Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025AP0296

P10_TA(2025)0296 — Éifeachtúlacht ráthaíocht AE a mhéadú faoin Rialachán InvestEU agus ceanglais tuairiscithe a shimpliú — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2025 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2015/1017, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695 agus (AE) 2021/1153 a mhéid a bhaineann le héifeachtúlacht ráthaíocht AE a mhéadú faoi Rialachán (AE) 2021/523 agus ceanglais tuairiscithe a shimpliú (COM(2025)0084 – C10-0036/2025 – 2025/0040(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

IO C, C/2026/1731, 24.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1731/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1731/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1731

24.4.2026

P10_TA(2025)0296

Éifeachtúlacht ráthaíocht AE a mhéadú faoin Rialachán InvestEU agus ceanglais tuairiscithe a shimpliú

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2025 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2015/1017, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695 agus (AE) 2021/1153 a mhéid a bhaineann le héifeachtúlacht ráthaíocht AE a mhéadú faoi Rialachán (AE) 2021/523 agus ceanglais tuairiscithe a shimpliú (COM(2025)0084 – C10-0036/2025 – 2025/0040(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2026/1731)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2025)0084),

ag féachaint d’Airteagal 294(2), agus d’Airteagal 172 agus d’Airteagal 173, d’Airteagal 175(3), d’Airteagal 182(1), Airteagal 183, d’Airteagal 188(2), agus d’Airteagal 194 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10-0036/2025),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 29 Aibreán 2025  (1),

tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas de bhun Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta ag na coistí freagracha, agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 8 Deireadh Fómhair 2025 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 60 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Buiséid agus an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta faoi Riail 59 de na Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0117/2025),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


(1)   IO C, C/2025/3199, 2.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3199/oj.


P10_TC1-COD(2025)0040

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 26 Samhain 2025 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2025/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2015/1017, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695 agus (AE) 2021/1153 a mhéid a bhaineann le héifeachtúlacht ráthaíocht AE a mhéadú faoi Rialachán (AE) 2021/523 agus ceanglais tuairiscithe a shimpliú

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2025/2005.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1731/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top