This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025AP0331
P10_TA(2025)0331 – Deforestation Regulation: certain obligations of operators and traders – European Parliament legislative resolution of 17 December 2025 on the proposal for a regulation of the European Parliament and of the Council amending Regulation (EU) 2023/1115 as regards certain obligations of operators and traders (COM(2025)0652 – C10-0263/2025 – 2025/0329(COD)) (Ordinary legislative procedure: first reading)
P10_TA(2025)0331 — An Rialachán maidir le Dífhoraoisiú: oibleagáidí áirithe oibreoirí agus trádálaithe — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2025 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe oibreoirí agus trádálaithe (COM(2025)0652 – C10-0263/2025 – 2025/0329(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
P10_TA(2025)0331 — An Rialachán maidir le Dífhoraoisiú: oibleagáidí áirithe oibreoirí agus trádálaithe — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2025 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe oibreoirí agus trádálaithe (COM(2025)0652 – C10-0263/2025 – 2025/0329(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
IO C, C/2026/2175, 6.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2175/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/2175 |
6.5.2026 |
P10_TA(2025)0331
An Rialachán maidir le Dífhoraoisiú: oibleagáidí áirithe oibreoirí agus trádálaithe
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2025 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe oibreoirí agus trádálaithe (COM(2025)0652 – C10-0263/2025 – 2025/0329(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(C/2026/2175)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2025)0652), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10-0263/2025), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 3 Nollaig 2025 (1), |
|
— |
tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún, |
|
— |
ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 10 Nollaig 2025 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Riail 60 agus Riail 170 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é (2); |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2) Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 26 Samhain 2025 (Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0295).
P10_TC1-COD(2025)0329
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Nollaig 2025 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2025/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe oibreoirí agus trádálaithe
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2025/2650)
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2175/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)