag brath go mór ar choinníollacha a leagann údaráis áitiúla síos go díreach nó go hindíreach.

Go háirithe, sainaithnítear rochtain ar an mbonneagar i leith athluchtú a chomhlíonann ceanglais oibríochtúla na bhflíteanna soghluaisteachta uirbí mar phríomhthoisc go minic. D’fhéadfadh pointí athluchtaithe malla atá inrochtana don phobal le haghaidh athluchtú thar oíche i gcás tiománaithe nach bhfuil garáiste acu agus atá ag brath ar pháirceáil sráide, agus pointí athluchtaithe tapa lenar féidir breisiú tapa a dhéanamh le linn sosanna gearra san oibríocht laethúil. Príomhghné eile is ea an fhoráil maidir le dreasachtaí oibríochtúla lenar féidir flíteanna gluaisteán astaíochtaí nialasacha le haghaidh seirbhís soghluaisteachta uirbí dul ar lánaí tiomnaithe nó rochtain níos éasca ar pháirceáil a sholáthar. D’fhéadfadh saincheantair astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a bheith ina bpríomhthoisc chun dlús a chur leis an aistriú sin, ós rud é go mbeidh rogha na feithicle astaíochtaí nialasacha i bhfad níos tarraingtí mar gheall ar an ngá atá le rochtain a fháil ar na limistéir sin.

Chomh maith le coinníollacha níos fabhraí a chruthú d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha i bhflíteanna soghluaisteachta uirbí, d’fhéadfadh ról níos dírí a bheith ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le dlús a chur leis an aistriú trí cheanglais a leagan síos le haghaidh an sciar d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha, lena n‑áirítear critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus athléimneacht an tslabhra soláthair, mar choinníoll chun ceadúnais a dheonú agus lamháltas a dheonú lena n‑oibriú.

Tá údaráis agus oibreoirí iompair phoiblí ar thús cadhnaíochta san aistriú chuig flíteanna astaíochtaí nialasacha. In 2024, ba bhus ceallra-leictreach gach tríú bus nua uirbeach a cláraíodh san Aontas, is é sin an sciar is airde d’fheithiclí nua astaíochtaí nialasacha i bhflíteanna corparáideacha, ach tá srianta buiséadacha roimh údaráis phoiblí maidir le tuilleadh busanna astaíochtaí nialasacha a cheannach; beidh sé ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh na coinníollacha cearta i bhfeidhm ionas gur féidir leo leanúint d’infheistíocht a dhéanamh sa réiteach sin sna blianta amach romhainn.

Iarrann an Coimisiún ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ceanglais maidir leis an sciar d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha a chur san áireamh sa phróiseas ceadúnúcháin le haghaidh flíteanna príobháideacha áitiúla amhail flíteanna tacsaithe, seirbhíse taistil ar ordú agus roinnte gluaisteáin, lena n‑áirítear critéir chun inbhuanaitheacht agus athléimneacht an tslabhra soláthair a áirithiú i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta um Ghluaisteáin, chun coinníollacha cumasúcháin a chur ar fáil agus tairiscint iomchuí le haghaidh bonneagar i leith athluchtú a áirithiú, agus dreasachtaí áitiúla a bheartú amhail rochtain phribhléideach ar spásanna páirceála nó úsáid lánaí tiomnaithe chun na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí fheithiclí astaíochtaí nialasacha a dhéanamh níos tarraingtí. Spreagann an Coimisiún na húdaráis náisiúnta freisin tacú leis an iarracht sin trí choinníollacha fioscacha níos fabhraí a leagan síos le haghaidh feithiclí corparáideacha astaíochtaí nialasacha i gcomparáid le gnáthfheithiclí corparáideacha, agus trí thacaíocht airgeadais agus dreasachtaí a chur ar fáil d’údaráis agus oibreoirí iompair phoiblí a aistríonn chuig busanna astaíochtaí nialasacha.

6.3.Cuideachtaí cíosa: ceannródaithe aerfoirt

D’fhéadfadh feithiclí a úsáidtear le haghaidh cíos gearrthéarmach(cúpla lá go cúpla seachtain), amhail feithiclí ó fhlíteanna ar cíos ag moil amhail aerfoirt agus stáisiúin traenach, a bheith an-éifeachtach chun líon ard tiománaithe príobháideacha a bhaint amach, infheictheacht réiteach astaíochtaí nialasacha a mhéadú, deis a thabhairt triail a bhaint as gléasra cumhachta nua, agus aghaidh a thabhairt ar ábhair imní atá ag úsáideoirí cheana amhail imní faoin raon.

Thairis sin, ós rud é go bhfuil flít feithiclí leictreacha ar cíos ag aerfoirt nó moil soghluaisteachta eile, spreagfar bonneagar poiblí agus príobháideach i leith athluchtú a chur in úsáid níos tapúla (e.g. in óstáin, in ionaid chomhdhála, i limistéir thurasóireachta) sa limistéar a bhfreastalaíonn an t‑aerfort sin air, rud a mhéadóidh infheictheacht a thuilleadh agus a éascóidh glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha níos tapúla, agus turasóireacht inbhuanaithe á cur chun cinn.

Ar an taobh eile, is féidir teorainn a chur le toilleadh flíteanna ar cíos an aerfoirt maidir le haistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha mar gheall ar thosca áitiúla, amhail bonneagar i leith athluchtú a bheith ar fáil.

Nuair a aistreofar chuig feithiclí leictreacha, beidh gá le hiarracht bhreise sa ghearrthéarma chun cuid de na ceanglais oibríochtúla sin a chomhlíonadh. Ní féidir an t‑athluchtú tapa atá ann faoi láthair idir cíosanna a áirithiú trí luchtú mall amháin; chun agaí feithimh i bhfad níos faide idir cíosanna a sheachaint, beidh gá le luchtairí tapa a úsáid. Is cosúil freisin gur dócha go dtabharfaí níos mó feithiclí a bhfuil a gceallra níos lú ná lán ar ais, mar gheall ar infhaighteacht réasúnta teoranta an bhonneagair i leith athluchtú atá ann faoi láthair i gcomharsanacht an aerfoirt; is gá, dá bhrí sin, níos mó feithiclí a athluchtú ag na saoráidí gluaisteán ar cíos.

Dá bhrí sin, beidh iliomad pointí athluchtaithe tapa nó sárthapa ag teastáil ó chuideachtaí a oibríonn flíteanna móra aerfoirt ar cíos, agus uasghrádú ar a nasc leis an eangach leictreachais chun an t‑aschur cumhachta is gá a áirithiú; beidh an gá le huasghrádú a dhéanamh ar an nasc leis an eangach leictreachais níos ábhartha fós nuair a oibríonn roinnt cuideachtaí cíosa ag na saoráidí céanna – mar is amhlaidh i bhformhór na n‑aerfort. Ní faoi rialú díreach na gcuideachtaí sin a bhíonn sé bonneagar i leith athluchtú a chur in úsáid ag na saoráidí aerfoirt ina n‑oibríonn na gluaisteáin ar cíos de ghnáth ach is gá é a áirithiú tríd an aerfort.

Dá bhrí sin, is bealach chun cinn é cur chuige comhordaithe lena mbaineann an t‑aerfort agus na cuideachtaí cíosa éagsúla a oibríonn ar a n‑áitreabh chun dlús a chur leis an mbonneagair i leith athluchtú agus feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur in úsáid i bhflíteanna ar cíos.

Faoi R3 2025, seolfaidh an Coimisiún tionscnamh arb é is aidhm dó dlús a chur le feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur in úsáid i bhflíteanna aerfoirt roghnaithe ar cíos, bunaithe ar ghealltanais dheonacha ó na haerfoirt rannpháirteacha agus ó na cuideachtaí cíosa rannpháirteacha, chun naisc eangaí leictreachais uasghrádaithe a áirithiú agus cur in úsáid an bhonneagair i leith athluchtú a úsáideann cuideachtaí cíosa ar áitribh aerfoirt a éascú. Sa dara céim, d’fhéadfaí moil soghluaisteachta eile amhail stáisiúin iarnróid a chur san áireamh.

7.NA CHÉAD CHÉIMEANNA EILE

Tríd an sciar d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha i bhflíteanna corparáideacha a mhéadú, d’fhéadfaí tairbhí móra a bhaint amach i dtaca le laghduithe astaíochtaí, leis an iomaíochais agus – má tá beartais leormhaithe ag gabháil leo 13 – le cothroime an aistrithe aeráide freisin. Tá gníomhaíochtaí ann is féidir a dhéanamh anois ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil le haghaidh cineálacha éagsúla flíteanna corparáideacha agus tá tairbhí láithreacha ag baint leo, ach d’fhéadfadh tionscnamh reachtach an creat dlíthiúil is gá a sholáthar san fhadtéarma ar fud an tionscail gluaisteán ina hiomláine.

San obair ullmhúcháin don tionscnamh reachtach atá le cur i láthair faoi dheireadh 2025, cuirfidh an Coimisiún le torthaí an Chomhairliúcháin Phoiblí Oscailte maidir leis na fadhbanna foriomlána agus maidir lena oiriúnaí atá na bearta féideartha a rinne an Coimisiún cheana féin in 2024.

Sa chomhairliúchán sin, níor tháinig aon chomhdhearcadh soiléir chun cinn a mhéid a bhaineann le raon feidhme agus cineál an bhirt le haghaidh tionscnamh Eorpach a d’fhéadfadh a bheith ann. I dtorthaí an Chomhairliúcháin Phoiblí Oscailte, chomh maith le torthaí an Idirphlé maidir le Gluaisteáin a rinneadh sa mhí dheireanach, cuirtear i dtábhacht a ábhartha atá idirphlé leanúnach leis na páirtithe leasmhara ábhartha. Is é sin an fáth, sa bhreis ar an nós imeachta um Measúnú Tionchair don togra, a seolfaidh an Coimisiún idirphlé ardleibhéil leis na páirtithe leasmhara ábhartha, ag tosú amhail ó R2 2025, chun bearta agus roghanna ábhartha le haghaidh gníomhaíochta maidir le flíteanna corparáideacha a phlé, chomh maith le dinimic agus riachtanais an mhargaidh. Tabharfar leis sin an deis tuilleadh malartaithe agus comhair a dhéanamh maidir leis na gníomhaithe ábhartha uile a ghníomhachtú ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach chun dlús a chur le glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha i bhflíteanna corparáideacha.

Agus an tionscnamh reachtach á ullmhú, breathnóidh an Coimisiún ar ghnéithe éagsúla, lena n‑áirítear an cineál eintiteas, feithiclí agus flíteanna a bhfuil tosaíocht le tabhairt dóibh, an leibhéal uaillmhéine, an tionchar ar thruailliú aeir, an ghné chríochach, measúnú ar theicneolaíochtaí agus an tionchar maise agus na méideanna astaíochtaí chomh maith leis an iomaíochas a áirithiú, agus an tráth céanna, an gá atá le hualaí tuairiscithe agus riaracháin a laghdú d’fhiontair agus go háirithe do FBManna – arb iad tromlach na ngníomhaithe do roinnt cineálacha feithiclí corparáideacha – i gcomhréir le tosaíochtaí an chompáis iomaíochais.

Tá sé tábhachtach go dtabharfaí aird chuí sna roghanna ar shainiúlachtaí réigiúnacha agus ar shainiúlachtaí eile agus go n‑aithneofaí nach mór aon bheart den sórt sin a bheith i gcomhréir le dreasachtaí iomchuí agus leis an acmhainn fhoriomlán airgeadais chun an bonneagar leordhóthanach i leith athluchtú a leathadh amach.

Cuideofar le glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha i bhflíteanna corparáideacha trí ghníomhaíocht eile chun aghaidh a thabhairt ar an úsáid is éifeachtaí a bhaintear as tacaíocht cheannaigh ar an leibhéal náisiúnta. I gcomhréir leis an ngníomhaíocht a fógraíodh i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin um Ghluaisteáin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit ar chórais fhioscacha agus ar dhreasachtaí do ghluaisteáin chuideachta, lena n‑áirítear ailíniú maidir le cineálacha cur chuige a d’fhéadfadh a bheith ann agus critéir chomhchoiteanna (e.g. inbhuanaitheacht agus athléimneacht) le haghaidh dreasachtaí náisiúnta do fhlíteanna corparáideacha. Tá sé fíor-riachtanach go gcuirfidh na Ballstáit tús le gníomhaíocht ghasta, i gcás inarb ábhartha, chun coinníollacha fioscacha fabhracha a chruthú d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha.

(1)

Rialachán (AE) 2019/631

(2)

Rialachán (AE) 2019/1242

(3)

Cé is moite d’otharcharranna, trucailí dóiteáin, etc., inter alia.

(4)

 Tá leibhéal áirithe forluí idir an méid sin agus catagóirí eile do fhlíteanna corparáideacha, toisc go soláthraítear e.g. gluaisteáin chuideachta nó fíorfhlíteanna trí léasú go minic.

(5)

Dataforce (2024)

(6)

  OPC - Flíteanna corparáideacha a ghlasú  

(7)

  Tháinig ‘Loi du 25 novembre 2021 organisant le verdissement fiscal et social de la mobilité’ i bhfeidhm go hoifigiúil i mí Eanáir 2023.

(8)

In 2023, d’fhéadfadh na feithiclí leictreacha nuafhaighte tairbhiú den dímheas brostaithe trí ráta caighdeánach dúbailte.

(9)

An Spáinn, Dlí Foraithne Ríoga 4/2024

(10)

Roinn 30a(1) den Acht. 1 d’Acht Uimh. 586/1992 Coll., maidir le Cánacha Ioncaim, arna leasú

(11)

Rialachán (AE) 2023/1804

(12)

  Company car fossil fuel subsidies in Europe [Fóirdheontais breosla iontaise do ghluaisteáin chuideachta san Eoraip], T&E 2024

(13)

Lena n‑áirítear beartais fhioscacha agus shóisialta i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú.

Top