Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0095

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Plean Gníomhaíochta Tionsclaíoch um an tionscal gluaisteán Eorpach

COM/2025/95 final

An Bhruiséil,5.3.2025

COM(2025) 95 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Plean Gníomhaíochta Tionsclaíoch um an tionscal gluaisteán Eorpach




1.Réamhrá

Croí-inneall den rathúnas Eorpach is ea an tionscal gluaisteán agus is cuid bhunriachtanach d’fhéiniúlacht na hEorpa é. Tá monaróirí Eorpacha ina gceannairí domhanda ó ceapadh an chéad charr agus ó tógadh é, agus tá siad ag táirgeadh brandaí aitheanta a shocraíonn tagarmharcanna arda sa nuálaíocht agus sa bharr feabhais. Sa lá atá inniu ann, is é a chruthaíonn an earnáil EUR 1 trilliún don OTI, arb é atá i gceist leis aon trian den taighde príobháideach agus den infheistíocht a chuirtear san fhorbairt san Aontas, agus cuireann sí fostaíocht dhíreach agus indíreach ar fáil do 13 mhilliún Eorpach. I gcás feithiclí tráchtála, cuimsíonn déantóirí trucailí na hEorpa níos mó ná 40 % den mhargadh domhanda 1 . Tá ardmheas ag an domhan mór ar cheannaireacht tionscal gluaisteán na hEorpa.

Faoi láthair, tá claochlú struchtúrach ag teacht ar an earnáil ar lánluas agus ar bhonn méid nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Tá dlús á chur leis an aistriú chuig soghluaisteacht ghlan. In 2024 cheana féin, as gach cúig charr a díoladh ar fud an domhain, ba charr leictreach é. An tráth céanna, tá athrú ag teacht ó bhonn aníos ar an earnáil de bharr go bhfuil na teicneolaíochtaí digiteacha á gcomhtháthú go tapúil, amhail an intleacht shaorga (IS), bogearraí, gléasanna braite agus cumarsáide, agus de bharr go bhfuil seirbhísí digiteacha agus an nascacht ag éirí níos tábhachtaí Tá sé ríthábhachtach ní hamháin go ndéanfaidh tionscal gluaisteán na hEorpa nascleanúint, ach go múnlóidh sé freisin an t-aistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha, le feithiclí nasctha atá ag éirí níos uathoibrithe.

Agus aghaidh á tabhairt ar an aistriú sin, tá dúshláin thromchúiseacha iomaíochais le sárú ag an tionscal gluaisteán againne freisin. Tá rioscaí agus spleáchais ar an slabhra soláthair domhanda os comhair an tionscail maidir le hallmhairí amhábhar agus ceallraí, spleáchas rómhór fós ar bhreoslaí iontaise, iomaíocht ghéar le haghaidh oibrithe oilte, bearnaí costais i bpríomh-ionchuir, agus comhthéacs geopholaitiúil atá ag éirí níos luainí. Tá an baol ann go dtitfidh cuideachtaí Eorpacha chun deiridh ar phríomhtheicneolaíochtaí straitéiseacha amhail ceallraí, bogearraí, córais faisnéise siamsúla, agus tiomáint uathrialaitheach, agus is minic nach mbíonn an smacht díreach céanna acu ar an iomad ionchur amhábhar agus, os a choinne sin, is minic a thacaíonn straitéisí tionsclaíocha teanntásacha le hiomaitheoirí thar lear agus faigheann na hiomaitheoirí sin tacaíocht Stáit i bhfoirmeacha éagsúla.

Is cinniúnach an tráth é seo do thionscal gluaisteán na hEorpa — tá gá le gníomhaíocht chinntitheach, agus tá an tAontas Eorpach (AE) tiomanta do thacaíocht a thabhairt don earnáil agus í ag aistriú.

Is é sin cuspóir an Phlean Gníomhaíochta seo, a chuireann leis an gCompás Iomaíochais, leis an gComhaontú Tionsclaíoch Glan agus — le roinnt seachtainí anuas — le sraith leathan comhairliúchán, faoi stiúir Uachtarán an Choimisiúin agus roinnt comhaltaí den Choimisiún, inar ghlac níos mó ná 100 eagraíocht páirt ghníomhach. 2 Leagtar amach ann bearta nithiúla chun cabhrú le hiomaíochas domhanda tionscal gluaisteán na hEorpa a dhaingniú agus bonn láidir táirgeachta Eorpach a choinneáil trí ghníomhaíocht i gcúig phríomhréimse: 1) nuálaíocht agus digitiú, 2) soghluaisteacht ghlan, 3) iomaíochas agus athléimneacht an tslabhra soláthair, 4) scileanna agus gné shóisialta, agus 5) cothrom iomaíochta agus timpeallacht ghnó. 

2.Na cúig Cholún den Phlean Gníomhaíochta d’Fheithiclí

2.1Nuálaíocht agus Digitiú

Chun go mbeidh sé iomaíoch ar fud an domhain, ní mór do thionscal gluaisteán na hEorpa seasamh ceannaireachta a fháil ar ais go práinneach san aistriú i dtreo feithiclí atá cumasaithe le bogearraí, atá nasctha le cumhacht IS agus atá uathrialaitheacha. Tá an t-eispéireas laistigh den ghluaisteán do thiománaithe agus do phaisinéirí araon, ar gluaisteáin iad atáthar a dhearadh le bogearraí i rith an ama, agus tá ról níos lárnaí ag feidhmchláir nua, amhail tiomáint uathoibrithe agus uathrialaitheach, cumarsáid agus siamsaíocht faisnéise. Go tapa, is príomhdhifreálaithe straitéiseacha iad eilimintí den sórt sin nach mór do mhonaróirí feithiclí (monaróirí buntrealaimh — OEManna) barr feabhais a bhaint amach ina leith, ach tá an baol ann faoi láthair go dtitfidh siad chun deiridh ar iomaitheoirí thar lear.

An tiomáint uathrialaitheach a chur chun cinn agus borradh a chur faoin margadh aonair le haghaidh feithiclí uathrialaitheacha

Beidh an teicneolaíocht tiomána uathrialaitheach ríthábhachtach don iomaíochas agus cuirfidh sí sciar suntasach den bhreisluach a bheidh ann amach anseo ar fáil. Meastar go gcruthóidh sí breisluach suas le EUR 400 billiún don tionscal gluaisteán ar fud an domhain faoi 2035.

Ionaid tástála le haghaidh tiomáint uathrialaitheach

San Aontas, níl na coinníollacha maidir le tástáil ar bhóithre agus oibríochtaí tráchtála feithiclí lán-uathrialaitheacha chomh fabhrach céanna leis na coinníollacha sna Stáit Aontaithe agus sa tSín. Tugann sé sin tús áite suntasach d’iomaitheoirí sna dlínsí sin.

Chun ullmhacht don mhargadh agus tráchtálú feithiclí uathrialaitheacha a threisiú, oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit chun trí ionad tástála trasteorann ar mhórscála ar a laghad, boscaí gainimh rialála gaolmhara agus Conairí Tiomána Uathoibrithe Eorpacha a bhunú go tapa. D’fhéadfaí cathracha meánmhéide atá toilteanach ról ceannródaíoch a bheith acu a chur san áireamh. Leis na hionaid tástála sin, beifear in ann feithiclí uathrialaitheacha a chur in úsáid ar scála ar bhonn píolótach, le haghaidh iompar paisinéirí agus earraí araon. Geallann an Coimisiún freisin measúnú breise a dhéanamh ar an deis feithiclí uathoibrithe a chomhtháthú sa chóras iompair trí chumarsáid idir feithiclí agus bonneagar.

I dtreo Margadh Aonair don tiomáint uathrialaitheach

Sa lá atá inniu ann, tá an timpeallacht rialála maidir le soghluaisteacht nasctha agus uathrialach ilroinnte. Is beag Ballstát a bhfuil rialacha náisiúnta tráchta acu lena gceadaítear feithiclí uathrialaitheacha ar a mbóithre, rud a chuireann bac ar acmhainneacht an mhargaidh aonair don tiomáint uathrialaitheach. Tá an comhar ríthábhachtach eatarthu go léir a fhorbraíonn agus a thógann na feithiclí sin, chomh maith le hoibreoirí bóithre agus bainisteoirí bonneagair. Tá gá le creat níos comhchuibhithe agus rialachas ar leibhéal an Aontais chun tairbhe a bhaint as ár Margadh Aonair agus chun cur in úsáid tapa na soghluaisteachta nasctha agus uathrialaithí a éascú. Déanfaidh an Coimisiún beart chun an cuspóir sin a bhaint amach.

Déanfaidh an Coimisiún tuilleadh forbartha, mar thosaíocht, ar an gcreat rialála le haghaidh feithiclí uathrialaitheacha, ag tosú le ceadú sraitheanna neamhtheoranta feithiclí ag a bhfuil córais pháirceála uathoibrithe in 2025 agus cásanna níos mó úsáide (e.g. iompar lastais ó mhol go mol) in 2026 lena n-áiritheofar a sábháilteacht. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún rialacha beachtaithe a tharraingt suas chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do thástáil réamh-chur in úsáid ADS (córais tiomána uathoibrithe) agus tástáil ADAS (ardchórais cúnaimh tiománaí) ar bhóithre poiblí. Is iondúil go mbíonn ceadanna de dhíth chun teicneolaíochtaí nuálacha ADAS agus ADS a thástáil ar bhóithre poiblí san Eoraip bunaithe ar dhíolúintí ó rialacha náisiúnta, rud a éilíonn ceaduithe iomadúla ar fud na mBallstát éagsúil. Molfaidh an Coimisiún nósanna imeachta comhchuibhithe um cheadú iontrála go luath in 2026 chun gach tástáil ADAS agus ADS ar bhóithre oscailte ar fud an Aontais a éascú.



Gníomhaíochtaí Suaitheanta:

Ionaid tástála trasteorann ar mhórscála a bhunú le haghaidh feithiclí uathrialaitheacha ó 2026 ar aghaidh.

Borradh a chur faoin gcreat rialála agus faoi chomhtháthú an mhargaidh aonair le haghaidh Tiomáint Uathrialaitheach Eorpach: i) rialacha maidir le sraith neamhtheoranta feithiclí i ndáil le córais tiomána uathoibrithe faoi 2026; ii) rialacha comhchuibhithe maidir le tástáil ADAS agus ADS ar bhóithre poiblí faoi 2026; iii) agus rialacha comhchuibhithe maidir le cur in úsáid ar fud an Aontais.

Borradh a chur faoi fhorbairt na feithicle nasctha uathoibrithe Eorpaí a bheidh ann amach anseo

Is iad na sliseanna, na bogearraí agus IS na trí phríomh-chomhpháirt don fheithicil nasctha uathoibrithe san am atá amach romhainn. Cé gurb é atá i gceist le monaróirí agus soláthraithe feithiclí Eorpacha 45 % d’infheistíochtaí T&F domhanda mótarfheithiclí, tugann cuideachtaí teicneolaíochta agus gníomhaithe an tionscail gluaisteán ‘digiteacha-dúchasacha’ nua ó lasmuigh den Eoraip dúshlán dóibh sa réimse sin. Chun spleáchais nua agus caillteanas breisluacha agus fostaíochta thar lear a sheachaint, ní mór don Aontas a acmhainneachtaí tionsclaíocha féin a fhorbairt le haghaidh na mbogearraí agus na gcrua-earraí TF is gá i leith feithiclí glana, nasctha agus uathoibrithe. Áirítear leis sin deimhin a dhéanamh de go ndearfar na bogearraí agus an trealamh sin chun sonraí agus seirbhísí spásbhunaithe a úsáid le haghaidh loingseoireachta, suíomh a aimsiú ar bhonn ardbheachtais, an Chruinne a fhaire agus nascacht shlán mar a sholáthraíonn córais an Aontais Galileo/EGNOS, Copernicus agus IRIS gan mhoill.

An Chomhghuaillíocht Eorpach um Fheithiclí Nasctha Uathrialaitheacha

Tá gá le dlúthchomhar idir gníomhaithe Eorpacha, faoi chuimsiú rialacha iomaíochta an Aontais, chun bloic thógála chomhroinnte i leith bogearraí agus crua-earraí digiteacha a fhorbairt. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí coigilteas suntasach acmhainní a bhaint amach. D’fhéadfadh monaróirí gluaisteán dlús a chur le forbairt choiteann teicneolaíochta agus acmhainní a dhíriú ar na heilimintí sin a spreagann eispéireas difreálach do chustaiméirí.

Dá bhrí sin, seolfaidh an Coimisiún, gan mhoill, an an Chomhghuaillíocht Eorpach um Fheithiclí Nasctha Uathrialaitheacha, ag cur leis an obair ullmhúcháin a rinneadh leis an Tionscnamh um Fheithiclí amach anseo , agus Comhpháirtíochtaí an tionscail gluaisteán sa chlár Fís Eorpach, go háirithe 2Zero, CCAM agus an Comhghnóthas um Shliseanna. Tabharfaidh sé le chéile mais chriticiúil de pháirtithe leasmhara thionscal gluaisteán na hEorpa, lena n-áirítear FBManna, chun forbairt na chéad ghlúine eile d’fheithiclí a mhúnlú, ag díriú ar eilimintí ailtireachta coiteanna, ar bhloic thógála Eorpacha chomhroinnte le haghaidh crua-earraí agus bogearraí chomh maith lena gcaighdeánú. Ar bhonn treochlár nuálaíochta comhpháirteach, cuirfidh an Chomhghuaillíocht na príomhghníomhaíochtaí seo a leanas i gcrích:

·Ardán Bogearraí a fhorbairt le haghaidh Feithiclí a Shainítear le Bogearraí: Forbróidh an Chomhghuaillíocht ardán oscailte uile-Aontais maidir le Feithiclí a Shainítear le Bogearraí, ardán a bheidh bunaithe ar bhloic thógála i leith bogearraí foinse oscailte úrscothacha, chomh maith le comhéadain, caighdeáin agus uirlisí.

·Ailtireacht ríomhaireachta infheithicle a fhorbairt le haghaidh Feithiclí a Shainítear le Bogearraí: Chun tiomáint uathrialaitheach a dhéanamh, tá gá le hardacmhainneacht ríomhaireachta láraithe ar bord. Forbróidh an Chomhghuaillíocht ardán ríomhaireachta a sheasfaidh an aimsir agus a bheidh inoiriúnaithe, solúbtha, tíosach ar fhuinneamh, agus a bheidh in ann feidhmíocht fíor-ama a bhaint amach, agus déanfaidh sí próiseálaithe níos forbartha a chomhtháthú, lena n-áirítear sliseanna intleachta saorga, agus an tráth céanna, áiritheoidh sí go mbeidh feithiclí atá sainithe le bogearraí inscálaithe agus in-uasghrádaithe go héasca.

·Réitigh nuálacha intleachta saorga a fhorbairt don tionscal gluaisteán: Samhlacha agus algartaim intleachta saorga giniúnacha earnáilsonracha a fhorbairt lena gceadaítear tiomáint uathrialaitheach, oibriú feithiclí nasctha a bharrfheabhsú sa bhonneagar iompair agus luchtaithe, agus bainistiú éifeachtach ceallraí nó cothabháil thuarthach Al-tiomáinte, cuir i gcás.

·Saoráid phíolótach dháilte ar mhórscála a chruthú in 2026/2027: Feidhmeoidh an tsaoráid ina timpeallacht chomhoibríoch don tionscal le haghaidh Feithiclí a Shainítear le Bogearraí agus innealtóireacht IS agus ina hionad tástála don nuálaíocht i sraitheanna feidhmchlár.

·Dlús a chur leis an aistriú i dtreo na tiomána uathrialaithí: Treochlár teicneolaíochta uaillmhianach a fhorbairt agus a chur ar fáil chun comhpháirteanna comhroinnte de chuid an Chórais Tiomána Uathrialaigh (ADS) (bogearraí agus crua-earraí) a fhorbairt.

Is cumhachtach an sásra í an Chomhghuaillíocht chun dlús a chur le comhar trasteorann thionscal na hEorpa maidir le nuálaíocht, forbairt agus an chéad chur in úsáid tionsclaíoch i leith teicneolaíochtaí tiomána nasctha uathrialaitheacha. Tá an Coimisiún lánullamh chun treoir a chur ar fáil, arna iarraidh sin don tionscal, maidir le conas is féidir sonraí an tionscail gluaisteán a chomhthiomsú chun dul chun cinn in IS sa tiomáint uathrialaitheach a spreagadh i gcomhréir le dlí na hiomaíochta. Ar an dara dul síos, tacóidh an Coimisiún le hobair theicniúil na mBallstát chun tionscadal iarrthach ionchasach sa chlár Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a shainaithint le haghaidh feithiclí glana nasctha uathrialaitheacha, agus an tráth céanna, áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil sé inrochtana ag FMBanna nuálacha.

Teicneolaíocht ceallraí na chéad ghlúine eile

Tá iomaitheoirí thar lear ag infheistiú acmhainní suntasacha airgeadais agus daonacmhainní in T&F maidir le teicneolaíocht ceallraí sa todhchaí, le tacaíocht ollmhór ón stát. Tá an tAontas ag díriú go mór ar nuálaíocht ceallraí trí chomhpháirtíocht BATT4EU an chláir Fís Eorpach. Tá an fócas sin tábhachtach i gcónaí. Tacóidh an Coimisiún le slabhra luacha iomlán an Aontais maidir le ceallraí den chéad ghlúin eile, lena n-áirítear athchúrsáil, i ndlúthchomhar le comhpháirtíochtaí san ardmhonaraíocht agus sna hardábhair. Le haghaidh na mblianta 2025 go 2027, beidh an buiséad tiomnaithe thart ar EUR 350 milliún, mar chuid de ranníocaíocht fhoriomlán an chláir Fís Eorpach don tionscal gluaisteán.

Maoiniú faoin gclár Fís Eorpach

Tacófar le gníomhaíochtaí na Comhghuaillíochta chomh maith le teicneolaíocht ceallraí na chéad ghlúine eile trí chomhinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach faoi chomhpháirtíochtaí ábhartha Fís Eorpach. Cuirfidh an clár EUR 1 bhilliún ar fáil don tionscal gluaisteán don tréimhse 2025-2027, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ábhartha arna maoiniú tríd an gComhairle Nuálaíochta Eorpach. Amach anseo, d’fhéadfaí comhpháirtíochtaí tiomnaithe le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha a thabhairt le chéile i gComhghnóthas tiomnaithe le haghaidh an tionscail gluaisteán. Tá an méid sin gan dochar do phacáiste an chéad togra CAI eile.

Infheistíochtaí príobháideacha a spreagadh chun an Nuálaíocht san Eoraip a uas-scálú

Mar a fógraíodh sa Chompás Iomaíochais agus sa Chomhaontú Tionsclaíoch Glan, oibreoidh an Coimisiún le Grúpa BEI agus le hinfheisteoirí príobháideacha chun clár infheistíochta TechEU a chur in úsáid chun cuidiú leis an mbearna mhaoinithe don nuálaíocht shuaiteach a dhúnadh, acmhainneacht thionsclaíoch na hEorpa a neartú agus cuideachtaí a infheistíonn i dteicneolaíochtaí nuálacha a uas-scálú in éineacht le le punann tionscadail ábhartha na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí. Sa tionscal gluaisteán, d’fhéadfadh TechEU tacú le hinfheistíochtaí in TFN le haghaidh teicneolaíochtaí straitéiseacha amach anseo, digitiú, cur i bhfeidhm IS, mar aon le hardmhonaraíocht agus cur in úsáid acmhainneachta tionsclaíche sa slabhra soláthair, agus uas-scálú teicneolaíochtaí straitéiseacha iomaíocha ag OEManna, soláthróirí agus cuideachtaí teicneolaíochta nuálaí, lena n-áirítear cur leis an slabhra soláthair le haghaidh na dteicneolaíochtaí ceallraí.

Gníomhaíochtaí Suaitheanta:

An Chomhghuaillíocht Eorpach um Fheithiclí Nasctha Uathrialaitheacha a bhunú in 2025.

Tacú le taighde agus nuálaíocht maidir le soghluaisteacht nasctha uathoibrithe agus teicneolaíocht ceallraí na chéad ghlúine eile a fhorbairt tríd an gclár Fís Eorpach.

Gníomhaíocht eile:

Oibriú le Grúpa BEI agus leis an earnáil phríobháideach chun an clár infheistíochta TechEU a chur in úsáid maidir le gnólachtaí atá i mbun fáis, lena n-áirítear chun slabhra soláthair na dteicneolaíochtaí ceallraí a fhorbairt.

Cibearshlándáil

Is tábhachtach na himpleachtaí slándála atá ag comhpháirteanna crua-earraí agus bogearraí feithiclí nasctha uathoibrithe. Déanfaidh an Coimisiún obair leantach ar mheasúnú riosca cibearshlándála leanúnach ar fheithiclí nasctha faoi Threoir NIS2 le bearta nithiúla, lena n-áirítear, más gá, sa chreat rialála le haghaidh mótarfheithiclí, agus amharcfaidh sé ar bhealaí chun slabhra luacha tionsclaíoch Eorpach a fhorbairt le haghaidh comhpháirteanna criticiúla. An tráth céanna, i gcomhréir le straitéis slándála eacnamaíche an Aontais, forbróidh an Coimisiún, in idirphlé lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta agus go háirithe G7, léargas comhroinnte ar rioscaí cibearshlándála agus ar bhearta maolaithe féideartha a bhaineann le feithiclí nasctha. Tá sé sin tábhachtach chun ilroinnt bhreise an mhargaidh dhomhanda a sheachaint. Forbróidh sé caighdeáin slándála eacnamaíche freisin chun dul i ngleic le rioscaí sa slabhra soláthair, amhail róspleáchas, armáil, ró-acmhainneacht, rioscaí teicneolaíochta, cibearshlándáil nó rioscaí slándála.

Gníomhaíochtaí Eile:

Leanúint de bheith ag obair i dtreo cibearshlándáil leordhóthanach gan srian a chur ar an nuálaíocht agus ar an tráchtálú.

Caighdeáin slándála eacnamaíche a fhorbairt.

Rochtain ar shonraí, ar fheidhmeanna agus ar acmhainní feithicle 

Cruthóidh feithiclí nasctha agus digiteacha sruthanna ioncaim nua substaintiúla agus luach eacnamaíoch suntasach ó shonraí feithicle. Tá an acmhainneacht sin díghlasáilte go pointe áirithe cheana féin leis an nGníomh um Shonraí lena soláthraítear rochtain ar shonraí ó ghairis nasctha, amhail feithiclí arna iarraidh sin d’úsáideoirí, chomh maith leis an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite (RED) lena bhforáiltear do rochtain ar shonraí a bhaineann le ceallraí. 

Mar sin féin, i ngeall ar go leor sainiúlachtaí a bhaineann le mótarfheithiclí nasctha agus a n-acmhainneacht deiseanna nua gnó a chruthú, lena n-áirítear maidir le luchtú déthreoch agus cliste, tá gá le bearta comhlántacha. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún bearta leordhóthanacha chun go mbeidh an t-éiceachóras gluaisteán iomlán in ann leas a bhaint as sonraí ó fheithiclí nasctha, go háirithe trí chur i bhfeidhm an Ghnímh um Shonraí agus na Treorach maidir le sonraí infheithicle a fhoilseofar ag tús chur i bhfeidhm na hIonstraime um Shonraí. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an Ghnímh um Shonraí, gníomhaíochtaí eile a mheas, lena n-áirítear togra reachtach le haghaidh rochtain ar shonraí infheithicle agus an deis Ardán Eorpach Sonraí Gluaisteán a bhunú. Sa chomhthéacs sin, cuirfear breithnithe cibearshlándála san áireamh freisin, lena n-áirítear maidir le cianrochtain ar shonraí.    

Tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún freisin an bhfuil creat iomaíochta an Aontais atá ann cheana maidir le comhaontuithe ingearacha sna hiarmhargaí gluaisteán (an Rialachán Blocdhíolúine maidir le Mótarfheithiclí) fós oiriúnach dá fheidhm, lena n-áirítear i gcomhthéacs na digiteála. 

Gníomhaíochtaí Suaitheanta:

Bearta leordhóthanacha maidir le rochtain ar shonraí, ar fheidhmeanna agus ar acmhainní feithiclí, lena n-áirítear treoir maidir leis an nGníomh um Shonraí agus, más gá, togra reachtach le haghaidh rochtain ar shonraí feithicle.

Athbhreithniú ar an Rialachán Blocdhíolúine do Mhótarfheithiclí (MVBER) agus ar na Treoirlínte Forlíontacha.

2.2Soghluaisteacht ghlan:

Is é an t-iompar de bhóthar is cúis fós le thart ar an gceathrú cuid d’astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána an Aontais. Chun uaillmhian na hEorpa a bhaint amach maidir le bheith aeráidneodrach faoi 2050, ní mór astaíochtaí iompair a laghdú 90 % faoin dáta sin. Agus chun rath tráchtála leanúnach a áirithiú, tá sé ríthábhachtach freisin go ndéanfaidh OEManna Eorpacha, atá ag infheistiú go mór cheana féin i dteicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha, teicneolaíocht agus ceannaireacht táirgí i bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha a fháil ar ais. Is é atá sna feithiclí astaíochtaí nialasacha sciar suntasach de dhíolacháin dhomhanda cheana agus ar deireadh beidh siad ar an deighleog is mó den mhargadh. Is ríthábhachtach an cumasóir é margadh baile láidir, le tacaíocht ó bhonneagar leordhóthanach ar fud na gcríoch uile, chuige sin.

Caighdeáin astaíochta

Tacaítear leis an aistriú chuig soghluaisteacht ghlan de bhóthar le caighdeáin astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin agus veaineanna nua agus d’fheithiclí nua tromshaothair, lena leagtar síos spriocanna níos airde i leith laghdú astaíochtaí do mhonaróirí. Leis na caighdeáin sin, soláthraítear cinnteacht agus intuarthacht fhadtéarmach d’infheisteoirí feadh an tslabhra luacha, agus an tráth céanna tugtar aga tionscanta leordhóthanach le haghaidh aistriú cóir. Faoi láthair, tá beagnach 6 mhilliún feithicil astaíochtaí nialasacha ar bhóithre na hEorpa, ach tá gá le hiarracht mhór mhaith fós chun spriocanna 2035 agus 2040 a bhaint amach.  

Bhí an t-éileamh ar fheithiclí ceallra-leictreacha níos laige le déanaí ná mar a bhíothas ag súil leis. Tar éis méadú a shé oiread ó 2019 go 2023, tháinig laghdú beag 5,6 faoin gcéad ar dhíolacháin feithiclí ceallra-leictreacha san Aontas idir 2023 agus 2024, agus thit sciartha den mhargadh síos ó 14,6 go 13,6 faoin gcéad, chomh maith le moilleanna ar sheoladh samhlacha feithiclí leictreacha inacmhainne ar an margadh.

Cé gur léirigh figiúirí Eanáir 2025 sciar 15 faoin gcéad de dhíolacháin d’fheithiclí ceallra-leictreacha, i gcomparáid le 10,9 faoin gcéad i mí Eanáir 2024, tá an baol ann fós go bhféadfaí pionóis shuntasacha a ghearradh as spriocanna astaíochtaí feithiclí paisinéirí 2025. Dá bhrí sin, cuirfidh an Coimisiún solúbthachtaí breise i láthair go pras, trí leasú spriocdhírithe a dhéanamh ar na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO₂ le haghaidh gluaisteán agus veaineanna. Leis an leasú, dá nglacfaí é, chinnfí go ndéanfaí measúnú ar an gcomhlíonadh thar na blianta 2025, 2026 agus 2027 le chéile chun ligean do mhonaróirí gluaisteán sárú na sprice i mbliain amháin nó dhá bhliain de na blianta sin a chúiteamh trí róghnóthachtálacha sa bhliain eile nó sna blianta eile. Cuideoidh sé sin le hacmhainneacht infheistíochta an tionscail a chosaint, agus cloí le huaillmhian fhoriomlán spriocanna 2025. Iarrann an Coimisiún ar na comhreachtóirí teacht ar chomhaontú maidir leis an leasú sin gan mhoill, toisc go gcruthódh sé sin cinnteacht don earnáil. Mar a luaitear i dTreoirlínte Polaitiúla an Choimisiúin, cruthaítear intuarthacht d’infheisteoirí agus do mhonaróirí leis an rialachán maidir le caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach dlús leis an obair chun an t-athbhreithniú atá beartaithe ar an Rialachán a ullmhú. Beidh an t-athbhreithniú bunaithe ar anailís fíoras, agus na forbairtí teicneolaíochta ábhartha uile á gcur san áireamh, agus bunaithe ar an tábhacht a bhaineann le haistriú i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha atá inmharthana ó thaobh an gheilleagair de agus cothrom ó thaobh na sochaí de.

Gníomhaíochtaí Suaitheanta:

Togra chun caighdeáin astaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna a leasú, ionas gur féidir an sprioc a shárú laistigh de bhliain amháin nó dhá bhliain trí róghnóthachtáil sa bhliain/sna blianta eile le haghaidh na tréimhse 2025-2027.

Dlús a chur le hullmhúcháin don athbhreithniú atá beartaithe ar an Rialachán.

Borradh a chur faoin éileamh ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha

Tacaíocht a thabhairt d’úsáideoirí ar ioncam íseal trí Scéimeanna Léasaithe Shóisialta

Is féidir le scéimeanna Léasaithe Shóisialta tacú le soghluaisteacht ghlan inacmhainne do thomhaltóirí nach bhfuil ar ard-ioncam, agus an tráth céanna, borradh díreach a chur faoi dhíolachán feithiclí astaíochtaí nialasacha. Glacfaidh an Coimisiún Moladh maidir leis an mBochtaineacht Iompair i R1 2025, lena spreagfar na Ballstáit chun scéimeanna léasaithe shóisialta a ghlacadh le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha nua agus athláimhe, a bheidh dírithe ar úsáideoirí iompair leochaileacha  mar chuid de chur chun feidhme a bpleananna náisiúnta faoin gCiste Aeráide Sóisialta. Cumhdaítear léasú sóisialta (agus go háirithe scéimeanna maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha a fháil ar cíos nó a léasú atá dírithe ar ghrúpaí leochaileacha) freisin leis an Treoraíocht maidir leis na Pleananna Aeráide Sóisialta, a ghlacann an Coimisiún an lá céanna leis an Teachtaireacht seo.

Dlús a chur le glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha i bhflíteanna corparáideacha

Is cuid thábhachtach de mhargadh feithiclí na hEorpa iad flíteanna corparáideacha. Feithiclí a cheannaíonn gnóthais, is é atá iontu thart ar 60 % de chlárúcháin gluaisteán san Aontas faoi láthair. Má chuirtear dlús le glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha i bhflíteanna corparáideacha, rachaidh sé chun tairbhe do thionscal gluaisteán na hEorpa agus laghdófar astaíochtaí iompair a thuilleadh. Chun glacadh leordhóthanach feithiclí astaíochtaí nialasacha i bhflíteanna corparáideacha a áirithiú, tá sé ríthábhachtach deireadh a chur le fóirdheontais shaofa le haghaidh feithiclí breosla iontaise.

Tá tús curtha ag an gCoimisiún leis an obair ar thogra reachtach chun flíteanna corparáideacha a dhícharbónú, a bhfuil d’aidhm aige bearta a leagan amach chun tacú le ceannaitheoirí corparáideacha feithiclí astaíochtaí nialasacha a ghlacadh, gan ualach neamhriachtanach a chur ar FBManna agus critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus athléimneacht, i measc nithe eile, á gcur san áireamh. Chun dlús a chur leis a luaithe is féidir, tá Teachtaireacht á foilsiú ag an gCoimisiún in éineacht leis an bPlean Gníomhaíochta seo chun flíteanna corparáideacha a dhícharbónú, ina leagtar amach gníomhaíochtaí is féidir le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus bhardasacha a dhéanamh anois chun dlús a chur le glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha.

Tá ról tábhachtach ag seoltóirí maidir le dlús a chur le sciar na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha (HDVanna). Mar chuid den obair ar fhlíteanna corparáideacha, amharcfaidh an Coimisiún freisin ar bhearta chun dlús a chur le glacadh trucailí astaíochtaí nialasacha na hEorpa.

Dlús a chur le glacadh feithiclí tromshaothair  astaíochtaí nialasacha

Sna míonna amach romhainn, glacfaidh an Coimisiún leasú spriocdhírithe ar an Treoir Eoraifínéid chun síneadh a chur leis an spriocdháta tar éis an 31 Nollaig 2025 chun feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha a dhíolmhú go hiomlán ó mhuirir ar bhóithre. 

Is féidir iomaíochas agus infheistíocht i dtrucailí astaíochtaí nialasacha agus dícharbónú iompair de bhóthar a spreagadh a thuilleadh trí chaibidlíocht idirinstitiúideach a thabhairt i gcrích go tapa agus tríd an athbhreithniú atá beartaithe ar an Treoir maidir le Meáchain agus Toisí a ghlacadh. D’áiritheodh sé sin parluach pálasta le feithiclí díosail. Ina theannta sin, moltar roinnt beart 3 chun infheistíochtaí i leantóirí éifeachtúla a dhreasú trí éagsúlachtaí fabhracha dolaí bóthair.

Ar deireadh, is féidir le hiarfheistiú gnáthfheithiclí tromshaothair, go háirithe busanna, le gléasra cumhachta leictreach a bheith ina rannchuidiú costéifeachtach le dícharbónú flíteanna. Tacóidh an Coimisiún le Rialachán a fhorbairt faoi chuimsiú UNECE, lena gcomhchuibheofar cineálcheadú na bhfeithiclí iarfheistithe sin ar an leibhéal domhanda.

Tá an Coimisiún ag féachaint freisin ar ghníomhaíocht chun tacú le glacadh busanna glana a dhéantar san Eoraip, lena n-áirítear trí thacaíocht do fhlít feithiclí agus tacaíocht do tiontú iostaí agus trí chomhiomlánú níos fearr ar éileamh nó rialacha amúchta do bhardais áitiúla.

Comhordú níos fearr a dhéanamh ar scéimeanna dreasachta na mBallstát do cheannacháin tomhaltóirí

Nuair a bhíonn carr nua á cheannach, is gnách gurb é an costas féin an t-ábhar machnaimh is mó ag custaiméirí. Faoi láthair, tá cineálacha éagsúla cur chuige roghnaithe ag na Ballstáit chun dreasacht a thabhairt le haghaidh glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha, fiú ar fud na mBallstát a bhfuil leibhéil aibíochta margaidh chomhchosúla acu le haghaidh soghluaisteacht ghlan. Is minic a bhíonn na dreasachtaí sin faoi réir athruithe freisin, rud a laghdaíonn cinnteacht do thomhaltóirí, do chuideachtaí agus d’infheisteoirí. Faoin am seo, tá ceachtanna tábhachtacha foghlamtha maidir le héifeachtacht scéimeanna den sórt sin, rud a fhágann gur féidir a ndearadh a bharrfheabhsú agus tacú le táirgeadh Eorpach atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus níos athléimní ó thaobh straitéise de. Tá gá le cur chuige níos comhordaithe ar an leibhéal Eorpach. Tosóidh an Coimisiún ag obair, gan mhoill, leis na Ballstáit chun dea-chleachtais agus ceachtanna a foghlaimíodh maidir le scéimeanna dreasachtaí do thomhaltóirí a mhalartú. Leis an obair sin sainaithneofar bosca uirlisí agus beidh roghanna ann le haghaidh scéimeanna dreasachta agus iad deartha le bheith éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de agus inbhuanaithe go fioscach agus curtha in oiriúint d’aibíocht na margaí atá i gceist agus breathnófar ar bhealaí le haghaidh scéimeanna dreasachta a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais. Cuirfear an plé sin san áireamh i Moladh ón gCoimisiún, lena sainaithneofar freisin foinsí cistiúcháin an Aontais ónar féidir leis na Ballstáit tacú leis na dreasachtaí sin.

Gníomhaíochtaí Suaitheanta:

Moladh maidir le bochtaineacht iompair (R1 2025) lena n-áirítear Scéimeanna Léasaithe Shóisialta.

Teachtaireacht (R1 2025) agus Tionscnamh Reachtach chun Flíteanna Chorparáideacha a Dhícharbónú (deireadh 2025).

Gníomhaíochtaí Eile:

Leasú spriocdhírithe ar an Treoir Eoraifínéid chun síneadh a chur leis an spriocdháta i ndáil le feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha a dhíolmhú go hiomlán ó mhuirir bhóthair (R2 2025).

Bailchríoch a chur ar an gcaibidlíocht idirinstitiúideach maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Meáchain agus Toisí.

Moladh maidir le dreasachtaí fioscacha agus neamhfhioscacha ar thaobh an éilimh (2026).

Dlús a chur le leathadh amach an bhonneagair luchtaithe

Tá sé ar cheann de na réamhchoinníollacha maidir le glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha go mbeidh bonneagar i leith athluchtú leictreach agus i leith athbhreoslú hidrigine i bhfeidhm, agus dá bhrí sin, tá infheistíochtaí sa bonneagar ríthábhachtach freisin d’iomaíochas tionscal gluaisteán na hEorpa. Mar sin féin, níltear ag cur bonneagar i leith athluchtú in úsáid ar bhonn cothrom ar fud na mBallstát agus ar fud a réigiún. Ní mór é sin a athrú.

Reachtaíocht atá ann cheana a chur i gcrích

Cuirfidh an Coimisiún cúnamh teicniúil spriocdhírithe ar fáil do na Ballstáit tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil chun na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha (AFIR) agus sa Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (EPBD) a chur chun feidhme.

Léiríodh gur ionstraim éifeachtach agus éifeachtúil í an tSaoráid Bonneagair Breoslaí Malartacha (AFIF) chun tacú le leathadh amach an bhonneagair i leith athluchtú agus athbhreoslú hidrigine. Cuirfear EUR 570 milliún ar fáil anois faoin tSaoráid um Bonneagar Breoslaí Malartacha do thionscadail chun bonneagar breoslaí malartacha a leathadh amach in 2025 agus 2026 agus béim ar leith á leagan ar fheithiclí tromshaothair.

Sa Phlean Infheistíochta um Iompar Inbhuanaithe, atá le glacadh le linn 2025, déanfaidh an Coimisiún tograí breise maidir le gníomhaíochtaí chun deireadh a chur le bacainní ar uas-scálú an maoiniúcháin don bhonneagar i leith athluchtú.

Rochtain ar eangach

Is minic a bhíonn moilleanna ar naisc eangaí ina scrogall mór a chuireann bac ar chur in úsáid bonneagair i leith athluchtú, go háirithe páirceanna poiblí níos mó le haghaidh athluchtú agus na luchtairí ardchumhachta atá ag teastáil ó na feithiclí tromshaothair. Tá roinnt gníomhaíochtaí tosaíochta ann cheana féin maidir le rochtain ar eangacha atá á gcur i bhfeidhm nó atá beartaithe faoi Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le hEangacha (lena n-áirítear tuilleadh trédhearcachta a sholáthar maidir le hacmhainneacht óstála eangaí agus tacú le hoibreoirí eangaí éileamh luchtaithe a réamh-mheas) agus sa Phacáiste Eangaí agus sa Phlean Gníomhaíochta um Leictriú a fógraíodh do R1 2026.

Eiseoidh an Coimisiún Treoir agus Moltaí do na Ballstáit go luath maidir leis an am feithimh a ghiorrú le haghaidh naisc pointí athluchtaithe le heangacha agus a gcóireáil tosaíochta, agus leas á bhaint as dea-chleachtais ó na Ballstáit. Molann an Coimisiún freisin go nglacfadh na Ballstáit leis go bhfuil stáisiúin luchtaithe, a nasc leis an eangach, an eangach ghaolmhar féin agus sócmhainní stórála chun leas sáraitheach an phobail i gcomhthéacs nósanna imeachta ceadaithe. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cheart an toimhde sin a bheith éigeantach. Ba cheart do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do thionscadail atá tairbheach don aistriú chuig fuinneamh glan agus d’éifeachtúlacht an chórais cumhachta, lena n-áirítear pointí luchtaithe.

Eiseoidh an Coimisiún treoirphrionsabail faoi shamhradh 2025 lena sainaithneofar coinníollacha faoinar cheart infheistíochtaí oirchilleacha i dtionscadail eangaí a dheonú. Leis sin, beifear in ann na riachtanais a bheidh ag an mbonneagar i leith athluchtú amach anseo a réamh-mheas i bpleanáil na heangaí.  

Leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, údaraítear do na Ballstáit cheana féin limistéir thiomnaithe a phleanáil le haghaidh eangacha atá nasctha le tionscadail in-athnuaite, rud a fhágann gur féidir nósanna imeachta ceadaithe agus pleanála a dhéanamh níos tapúla. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart do na Ballstáit a mheas na heangacha a bhaineann le limistéir atá ábhartha don tionscnamh maidir le Conairí Iompair Ghlain Eorpacha a bheith ina limistéir luasghéaraithe chomhchosúla níos mó ná na limistéir atá deartha le haghaidh bonneagar a bhaineann le pleananna in-athnuaite. Eiseoidh an Coimisiún tuilleadh moltaí maidir leis an ábhar sin.



Bonneagar i leith feithiclí tráchtála a luchtú

Réimse gníomhaíochta criticiúla is ea bonneagar i leith feithiclí tromshaothair a luchtú, in iostaí agus feadh príomhchonairí mórbhealaí. Má dhéantar infheistíochtaí i mbonneagar, cuirfear dlús le custaiméirí lastais a bheith ullamh glacadh feithiclí tromshaothair glana freisin.

Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit ar thionscnamh maidir le Conair Iompair Ghlain Eorpach lena gcuirfear dlús le cur in úsáid mol i leith feithiclí tromshaothair a luchtú feadh príomhchonairí lóistíochta sa ghréasán tras-Eorpach iompair mar bhonneagar criticiúil, lena n-áirítear sna nóid uirbeacha ghaolmhara agus ina gcríochfoirt lasta ilmhódacha. Déanfar an tionscnamh seo faoin Uirlis um Chomhordú Iomaíochais a cuireadh i láthair sa Chompás Iomaíochais 4 , agus díreoidh sé ar cheadú a chuíchóiriú, maoiniú a ghiaráil chun infheistíochtaí a dhí-rioscú, agus nasc a dhéanamh leis na forálacha maidir le réimsí tosaíochta sonracha eangaí faoin Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite. Is é an aidhm atá ann an chéad tionchar a bhaint amach in 2025. Amharcfaidh an Coimisiún freisin ar bhealaí chun dlús a chur le ceadú neamh-eangach le haghaidh stáisiúin athluchtaithe feithiclí tromshaothair, mar shampla trí rialacháin chriosúcháin a athrú chun tacaíocht shainráite a thabhairt do luchtú feithiclí tromshaothair feadh chonairí sa ghréasán tras-Eorpach. Tá sé tábhachtach freisin an cineál ceart tacaíochta a shainaithint d’oibreoirí iosta agus d’oibreoirí pointí poiblí luchtaithe chun stóráil leictreachais áitiúil a shuiteáil, amhail maoiniú nó cúnamh teicniúil.

Luchtú cliste agus déthreoch

Le méadú ar fhuinneamh in-athnuaite agus leictriú méadaithe úsáidí deiridh, tiocfaidh méadú ar riachtanais solúbthachta ar bhonn suntasach. Is féidir le luchtú cliste agus déthreoch cuidiú leis an ualach ar an eangach a mhaolú agus tacú le feithiclí leictreacha a chomhtháthú go héifeachtúil sa chóras leictreachais agus costais fuinnimh úsáideoirí feithiclí a shábháil an tráth céanna.

Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit creat fabhrach a chur ar bun le haghaidh luchtú cliste agus déthreoch. Leis an Treoir maidir le Dearadh an Mhargaidh Leictreachais, cuirtear bosca uirlisí ar fáil do na Ballstáit cheana féin chun tacú le luchtú cliste agus déthreoch. Ba cheart dóibh a áirithiú go dtairgfidh oibreoirí córas dáileacháin muirir ghréasáin chothroma agus go seachnóidh siad cáin dhúbailte a ghearradh ar fhuinneamh a stóráiltear, lena n-áirítear i gceallraí feithiclí leictreacha. Ar bhonn níos ginearálta, is féidir leis na Ballstáit, trí chánachas iomchuí ar leictreachas, cás gnó a chruthú le haghaidh luchtú déthreoch. Éascóidh an Coimisiún an malartú idir na Ballstáit maidir le dea-chleachtais agus soláthróidh sé cód gréasáin nua maidir le freagairt don éileamh (R1 2026) lena n-áiritheofar rannpháirtíocht iomlán seirbhísí solúbthachta éagsúla sa mhargadh, agus muirearú déthreoch freisin.

Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le hullmhacht i leith feithiclí leictreacha a luchtú ar bhonn cliste déthreoch i gcomhthéacs an chineálcheadaithe. Seolfaidh sé bosca gainimh rialála le haghaidh scéimeanna píolótacha V2G chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin rialála, theicniúla agus mhargaidh sula gcuirfear in úsáid ar mhórscála iad.



Gníomhaíochtaí Suaitheanta:

An tionscnamh maidir le Conair Iompair Ghlain Eorpach (R3 2025).

EUR 570 milliún a chur ar fáil faoin tSaoráid um Bonneagar Breoslaí Malartacha in 2025 agus 2026.

Treoir agus Moladh ón gCoimisiún maidir le nósanna imeachta nasctha leis an eangach a ghiorrú agus tosaíocht a thabhairt do nascadh leis an eangach.

Treoirphrionsabail maidir le hinfheistíochtaí eangaí oirchilleacha (R2 2025).

Gníomhaíochtaí Eile:

Tacaíocht do na Ballstáit chun AFIR agus EPBD a chur chun feidhme tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil.

Tacú leis na Ballstáit creataí fabhracha a chur i bhfeidhm le haghaidh luchtú cliste/déthreoch agus malartú dea-chleachtas a éascú.

Maoiniú príobháideach a shlógadh

Mar a fógraíodh sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, slógfar thart ar EUR 50 billiún d’infheistíocht bhreise faoi InvestEU chun tacú le príomhbheartais an Aontais, agus beidh ról lárnach ag Grúpa BEI san iarracht sin. D’fhéadfaí a áireamh leis sin tuilleadh tacaíochta don teicneolaíocht ghlan agus don tsoghluaisteacht ghlan, lena n-áirítear ar mhaithe leis an tionscal gluaisteán feadh an tslabhra luacha ar fad, chun cuidiú leis an gcás infheistíochta a mhéadú nó a fheabhsú le haghaidh na n-infheistíochtaí mórscála is gá.

Muinín tomhaltóirí a neartú

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Treoir maidir le Lipéadú Gluaisteán in 2026, tar éis na meastóireachta atá le foilsiú sa chéad leath de 2025, chun tacú le tomhaltóirí roghanna inbhuanaithe a dhéanamh agus chun cuidiú leis an gcuspóir cur in úsáid feithiclí astaíochtaí nialasacha a mhéadú. Is féidir é sin a dhéanamh e.g. trí fhaisnéis faoi chion carbóin na bpríomhábhar a úsáidtear san fheithicil a chur san áireamh.

Ba cheart a thabhairt faoi deara, ag brath ar an tír, nach gceannaíonn 75 %-90 % de thomhaltóirí ach feithiclí athláimhe. Maidir le feithiclí athláimhe astaíochtaí nialasacha, bíonn imní ar thomhaltóirí faoi staid sláinte ceallraí agus faoin indeisitheacht. Chun muinín tomhaltóirí as feithiclí ceallra-leictreacha a neartú, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an tsaincheist is leithne fós maidir le hindeisitheacht ceallraí agus déanfaidh sé bearta rialála chun rochtain ar fhaisnéis faoi staid sláinte ceallraí a áirithiú sa phas ceallra, agus rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil ceallraí.

Inúsáidteacht an bhonneagair i leith luchtú a neartú

Tá sé tábhachtach gur féidir le tomhaltóirí comparáid a dhéanamh idir praghsanna luchtaithe ar bhonn trédhearcach agus faisnéis iomlán a bheith acu faoin mbonneagar atá ar taispeáint dóibh. Faoi láthair, d‘fhéadfadh sé sin a bheith deacair fós, agus d’fhéadfadh difríocht mhór a bheith idir praghsanna luchtaithe ó phointe luchtaithe amháin go pointe luchtaithe eile. Le AFIR ceanglaítear ar oibreoirí pointí luchtaithe cheana féin na sonraí ábhartha uile a mhalartú saor in aisce. Faoin athbhreithniú ar AFIR in 2026, amharcfaidh an Coimisiún ar roghanna chun trédhearcacht praghsanna ag pointí athluchtaithe atá ar fáil go poiblí a neartú a thuilleadh, agus forbairtí ábhartha sa mhargadh á gcur san áireamh.



Gníomhaíochtaí Suaitheanta:

Beart rialála chun rochtain ar fhaisnéis faoi staid sláinte ceallraí sa phas ceallra a áirithiú faoi R3 2026.

Beart rialála chun rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil ceallraí a áirithiú in R3 2025.

Athbhreithniú ar AFIR chun measúnú a dhéanamh ar roghanna chun trédhearcacht praghsanna a neartú a thuilleadh ag pointí athluchtaithe atá ar fáil go poiblí in 2026.

Gníomhaíocht eile:

Athbhreithniú ar an Treoir maidir le Lipéadú Gluaisteán in 2026 lena bhfeabhsaítear faisnéis do thomhaltóirí.

2.3An t-iomaíochas agus athléimneacht an tslabhra soláthair:

Tá tionscal gluaisteán na hEorpa i mbaol sciartha suntasacha den mhargadh a chailleadh mar gheall ar a iomaíochas teoranta sa teicneolaíocht feithiclí astaíochtaí nialasacha agus a acmhainneacht táirgthe, agus bearna shuntasach chostais i gcomhpháirteanna criticiúla, go háirithe ceallraí. Is ríthábhachtach na ceallraí, arb é atá iontu 30-40 % den bhreisluach a bhaineann le gnáthghluaisteán leictreach paisinéirí, agus beidh sé ina chogadh dearg leis na ceallraí chun fostaíocht agus luach a chruthú amach anseo. Is gá don Eoraip slabhra táirgthe agus soláthair ceall intíre atá iomaíoch ó thaobh costais de, d’fhonn ullmhú i gcoinne suaití soláthair agus géarchéimeanna freisin agus d’fhonn ceannasacht eacnamaíoch a chosaint. Chumhdódh sé sin cuid mhór den soláthar ceall ceallraí agus an breisluach Eorpach feadh an tslabhra soláthair, lena n-áirítear acmhainneachtaí táirgeachta an Aontais maidir le hábhair ghníomhacha anóide, ábhar gníomhach catóide agus a réamhtheachtaí, agus comhpháirteanna ceallraí ábhartha eile. Chuige sin, tá gá freisin le hinfheistíochtaí gníomhaithe Eorpacha in oibríochtaí mianadóireachta agus scagtha ábhar ceallraí san Eoraip nó thar lear. Is é is cuspóir do 2030 breisluach Eorpach níos mó ná 50 % a bhaint amach feadh an tslabhra luacha.

Monaraíocht ceallraí — ‘Treiseoir Ceallraí’

Chun go mbainfear amach iomaíochas costais gearrthéarmach i dtaca leis na cealla agus na comhpháirteanna a tháirgtear sa bhaile, cuirfear pacáiste Treisithe Ceallraí i láthair sa Phlean Gníomhaíochta seo. Is cuid thábhachtach den phacáiste é an t-airgeadas. D’fhógair an Coimisiún cheana féin go n-úsáidfí suas le EUR 3 bhilliún den Chiste don Nuálaíocht le haghaidh monaraíocht ceallraí feithiclí leictreacha. Seoladh an chéad ghlao ar EUR 1 bhilliún an 3 Nollaig 2024. Tairbhíonn an earnáil freisin de bhreisiú EUR 200 milliún InvestEU ón gCiste don Nuálaíocht. Tacóidh sé sin le tionscadail nuálacha feadh shlabhra luacha monaraíochta ceallraí na hEorpa chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mhaoiniúcháin trí oibríochtaí fiachais fiontair breise de chuid Ghrúpa BEI a chumasú thar 2025-2027. Cuirfidh an Coimisiún EUR 1.8 billiún ar fáil sa dá bhliain amach romhainn chun tacú le cuideachtaí a mhonaraíonn ceallraí san Aontas trí acmhainní ón gCiste don Nuálaíocht a shlógadh. Amharcfaidh an Coimisiún ar na deiseanna atá ann chun borradh a chur faoi línte táirgthe Eorpacha a mhaoiniú sa chomhthéacs sin.

Amharcfaidh an Coimisiún ar thacaíocht dhíreach táirgeachta ón Aontas do chuideachtaí a mhonaraíonn ceallraí san Aontas. D’fhéadfaí tacaíocht ón Aontas a chomhcheangal le Státchabhair. Sa chomhthéacs sin, tá an Coimisiún ag obair ar Chreat nua maidir le Státchabhair Thionsclaíoch Ghlan lena simpleofar na rialacha maidir le Státchabhair, go háirithe chun acmhainneacht mhonaraíochta leordhóthanach a áirithiú le haghaidh trealamh teicneolaíochta glaine san Eoraip, lena n-áirítear ceallraí agus a bpríomh-chomhpháirteanna. Tá an Coimisiún ag dul i gcomhairle faoi láthair leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara maidir le dréacht den Chreat seo.

Chun breisluach Eorpach a threisiú, d’fhéadfadh an tacaíocht a bheith ar fáil do ghníomhaithe thar lear má tá cuideachtaí Eorpacha tar éis dul i gcomhpháirtíochtaí leo lena n-áirithítear comhroinnt scileanna, fios gnó, saineolas teicniúil agus teicneolaíocht, chomh maith le breisluach leordhóthanach don Aontas.

Agus ionstraimí cistiúcháin den sórt sin á mbunú, breithneofar critéir neamhphraghais amhail ceanglais athléimneachta, maidir le cistiú ón Aontas agus ó na Ballstáit araon.

Tabharfar aghaidh ar cheanglais inneachair Eorpacha maidir le cealla ceallraí agus comhpháirteanna ceallraí i bhfeithiclí leictreacha a dhíoltar san Aontas sa reachtaíocht atá le teacht, lena n-áirítear an Gníomh um Dhlús a chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch agus an Gníomh um an nGeilleagar Ciorclach, i gcomhréir le gealltanais dhlíthiúla idirnáisiúnta an Aontais. Léireoidh na ceanglais an méadú a thiocfaidh de réir a chéile ar an acmhainneacht táirgeachta intíre a mheastar a bheidh ann.

Leis an gCreat nua Státchabhrach, cuirfear deiseanna ar fáil do na Ballstáit infheisteoirí príobháideacha a dhreasú a thuilleadh tríd an riosca a bhaint d’infheistíochtaí i bpunanna tionscadal. Féadfaidh na Ballstáit dreasachtaí cánach a thabhairt isteach freisin i bhfoirm dímheas luathaithe, lena n-áirítear íoc láithreach, chun trealamh teicneolaíochta glaine is gá a fháil don aistriú chuig geilleagar glan-nialasach.

Amharcfaidh an Coimisiún ar bhealaí praiticiúla breise chun tacú le monaraíocht ceallraí san Eoraip le linn chéim an mhéadaithe chriticiúil, lena n-áirítear trí threoir a chur ar fáil, arna iarraidh sin, maidir le deiseanna le haghaidh comhar níos dlúithe idir gníomhaithe sa tionscal ceallraí i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaoi agus ar a mhéid a d’fhéadfadh idirghabhálacha caighdeánaithe, go háirithe maidir le dearadh ceallraí, a bheith tairbheach d’éiceachóras ceallraí na hEorpa chun barainneachtaí scála a bhaint amach. Tabharfaidh an Coimisiún soiléireacht freisin maidir le modh simplí ríofa don lorg carbóin ceallraí a luaithe is féidir.

Amhábhair ceallraí agus mínghlanadh

Tá rochtain iontaofa shlán ar amhábhair ar chostas íseal agus ar ábhair scagtha de dhíth ar ghníomhaithe gluaisteán na hEorpa. An tráth céanna, ní mór breisluach sna gníomhaíochtaí sin a logánú san Eoraip.

Tríd an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla (CRMA), cuirfidh an Coimisiún liosta de Thionscadail Straitéiseacha i láthair i mí an Mhárta 2025 lena gcumhdófar, ar an gcéad dul síos, táirgeadh amhábhar ceallraí ag gach céim den slabhra luacha. Bainfidh tionscadail den sórt sin tairbhe as nósanna imeachta ceadaithe cuíchóirithe agus éascófar rochtain ar mhaoiniú agus ar chomhaontuithe ceannaigh. An tráth céanna, trína 14 chomhpháirtíocht straitéiseacha maidir le hamhábhair, ón tSile go Poblacht Dhaonlathach an Chongó, tá an Coimisiún ag tacú le hinfheistíochtaí comhpháirteacha feadh shlabhra luacha na n-amhábhar criticiúil 5 .na chéad ghlaonna á seoladh ag an gCoimisiún in 2025 faoin ardán lena gcomhiomlánaítear soláthar agus éileamh roinnt CRManna. Méadóidh sé sin infhaighteacht CRManna agus trédhearcacht an mhargaidh.

Ach tá gá le níos mó. Sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, d’fhógair an Coimisiún go seolfaí Lárionad Amhábhar Criticiúil in 2026 chun an soláthar agus an t-éileamh a chomhiomlánú. Ina theannta sin, tá an Coimisiún Eorpach réidh chun infheistíochtaí comhpháirteacha ón earnáil phríobháideach sa slabhra luacha réamhtheachtach a éascú, rud a chuirfidh ar chumas gníomhaithe gluaisteán rannpháirteacha tairbhe a bhaint as soláthar ábhar atá go mór i mbaol agus ar chostas níos ísle.

Ba cheart an t-iarratas ar nósanna imeachta ceadaithe cuíchóirithe le haghaidh amhábhair ceallraí agus tionscadail scagtha a leathnú thar na Tionscadail Straitéiseacha a sainaithníodh cheana féin. Dá réir sin, molann an Coimisiún do na Ballstáit agus do na húdaráis réigiúnacha nósanna imeachta cuíchóirithe a chur i bhfeidhm maidir le gach tionscadal intíre feadh shlabhra soláthair na n-amhábhar ceallraí.

Amharcfaidh an Coimisiún ar a mhéid a bheadh tacaíocht bhreise d’fhiontair scagtha agus próiseála ábhar ceallraí intíre (e.g. iartheachtach ó charbónáit litiam) ina cabhair. Oibreoidh an Coimisiún chun na hinstitiúidí airgeadais poiblí a shlógadh chun comhaontuithe ráthaíochta agus dí-riosca ceannaigh agus conarthaí fadtéarmacha eile a sholáthar feadh shlabhra soláthair na n-ábhar ceallraí.

Borradh a chur faoi chiorclaíocht an tslabhra soláthair gluaisteán

Tá an t-aistriú chuig an ngeilleagar ciorclach ríthábhachtach chun spleáchas ar amhábhair a laghdú agus chun neamhspleáchas straitéiseach agus athléimneacht an tslabhra soláthair gluaisteán a mhéadú, lena n-áirítear éiceachóras ceallraí na hEorpa. Soláthraítear creat chuige sin leis an Rialachán maidir le Ceallraí. Mar sin féin, ní mór an cás gnó le haghaidh slabhra luacha athchúrsála cuimsitheach san Eoraip a neartú a thuilleadh. Tá gá le hinfheistíocht shuntasach in acmhainní athchúrsála réamhchóireála agus iarchóireála araon, ní mór teicneolaíochtaí athchúrsála níos forbartha a chur chun cinn, agus ba cheart infhaighteacht bunábhair athchúrsála (i.e. ceallraí dramhaíola agus cacmhiotal ardcháilíochta) a áirithiú. Chuige sin, amharcfaidh an Coimisiún ar thacaíocht mhaoiniúcháin a thabhairt d’fheithiclí a bhfuil a ré caite agus do shaoráidí athchúrsála ceallraí.

Amharcfaidh an Coimisiún ar ghníomhaíochtaí breise chun feabhas a chur ar chomhar an tionscail maidir le hathchúrsáil amhábhar, i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais. Chuige sin, seolfaidh an Coimisiún cleachtadh aimsithe fíoras go luath chun ionchur a bhailiú ó rannpháirtithe sa mhargadh.

Chun an comhshaol a chosaint ar dhramhaíl ghuaiseach, glacann an Coimisiún, in éineacht leis an bPlean Gníomhaíochta seo, Cinneadh faoin Treoir Réime Dramhaíola lena soiléirítear go ndéanfar mais dhubh a aicmiú mar dhramhaíl ghuaiseach nuair a bheidh sí ina dramhaíl. Is é an toradh a bheidh air sin rialú níos fearr ar lastais a bhfuil mais dhubh iontu, agus go háirithe toirmeasc ar a n-onnmhairiú chuig tíortha nach tíortha ECFE iad. Má bhíonn rochtain mhéadaithe ar mhais dhubh ceallraí, cuirfear borradh faoi athchúrsáil ceallraí freisin. Breithneofar bearta breise chun loingsithe laistigh den Aontas a éascú agus chun srianta breise a fhorchur ar onnmhairiú.

Agus ar deireadh, ach bailchríoch thapa a chur ar an bpróiseas comhchinnteoireachta i ndáil leis an Rialachán maidir le Deireadh Ré Feithiclí, spreagfar ciorclaíocht sa tionscal gluaisteán agus cuirfear feabhas ar infhaighteacht ábhar tánaisteach agus páirteanna spártha úsáidte inacmhainne.

Táirgeadh Eorpach comhpháirteanna a chur chun cinn

Chun borradh a chur faoi tháirgeadh Eorpach príomh-chomhpháirteanna feithiclí, déanfar aon tacaíocht phoiblí a rachaidh chun tairbhe don tionscal gluaisteán coinníollach ar chritéir athléimneachta agus inbhuanaitheachta a mholfar faoin nGníomh um Dhlús a chur leis an Dhícharbónú Tionsclaíoch i Ráithe 4 2025. Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin féachaint an bhféadfaí critéir den sórt sin a chur i bhfeidhm sa soláthar príobháideach freisin. Tá cur chuige den sórt sin fíor-riachtanach freisin i bhfianaise an éilimh mhéadaithigh ar chomhpháirteanna feithicle ón earnáil cosanta, áit a bhfuil soláthar cobhsaí slán páirteanna criticiúla fíor-riachtanach. Trí tháirgeadh Eorpach comhpháirteanna feithiclí a mhéadú, ba cheart go laghdófaí freisin an riosca leochaileachtaí slándála a bheith ann, agus sláine na gcóras criticiúil á háirithiú. Ar chúiseanna slándála eacnamaíche, beidh sé sin tábhachtach freisin maidir le comhpháirteanna gléasra cumhachta chomh maith le príomh-chomhpháirteanna eile le haghaidh feithiclí nasctha uathoibrithe.



Gníomhaíochtaí Suaitheanta:

Pacáiste cuimsitheach ‘Treiseoir Ceallraí’: tacaíocht do mhonaraíocht ceallraí faoin gCiste don Nuálaíocht, iniúchadh a dhéanamh ar thacaíocht dhíreach táirgeachta ón Aontas do chuideachtaí a tháirgeann ceallraí san Aontas, tacaíocht a d’fhéadfadh a bheith comhcheangailte le státchabhair, critéir neamhphraghais, ceanglais maidir le hábhar Eorpach, i gcomhréir le gealltanais dhlíthiúla idirnáisiúnta an Aontais.

Infheistíochtaí comhpháirteacha ón earnáil phríobháideach sa slabhra luacha réamhtheachtach a éascú.

Gníomhaíochtaí Eile:

Bailchríoch tapa a chur ar an gComhchinneadh i ndáil leis an Rialachán maidir le Deireadh Ré Feithiclí.

Amharc ar thacaíocht mhaoiniúcháin le haghaidh feithiclí a bhfuil a ré caite agus saoráidí athchúrsála ceallraí.

Tacaíocht bhreise chun athchúrsáil a fheabhsú.

Critéir athléimneachta agus inbhuanaitheachta le haghaidh príomh-chomhpháirteanna feithiclí.

2.4Scileanna agus an ghné shóisialta

Bhí tionchar suntasach ag na hathruithe táirgthe agus éilimh a tharla le déanaí sa gheilleagar domhanda, chomh maith le suaití eacnamaíocha agus rioscaí geopholaitiúla agus éiginnteachtaí ar fhostaíocht i dtionscal gluaisteán an Aontais. Táthar ag súil le tuilleadh caillteanas fostaíochta sna blianta amach romhainn. Ina theannta sin, is cúis mhór imní iad ganntanais scileanna agus neamhréireanna sa tionscal gluaisteán, mar aon leis an lucht saothair atá ag dul in aois agus an géarghá atá le hoiliúint a chur ar próifílí nua oibrithe a bhfuil scileanna leordhóthanacha acu agus iad a mhealladh. Tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le hathrú a thuar agus a bhainistiú agus is féidir le comhaontuithe cómhargála réitigh a fháil ar iarmhairtí fostaíochta agus sóisialta na ndúshlán atá roimh an tionscal gluaisteán.

Tá roinnt tionscnamh ann faoi láthair ar leibhéal an Aontais ar féidir leo aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, go háirithe cistiú ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus ón gCiste Eorpach don Domhandú (CED). Leis na tionscnaimh maidir le forbairt scileanna, amhail an Comhshocrú um Scileanna agus an Comhaontas Scileanna sa Tionscal Gluaisteán, ullmhaítear oibrithe le linn na n-aistrithe doimhne leanúnacha. Ach tá gá le níos mó.

Bunóidh an Coimisiún Faireachlann Eorpach um Aistriú Cóir chun sonraí ábhartha a fhorbairt agus a chomhthiomsú, lena n-áirítear treochtaí fostaíochta a réamh-mheas ar fud shlabhra luacha thionscal gluaisteán na hEorpa agus ar leibhéil earnálacha agus réigiúnacha. In éineacht le sonraí maidir le struchtúr déimeagrafach an lucht saothair, beifear in ann ‘teophointí’ a bhfuil coinne leo amach anseo maidir le heasáitiú fostaíochta a shainaithint agus dul i mbun idirghabhálacha réamhbhreathnaitheacha chun aghaidh a thabhairt orthu.

Chun tacaíocht níos fearr a áirithiú d’oibrithe a ndéanann na haistrithe difear dóibh, molfaidh an Coimisiún in earrach 2025 leasú spriocdhírithe ar Rialachán CED chun é a dhéanamh níos tapúla agus níos leithne. Leathnófar raon feidhme CED chun tacú le cuideachtaí i bpróisis athstruchtúraithe chun fostaithe a chosaint ar riosca na dífhostaíochta. Dá bharr sin d’fhéadfadh cistí a bhí ar fáil roimhe sin a shlógadh níos luaithe. An tráth céanna, tá Treochlár Post Ardchaighdeáin á ullmhú ag an gCoimisiún, i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, a fhoilseofar thart faoi dheireadh na bliana.

Chun cuidiú leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe earnálacha úsáid is fearr fós a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil le CSE+, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil go gníomhach leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na Ballstáit chun aird a tharraingt ar na deiseanna a chuireann CSE+ ar fáil, agus chun gníomhaithe a thabhairt le chéile. Áireofar leis sin tacaíocht d’oibrithe atá ag lorg deiseanna fostaíochta i réimsí eile seachas sa tionscal gluaisteán agus atá ag lorg athoiliúna. Ina theannta sin, úsáidfear an t-athbhreithniú meántéarma ar CSE+ chun na Ballstáit a dhreasú d’fhonn níos mó airgid a athchlárú don tionscal gluaisteán, lena n-áirítear trí athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Rialachán CSE+.

Agus an creat ailínithe le hAontas na Scileanna, atreiseofar é le haghaidh tionscnaimh scileanna earnálacha i dtionscail straitéiseacha lena gcumasaítear an Comhaontú Tionsclaíoch Glan. In 2026, cuirfear tacaíocht spriocdhírithe suas le EUR 90 milliún ar fáil trí dheontais Erasmus+ do na Comhpháirtíochtaí ábhartha Scileanna Mórscála, lena n-áirítear an Chomhpháirtíocht Scileanna Mórscála Gluaisteán faoin gComhshocrú um Scileanna.

Gníomhaíochtaí Suaitheanta:

An Fhaireachlann Eorpach um Aistriú Cóir.

Leasuithe dlíthiúla ar Rialacháin CED agus CSE+.

2.5Borradh a chur faoin rochtain atá againn ar an margadh, cothrom iomaíochta a áirithiú agus ár slándáil eacnamaíoch a ráthú

Is gnó domhanda é an tionscal gluaisteán. Tá ról lárnach ag onnmhairí, allmhairí agus infheistíochtaí maidir le hiomaíochas thionscal an Aontais. Tá rochtain ar an margadh thar lear, cothrom iomaíochta vis-à-vis iomaitheoirí thar lear, agus timpeallacht ghnó agus rialála atá oiriúnach don fheidhm ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis an tionscal. Chuige sin, saothróidh an tAontas roinnt gníomhaíochtaí tosaíochta a bhaineann go sonrach leis an tionscal gluaisteán.

An foinsiú a éagsúlú agus rochtain ar mhargaí tríú tíortha a dhaingniú agus an tslándáil eacnamaíoch a fheabhsú

Tá rún daingean ag an gCoimisiún leanúint dá Chomhaontuithe Saorthrádála agus dá chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh chun feabhas a chur ar rochtain ar an margadh agus ar dheiseanna foinsithe, go háirithe i gcás ábhair chriticiúla do thionscal gluaisteán na hEorpa. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar éifeachtacht na ndisciplíní atá ábhartha do ghluaisteáin i gcomhaontuithe trádála agus, i gcás inar gá, rachaidh sé i dteagmháil le comhpháirtithe trádála chun cóineasú rialála a shaothrú a thuilleadh bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta. Bainfidh an Coimisiún leas as na deiseanna uile, i gcomhar le páirtithe leasmhara, chun tacaíocht níos fearr a thabhairt don earnáil trí chineálacha eile rannpháirtíochta, amhail Comhaontuithe maidir le hAitheantas Frithpháirteach, Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha maidir le hAmhábhair Chriticiúla nó Comhpháirtíochtaí um Thrádáil agus Infheistíocht Ghlan. Mar a mholtar i dTuarascáil Draghi, leanfaidh an Coimisiún de chomhchuibhiú rialachán teicniúil maidir le feithiclí a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda (UNECE) agus i gcomhaontuithe trádála déthaobhacha.

Pacáiste maidir le cothrom iomaíochta 

Áiritheoidh an Coimisiún go leanfar d’fheabhas a chur ar an gcothrom iomaíochta trí bhosca uirlisí neartaithe, ina mbeidh na gnéithe seo a leanas.

Rialacha Tionscnaimh 

Is le rialacha fabhracha tionscnaimh a chinntear na coinníollacha faoina dtairbheoidh táirgí de ráta dleachta nialasach nó laghdaithe i gcomhaontuithe trádála agus i gcórais fhabhracha uathrialacha. Tá sé beartaithe acu cothromaíocht a bhaint amach idir cuspóirí onnmhairiúcháin agus allmhairiúcháin, a bhfuil anailís le déanamh orthu freisin i dtéarmaí charnadh an tslabhra soláthair. Rachaidh an Coimisiún i dteagmháil leis an tionscal agus leis na Ballstáit maidir leis an gcur chuige a chuirtear i bhfeidhm ar rialacha fabhracha tionscnaimh chun a áirithiú go gcuirfidh siad le hiomaíochas fadtéarmach tionscal gluaisteán an Aontais agus go dtacóidh siad leis an iomaíochas sin.

Amharcfaidh an Coimisiún ar rialacha sonracha tionscnaimh a shainiú i mbearta cosanta trádála d’éiceachóras feithiclí leictreacha mar uirlis chun gníomhaithe atá i mbun cleachtais éagóracha a dhíspreagadh ó shaoráidí a bhunú i dtríú tíortha agus go háirithe i dtíortha a bhfuil rochtain fhabhrach acu ar mhargadh an Aontais.  

Ionstraimí cosanta trádála

D’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithchúitimh ar allmhairí feithiclí leictreacha na Síne chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais éagóracha trádála agus tá sé réidh i gcónaí imscrúdú frith-imchéimniúcháin a sheoladh má fhaigheann sé fianaise leordhóthanach ar chleachtais imchéimnithe a bhaineann an bonn d’éifeachtacht an bhirt. Ina theannta sin, tá an Coimisiún fós sásta leanúint dá rannpháirtíocht le táirgeoirí aonair faoi ghealltanais praghsanna le haghaidh na mbeart frithchúitimh maidir le feithiclí ceallra-leictreacha ón tSín, i gcomhréir leis an mbun-Rialachán Frith-fhóirdheontais. 

Tá an Coimisiún chomh tiomanta céanna úsáid a bhaint as Ionstraimí Cosanta Trádála agus as an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha chun imscrúdú a dhéanamh ar chleachtais éagóracha níos faide anonn sa slabhra soláthair, lena n-áirítear sa deighleog ceallraí agus páirteanna i gcás inar gá.

An méid a chuireann infheistíochtaí coigríche le hiomaíochas na hEorpa a neartú 

Oibreoidh an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfidh infheistíochtaí coigríche sa tionscal gluaisteán ar bhealach níos láidre le hiomaíochas fadtéarmach thionscal an Aontais, lena bhuntáiste teicneolaíoch agus lena athléimneacht eacnamaíoch, agus le cruthú post ardcháilíochta san Aontas. Dá réir sin, molfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an tionscal, coinníollacha d’infheistíochtaí coigríche isteach sa tionscal gluaisteán chun a mbreisluach don Aontas a mhéadú a thuilleadh. D’fhéadfaí a áireamh ar na coinníollacha, mar shampla, ceanglais chomhfhiontair, ceanglais bainistíochta sinsearaí, comhaontuithe a éascú a thacaíonn le riachtanais thionscal an Aontais (amhail seirbhísí ceannaigh nó ceadúnais agus comhaontuithe ríchíosa le comhpháirtithe eachtracha), ceadúnú teicneolaíochta nó maoine intleachtúla, gealltanais chun ionchuir chriticiúla a sholáthar. Beidh an slabhra soláthair ceallraí ar cheann de na réimsí tosaíochta chuige sin.

Cé go bhfuil obair ar infheistíochtaí coigríche fós ar siúl, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go n-úsáidfear infheistíochtaí díreacha coigríche chun breisluach a chruthú san Eoraip, go háirithe nuair a bheidh maoiniú poiblí i gceist, agus go mbeidh coinníollacha soiléire ag teastáil a chuideoidh leis an mbearna i bhfios gnó agus saineolas táirgthe a dhúnadh, lena n-áirítear trí shásraí éifeachtacha le haghaidh aistriú maoine intleachtúla agus scileanna chomh maith le hearcaíocht foirne atá bunaithe san Aontas agus slabhraí soláthair áitiúla.

Pacáiste simplithe

Tá intuarthacht ag baint leis an gcreat rialála atá ann cheana agus cuidíonn sé lenár gcomhchuspóirí beartais phoiblí a bhaint amach. Níor cheart, áfach, ualach ná costais mhíchuí a chur ar an tionscal, go háirithe ar FBManna sa slabhra soláthair agus sa mhargadh iardhíola. I gcomhthéacs an chláir oibre um shimpliú rialála, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle le páirtithe leasmhara, beart maidir le pacáiste um shimpliú rialála do thionscal na ngluaisteán, trí fheabhas a chur ar chomhleanúnachas agus ar chomhsheasmhacht idir ceanglais rialála éagsúla. Ina theannta sin, tá an Coimisiún tiomanta, agus tograí reachtacha nua á ndéanamh aige, aga tionscanta leordhóthanach a thabhairt don tionscal chun na ceanglais rialála nua sin do ghluaisteáin a léiriú sa phróiseas forbartha táirgí. I meastóireacht ar an rialachán maidir le ceadú agus faireachas margaidh gluaisteán (i.e. reachtaíocht maidir le cineálcheadú) in 2026, díreofar go háirithe ar an acmhainneacht simpliúcháin.

Is tábhachtach forfheidhmiú an chreata rialála le haghaidh gluaisteán chun cothrom iomaíochta a áirithiú agus chun nach rachfar timpeall ar rialacha infheidhme an Aontais ar bhonn uilechoiteann. Is ar na húdaráis chineálcheadaithe náisiúnta go príomha atá an fhreagracht sin, ach oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí a d’fhéadfadh a bheith sa chreat rialála, e.g. i scéimeanna ceadaithe feithiclí aonair.  

Gníomhaíochtaí Suaitheanta:

Amharc ar na coinníollacha maidir le hinfheistíochtaí coigríche isteach sa tionscal gluaisteán, lena n-áirítear cistiú poiblí a bheith i gceist.

Simpliú rialála

Gníomhaíochtaí Eile:

Leanúint de FTA agus caibidlíocht comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh a shaothrú chun feabhas a chur ar rochtain ar an margadh agus ar dheiseanna foinsithe do thionscal gluaisteán an Aontais.

Comhar breise a fhorbairt trí Chomhpháirtíochtaí um Thrádáil agus Infheistíocht Ghlan agus trí Chomhpháirtíochtaí Straitéiseacha chun rochtain níos fearr ar mhianraí ceallraí a áirithiú.

Dul i dteagmháil leis an tionscal agus leis na Ballstáit maidir leis an gcur chuige a chuirtear i bhfeidhm ar rialacha fabhracha tionscnaimh i gcomhthéacs comhaontuithe saorthrádála

Amharc an bhféadfaí rialacha sonracha tionscnaimh a shainiú i mbearta cosanta trádála d’éiceachóras na bhfeithiclí leictreacha.

Faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an bhirt frith-fhóirdheontais lena dtugtar aghaidh ar allmhairí feithiclí leictreacha na Síne agus imscrúdú frith-imchéimniúcháin a dhéanamh nuair a bheidh údar leis.

Úsáid a bhaint as na hIonstraimí Cosanta Trádála agus as an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais éagóracha sa deighleog ceallraí agus páirteanna i gcás inar gá.

3.Conclúid — na chéad chéimeanna eile

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin bPlean Gníomhaíochta seo agus faoi na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus iarrann sé orthu na leasuithe spriocdhírithe atá beartaithe a chur chun feidhme go pras más féidir.

Tá an Plean Gníomhaíochta seo bunaithe ar ionchur luachmhar a bailíodh ó chuideachtaí sa tionscal gluaisteán, ó chomhlachais ghnó agus ó ionadaithe agus taighdeoirí ón tsochaí shibhialta le linn an idirphlé agus na gcruinnithe comhchéime, chomh maith leis an gcomhairliúchán poiblí oscailte 6 . Tá sé ríthábhachtach anois faireachán cúramach a dhéanamh ar na bearta atá beartaithe agus iad a chur chun feidhme go pras. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair le páirtithe leas
mhara trí idirphlé rialta a thionól, d’fhonn malartú a dhéanamh maidir le cur chun feidhme na mbeart gearrthéarmach agus meántéarmach a leagtar amach sa phlean, agus chun aiseolas agus faisnéis a bhailiú maidir leis na forbairtí is déanaí sa mhargadh.

(1)

Statista Market Insights [Léargas Margaidh Statista], Eanáir 2025.

(2)

Bhí na comhairliúcháin sin ar siúl idir an 30 Eanáir agus an 20 Feabhra, agus comhlánaíodh iad le Comhairliúchán Poiblí Oscailte, a fuair níos mó ná 1900 freagra.

(3)

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 1999/62/CE, Treoir 1999/37/CE ón gComhairle agus Treoir (AE) 2019/520 a mhéid a bhaineann le haicme astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair le leantóirí

(4)

Déanfaidh an Uirlis um Chomhordú Iomaíochais infheistíocht agus beartais iomaíochais a chomhordú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus ceapfaidh sí cásanna píolótacha do thionscadail trasteorann i bpríomhréimsí roghnaithe a bhfuil breisluach soiléir ag baint leo d’iomaíochas na hEorpa.

(5)

Mar shampla, fuarthas thart ar EUR 10 mbilliún d’infheistíochtaí a threisíonn a chéile idir an tAontas agus Ceanada feadh an tslabhra soláthair ceallraí lenár gcomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus Ceanada.

(6)

https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/14487-Future-of-the-European-automotive-industry/public-consultation_en.

Top