This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025AP0279
P10_TA(2025)0279 – Safety of toys and repealing Directive 2009/48/EC – European Parliament legislative resolution of 25 November 2025 on the Council position at first reading with a view to the adoption of a regulation of the European Parliament and of the Council on the safety of toys and repealing Directive 2009/48/EC (09663/1/2025 – C10-0251/2025 – 2023/0290(COD)) (Ordinary legislative procedure: second reading)
P10_TA(2025)0279 — Sábháilteacht bréagán agus Treoir 2009/48/CE a aisghairm — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Samhain 2025 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht bréagán agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/48/CE (09663/1/2025 – C10-0251/2025 – 2023/0290(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)
P10_TA(2025)0279 — Sábháilteacht bréagán agus Treoir 2009/48/CE a aisghairm — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Samhain 2025 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht bréagán agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/48/CE (09663/1/2025 – C10-0251/2025 – 2023/0290(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)
IO C, C/2026/1723, 24.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1723/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1723 |
24.4.2026 |
P10_TA(2025)0279
Sábháilteacht bréagán agus Treoir 2009/48/CE a aisghairm
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Samhain 2025 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht bréagán agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/48/CE (09663/1/2025 – C10-0251/2025 – 2023/0290(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)
(C/2026/1723)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (09663/1/2025 – C10-0251/2025), |
|
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13 Nollaig 2023 (1), |
|
— |
ag féachaint don seasamh uaithi ar an gcéad léamh (2) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0462), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas de bhun Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta ag an gcoiste freagrach, |
|
— |
ag féachaint do Riail 68 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A10-0227/2025), |
|
1. |
ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh; |
|
2. |
ag cur sonrú sa dearbhú ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith C); |
|
3. |
ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle; |
|
4. |
á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; |
|
5. |
á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta ar fad curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; |
|
6. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
(1) IO C, C/2024/1577, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1577/oj.
(2) IO C, C/2025/1032, 27.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1032/oj.
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
DEARBHÚ ÓN gCOIMISIÚN TRÁTH A GLACADH RIALACHÁN (AE) 2025/2509
Déanann an Coimisiún meastóireacht thráthrialta chórasach ar cheimiceáin ghuaiseacha a bheith i mbréagáin, agus an fhianaise eolaíoch atá ar fáil á cur i gcuntas, d’fhonn na teorainnluachanna nó na coinníollacha maidir le substaintí ceimiceacha sonracha nó meascáin cheimiceacha shonracha a bheith i mbréagáin a oiriúnú i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2025/2509 maidir le sábháilteacht bréagán. Chun na críche sin, iarrfaidh an Coimisiún tuairim ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán maidir le sábháilteacht nítreasaimíní agus substaintí in-níotrósáithithe, i bhfianaise an nochta fhoriomláin, laistigh de 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin. Chun na críche céanna, iarrfaidh an Coimisiún tuairim ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán maidir le sábháilteacht luaidhe, caidmiam, mearcair agus cróimiam vi i mbréagáin, i bhfianaise an nochta fhoriomláin, laistigh de 24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1723/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)