Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025AP0322

P10_TA(2025)0322 — Cúnamh macrairgeadais a sholáthar don Iordáin — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2025 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cúnamh Macrairgeadais breise a sholáthar do Ríocht Haisimíteach na hIordáine (COM(2025)0456 – C10-0186/2025 – 2025/0251(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

IO C, C/2026/2169, 6.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2169/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2169/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2169

6.5.2026

P10_TA(2025)0322

Cúnamh macrairgeadais a sholáthar don Iordáin

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2025 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cúnamh Macrairgeadais breise a sholáthar do Ríocht Haisimíteach na hIordáine (COM(2025)0456 – C10-0186/2025 – 2025/0251(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2026/2169)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2025)0456),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 212(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10-0186/2025),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 10 Nollaig 2025 go ndéanfaí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 60 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A10-0245/2025),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


P10_TC1-COD(2025)0251

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Nollaig 2025 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2026/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais do Ríocht Haisimíteach na hIordáine

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2026/188.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2169/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top