AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.2.2025
COM(2025) 39 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN
Tuarascáil 2024 ón gCoimisiún Eorpach ar Astaíochtaí CO2 ó Mhuiriompar
{SWD(2025) 38 final}
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025DC0039
REPORT FROM THE COMMISSION 2024 Report from the European Commission on CO2 Emissions from Maritime Transport
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN Tuarascáil 2024 ón gCoimisiún Eorpach ar Astaíochtaí CO2 ó Mhuiriompar
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN Tuarascáil 2024 ón gCoimisiún Eorpach ar Astaíochtaí CO2 ó Mhuiriompar
COM/2025/39 final
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.2.2025
COM(2025) 39 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN
Tuarascáil 2024 ón gCoimisiún Eorpach ar Astaíochtaí CO2 ó Mhuiriompar
{SWD(2025) 38 final}
Tuarascáil 2024 ón gCoimisiún Eorpach ar Astaíochtaí CO2 ó Mhuiriompar
1.Réamhrá
Tá muiriompar ríthábhachtach i ngeilleagar an Aontais agus tá sé ar cheann de na modhanna iompair is tíosaí ar fhuinneamh. Mar sin féin, is foinse mhór astaíochtaí gás ceaptha teasa fós é. Tá dul chun cinn substaintiúil déanta ag an Aontas i dtreo a chuid spriocanna aeráide, le laghduithe móra astaíochtaí in 2023 i gcomparáid le 2022. Cuirtear i dtábhacht sa tuarascáil seo a thábhachtaí atá sé leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar tionchar na hearnála muirí ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.
Sa séú tuarascáil bhliantúil sin ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) ó longa a thagann isteach go calafoirt sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus a fhágann iad, cuirtear i láthair sonraí a bailíodh faoi Rialachán an Aontais maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar a glacadh in 2015 1 (Rialachán an Aontais maidir le MRV Muirí). Tá an tuarascáil bunaithe ar shonraí a bailíodh idir 2018 agus 2023. Cuirtear ar fáil inti comparáid chuimsitheach idir sonraí agus anailís ar threochtaí in astaíochtaí agus in éifeachtúlacht fuinnimh thar na blianta.
Trí scrúdú a dhéanamh ar shaintréithe agus ar éifeachtúlacht fuinnimh na long a thagann isteach i gcalafoirt LEE, tugtar léargas sa tuarascáil sin ar na tosca a bhfuil tionchar acu ar astaíochtaí CO2 ó mhuiriompar.
2.Forbairt beartas
Mar chuid den phacáiste chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle sraith beart in 2023 chun a áirithiú go rannchuideoidh an earnáil muiriompair le huaillmhianta aeráide an Aontais. Áirítear leis sin athbhreithniú ar Chóras Trádála Astaíochtaí (CTA) an Aontais 2 , lena gcumhdaítear, ón 1 Eanáir 2024, astaíochtaí CO2 ó longa móra a thagann isteach i gcalafoirt an Aontais beag beann ar an mbratach ar foluain acu, agus Rialachán ‘FuelEU Maritime’ 3 , a áiritheoidh ó 2025 ar aghaidh go ndéanfar déine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord long a laghdú le himeacht aimsire.
Comhlíonadh na n‑oibleagáidí nua a eascraíonn as leathnú CTA AE chuig muiriompar, déantar é a fhorfheidhmiú tríd an gcóras faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a bunaíodh le Rialachán an Aontais maidir le MRV Muirí, a ndearnadh athbhreithniú air i mí na Bealtaine 2023 4 . Na rialacha faireacháin agus tuairiscithe nuashonraithe, lenar féidir CTA a chur chun feidhme le haghaidh loingseoireachta agus lena n‑ionchorpraítear astaíochtaí meatáin agus ocsaíde nítriúla i raon feidhme MRV, tháinig siad i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024.
I dteannta bearta reachtaíochta, cuireann an tAontas dícharbónú loingseoireachta chun cinn trí thacaíocht le haghaidh taighde agus nuálaíochta a chur ar fáil. Tríd an gCiste don Nuálaíocht, a mhaoinítear le CTA AE, cuireadh cistiú ar fáil le Glao 2023 le haghaidh sé thionscadal mhuirí agus aon tionscadal breosla muirí amháin le buiséad iomlán níos mó ná EUR 200 milliún.
Thairis sin, an chéad cheant hidrigine uile-Aontais chun breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (RFNBOnna) a tháirgeadh bunaithe ar hidrigin arna leithdháileadh ar shé thionscadal, lena n‑áirítear tionscadal hidrigine glaise agus amóinia in-athnuaite atá ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain chun breoslaí muirí a tháirgeadh. Seoladh an dara ceant hidrigine an 3 Nollaig 2024 5 agus áirítear leis buiséad tiomnaithe EUR 200 milliún le haghaidh tionscadail a sholáthraíonn a dtáirgeacht do cheannaitheoirí san earnáil mhuirí.
Cé go ndíríonn an Ciste don Nuálaíocht ar leibhéil na hullmhachta teicneolaí (LUT) atá níos airde agus ar chur in úsáid, tá infheistíocht déanta ag an Aontas freisin i dtionscadail LUT níos ísle san earnáil mhuirí tríd an gclár Fís Eorpach, go háirithe an Chomhpháirtíocht um Uisce-Iompair Astaíochtaí Nialasacha. Faoin gcomhpháirtíocht sin, déanfaidh an tAontas infheistíocht suas le EUR 530 milliún go dtí 2027, i gcúig réimse: breoslaí malartacha inbhuanaithe a úsáid, leictriú, éifeachtúlacht fuinnimh, dearadh agus iarfheistiú, calafoirt dhigiteacha agus ghlasa.
Tá an Coimisiún tiomanta freisin do thacú le gníomhaíocht dhomhanda chun dícharbónú na hearnála a spreagadh, go háirithe ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO). I mí Iúil 2023, glacadh straitéis athbhreithnithe IMO chun astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) ó longa a laghdú, lenar leagadh síos an sprioc maidir le glanastaíochtaí nialasacha ó longa faoi nó thart ar, i.e. gar do, 2050. Tar éis an athbhreithnithe ar an straitéis, lean an Coimisiún ar aghaidh i rith 2024 chun tacú le ciseán de bhearta laghdaithe GCT meántéarmacha a fhorbairt chun na spriocanna sin a chur chun feidhme, lena n‑áirítear gné theicniúil, i bhfoirm caighdeán breosla GCT muirí, agus gné eacnamaíoch, i bhfoirm sásra praghsála GCT.
3.Tháinig laghdú ar astaíochtaí muirí in 2023 go leibhéil atá gar do leibhéil 2021 de réir mar a laghdaigh éiginnteachtaí eacnamaíocha agus geopholaitiúla ghníomhaíocht an mhuiriompair san Eoraip
Maidir leis na muiraistir a ndearnadh faireachán orthu le haghaidh bhliain tuairiscithe 2023, astaíodh 126.7 milliún tona CO2 isteach san atmaisféar mar thoradh orthu. Bhí na hastaíochtaí sin 7.9 % níos ísle ná na cinn a tuairiscíodh in 2022 agus beagnach mar an gcéanna (-0.1 milliún tona) ná na cinn a tuairiscíodh in 2021, bliain ina raibh tionchar na paindéime fós le brath. I gcomparáid leis na blianta tuairiscithe roimh phaindéim COVID-19 (i.e. 2018 agus 2019), lenar áiríodh astaíochtaí a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, bhí na hastaíochtaí a tuairiscíodh le haghaidh 2023 thart ar 13 % níos ísle 6 .
Cabhlach de bheagnach 12 300 long a ghin na hastaíochtaí a tuairiscíodh le haghaidh 2023, an dara líon ab airde a taifeadadh go dtí seo (5.4 % níos ísle ná mar a bhí in 2022 ach 2.9 % níos airde ná mar a bhí in 2021).
In 2023, thuairiscigh formhór mór na gcineálacha long (12 as 15 cinn) astaíochtaí níos ísle ná mar a bhí in 2022, rud a léiríonn an laghdú ar leibhéil ghníomhaíochta i bhformhór na bhfo-earnálacha san earnáil mhuirí. Ba é laghdú ar an méid earraí a láimhseáiltear i gcalafoirt an Aontais (-3.9 % i gcomparáid le 2022) ba chúis leis an laghdú sin den chuid is mó, go príomha mar gheall ar na srianta ar iompar earraí leis an Rúis:
-Tuairiscíodh an laghdú glan ba mhó ar astaíochtaí CO2 i mbulciompróirí (-23 % i gcomparáid le 2022). Tharla sé sin mar thoradh ar roinnt tosca, lena n‑áirítear laghdú suntasach ar an líon bulc-iompróirí a thug cuairt ar chalafoirt LEE in 2023 (-12 %), laghdú ar an meánachar a taistealaíodh in aghaidh na loinge (-8 %), agus luas níos moille (-4 %).
-Lean cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine de dhifear a dhéanamh d’allmhairí fuinnimh. Cé gur taifeadadh laghdú (-11 %) ar astaíochtaí CO2 ó iompróirí gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) i gcomparáid le 2022, d’fhan siad i bhfad níos airde ná mar a bhí sna blianta roimhe sin (+42 % i gcomparáid le 2021). Tháinig laghdú beag (-2 %) ar astaíochtaí CO2 ó thancaeir ola i gcomparáid le 2022.
-Tháinig méadú 6 % ar astaíochtaí CO2 ó longa paisinéirí i gcomparáid le 2022, agus bhain siad an leibhéal is airde amach ó bhí 2018 ann, rud a dheimhníonn téarnamh iomlán na hearnála tar éis bhlianta COVID-19.
-Taifeadadh laghdú 6 % ar astaíochtaí ó longa coimeádán don dara bliain as a chéile, rud a léiríonn laghdú ginearálta ar láimhseáil coimeádán i bpríomhchalafoirt an Aontais (-3.8 % in 2023 i gcomparáid le 2022), laghdú ar an meánachar a thuairiscigh longa coimeádán (-3 %) agus laghdú ar mheánluas long coimeádán gníomhach (-5 %).
Bhí longa coimeádán, tancaeir ola agus bulc-iompróirí fós ar na hastaírí ab airde in 2023. Ba iad ba chúis le thart ar 52 % de na hastaíochtaí uile a tuairiscíodh in 2023 a ghiniúint. Ba iad longa coimeádán amháin ba chúis le 28 % d’astaíochtaí CO2. Ar an iomlán, d’fhan miondealú ar fhormhór na gcineálacha long de réir astaíochtaí tuairiscithe cobhsaí idir 2018 agus 2023, ach bhí méadú fós le feiceáil sna longa paisinéirí, longa Ro-Pax, agus iompróirí GNL maidir lena sciar faoi seach d’astaíochtaí. Is léir an treocht sin ó bhí 2020 ann, agus í á spreagadh ag dinimic an mhargaidh fuinnimh agus ag téarnamh an tráchta paisinéirí tar éis COVID-19.
Níor tháinig aon athrú den chuid is mó ar mhiondealú astaíochtaí iomlána CO2 an chabhlaigh in 2023 de réir chineál an mhuiraistir agus i mbeart i gcomparáid le 2021, tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas. Bhí formhór na n‑astaíochtaí CO2 (thart ar dhá thrian) mar thoradh ar mhuiraistir a thosaigh nó a chríochnaigh lasmuigh de LEE. Bhí sé sin i gcomhréir le méid na sreafaí trádála isteach agus amach a thaifead Eurostat, cé gur tháinig laghdú beag ar an sciar muiraistear in 2023 mar thoradh ar leibhéil ghníomhaíochta níos ísle d’fho-earnálacha an chabhlaigh is gníomhaí ar bhealaí trádála lasmuigh de LEE (bulc-iompróirí agus iompróirí GNL).
Ó thaobh ídiú breosla de, d’ídigh na longa a ndearnadh faireachán orthu 41 mhilliún tona breosla in 2023. Bhí ídiú breosla in 2018-2023 fós faoi smacht ag gnáthbhreoslaí muirí iontaise (ola bhreosla throm, ola bhreosla éadroim, ola gháis, ola dhíosail), arbh é is cúis le 91 % de mhais iomlán na mbreoslaí a tuairiscíodh in 2023. Leis na sonraí breosla a tuairiscíodh in 2023, deimhníodh na treochtaí a tugadh faoi deara in ídiú breosla a tuairiscíodh ó bhí 2021 ann, is é sin laghdú ar an sciar d’ola bhreosla éadroim (is é sin 15.6 % den bhreosla a tuairiscíodh in 2023) agus méadú comhfhreagrach ar ola breosla throm a úsáid (a shroich 55.3 % in 2023).
In 2023 chonacthas an leibhéal is airde a taifeadadh d’ídiú GNL ag an gcabhlach (thart ar 11 % níos mó ná mar a bhí in 2022, arbh é is cúis le níos mó ná 8 % den bhreosla a tuairiscíodh in 2023). Is é is cúis leis sin go bhfuil GNL á úsáid níos mó agus níos mó ag longa seachas iompróirí GNL agus is iad longa coimeádán, longa Ro-Pax agus longa paisinéirí a úsáideann an sciar is mó. Bhí ídiú breoslaí umair neamhiontaise fós diomaibhseach, mar a tharla i mblianta roimhe sin.
4.An cabhlach a ndearnadh faireachán air: bealaí loingseoireachta, luas, éifeachtúlacht theicniúil agus oibríochtúil
De réir shonraí Eurostat, tháinig laghdú 3.7 % ar mhéid iomlán na sreafaí trádála isteach in 2023. I gcomparáid le 2022, tháinig méadú ar an insreabhadh ó na Stáit Aontaithe (an Cósta Thoir), ón Iorua, ón mBrasaíl, ón Éigipt, ón Nigéir, ón Libia agus ón Ailgéir in 2023, agus tháinig laghdú ar insreabhadh ón Ríocht Aontaithe, ón Rúis, ón Tuirc agus ón tSín. Tháinig laghdú 1.7 % ar mhéid iomlán shreafaí trádála amach in 2023. Bhí eis-sreafaí chuig na ceithre phríomh-chomhpháirtí (an Ríocht Aontaithe, na Stáit Aontaithe, an Tuirc agus an tSín) fós comhsheasmhach den chuid is mó le leibhéil 2022, agus mar a tharla sna blianta roimhe sin, bhí na heis-sreafaí fós ag dul go príomha chuig an Ríocht Aontaithe.
Ní léirítear le sonraí MRV le haghaidh 2018-2023 aon laghdú struchtúrach ar luas an chabhlaigh MRV le linn na tréimhse sin. Bhí luasanna níos airde ná an meán ag deich gcinn as 15 chineál loinge in 2023 ná mar a bhí in 2018, agus tháinig méaduithe móra ar roinnt acu, amhail iompróirí comhcheangail (+ 32 %), iompróirí gáis (+ 20 %), longa eile (+ 19 %), tancaeir ola agus ceimiceán (+ 14 %), agus longa paisinéirí (+ 13 %). Bhí bulc-iompróirí agus longa coimeádán, a dtaifeadadh an laghdú is airde ar astaíochtaí in 2023 ina leith, i measc líon beag cineálacha long a lean de bheith ag laghdú a luais i gcomparáid le 2022, agus laghduithe 4 % agus 5 % á mbaint amach acu faoi seach.
Léirítear in anailís ghrafach ar phríomhtháscairí éifeachtúlachta teicniúla agus oibríochtúla nár tharla aon athrú suntasach in 2018-2023. Thaifead longa coimeádáin, longa Ro-Pax agus tancaeir ola na méaduithe ba mhó ar mheánmhéid na long gníomhach le linn na tréimhse sin.
Le linn na tréimhse tuairiscithe, tháinig feabhas ar iomláine agus ar chruinneas na sonraí tuairiscithe. Deimhnítear é sin trí luachanna comhghaoil sonraí a mhéadú idir príomhtháscairí éifeachtúlachta teicniúla agus oibríochtúla 7 agus méid na long a thuairiscíonn faoi Rialachán an Aontais maidir le MRV Muirí.
5.Cur chun feidhme Rialachán an Aontais maidir le MRV Muirí in 2023
I ndáil le cur chun feidhme Rialachán an Aontais maidir le MRV Muirí, deimhnítear leis na torthaí go bhfuil feabhas leanúnach ar cháilíocht agus iomláine na sonraí a cuireadh isteach. Mar sin féin, cuireadh níos mó sonraí isteach go déanach in 2023 ná in 2022, rud a d’fhéadfaí a mhíniú leis an ualach oibre breise a bhí ar chuideachtaí loingseoireachta agus ar fhíoraitheoirí mar thoradh ar CTA AE a leathnú chuig muiriompar agus ar na rialacha nua faireacháin agus tuairiscithe a chur i bhfeidhm.
6.Tionchar foriomlán an mhuiriompair ar an aeráid dhomhanda agus ar an gcomhshaol
8 Léiríodh sa cheathrú staidéar de chuid IMO ar ghás ceaptha teasa gur tháinig méadú 9.6 % ar astaíochtaí GCT (lena n‑áirítear dé-ocsaíd charbóin, meatán agus ocsaíd nítriúil) ó loingseoireacht idir 2012 agus 2018 (ó 977 milliún tona go 1 076 mhilliún tona). Tuartar freisin, faoi raon cásanna inchreidte fadtéarmacha eacnamaíocha agus fuinnimh, go dtiocfaidh méadú ar astaíochtaí CO2 ó thart ar 90 % i gcomparáid le leibhéil 2008 in 2018 go 90-130 % i gcomparáid le leibhéil 2008 faoi 2050. Fuarthas amach i staidéir a rinneadh le déanaí ar threochtaí sa loingseoireacht idirnáisiúnta don tréimhse 2018-2022 nár tháinig laghdú ar astaíochtaí in 2022, ach gur fhan siad thart ar leibhéil 2008. Ní léirítear sna sonraí a thuairiscítear faoi chóras bailithe sonraí IMO le haghaidh 2023 ach laghdú beag (-1 %) ar ídiú breosla ag cabhlach tuairiscithe an domhain i gcomparáid le 2022.
Leagadh béim sa cheathrú staidéar ar gháis ceaptha teasa freisin ar an tábhacht a bhaineann le hastaíochtaí carbóin dhuibh, a bhfuarthas amach gurb iad is cúis le thart ar 7 % d’astaíochtaí GCT na loingseoireachta idirnáisiúnta.
Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE, IO L 123, 19.5.2015, lch. 55, http://data.europa.eu/eli/reg/2015/757/oj.
Trí Threoir (AE) 2023/959, IO L 130, 16.5.2023, lch. 134, http://data.europa.eu/eli/dir/2023/959/oj.
Rialachán (AE) 2023/1805, IO L 234, 22.9.2023, lch. 48, http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1805/oj.
Rialachán (AE) 2023/957, IO L 130, 16.5.2023, lch. 105, http://data.europa.eu/eli/reg/2023/957/oj.
https://climate.ec.europa.eu/eu-action/eu-funding-climate-action/innovation-fund/competitive-bidding_en.
Mar gheall ar ghráinneacht na sonraí a thuairiscítear faoi Rialachán an Aontais maidir le MRV Muirí, ní féidir sonraí MRV a athchalabrú chun astaíochtaí a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir leis an Ríocht Aontaithe le haghaidh na mblianta tuairiscithe 2018, 2019 agus 2020 a eisiamh.
Déantar an tInnéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh Dearaidh (EEDI) agus an Treoirluach Measta (EIV) a mheasúnú le haghaidh éifeachtúlacht theicniúil na long. Déantar an Táscaire Oibriúcháin ar Éifeachtúlacht Fuinnimh (EEOI) agus an Cóimheas Bliantúil Éifeachtúlachta (AER) a mheasúnú le haghaidh a n‑éifeachtúlachta oibríochtúla.
https://www.imo.org/en/OurWork/Environment/Pages/Fourth-IMO-Greenhouse-Gas-Study-2020.aspx.