Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0014

Moladh le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na hUngáire

COM/2025/14 final

An Bhruiséil,16.1.2025

COM(2025) 14 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na hUngáire


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na hUngáire

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263, agus go háirithe Airteagal 17 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)Tháinig creat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe de chuid an Aontais i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach 1 , mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme 2 , agus le Treoir 2011/85/AE leasaithe ón gComhairle maidir le creataí buiséadacha na mBallstát 3 , is príomhghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm don chreat airgeadas poiblí fónta agus inbhuanaithe, agus fás agus athléimneacht inbhuanaithe agus chuimsitheach a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha a chosc. Leis an gcreat, cuirtear úinéireacht náisiúnta chun cinn freisin agus dírítear ar an meántéarma, i gcomhcheangal le forfheidhmiú na rialacha ar bhealach níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí.

(2)Na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, tá siad i gcroílár an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Bainfear dhá chuspóir amach leis na pleananna: i) faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, a áirithiú, inter alia, go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar agus go gcoinneofar an teasnamh rialtais faoi bhun an luacha tagartha 3 % de OTI, agus ii) a áirithiú go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Chuige sin, ní mór gealltanas meántéarmach i leith conair 4 ghlanchaiteachais a chur isteach i ngach plean, lena mbunaítear go héifeachtach sriantacht buiséid ar feadh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 nó 5 bliana (ag brath ar an ngnáth-théarma reachtach i mBallstát). Ina theannta sin, ní mór míniú a thabhairt sa phlean ar an gcaoi a náiritheoidh an Ballstát go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena náirítear na moltaí tírshonracha sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, más infheidhme), agus ar an gcaoi a dtabharfaidh an Ballstát aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Leis an tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, cumhdaítear tréimhse 4 bliana, tréimhse a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263.

(3)Tar éis an plean a thíolacadh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé acu a chomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263, nó nach gcomhlíonann.

(4)Déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh a fháil di ón gCoimisiún, moladh a ghlacadh ina leagtar amach conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, formhuiniú a dhéanamh ar an tsraith gealltanas um athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh.

BREITHNITHE A BHAINEANN LE PLEAN STRUCHTÚRACH FIOSCACH MEÁNTÉARMACH NA hUNGÁIRE

(5)An 4 Samhain 2024, rinne an Ungáir a plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta a thíolacadh don Chomhairle agus don Choimisiún. Rinneadh an tíolacadh tar éis síneadh a chur leis an sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2024/1263, mar a comhaontaíodh leis an gCoimisiún. Ba é ba chúis leis an tíolacadh moillithe chun a áirithiú go dtugtar léargas cruinn sa phlean ar phróisis bhuiséadacha agus ar ghealltanais bhuiséadacha na hUngáire, i gcomhréir le pleanáil bhuiséadach 2025. An 20 Nollaig 2024, thíolaic an Ungáir aguisín a ghabhann leis an bplean ina léirítear sonraí níos déanaí, le conair ghlanchaiteachais athbhreithnithe chun a áirithiú go dtabharfar an teasnamh rialtais faoi bhun 3 % de OTI agus go gcuirfear agus go gcoinneofar an fiachas rialtais ghinearálta a réamh-mheastar ar chonair shochreidte anuas faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin.

Próiseas roimh thíolacadh an phlean

(6)Chun an tidirphlé as a dtiocfaidh tíolacadh pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a dhíriú, sheol an Coimisiún an chonair thagartha 5 chuig an Ungáir an 21 Meitheamh 2024, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1263. D’fhoilsigh an Coimisiún an chonair thagartha an 4 Samhain 2024 6 . Tá an chonair thagartha rioscabhunaithe agus áirithítear léi, faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe fhioscaigh agus in éagmais bearta buiséadacha breise tar éis na tréimhse coigeartúcháin, go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama sa mheántéarma, agus go dtabharfar an teasnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin agus go gcoinneofar é faoi bhun an luacha tagartha sin sa mheántéarma. Sainmhínítear an meántéarma mar an tréimhse 10 mbliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin. I gcomhréir le hAirteagal 6, pointe (d), agus le hAirteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2024/1263, tá an chonair thagartha comhsheasmhach freisin leis an tagarmharc easnaimh, leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais, leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh. I gconair thagartha na hUngáire, bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin atá mar bhonn taca leis an réamhthreoir arna tarchur i mí an Mheithimh 2024, agus tréimhse choigeartúcháin 4 bliana á cur san áireamh, leagtar amach nár cheart fás níos mó ná na luachanna arna soláthar i dTábla 1 a theacht ar ghlanchaiteachas. Comhfhreagraíonn sin do mheánfhás glanchaiteachais 4,4 % le linn na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028).

2025

2026

2027

2028

Meán 2025-2028

Fás glanchaiteachais uasta (bliantúil, %)

4,4

4,8

4,5

4,3

4,4

Tábla 1: Conair thagartha arna soláthar ag an gCoimisiún don Ungáir an 21 Meitheamh 2024

Foinse: Ríomhanna an Choimisiúin.

(7)I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh an Ungáir agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil i mí Iúil agus i mí Mheán Fómhair 2024. Bhí an tidirphlé dírithe ar an gconair ghlanchaiteachais atá beartaithe ag an Ungáir agus ar na toimhdí bunúsacha a bhaineann léi, chomh maith leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe a thabhairt i gcrích lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus thosaíochtaí coiteanna an Aontais maidir leis an aistriú cóir, glas agus digiteach, an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh agus méadú na gcumas cosanta.

(8)Ní thuairiscítear sa phlean a chuir an Ungáir isteach ar phróiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara intíre náisiúnta ábhartha (lena náirítear comhpháirtithe sóisialta ) roimh chur isteach an phlean. De réir na faisnéise a sholáthraítear sa phlean, is féidir dul i gcomhairle leis an bparlaimint maidir leis an bplean tar éis don rialtas dréachtbhuiséad 2025 a chur faoi bhráid na parlaiminte.

Próisis ghaolmhara eile

(9)An 26 Iúil 2024, shuigh an Chomhairle gur ann d’easnamh iomarcach san Ungáir mar gheall ar neamh-chomhlíonadh an chritéir easnaimh.

(10)An 26 Samhain 2024, mhol an Coimisiún Moladh ón gComhairle faoi Airteagal 126(7) CFAE d’fhonn deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh san Ungáir 7 . In éagmais plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta atá formhuinithe ag an gComhairle, bhí an chonair ghlanchaiteachais cheartaitheach mholta ina léiriú ar an gconair thagartha le coigeartú fioscach 4 bliana, a tugadh cothrom le dáta bunaithe ar na sonraí is déanaí, lena náirítear Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún (Tábla 2). An 16 Eanáir 2025, ghlac an Coimisiún Moladh leasaithe le haghaidh Moladh ón gComhairle faoi Airteagal 126(7) CFAE don Ungáir tar éis dó measúnú a dhéanamh ar phlean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na hUngáire. Tá an Moladh seo i gcomhthráth leis an Moladh ón gComhairle faoi Airteagal 126(7) CFAE d’fhonn deireadh a chur le staid an easnaimh rialtais iomarcaigh san Ungáir. Le glacadh comhuaineach na moltaí sin, moltaí atá saincheaptha don aistriú chuig an gcreat nua rialachais eacnamaíoch agus a bhfuil údar leis ina leith sin, áirithítear comhsheasmhacht idir na conairí coigeartúcháin atá molta.

Tábla 2: Conair thagartha arna tabhairt cothrom le dáta bunaithe ar shonraí níos déanaí

Blianta

2025

2026

2027

2028

Meán 2025-2028

Rátaí fáis

(%)

Bliantúil

3.9

3.3

3.3

3.1

3.4

Carnach (*)

7.6

11.1

14.7

18.3

n/bh

(*) Ríomhtar na rátaí fáis carnacha trí tagairt don bhonnbhliain 2023.

(11)An 19 Meitheamh 2024, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid maidir leis an Ungáir go bhfuil míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ann. Go háirithe, baineann leochaileachtaí na hUngáire le brúnna praghsanna agus riachtanais maoinithe sheachtraigh agus rialtais, atá ábhartha i gcónaí, cé gur maolaíodh roinnt rioscaí gearrthéarmacha le timpeallacht sheachtrach atá ag dul i bhfeabhas 8 .

(12)An 21 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha faoi bhráid na hUngáire i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh 9 .

ACHOIMRE AR AN bPLEAN AGUS MEASÚNÚ AN CHOIMISIÚIN AIR SIN

(13)I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean mar a leanas:

Comhthéacs: staid agus ionchas maicreacnamaíoch agus fioscach

(14)Tháinig laghdú 0,9 % ar OTI na hUngáire in 2023, mar gheall ar éileamh lag intíre agus seachtrach. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún, meastar go bhfásfaidh an geilleagar 0,6 % in 2024, mar gheall ar thomhaltas príobháideach athléimneach agus mar gheall ar rannchuidiú dearfach glan-onnmhairí. In 2025, meastar go dtiocfaidh méadú 1,8 % ar fhíor-OTI, mar gheall ar thomhaltas agus téarnamh beag ar infheistíocht. In 2026, meastar go dtiocfaidh méadú 3,1 % ar fhíor-OTI, mar gheall ar éileamh intíre agus téarnamh onnmhairí. Meastar go dtiocfaidh méadú ar OTI féideartha san Ungáir ó 1,4 % in 2024 go 1,7 % faoi 2026, mar gheall ar infheistíochtaí agus méadú ar tháirgiúlacht. Ba é 4,1 % an ráta dífhostaíochta in 2023, agus réamh-mheasann an Coimisiún gurb é 4,5 % a bheidh ann in 2024 sula laghdóidh sé go 4,3 % in 2025 agus 4,1 % in 2026. Réamh-mheastar go laghdóidh an boilsciú (díbhoilsceoir OTI) ó 14,6 % in 2023 go 7,2 % in 2024 agus go sroichfidh sé 4,1 % in 2025 agus 3,3 % in 2026.

(15)In 2023, is é a bhí in easnamh rialtais ghinearálta na hUngáire 6,7 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún, ar bhonn gan athrú beartais, tá sé beartaithe go sroichfidh sé 5,4 % de OTI in 2024 agus go dtiocfaidh laghdú air go 4,6 % agus go 4,1 % de OTI in 2025 agus in 2026 faoi seach. Níl buiséad na hUngáire le haghaidh 2025 a ghlac an pharlaimint náisiúnta i mí na Nollag 2024 san áireamh i réamhaisnéis an Choimisiún. Ba é 73,4 % de OTI an fiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2023 agus meastar go dtiocfaidh méadú air go 74,5 % de OTI ag deireadh 2024. Réamh-mheastar go gcobhsóidh sé ag 74,5 % de OTI ag deireadh 2025 agus go dtiocfaidh laghdú air go 73,8 % ag deireadh 2026. Ní áirítear sa réamhaisnéis fhioscach ón gCoimisiún ach gealltanais bheartais a fógraíodh go hinchreidte agus atá sonraithe go leordhóthanach agus ní áirítear inti na bearta uile a chuir an Ungáir chun cinn sa phlean.

An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean 

(16)Le plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na hUngáire, cumhdaítear an tréimhse 2025-2028 agus cuirtear coigeartú fioscach i láthair thar thréimhse 4 bliana.

(17)Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean.

(18)Leis an bplean, arna chomhlánú leis an aguisín, tugtar gealltanas i leith na conaire glanchaiteachais a léirítear i dTábla 3, rud a chomhfhreagraíonn do mheánfhás glanchaiteachais 4,0 % le linn na mblianta 2025-2028. An meánfhás glanchaiteachais arna thuairisciú sa phlean le haghaidh na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028), tá sé níos ísle ná an chonair thagartha arna tarchur ag an gCoimisiún an 21 Meitheamh 2024, ach is airde é ná an chonair thagartha arna thabhairt cothrom le dáta bunaithe ar na sonraí is déanaí. Déantar toimhde sa phlean go dtiocfaidh méadú ar fhás OTI féideartha go 1,5 % in 2025 (ó 1,4 % in 2024) , sula dtiocfaidh méadú air go 1,7 % in 2028. Ina theannta sin, meastar sa phlean go dtiocfaidh laghdú ar ráta fáis an díbhoilsceora OTI go 4,1 % in 2025 (ó 7,2 % in 2024) sula dtiocfaidh méadú air go 3,4 % in 2028.

Tábla 3: An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí i bplean na hUngáire

2024

2025

2026

2027

2028

Meánfhás i gcaitheamh thréimhse bhailíochta an phlean

2025-2028

Fás glanchaiteachais 
(ar bhonn bliantúil, %)

4,6

4,3

4,0

3,9

3,7

4,0

Fás glanchaiteachais 
(ar bhonn carnach, ón mbonnbhliain 2023, %)

4.6

9.1

13.5

17.9

22.2

n/bh

Fás OTI féideartha ( %)

1.4

1.5

1.7

1.7

1.6

1.6

Boilsciú (fás díbhoilsceora OTI) ( %)

7.2

4.1

3.5

3.4

3.4

3.6

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na hUngáire agus ríomhanna an Choimisiúin.

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le fiachas rialtais ghinearálta

(19)Dá dtiocfadh ann don chonair ghlanchaiteachais a bhfuil gealltanas tugtha ina leith sa phlean agus do na toimhdí is bonn léi, laghdódh fiachas rialtais ghinearálta de réir a chéile, de réir an phlean, ó 74,0 % in 2024 go 68,2 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028), de réir an tábla seo a leanas. Tar éis na tréimhse coigeartúcháin, sa mheántéarma (i.e. go dtí 2038), meastar go leanfaidh an cóimheas fiachais de bheith ag laghdú de réir an phlean, go 54,5 % de OTI faoi 2038. Dá bhrí sin, de réir an phlean, thabharfaí an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 60 % de OTI, sa mheántéarma. Tá sé sin inchreidte bunaithe ar thoimhdí an phlean, ós rud é go réamh-mheasfaí go bhfanfadh an fiachas faoi bhun 60 % de OTI faoi 2038 de réir gach tástála struis cinnteachaíche in Anailís an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir le fiachas mar a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (a), agus in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Tábla 4: Forbairtí maidir le fiachas rialtais ghinearálta agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean na hUngáire

2023

2024

2025

2026

2027

2028

2038

Fiachas rialtais

(% de OTI)

73.4

74.0

73.5

71.3

69.9

68.2

54.5

Comhardú rialtais

(% de OTI)

-6.7

-4.9

-3.6

-2.5

-2.0

-1.5

-2.2

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na hUngáire

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir leis an gcomhardú rialtais ghinearálta

(20)Ar bhonn na conaire glanchaiteachais agus thoimhdí an phlean, laghdódh an teasnamh rialtais ghinearálta ó 4,9 % de OTI in 2024 go 2,5 % de OTI in 2026 agus go 1,5 % in 2028. Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní sháródh an comhardú rialtais ghinearálta an luach tagartha 3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Ina theannta sin, sna 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (i.e. go dtí 2038), ní sháródh an teasnamh rialtais 3 % de OTI. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh mar a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (b), agus in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Próifíl ama an choigeartaithe fhioscaigh 

(21)Próifíl ama an choigeartaithe fhioscaigh, arna tomhas mar an tathrú ar an gcomhardú príomha struchtúrach, mar a thuairiscítear sa phlean, is próifíl líneach í, mar a cheanglaítear le hAirteagal 6, pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1263. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gclásal i dtaca leis an gcoimirce maidir le siarchoinneáil a chosc a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1263.

Tábla 5: Forbairtí maidir le comhardú príomha struchtúrach i bplean na hUngáire

2023

2024

2025

2026

2027

2028

Comhardú príomha struchtúrach

(% de OTI)

-1.7

0.6

1.2

1.7

2.3

2.8

Athrú ar an gcomhardú príomha struchtúrach

(pc.)

na.

2.3

0.5

0.5

0.5

0.5

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na hUngáire

Comhsheasmhacht an phlean leis an nós imeachta um easnamh iomarcach 

(22)Tá an chonair ghlanchaiteachais a leagtar amach sa phlean i gcomhréir leis na ceanglais faoin nós imeachta um easnamh iomarcach (go háirithe leis an gcoigeartú struchtúrach bliantúil íosta a bhunaítear in Airteagal 3(4), an tríú fomhír de Rialachán (CE) 1467/97 ón gComhairle).

Comhsheasmhacht an phlean leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh

(23)An ceanglas den chuid choisctheach a leagtar amach in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1263 maidir leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh, arb é is aidhm dó corrlach coiteann a sholáthar i gcoibhneas leis an luach tagartha easnaimh 3 % de OTI, tá feidhm aige maidir leis an Ungáir ó 2027 ar aghaidh, ós rud é go bhfuil sé beartaithe go mbeidh an teasnamh faoi bhun 3 % de OTI ó 2026 ar aghaidh. In 2027 agus 2028, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1263, níor cheart an coigeartú bliantúil ar an gcomhardú príomha struchtúrach a bheith níos lú ná 0,4 pointe céatadáin más rud é gur fhan an teasnamh struchtúrach os cionn 1,5 % de OTI sa bhliain roimhe sin, chun corrlach coiteann athléimneachta 1,5 % de OTI a bhaint amach i dtéarmaí struchtúracha. Is éard atá sa choigeartú fioscach a eascraíonn as gealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean 0,5 % de OTI in 2027 agus in 2028 araon. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, an chonair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh.

Comhsheasmhacht an phlean leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais

(24)I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/1263, ós rud é go mbeidh an fiachas rialtais idir 60 % agus 90 % de OTI i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin de réir an phlean, ní mór an cóimheas fiachais a laghdú 0,5 pointe céatadáin ar a laghad ar an meán in aghaidh na bliana go dtí go dtitfidh sé faoi bhun 60 %. Ríomhtar an laghdú sin thar an tréimhse 2027‑2028, i.e. ag tosú sa bhliain ina naisghairfí an nós imeachta um easnamh iomarcach de réir an phlean, agus is ionann é agus 1,7 pointe céatadáin. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, an chonair ghlanchaiteachais a chuirtear chun tosaigh sa phlean, bheadh sí comhsheasmhach leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais.

Toimhdí maicreacnamaíocha an phlean

(25)an plean bunaithe ar shraith toimhdí atá comhsheasmhach leo siúd atá mar bhonn taca leis an gconair thagartha a tugadh cothrom le dáta bunaithe ar shonraí níos déanaí (lena náirítear Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún) i dTábla 2 seachas dhá athróg, is iad sin an pointe tosaigh (an comhardú príomha struchtúrach le haghaidh 2024) agus an fás díbhoilsceora OTI le haghaidh 2026. Tá gá le measúnú cúramach a dhéanamh ar na difríochtaí sin idir toimhdí chun a áirithiú go bhfuil argóintí eacnamaíocha fónta sonraíbhunaithe mar bhonn taca leo. Soláthraítear thíos measúnú ar na difríochtaí sin idir toimhdí, mar aon le measúnú ar gach difríocht a bhreithnítear ina haonar.

·Glactar leis sa phlean go mbeidh staid fhioscach tosaigh níos fabhraí ann, ag glacadh leis go mbeidh comhardú príomha struchtúrach 0,6 % de OTI ann i gcomparáid le 0,2 % i Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún. Léiríonn an comhardú príomha struchtúrach níos airde sa phlean toradh buiséadach atá níos fearr ná mar a bhí coinne leis le haghaidh na tréimhse idir mí Eanáir agus mí na Samhna 2024, go háirithe ioncam neamhchánach níos airde ná mar bhí coinne leis agus caiteachas atá beagán níos ísle ná mar a bhí coinne leis. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin agus rannchuidíonn sí le meánfhás glanchaiteachais níos airde le linn na tréimhse coigeartúcháin.

·Glactar leis sa phlean gurb é atá i mboilsciú (díbhoilsceoir OTI) 3,5 % le haghaidh 2026 i gcomparáid le 3,3 % i Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún. Mínítear sa phlean an difríocht sin trí mhéaduithe pá níos airde in 2026 i bhfianaise an chomhaontaithe pá 3 bliana a síníodh an 25 Samhain 2024 idir comhlachais ghnó agus saothair san Ungáir. Dá réir sin, tiocfaidh méadú 9 % ar an bpá íosta in 2025, rud atá i gcomhréir le Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún. In 2026, socraítear leis an gcomhaontú fás pá íosta ag 13 %, rud lena dtugtar le tuiscint go mbeidh fás pá agus boilsciú níos airde ann ná mar a tuaradh i Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún. Meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin agus go rannchuidíonn sí le meánfhás glanchaiteachais níos airde le linn na tréimhse coigeartúcháin sa phlean.

Ar an iomlán, mínítear an difríocht idir an chonair ghlanchaiteachais sa phlean agus an chonair thagartha arna tabhairt cothrom le dáta le sonraí níos déanaí le difríochtaí idir toimhdí a bhfuil údar cuí leo, i gcomhréir le hAirteagal 13(b) de Rialachán (AE) 2024/1263. Ar an iomlán, is é an toradh atá ar na difríochtaí uile idir toimhdí a ghlactar le chéile meánfhás glanchaiteachais sa phlean is airde ná an chonair thagartha arna tabhairt cothrom le dáta bunaithe ar shonraí níos déanaí. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, comhlíonann an plean an ceanglas faoi Airteagal 13(b) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an measúnú thuas ar thoimhdí an phlean i measúnuithe amach anseo ar chomhlíonadh na conaire glanchaiteachais.

Straitéis fhioscach sa phlean

(26)Níl straitéis fhioscach lánfheidhme agus chainníochtaithe san áireamh sa phlean. Tá sonraíocht bheacht na mbeart beartais ábhartha le deimhniú nó le coigeartú agus le cainníochtú sna buiséid bhliantúla. Sa bhuiséad a glacadh le haghaidh 2025, sonraítear na bearta beartais trína bhfuil sé beartaithe ag an rialtas an gealltanas glanchaiteachais le haghaidh 2025 a bhaint amach. Ina theannta sin, áirítear sa phlean roinnt beart neamhchainníochtaithe lena méadaítear easnaimh i réimsí éagsúla, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na torthaí fioscacha sa mheántéarma. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le tuilleadh beart fioscach chun na gealltanais sa phlean a bhaint amach.

Cuspóirí athchóirithe agus infheistíochta sa phlean lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais

(27)Tugtar tuairisc sa phlean ar chuspóirí beartais a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí eile chun freagairt do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe na moltaí tírshonracha, lena náirítear na moltaí sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Áirítear sa phlean thart ar 132 athchóiriú agus infheistíocht atá beartaithe le haghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais, agus faigheann 41 cheann díobh tacaíocht airgeadais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus 29 gcinn acu ó chistí an bheartais comhtháthaithe.

(28)Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le haistriú cóir, glas agus digiteach, lena náirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, cuimsítear leis an bplean níos mó ná 40 athchóiriú agus infheistíocht. Tá roinnt athchóirithe agus infheistíochtaí ar an aistriú glas ina mbearta i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na hUngáire, lena náirítear caibidil REPowerEU, nó tacaíonn cistí an bheartais comhtháthaithe leo. Áirítear sa phlean bearta chun tacú leis an aistriú chuig an aeráidneodracht agus chuig an iompar glas, go háirithe trí leathadh amach gluaisteán leictreach a mhéadú, iarnróid, líonraí luchtaithe agus conairí rothaíochta a fhorbairt. Is é is aidhm d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí eile feabhas a chur ar bhainistiú dramhaíola na tíre agus tacú leis an ngeilleagar ciorclach go háirithe, mar shampla trí phlean bainistithe dramhaíola a cheapadh agus trí bhonneagar dramhaíola cliste a chur in úsáid. Áirítear sa phlean freisin bearta arb é is aidhm dóibh tacú le próisis mhonaraíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus scileanna glasa a neartú. Is é is aidhm do bhearta eile feabhas a chur ar an mbonneagar uisce, dlús a chur leis an oiriúnú don athrú aeráide i mbainistiú uisce, infheistíochtaí i gcaomhnú an dúlra a chur ar fáil agus cáin ar chuótaí CO2 a thabhairt isteach. Tá sé d’aidhm ag roinnt athchóirithe agus infheistíochtaí freisin rannchuidiú le haistriú digiteach na hUngáire trí réitigh dhigiteacha a chur ar fáil maidir le tuairisciú agus faireachán cánach (eVAT, eReceipt agus eCashier), scileanna digiteacha a fhorbairt, an córas faisnéise aonair náisiúnta le haghaidh taraifí agus paisinéirí a athchóiriú, agus feabhas a chur ar ullmhacht dhigiteach gnólachtaí agus seirbhísí poiblí, an córas fuinnimh agus an bainistiú dramhaíola. Is é is aidhm do na bearta a bhaineann leis an tosaíocht choiteann a bhaineann leis an aistriú cóir glas agus digiteach aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha (2019, 2020, 2022 agus 2023) maidir le hiompar inbhuanaithe, bainistiú dramhaíola agus uisce, an taistriú fuinnimh, simpliú cánach, cáilíocht na cinnteoireachta, digitiú gnólachtaí agus margadh an tsaothair. Ní áirítear sa phlean bearta a bhaineann le moltaí tírshonracha 2023 agus 2024 maidir le deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breoslaí iontaise.

(29)Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le hathléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, lena náirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, cuimsítear leis an bplean thart ar 80 athchóiriú agus infheistíocht a measann an Ungáir go rannchuideoidh siad le hathléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch na tíre a neartú. Tá roinnt athchóirithe agus infheistíochtaí atá ag díriú ar an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch ina mbearta i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na hUngáire, lena náirítear caibidil REPowerEU, nó tacaítear leo le cistí an bheartais comhtháthaithe. Áirítear sa phlean bearta chun feabhas a chur ar an rochtain ar mhargadh an tsaothair do roinnt grúpaí leochaileacha (mar shampla, trí spásanna naíolainne nua a chruthú) lena náirítear daoine óga agus daoine scothaosta, tithíocht (lena náirítear tithe sóisialta nua a fhorbairt mar chuid den Chlár um an mBearna i Lonnaíochtaí a dhruidim agus cláir éagsúla um Chruthú Tithe Cónaithe), oideachas (lena náirítear trí phá múinteoirí a mhéadú), agus cúram sláinte (mar shampla, cúram príomhúil agus ospidéil a fhorbairt). Áirítear sa phlean freisin bearta chun comhtháthú sóisialta, forbairt dhigiteach agus bonneagair san oideachas poiblí agus san ardoideachas agus sa ghairmoiliúint agus sa ghairmoideachas. Tá roinnt beart ann maidir le feabhas a chur ar infhostaitheacht trí athsciliú, agus chun tacú le forbairt fiontar. Is é is aidhm do bhearta amhail iasachtaí fabhracha d’fhiontair bheaga mheánmhéide feabhas a chur ar acmhainneachtaí onnmhairiúcháin gnólachtaí. I réimse an taighde agus na nuálaíochta, liostaítear sa phlean bearta amhail saotharlanna náisiúnta a bhunú arb é is aidhm dóibh nuálaíocht a chothú. Ina theannta sin, áirítear sa phlean athchóirithe agus infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh an riarachán poiblí agus an cánachas a nuachóiriú. Áirítear sa phlean bearta chun an straitéis agus an plean gníomhaíochta náisiúnta in aghaidh an éillithe a glacadh a chur chun feidhme agus chun athbhreithnithe caiteachais a dhéanamh ar bhonn rialta. Tá sé beartaithe leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá sa phlean aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019, 2020, 2022, 2023 agus 2024 maidir le hoideachas, taighde agus forbairt, beartas sóisialta, timpeallacht ghnó, creat buiséadach, cánachas, bearta in aghaidh an éillithe, neamhspleáchas breithiúnach, margadh an tsaothair agus cúram sláinte. Ní áirítear sa phlean bearta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar mholadh tírshonrach 2022 maidir le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach chóras na bpinsean ós rud é, de réir an phlean, nach bhfuil aon athrú ar chóras na bpinsean beartaithe ag an rialtas go luath amach anseo. Ní áirítear ann ach oiread bearta chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2023 agus 2024 a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha maidir le beartais mhaicreacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus deireadh a chur de réir a chéile le hús agus le caidhpeanna praghais chun a néifeacht saofa a laghdú. Ní áirítear sa phlean bearta chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019, 2020, 2022, 2023 agus 2024 maidir le leordhóthanacht an tsochair dífhostaíochta ós rud é go gcuirtear in iúl sa phlean nach bhfuil sé beartaithe ag an rialtas fad an tsochair dífhostaíochta a mhodhnú. Ní áirítear sa phlean bearta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2023 agus 2024 maidir leis an idirphlé sóisialta. Ar deireadh, níl bearta sa phlean a mbeadh sé i gceist leo aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2020, 2023 agus 2024 maidir le húsáid theoranta beart éigeandála i gcomhréir le prionsabal an mhargaidh aonair agus i gcomhréir leis an smacht reachta.

(30)Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le slándáil fuinnimh, cuimsítear leis an bplean athchóirithe agus infheistíochtaí a measann an Ungáir go rannchuideoidh siad le slándáil fuinnimh na tíre a neartú. Tá roinnt de na hathchóirithe agus infheistíochtaí sin i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na hUngáire, lena náirítear caibidil REPowerEU, nó tacaítear leo le cistí an bheartais comhtháthaithe. Áirítear sa phlean bearta arb é is aidhm dóibh tacú le gléasraí cumhachta gaoithe a chur in úsáid, éifeachtúlacht fuinnimh aonad tithíochta a mhéadú, tacú le grianphainéil chónaithe a shuiteáil agus córais téimh a leictriú. Is é is aidhm d’athchóirithe eile sa phlean fuinneamh in-athnuaite malartach a úsáid, foirgnimh phoiblí a nuachóiriú (amhail ospidéil, institiúidí oideachais) agus éifeachtúlacht fuinnimh an tionscail agus na gcuideachtaí a fheabhsú. Áirítear sa phlean freisin bearta arb é is aidhm dóibh gréasáin fuinnimh a fhorbairt agus acmhainneachtaí stórála fuinnimh a mhéadú. Is é is aidhm do na bearta sa phlean a bhaineann le tosaíocht choiteann na slándála fuinnimh aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha (2022, 2023 agus 2024) maidir le fuinneamh.

(31)Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le cumais chosanta, ní chuimsítear aon bheart leis an bplean. Glactar leis sa phlean go gcoinneofar leibhéal an chaiteachais cosanta ar leibhéal 2 % de OTI thar thréimhse ama an phlean.

(32)Cuirtear faisnéis ar fáil sa phlean maidir leis an gcomhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, an chomhlántacht, le cistí an bheartais Comhtháthaithe agus le plean téarnaimh agus athléimneachta na hUngáire. Luaitear go sainráite sa chaibidil athchóirithe agus infheistíochta den phlean cé acu atá nó nach bhfuil beart san áireamh sa phlean téarnaimh agus athléimneachta nó i gcláir an bheartais comhtháthaithe. Ina theannta sin, tugtar forléargas cuimsitheach i dTábla 9 den phlean ar na bearta agus ar a nasc leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, le cláir an bheartais comhtháthaithe agus le tosaíochtaí coiteanna. Mínítear sa phlean nach naontaíonn an rialtas leis na bearta beartais chun an córas pinsean a athchóiriú mar a mhol an saineolaí neamhspleách i ndáil leis an athchóiriú atá beartaithe sa phlean téarnaimh agus athléimneachta. Luaitear sa phlean freisin go gcuirfidh an rialtas deireadh de réir a chéile le roinnt brabúis amhantair agus cánacha earnála níos déanaí ná mar a gealladh faoi bheart an phlean téarnaimh agus athléimneachta faoi seach, cé nach bhfuil sé beartaithe deireadh a chur le cinn eile de réir a chéile.

(33)Tugtar forléargas sa phlean ar riachtanais infheistíochta poiblí na hUngáire a bhaineann le tosaíochtaí coiteanna an Aontais, cé is moite den 4ú tosaíocht a bhaineann le méadú na gcumas cosanta. Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le haistriú cothrom glas agus digiteach, lena náirítear na cuspóirí aeráide, áirítear ar riachtanais infheistíochta sa phlean níos mó infheistíochta in aistriú glas agus in aistriú digiteach gnólachtaí, agus i ndigitiú an riaracháin phoiblí. Is é is aidhm d’infheistíochtaí nua uirlisí digiteacha agus bonneagar gaolmhar a chur ar fáil don chóras oideachais. Maidir le tosaíocht choiteann na hathléimneachta sóisialta agus eacnamaíche, áirítear sa phlean riachtanais infheistíochta le haghaidh gnólachtaí chun feabhas a chur ar a nacmhainneachtaí onnmhairiúcháin agus nuálaíochta. Dé réir an phlean tá gá le hinfheistíochtaí chun beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a fhorbairt, go háirithe trí chláir athscilithe agus uas-scilithe agus chun tacú leis na teaghlaigh is boichte. Maidir le cúram sláinte, is é is aidhm d’infheistíochtaí chun próisis cúraim sláinte a dhigitiú rochtain ar sheirbhísí sláinte a éascú agus cáilíocht an chúraim a fheabhsú. Rannchuidíonn infheistíocht phoiblí in athchóiriú línte iarnróid agus sa digitiú leis an earnáil iompair a dhéanamh níos inbhuanaithe. Maidir leis an tosaíocht choiteann a bhaineann le slándáil fuinnimh, áirítear sa phlean riachtanais infheistíochta maidir le giniúint fuinnimh in-athnuaite, feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh i dtithe cónaithe agus i bhfoirgnimh phoiblí chomh maith le forbairtí ar an ngréasán leictreachais agus leictrea-shoghluaisteacht, lena náirítear an bonneagar gaolmhar.

Conclúid mheasúnú an Choimisiúin

(34)Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíonann plean na hUngáire ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

CONCLÚID FHORIOMLÁN

(35)I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais mar a leagtar amach sa phlean í a mholadh don Ungáir.

AG MOLADH LEIS SEO don Ungáir:

(1)A áirithiú nach sáróidh an fás glanchaiteachais na huasmhéideanna a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo.

Ina theannta sin, iarrann an Chomhairle ar an Ungáir a áirithiú go dtabharfar i gcrích athchóirithe agus infheistíochtaí a chomhfhreagraíonn do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha, agus go dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais.



IARSCRÍBHINN I

Uasrátaí fáis an ghlanchaiteachais
(rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)

an Ungáir

Blianta

2025

2026

2027

2028

Rátaí fáis (%)

Bliantúil

4.3

4.0

3.9

3.7

Carnach (*)

9.1

13.5

17.9

22.2

(*) Ríomhtar na rátaí fáis carnacha trí tagairt don bhonnbhliain 2023. Baintear úsáid as na rátaí fáis carnacha san fhaireachán bliantúil ar chomhlíonadh ex post sa chuntas rialaithe.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj ).
(2)    Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj ).
(3)    Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj ).
(4)    Glanchaiteachas mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263, is é sin caiteachas rialtais atá glan (i) ar chaiteachas úis, (ii) ar bhearta lánroghnacha ioncaim, (iii) ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(5)    Cuimsítear le réamhthreoir a tarchuireadh chuig na Ballstáit agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais conaire ina ndéantar síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin a chur san áireamh agus conaire nach ndéantar amhlaidh inti (lena gcumhdaítear 4 bliana agus 7 mbliana, faoi seach). Cuimsítear inti freisin na príomhchoinníollacha tosaigh agus na toimhdí bunúsacha a úsáidtear i gcreat réamh-mheasta fiachais rialtais mheántéarmaigh an Choimisiúin Eorpaigh. Ríomhadh an chonair thagartha ar bhonn na modheolaíochta a thuairiscítear i dTuarascáil Faireacháin an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais 2023 ( https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/debt-stainability-monitor-2023_ga ). Tá sí bunaithe ar Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún Eorpach agus ar a síneadh meántéarmach suas le 2033, agus tá costais fhadtéarmacha fáis OTI agus aosaithe i gcomhréir le Tuarascáil chomhpháirteach 2024 ón gCoimisiún agus ón gComhairle maidir le hAosú ( https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/2024-ageing-report-economic-and-budgetary-projections-eu-member-states-2022-2070_ga ).
(6)     https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and-fiscal-governance/national-medium-term-fiscal-structural-plans_en#hungary
(7)    Moladh le haghaidh Moladh ón gComhairle d’fhonn deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh san Ungáir, 26.11.2024, COM(2024)953 final.
(8)    ‘Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta’, COM (2024) 600 final, Foscríbhinn 4
(9)    Moladh ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2024 maidir le beartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, fostaíochta agus struchtúracha na hUngáire.
Top