Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0005

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2022/1031 maidir le himscrúdú de bhun na hIonstraime Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta i ndáil le le bearta agus cleachtais Dhaon-Phoblacht na Síne sa mhargadh soláthair phoiblí le haghaidh feistí leighis

COM/2025/5 final

An Bhruiséil,14.1.2025

COM(2025) 5 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN

de bhun Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2022/1031 maidir le himscrúdú de bhun na hIonstraime Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta i ndáil le le bearta agus cleachtais Dhaon-Phoblacht na Síne sa mhargadh soláthair phoiblí le haghaidh feistí leighis



{SWD(2025) 2 final}


I.Réamhrá

An 24 Aibreán 2024, sheol an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), ar a thionscnamh féin, imscrúdú de bhun Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2022/1031 1 (‘Rialachán IPI’) maidir le bearta agus cleachtais DhaonPhoblacht na Síne (‘an tSín’) a bhfuil bac tromchúiseach athfhillteach ar rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargadh soláthair phoiblí na Síne le haghaidh feistí leighis mar thoradh orthu (‘na bearta agus na cleachtais líomhnaithe’ anseo feasta). Chun an timscrúdú a sheoladh, d’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (‘an fógra tionscnaimh’). 2

San fhógra tionscnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán IPI, d’iarr an Coimisiún ar Rialtas na Síne a thuairimí a chur isteach, faisnéis ábhartha a sholáthar agus dul i mbun comhairliúcháin leis an gCoimisiún chun deireadh a chur leis na bearta agus na cleachtais líomhnaithe nó chun iad a leigheas. An lá céanna, sheol an Coimisiún Nóta Briathartha chuig Rialtas na Síne ina raibh iarraidh ar fhaisnéis i bhfoirm ceistneoir mionsonraithe a bhí le freagairt laistigh de 30 lá. Níor thug Rialtas na Síne freagra ar an gceistneoir sin ach d’aontaigh sé, le Nóta Briathartha a sheol sé an 27 Bealtaine 2024, dul i mbun comhairliúcháin leis an gCoimisiún. Chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le Rialtas na Síne de réir bhrí Airteagal 5(2) de Rialachán IPI ón 24 Iúil go dtí an 26 Iúil 2024 i mBéising.

San fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún freisin ar na Ballstáit agus ar pháirtithe leasmhara de réir bhrí Airteagal 2(1)(h) de Rialachán IPI a bheith rannpháirteach san imscrúdú agus faisnéis ábhartha a sholáthar. Fuair an Coimisiún barúlacha ó roinnt páirtithe leasmhara. I gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán IPI, chuir an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas go rialta maidir le dul chun cinn an imscrúdaithe agus na gcomhairliúchán laistigh den Choiste um Bhacainní Trádála a bunaíodh le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2015/1843 3 .

De bhun Airteagal 5(3) de Rialachán IPI, ní mór don Choimisiún an t‑imscrúdú agus na comhairliúcháin a thabhairt i gcrích laistigh de 9 mí tar éis dháta a dtionscnaimh. Faoi Airteagal 5(4) de Rialachán IPI, ar thabhairt i gcrích an imscrúdaithe agus na gcomhairliúchán, ní mór don Choimisiún tuarascáil a chur ar fáil go poiblí ina leagtar amach príomhthorthaí an imscrúdaithe agus an ghníomhaíocht atá beartaithe, agus an tuarascáil sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

II.Raon feidhme an imscrúdaithe agus na bearta agus na cleachtais líomhnaithe

Tá liosta táscach de chatagóirí na bhfeistí leighis a ndéanann na bearta agus na cleachtais líomhnaithe difear dóibh san iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfógra tionscnaimh.

San fhógra tionscnaimh, shainaithin an Coimisiún na catagóirí beart agus cleachtas líomhnaithe seo a leanas: (i) bearta agus cleachtais lena dtugtar tús áite do sholáthar feistí leighis intíre; (ii) bearta agus cleachtais lena gcuirtear srian ar sholáthar earraí allmhairithe, lena n‑áirítear feistí leighis agus (iii) lena bhforchuirtear coinníollacha i soláthar láraithe fheistí leighis na Síne as a n‑eascraíonn tairiscintí thar a bheith íseal nach féidir le cuideachtaí atá dírithe ar bhrabús a sheasamh.  

Cumhdaíonn raon feidhme an imscrúdaithe bearta agus cleachtais i nósanna imeachta soláthair phoiblí atá ábhartha do gach feiste leighis. De réir bhrí Airteagal 2(1)(i) de Rialachán IPI, ciallaíonn beart nó cleachtas aon bheart, nós imeachta nó cleachtas reachtach, rialála nó riaracháin, nó teaglaim díobh sin, arna nglacadh nó arna gcoinneáil ar bun ag údaráis phoiblí nó ag údaráis chonarthacha aonair nó ag eintitis chonarthacha aonair ar aon leibhéal.

Mheas an Coimisiún an creat dlíthiúil agus fíorasach a bhí ann sa tSín agus an fhaisnéis a bhí ar fáil go dtí mí na Samhna 2024.

Tá tuilleadh sonraí maidir leis na bearta agus na cleachtais líomhnaithe ar fáil sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis seo.

III.Torthaí an imscrúdaithe 

Deimhníodh san imscrúdú gur ann do na bearta agus na cleachtais a luaitear san fhógra tionscnaimh agus go bhfuil siad á gcur i bhfeidhm agus shainaithin an Coimisiún bearta agus cleachtais bhreise. Léiríodh san imscrúdú gur dhá ghné idirnasctha de bheartas ‘Buy China’ arna chur chun feidhme ag Rialtas na Síne iad na bearta agus na cleachtais lena dtugtar tús áite do sholáthar feistí leighis intíre agus na bearta agus na cleachtais lena gcuirtear srian le soláthar feistí leighis allmhairithe, dá dtagraítear san fhógra tionscnaimh, agus go bhfágann an méid sin go leagtar síos tosaíocht is infheidhme go ginearálta maidir le soláthar feistí leighis intíre chun dochair feistí leighis allmhairithe. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún scrúdú comhpháirteach a dhéanamh ar an dá chineál beart agus cleachtas sin, agus ar an soláthar láraithe cainníochtbhunaithe ar leithligh.

1.Beartas ‘Buy China’

1.1.Bearta beartais lena spreagtar tionscal intíre na bhfeistí leighis

Chinn an Coimisiún go meastar gur tionscal straitéiseach é tionscal na bhfeistí leighis sa tSín, go háirithe a dheighleog ardleibhéil, agus go spreagtar é trí uirlisí beartais éagsúla, go háirithe an soláthar poiblí.

Tá feistí leighis ardfheidhmíochta ar cheann de na deich bpríomhtionscal a aithnítear i Straitéis ‘Made in China 2025’ 4 (‘MIC 2025’) agus i dTreochlár teicneolaíochta ‘Made in China 2025’ le haghaidh príomhearnálacha 5 (‘Treochlár MIC’), lena sonraítear spriocanna do gach earnáil a aithnítear i MIC 2025, agus lena leagtar amach go mba cheart go sroichfeadh méid na bhfeistí leighis ardleibhéil arna dtáirgeadh sa tír 50 % de na feistí leighis a fhaigheann ospidéil chontae faoi 2020, 70 % faoi 2025 agus 95 % faoi 2030.

Leis an 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Forbairt Earnáil an Trealaimh Leighis 6 , moltar feistí leighis ardleibhéil a fhorbairt trí bhíthin an tsoláthair phoiblí 7 , i measc uirlisí tacaíochta eile, agus é mar chuspóir soláthar intíre a chur in ionad táirgí allmhairithe 8 . Thairis sin, leagtar amach treoracha maidir le tús áite a thabhairt do cheannach táirgí intíre i ndoiciméid bheartais agus dhlíthiúla éagsúla, amhail An Plean Forbartha Meántéarmach agus Fadtéarma don Eolaíocht agus don Teicneolaíocht (2006-2020) 9 , Fógra ón gComhairle Stáit maidir le hEisiúint agus Cur Chun Feidhme Roinnt Bearta Tacaíochta i ndáil leis an Achoimre ar an bPlean Forbartha Meántéarmach agus Fadtéarma don Eolaíocht agus don Teicneolaíocht (2006-2020), Guo Fa [2006] Uimh. 6 10 , Fógra maidir leis an Athchóiriú ar an gCóras Sláinte a Dhoimhniú, Guo Ban Fa [2015] Uimh. 34 11 , Tuairimí Treoracha ó Oifig Ghinearálta na Comhairle Stáit maidir le Forbairt Shláintiúil an Tionscail Cógaisíochta, Guo Ban Fa [2016] Uimh. 11 12 agus Tuairimí Treoracha maidir le hInfheistíocht i dTionscail Straitéiseacha atá ag Teacht Chun Cinn a Leathnú agus maidir le Pointí Úra Fáis agus Réimsí Úra Fáis a Chothú, Doiciméad Uimh. 1409 ón Roinn Ardteicneolaíochta, An Coimisiúin um Fhorbairt agus Athchóiriú Náisiúnta (2020) 13 .

Chinn an Coimisiún freisin go dtáirgeann Comhlachas Trealamh Leighis na Síne (‘an Comhlachas’) catalóg dar teideal Catalóg Roghnúcháin na dTáirgí Trealaimh Liachta Intíre den Scoth (‘an Chatalóg’) 14 ar bhonn rialta faoi stiúir Choimisiún Sláinte Náisiúnta DhaonPhoblacht na Síne 15 . Is é ‘táirgí branda neamhspleácha intíre’ raon feidhme an roghnúcháin. I roinnt doiciméad beartais 16 , cuirtear an Chatalóg i láthair mar uirlis chun úsáid agus ceannach feistí leighis intíre ag institiúidí leighis agus cúraim sláinte a chur chun cinn i gcomhréir le Dlí Soláthair Rialtais na Síne 17 (‘an Dlí Soláthair Rialtais’) mar bhealach chun an cuspóir maidir le neartú thionscal feistí leighis na Síne a chur chun cinn. Chinn an Coimisiún freisin go bhfuil an Comhlachas faoi réir rialú an Stáit, nó go bhfuil sé faoi réir thionchar láidir an Stáit ar a laghad, agus is féidir a mheas, dá bhrí sin, gur eagraíocht gar-rialtais é.

Tá tuilleadh sonraí i Roinn 2.1.1. den Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis seo maidir leis na bearta beartais thuasluaite.

1.2.Bearta dlíthiúla a bhaineann leis an mbeartas ‘Buy China’ maidir le soláthar poiblí feistí leighis

Is é Airteagal 10 den Dlí Soláthair Rialtais an príomhphíosa reachtaíochta, agus cuirtear chun feidhme é trí bhearta eile ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal cúige. Déantar foráil in Airteagal 10 den Dlí Soláthair Rialtais maidir le tosaíocht is infheidhme go ginearálta do sholáthar earraí agus seirbhísí intíre, lena náirítear feistí leighis, rud as a neascraíonn idirdhealú in aghaidh earraí allmhairithe. Rialaítear soláthar earraí allmhairithe leis na Bearta Riaracháin le haghaidh Soláthar Earraí Allmhairithe (na ‘Bearta Riaracháin’) 18 , ar bearta iad ‘a ceapadh [...] i gcomhréir leis an Dlí Soláthair Rialtais’. Meabhraítear sna Bearta Riaracháin an prionsabal a leagtar síos in Airteagal 10 den Dlí Soláthair Rialtais ‘i gcás soláthair rialtais, ceannófar táirgí intíre’ agus déantar foráil iontu maidir le nós imeachta formheasa sonrach anásta chun táirgí allmhairithe a sholáthar nuair atá ‘fíorghá’ leis an méid sin. Leis na Bearta Riaracháin, tugtar tosaíocht freisin do tháirgí allmhairithe lena naistrítear teicneolaíocht chuig cuideachtaí Síneacha. Tá bearta áitiúla tugtha isteach ag rialtais chúige éagsúla chun na Bearta Riaracháin a chur chun feidhme, agus tá ceanglais bhreise agus/nó ceanglais níos déine leagtha síos ag cuid acu. Ina theannta sin, mar a mhínítear a thuilleadh i Roinn 2.1.2. den Doiciméad Inmheánach Oibre, rinne rialtais áitiúla áirithe liostaí bliantúla d’fheistí leighis allmhairithe a eisiúint agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, ar feistí iad a bhfuil feidhm ag leagan simplithe den nós imeachta formheasa le haghaidh soláthair ag baint leo. Léirítear san imscrúdú gur laghdaíodh de réir a chéile líon na bhfeistí leighis a áirítear ar na liostaí sin.

Thairis sin, shuigh an Coimisiún go bhfuil an fógra dar teideal Fógra maidir le hEisiúint ‘Treoirchaighdeáin Iniúchóireachta maidir le Soláthar Rialtais Táirgí Allmhairithe’ (Eagrán 2021) (‘Doiciméad 551’) 19 , lena leagtar síos ceanglas ar gach údarás áitiúil soláthar táirgí intíre a mhéadú le haghaidh 178 gcatagóir d’fheistí leighis, á chur i bhfeidhm ar fud chríoch na Síne. Tá gealltanas tugtha ag ospidéil phoiblí dul níos faide ná na sprioc-scaireanna a leagtar amach le haghaidh táirgí intíre san fhógra sin 20 , agus tá spriocanna éagsúla idir 25 % agus 100 % leagtha amach acu ag brath ar an gcatagóir, agus tá sprioc 100 % ann i gcás 137 gcatagóir.

Ar deireadh, in Airteagal 22 den Chiorclán ón Aireacht Sláinte maidir Priontáil agus a Dáileadh na mBeart le haghaidh Riaradh Trealaimh Leighis in Institiúidí Leighis agus Sláinte, Wei Gui Cai Fa [2011] Uimh. 24 21 , meabhraítear na rialacha lena rialaítear soláthar feistí leighis allmhairithe 22 , a leagtar síos sna Bearta Riaracháin agus ina bhearta cur chun feidhme.

Tugtar forléargas cuimsitheach ar na bearta dlíthiúla sin i Roinn 2.1.2. den Doiciméad Inmheánach Oibre.

1.3.Cur i bhfeidhm na mbeart agus na gcleachtas a bhaineann leis an mbeartas ‘Buy China’

Chun méid na saincheisteanna a dtugtar tuairisc orthu thuas a dheimhniú, rinne an Coimisiún imscrúdú ar na cleachtais soláthair iarbhír le haghaidh feistí leighis atá forleathan sa tSín i roinnt tairseacha soláthair 23 . D’éirigh leis an gCoimisiún teacht ar fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí le haghaidh tacar de bhreis agus 380 000 tairiscint soláthair maidir le feistí leighis a rinneadh idir Eanáir 2017 agus an 31 Bealtaine 2024. Mar sin féin, ní raibh faisnéis, i bhfoirm inrochtana, maidir le critéir incháilitheachta agus coinníollacha eile rannpháirtíochta le haghaidh tairgeoirí ionchasacha ar fáil ach i 35 504 de na tairiscintí sin (dá ngairtear ‘an sampla’ anseo feasta). Léiríonn an méid sin go bhfuil easpa thromchúiseach trédhearcachta ag baint le nósanna imeachta soláthair na Síne toisc nach bhfuil doiciméid agus faisnéis fhíor-riachtanach ar fáil i bhfoirm inrochtana i bhformhór mór na dtairiscintí foilsithe. Leis an measúnú ar an sampla, léirítear go soiléir cineál sistéamach agus athfhillteach na mbeart agus na gcleachtas, a bhfuil idirdhealú i gceist leo ar roinnt bealaí: (a) cuireann údaráis chonarthacha na Síne srianta ar sholáthar earraí allmhairithe i bhfeidhm i ngach catagóir feistí leighis; (b) tá srianta soláthair le fáil i gcúigí uile na Síne (seachas an Tibéid) agus i mbreis agus 300 cathair ar fud na Síne, agus (c) tá toirmeasc ar fheistí leighis allmhairithe agus tá roinnt cineálacha eile idirdhealaithe dhírigh agus indírigh le fáil in 87 % de na tairiscintí sa sampla atá ar fáil go poiblí 24 . Rinne an Coimisiún mionanailís ar dara sampla ar leithligh 25 inar díríodh ar thairiscintí a raibh toirmisc shainráite agus ceanglais idirdhealaitheacha ag gabháil leo, agus orthu sin amháin, agus d’aimsigh sé go raibh toirmisc shainráite ar fheistí leighis allmhairithe i gceist i 36 % de na tairiscintí lena mbaineann in 2022, rud a mhéadaigh go 43 % in 2023 agus go 53 % sa chéad leath de 2024. Léiríonn an méid sin méadú leanúnach ar an toirmeasc sainráite ar fheistí leighis allmhairithe i measc na dtairiscintí atá i gceist.

Maidir leis an spriocsciar de tháirgí intíre a leagtar síos le Doiciméad 551, léirítear i staidéar dar teideal ‘Hospital Priorities 2023 China Edition: Strategic Implications for Medtech Companies’ 26  , arna eisiúint i Mí Lúnasa 2023 ag L.E.K. Consulting, go bhfuil na spriocanna a leagtar síos i nDoiciméad 551 curtha chun feidhme den chuid is mó cheana féin ag ospidéil phoiblí sa tSín agus go bhfuil siad tiomanta iad a chur chun feidhme a thuilleadh, fiú sa bhreis ar na táirgí a liostaítear ann.

D’aimsigh an Coimisiún tairiscintí freisin inar bronnadh pointí breise ar fheistí leighis a liostaítear i gCatalóg an Chomhlachais le linn an phróisis meastóireachta tairisceana nó i gcás ina n‑éilítear leis na sonraíochtaí teicniúla go liostaítear táirgí sa Chatalóg sin.

2.Soláthar cainníochtbhunaithe láraithe

2.1.Bearta lena rialaítear soláthar cainníochtbhunaithe

Shainaithin an Coimisiún an creat dlíthiúil is infheidhme agus na bunphrionsabail lena rialaítear soláthar cainníochtbhunaithe láraithe. Tugtar mionsonraí ina leith sin sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis seo.

Tá soláthar cainníochtbhunaithe feistí leighis bunaithe ar chainníochtaí anmhór táirgí a fháil atá faoi réir iomaíocht láidir ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal cúige chun praghsanna níos ísle a fháil. Chun praghsanna níos ísle a bhaint amach, socraíonn an teintiteas a eagraíonn an tairiscint líon uasta iomaitheoirí sa bhabhta ceannais, leagann sé síos praghas tagartha uasta (nó uasteorainn) 27 agus corrlaigh praghsanna uasta chun tairiscintí a roghnú, mar a mhínítear in aithrisí (63) go (66) den Doiciméad Inmheánach Oibre. Cuireann sé sin iallach ar thairgeoirí an praghas is ísle is féidir a thairiscint, ós rud é go bhforchuirtear leis na critéir roghnúcháin diallas uasta ón bpraghas tairisceana is ísle, agus in aon chás ní mór an praghas a thairgtear a bheith faoi bhun an phraghais tagartha. Ní fhoilsítear na paraiméadair a úsáidtear chun an praghas tagartha a ríomh. I dtairiscintí cainníochtbhunaithe ina dhiaidh sin le haghaidh na bhfeistí leighis céanna, socraíodh an praghas tagartha ar leibhéil níos ísle fós. Ní théann na tairgeoirí san iomaíocht ach amháin ar an bpraghas (i.e. bíonn an bua ag na tairiscintí is ísle) agus bronntar an conradh do ghrúpa tairgeoirí a ráthaíonn na cainníochtaí arna niarradh ar an bpraghas is ísle. Dá bhrí sin, sa soláthar cainníochtbhunaithe, tá leibhéal an phraghais tagartha, agus go háirithe na corrlaigh phraghais le haghaidh tairiscintí inghlactha, cinntitheach chun an iomaíocht i measc tairgeoirí a theorannú.

I mbearta áirithe lena rialaítear soláthar cainníochtbhunaithe, tagraítear go sonrach don aidhm tacú le táirgí intíre. I ndáil leis sin, tá sé mar chuspóir ginearálta ag an bhfógra dar teideal Fógra maidir leis an bplean athchóirithe chun tomhaltáin leighis ardluacha a bhainistiú, Guo Ban Fa [2019] Uimh. 37 28 , a bhfuil feidhm aige freisin maidir le heagrú sholáthar cainníochtbhunaithe na dtomhaltán leighis, ‘tacú le tomhaltáin leighis ardluacha intíre ag a bhfuil cearta maoine intleachtúla dúchasacha a dhéanamh níos iomaíoch’. Ina theannta sin, luaitear sa Litir Árachais Leighis [2022] Uimh. 136 ón Riarachán Náisiúnta um Shlándáil Leighis 29 go bhfuil soláthar láraithe cainníochtbhunaithe ‘ag tacú go hoibiachtúil le fiontair ardcháilíochta intíre den cháilíocht chéanna ach ar chostas níos ísle chun an comórtas a bhuachan’

2.2.Soláthar cainníochtbhunaithe a chur i bhfeidhm

Shuigh an Coimisiún gur eagraigh an tSín, tráth an imscrúdaithe, nósanna imeachta soláthair cainníochtbhunaithe náisiúnta le haghaidh cúig chatagóir de thomhaltáin leighis ardleibhéil 30 agus le haghaidh roinnt catagóirí eile ar leibhéal cúige 31 .

Tháinig laghdú suntasach ar phraghsanna mar thoradh ar na tairiscintí sin. Mar shampla, ba é 82 % an meánlaghdú praghais a bhí ann mar thoradh ar sholáthar cainníochtbhunaithe alt saorga 32 , agus bhí laghdú níos mó ná 90 % ar phraghsanna mar thoradh ar an tairiscint náisiúnta soláthair cainníochtbhunaithe le haghaidh steintíní corónacha a rinneadh i mí na Samhna 2020 33 . Chinn an Coimisiún freisin gur bhuaigh cuid de na monaróirí feistí leighis is mó sa tSín, a bhain tairbhe as tacaíocht airgeadais, tairiscintí cainníochtbhunaithe as ar tháinig laghduithe suntasacha ar phraghsanna mar a mhínítear in aithrisí (68) go (72) den Doiciméad Inmheánach Oibre.

Tá tuilleadh sonraí i Roinn 2.3. den Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis seo maidir le cur i bhfeidhm na mbeart agus na gcleachtas.

IV.Comhairliúcháin le Rialtas na Síne

Phléigh an Coimisiún na bearta agus na cleachtais líomhnaithe uile le Rialtas na Síne, chomh maith lena gcur i bhfeidhm agus a gcur chun feidhme i margadh soláthair feistí leighis na Síne. Níor chuir Rialtas na Síne in aghaidh na mbeart agus na gcleachtas líomhnaithe a bheith ann, go gcruthaíonn siad tosaíocht i gconarthaí soláthair phoiblí d’fheistí leighis a mhonaraítear sa tSín agus go bhforchuireann siad nósanna imeachta sonracha chun feistí leighis allmhairithe a sholáthar. Mhaígh Rialtas na Síne, áfach, gan argóintí ná cruthúnas áititheach a chur ar fáil, nach gcuirtear cuid de na bearta sin chun feidhme sa chleachtas. Ag deireadh na gcomhairliúchán, d’fhéach an Coimisiún agus Rialtas na Síne ar réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann. Mhaígh Rialtas na Síne go bhféadfaí ábhair imní an Aontais a réiteach le haontachas na Síne leis an gComhaontú maidir le Soláthar Rialtais 34 amach anseo, agus thug sé le fios go láidir ag an am céanna nach nosclódh sé a mhargadh soláthair go haontaobhach i ndáil le feistí leighis agus mhol sé ina ionad sin comhaontú déthaobhach cuimsitheach a chaibidliú idir an tAontas Eorpach agus an tSín maidir le soláthar rialtais. An 30 Lúnasa 2024, sheol an tSín Nóta Briathartha inar iarradh deireadh a chur leis an imscrúdú agus comhaontú déthaobhach den sórt sin a chaibidliú ina ionad sin. D’fhreagair an Coimisiún le Nóta Briathartha an 7 Deireadh Fómhair 2024 agus mhínigh sé na cúiseanna nach bhféadfadh sé deireadh a chur leis an imscrúdú IPI ar na forais seo 35 . Tá tuilleadh faisnéise maidir leis na comhairliúcháin le Rialtas na Síne i Roinn 3 den Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis seo.

 

V.Measúnú ar na bearta agus ar na cleachtais a sainaithníodh le linn an imscrúdaithe

Deimhníodh leis an imscrúdú gur ann do na bearta agus do na cleachtais a dtugtar tuairisc orthu i Roinn III thuas agus a mhínítear a thuilleadh i Roinn 2 den Doiciméad Inmheánach Oibre agus go gcuireann údaráis soláthair agus eintitis sa tSín i bhfeidhm iad. Tugtar ‘na bearta agus na cleachtais’ orthu go comhpháirteach anseo thíos ach amháin má thagraítear do bheart sonrach ar bhonn aonair.

Léirítear san anailís ar na bearta agus ar na cleachtais atá faoi imscrúdú go bhfuil córas ilsrathach uileghabhálach curtha i bhfeidhm ag an tSín trí bhearta agus cleachtais den sórt sin, ar córas é a bhfuil tosaíocht is infheidhme go ginearálta maidir le feistí leighis intíre a sholáthar ag baint leis, rud a d’fhág go ndearnadh idirdhealú córasach in aghaidh feistí leighis allmhairithe agus oibreoirí eacnamaíocha eachtracha, agus beartas cuimsitheach ‘Buy China’ á chur i bhfeidhm.

Is é Airteagal 10 den Dlí Soláthair Rialtais bunchloch an chórais uileghabhálaigh seo, atá i gcroílár beartais ‘Buy China’ atá á chur chun feidhme ag Rialtas na Síne. Leis an bhforáil sin, cuirtear oibleagáid atá ceangailteach ó thaobh dlí de ar eintitis chonarthacha feistí leighis intíre a cheannach in ionad feistí leighis allmhairithe aon uair a bhíonn an dá chineál feistí leighis in iomaíocht lena chéile agus gur rogha réasúnta malartach iad na feistí leighis intíre. Treisítear cineál idirdhealaitheach na hoibleagáide ginearálta sin leis an nós imeachta trom formheasa le haghaidh soláthar earraí allmhairithe, lena n‑áirítear feistí leighis, a leagtar síos sna Bearta Riaracháin, rud a chuireann srian suntasach ar chumas eintiteas conarthach feistí leighis allmhairithe a fháil. Chuige sin, an gá atá ann formheas sonrach a fháil ó na ranna airgeadais áitiúla, bunaithe ar mheasúnú arna dhéanamh ag sainghrúpa ar shonraíochtaí teicniúla agus ar úsáid fheidhmiúil na n‑earraí allmhairithe atá i gceist chun a shuí nach bhfuil aon roghanna malartacha intíre ann, is ionann an méid sin agus díspreagadh suntasach d’eintitis chonarthacha earraí allmhairithe a fháil. Go deimhin, ní mór dóibh próiseas breise anásta de thoradh neamhchinnte a dhéanamh mar aon le gnátheagrú an nós imeachta tairisceana. Treisítear an srian a thuilleadh leis na bearta cúige éagsúla lena mbunaítear nósanna imeachta formheasa breise chun feistí leighis allmhairithe a sholáthar.

Leis na Bearta Riaracháin agus na bearta cúige comhfhreagracha cuirtear srian suntasach ar sholáthar earraí allmhairithe, go háirithe feistí leighis, agus dá bhrí sin cuirtear srian ar rochtain oibreoirí eacnamaíocha an Aontais a thairgeann feistí leighis allmhairithe, fiú i gcás ina gceadaítear feistí leighis den sórt sin a áireamh i dtairiscintí soláthair, toisc go dtugtar tús áite do na hearraí allmhairithe sin atá nasctha le haistriú teicneolaíochta chuig cuideachtaí intíre. Cuireann sé sin isteach go mór ar rannpháirtíocht tairgeoirí féideartha de chuid an Aontais nach mian leo a dteicneolaíocht a roinnt le hiomaitheoirí féideartha.

Maidir le feistí leighis, cuirtear córas ilsrathach na dtosaíochtaí intíre i bhfeidhm a thuilleadh agus treisítear é le dhá phríomhbheart earnáilsonracha. Is é an chéad bheart an Ciorclán ón Aireacht Sláinte maidir le Priontáil agus Dáileadh na mBeart chun Trealamh Leighis a Riar in Institiúidí Leighis agus Sláinte, Wei Gui Cai Fa, [2011] Uimh. 24 36 , lena leagtar béim ar an oibleagáid na nósanna imeachta formheasa a chur i bhfeidhm go docht chun feistí leighis allmhairithe a cheannach i gcomhréir le forálacha ábhartha an Stáit. Is é ‘Doiciméad 551’ an dara beart, lena bhforchuirtear spriocanna anard maidir le soláthar feistí leighis intíre agus lena dtugtar treoir feistí leighis allmhairithe a eisiamh go hiomlán in 137 gcatagóir. Cruthaíonn na spriocanna sin díspreagadh láidir d’údaráis chonarthacha feistí leighis allmhairithe a cheannach fiú i gcás ina bhformheastar an ceannach sin, toisc dá mhéad tairiscintí a bhronntar ar thairgeoirí a thairgeann feistí leighis allmhairithe, is deacra don údarás conarthach na spriocanna ábhartha a bhaint amach. Cé gur eisíodh Doiciméad 551 i bhfoirm ‘caighdeáin threoracha iniúchóireachta’, tá na spriocanna a leagtar amach ann leagtha síos go soiléir ag Rialtas na Síne, agus níl aon léiriú ann gur gá d’ospidéil phoiblí na spriocanna sin a bhaint amach, ar ospidéil iad a bhraitheann a gcistiú agus a neagrú ar an Stát nó ar leibhéil fho-lárnacha an rialtais. Ina theannta sin, mar a mhínítear i Roinn III 1.3. thuas agus ar bhealach níos mionsonraithe in aithris (59) den Doiciméad Inmheánach Oibre, tá gealltanas láidir tugtha ag ospidéil phoiblí na spriocanna sin a bhaint amach nó dul iad a shárú. Dá bhrí sin, is féidir teacht ar an gconclúid nach spreagadh amháin atá sna spriocanna d’eintitis chonarthacha atá go hiomlán neamhspleách agus a d’fhéadfadh cinneadh a dhéanamh neamhaird a dhéanamh díobh. Ina ionad sin, is éard atá iontu ná treoir d’eintitis chonarthacha maidir letorthaí sonracha a bhaint amach, agus dá bhrí sin cuireann siad srian suntasach ar chumas tairgeoirí de chuid an Aontais a thairgeann feistí leighis allmhairithe a bheith rannpháirteach i dtairiscintí poiblí.

Ina theannta sin, mar thoradh ar fheistí leighis ardfheidhmíochta a bheith san áireamh ar liosta na dtáirgí ‘spreagtha’ a shainaithnítear in MIC 2025, tugadh treoir d’ospidéil chontae spriocanna an‑ard a bhaint amach maidir leis an sciar de sholáthar feistí leighis ardleibhéil a tháirgtear ar bhonn intíre, 70 % faoi 2025 agus 95 % faoi 2030 i dTreochlár MIC, rud a fhágfadh, de facto, go mbeadh sé beagnach dodhéanta ag táirgí allmhairithe rochtain a fháil ar chuid shuntasach de mhargadh soláthair phoiblí na Síne.

Tá feidhm ag córas uileghabhálach na dtosaíochtaí is infheidhme go ginearálta ar fud chríoch na Síne. Go deimhin, léiríonn an anailís ar shampla na dtairiscintí dá dtagraítear i Roinn III  1.3 thuas agus i Roinn 2.3.1 den Doiciméad Inmheánach Oibre go bhfuil riachtanais lena gcuirtear srian ar sholáthar feistí leighis allmhairithe forleathan i margadh soláthair na Síne agus go bhfuil tionchar acu ar gach catagóir feistí leighis.

Mar gheall ar an easpa shuntasach trédhearcachta sa mhargadh soláthair phoiblí sa tSín, ní raibh an Coimisiún in ann ach fothacar de thairiscintí a bhí ar fáil go poiblí a bhailiú, lena n‑áirítear, i bhformáid inrochtana, na ceanglais tairisceana ábhartha. Mar sin féin, tá sampla na dtairiscintí a scrúdaigh an Coimisiún ionadaíoch go leor chun léargas a thabhairt ar a mhéid a chuir údaráis chonarthacha srian ar sholáthar feistí leighis allmhairithe, toisc nach bhfuil aon chúis lena mheas nach mbeadh na ceanglais tairisceana sna tairiscintí neamh‑thrédhearcacha chomh sriantach céanna leis na ceanglais sin dá mbeadh rochtain orthu go poiblí. Tá toirmisc shainráite agus intuigthe agus ceanglais idirdhealaitheacha araon le fáil in 87 % de na tairiscintí a scrúdaíodh, agus tá méadú tagtha ar líon na dtoirmeasc sainráite thar na blianta, rud atá ag teacht le cuspóir dearbhaithe Rialtas na Síne feistí leighis intíre a chur in ionad feistí leighis allmhairithe ar fud mhargadh soláthair iomlán na tíre.

An córas uileghabhálach tosaíochtaí is infheidhme go ginearálta maidir le soláthar feistí leighis intíre ar a dtugtar tuairisc thuas, cuireann sé isteach go suntasach ar an rochtain atá ag oibreoirí an Aontais agus ag feistí leighis arna ndéanamh san Aontas ar mhargadh soláthair phoiblí na Síne. Mar gheall ar nádúr sistéamach agus buan an chórais, a eascraíonn as an bhfíoras go bhfuil na tosaíochtaí intíre leabaithe go láidir i ndlíthe a bhfuil feidhm ghinearálta acu agus i mbearta agus treoirlínte cur chun feidhme, a bhfuil feidhm ghinearálta acu nó a bhaineann go sonrach le feistí leighis, is féidir teacht ar an gconclúid go bhfuil an bac sin tromchúiseach agus athfhillteach de réir bhrí Airteagal 2.1(i) de Rialachán IPI.

Mar thoradh ar an soláthar cainníochtbhunaithe feistí leighis atá curtha i bhfeidhm ag Rialtas na Síne, tairgeann tairgeoirí tairiscintí aníseal do sholáthróirí chun na critéir roghnúcháin a chomhlíonadh laistigh de na corrlaigh phraghais bhunaithe agus chun conarthaí a bhuachan, rud a fhágann go bhfuil laghduithe suntasacha tagtha ar phraghsanna mar a mhínítear i Roinn III  2.2. thuas agus i Roinn 2.3.2 den Doiciméad Inmheánach Oibre. D’ainneoin go bhfuil roinnt cuideachtaí eachtracha i measc na mbuaiteoirí sna tairiscintí cainníochtbhunaithe a eagraíodh le déanaí, agus cé go bhfuil cion aníseal dóibh ann i gcomparáid le cuideachtaí Síneacha, níl sé inbhuanaithe san fhadtéarma praghsanna aníseal a thairiscint do chuideachtaí atá dírithe ar bhrabús nach féidir leo brath ar thacaíocht Stáit.

Éifeacht shriantach na gcoinníollacha faoina ndéantar soláthar cainníochtbhunaithe, d’fhéadfaí é a mhéadú a thuilleadh leis an gcóras mionsaothraithe um aistriú acmhainní a chuir an tSín i bhfeidhm i bhfabhar cuideachtaí feistí leighis de chuid na Síne, mar a mhínítear i Roinn 2.2. den Doiciméad Inmheánach Oibre.

An tacaíocht atá nasctha go sonrach leis an soláthar cainníochtbhunaithe agus a dheonaítear do bhuaiteoirí na dtairiscintí ábhartha a bhfuil gníomhaíochtaí monaraíochta agus taighde agus forbartha acu sa tSín, treisíonn sí éifeacht idirdhealaitheach de facto an tsoláthair chainníochtbhunaithe d’oibreoirí eachtracha agus d’fheistí leighis allmhairithe, toisc go gcruthaíonn sí dreasacht láidir do chuideachtaí intíre na tairiscintí a bhuachan trí phraghsanna thar a bheith íseal a thairiscint. Ar bhonn níos ginearálta, féadfaidh cuideachtaí intíre na critéir roghnúcháin a chomhlíonadh trí phraghsanna an‑íseal a thairiscint mar gheall ar an tacaíocht airgeadais a fhaigheann siad. Fágann an méid sin go mbíonn ciorruithe praghsanna os cionn 90 % ann i dtairiscintí cainníochtbhunaithe áirithe, rud a chiallaíonn go n‑eisítear, de facto, cuideachtaí nach féidir leo tacaíocht airgeadais a fháil.

Dá bhrí sin, mar gheall ar an gcaoi ar leith a bhfuil an soláthar cainníochtbhunaithe leagtha amach sa tSín, cuirtear feistí leighis allmhairithe agus oibreoirí eacnamaíocha eachtracha faoi mhíbhuntáiste suntasach agus is é an toradh a bhíonn air sin idirdhealú agus srianadh de facto, nó fiú eisiamh, oibreoirí eachtracha a allmhairíonn feistí leighis, chomh maith le feistí leighis allmhairithe atá in iomaíocht sna tairiscintí cainníochtbhunaithe sin.

 

Ní mór an toradh sin a mheas i bhfianaise an fhíorais go ndéantar soláthar cainníochtbhunaithe le haghaidh tomhaltáin ardleibhéil éagsúla, lena gcumhdaítear cuid mhór de thomhaltas iomlán na dtomhaltán lena mbaineann sa tSín, agus go bhfuil sé beartaithe catagóirí breise feistí leighis a áireamh leis an soláthar cainníochtbhunaithe amach anseo. Na teorainneacha a bhaineann le bheith rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair den sórt sin, spreagtar ar bhonn de facto iad agus baineann siad beagnach gach deis ghnó de thairgeoirí sna catagóirí táirgí lena mbaineann soláthar cainníochtbhunaithe. Mar thoradh air sin, cuireann leagan amach praiticiúil sholáthar cainníochtbhunaithe na bhfeistí leighis sa tSín isteach go mór agus arís agus arís eile ar rochtain oibreoirí an Aontais agus feistí leighis arna ndéanamh san Aontas ar mhargadh soláthair phoiblí na Síne de réir bhrí Airteagal 2.1(i) de Rialachán IPI.

VI.Conclúid agus cur chuige beartaithe  

Ar bhonn an imscrúdaithe agus na gcomhairliúchán le Rialtas na Síne de bhun Airteagal 5 de Rialachán IPI, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur ann do na bearta agus do na cleachtais a sainaithníodh le linn an imscrúdaithe, a chuir an tSín i bhfeidhm maidir le soláthar feistí leighis, agus go gcuirtear i bhfeidhm iad ar fud chríoch iomlán na Síne. Déanann siad difear do gach catagóir feistí leighis ar bhealach a fhágann go mbíonn bac tromchúiseach athfhillteach ar rochtain oibreoirí eacnamaíocha an Aontais agus feistí leighis arna ndéanamh san Aontas ar an margadh soláthair phoiblí le haghaidh feistí leighis sa tSín.

Níor mhol an tSín aon ghníomhaíocht cheartaitheach shonrach chun an bac tromchúiseach athfhillteach sin ar rochtain a cheartú.

Ar bhonn na dtorthaí thuas, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán IPI d’fhonn beart IPI amháin nó níos mó a ghlacadh de réir bhrí Airteagal 2(1)(j) de Rialachán IPI. 

(1)

     Rialachán (AE) 2022/1031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2022 maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta - IPI), IO L 173, 30.6.2022, lch. 9.

(2)

     Fógra tionscnaimh maidir le himscrúdú de bhun na hIonstraime Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta i ndáil le bearta agus cleachtais Dhaon-Phoblacht na Síne sa mhargadh soláthair phoiblí le haghaidh feistí leighis, (C/2024/2973), IO C, 24.4.2024.

(3)

     Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála, IO L 272, 16.10.2015, lch. 1.

(4)

     Fógra ón gComhairle Stáit maidir le hEisiúint ‘Made in China (2025)’, Uimh. 28 [2005] ón gComhairle Stáit: https://www.gov.cn/zhengce/content/2015-05/19/content_9784.htm

(5)

    https://www.gov.cn/xinwen/2015-09/29/content_2940676.htm  

https://www.cae.cn/cae/html/files/2015-10/29/20151029105822561730637.pdf agus http://www.qbj.gov.cn/qbjq/uploadfiles/ecyq/2019032810262811269.pdf

(6)

     Fógra ó na Deich Roinn maidir le priontáil agus dáileadh an 14ú Plean Cúig Bliana le haghaidh forbairt na hearnála trealaimh leighis, Aireacht na Tionsclaíochta agus na Teicneolaíocht Faisnéise, Liangui [2021] Uimh. 208: https://www.gov.cn/zhengce/zhengceku/2021-12/28/content_5664991.htm  

(7)

     Tugtar treoir sa 14ú Plean Cúig Bliana ‘bainistiú soláthair an rialtais a neartú a thuilleadh agus tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’fhorbairt na hearnála trealaimh leighis’.

(8)

     Go háirithe, leis an 14ú Plean Cúig Bliana foráiltear‘go gcuirfear treoir ar fáil do rialtais áitiúla, cistí tionsclaíocha agus acmhainní sóisialta chun tacú leis an dul chun cinn comhoibríoch sa tionscal leighis agus trealamh leighis, príomhchomhpháirteanna agus bunábhair á bhforbairt, agus chun tacú le hinfheistíocht airgeadais i gclaochlú agus i dtionsclú an dul chun cinn’.

(9)

     Achoimre ar an bPlean Forbartha Meántéarmach agus Fadtéarma don Eolaíocht agus don Teicneolaíocht (2006-2020), An Chomhairle Stáit, Uimh. 9 de 2006: https://www.gov.cn/gongbao/content/2006/content_240244.htm  

(10)

     Ciorclán ón gComhairle Stáit maidir le Priontáil agus Dáileadh Roinnt Bearta Tacaíochta i ndáil le Cur Chun Feidhme Chreat an Phlean Forbartha Mheántéarmaigh agus Fhadtéarmaigh don Eolaíocht agus don Teicneolaíocht (2006-2020), Guo Fa [2006], Uimh. 6: https://www.gov.cn/gongbao/content/2006/content_240246.htm

(11)

     Fógra ó Oifig Ghinearálta na Comhairle Stáit maidir le Priontáil agus Dáileadh na hAchoimre ar Obair 2014 agus ar Phríomhchúraimí Oibre 2015 maidir leis an Athchóiriú ar an gCóras Leighis agus Sláinte a Dhoimhniú, Guo Ban Fa [2015] Uimh. 34: https://www.gov.cn/zhengce/content/2015-05/09/content_9716.htm

(12)

      https://www.gov.cn/zhengce/content/2016-03/11/content_5052267.htm  

(13)

      https://www.ndrc.gov.cn/xxgk/zcfb/tz/202009/t20200925_1239582.html  

(14)

     Féach Cumann Trealamh Leighis na Síne, Fógra maidir le Scothrogha na dTáirgí Trealaimh Leighis Intíre, 2014: http://www.nhc.gov.cn/ewebeditor/uploadfile/2014/05/20140526114014171.pdf . Go dtí seo, roghnaíodh deich mbaisc táirgí lena n-áireamh sa Chatalóg.

(15)

     In 2014, chuir iar-Choimisiún Náisiúnta um Pleanáil Sláinte agus Teaghlaigh na Síne (réamhtheachtaí an Choimisiúin Sláinte Náisiúnta) de chúram ar an gCumann ‘táirgí trealaimh leighis intíre den scoth’ a roghnú.

(16)

     Féach aithris 14 den Doiciméad Inmheánach Oibre chun tuilleadh faisnéise a fháil.

(17)

     Ordú ó Uachtarán Dhaon-Phoblacht na Síne, Uimh. 68, 29 Meitheamh 2002

(18)

     Ciorclán ón Aireacht Airgeadais maidir le hEisiúint na mBeart le haghaidh Soláthar Rialtais Earraí Allmhairithe a Riar, Caiku [2007] Uimh. 119: https://www.gov.cn/zwgk/2008-01/15/content_858659.htm  

(19)

     Fógra maidir le hEisiúint ‘Treoirchaighdeáin Iniúchóireachta maidir le Soláthar Rialtais Táirgí Allmhairithe’ (Eagrán 2021), Nóta Státchiste [2021] Uimh. 551: https://aimg8.dlssyht.cn/u/2074671/ueditor/file/1038/2074671/1629090344664695.pdf/ https://www.cgwenjian.com/view/industry/202110110000184101?zt_id_from=54  

(20)

     Féach an staidéar le L.E.K. Consulting ‘Hospital Priorities 2023 China Edition: Strategic Implications for Medtech Companies’: https://www.lek.com/sites/default/files/PDFs/china-hospital-priorities-2023-medtech.pdf

(21)

      https://www.gov.cn/gongbao/content/2011/content_1960690.htm  

(22)

     Leagtar amach sa fhoráil sin ‘i gcás inar gá trealamh leighis allmhairithe a cheannach, déanfar na nósanna imeachta formheasa chun trealamh allmhairithe a sholáthar a chur i bhfeidhm go docht i gcomhréir le forálacha ábhartha an Stáit’.

(23)

     Féach fonóta 91 sa Doiciméad Inmheánach Oibre.

(24)

     Féach aithrisí (51) – (57) den Doiciméad Inmheánach Oibre.

(25)

     Féach aithris (58) den Doiciméad Inmheánach Oibre.

(26)

     Féach fonóta 21

(27)

     Tugtar ‘an praghas dearbhaithe éifeachtach is airde’ ar an bpraghas sin.

(28)

      https://www.gov.cn/zhengce/content/2019-07/31/content_5417518.htm  

(29)

     Freagra an Riaracháin Náisiúnta um Shlándáil Leighis ar Fhreagra an Chúigiú Seisiún den 13ú Daon-Chomhdháil Náisiúnta ar Mholadh Uimh. 8427:

http://www.nhsa.gov.cn/art/2022/9/1/art_110_8940.html  

(30)

     steintíní corónacha, ailt shaorga, lionsaí ionsúileacha agus tomhaltáin leighis don mhíocháin spóirt, tomhaltáin ortaipéideacha dromlaigh agus ionphlanduithe cochla agus steintíní soithíocha.

(31)

     le haghaidh feistí leighis éagsúla amhail séadairí, balúnchataitéar leathnúcháin agus táirgí fosúcháin mar chuid den chóir leighis ar thráma

(32)

 

https://govt.chinadaily.com.cn/s/202405/31/WS6659a3b2498ed2d7b7eaef3f/centralized‑procurement-of-artificial-joints-boosts-healthcare-accessibility-in-china.html  

(33)

http://www.qinghai.gov.cn/zwgk/system/2021/01/08/010373900.shtml , https://www.cmdi.org.cn/zx_4/xyzl/202101/t20210124_279695.html , http://ybj.gxzf.gov.cn/xwdt/bjdt/t7916501.shtml  

(34)

https://www.wto.org/english/docs_e/legal_e/rev-gpr-94_01_e.pdf  

(35)

     Mheabhraigh an Coimisiún nach é cuspóir an imscrúdaithe comhaontú cuimsitheach maidir le soláthar rialtais a chaibidliú, ach cómhalartacht a bhaint amach agus cothrom iomaíochta a áirithiú, dá dteastaíonn deireadh a chur leis na bacainní idirdhealaitheacha a sainaithníodh.

(36)

  https://www.gov.cn/gongbao/content/2011/content_1960690.htm  

Top