Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025AP0102

P10_TA(2025)0102 — Infheistíochtaí coigríche isteach san Aontas a scagadh — Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 8 Bealtaine 2025 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinfheistíochtaí coigríche isteach san Aontas a scagadh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2024)0023 – C9-0011/2024 – 2024/0017(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

IO C, C/2026/599, 24.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/599/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/599/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/599

24.2.2026

P10_TA(2025)0102

Infheistíochtaí coigríche isteach san Aontas a scagadh

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 8 Bealtaine 2025 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinfheistíochtaí coigríche isteach san Aontas a scagadh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2024)0023 – C9-0011/2024 – 2024/0017(COD))  (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2026/599)

Leasú 1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

Cuireann infheistíochtaí san Aontas lena fhás trí fheabhas a chur ar a iomaíochas, trí phoist agus barainneachtaí scála a chruthú, agus trí chaipiteal, teicneolaíochtaí, nuálaíocht agus saineolas a thabhairt isteach leo.

(1)

Is díol sásaimh don Aontas infheistíochtaí coigríche toisc go gcuireann siad lena fhás trí fheabhas a chur ar a iomaíochas, trí phoist agus barainneachtaí scála a chruthú, agus trí chaipiteal, teicneolaíochtaí, nuálaíocht agus saineolas a thabhairt isteach leo.

Leasú 2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)

Mar sin féin, faoi ghealltanais idirnáisiúnta a rinneadh san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), san Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), agus sna comhaontuithe trádála agus infheistíochta a tugadh i gcrích le tríú tíortha, is féidir leis an Aontas agus leis na Ballstáit srian a chur ar infheistíochtaí díreacha coigríche (IDCanna) ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí, faoi réir ceanglais áirithe.

(3)

Mar sin féin, luaitear in Airteagal 21(2) CAE go bhfuil sé d’aidhm ag beartais agus gníomhaíochtaí an Aontais a luachanna, a leasanna bunúsacha, a shlándáil, a neamhspleáchas agus a shláine a choimirciú. Tá na prionsabail agus na cuspóirí sin mar bhonn agus mar thaca ag comhbheartas tráchtála an Aontais, mar a leagtar amach in Airteagal 207 CFAE, lena n-áirítear i ndáil le hinfheistíocht choigríche. Sa chomhthéacs sin, leis na gealltanais idirnáisiúnta a rinneadh san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), san Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), agus sna comhaontuithe trádála agus infheistíochta a tugadh i gcrích le tríú tíortha, ceadaítear don Aontas agus do na Ballstáit srian a chur ar infheistíochtaí díreacha coigríche (IDCanna) ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí, faoi réir ceanglais áirithe.

Leasú 3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) tá creat leagtha síos chun go ndéanfaidh na Ballstáit IDCanna isteach san Aontas a scagadh. Go sonrach, leagadh amach sásra comhair leis an Rialachán sin lenar cuireadh ar chumas do na Ballstáit agus don Choimisiún faisnéis a mhalartú faoi IDCanna agus ábhair imní a chur in iúl faoi rioscaí don tslándáil nó don ord poiblí. Leis an sásra comhair sin, cuireadh de cheangal ar an mBallstát ina raibh sé beartaithe IDC den sórt sin a dhéanamh nó ina ndearnadh an IDC sin aird chuí a thabhairt ar na barúlacha arna n-eisiúint ag na Ballstáit eile agus ar an tuairim arna heisiúint ag an gCoimisiún ina chinneadh maidir le scagadh.

(4)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) tá creat leagtha síos chun go ndéanfaidh na Ballstáit IDCanna isteach san Aontas a scagadh. Go sonrach, leagadh amach sásra comhair leis an Rialachán sin lenar cuireadh ar chumas do na Ballstáit agus don Choimisiún faisnéis a mhalartú faoi IDCanna agus ábhair imní a chur in iúl faoi rioscaí don tslándáil nó don ord poiblí. Leis an sásra comhair sin, cuireadh de cheangal ar an mBallstát ina raibh sé beartaithe IDC den sórt sin a dhéanamh nó ina ndearnadh an IDC sin (an Ballstát óstach) aird chuí a thabhairt ar na barúlacha arna n-eisiúint ag na Ballstáit eile agus ar an tuairim arna heisiúint ag an gCoimisiún ina chinneadh maidir le scagadh.

Leasú 4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a)

Thairis sin, tá gá le hionstraim reachtach nua mar gheall ar chineál athraitheach na sreafaí infheistíochta. Mar thoradh ar chomhtháthú na ngeilleagar domhanda, mar aon le cogadh agus teannas geopholaitiúil, tá rioscaí nua tagtha chun cinn nach mór don Aontas agus do na Ballstáit aghaidh a thabhairt orthu. An 20 Meitheamh 2023, chuir an Coimisiún Teachtaireacht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle maidir le ‘Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch,’ ina sainaithnítear scagadh IDC mar uirlis chun an tAontas a chosaint ar rioscaí slándála eacnamaíche. Leagtar béim sa straitéis ar an ngá atá le haghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le hathléimneacht na slabhraí soláthair, le slándáil fhisiciúil agus cibearshlándáil agus na mbonneagar criticiúil, le slándáil agus sceitheadh teicneolaíochta, agus le spleáchais eacnamaíocha nó comhéigean eacnamaíoch a úsáid mar uirlís troda. Tá na rioscaí slándála eacnamaíche sin ábhartha freisin i gcomhthéacs infheistíochtaí coigríche a scagadh, toisc go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar leasanna bunúsacha na sochaí amhail rathúnas, ceannasacht agus sábháilteacht, agus ar oibriú an gheilleagair shóisialta margaidh, agus ar an gcaoi sin ar ord poiblí na mBallstát agus an Aontais.

Leasú 5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7a)

Ba cheart éadálacha trí uirlisí réitigh faoi na creataí réitigh faoi seach (i gcás banc, contrapháirtithe lárnacha nó gnóthais árachais nó athárachais) a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. I gcás réitigh, ní tráth moille é agus is minic a dhéantar cinntí i gcaitheamh na hoíche. Na nósanna imeachta críochnúla um scagadh dá bhforáiltear sa Rialachán seo, níl siad i gcomhréir leis an ngá atá le freagairt thráthúil. Chun rioscaí cobhsaíochta airgeadais a sheachaint, ba cheart, dá bhrí sin, idirbhearta réitigh a eisiamh. Ba cheart do na húdaráis réitigh an Rialachán seo a chur san áireamh, a mhéid is féidir, agus gníomhaíochtaí réitigh á ndéanamh acu le rannpháirtíocht infheisteora coigríche, go háirithe nuair a bheidh sócmhainní straitéiseacha i gceist.

Leasú 6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)

Tá ionstraim reachtach lena ndéantar foráil maidir le sásra chun IDCanna a scagadh i bhfeidhm i dtromlach mór de na Ballstáit, ach níl ionstraim acu uile. I roinnt mhaith Ballstát, baineann dlíthe náisiúnta le hinfheistíochtaí laistigh den Aontas a scagadh freisin. I measc na mBallstát, tá difríochtaí móra maidir leis an raon feidhme, na tairseacha agus na critéir a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar cé acu is dócha nó nach dócha go ndéanfaidh infheistíocht difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí. Tá difríochtaí sna próisis scagtha freisin. I mBallstáit áirithe, is féidir an infheistíocht a chur chun feidhme sula mbeidh imréiteach faighte i leith an tionchair ar an tslándáil agus ar an ord poiblí. Mar sin féin, cuireann Ballstáit eile de cheangal ar eintitis gan an infheistíocht a thabhairt chun críche ach amháin tar éis a húdaraithe faoin sásra um scagadh. Le héagsúlachtaí den sórt sin, cruthaítear fadhb d’fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. Mar shampla, cruthaítear leo easpa cothroime iomaíochta agus méadaítear costais chomhlíontachta d’infheisteoirí a fhéachann le fógra a thabhairt faoi idirbhearta i mbreis agus Ballstát amháin . Cuidíonn an Rialachán seo le laghdú a dhéanamh ar éagsúlachtaí a bhaineann le príomheilimintí na sásraí a chuirtear chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. Tá sé sin ríthábhachtach chun an intuarthacht a áirithiú d’infheisteoirí maidir leis na córais náisiúnta is infheidhme agus lena saintréithe, rud lena laghdaítear na costais chomhlíontachta bhainteacha. Is amhlaidh is ábhartha an méid sin i bhfianaise leibhéal comhtháthaithe an mhargaidh inmheánaigh , a fhágann go bhféadfadh idirbheart aonair difear a dhéanamh do Bhallstáit éagsúla ar fud an Aontais. Is féidir, mar shampla, i gcás idirbheart arb é is aidhm dó sprioc-chuideachta a fháil i mBallstát amháin, go ndéanann an t-idirbheart sin difear don tslándáil agus don ord poiblí i mBallstát eile, i ngeall ar struchtúr an tslabhra soláthair nó eilimintí eacnamaíocha eile lena nasctar an sprioc-chuideachta le cuideachtaí eile atá bunaithe i mBallstáit dhifriúla. Chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin a bhaineann leis an margadh inmheánach agus chun comhsheasmhacht agus intuarthacht níos mó a áirithiú, is iomchuí freisin go leagfar síos trí ghníomhaíocht an Aontais na critéir agus na heilimintí a bheidh le húsáid chun measúnú a dhéanamh ar infheistíochtaí coigríche.

(8)

Tá ionstraim reachtach lena ndéantar foráil maidir le sásra chun IDCanna a scagadh i bhfeidhm i dtromlach mór de na Ballstáit, ach níl ionstraim acu uile. I roinnt mhaith Ballstát, baineann dlíthe náisiúnta le hinfheistíochtaí laistigh den Aontas a scagadh freisin. I measc na mBallstát, tá difríochtaí móra maidir leis an raon feidhme, na tairseacha agus na critéir a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar cé acu is dócha nó nach dócha go ndéanfaidh infheistíocht difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí. Tá difríochtaí sna próisis scagtha freisin. I mBallstáit áirithe, is féidir an infheistíocht a chur chun feidhme sula mbeidh imréiteach faighte i leith an tionchair ar an tslándáil agus ar an ord poiblí. Mar sin féin, cuireann Ballstáit eile de cheangal ar eintitis gan an infheistíocht a thabhairt chun críche ach amháin tar éis a húdaraithe faoin sásra um scagadh. Le héagsúlachtaí den sórt sin, cruthaítear fadhb d’fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. Mar shampla, leis na neamhréireachtaí sin cruthaítear easpa cothroime iomaíochta agus méadaítear costais chomhlíontachta d’infheisteoirí ar gá dóibh fógra a thabhairt faoi idirbhearta i roinnt Ballstát. Cuidíonn an Rialachán seo le príomhghnéithe na sásraí a chuirtear chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta a chomhchuibhiú . Tá sé sin ríthábhachtach chun an intuarthacht a áirithiú d’infheisteoirí maidir leis na córais náisiúnta is infheidhme agus lena saintréithe, rud lena laghdaítear na costais chomhlíontachta bhainteacha. Is amhlaidh is ábhartha an méid sin i bhfianaise an ardleibhéil comhtháthaithe sa mhargadh inmheánach , a fhágann go bhféadfadh idirbheart aonair difear a dhéanamh do Bhallstáit éagsúla ar fud an Aontais. Is féidir, mar shampla, i gcás idirbheart arb é is aidhm dó sprioc-chuideachta a fháil i mBallstát amháin, go ndéanann an t-idirbheart sin difear don tslándáil agus don ord poiblí i mBallstáit eile freisin , i ngeall ar struchtúr an tslabhra soláthair nó gnéithe eacnamaíocha eile lena nasctar an sprioc-chuideachta le cuideachtaí eile atá bunaithe i mBallstáit dhifriúla. Chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin a bhaineann leis an margadh inmheánach agus chun comhsheasmhacht agus intuarthacht níos mó a áirithiú, is iomchuí freisin go leagfar síos trí ghníomhaíocht an Aontais na critéir agus na gnéithe a bheidh le húsáid chun measúnú a dhéanamh ar infheistíochtaí coigríche.

Leasú 7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)

Chun cur chuige comhsheasmhach ar fud an Aontais a áirithiú i leith infheistíocht choigríche a scagadh, ba cheart é a chur de cheangal ar na Ballstáit uile infheistíochtaí coigríche a scagadh ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí. Dá bhrí sin, ba cheart croí-eilimintí na sásraí náisiúnta um scagadh a chomhchuibhiú. Leis an gcomhchuibhiú íosta sin , áirítear raon feidhme na n-infheistíochtaí atá le scagadh, tréithe fíor-riachtanacha an nós imeachta um scagadh, agus an idirghníomhaíocht idir an sásra náisiúnta agus sásra comhair an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann raon feidhme a sásra náisiúnta um scagadh a leathnú chun cineálacha infheistíochtaí coigríche eile, infheistíochtaí coigríche in earnálacha eile, sprioc-chuideachtaí breise de chuid an Aontais nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuimsiú a measann an Ballstát ábhartha ina leith go bhfuil siad ríthábhachtach dá shlándáil nó dá ord poiblí. I gcás ina ndéanann siad amhlaidh, ba cheart an scagadh sin forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh freisin.

(9)

Chun cur chuige comhsheasmhach ar fud an Aontais a áirithiú i leith infheistíocht choigríche a scagadh, ba cheart é a chur de cheangal ar na Ballstáit uile infheistíochtaí coigríche a scagadh ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí. Dá bhrí sin, ba cheart bunghnéithe na sásraí náisiúnta um scagadh a chomhchuibhiú. Ba cheart go n-áireofaí leis an gcomhchuibhiú sin raon feidhme na n-infheistíochtaí atá le scagadh, tréithe bunriachtanacha an nós imeachta um scagadh, agus an idirghníomhaíocht idir an sásra náisiúnta agus sásra comhair an Aontais lena n-áirítear amlínte comhsheasmhacha le haghaidh nósanna imeachta um scagadh . Ina theannta sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann raon feidhme a sásra náisiúnta um scagadh a leathnú chun cineálacha infheistíochtaí coigríche eile, infheistíochtaí coigríche in earnálacha eile, sprioc-chuideachtaí breise de chuid an Aontais nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuimsiú a measann an Ballstát ábhartha ina leith go bhfuil siad ríthábhachtach dá shlándáil nó dá ord poiblí. I gcás ina ndéanann siad amhlaidh, ba cheart an scagadh sin forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh freisin. Tá sé bunriachtanach cur chuige comhchuibhithe cuíchóirithe a bhunú ar fud na mBallstát, lena n-áiritheofar go mbeidh infheistíochtaí coigríche, a bhféadfadh impleachtaí a bheith acu don tslándáil agus don ord poiblí, faoi réir grinnscrúdú comhsheasmhach agus cinnteoireacht éifeachtúil. Chuige sin, ba cheart go ndéanfaí castacht riaracháin a íoslaghdú agus moilleanna neamhriachtanacha a sheachaint le sásraí um scagadh agus go gcuirfí acmhainní teoranta fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) san áireamh nuair a chuirtear na sásraí sin i bhfeidhm maidir leo. Thairis sin, ba cheart ról comhordúcháin a bheith ag an gCoimisiún chun slándáil níos fearr a áirithiú don Aontas agus neamhéifeachtúlachtaí agus cineálacha cur chuige ilroinnte á n-íoslaghdú ag an am céanna.

Leasú 8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)

Ba cheart an scagadh ar infheistíochtaí coigríche a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus an fhaisnéis fhíorasach uile dá bhfuil ar fáil á cur san áireamh agus ba cheart cloí le prionsabal na comhréireachta agus na prionsabail eile a chumhdaítear leis na Conarthaí leis an scagadh sin. Thairis sin, scagadh na n-infheistíochtaí coigríche a dhéantar trí fhochuideachtaí an infheisteora coigríche atá bunaithe san Aontas, ba cheart na ceanglais a eascraíonn as dlí an Aontais a chomhlíonadh leis an scagadh sin, agus go háirithe forálacha an Chonartha maidir leis an tsaoirse bunaíochta agus saorghluaiseacht chaipitil, mar a léirmhínítear i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go comhsheasmhach leis an gcuspóir margadh inmheánach cuimsitheach agus oscailte a chaomhnú. Aon srian ar an tsaoirse bunaíochta agus ar an tsaorghluaiseacht chaipitil san Aontas, lena n-áirítear an scagadh agus na bearta a eascraíonn as an scagadh, amhail bearta maolaitheacha agus toirmisc, ba cheart iad a bheith bunaithe ar fhíorbhagairt sách tromchúiseach do leas bunúsach na sochaí, agus ba cheart na srianta sin a bheith iomchuí agus gá a bheith leo mar a leagtar amach i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais. An tráth céanna, nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an mbonn cirt agus ar an gcomhréireacht a bhaineann le srian, maidir le sainiúlachtaí na n-infheistíochtaí laistigh den Aontas arb infheistíochtaí iad a fheidhmítear trí fhochuideachta infheisteora coigríche , féadfar na sainiúlachtaí sin a chur san áireamh nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar aon srian ar an tsaoirse bunaíochta agus ar an tsaorghluaiseacht chaipitil, lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí in aon tuairim ón gCoimisiún a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart é sin a dhéanamh agus comhtháthú scéimeanna na mBallstát i sásra comhair uile-Aontais á chur san áireamh.

(12)

Ba cheart an scagadh ar infheistíochtaí coigríche a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus an fhaisnéis fhíorasach uile dá bhfuil ar fáil á cur san áireamh agus ba cheart cloí le prionsabal na comhréireachta agus na prionsabail eile a chumhdaítear leis na Conarthaí leis an scagadh sin. Thairis sin, scagadh na n-infheistíochtaí coigríche a dhéantar trí fhochuideachtaí an infheisteora coigríche atá bunaithe san Aontas, ba cheart na ceanglais a eascraíonn as dlí an Aontais a chomhlíonadh leis an scagadh sin, agus go háirithe forálacha an Chonartha maidir leis an tsaoirse bunaíochta agus saorghluaiseacht chaipitil, mar a léirmhínítear i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go comhsheasmhach leis an gcuspóir margadh inmheánach cuimsitheach , athléimneach, oscailte agus feidhmiúil a chaomhnú. Aon srian ar an tsaoirse bunaíochta agus ar an tsaorghluaiseacht chaipitil san Aontas, lena n-áirítear an scagadh agus na bearta a eascraíonn as an scagadh, amhail bearta maolaitheacha agus toirmisc, ba cheart iad a bheith bunaithe ar fhíorbhagairt sách tromchúiseach do leas bunúsach na sochaí, agus ba cheart na srianta sin a bheith iomchuí agus gá a bheith leo mar a leagtar amach i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais. An tráth céanna, ba cheart sainiúlachtaí na n-infheistíochtaí laistigh den Aontas arb infheistíochtaí iad a fheidhmítear trí fhochuideachta infheisteora coigríche a chur san áireamh nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an údar atá le haon srian ar an tsaoirse bunaíochta agus ar an tsaorghluaiseacht chaipitil agus ar chomhréireacht na srianta sin , lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí in aon tuairim nó aon chinneadh ón gCoimisiún a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart é sin a dhéanamh agus comhtháthú scéimeanna na mBallstát i sásra comhair uile-Aontais á chur san áireamh.

Leasú 9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)

An ballstát ina bhfuil sé beartaithe infheistíocht choigríche den sórt sin a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht choigríche sin, is gá freisin go mbeidh an Ballstát sin níos cuntasaí don Choimisiún agus do na Ballstáit sin a chuireann ábhair imní in iúl a bhfuil údar cuí leo maidir lena n-ord poiblí nó slándáil nó le slándáil nó ord poiblí an Aontais.

(14)

Is gá freisin go mbeidh an Ballstát óstach níos cuntasaí don Choimisiún agus do na Ballstáit sin a chuireann ábhair imní in iúl a bhfuil údar cuí leo maidir lena n-ord poiblí nó slándáil nó le slándáil nó ord poiblí an Aontais.

Leasú 10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)

Ba cheart an creat coiteann a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith gan dochar d’fhreagracht aonair na mBallstát as a slándáil náisiúnta a choimirciú, mar a fhoráiltear in Airteagal 4(2) CAE. Ba cheart é a bheith gan dochar freisin do chosaint a leasanna slándála bunúsacha i gcomhréir le hAirteagal 346 CFAE.

(15)

Ba cheart an creat coiteann a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith gan dochar d’fhreagracht aonair gach Ballstáit as a shlándáil náisiúnta a choimirciú, mar a fhoráiltear in Airteagal 4(2) CAE. Ba cheart é a bheith gan dochar freisin do chosaint leasanna slándála bunriachtanacha na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 346 CFAE.

Leasú 11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)

Déantar infheistíochtaí coigríche i láithreán úrnua i gcás ina gcuireann an t-infheisteoir coigríche nó fochuideachta de chuid an infheisteora coigríche san Aontas saoráidí nua nó gnóthas nua ar bun san Aontas . Ba cheart infheistíochtaí coigríche i láithreán úrnua teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo a mhéid a mheasann Ballstát go bhfuil siad ábhartha chun infheistíochtaí coigríche a scagadh toisc go gcruthaíonn siad naisc fhadtéarmacha dhíreacha idir infheisteoir coigríche agus na saoráidí sin nó na gnóthais sin . Ina theannta sin, trí shaoráidí nua a chur ar bun, is féidir tionchar a bheith ag infheisteoir coigríche ar an tslándáil agus ar an ord poiblí, lena n-áirítear i gcás ina mbaineann an riosca sin le hionchuir eacnamaíocha fhíor-riachtanacha . Spreagtar na Ballstáit dá bhrí sin chun infheistíochtaí coigríche i láithreán úrnua a chuimsiú i raon feidhme na n-idirbheart a chumhdaítear lena sásraí um scagadh , go háirithe i gcás ina ndéantar na hinfheistíochtaí sin in earnálacha atá ábhartha dá slándáil nó dá n-ord poiblí nó i gcás ina mbaineann saintréithe leo amhail méid nó a gcineál bunúsach a fhágann go bhfuil siad ábhartha dá slándáil nó dá n-ord poiblí .

(17)

Déantar infheistíochtaí coigríche i láithreán úrnua i gcás ina gcuireann an t-infheisteoir coigríche nó fochuideachta infheisteora coigríche san Aontas saoráidí nua nó gnóthas nua ar bun san Aontas chun gníomhaíocht eacnamaíoch nua a dhéanamh . Trí shaoráidí nua a chur ar bun, is féidir tionchar a bheith ag infheisteoir coigríche ar an tslándáil agus ar an ord poiblí, lena n-áirítear i gcás ina mbaineann an riosca sin le hionchuir eacnamaíocha bunriachtanacha . Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit infheistíochtaí coigríche i láithreán úrnua a chuimsiú i raon feidhme na n-idirbheart a chumhdaítear lena sásraí um scagadh.

Leasú 12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)

Chun próisis scagtha chomhsheasmhacha agus intuartha a áirithiú, is iomchuí tréithe fíor-riachtanacha na sásraí um scagadh a bheidh le cur chun feidhme ag na Ballstáit a leagan síos. Ba cheart a áireamh ar na tréithe sin, ar a laghad, raon feidhme na n-idirbheart a bheidh faoi réir ceanglas údarúcháin, sprioc-amanna le haghaidh an scagtha agus deis a bheith ag gnóthais lena mbaineann an cinneadh maidir le scagadh cúlárach a iarraidh in aghaidh na gcinntí sin. Ba cheart rialacha agus nósanna imeachta a bhaineann le sásraí um scagadh a bheith trédhearcach agus níor cheart aon idirdhealú a dhéanamh leo idir tríú tíortha.

(18)

Chun próisis scagtha chomhsheasmhacha agus intuartha a áirithiú, is iomchuí tréithe bunriachtanacha na sásraí um scagadh a bheidh le cur chun feidhme ag na Ballstáit a leagan síos. Ba cheart go n-áireofaí ar na tréithe sin, ar a laghad, raon feidhme na n-idirbheart a bheidh faoi réir ceanglas údarúcháin, sprioc-amanna le haghaidh an scagtha , deis a bheith ag gnóthais lena mbaineann an cinneadh maidir le scagadh cúlárach a iarraidh in aghaidh na gcinntí sin agus cumas na n-údarás scagtha aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar chásanna neamhchomhlíonta nó imchéimnithe . Ba cheart rialacha agus nósanna imeachta a bhaineann le sásraí um scagadh a bheith trédhearcach agus níor cheart aon idirdhealú a dhéanamh leo idir tríú tíortha. Leis an nós imeachta chun iarraidh ar údarú a chomhdú, ba cheart go n-áiritheofaí nach mbeidh go leor ceanglais chomhlíontachta i gceist leis.

Leasú 13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)

Leis an sásra comhair a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/452, cuirtear ar chumas na mBallstát dul i gcomhar agus cuidiú le chéile i gcás ina bhféadfadh infheistíocht dhíreach choigríche i mBallstát amháin difear a dhéanamh don tslándáil nó don ord poiblí i mBallstáit eile nó do thionscadail nó do chláir atá chun leasa an Aontais. Cruthaíodh go dtí seo go raibh an sásra sin an-úsáideach, dá bhrí sin, ba cheart é a choinneáil ar bun agus a láidriú faoin Rialachán seo.

(19)

Leis an sásra comhair a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/452, cuirtear ar chumas na mBallstát dul i gcomhar agus cuidiú le chéile i gcás ina bhféadfadh infheistíocht dhíreach choigríche i mBallstát amháin difear a dhéanamh don tslándáil nó don ord poiblí i mBallstáit eile nó san Aontas, nó do thionscadail nó do chláir atá chun leasa an Aontais. Cruthaíodh go dtí seo go raibh an sásra sin an-úsáideach, dá bhrí sin, ba cheart é a choinneáil ar bun , agus a neartú agus a leathnú faoin Rialachán seo chun cur chuige níos aontaithe a áirithiú i leith infheistíochtaí coigríche ar fud an Aontais .

Leasú 14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20)

Chun a áirithiú maidir le hinfheistíochtaí coigríche ar dócha go ndéanfaidh siad difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí san Aontas , go ndéanfar na hinfheistíochtaí sin a shainaithint go leormhaith, ba cheart do na Ballstáit infheistíochtaí coigríche a scagadh i gcás ina bhfuil an sprioc-chuideachta de chuid an Aontais ina cuid de thionscadail nó de chlár atá chun leasa an Aontais nó rannpháirteach i dtionscadal nó i gclár den sórt sin, nó i gcás ina mbaineann gníomhaíocht eacnamaíoch na sprioc-chuideachta de chuid an Aontais le teicneolaíocht, sócmhainn, saoráid, trealamh, líonra, córas nó seirbhís lena mbaineann tábhacht ar leith chun leasanna slándála nó oird phoiblí an Aontais. I dteannta na gcritéar sin, d’fhéadfadh feidhm a bheith ag sásraí um scagadh maidir le hearnálacha eile, sprioc-chuideachtaí eile de chuid an Aontais nó le gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a measann an Ballstát ábhartha ina leith go bhfuil siad ríthábhachtach dá shlándáil nó dá ord poiblí.

(20)

Chun a áirithiú go ndéanfar infheistíochtaí coigríche ar dócha go ndéanfaidh siad difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí san Aontas a shainaithint go leormhaith, ba cheart do na Ballstáit infheistíochtaí coigríche a scagadh i gcás ina bhfuil an sprioc-chuideachta de chuid an Aontais ina cuid de thionscadail nó de chlár atá chun leasa an Aontais nó rannpháirteach i dtionscadal nó i gclár den sórt sin, nó i gcás ina mbaineann gníomhaíocht eacnamaíoch na sprioc-chuideachta de chuid an Aontais le teicneolaíocht, ábhair, sócmhainn, saoráid, trealamh, líonra, córas nó seirbhís lena mbaineann tábhacht ar leith chun leasanna slándála nó oird phoiblí an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit scagadh a dhéanamh freisin ar infheistíochtaí coigríche i láithreán úrnua i gcláir nó in earnálacha íogaire den sórt sin nuair a eascraíonn riosca sonrach as saintréithe an infheisteora agus as méid an idirbhirt. I dteannta na gcritéar sin, d’fhéadfadh feidhm a bheith ag sásraí um scagadh maidir le hearnálacha eile, le sprioc-chuideachtaí eile de chuid an Aontais nó le gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a measann an Ballstát ábhartha ina leith go bhfuil siad ríthábhachtach dá shlándáil nó dá ord poiblí.

Leasú 15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)

Chun a áirithiú nach ndíreoidh an sásra comhair ach amháin ar na hinfheistíochtaí coigríche sin ina bhfágann saintréithe an infheisteora coigríche nó na sprice de chuid an Aontais gur dócha go mbeidh éifeacht ag an infheisteoir nó ag an sprioc-chuideachta ar an tslándáil nó ar an ord poiblí, is iomchuí na coinníollacha rioscabhunaithe a bhunú maidir le fógra a thabhairt do na Ballstáit eile agus don Choimisiún faoi infheistíochtaí coigríche a bhfuil scagadh á dhéanamh orthu i mBallstát. I gcás nach gcomhlíonfaidh infheistíocht choigríche aon cheann de na coinníollacha, an Ballstát ina bhfuil scagadh á dhéanamh ar an infheistíocht choigríche, d’fhéadfadh sé fógra a thabhairt faoin infheistíocht choigríche do na Ballstáit eile agus don Choimisiún, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil oibríochtaí suntasacha ag an sprioc-chuideachta de chuid an Aontais i mBallstáit eile, nó ina mbaineann an sprioc-chuideachta sin le grúpa corparáideach a bhfuil roinnt cuideachtaí i mBallstáit dhifriúla aige.

(21)

Chun a áirithiú nach ndíreoidh an sásra comhair ach amháin ar na hinfheistíochtaí coigríche sin ina bhfágann saintréithe an infheisteora coigríche nó na sprioc-chuideachta de chuid an Aontais gur dócha go mbeidh éifeacht ag an infheisteoir nó ag an sprioc-chuideachta ar an tslándáil nó ar an ord poiblí, is iomchuí na coinníollacha rioscabhunaithe a bhunú maidir le fógra a thabhairt do na Ballstáit eile agus don Choimisiún faoi infheistíochtaí coigríche ar a bhfuil scagadh á dhéanamh i mBallstát. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an t-infheisteoir coigríche faoi rialú nó faoi thionchar rialtais tríú tír. Féadfar rialú nó tionchar a chinneadh bunaithe ar chritéir amhail tairseacha úinéireachta dírí nó indírí, cineál agus méid chistiú an rialtais tríú tír agus socruithe sonracha rialachais amhail scaireanna órga. Ba cheart cásanna ina mbíonn struchtúr úinéireachta doiléir nó deacair a thuiscint, nó i gcás nach eol an tairbhí deiridh, a áireamh mar choinníoll den sórt sin freisin. I gcás nach gcomhlíonfaidh infheistíocht choigríche aon cheann de na coinníollacha, an Ballstát ina bhfuil scagadh á dhéanamh ar an infheistíocht choigríche, d’fhéadfadh sé fógra a thabhairt faoin infheistíocht choigríche do na Ballstáit eile agus don Choimisiún, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil oibríochtaí suntasacha ag an sprioc-chuideachta de chuid an Aontais i mBallstáit eile, nó ina mbaineann an sprioc-chuideachta sin le grúpa corparáideach a bhfuil roinnt cuideachtaí i mBallstáit dhifriúla aige.

Leasú 16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22)

Chun a áirithiú maidir leis an éifeacht is dócha a bheidh ag infheistíochtaí coigríche ar an tslándáil nó ar an ord poiblí i mBallstát amháin nó níos mó , go ndéanfar an éifeacht sin a shainaithint go leormhaith, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann barúlacha a sholáthar do Bhallstát ina bhfuil sé beartaithe infheistíocht choigríche den sórt sin a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht choigríche sin fiú mura bhfuil an Ballstát sin ag scagadh na hinfheistíochta coigríche sin nó má tá an infheistíocht choigríche á scagadh ach nach bhfuil fógra fúithi tugtha don sásra comhair. Iarrataí ar fhaisnéis, freagraí agus barúlacha ó na Ballstáit, ba cheart fógra a thabhairt fúthu don Choimisiún go comhuaineach.

(22)

Chun a áirithiú go ndéanfar an éifeacht is dócha a bheidh ag infheistíocht choigríche ar an tslándáil nó ar an ord poiblí i mBallstát amháin nó níos mó a shainaithint go leormhaith, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann barúlacha a sholáthar do Bhallstát ina bhfuil sé beartaithe infheistíocht choigríche den sórt sin a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht choigríche sin fiú mura bhfuil an Ballstát sin ag scagadh na hinfheistíochta coigríche sin nó má tá an infheistíocht choigríche á scagadh ach nach bhfuil fógra fúithi tugtha don sásra comhair. Iarrataí ar fhaisnéis, freagraí agus barúlacha ó na Ballstáit, ba cheart fógra a thabhairt fúthu don Choimisiún go comhuaineach chun trédhearcacht a áirithiú le linn an phróisis .

Leasú 17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)

Chun a áirithiú maidir leis an éifeacht is dócha a bheidh ag infheistíochtaí coigríche ar shlándáil nó ar ord poiblí níos aon Bhallstát amháin nó ar shlándáil nó ar ord poiblí an Aontais ina iomláine , go ndéanfar an éifeacht sin a shainaithint go leormhaith, ba cheart é a bheith indéanta ag an gCoimisiún tuairim a eisiúint de réir bhrí Airteagal 288 CFAE don Bhallstát ina bhfuil sé beartaithe infheistíocht choigríche den sórt sin a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht choigríche sin , fiú mura bhfuil scagadh á dhéanamh ar an infheistíocht choigríche sin sa Bhallstát sin nó má tá an infheistíocht choigríche á scagadh ach nach bhfuil fógra fúithi tugtha don sásra comhair.

(23)

Chun a áirithiú go ndéanfar an éifeacht is dócha a bheidh ag infheistíocht choigríche ar an tslándáil nó ar an ord poiblí i níos Ballstát amháin nó san Aontas ina iomláine a shainaithint go leormhaith, ba cheart é a bheith indéanta ag an gCoimisiún tuairim a eisiúint de réir bhrí Airteagal 288 CFAE don Bhallstát óstach , fiú mura bhfuil scagadh á dhéanamh ar an infheistíocht choigríche sin sa Bhallstát sin nó má tá an infheistíocht choigríche á scagadh ach nach bhfuil fógra fúithi tugtha don sásra comhair. Chun trédhearcacht agus intuarthacht a áirithiú, ba cheart tuairimí ón gCoimisiún a bhunú ar rioscaí sonracha agus doiciméadaithe agus ba cheart critéir eisiúna shocraithe a leanúint leo, lena n-áirítear rioscaí slándála doiciméadaithe nó ábhair imní trasteorann.

Leasú 18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24)

Thairis sin, chun go mbeifear in ann an tslándáil nó an t-ord poiblí a chosaint i gcás ina n-eascraíonn an éifeacht dhóchúil as infheistíocht choigríche i sprioc-chuideachta de chuid an Aontais arb infheistíocht í sin lena ndéantar foráil maidir le bonneagar, teicneolaíochtaí nó ionchuir a fhorbairt, a choinneáil ar bun nó a fháil, ar bonneagar, teicneolaíochtaí nó ionchuir iad sin atá criticiúil don Aontas ina iomláine, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann tuairim a eisiúint. A bhuí leis sin bheadh uirlis ag an gCoimisiún chun tionscadail agus cláir a chosaint, ar tionscadail agus cláir iad a fhónann don Aontas ina iomláine agus a chuireann leis an Aontas ar bhealach tábhachtach i dtaca lena shlándáil nó lena ord poiblí. Tuairim ón gCoimisiún lena sainaithnítear an tionchar is dócha a bheidh ar thionscadail nó ar chláir atá chun leasa an Aontais ar fhoras na slándála nó an oird phoiblí, ba cheart fógra a thabhairt faoin tuairim sin do na Ballstáit uile.

(24)

Thairis sin, chun cosaint na slándála nó an oird phoiblí a áirithiú i gcás ina n-eascraíonn an éifeacht dhóchúil as infheistíocht choigríche i sprioc-chuideachta de chuid an Aontais arb infheistíocht í sin lena ndéantar foráil maidir le bonneagar, teicneolaíochtaí nó ionchuir a fhorbairt, a choinneáil ar bun nó a fháil, ar bonneagar, teicneolaíochtaí nó ionchuir iad sin atá criticiúil don Aontas ina iomláine, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann tuairim a eisiúint. A bhuí leis sin bheadh uirlis ag an gCoimisiún chun tionscadail agus cláir a chosaint, ar tionscadail agus cláir iad a fhónann don Aontas ina iomláine agus a chuireann leis an Aontas ar bhealach tábhachtach i dtaca lena shlándáil nó lena ord poiblí. Tuairim ón gCoimisiún lena sainaithnítear an tionchar is dócha a bheidh ar thionscadail nó ar chláir atá chun leasa an Aontais ar fhoras na slándála nó an oird phoiblí, ba cheart fógra a thabhairt faoin tuairim sin do na Ballstáit uile.

Leasú 19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25)

Thairis sin, ba cheart é a bheith indéanta ag an gCoimisiún tuairim a ghlacadh a dhíreofar ar na Ballstáit uile má shainaithníonn sé roinnt infheistíochtaí coigríche arb amhlaidh, agus iad á meas in éineacht le chéile, gur dócha go mbeidh tionchar acu ar shlándáil nó ar ord poiblí an Aontais. D’fhéadfadh sé gurbh amhlaidh é sin i gcás ina mbaineann saintréithe inchomparáide le roinnt infheistíochtaí coigríche. Áirítear orthu sin cás ina ndéanann an t-infheisteoir coigríche céanna na hinfheistíochtaí coigríche , nó i gcás ina mbaineann rioscaí comhchosúla le hinfheisteoirí coigríche, nó i gcás ina mbaineann roinnt infheistíochtaí coigríche leis an sprioc-chuideachta chéanna nó leis an mbonneagar céanna, lena n-áirítear bonneagar tras-Eorpach le haghaidh an iompair, an fhuinnimh agus na cumarsáide. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún an anailís riosca a phlé mar aon leis na bealaí lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a shainaithnítear sa tuairim.

(25)

Thairis sin, ba cheart é a bheith indéanta ag an gCoimisiún tuairim a ghlacadh a dhíreofar ar na Ballstáit uile má shainaithníonn sé roinnt infheistíochtaí coigríche arb amhlaidh, agus iad á meas in éineacht le chéile, gur dócha go mbeidh tionchar acu ar shlándáil nó ar ord poiblí an Aontais. D’fhéadfadh sé gurbh amhlaidh é sin i gcás ina mbaineann saintréithe inchomparáide le roinnt infheistíochtaí coigríche. Áirítear orthu sin cás ina ndéanann an t-infheisteoir coigríche céanna, nó infheisteoirí coigríche lena mbaineann rioscaí comhchosúla , na hinfheistíochtaí coigríche, nó cás ina mbaineann roinnt infheistíochtaí coigríche leis an sprioc-chuideachta chéanna nó leis an mbonneagar céanna de chuid an Aontais , lena n-áirítear bonneagar tras-Eorpach le haghaidh an iompair, an fhuinnimh agus na cumarsáide. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún an anailís riosca a phlé mar aon leis na bealaí lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a shainaithnítear sa tuairim , agus cur chuige comhordaithe á áirithiú .

Leasú 20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26)

Chun an tslándáil nó an t-ord poiblí a chosaint agus níos mó deimhneachta a sholáthar d’infheisteoirí an tráth céanna, ba cheart é a bheith indéanta ag na Ballstáit barúlacha a dhéanamh agus ba cheart é a bheith indéanta ag an gCoimisiún tuairim a eisiúint maidir le hinfheistíochtaí coigríche a cuireadh i gcrích ach nach bhfuil fógra tugtha fúthu ar feadh tréimhse suas le 15 mhí tar éis don infheistíocht choigríche a bheith tugtha i gcrích.

(26)

Chun an tslándáil nó an t-ord poiblí a chosaint agus níos mó deimhneachta a sholáthar d’infheisteoirí an tráth céanna, ba cheart é a bheith indéanta ag na Ballstáit barúlacha a dhéanamh agus ba cheart é a bheith indéanta ag an gCoimisiún tuairim a eisiúint maidir le hinfheistíochtaí coigríche a cuireadh i gcrích ach nach bhfuil fógra tugtha fúthu laistigh de 15 mhí tar éis don infheistíocht choigríche a bheith tugtha i gcrích.

Leasú 21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27)

Ar mhaithe le tuilleadh soiléireachta, ba cheart liosta na dtionscadal nó na gclár atá chun leasa an Aontais a liostú in Iarscríbhinn I. Ba cheart a áireamh ar na tionscadail nó ar na cláir sin aon infheistíocht choigríche a dhéantar ar na líonraí tras-Eorpacha le haghaidh an iompair, an fhuinnimh agus na cumarsáide, mar aon le cláir lena soláthraítear cistiú le haghaidh taighde agus forbairt ar mhaithe le gníomhaíochtaí atá ábhartha do shlándáil nó d’ord poiblí an Aontais. I ngeall ar thábhacht na dtionscadal agus na gclár sin do shlándáil agus d’ord poiblí an Aontais, ba cheart do na Ballstáit scagadh a dhéanamh ar infheistíochtaí coigríche i ngnóthais de chuid an Aontais atá ina gcuid de na tionscadail nó de na cláir sin, nó atá rannpháirteach iontu, lena n-áirítear na tionscadail nó na cláir sin a fhaigheann cistiú ón Aontas.

(27)

Ar mhaithe le tuilleadh soiléireachta, ba cheart liosta na dtionscadal nó na gclár atá chun leasa an Aontais a liostú in Iarscríbhinn I. Ba cheart go n-áireofaí ar na tionscadail nó ar na cláir sin aon infheistíocht choigríche a dhéantar ar na gréasáin thras-Eorpacha le haghaidh iompair, fuinnimh agus cumarsáide, mar aon le cláir lena soláthraítear cistiú le haghaidh taighde agus forbartha ar mhaithe le gníomhaíochtaí atá ábhartha do shlándáil nó d’ord poiblí an Aontais. I ngeall ar thábhacht na dtionscadal agus na gclár sin do shlándáil agus d’ord poiblí an Aontais , chomh maith lena gcineál bunúsach trasteorann agus ós rud é gur gréasáin iad , ba cheart do na Ballstáit scagadh a dhéanamh ar infheistíochtaí coigríche i ngnóthais de chuid an Aontais atá ina gcuid de na tionscadail nó de na cláir sin, nó atá rannpháirteach iontu, lena n-áirítear na tionscadail nó na cláir sin a fhaigheann cistiú ón Aontas.

Leasú 22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28)

Chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh go leormhaith ar an éifeacht is dócha a bheidh ag infheistíocht choigríche ar an tslándáil nó ar an ord poiblí i mBallstát amháin nó níos mó, Ballstáit a fhaigheann barúlacha a bhfuil údar cuí leo ó Bhallstáit eile nó tuairim ón gCoimisiún, ba cheart dóibh na barúlacha nó an tuairim sin a bhreithniú go dian, lena n-áirítear i gcás ina measfaidh an Ballstát nach ndéantar difear dá shlándáil nó dá ord poiblí féin. Ba cheart don Bhallstát comhordú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit lena mbaineann más gá agus aiseolas i scríbhinn a chur ar fáil dóibh faoin gcinneadh a rinneadh agus faoin mbealach a breithníodh na barúlacha agus an tuairim go dian. An cinneadh críochnaitheach maidir le hinfheistíochtaí coigríche, is ar an mBallstát ina bhfuil sé beartaithe infheistíocht choigríche den sórt sin a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht choigríche sin ba cheart an fhreagracht a bheith i gcónaí, agus air sin amháin .

(28)

Chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh go leormhaith ar an éifeacht is dócha a bheidh ag infheistíocht choigríche ar an tslándáil nó ar an ord poiblí i mBallstát amháin nó níos mó, Ballstáit a fhaigheann barúlacha a bhfuil údar cuí leo ó Bhallstáit eile nó tuairim ón gCoimisiún, ba cheart dóibh na barúlacha nó an tuairim sin a bhreithniú go dian, lena n-áirítear i gcás ina measfaidh an Ballstát nach ndéantar difear dá shlándáil nó dá ord poiblí féin. Ba cheart don Bhallstát comhordú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit lena mbaineann más gá agus a dhréachtchinneadh a chur ar fáil dóibh , mar aon le haiseolas i scríbhinn faoin mbealach a breithníodh na barúlacha agus an tuairim go dian. Ba cheart go bhféadfaí leasú a dhéanamh ar an dréachtchinneadh chun na tuairimí arna gcur in iúl ag na Ballstáit lena mbaineann agus ag an gCoimisiún a chur i gcuntas .

Leasú 23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28a)

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh easaontais teacht chun cinn idir an Ballstát óstach agus Ballstát eile, nó an Coimisiún, i dtaobh an dócha go ndéanfaidh an infheistíocht difear do shlándáil agus ord poiblí Ballstáit nó an Aontais. Má fhágtar réiteach na n-easaontas sin faoin mBallstát óstach amháin, tá an baol ann go ndéanfar difear do shlándáil agus ord poiblí an Aontais ina iomláine agus go mbainfear an bonn ó fheidhmiú an tsásra comhair. Dá bhrí sin, i gcásanna den sórt sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún cinneadh a ghlacadh, agus a mheasúnú ar an dóchúlacht go ndéanfadh an infheistíocht difear don tslándáil agus don ord poiblí á bhunú ar an bhfaisnéis arna soláthar ag an mBallstát óstach agus ar a thorthaí féin, i gcás ina mbeidh imscrúdú déanta aige. I ngach cás eile, ba cheart gurb é an Ballstát óstach a bheadh freagrach as an gcinneadh críochnaitheach.

Leasú 24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28b)

Laistigh de leithdháileadh na bhfreagrachtaí idir na Ballstáit agus an Coimisiún dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá srianta ar na húdaráis náisiúnta scagtha imscrúdú a dhéanamh ar idirbhearta infheistíochta coigríche lasmuigh dá dteorainneacha geografacha, rud a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar éifeachtacht a n-anailíse. Mar shampla, d’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás ina bhfuil custaiméirí na sprioc-chuideachta lonnaithe i mBallstát eile, cé go bhféadfadh a dtuairimí a bheith riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar íogaireacht na sprioc-chuideachta i leith rioscaí slándála nó oird phoiblí, amhail infhaighteacht soláthróirí malartacha le haghaidh earraí nó seirbhísí na sprioc-chuideachta. I bhfianaise a chomhthéacs trasteorann, tá sé ar chumas an Choimisiúin aghaidh a thabhairt ar na srianta sin agus rannchuidiú leis an measúnú ar thionchar na n-idirbheart infheistíochta coigríche ar an tslándáil agus ar an ord poiblí. Chuige sin, ba cheart cumhachtaí imscrúdaitheacha iomchuí a thabhairt dó chun an fhaisnéis is gá a bhailiú. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann faisnéis a iarraidh ar eintitis i mBallstát eile nuair nach féidir an fhaisnéis sin a fháil go héifeachtúil tríd an sásra comhair. Ba cheart cumhacht an Choimisiúin chun faisnéis a iarraidh a bheith bunaithe ar iarraidh a bhfuil údar léi ó Bhallstát. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil srianta dlíthiúla nó srianta nós imeachta ar údaráis náisiúnta, amhail amlínte gearra nós imeachta, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann gníomhú go neamhspleách, ar choinníoll go dtabharfar fógra don Bhallstát óstach. Ba cheart an chumhacht sin a bheith teoranta don fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar thionchar idirbhirt ar níos mó ná Ballstát amháin, lena n-áirítear éifeachtaí díobhálacha ar chláir agus ar thionscadail de chuid an Aontais.

Leasú 25

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29)

Chun feidhmiú éifeachtach an tsásra comhair a áirithiú, tá sé tábhachtach é a chur de cheangal ar an mBallstát a bhfuil fógra á thabhairt aige faoin infheistíocht choigríche don sásra comhair íosleibhéal faisnéise a sholáthar i bhformáid chaighdeánaithe. I gcás ina mbaineann an comhar le hinfheistíocht choigríche nach bhfuil fógra tugtha fúithi don sásra comhair, an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe infheistíocht choigríche den sórt sin a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht choigríche sin, ba cheart é a bheith in ann ar a laghad an t-íosleibhéal céanna faisnéise a sholáthar. D’fhéadfadh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis bhreise a iarraidh ón mBallstát ina bhfuil sé beartaithe infheistíocht choigríche den sórt sin a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht choigríche sin. Ba cheart údar cuí a bheith le haon iarraidh ar fhaisnéis bhreise, agus í teoranta don fhaisnéis is gá chun go soláthróidh na Ballstáit barúlacha nó go n-eiseoidh an Coimisiún tuairim, comhréireach le cuspóir na hiarrata agus gan ualach míchuí a chur ar an mBallstát a thugann fógra.

(29)

Chun feidhmiú éifeachtach an tsásra comhair a áirithiú, tá sé tábhachtach é a chur de cheangal ar an mBallstát a thugann fógra faoin infheistíocht choigríche don sásra comhair tacar íosta faisnéise a sholáthar i bhformáid chaighdeánaithe. I gcás ina mbaineann an comhar le hinfheistíocht choigríche nach bhfuil fógra tugtha fúithi don sásra comhair, ba cheart don Bhallstát óstach a bheith in ann ar a laghad an tacar íosta faisnéise céanna a sholáthar. Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis bhreise a iarraidh ar an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe infheistíocht choigríche den sórt sin a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht choigríche sin. Ba cheart údar cuí a bheith le haon iarraidh ar fhaisnéis bhreise, agus í teoranta don fhaisnéis is gá chun go soláthróidh na Ballstáit barúlacha nó go n-eiseoidh an Coimisiún tuairim, comhréireach le cuspóir na hiarrata agus gan ualach míchuí a chur ar an mBallstát a thugann fógra ná ar na cuideachtaí lena mbaineann . I gcás inarb ábhartha, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar chomhlachtaí eile de chuid an Aontais amhail an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, an Sásra Aonair Maoirseachta nó an Banc Ceannais Eorpach.

Leasú 26

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30)

Chun a áirithiú go mbeidh an comhar bunaithe ar fhaisnéis chruinn agus iomlán, ba cheart d’infheisteoir coigríche nó do ghnóthas aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar arna hiarraidh ag an mBallstát ina bhfuil sé bunaithe nó arna hiarraidh ag an mBallstát ina bhfuil sé beartaithe infheistíocht choigríche den sórt sin a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht choigríche sin . In imthosca eisceachtúla, inarb amhlaidh, in ainneoin a dhícheall, nach mbeidh Ballstát in ann faisnéis arna hiarraidh ag Ballstát eile nó ag an gCoimisiún a fháil, ba cheart dó fógra a thabhairt dóibh gan mhoill. I gcás den sórt sin, aon bharúil a eiseoidh Ballstát eile nó aon tuairim a eiseoidh an Coimisiún mar chuid den sásra comhair, ba cheart é a bheith bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil dóibh.

(30)

Chun a áirithiú go mbeidh an comhar bunaithe ar fhaisnéis chruinn agus iomlán, ba cheart d’infheisteoir coigríche nó do ghnóthas aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar arna hiarraidh ag an mBallstát ina bhfuil sé bunaithe nó arna hiarraidh ag an mBallstát óstach . In imthosca eisceachtúla, inarb amhlaidh, in ainneoin a dhícheall, nach mbeidh Ballstát in ann faisnéis arna hiarraidh ag Ballstát eile nó ag an gCoimisiún a fháil, ba cheart dó fógra a thabhairt dóibh gan mhoill. I gcás den sórt sin, aon bharúil a eiseoidh Ballstát eile nó aon tuairim a eiseoidh an Coimisiún mar chuid den sásra comhair, ba cheart é a bheith bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil dóibh.

Leasú 27

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 31

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31)

Chun a áirithiú nach n-úsáidfear an sásra comhair ach amháin chun an tslándáil nó an t-ord poiblí a chosaint, ba cheart do na Ballstáit údar cuí a thabhairt le haon iarraidh a dhéanfaidh siad ar fhaisnéis faoi infheistíocht dhíreach choigríche shonrach i mBallstát eile, agus le haon bharúil a eiseoidh siad chuig an mBallstát sin. Tá feidhm ag na ceanglais chéanna i gcás ina n-iarrann an Coimisiún faisnéis faoi infheistíocht dhíreach choigríche ar leith nó ina n-eisíonn sé tuairim do Bhallstát.

(31)

Chun a áirithiú nach n-úsáidfear an sásra comhair ach amháin chun an tslándáil nó an t-ord poiblí a chosaint, ba cheart do na Ballstáit údar cuí a thabhairt le haon iarraidh a dhéanfaidh siad ar fhaisnéis faoi infheistíocht dhíreach choigríche shonrach i mBallstát eile, agus le haon bharúil a eiseoidh siad chuig an mBallstát sin. Tá sé sin bunriachtanach chun mí-úsáid an tsásra a chosc agus chun a áirithiú go mbeidh sé dírithe go hiomlán ar ábhair imní a bhaineann leis an tslándáil agus leis an ord poiblí. Tá feidhm ag na ceanglais chéanna i gcás ina n-iarrann an Coimisiún faisnéis faoi infheistíocht dhíreach choigríche ar leith nó ina n-eisíonn sé tuairim do Bhallstát.

Leasú 28

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 31 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(31a)

Gan dochar don sásra comhair, is gá feasacht a mhúscailt ar rannpháirtíocht nó rannchuidiú gnóthas ó thríú tíortha i dtionscadail leasa choitinn nó i mbonneagar criticiúil atá straitéiseach don Aontas, chun go bhféadfaidh údaráis phoiblí idirghabháil a dhéanamh más dócha go ndéanfaidh an rannpháirtíocht nó an rannchuidiú sin difear don tslándáil nó don ord poiblí san Aontas agus mura dtagann sé faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Féadfaidh na Ballstáit barúlacha a thabhairt do Bhallstáit eile agus don Choimisiún. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh agus obair leantach a dhéanamh ar an staid.

Leasú 29

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 32

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(32)

D’fhéadfadh na Ballstáit nó an Coimisiún a mheas, de réir mar is iomchuí, faisnéis ábhartha a fuarthas ó oibreoirí eacnamaíocha, ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ó chomhpháirtithe sóisialta (amhail ceardchumainn), a bhaineann le hinfheistíocht choigríche ar dócha go ndéanfaidh sí difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí.

(32)

D’fhéadfadh na Ballstáit nó an Coimisiún a mheas, de réir mar is iomchuí, gurb ábhartha í an fhaisnéis a fuarthas ó oibreoirí eacnamaíocha, ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ó chomhpháirtithe sóisialta (amhail ceardchumainn), faoi infheistíocht choigríche ar dócha go ndéanfaidh sí difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí. Ba cheart measúnú críochnúil a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin agus d’fhéadfadh an Ballstát óstach nós imeachta um scagadh a thionscnamh mar thoradh uirthi.

Leasú 30

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 33

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(33)

Ballstát ina bhfuil sé beartaithe infheistíocht choigríche den sórt sin a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht choigríche sin, d’fhéadfadh sé na Ballstáit eile nó an Coimisiún a chur ar an eolas más mian leis go ndéanfaidh siad anailís bhreise ar ghné amháin nó níos mó a bhaineann le hinfheistíocht choigríche a bhfuil measúnú á dhéanamh faoin sásra comhair uirthi nó má thagann an Ballstát sin ar an eolas faoi imthosca nua nó faoi fhaisnéis nua a bhféadfadh tionchar a bheith acu nó aici ar an measúnú ar an infheistíocht choigríche. D’fhéadfaí am breise a dheonú do na Ballstáit eile agus don Choimisiún ansin chun a measúnú ar an infheistíocht choigríche a chomhlánú.

(33)

Féadfaidh Ballstát óstach Ballstáit eile nó an Coimisiún a chur ar an eolas má thagann an Ballstát sin ar an eolas faoi imthosca nua nó faoi fhaisnéis nua a bhféadfadh tionchar a bheith acu nó aici ar an measúnú ar an infheistíocht choigríche faoina dtugtar fógra . D’fhéadfaí am breise a dheonú do na Ballstáit eile agus don Choimisiún ansin chun a measúnú ar an infheistíocht choigríche a chomhlánú. Sna cásanna sin, ba cheart aon síneadh ar an tréimhse mheasúnúcháin a choinneáil chomh gearr agus is féidir agus níor cheart moill mhíchuí a chur ar an nós imeachta foriomlán um scagadh.

Leasú 31

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 34

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(34)

Chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht an tsásra comhair a áirithiú, is gá sprioc-amanna agus nósanna imeachta a ailíniú i gcás ina ndéantar scagadh i roinnt Ballstát ar roinnt infheistíochtaí coigríche atá nasctha leis an idirbheart céanna níos leithne. In idirbhearta ilnáisiúnta den sórt sin, ba cheart don iarratasóir na hiarrataí difriúla ar údarú a chomhdú sna Ballstáit lena mbaineann go comhuaineach . Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit sin fógra a thabhairt faoi na hiarrataí don sásra comhair go comhuaineach . Chun a áirithiú go láimhseálfar na hidirbhearta ilnáisiúnta sin go héifeachtúil, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann comhordú le chéile agus comhaontú maidir le cé acu is infheistíochtaí coigríche infhógartha atá sna hinfheistíochtaí coigríche nó nach iad atá iontu, agus faoin gcás inar cheart fógra a thabhairt fúthu . Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann comhordú le chéile maidir leis an gcinneadh críochnaitheach freisin. Má bheartaíonn na Ballstáit lena mbaineann an infheistíocht choigríche a údarú in éineacht le coinníollacha, ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil na coinníollacha sin comhoiriúnach le chéile agus go dtugtar aghaidh ar rioscaí trasteorann go hoiriúnach. Sula ndéanann siad infheistíocht choigríche a thoirmeasc, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann a mheas nach leormhaith é údarú coinníollach in éineacht le bearta comhordaithe agus forfheidhmiú comhordaithe na mbeart sin chun aghaidh a thabhairt ar an éifeacht dhóchúil ar an tslándáil nó ar an ord poiblí. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann páirt a ghlacadh sa chomhordú sin.

(34)

Chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht an tsásra comhair a áirithiú, is gá sprioc-amanna agus nósanna imeachta a ailíniú nuair a dhéantar scagadh i roinnt Ballstát ar roinnt infheistíochtaí coigríche atá nasctha leis an idirbheart níos leithne céanna. Maidir le hidirbhearta ilnáisiúnta den dóigh sin, ba cheart don iarratasóir na hiarrataí difriúla ar údarú a chomhdú sna Ballstáit lena mbaineann laistigh de thréimhse theoranta ama . Ina theanta sin, ba cheart do na Ballstáit féachaint le fógra a thabhairt faoi na hiarrataí don sásra comhair laistigh de thréimhse theoranta ama . Chun a áirithiú go láimhseálfar na hidirbhearta ilnáisiúnta sin go héifeachtúil, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann comhordú a dhéanamh agus comhaontú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na hinfheistíochtaí coigríche infhógartha agus maidir le ailíniú a dhéanamh ar a n-amlínte nós imeachta . Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann comhordú a dhéanamh maidir le hábhar a gcinnidh chríochnaithigh freisin. Má bheartaíonn na Ballstáit lena mbaineann an infheistíocht choigríche a údarú in éineacht le coinníollacha, ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil na coinníollacha sin comhoiriúnach le chéile agus go dtugtar aghaidh ar rioscaí trasteorann go leormhaith. Sula ndéanann siad infheistíocht choigríche a thoirmeasc, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann breithniú a dhéanamh i dtaobh nach leor údarú coinníollach in éineacht le bearta comhordaithe agus forfheidhmiú comhordaithe na mbeart sin chun aghaidh a thabhairt ar an éifeacht dhóchúil ar an tslándáil nó ar an ord poiblí. Ba cheart don Choimisiún a bheith ábalta a bheith go hiomlán rannpháirteach sa chomhordú sin.

Leasú 32

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 34 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(34a)

Chun malartú faisnéise atá éifeachtúil agus slán idir na Ballstáit, agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún a áirithiú, ba cheart don Choimisiún, faoin Rialachán seo, córas slán criptithe a bhunú agus a choinneáil ar bun a chomhlíonann na caighdeáin is airde cosanta sonraí agus slándála. Chun rúndacht agus sláine na cumarsáide a choimirciú, ba cheart gach malartú faoin Rialachán seo a dhéanamh go heisiach tríd an gcóras sin, agus ba cheart cumais faireacháin agus iniúchóireachta a áireamh sa chóras chun comhlíonadh na gcaighdeán slándála a áirithiú.

Leasú 33

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 34 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(34b)

Chun cur isteach agus próiseáil shlán éifeachtúil na gcomhad iarratais a bhaineann le scagadh infheistíochta coigríche a áirithiú, agus chun an t-ualach riaracháin ar iarratasóirí agus ar údaráis araon a laghdú, ba cheart tairseach leictreonach aonair a bhunú ar leibhéal an Aontais. Ba cheart sásra aontaithe a chur ar fáil d’iarratasóirí agus dá n-ionadaithe leis an tairseach sin chun idirbhearta a chomhdú go leictreonach leis na húdaráis náisiúnta um scagadh. Ba cheart don Choimisiún córas soláimhsithe a cheapadh agus ba cheart dó a áirithiú go gcomhlíonann sé na rialacháin is infheidhme maidir le cosaint sonraí agus caighdeáin slándála.

Leasú 34

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 35

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(35)

Chun cur chuige comhsheasmhach ar fud an Aontais a áirithiú i leith infheistíochtaí a scagadh, tá sé fíor-riachtanach maidir leis na caighdeáin agus na critéir a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí dóchúla don tslándáil agus don ord poiblí, go leagtar na caighdeáin agus na critéir sin síos ar leibhéal an Aontais sa Rialachán seo. Ba cheart a chuimsiú leis na caighdeáin agus leis na critéir sin an tionchar ar shlándáil, sláine agus feidhmiú an bhonneagair chriticiúil, infhaighteacht na dteicneolaíochtaí criticiúla (lena n-áirítear príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin) agus soláthar leanúnach na n-ionchur criticiúil don tslándáil nó don ord poiblí, as a dtiocfadh mórthionchar ar an tslándáil agus ar an ord poiblí d’aon Bhallstát amháin nó níos mó nó don Aontas ina iomláine dá ndéanfaí iad a shuaitheadh, a chailleadh, a dhíothú nó dá dteipfeadh orthu. Maidir leis sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún comhthéacs agus imthosca na hinfheistíochta coigríche a chur san áireamh freisin. Ba cheart a chuimsiú leis sin, go háirithe, cé acu atá infheisteoir faoi rialú díreach nó indíreach, trí chistiú suntasach mar shampla, an rialtais i dtríú tír nó má tá infheisteoir rannpháirteach i gcuspóirí beartais tríú tíortha a shaothrú chun a gcumais mhíleata a éascú. Sa chomhthéacs sin, más infheidhme, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a mheas cén fáth a bhfuil an t-infheisteoir coigríche, a úinéir tairbhiúil nó aon cheann dá fhochuideachtaí nó duine, atá ag gníomhú thar cheann nó faoi stiúir infheisteoir coigríche den sórt sin, faoi réir aon chineáil de bhearta srianta an Aontais de bhun Airteagal 215 CFAE.

(35)

Chun cur chuige comhsheasmhach ar fud an Aontais a áirithiú i leith infheistíochtaí a scagadh, tá sé fíor-riachtanach gurb ionann na caighdeáin agus na critéir a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí dóchúla don tslándáil agus don ord poiblí agus na caighdeáin agus na critéir sin a leagtar síos ar leibhéal an Aontais sa Rialachán seo. Ba cheart a chuimsiú leis na caighdeáin agus leis na critéir sin an tionchar ar shlándáil, sláine, feidhmiú agus athléimneacht an bhonneagair chriticiúil agus an mhargaidh inmheánaigh , infhaighteacht agus glacadh na dteicneolaíochtaí criticiúla agus eolas (lena n-áirítear príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin) , soláthar leanúnach na n-ionchur criticiúil don tslándáil nó don ord poiblí, a mbeadh tionchar suntasach ag a gcur isteach, a gcliseadh, a gcaillteanas nó a scriosadh ar an tslándáil agus ar an ord poiblí i mBallstát amháin nó níos mó ná sin nó ar an Aontas ina iomláine , ar shlándáil saoráidí míleata agus ar shaoráidí poiblí íogaire eile, agus ar an acmhainneacht aghaidh a thabhairt ar spleáchais straitéiseacha . Ina leith sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún comhthéacs agus imthosca na hinfheistíochta coigríche a chur i gcuntas freisin. Ba cheart a áireamh leis sin, go háirithe, i dtaobh an raibh infheisteoir ag gabháil do ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha, lena n-áirítear mainneachtain arís agus arís eile caighdeáin dhlíthiúla an Aontais a chomhlíonadh, i dtaobh an bhfuil baint aige le cuspóirí beartais tríú tíortha a shaothrú , nó an bhfuil sé mar aidhm aige a gcumais mhíleata nó a sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta a éascú. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar rialtas tríú tír tionchar a imirt ar ghnóthais chun cuspóirí beartais an tríú tír a shaothrú, rud a d’fhágfadh saobhadh suntasach ar an margadh . Sa chomhthéacs sin, más infheidhme, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún breithniú a dhéanamh freisin ar an gcúis a bhfuil an t-infheisteoir coigríche, a úinéir tairbhiúil nó aon cheann dá fhochuideachtaí nó duine atá ag gníomhú thar cheann nó faoi stiúir an infheisteora coigríche sin, faoi réir aon chineáil de bhearta srianta an Aontais de bhun Airteagal 215 CFAE.

Leasú 35

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 36

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(36)

I gcás inarb amhlaidh maidir leis an mBallstát ina bhfuil sé beartaithe infheistíocht choigríche den sórt sin a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht choigríche sin, go measann an Ballstát sin gur dócha go ndéanfaidh infheistíocht choigríche difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí san Aontas, is iomchuí é a chur de cheangal ar an mBallstát sin bearta iomchuí a dhéanamh chun na rioscaí a mhaolú, i gcás ina mbeidh bearta den sórt sin ar fáil, agus ina measfaidh sé gurb oiriúnach iad, agus na barúlacha arna n-eisiúint ag na Ballstáit eile agus an tuairim arna heisiúint ag an gCoimisiún á mbreithniú go dian, más infheidhme. Níor cheart infheistíochtaí coigríche a thoirmeasc ach ar bhonn eisceachtúil amháin, agus i gcás nach leormhaith bearta maolaitheacha ná bearta atá ar fáil faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta seachas an sásra um scagadh chun an éifeacht ar an tslándáil nó ar an ord poiblí a mhaolú.

(36)

I gcás ina measann an Ballstát óstach gur dócha go mbeidh tionchar diúltach ag infheistíocht choigríche ar an tslándáil nó ar an ord poiblí san Aontas, is iomchuí a cheangal ar an mBallstát sin bearta iomchuí a dhéanamh chun na rioscaí a mhaolú, i gcás ina mbeidh na bearta sin ar fáil, agus go measann sé go bhfuil siad leormhaith, agus na barúlacha arna n-eisiúint ag Ballstáit eile agus an tuairim arna heisiúint ag an gCoimisiún, más infheidhme, á gcur san áireamh go hiomlán. Níor cheart infheistíochtaí coigríche a thoirmeasc ach ar bhonn eisceachtúil amháin, agus i gcás nach leor bearta maolaitheacha ná bearta atá ar fáil faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta seachas an sásra um scagadh chun an éifeacht ar an tslándáil nó ar an ord poiblí a mhaolú.

Leasú 36

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 37

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(37)

Chun tacú le cur chun feidhme an tsásra comhair agus chun malartú na ndea-chleachtas i measc na mBallstát a chothú, an grúpa saineolaithe maidir le scagadh na n-infheistíochtaí coigríche arna chur ar bun de bhun Rialachán (AE) 2019/452, ba cheart é a choinneáil ar bun.

(37)

Chun tacú le cur chun feidhme an tsásra comhair agus chun malartú na ndea-chleachtas i measc na mBallstát a chothú, ba cheart an grúpa saineolaithe maidir le scagadh na n-infheistíochtaí coigríche arna chur ar bun de bhun Rialachán (AE) 2019/452, a choinneáil ar bun agus a chúraimí a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an Rialachán seo .

Leasú 37

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 37 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(37a)

Chun an trédhearcacht a fheabhsú agus chun an próiseas d’infheisteoirí a éascú, ba cheart do na Ballstáit treoraíocht maidir le nósanna imeachta um scagadh, amlínte agus critéir measúnaithe riosca a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Chun trédhearcacht agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud na mBallstát a áirithiú, ba cheart don Choimisiún treoraíocht maidir leis na ceanglais ar leibhéal an Aontais agus maidir le príomhchoincheapa agus critéir mheasúnúcháin a bhunaítear leis an Rialachán seo a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Ba cheart don Choimisiún freisin liosta de na sásraí um scagadh uile arna mbunú ag na Ballstáit a choimeád, ar liosta é a bheidh ar fáil go poiblí.

Leasú 38

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 39

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(39)

Chun éifeachtúlacht an tsásra comhair a áirithiú, ba cheart na pointí teagmhála a chuireann na Ballstáit agus an Coimisiún i bhfeidhm a shuíomh go hoiriúnach sna riaracháin faoi seach. Ba cheart foireann cháilithe a bheith ag na pointí teagmhála mar aon leis na cumhachtaí is gá chun a n-obair a dhéanamh faoin sásra um chomhordú agus chun láimhseáil cheart faisnéise rúnda a áirithiú.

(39)

Chun éifeachtúlacht an tsásra comhair a áirithiú, ba cheart na pointí teagmhála a chuireann na Ballstáit agus an Coimisiún i bhfeidhm a bheith suite go straitéiseach laistigh de na riaracháin faoi seach. Ba cheart an fhoireann cháilithe agus na cumhachtaí is gá a bheith ag na pointí teagmhála chun a gcuid oibre a dhéanamh faoin sásra comhordúcháin agus a áirithiú go láimhseálfar faisnéis rúnda go cuí i gcomhréir leis na creataí dlíthiúla is infheidhme .

Leasú 39

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 40

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(40)

Ba cheart na Ballstáit agus an Coimisiún a spreagadh chun dul i gcomhar le húdaráis fhreagracha na dtríú tíortha atá ar aon intinn maidir le saincheisteanna a bhaineann le scagadh na n-infheistíochtaí díreacha coigríche ar dócha go ndéanfaidís difear don tslándáil dó don ord poiblí. Ba cheart í a bheith mar aidhm leis an gcomhar riaracháin sin éifeachtacht an chreata a neartú lena ndéanfaidh na Ballstáit scagadh ar infheistíochtaí díreacha coigríche agus lena ndéanfar comhar de bhun an Rialacháin seo idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Ba cheart an Coimisiún a choimeád ar an eolas faoi na teagmhálaithe déthaobhacha sin a mhéid a bhaineann siad le saincheisteanna córasacha a bhaineann leis an scagadh infheistíochtaí. Ba cheart go mbeadh sé indéanta don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar a dtarlaíonn maidir le sásraí um scagadh i dtríú tíortha freisin.

(40)

Ba cheart na Ballstáit agus an Coimisiún a spreagadh chun dul i gcomhar go gníomhach le húdaráis fhreagracha na dtríú tíortha atá ar aon intinn maidir le saincheisteanna a bhaineann le scagadh na n-infheistíochtaí coigríche a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don tslándáil dó don ord poiblí. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gcomhar riaracháin sin neartú a dhéanamh ar éifeachtacht an chreata lena ndéanann na Ballstáit scagadh ar infheistíochtaí coigríche agus ar an gcomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún de bhun an Rialacháin seo idir. Ba cheart an Coimisiún a choinneáil ar an eolas faoi na teagmhálaithe déthaobhacha sin a mhéid a bhaineann siad le saincheisteanna córasacha , treochtaí, nó dea-chleachtais a bhaineann le scagadh infheistíochtaí. Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún freisin faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí maidir le sásraí um scagadh i dtríú tíortha freisin.

Leasú 40

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 40 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(40a)

Ba cheart an Rialachán seo a mheas i measc phacáiste níos leithne ionstraimí cosanta an Aontais atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar rioscaí slándála, lena n-áirítear an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha agus an Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta, agus ba cheart a áirithiú go leagfar amach an raon feidhme i gcomhréir leis na bearta sin chun dúbailt a sheachaint agus chun cur chuige spriocdhírithe comhréireach a áirithiú.

Leasú 41

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 41

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(41)

Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún rúndacht na faisnéise a sholáthraíonn nó a fhaigheann siad de thoradh an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais. I gcás ina bhféadfadh nochtadh neamhúdaraithe faisnéise céimeanna éagsúla dochair a dhéanamh do leasanna an Aontais Eorpaigh, nó do leasanna Ballstáit amháin nó níos mó, ba cheart do thionscnóir na faisnéise an fhaisnéis a rúnaicmiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais faoi seach. Nuair a bheifear ag freagairt d’iarrataí rochtana ar dhoiciméid a láimhseáiltear i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo, comhordóidh na Ballstáit agus an Coimisiún le chéile agus soláthróidh ar a laghad an leibhéal cosanta le haghaidh na leasanna faoi chosaint atá ar fáil faoi Airteagal 4 de Rialachán (CE) 1049/2001 (5), d’fhonn cuspóir na n-imscrúduithe a chosaint . Ba cheart don Choimisiún na bearta uile is gá a dhéanamh chun cosaint na faisnéise rúnda a áirithiú i gcomhréir, go háirithe, le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 (6) ón gCoimisiún agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 (7) ón gCoimisiún. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Comhaontú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cosaint na faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh (8). Áirítear leis seo, go háirithe, an oibleagáid gan faisnéis rúnaicmithe a íosghrádú ná a scaoileadh ón rúnaicmiú gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón tionscnóir. Aon fhaisnéis atá de chineál íogair ach nach bhfuil rúnaicmithe nó aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda, ba cheart do na húdaráis í a láimhseáil amhlaidh.

(41)

Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún an leibhéal is airde rúndachta a áirithiú maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn siad nó a fhaigheann siad agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais. I gcás ina bhféadfadh nochtadh neamhúdaraithe faisnéise céimeanna éagsúla dochair a dhéanamh do leasanna an Aontais Eorpaigh, nó do leasanna Ballstáit amháin nó níos mó ná sin, ba cheart do thionscnóir na faisnéise an fhaisnéis a rúnaicmiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais. Agus freagra á thabhairt ar iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid a láimhseáiltear i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún leibhéal cosanta na leasanna cosanta atá ar fáil faoi Airteagal 4 de Rialachán (CE) 1049/2001 (5) a chomhordú agus a sholáthar ar a laghad, d’fhonn sláine na n-imscrúduithe a choimirciú . Ba cheart don Choimisiún na bearta uile is gá a dhéanamh chun cosaint na faisnéise rúnda a áirithiú i gcomhréir, go háirithe, le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 (6) ón gCoimisiún agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 (7) ón gCoimisiún. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Comhaontú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cosaint na faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais (8). Áirítear leis sin, go háirithe, an oibleagáid rúndacht na faisnéise rúnaicmithe a choinneáil ar bun agus gan an fhaisnéis sin a íosghrádú ná a scaoileadh ó rúnaicmiú gan toiliú i scríbhinn a fháil roimh ré ón tionscnóir. Aon fhaisnéis de chineál íogair nach bhfuil rúnaicmithe nó aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda, ba cheart do na húdaráis í a láimhseáil amhlaidh.

Leasú 42

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 43

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(43)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a tharraingt suas agus í a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ar mhaithe le trédhearcacht níos fearr, ba cheart an tuarascáil a chur ar fáil don phobal. Ba cheart an tuarascáil a bheith bunaithe, i measc nithe eile, ar thuarascálacha arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit uile ar bhonn rúnda agus aird chuí á tabhairt ar an ngá chun rúndacht faisnéise áirithe a chosaint, go háirithe i gcás ina bhféadfaí difear a dhéanamh do shlándáil nó d’ord poiblí an Aontais le foilsiú na sonraí nó an rúndacht tráchtála a chur i mbaol leis.

(43)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo a tharraingt suas agus í a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ar mhaithe le trédhearcacht níos fearr, ba cheart an tuarascáil a chur ar fáil don phobal. Ba cheart an tuarascáil a bheith bunaithe, i measc nithe eile, ar thuarascálacha arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit uile ar bhonn rúnda agus aird chuí á tabhairt ar an ngá atá le rúndacht faisnéise áirithe a chosaint, go háirithe i gcás ina bhféadfaí difear a dhéanamh do shlándáil nó d’ord poiblí an Aontais le foilsiú na sonraí nó an rúndacht tráchtála a chur i mbaol leis. Ba cheart don tuarascáil faisnéis maidir le treochtaí agus tosca riosca atá ag teacht chun cinn a áireamh chomh maith le nuashonruithe ar fhorbairtí reachtacha ábhartha sna Ballstáit.

Leasú 43

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 44

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(44)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo 5  bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gach 5 bliana dá éis sin agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ba cheart measúnú a chuimsiú sa tuarascáil sin ar cé acu ba cheart an Rialachán seo a leasú nó nár cheart. I gcás ina moltar sa tuarascáil sin go leasófaí an Rialachán seo, féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil leis.

(44)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo 3 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ba cheart a áireamh sa tuarascáil sin go háirithe measúnú ar rannchuidiú an Rialacháin seo le slándáil eacnamaíoch an Aontais. Ba cheart measúnú a chuimsiú inti i dtaobh ar cheart nó nár cheart an Rialachán seo a leasú. I gcás ina moltar sa tuarascáil sin go leasófaí an Rialachán seo, féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil leis.

Leasú 44

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 46

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(46)

Más é atá san infheistíocht dhíreach choigríche comhchruinniú a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (12) ón gComhairle, ba cheart nár dhochar cur chun feidhme an Rialacháin seo do chur i bhfeidhm Airteagal 21(4) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004. Ba cheart an Rialachán seo agus Airteagal 21(4) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach. A mhéid atá raon feidhme an dá rialachán sin, faoi seach, ag forluí ar a chéile, ba cheart na forais atá leis an scagadh a leagtar amach in Airteagal 12 den Rialachán seo agus coincheap na leasanna dlisteanacha de réir bhrí Airteagal 21(4), an tríú fomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, a léirmhíniú ar bhealach comhleanúnach, gan dochar don mheasúnú ar a mhéid atá na bearta náisiúnta atá dírithe ar na leasanna sin a chosaint comhoiriúnach do phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus d’fhorálacha eile de dhlí an Aontais.

(46)

Nuair is é atá san infheistíocht choigríche comhchruinniú a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (12) ón gComhairle, ba cheart nár dhochar cur chun feidhme an Rialacháin seo do chur i bhfeidhm Airteagal 21(4) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004. Ba cheart an Rialachán seo agus Airteagal 21(4) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach. A mhéid atá raon feidhme an dá rialachán sin faoi seach ag forluí ar a chéile, ba cheart na forais atá leis an scagadh a leagtar amach in Airteagal  1 den Rialachán seo agus coincheap na leasanna dlisteanacha de réir bhrí Airteagal 21(4), an tríú fomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, a léirmhíniú ar bhealach comhleanúnach, gan dochar don mheasúnú ar chomhoiriúnacht na mbeart náisiúnta atá dírithe ar na leasanna sin a chosaint le prionsabail ghinearálta agus le forálacha eile de dhlí an Aontais.

Leasú 45

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 49

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(49)

Ionas gur féidir forbairtí a bhaineann le tionscadail agus cláir atá chun leasa an Aontais a chur san áireamh agus an liosta a oiriúnú arb é sin an liosta teicneolaíochtaí, sócmhainní, saoráidí, trealaimh, líonraí, na córais, seirbhísí agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena mbaineann tábhacht ar leith chun leasanna slándála nó oird phoiblí an Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Le liosta na dtionscadal agus na gclár atá chun leasa an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ba cheart tionscadail nó cláir a chumhdach ar tionscadail nó cláir iad a chumhdaítear le dlí an Aontais agus lena ndéantar foráil maidir le bonneagar criticiúil, teicneolaíochtaí criticiúla nó ionchuir chriticiúla a fhorbairt, a choinneáil ar bun nó a fháil agus ar bonneagar, ar teicneolaíochtaí nó ionchuir iad atá ríthábhachtach don tslándáil nó don ord poiblí. An liosta teicneolaíochtaí, sócmhainní, saoráidí, trealaimh, líonraí, na córais, seirbhísí agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena mbaineann tábhacht ar leith chun leasanna slándála nó oird phoiblí an Aontais agus a leagtar amach in Iarscríbhinn II, ba cheart réimsí a chuimsiú leis an liosta sin i gcás ina bhféadfadh infheistíocht choigríche difear a dhéanamh don tslándáil nó don ord poiblí i níos mó ná aon Bhallstát amháin nó san Aontas ina iomláine trí sprioc-chuideachta de chuid an Aontais, agus nach nglacann páirt i dtionscadal nó i gclár atá chun leasa an Aontais ná nach bhfaigheann cistí ó thionscadal nó ó chlár den sórt sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (16). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag dul i ngleic le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(49)

Ionas gur féidir forbairtí a bhaineann le tionscadail agus cláir atá chun leasa an Aontais a chur san áireamh agus chun oiriúnú a dhéanamh ar an liosta teicneolaíochtaí , ábhar , sócmhainní, saoráidí, trealaimh, líonraí, córas, seirbhísí agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena mbaineann tábhacht ar leith do leasanna slándála nó oird phoiblí an Aontais , go háirithe i bhfianaise na measúnuithe riosca atá le cur i gcrích faoi Straitéis Slándála Eacnamaíche an Aontais , ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo. Le liosta na dtionscadal agus na gclár atá chun leasa an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ba cheart tionscadail nó cláir a chumhdach ar tionscadail nó cláir iad a chumhdaítear le dlí an Aontais agus lena ndéantar foráil maidir le bonneagar criticiúil, teicneolaíochtaí criticiúla nó ionchuir chriticiúla a fhorbairt, a choinneáil ar bun nó a fháil agus atá ríthábhachtach don tslándáil nó don ord poiblí. An liosta teicneolaíochtaí, ábhar, sócmhainní, saoráidí, trealaimh, líonraí, córas, seirbhísí agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena mbaineann tábhacht ar leith chun leasanna slándála nó oird phoiblí an Aontais agus a leagtar amach in Iarscríbhinn II, ba cheart réimsí a chuimsiú leis an liosta sin i gcás ina bhféadfadh infheistíocht choigríche difear a dhéanamh don tslándáil nó don ord poiblí i níos mó ná aon Bhallstát amháin nó san Aontas ina iomláine trí sprioc-chuideachta de chuid an Aontais, nach bhfuil rannpháirteach i dtionscadal ná i gclár atá chun leasa an Aontais ná nach bhfaigheann cistí ó thionscadal ná ó chlár den sórt sin. Ba cheart don Choimisiún, go háirithe, Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina mbunófar tionscadail nó cláir nua atá chun leasa an Aontais i gcomhthéacs Creataí Airgeadais Ilbhliantúla a bheidh ann sa todhchaí . Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (16). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Leasú 46

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 50

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(50)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an bhfoirm atá le húsáid chun faisnéis íosta a sholáthar faoi infheistíochtaí coigríche, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(50)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na foirmeacha atá le húsáid chun faisnéis íosta a sholáthar faoi infheistíochtaí coigríche agus chun iarrataí ar údarú a chomhdú , ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

Leasú 47

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 51

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(51)

Ba cheart Rialachán (AE) 2019/452 a aisghairm. Chun go mbeidh tréimhse leordhóthanach ag na Ballstáit agus eintitis chun ullmhú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin, ba cheart feidhm a bheith aige ón [cuir dáta isteach: 15  mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm]. San idirthréimhse idir teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2019/452 fós,

(51)

Ba cheart Rialachán (AE) 2019/452 a aisghairm. Chun go mbeidh tréimhse leordhóthanach ag na Ballstáit agus eintitis chun ullmhú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin, ba cheart feidhm a bheith aige amhail ón [cuir dáta isteach: 12 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm] . Ba cheart é a bheith infheidhme gan beann ar bhunú na tairsí aonair chun iarrataí ar údarú a chomhdú . San idirthréimhse idir teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart feidhm fós a bheith ag Rialachán (AE) 2019/452,

Leasú 48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Leis an Rialachán seo, cuirtear ar bun creat de chuid an Aontais síos chun go ndéanfaidh na Ballstáit scagadh ar infheistíochtaí coigríche ina gcríoch, ar fhoras na slándála nó an oird phoiblí.

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear creat de chuid an Aontais chun go ndéanfaidh na Ballstáit scagadh ar infheistíochtaí coigríche ina gcríoch, ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí , lena n-áirítear an tslándáil eacnamaíoch .

Leasú 49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Bunaítear sásra comhair leis an Rialachán seo chun é a chur ar chumas do na Ballstáit agus don Choimisiún faisnéis faoi infheistíochtaí coigríche a mhalartú, measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar an tslándáil nó ar an ord poiblí, agus ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint ar ábhair imní iad ar a ndéanfaidh an Ballstát a bhfuil an infheistíocht á scagadh aige aghaidh a thabhairt.

2.   Bunaítear sásra comhair leis an Rialachán seo chun é a chur ar chumas do na Ballstáit agus don Choimisiún faisnéis ábhartha faoi infheistíochtaí coigríche a mhalartú, measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar an tslándáil nó ar an ord poiblí agus ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu .

Leasú 50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Féadfaidh na Ballstáit forálacha náisiúnta a ghlacadh i réimsí nach gcomhordaítear leis an Rialachán seo nó forálacha den sórt sin a choinneáil ar bun.

3.   Féadfaidh na Ballstáit forálacha náisiúnta a ghlacadh nó a choinneáil i bhfeidhm i réimsí nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo , ar choinníoll nach mbainfidh na forálacha sin an bonn ó chuspóirí an Rialacháin seo agus go bhfuil siad comhsheasmhach leo .

Leasú 51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Tá an Rialachán seo gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi na Conarthaí, go háirithe Airteagail 49 agus 63 CFAE. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh aon bheart a dhéanfar faoi chuimsiú an Rialacháin seo na hoibleagáidí sin. Tá an Rialachán seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú.

5.   Tá an Rialachán seo gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi na Conarthaí, go háirithe Airteagail 49 agus 63 CFAE, agus dá gceart bearta a dhéanamh a bhfuil bonn cirt leo ar fhoras an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí faoi Airteagal 65 CFAE. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh aon bheart a dhéanfar faoi chuimsiú an Rialacháin seo na hoibleagáidí sin. Tá an Rialachán seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 CFAE chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú.

Leasú 52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a.     Ní thagann infheistíochtaí de bhua uirlis réitigh agus athstruchtúrú inmheánach faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Leasú 53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

ciallaíonn ‘infheistíocht choigríche’ infheistíocht dhíreach choigríche nó infheistíocht laistigh den Aontas lena mbaineann rialú coigríche eachtrach, lena gcumasaítear rannpháirtíocht éifeachtach i sprioc-chuideachta de chuid an Aontais a bhainistiú nó a rialú;

(1)

ciallaíonn ‘infheistíocht choigríche’ infheistíocht d’aon chineál, arna déanamh ag infheisteoir coigríche é féin nó trí fhochuideachta infheisteora coigríche san Aontas , arb é is aidhm di naisc fhadtéarmacha dhíreacha a bhunú nó a choinneáil ar bun idir an t-infheisteoir coigríche agus sprioc-chuideachta de chuid an Aontais, dá gcuireann an t-infheisteoir coigríche caipiteal ar fáil chun gníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh i mBallstát, lena gcumasaítear rannpháirtíocht éifeachtach i mbainistiú nó i rialú na sprioc-chuideachta sin de chuid an Aontais;

Leasú 54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1a)

ciallaíonn ‘infheistíocht i láithreán úrnua’ infheistíocht choigríche a dhéantar trí shaoráidí nua a bhunú nó trí ghnóthas nua a bhunú chun gníomhaíocht eacnamaíoch nua a dhéanamh san Aontas;

Leasú 55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1b)

ciallaíonn ‘uirlis réitigh’ aon uirlis réitigh i gcomhréir le Treoir 2014/59/AE, Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, Rialachán (AE) 2021/23, Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 nó Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

Leasú 56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1c)

ciallaíonn ‘athstruchtúrú inmheánach’ athruithe ar rannpháirtíocht éifeachtach i mbainistiú nó i rialú sprioc-chuideachta de chuid an Aontais a tharlaíonn laistigh de shlabhra úinéireachta nach mbíonn aon athrú ar úinéireacht ná ar rialú na sprioc-chuideachta mar thoradh orthu ar deireadh;

Leasú 57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

ciallaíonn ‘infheistíocht dhíreach choigríche’ infheistíocht d’aon sórt arna déanamh ag infheisteoir coigríche atá dírithe ar naisc fhadtéarmacha dhíreacha a bhunú nó a choinneáil ar bun idir an t-infheisteoir coigríche agus sprioc-chuideachta atá ann cheana de chuid an Aontais nó sprioc-chuideachta den sórt sin atá le bunú, agus dá gcuireann an t-infheisteoir coigríche an caipiteal ar fáil chun gníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh i mBallstát;

scriosta

Leasú 58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)

ciallaíonn ‘infheistíocht laistigh den Aontas lena mbaineann rialú coigríche’ infheistíocht d’aon sórt arna déanamh ag infheisteoir coigríche trí fhochuideachta an infheisteora coigríche san Aontas, atá dírithe ar naisc fhadtéarmacha dhíreacha a bhunú nó a choinneáil ar bun idir an t-infheisteoir coigríche agus sprioc-chuideachta atá ann cheana de chuid an Aontais nó sprioc-chuideachta den sórt sin atá le bunú, agus dá gcuireann an t-infheisteoir coigríche an caipiteal ar fáil chun gníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh i mBallstát;

scriosta

Leasú 59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)

ciallaíonn ‘fochuideachta infheisteora coigríche san Aontas’ gnóthas atá gníomhach ar bhonn eacnamaíoch agus atá bunaithe faoi dhlíthe Ballstáit a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 22(1) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 (18), agus atá faoi rialú díreach nó indíreach ag infheisteoir coigríche;

(7)

ciallaíonn ‘fochuideachta infheisteora coigríche san Aontas’ gnóthas atá gníomhach ar bhonn eacnamaíoch agus atá bunaithe faoi dhlíthe Ballstáit a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 22(1) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 (18), agus atá faoi rialú díreach nó indíreach ag infheisteoir coigríche;

Leasú 60

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7a)

ciallaíonn ‘úinéir tairbhiúil’ aon duine nádúrtha a bhfuil úinéireacht nó rialú aige ar eintiteas dlíthiúil nó ar shocrú dlíthiúil comhchosúil ar deireadh;

Leasú 61

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 7 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7b)

ciallaíonn ‘struchtúr úinéireachta doiléir’ socrú ina bhfuil úinéireacht nó rialú eintitis doiléir, ceilte nó deacair a fhionnadh mar gheall, inter alia, ar an úsáid a bhaintear as struchtúir dhlíthiúla chasta, sraitheanna iolracha úinéireachta, scairshealbhóirí ainmnitheacha, iontaobhais, nó sásraí eile lena ndéantar céannacht an úinéara thairbhiúil a cheilt;

Leasú 62

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)

ciallaíonn ‘sprioc-chuideachta de chuid an Aontais’ gnóthas arna bhunú faoi dhlíthe Ballstáit;

(8)

ciallaíonn ‘sprioc-chuideachta de chuid an Aontais’ gnóthas a bhunaítear nó atá le bunú faoi dhlíthe Ballstáit;

Leasú 63

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)

ciallaíonn ‘sprioc-chuideachta de chuid an Aontais atá gníomhach ar bhonn eacnamaíoch i gceann de na réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn II’ sprioc-chuideachta de chuid an Aontais atá gníomhach nó a bheartaíonn a bheith gníomhach i dteicneolaíochtaí, sócmhainní, saoráidí, trealamh, líonraí, córais, seirbhísí agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena mbaineann tábhacht ar leith maidir le leasanna slándála nó oird phoiblí an Aontais, a liostaítear in Iarscríbhinn II , lena n-áirítear trí úinéireacht, úsáid, táirgeadh nó soláthar na nithe sin ;

(9)

ciallaíonn ‘sprioc-chuideachta de chuid an Aontais atá gníomhach ar bhonn eacnamaíoch i gceann de na réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn II’ sprioc-chuideachta de chuid an Aontais atá gníomhach nó a bheartaíonn a bheith gníomhach i gceapadh, forbairt, asbhaint, próiseáil, táirgeadh, athchúrsáil nó soláthar na dteicneolaíochtaí , na n-ábhar na sócmhainní, na saoráidí, an trealaimh, na líonraí, na gcóras, na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a liostaítear in Iarscríbhinn II;

Leasú 64

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)

ciallaíonn ‘tionscadail nó cláir atá chun leasa an Aontais’ tionscadail nó cláir a chumhdaítear le dlí an Aontais maidir le bonneagar criticiúil, teicneolaíochtaí criticiúla nó ionchuir chriticiúla a fhorbairt, a choinneáil ar bun nó a fháil, ar bonneagar, teicneolaíochtaí nó ionchuir iad atá ríthábhachtach don tslándáil agus don ord poiblí agus a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(18)

ciallaíonn ‘tionscadail nó cláir atá chun leasa an Aontais’ tionscadail nó cláir a chumhdaítear le dlí an Aontais lena ndéantar foráil maidir le bonneagar criticiúil, teicneolaíochtaí criticiúla , seirbhísí criticiúla agus riachtanacha nó ionchuir chriticiúla a fhorbairt, a chothabháil nó a fháil, ar tionscadail nó cláir iad atá riachtanach don tslándáil nó don ord poiblí agus a liostaítear in Iarscríbhinn I;

Leasú 65

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 18 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(18a)

ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ an Ballstát ina bhfuil infheistíocht choigríche beartaithe le déanamh nó déanta ann;

Leasú 66

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 23 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23a)

ciallaíonn ‘bonneagar criticiúil’ sócmhainn, saoráid, trealamh, líonra, nó córas, nó cuid de shócmhainn, saoráid, trealamh, líonra, nó córas, atá riachtanach chun seirbhís fhíor-riachtanach a sholáthar;

Leasú 67

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   An sásra um scagadh dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm aige ar a laghad maidir le hinfheistíochtaí atá faoi réir ceanglas údarúcháin de bhun Airteagal 4(4).

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ar a laghad ag an sásra um scagadh dá dtagraítear i mír 1 i leith infheistíochtaí atá faoi réir ceanglas údarúcháin de bhun Airteagal 4(4) agus (4a) .

Leasú 68

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na bearta arna nglacadh de bhun mhír 1 tráth nach déanaí ná [dáta: 15 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm]. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon leasú ar a sásra um scagadh laistigh de 30 lá ón tráth a ghlactar an leasú.

3.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na bearta arna nglacadh de bhun mhír 1 tráth nach déanaí ná ... [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ]; Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon leasú ar a sásra um scagadh laistigh de 30 lá ón tráth a ghlactar an leasú.

Leasú 69

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Cuirfidh an Coimisiún liosta de shásraí na mBallstát um scagadh ar fáil go poiblí tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis na fógraí uile dá dtagraítear i mír 3 a fháil nó faoin [dáta: 21  mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm], cibé acu is túisce. Coimeádfaidh an Coimisiún an liosta sin cothrom le dáta.

4.   Cuirfidh an Coimisiún liosta de shásraí na mBallstát um scagadh ar fáil go poiblí tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis na fógraí uile dá dtagraítear i mír 3 a fháil nó faoin ... [ 15 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ], cibé acu is túisce a tharlóidh. Coimeádfaidh an Coimisiún an liosta sin cothrom le dáta.

Leasú 70

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

déanfar foráil maidir le nósanna imeachta oiriúnach le haghaidh an údaráis scagtha chun a chinneadh cé acu tá nó nach bhfuil dlínse aige ar infheistíocht choigríche a chomhdaítear lena húdarú agus chun athbhreithniú tosaigh a dhéanamh, a ndéanfar dá éis, i gcás inar gá, grinn-imscrúdú chun a chinneadh cé acu is dócha nó nach dócha go ndéanfaidh an infheistíocht choigríche sin difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí. Is é an cuspóir a bheidh ag an ngrinn-imscrúdú, go háirithe, a chinneadh cé acu is iomchuí nó nach iomchuí cinneadh maidir le scagadh dá dtagraítear in Airteagal 14(1) agus chun ábhar an chinnidh sin a chinneadh .

(a)

déanfar foráil maidir le nósanna imeachta agus acmhainní oiriúnacha don údarás scagtha chun a chinneadh an bhfuil dlínse aige ar infheistíocht choigríche arna comhdú lena húdarú. Beidh athbhreithniú tosaigh i gceist sa scagadh nach faide ná 35 lá féilire tar éis an iarraidh iomlán ar údarú a fháil, agus, i gcás inar gá, grinn-imscrúdú ina dhiaidh sin chun a chinneadh an dócha go ndéanfaidh an infheistíocht choigríche sin difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí , lena gcuirtear i gcuntas ar a laghad na critéir a leagtar síos in Airteagal 13 . Is é an cuspóir a bheidh ag an ngrinn-imscrúdú, go háirithe, a chinneadh an iomchuí cinneadh maidir le scagadh dá dtagraítear in Airteagal 14(1) agus chun ábhar an chinnidh sin a chinneadh ;

Leasú 71

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)

tabharfar de chumhacht don údarás scagtha scagadh a dhéanamh ar infheistíochtaí i laithreán úrnua;

Leasú 72

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

déanfaidh an t-údarás scagtha faireachán ar an gcomhlíontacht leis an sásra um scagadh agus le cinntí maidir le scagadh agus áiritheoidh an chomhlíontacht sin. Go sonrach, cuirfidh sé nósanna imeachta i bhfeidhm chun imchéimniú an tsásra um scagadh agus na gcinntí maidir le scagadh a shainaithint agus a chosc;

(b)

déanfaidh an t-údarás scagtha faireachán ar an gcomhlíontacht leis an sásra um scagadh agus le cinntí maidir le scagadh agus áiritheoidh sé an chomhlíontacht sin. Go sonrach, cuirfidh sé nósanna imeachta agus acmhainní leormhaithe i bhfeidhm chun imchéimniú an tsásra um scagadh agus na gcinntí maidir le scagadh a shainaithint, chun aghaidh a thabhairt ar an imchéimniú sin agus chun é a chosc;

Leasú 73

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

tabharfar de chumhacht don údarás scagtha tosú ar infheistíochtaí coigríche a scagadh ar a thionscnamh féin ar feadh ar a laghad 15 mhí tar éis d’infheistíocht choigríche a bheith tugtha i gcrích arb infheistíocht choigríche í sin nach bhfuil faoi réir ceanglas údarúcháin i gcás ina mbeidh foras ag an údarás scagtha chun a mheas go bhféadfadh an infheistíocht choigríche difear a dhéanamh don tslándáil nó don ord poiblí;

(c)

tabharfar de chumhacht don údarás scagtha tosú ar infheistíochtaí coigríche a scagadh ar a thionscnamh féin laistigh de 15 mhí ón infheistíocht choigríche a bheith tugtha i gcrích arb infheistíocht choigríche í sin nach bhfuil faoi réir ceanglas údarúcháin i gcás ina mbeidh foras ag an údarás scagtha chun a mheas go bhféadfadh an infheistíocht choigríche difear a dhéanamh don tslándáil nó don ord poiblí;

Leasú 74

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

cosnófar faisnéis rúnda, lena n-áirítear faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de, a chuirfear ar fáil don Bhallstát a dhéanfaidh an scagadh;

(d)

cosnófar faisnéis rúnda a chuirfear ar fáil don Bhallstát a dhéanfaidh an scagadh, lena n-áirítear faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus faisnéis atá ainmnithe mar fhaisnéis rúnda ag na gnóthais lena mbaineann;

Leasú 75

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

infheisteoirí coigríche, fochuideachtaí infheisteoirí coigríche san Aontas ar tríothu a dhéantar an infheistíocht choigríche agus gnóthais a bhaineann le cinneadh maidir le scagadh, beidh sé indéanta acu cúlárach breithiúnach a lorg in aghaidh an chinnidh sin maidir le scagadh;

(e)

infheisteoirí coigríche, fochuideachtaí infheisteoirí coigríche san Aontas ar tríothu a dhéantar an infheistíocht choigríche agus gnóthais a bhaineann le cinneadh maidir le scagadh, beidh sé indéanta acu cúlárach breithiúnach a lorg in aghaidh an chinnidh sin maidir le scagadh ar bhealach tráthúil agus éifeachtach ;

Leasú 76

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f)

cuirfear tuarascáil bhliantúil ar fáil go poiblí, agus cuimseofar inti faisnéis faoi fhorbairtí reachtacha ábhartha sa Bhallstát agus sonraí anaithnidithe agus comhiomlánaithe ar na hinfheistíochtaí a scagadh, lena n-áirítear toradh na gcinntí maidir le scagadh, náisiúntacht, nó tír thionscnaimh de réir mar a bheidh, na bpáirtithe sna hinfheistíochtaí faoina dtugtar fógra don údarás scagtha, agus na hearnálacha eacnamaíocha ina ndearnadh na hidirbhearta sin;

(f)

cuirfear tuarascáil bhliantúil ar fáil go poiblí, agus cuimseofar inti faisnéis faoi fhorbairtí reachtacha ábhartha sa Bhallstát agus sonraí anaithnidithe agus comhiomlánaithe ar na hinfheistíochtaí a scagadh, lena n-áirítear toradh na gcinntí maidir le scagadh, náisiúntacht, nó tír thionscnaimh, de réir mar a bheidh, na bpáirtithe sna hinfheistíochtaí faoina dtugtar fógra don údarás scagtha, agus na hearnálacha eacnamaíocha ina ndearnadh na hidirbhearta sin , chomh maith leis na tionscadail nó na cláir lena mbaineann atá chun leasa an Aontais, i gcás inarb infheidhme;

Leasú 77

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 – pointe g

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g)

infheistíochtaí coigríche atá faoi réir ceanglas údarúcháin dá dtagraítear i mír 4 , déanfaidh an t-iarratasóir a iarrfaidh údarú iad a chomhdú leis an údarás scagtha agus scagfar na hinfheistíochtaí sin sula dtabharfar an infheistíocht choigríche i gcrích;

(g)

infheistíochtaí coigríche atá faoi réir ceanglas údarúcháin dá dtagraítear i míreanna 4 agus 4a , déanfaidh an t-iarratasóir a iarrfaidh údarú iad a chomhdú leis an údarás scagtha agus scagfar na hinfheistíochtaí sin sula dtabharfar an infheistíocht choigríche i gcrích;

Leasú 78

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 – pointe g a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ga)

Cuirfidh na Ballstáit garspriocanna caighdeánaithe nós imeachta agus pointí cumarsáide struchtúrtha le hiarratasóirí chun feidhme le linn an phróisis, lena n-áirítear admháil fhoirmiúil ar chomhdú iomlán laistigh de 5 lá oibre agus na gnóthais lena mbaineann a chur ar an eolas i gcás ina gcinnfidh an t-údarás scagtha grinn-imscrúdú a oscailt;

Leasú 79

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 – pointe h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h)

tabharfar de chumhacht don údarás scagtha bearta maolaitheacha a fhorchur, infheistíochtaí coigríche atá faoi réir ceanglas údarúcháin dá dtagraítear i mír 4 a thoirmeasc, nó a leachtú, arb infheistíochtaí iad nár comhdaíodh nó a comhdaíodh tar éis dóibh a bheith tugtha i gcrích agus, i gcás inarb infheidhme, tabharfaidh an t-údarás scagtha aghaidh go héifeachtach ar iarmhairtí na neamhchomhlíontachta leis na bearta maolaitheacha;

(h)

tabharfar de chumhacht don údarás scagtha bearta maolaitheacha a fhorchur, infheistíochtaí coigríche atá faoi réir ceanglas údarúcháin dá dtagraítear i míreanna 4 nó 4a a thoirmeasc, nó a leachtú, arb infheistíochtaí iad nár comhdaíodh nó a comhdaíodh tar éis dóibh a bheith tugtha i gcrích agus, i gcás inarb infheidhme, tabharfaidh an t-údarás scagtha aghaidh go héifeachtach ar iarmhairtí na neamhchomhlíontachta leis na bearta maolaitheacha;

Leasú 80

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 – pointe h a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ha)

tabharfar de chumhacht do na húdaráis scagtha pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar infheisteoirí coigríche nach n-iarrann údarú i gcás ina gceanglaítear orthu é sin a dhéanamh, nach gcomhlíonann na bearta maolaitheacha, nó a dhéanann iarracht dul timpeall ar an sásra um scagadh nó ar na cinntí maidir le scagadh ar shlí eile. Léireoidh na pionóis scála agus cineál an tsáraithe;

Leasú 81

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 – pointe h b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(hb)

cuirfidh an t-údarás scagtha nósanna imeachta leormhaithe agus bealaí slána i bhfeidhm chun faisnéis maidir le hinfheistíochtaí coigríche a fháil ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ó oibreoirí eacnamaíocha agus ó chomhpháirtithe sóisialta;

Leasú 82

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Sula ndéanfar cinneadh chun infheistíocht choigríche a údarú faoi réir bearta maolaitheacha nó infheistíocht choigríche a thoirmeasc, cuirfidh na Ballstáit an t-iarratasóir a iarrann údarú ar an eolas agus luafaidh na cúiseanna atá leis an gcinneadh atá beartaithe acu a dhéanamh, faoi réir cosaint faisnéise rúnda a mbeadh nochtadh na faisnéise sin bunoscionn le leasanna slándála nó oird phoiblí an Aontais nó le leasanna Ballstáit amháin nó níos mó agus gan dochar do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta a bhaineann le faisnéis rúnda a chosaint. Tabharfaidh na Ballstáit an deis don infheisteoir coigríche a thuairimí a chur in iúl sula ndéanfar an cinneadh sin .

3.   Sula ndéanfar cinneadh chun infheistíocht choigríche a údarú faoi réir bearta maolaitheacha nó infheistíocht choigríche a thoirmeasc, cuirfidh na Ballstáit an t-iarratasóir a iarrann údarú ar an eolas agus luafaidh siad na cúiseanna atá leis an gcinneadh atá beartaithe acu a dhéanamh, faoi réir cosaint faisnéise rúnda a mbeadh nochtadh na faisnéise sin bunoscionn le leasanna slándála nó oird phoiblí an Aontais nó le leasanna Ballstáit amháin nó níos mó agus gan dochar do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta a bhaineann le faisnéis rúnda a chosaint. Tabharfaidh na Ballstáit deis don infheisteoir coigríche a thuairimí a chur in iúl agus cuirfidh siad an t-ionchur sin san áireamh sula dtarchuirfidh siad a ndréachtchinneadh de bhun Airteagal 7(8) .

Leasú 83

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 4 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

ina cuid de cheann de na tionscadail nó de na cláir atá chun leasa an Aontais nó rannpháirteach i dtionscadal nó i gclár den sórt sin a liostaítear in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear mar fhaighteoir cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, mír 53 , de Rialachán (AE)  2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (19) , nó

(a)

ina cuid de cheann de na tionscadail nó de na cláir atá chun leasa an Aontais nó rannpháirteach i dtionscadal nó i gclár den sórt sin a liostaítear in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear mar fhaighteoir cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 59 , de Rialachán (AE) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (19a) , nó

Leasú 84

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     Áiritheoidh na Ballstáit freisin go bhforchuirfear lena sásraí um scagadh ceanglas údarúcháin maidir le hinfheistíochtaí coigríche i láithreán úrnua i gcás:

 

(a)

ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 4 den Airteagal seo;

 

(b)

ina gcomhlíonann an t-infheisteoir ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (b), pointí (i) go (iii); agus

 

(c)

inarb ionann luach an idirbhirt agus EUR 250 milliún ar a laghad

Leasú 85

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile tríd an sásra comhair faoi aon infheistíocht choigríche i sprioc-chuideachta de chuid an Aontais atá bunaithe ar a gcríoch:

1.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile tríd an sásra comhair faoi aon infheistíocht choigríche i sprioc-chuideachta de chuid an Aontais ina gcríoch:

Leasú 86

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(4), pointe (a); nó

(a)

a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(4) , pointe (a) , nó Airteagal 4(4a) ; nó

Leasú 87

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – pointe b – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i)

tá an t-infheisteoir coigríche nó fochuideachta an infheisteora coigríche san Aontas faoi rialú díreach nó indíreach rialtais tríú tír, lena n-áirítear comhlachtaí stáit, údaráis réigiúnacha nó údaráis áitiúla nó fórsaí armtha tríú tír, lena n-áirítear trí struchtúr úinéireachta, trí chistiú suntasach, trí chearta speisialta nó trí stiúrthóirí nó bainisteoirí arna gceapadh ag an stát;

(i)

a bhfuil an t-infheisteoir coigríche nó fochuideachta an infheisteora coigríche san Aontas faoi rialú díreach nó indíreach , ag rialtas tríú tír, lena n-áirítear comhlachtaí stáit, údaráis réigiúnacha nó áitiúla nó fórsaí armtha tríú tír, lena n-áirítear trí struchtúr úinéireachta, cistiú suntasach, cearta speisialta nó stiúrthóirí nó bainisteoirí arna gceapadh ag an stát, nó gnéithe eile atá dírithe ar thionchar a imirt ar chinntí bainistíochta ;

Leasú 88

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – pointe b – pointe ii

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii)

an t-infheisteoir coigríche, duine nádúrtha nó eintiteas a bhfuil an t-infheisteoir coigríche faoina rialú, úinéir tairbhiúil an infheisteora coigríche, aon cheann d’fhochuideachtaí an infheisteora coigríche, nó aon pháirtí eile atá faoi úinéireacht nó faoi rialú infheisteoir coigríche sin den sórt sin, nó atá ag gníomhú thar cheann nó faoi stiúir an infheisteora sin, tá sé faoi réir bhearta sriantacha an Aontais de bhun Airteagal 215 CFAE;

(ii)

a bhfuil an t-infheisteoir coigríche, duine nádúrtha nó eintiteas a bhfuil an t-infheisteoir coigríche faoina rialú, úinéir tairbhiúil an infheisteora coigríche, aon cheann d’fhochuideachtaí an infheisteora coigríche, nó aon pháirtí eile atá faoi úinéireacht nó faoi rialú infheisteoir coigríche sin den sórt sin, nó atá ag gníomhú thar cheann nó faoi stiúir an infheisteora sin, faoi réir bhearta sriantacha an Aontais de bhun Airteagal 215 CFAE;

Leasú 89

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – pointe b – pointe iii

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iii)

bhí an t-infheisteoir coigríche nó aon cheann dá fhochuideachtaí rannpháirteach in infheistíocht choigríche a scag Ballstát roimhe agus nár údaraíodh nó nár údaraíodh ach in éineacht le coinníollacha; chun é sin a chinneadh, braithfidh an Ballstát a thugann fógra ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil dóibh, lena n-áirítear an fhaisnéis atá sa bhunachar sonraí slán arna bhunú de bhun Airteagal 7(10) agus ar fhaisnéis arna soláthair ag an infheisteoir coigríche maidir leis an ábhar sin.

(iii)

a raibh an t-infheisteoir coigríche nó aon cheann dá fhochuideachtaí rannpháirteach in infheistíocht choigríche a scag Ballstát roimhe nár údaraíodh nó nár údaraíodh ach in éineacht le coinníollacha; chun é sin a chinneadh, braithfidh an Ballstát a thugann fógra ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil dóibh, lena n-áirítear an fhaisnéis atá sa bhunachar sonraí slán arna bhunú de bhun Airteagal 7(10) agus ar fhaisnéis arna soláthair ag an infheisteoir coigríche maidir leis an ábhar sin ; nó

Leasú 90

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – pointe b – pointe iii a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iiia)

a bhfuil struchtúr úinéireachta an infheisteora doiléir.

Leasú 91

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon infheistíocht choigríche i sprioc-chuideachta de chuid an Aontais atá bunaithe ar a gcríoch i gcás ina dtionscnaíonn siad grinn-imscrúdú faoina nósanna imeachta um scagadh. Thairis sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon infheistíocht choigríche i sprioc-chuideachta de chuid an Aontais atá bunaithe ar a gcríoch, i gcásanna eisceachtúla, i gcás ina mbeartaíonn siad beart maolaitheach a fhorchur nó an t-idirbheart a thoirmeasc gan ghrinn-imscrúdú.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon infheistíocht choigríche ar a gcríoch nár tugadh fógra faoi de bhun mhír 1, i gcás ina dtionscnaíonn siad grinn-imscrúdú faoina nósanna imeachta um scagadh.

Leasú 92

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, a luaithe is féidir, faoi aon infheistíocht choigríche ar a gcríoch i gcás ina mbeartaíonn siad, i gcásanna eisceachtúla, beart maolaitheach a fhorchur nó an t-idirbheart a thoirmeasc gan ghrinn-imscrúdú.

Leasú 93

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 3 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

D’fhéadfadh na Ballstáit fógra a thabhairt faoi aon infheistíocht choigríche nach gcomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 má mheasann an Ballstát mar a bhfuil an sprioc-chuideachta de chuid an Aontais bunaithe go bhféadfadh infheistíocht choigríche a bheith ina díol spéise do na Ballstáit eile agus don Choimisiún ó thaobh na slándála nó an oird phoiblí, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil oibríochtaí suntasacha ag an sprioc-chuideachta de chuid an Aontais i mBallstáit eile, nó ina mbaineann an sprioc-chuideachta sin do ghrúpa corparáideach a bhfuil roinnt cuideachtaí i mBallstáit dhifriúla aige atá gníomhach ar bhonn eacnamaíoch i gceann de na réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn II.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi aon infheistíocht choigríche nach gcomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 má mheasann an Ballstát óstach go bhféadfadh infheistíocht choigríche a bheith ina díol spéise do na Ballstáit eile agus don Choimisiún ó thaobh na slándála nó an oird phoiblí de , lena n-áirítear i gcás ina bhfuil oibríochtaí suntasacha ag an sprioc-chuideachta de chuid an Aontais i mBallstáit eile, nó ina mbaineann an sprioc-chuideachta sin do ghrúpa corparáideach a bhfuil roinnt cuideachtaí i mBallstáit dhifriúla aige atá gníomhach ar bhonn eacnamaíoch i gceann de na réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn II.

Leasú 94

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 3 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina mbeartaíonn Ballstát fógra a thabhairt faoi infheistíocht choigríche ina chríoch atá ina cuid d’idirbheart ilnáisiúnta de bhun Airteagal 6(2), comhordóidh sé leis na Ballstáit eile a fuair an iarraidh ar údarú. Tabharfaidh na Ballstáit faoi seach fógra faoin idirbheart ilnáisiúnta agus féachfaidh siad lena bhfógraí a sheoladh chuig an sásra comhair an lá céanna.

scriosta

Leasú 95

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh i bhfógra de bhun Airteagal 5 an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus go seolfar chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile é tríd an gcóras slán agus criptithe dá dtagraítear in Airteagal 12(4) :

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh i bhfógra de bhun Airteagal 5 an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus go seolfar chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile é:

Leasú 96

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

laistigh de 15 lá féilire tar éis dóibh an iarraidh faoi seach a fháil ar údarú le haghaidh infheistíochtaí coigríche a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(1) nó (3);

(a)

laistigh de 15 lá féilire tar éis dóibh an iarraidh iomlán a fháil ar údarú le haghaidh infheistíochtaí coigríche a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(1) , (2a) nó (3);

Leasú 97

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

laistigh de 60 lá féilire tar éis dóibh an iarraidh a fháil ar údarú le haghaidh infheistíochtaí coigríche a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2).

(b)

laistigh de 5 lá féilire tar éis dóibh grinn-imscrúdú a thionscnamh le haghaidh infheistíochtaí coigríche a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2).

Leasú 98

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.     Beidh feidhm ag na nósanna imeachta seo a leanas maidir le hidirbhearta ilnáisiúnta:

scriosta

(a)

déanfaidh iarratasóirí a iarrann údarú a n-iarrataí ar údarú a chomhdú sna Ballstáit ábhartha uile an lá céanna, agus déanfar tagairt do na hiarrataí eile i ngach iarraidh ar údarú;

 

(b)

i gcás ina bhfaigheann Ballstát iarraidh ar údarú a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a), comhordóidh sé leis na Ballstáit eile lena mbaineann, inter alia, chun a chinneadh cé acu is infheidhme pointe (c) nó (d) den mhír sin; d’fhéadfadh an Coimisiún páirt a ghlacadh i gcomhordú den sórt sin arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó;

 

(c)

má bhaineann na hiarrataí ar údarú le hinfheistíocht choigríche a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(1), seolfaidh na Ballstáit faoi seach a bhfógraí chuig an sásra comhair an lá céanna agus laistigh den sprioc-am a leagtar síos i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo;

 

(d)

má bhaineann na hiarrataí ar údarú le hinfheistíocht choigríche a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2), féachfaidh na Ballstáit faoi seach lena bhfógraí a sheoladh chuig an sásra comhair an lá céanna.

 

Leasú 99

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 6a

 

Rialacha sonracha is infheidhme maidir le hidirbhearta ilnáisiúnta

 

1.     Déanfaidh iarratasóirí a iarrann údarú le haghaidh infheistíocht i roinnt Ballstát a n-iarrataí ar údarú a chomhdú sna Ballstáit ábhartha uile laistigh de 3 lá féilire ón gcéad iarraidh ar údarú, agus déanfar tagairt do na hiarrataí eile i ngach iarraidh ar údarú.

 

2.     I gcás ina bhfaighidh Ballstát iarraidh ar údarú dá dtagraítear i mír 1, comhordóidh sé leis na Ballstáit eile lena mbaineann agus leis an gCoimisiún, inter alia, chun a chinneadh an bhfuil an infheistíocht infhógartha;

 

3.     Má bhaineann na hiarrataí ar údarú le hinfheistíocht choigríche a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(1), seolfaidh na Ballstáit lena mbaineann a bhfógraí chuig an sásra comhair laistigh de 3 lá féilire ón gcéad iarraidh ar údarú agus laistigh den sprioc-am a leagtar síos in Airteagal 6, pointe (a).

 

4.     Má bhaineann na hiarrataí ar údarú le hinfheistíocht choigríche a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2), féachfaidh na Ballstáit lena mbaineann lena bhfógraí a sheoladh chuig an sásra comhair laistigh de thréimhse ama theoranta agus laistigh den sprioc-am a leagtar síos in Airteagal 6(1), pointe (b).

 

5.     Comhordóidh na Ballstáit lena mbaineann go dlúth le chéile le linn an nós imeachta. Go háirithe, féachfaidh siad le hamlínte a nósanna imeachta um scagadh faoi seach a ailíniú agus lena áirithiú go mbeidh a gcinntí faoi seach maidir le scagadh comhoiriúnach lena chéile. I gcás inarb infheidhme, féachfaidh siad lena gcinneadh deiridh maidir le scagadh a dhéanamh an lá céanna.

Leasú 100

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Barúlacha ó na Ballstáit agus tuairimí ón gCoimisiún maidir le hinfheistíochtaí coigríche faoina dtugtar fógra

Barúlacha ó na Ballstáit agus tuairimí agus cinntí ón gCoimisiún maidir le hinfheistíochtaí coigríche faoina dtugtar fógra

Leasú 101

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh aon Bhallstát barúlacha cuí-réasúnaithe a eisiúint don Bhallstát a thugann fógra tríd an gcóras slán agus criptithe dá dtagraítear in Airteagal 12(4) . Féadfaidh Ballstát barúlacha den sórt sin a eisiúint:

Féadfaidh aon Bhallstát barúlacha cuí-réasúnaithe a eisiúint don Bhallstát a thugann fógra. Féadfaidh Ballstát barúlacha den sórt sin a eisiúint:

Leasú 102

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh an Coimisiún tuairim chuí-réasúnaithe a eisiúint chuig an mBallstát a thugann fógra tríd an gcóras slán agus criptithe dá dtagraítear in Airteagal 12(4) . Féadfaidh an Coimisiún an tuairim sin a eisiúint:

Féadfaidh an Coimisiún tuairim chuí-réasúnaithe a eisiúint chuig an mBallstát a thugann fógra. Déanfaidh an Coimisiún an tuairim sin a eisiúint má:

Leasú 103

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2 – fomhír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tuairim ón gCoimisiún bearta a mholadh arb é is aidhm dóibh an tionchar diúltach is dócha a bheidh ag an infheistíocht ar an tslándáil agus ar an ord poiblí a mhaolú.

Leasú 104

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.    Féadfaidh an Coimisiún tuairim atá réasúnaithe mar is cuí a eisiúint a dhíreofar ar na Ballstáit uile má mheasann sé go bhféadfadh roinnt infheistíochtaí coigríche nó infheistíochtaí comhchosúla eile dá ndéanfaí iad, agus iad á meas in éineacht le chéile, agus ag féachaint dá saintréithe, difear a dhéanamh do shlándáil nó d’ord poiblí an Aontais. Tar éis tuairim ón gCoimisiún a eisiúint, féadfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, plé a dhéanamh leis na Ballstáit maidir le conas aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sainaitheanta.

3.    Déanfaidh an Coimisiún tuairim atá réasúnaithe mar is cuí a eisiúint a dhíreofar ar na Ballstáit uile má mheasann sé go bhféadfadh roinnt infheistíochtaí coigríche nó infheistíochtaí comhchosúla eile dá ndéanfaí iad, agus iad á meas in éineacht le chéile, agus ag féachaint dá saintréithe, difear a dhéanamh do shlándáil nó d’ord poiblí an Aontais. Tar éis tuairim ón gCoimisiún a eisiúint, déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, plé leis na Ballstáit maidir leis na bearta chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sainaitheanta.

Leasú 105

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 4 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

tuairimí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (c) de mhír 2 a sheoladh chuig na Ballstáit uile a sholáthair barúlacha agus fógra a thabhairt do na Ballstáit eile gur eisíodh tuairim tríd an gcóras slán agus criptithe dá dtagraítear in Airteagal 12(4) ;

(a)

tuairimí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (c) de mhír 2 a sheoladh chuig na Ballstáit uile a sholáthair barúlacha agus fógra a thabhairt do na Ballstáit eile gur eisíodh tuairim;

Leasú 106

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 4 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

tuairimí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 2 agus tuairimí lena gcomhlíontar na coinníollacha i mír 3 a sheoladh chuig na Ballstáit uile tríd an gcóras slán agus criptithe dá dtagraítear in Airteagal 12(4) .

(b)

tuairimí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 2 agus tuairimí lena gcomhlíontar na coinníollacha i mír 3 a sheoladh chuig na Ballstáit uile.

Leasú 107

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     Féadfaidh an Ballstát a thugann fógra iarraidh ar an gCoimisiún tuairim a eisiúint nó ar Bhallstáit eile barúlacha a eisiúint.

Leasú 108

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   I gcás ina bhfaighidh Ballstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin barúil ó Bhallstát eile de bhun mhír 1 nó tuairim ón gCoimisiún de bhun mhír 2 nó 3, breithneoidh sé go dian barúil nó tuairim den sórt sin.

5.   I gcás ina bhfaighidh Ballstát óstach barúil ó Bhallstát eile de bhun mhír 1 nó tuairim ón gCoimisiún de bhun mhír 2 nó 3, breithneoidh sé go dian barúil nó tuairim den sórt sin.

Leasú 109

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Tar éis barúil a fháil de bhun mhír 1, cuirfidh an Ballstát cruinniú ar bun leis na Ballstáit a d’eisigh barúlacha chun plé a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a sainaithníodh. Má easaontaíonn an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin leis na rioscaí a sainaithníodh nó, más infheidhme, leis an mbeart a moladh leis an mbarúil, beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit réitigh mhalartacha a shainaithint. I gcás ina mbaineann an bharúil le hidirbheart ilnáisiúnta, iarrfar ar na Ballstáit eile a thug fógra faoin infheistíocht choigríche plé a dhéanamh ar cibé atá na torthaí atá beartaithe comhoiriúnach lena chéile agus, i gcás inarb infheidhme, cibé atá na coinníollacha atá beartaithe in ann aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar rioscaí trasteorann sainaitheanta. Tabharfar cuireadh don Choimisiún freastal ar aon chruinniú den sórt sin.

6.   Tar éis barúil a fháil de bhun mhír 1 nó tuairim a fháil de bhun mhír 2, rachaidh an Ballstát óstach i gcomhairle leis na Ballstáit a d’eisigh barúlacha, i gcás inarb infheidhme, agus leis an gCoimisiún. Faoi chuimsiú an chomhairliúcháin sin, cuirfidh an Ballstát óstach cruinniú ar bun leis na Ballstáit sin, i gcás inarb infheidhme, agus leis an gCoimisiún chun plé a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a shainaithníodh. Má easaontaíonn an Ballstát óstach leis na rioscaí a sainaithníodh nó, más infheidhme, leis an mbeart a moladh leis an mbarúil nó leis an tuairim , beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún réitigh mhalartacha a shainaithint. I gcás ina mbaineann an bharúil nó an tuairim le hidirbheart ilnáisiúnta, tabharfar cuireadh freisin do na Ballstáit eile a thug fógra faoin infheistíocht choigríche chuig an gcruinniú sin chun plé a dhéanamh ar cibé atá na torthaí atá beartaithe comhoiriúnach lena chéile agus, i gcás inarb infheidhme, ar cibé atá na coinníollacha atá beartaithe in ann aghaidh a thabhairt go leormhaith ar rioscaí trasteorann sainaitheanta.

Leasú 110

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.     Tar éis tuairim a fháil de bhun mhír 2 nó 3, beidh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta a leagtar amach i mír 6.

scriosta

Leasú 111

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 8 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.   Tar éis tuairim a fháil de bhun mhír  2 nó 3 , déanfaidh an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin an méid seo a leanas:

8.   Tar éis an chruinnithe dá dtagraítear i mír 6, déanfaidh an Ballstát óstach an dréachtchinneadh atá beartaithe aige maidir le scagadh a tharchur chuig na Ballstáit faoi seach agus chuig an gCoimisiún agus soláthróidh sé míniú i scríbhinn maidir leis an méid seo a leanas :

Leasú 112

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 8 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

a chinneadh maidir le scagadh a chur in iúl do na Ballstáit faoi seach agus don Choimisiún tríd an gcóras slán agus criptithe dá dtagraítear in Airteagal 12(4) tráth nach déanaí ná 3 lá féilire tar éis é a sheoladh chuig na páirtithe faoi seach leis an infheistíocht choigríche;

scriosta

Leasú 113

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 8 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)

a mhéid a bhreithnigh sé go dian barúlacha na mBallstát nó tuairim an Choimisiúin; agus

Leasú 114

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 8 – pointe a b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ab)

i gcás inarb infheidhme, an chúis nár aontaigh sé le barúlacha na mBallstát ná le tuairim an Choimisiúin.

Leasú 115

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 8 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

míniú i scríbhinn a sholáthar do na Ballstáit faoi seach agus don Choimisiún tríd an gcóras slán agus criptithe dá dtagraítear in Airteagal 12(4) tráth nach déanaí ná 7 lá féilire tar éis fógra a thabhairt maidir leis an gcinneadh maidir le scagadh de bhun mhír (a) maidir leis an méid seo a leanas:

scriosta

(i)

a mhéid a bhreithnigh sé go dian barúlacha na mBallstát nó tuairim an Choimisiúin; nó

 

(ii)

an chúis nár aontaigh sé le barúlacha na mBallstát ná le tuairim an Choimisiúin.

 

Leasú 116

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9.   I gcás ina sonróidh na Ballstáit nó an Coimisiún nach mbreithnítear go dian sa chinneadh maidir le scagadh dá dtagraítear i mír 8 , fomhír (a), den Airteagal seo na barúlacha a thug siad de bhun mhír 1 ná an tuairim arna soláthar de bhun mhír 2 nó 3, eagróidh an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin cruinniú chun na bacainní ar thángthas orthu nó na cúiseanna a bhí leis an easaontas a mhíniú agus féachfaidh sé le réitigh a shainaithint, i gcás ina dtiocfaidh cás comhchosúil chun cinn amach anseo. I gcás ina mbaineann an cinneadh maidir le scagadh le fógra ilnáisiúnta, tabharfar cuireadh freisin do na Ballstáit eile a thug fógra maidir leis an infheistíocht choigríche don sásra comhair. Tabharfar cuireadh don Choimisiún freastal ar aon chruinniú a eagrófar de bhun na míre seo.

9.   I gcás ina measfaidh Ballstát nó an Coimisiún nach dtugtar aghaidh go leormhaith le dréachtchinneadh maidir le scagadh dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo, ar dréachtchinneadh é lena n-údaraítear infheistíocht choigríche faoi Airteagal 14(1), pointe (a), nó faoi Airteagal 14(2), ar na rioscaí don tslándáil agus don ord poiblí nó nach maolaítear na rioscaí sin go leormhaithe, féadfaidh sé agóid a bhfuil údar cuí léi a dhéanamh . Tabharfar fógra faoin agóid don Bhallstát óstach agus , i gcás inarb infheidhme , do na Ballstáit eile a d’eisigh barúlacha agus don Choimisiún . Cuirfidh an Ballstát óstach a nós imeachta um scagadh ar fionraí go dtí go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún de bhun mhíreanna 9b agus 9c den Airteagal seo . Cuirfidh an Ballstát óstach an t-infheisteoir coigríche ar an eolas faoin bhfionraí.

Leasú 117

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9a.     I gcás ina bhfuil agóid déanta ag Ballstát nó ag an gCoimisiún de bhun mhír 9 den Airteagal seo, agus gan dochar d’Airteagal 346(1), pointe (a), CFAE, tarchuirfidh an Ballstát óstach chuig an gCoimisiún na doiciméid agus an fhaisnéis uile ar a bhfuil a dhréachtchinneadh bunaithe. Tarchuirfidh an Ballstát a rinne agóid de bhun mhír 9 den Airteagal seo na doiciméid agus an fhaisnéis uile ar a bhfuil a agóid bunaithe.

Leasú 118

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 9 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9b.     I gcás ina dtiocfaidh an Coimisiún ar an tátal, agus na critéir a leagtar síos in Airteagal 13, na doiciméid agus an fhaisnéis arna bhfáil de bhun mhír 9a den Airteagal seo agus, i gcás inarb infheidhme, na barúlacha arna gcur na Ballstáit ar fáil de bhun Airteagal 7(1) nó Airteagal 9(7) á gcur san áireamh, go dtugtar aghaidh go héifeachtach sa dréachtchinneadh maidir le scagadh, arna mhodhnú ag an mBallstát óstach i gcás inarb iomchuí, ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an infheistíocht choigríche ar an tslándáil agus ar an ord poiblí, cinnfidh sé gan agóid a dhéanamh i gcoinne ghlacadh an dréachtchinnidh maidir le scagadh ag an mBallstát.

Leasú 119

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 9 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9c.     I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach ndéanann dréachtchinneadh an Bhallstáit óstaigh maidir le scagadh dá dtagraítear i mír 8 maolú leormhaith ar na rioscaí don tslándáil agus don ord poiblí, glacfaidh sé cinneadh maidir leis an méid seo a leanas:

 

(a)

an infheistíocht choigríche atá faoi réir bearta maolaitheacha a údarú; nó

 

(b)

an infheistíocht choigríche a thoirmeasc i gcás ina measfaidh sé nach féidir aghaidh a thabhairt go leormhaith ar na rioscaí do shlándáil agus d’ord poiblí an Aontais trí bhearta maolaitheacha.

 

Leis an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, comhlíonfar prionsabal na comhréireachta, bunófar é ar rioscaí doiciméadaithe agus cuirfear san áireamh ann imthosca uile na hinfheistíochta coigríche.

Leasú 120

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 9 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9d.     Is chuig an mBallstát óstach a dhíreofar cinntí a ghlacfar de bhun mhír 9b. Tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát óstach agus cuirfidh sé na Ballstáit a thug barúlacha de bhun mhír 1 ar an eolas.

 

Is chuig an infheisteoir coigríche a dhíreofar cinntí a ghlacfar de bhun mhír 9c. Tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát óstach agus do na Ballstáit a sholáthair barúlacha de bhun mhír 1 agus cuirfidh sé an sprioc-chuideachta de chuid an Aontais ar an eolas.

Leasú 121

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 9 e (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9e.     I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún cinneadh de bhun mhír 9c, cuirfidh an Ballstát óstach deireadh lena nós imeachta um scagadh agus cuirfidh sé an t-infheisteoir coigríche ar an eolas faoi sin.

Leasú 122

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 9 f (nua))

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9f.     Sula nglacfaidh sé cinneadh de bhun mhír 9c, tabharfaidh an Coimisiún deis don infheisteoir coigríche a thuairimí a chur in iúl go héifeachtach.

Leasú 123

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 9 g (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9g.     I gcás inar eisíodh barúil de bhun mhír 1 nó tuairim de bhun mhír 2 nó mhír 3 agus nár eisigh an Coimisiún cinneadh de bhun mhír 9c, tabharfaidh an Ballstát óstach fógra faoina chinneadh maidir le scagadh do na Ballstáit a thug barúlacha, i gcás inarb infheidhme, agus don Choimisiún, agus seolfaidh sé chuig na páirtithe faoi seach leis an infheistíocht choigríche é.

Leasú 124

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

10.     Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí slán a chuirfear ar fáil do na Ballstáit uile ina mbeidh faisnéis faoi na hinfheistíochtaí coigríche arna measúnú ag an sásra comhair agus faoi thoradh na measúnuithe faoi na sásraí náisiúnta um scagadh, lena n-áirítear faisnéis faoi na cinntí ábhartha maidir le scagadh. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis atá ar fáil dó ón 12 Deireadh Fómhair 2020 a uaslódáil chuig an mbunachar sonraí sin. Faoin [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], an fhaisnéis atá ar fáil dóibh faoi thoradh an nós imeachta ábhartha faoina sásraí um scagadh féin, déanfaidh na Ballstáit í a uaslódáil chuig an mbunachar sonraí sin. Féadfaidh siad mínithe breise a sholáthar freisin.

scriosta

Leasú 125

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Sprioc-amanna agus nósanna imeachta chun barúlacha agus tuairimí a sholáthar maidir le hinfheistíochtaí coigríche ar tugadh fógra ina leith

Sprioc-amanna agus nósanna imeachta is infheidhme maidir le sásra comhair agus cinntí an Aontais

Leasú 126

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

Cuirfidh na Ballstáit an Ballstát a thugann fógra ar an eolas tríd an gcóras slán agus criptithe dá dtagraítear in Airteagal 12(4) go bhforchoimeádann siad a gceart barúlacha a eisiúint tráth nach déanaí ná 15 lá féilire tar éis dóibh an fógra de bhun Airteagal 5 a fháil;

(a)

Cuirfidh na Ballstáit an Ballstát a thugann fógra ar an eolas go bhforchoimeádann siad a gceart barúlacha a eisiúint tráth nach déanaí ná 15 lá féilire tar éis dóibh an fógra de bhun Airteagal 5 a fháil;

Leasú 127

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

cuirfidh an Coimisiún an Ballstát a thugann fógra ar an eolas tríd an gcóras slán agus criptithe dá dtagraítear in Airteagal 12(4) go bhforchoimeádann sé a cheart tuairim a eisiúint tráth nach déanaí ná 20 lá féilire tar éis dó an fógra de bhun Airteagal 5 a fháil.

(b)

cuirfidh an Coimisiún an Ballstát a thugann fógra ar an eolas go bhforchoimeádann sé a cheart tuairim a eisiúint tráth nach déanaí ná 20 lá féilire tar éis dó an fógra de bhun Airteagal 5 a fháil.

Leasú 128

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 3 – fomhír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

i gcás ina gcoimeádann Ballstát a cheart barúlacha a eisiúint maidir le hinfheistíocht choigríche ar tugadh fógra fúithi gan faisnéis bhreise a iarraidh ón mBallstát a thugann fógra, cuirfear na barúlacha faoi seach faoi bhráid an Bhallstáit a thugann fógra tríd an gcóras slán agus criptithe dá dtagraítear in Airteagal 12(4) tráth nach déanaí ná 35 lá féilire tar éis fógra iomlán a fháil faoin infheistíocht choigríche;

(a)

i gcás ina gcoimeádann Ballstát a cheart barúlacha a eisiúint maidir le hinfheistíocht choigríche ar tugadh fógra fúithi gan faisnéis bhreise a iarraidh ón mBallstát a thugann fógra, cuirfear na barúlacha faoi seach faoi bhráid an Bhallstáit a thugann fógra tráth nach déanaí ná 35 lá féilire tar éis fógra iomlán a fháil faoin infheistíocht choigríche;

Leasú 129

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 3 – fomhír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

i gcás ina gcoimeádann an Coimisiún a cheart tuairim a eisiúint maidir le hinfheistíocht choigríche ar tugadh fógra fúithi gan faisnéis bhreise a iarraidh ón mBallstát a thugann fógra, cuirfear an tuairim faoi seach faoi bhráid an Bhallstáit a thugann fógra tríd an gcóras slán agus criptithe dá dtagraítear in Airteagal 12(4) tráth nach déanaí ná 45 lá féilire tar éis fógra iomlán faoin infheistíocht choigríche a fháil;

(b)

i gcás ina gcoimeádann an Coimisiún a cheart tuairim a eisiúint maidir le hinfheistíocht choigríche ar tugadh fógra fúithi gan faisnéis bhreise a iarraidh ón mBallstát a thugann fógra, cuirfear an tuairim faoi seach faoi bhráid an Bhallstáit a thugann fógra tráth nach déanaí ná 45 lá féilire tar éis fógra iomlán faoin infheistíocht choigríche a fháil;

Leasú 130

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 3 – fomhír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

i gcás ina gcoimeádann Ballstát a cheart barúlacha a eisiúint maidir le hinfheistíocht choigríche ar tugadh fógra fúithi agus ina n-iarrann sé faisnéis bhreise ón mBallstát a thugann fógra, cuirfear na barúlacha faoi seach faoi bhráid an Bhallstáit a thugann fógra tríd an gcóras slán agus criptithe dá dtagraítear in Airteagal 12(4) tráth nach déanaí ná 20 lá féilire tar éis an fhaisnéis bhreise iomlán a fháil;

(c)

i gcás ina gcoimeádann Ballstát a cheart barúlacha a eisiúint maidir le hinfheistíocht choigríche ar tugadh fógra fúithi agus ina n-iarrann sé faisnéis bhreise ón mBallstát a thugann fógra, cuirfear na barúlacha faoi seach faoi bhráid an Bhallstáit a thugann fógra tráth nach déanaí ná 20 lá féilire tar éis an fhaisnéis bhreise iomlán a fháil;

Leasú 131

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 3 – fomhír 1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

i gcás ina bhforchoimeádann an Coimisiún a cheart tuairim a eisiúint agus ina n-iarrann sé faisnéis bhreise ón mBallstát a thugann fógra, eiseofar an tuairim faoi seach chuig an mBallstát a thugann fógra tríd an gcóras slán agus criptithe dá dtagraítear in Airteagal 12(4) tráth nach déanaí ná 30 lá féilire tar éis an fhaisnéis bhreise iomlán a fháil.

(d)

i gcás ina bhforchoimeádann an Coimisiún a cheart tuairim a eisiúint agus ina n-iarrann sé faisnéis bhreise ón mBallstát a thugann fógra, eiseofar an tuairim faoi seach chuig an mBallstát a thugann fógra tráth nach déanaí ná 30 lá féilire tar éis an fhaisnéis bhreise iomlán a fháil.

Leasú 132

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 3 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní dhéanfaidh an Ballstát a thugann fógra a chinneadh maidir le scagadh ach amháin tar éis do na sprioc-amanna dá dtagraítear i bpointí (a)-(d) dul in éag.

scriosta

Leasú 133

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Tabharfaidh an Ballstát a thugann fógra, fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile tríd an gcóras slán agus criptithe dá dtagraítear in Airteagal 12(4) maidir le haon fhaisnéis nó imthosca suntasacha nua atá ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar infheistíocht choigríche ar tugadh fógra fúithi cheana de bhun Airteagal 5. Má chuirtear an fhaisnéis sin ar fáil sula rachaidh na sprioc-amanna a leagtar amach i mír 3 in éag, féachfaidh an Ballstát a thugann fógra, an Coimisiún agus na Ballstáit eile le teacht ar chomhaontú maidir le síneadh ama ar an sprioc-am a bheidh inghlactha go frithpháirteach. Más rud é go bhfuil na sprioc-amanna le haghaidh an mheasúnaithe ar an bhfógra tosaigh a leagtar amach i mír 3 caite, cuirfear tús leo arís i gcomhréir leis na sprioc-amanna a leagtar amach i bpointe (c) agus (d) de mhír 3.

4.   Tabharfaidh an Ballstát a thugann fógra, fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le haon fhaisnéis nó imthosca suntasacha nua atá ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar infheistíocht choigríche ar tugadh fógra fúithi cheana de bhun Airteagal 5. Má chuirtear an fhaisnéis sin ar fáil sula rachaidh na sprioc-amanna a leagtar amach i mír 3 in éag, tiocfaidh an Ballstát a thugann fógra, an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar chomhaontú maidir le síneadh ama ar an sprioc-am a bheidh inghlactha go frithpháirteach. Más rud é go bhfuil na sprioc-amanna le haghaidh an mheasúnaithe ar an bhfógra tosaigh a leagtar amach i mír 3 caite, cuirfear tús leo arís i gcomhréir leis na sprioc-amanna a leagtar amach i bpointe (c) agus (d) de mhír 3.

Leasú 134

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Soláthróidh an Ballstát a thugann fógra an fhaisnéis bhreise iomlán arna hiarraidh ag an gCoimisiún nó ag na Ballstáit eile de bhun mhír 2 gan moill mhíchuí tríd an gcóras slán agus criptithe dá dtagraítear in Airteagal 12(4) . I gcás ina soláthróidh an Ballstát a thugann fógra faisnéis bhreise do Bhallstát, seolfar an fhaisnéis bhreise sin chuig an gCoimisiún go comhuaineach.

5.   Soláthróidh an Ballstát a thugann fógra an fhaisnéis bhreise iomlán arna hiarraidh ag an gCoimisiún nó ag na Ballstáit eile de bhun mhír 2 gan moill mhíchuí. I gcás ina soláthróidh an Ballstát a thugann fógra faisnéis bhreise do Bhallstát, seolfar an fhaisnéis bhreise sin chuig an gCoimisiún go comhuaineach.

Leasú 135

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7a.     Beidh feidhm ag na sprioc-amanna seo a leanas maidir leis na comhairliúcháin idir na Ballstáit agus an Coimisiún de bhun Airteagal 7(6) go (9):

 

(a)

tarlóidh an cruinniú dá dtagraítear in Airteagal 7(6) laistigh de 20 lá féilire tar éis don Bhallstát óstach an bharúil nó an tuairim dheireanach a fháil de bhun Airteagal 7, cibé acu sin is déanaí;

 

(b)

tarchuirfidh an Ballstát óstach a dhréachtchinneadh de bhun Airteagal 7(8) laistigh de 10 lá féilire tar éis an chruinnithe dá dtagraítear in Airteagal 7(6);

 

(c)

déanfar an agóid ón mBallstát nó ón gCoimisiún de bhun Airteagal 7(9) laistigh de 10 lá féilire tar éis an dréachtchinneadh maidir le scagadh de bhun Airteagal 7(8) a fháil.

Leasú 136

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 7 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7b.     Beidh feidhm ag na sprioc-amanna seo a leanas maidir le cinntí um scagadh maidir le hinfheistíochtaí coigríche ar tugadh fógra ina leith a ghlacadh agus fógra a thabhairt ina leith:

 

(a)

ní ghlacfaidh an Ballstát a thugann fógra a chinneadh maidir le scagadh ach amháin tar éis do na sprioc-amanna dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) de mhír 3 den Airteagal seo dul in éag;

 

(b)

i gcás nár bhforchoimeád na Ballstáit ná an Coimisiún a gceart barúlacha nó tuairim a éisiúint faoi na sprioc-amanna de bhun mhír 1 den Airteagal seo faoi seach, glacfaidh an Ballstát a thugann fógra a chinneadh maidir le scagadh laistigh de 60 lá féilire ó dháta an fhógra.

 

(c)

tar éis agóid a dhéanamh de bhun Airteagal 7(9), déanfaidh an Ballstát óstach agus an Ballstát a rinne an agóid an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7(9a) a tharchur laistigh de 5 lá féilire;

 

(d)

tar éis cinneadh ón gCoimisiún de bhun Airteagal 7(9b), glacfaidh an Ballstát óstach a chinneadh maidir le scagadh laistigh de 15 lá féilire ón bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 7(9d);

 

(e)

tabharfar an fógra faoin gcinneadh maidir le scagadh de bhun Airteagal 7(9f) laistigh de 3 lá féilire.

Leasú 137

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 7 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7c.     Beidh feidhm ag na sprioc-amanna seo a leanas maidir le cinneadh a bheith á ghlacadh agus á fhógairt ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7(9b) agus (9c):

 

(a)

glacfaidh an Coimisiún a chinneadh laistigh de 20 lá féilire tar éis dó an fhaisnéis iomlán dá dtagraítear in Airteagal 7(9a) a fháil;

 

(b)

tabharfar an fógra de bhun Airteagal 7(9d) laistigh de 3 lá féilire.

 

Cuirfear síneadh suas le 30 lá féilire san iomlán leis na sprioc-amanna dá dtagraítear i mír 7a, pointí (a) agus (b), i mír 7b, pointe (b), agus i mír 7c, pointe (a), den Airteagal seo, i gcás inarb infheidhme, chun ligean don Bhallstát óstach nó, i gcás inarb ábhartha, don Choimisiún agus don infheisteoir coigríche teacht ar chomhaontú maidir le bearta maolaitheacha. Is i gcomhar leis an mBallstát óstach a dhéanfaidh an Coimisiún agus an t-infheisteoir coigríche caibidlíocht maidir le bearta maolaitheacha.

Leasú 138

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.   Más rud é, de bharr imthosca eisceachtúla, go measann an Ballstát a bhfuil fógra á thabhairt aige go bhfuil gá, ar mhaithe lena shlándáil nó lena ord poiblí, cinneadh maidir le scagadh a eisiúint roimh na sprioc-amanna dá dtagraítear i mír 3, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit eile agus don Choimisiún faoina rún agus tabharfaidh sé údar cuí leis an ngá le gníomhaíocht láithreach. Soláthróidh na Ballstáit eile agus an Coimisiún barúlacha nó eiseoidh siad tuairim go gasta. Ní dhéanfar an nós imeachta sin a agairt chun freastal ar leasanna tráchtála an iarratasóra a bhfuil an t-údarú á iarraidh aige, agus chun na leasanna sin amháin.

8.   Más rud é, de bharr imthosca eisceachtúla, go measann an Ballstát a thugann fógra go bhfuil gá, ar mhaithe lena shlándáil nó lena ord poiblí, cinneadh maidir le scagadh a eisiúint de bhun Airteagal 14(1) sula rachaidh na sprioc-amanna dá dtagraítear i mír 3 in éag , tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit eile agus don Choimisiún faoin méid atá beartaithe aige agus tabharfaidh sé údar cuí leis an ngá le gníomhaíocht láithreach. Soláthróidh na Ballstáit eile agus an Coimisiún barúlacha nó eiseoidh siad tuairim go gasta. Ní dhéanfar an nós imeachta sin a agairt chun freastal ar leasanna tráchtála an iarratasóra a bhfuil an t-údarú á iarraidh aige, agus chun na leasanna sin amháin.

Leasú 139

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.    Ballstát a mheasann gur dócha go ndéanfaidh infheistíocht choigríche i gcríoch Ballstáit eile nár tugadh fógra ina leith don sásra comhair dochar dá shlándáil nó dá ord poiblí, féadfaidh nós imeachta féintionscnaimh a chur ar bun maidir leis an infheistíocht choigríche sin. Sula gcuirfear tús leis an nós imeachta, an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht a dhéanamh ina ndearnadh an infheistíocht, seiceálfaidh an Ballstát nach bhfuil sé ar intinn ag an mBallstát eile sin fógra a thabhairt faoin infheistíocht choigríche don sásra comhair.

1.    I gcás ina measann Ballstát gur dócha go ndéanfaidh infheistíocht choigríche i gcríoch Ballstáit eile, nár tugadh fógra ina leith don sásra comhair, difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí nó i gcás ina measann an Coimisiún gur dócha go ndéanfaidh an infheistíocht choigríche sin difear diúltach do shlándáil nó ord poiblí níos mó ná Ballstáit amháin nó do thionscadail nó cláir atá chun leasa an Aontais ar fhorais na slándála agus an oird phoiblí, féadfaidh an Ballstát nó an Coimisiún nós imeachta féintionscnaimh a thionscnamh i ndáil leis an infheistíocht choigríche sin. Sula gcuirfear tús leis an nós imeachta, seiceálfaidh an Ballstát nó an Coimisiún nach bhfuil sé ar intinn ag an mBallstát óstach fógra a thabhairt faoin infheistíocht choigríche don sásra comhair.

Leasú 140

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Deonófar ar a laghad 15 mhí do na Ballstáit, tar éis an infheistíocht choigríche a bheith déanta, an ceart chun tús a chur leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 1, ar choinníoll nár cuireadh an infheistíocht choigríche faoi seach in iúl don sásra comhair idir an dá linn.

2.   Deonófar suas le 15 mhí do na Ballstáit agus don Choimisiún , tar éis an infheistíocht choigríche a bheith déanta, an ceart chun tús a chur leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 1, ar choinníoll nár tugadh fógra don sásra comhair idir an dá linn faoin infheistíocht choigríche faoi seach .

Leasú 141

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.     Féadfaidh an Coimisiún tús a chur le nós imeachta féintionscnaimh nuair a mheasann sé go dtagann infheistíocht choigríche i gcríoch Ballstáit nár tugadh fógra ina leith don sásra comhair faoi Airteagal 7(2)). Sula gcuirfear tús leis an nós imeachta, seiceálfaidh an Coimisiún nach bhfuil sé ar intinn ag an mBallstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht fógra a thabhairt faoin infheistíocht choigríche don sásra comhair.

scriosta

Leasú 142

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.     Deonófar 15 mhí ar a laghad don Choimisiún, tar éis an infheistíocht choigríche a dhéanamh, chun tús a chur leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 3, ar choinníoll nár tugadh fógra don sásra comhair maidir leis an infheistíocht choigríche faoi seach idir an dá linn.

scriosta

Leasú 143

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Cuirfidh na Ballstáit nó an Coimisiún tús le nós imeachta féintionscnaimh a leagtar amach i mír 1 agus 3 faoi seach trí iarraidh atá réasúnaithe go cuí ar fhaisnéis a sheoladh tríd an gcóras slán agus criptithe dá dtagraítear in Airteagal 12(4) chuig an mBallstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin . Beidh údar cuí le haon iarraidh ar fhaisnéis de bhun na míre seo, agus í teoranta don fhaisnéis is gá chun go soláthróidh na Ballstáit barúlacha nó chun go n-eiseoidh an Coimisiún tuairim, a bheidh comhréireach le cuspóir na hiarrata agus gan ualach míchuí a chur ar an mBallstát a thugann fógra . I gcás ina gcuirfidh Ballstát an iarraidh ar fhaisnéis isteach, seolfaidh an Ballstát sin an iarraidh chuig an gCoimisiún go comhuaineach.

5.   Cuirfidh na Ballstáit nó an Coimisiún tús le nós imeachta féintionscnaimh trí iarraidh atá réasúnaithe go cuí ar fhaisnéis a sheoladh chuig an mBallstát óstach . Beidh údar cuí le haon iarraidh ar fhaisnéis de bhun na míre seo, agus í teoranta don fhaisnéis is gá chun go soláthróidh na Ballstáit barúlacha nó chun go n-eiseoidh an Coimisiún tuairim, a bheidh comhréireach le cuspóir na hiarrata agus gan ualach míchuí a chur ar an mBallstát óstach . I gcás ina gcuirfidh Ballstát an iarraidh ar fhaisnéis isteach, seolfaidh an Ballstát sin an iarraidh chuig an gCoimisiún go comhuaineach.

Leasú 144

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Soláthróidh an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin an fhaisnéis iomlán arna hiarraidh ag na Ballstáit eile nó ag an gCoimisiún de bhun mhír 5 gan moill mhíchuí tríd an gcóras slán agus criptithe dá dtagraítear in Airteagal 12(4) . I gcás ina soláthróidh an Ballstát a thugann fógra faisnéis bhreise do Bhallstát, seolfar an fhaisnéis bhreise sin chuig an gCoimisiún go comhuaineach.

6.   Soláthróidh an Ballstát óstach an fhaisnéis bhreise iomlán arna hiarraidh ag a Ballstáit eile nó ag an gCoimisiún de bhun mhír 5 gan moill mhíchuí. I gcás ina soláthróidh an Ballstát óstach an fhaisnéis sin do Bhallstát, seolfar an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún ag an am céanna.

Leasú 145

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 7 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.   Tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6 a fháil, féadfaidh na Ballstáit barúlacha a sholáthar agus féadfaidh an Coimisiún tuairim a thabhairt don Bhallstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagail 7 agus 8, faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

7.   Tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6 a fháil, féadfaidh na Ballstáit barúlacha a sholáthar agus féadfaidh an Coimisiún tuairim a thabhairt don Bhallstát óstach, tráth nach déanaí ná 30 lá féilire tar éis dóibh an fhaisnéis iomlán arna hiarraidh de bhun mhír 5 a fháil. I gcásanna inar thionscain Ballstát an nós imeachta, tabharfar 15 lá féilire breise don Choimisiún chun a thuairim a eisiúint. Tabharfaidh an Ballstát óstach an aird is mó is féidir ar an mbarúil nó ar an tuairim sin.

Leasú 146

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 7 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

seolfar barúlacha na mBallstát nó an tuairim ón gCoimisiún tráth nach déanaí ná 35 lá féilire tar éis an fhaisnéis iomlán a iarrtar de bhun mhír 5 a fháil.

scriosta

Leasú 147

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 7 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

maidir le nósanna imeachta arna dtionscnamh de bhun mhír 1, beidh 15 lá féilire breise ag an gCoimisiún chun tuairim a eisiúint tar éis don sprioc-am don Bhallstát a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo dul in éag.

scriosta

Leasú 148

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7a.     Tar éis barúil nó tuairim a fháil de bhun mhír 7, bunóidh an Ballstát óstach cruinniú leis na Ballstáit a d’eisigh barúlacha, i gcás inarb infheidhme, agus leis an gCoimisiún chun plé a dhéanamh ar conas aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na rioscaí a sainaithníodh. Mura n-aontaíonn an Ballstát óstach leis na rioscaí a shainaithnítear nó, i gcás inarb infheidhme, leis na bearta a mholtar leis an mbarúil nó leis an tuairim, beidh sé d’aidhm ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún réitigh mhalartacha a shainaithint agus teacht ar chomhaontú maidir le cur chuige oiriúnach chun na rioscaí atá i gceist a bhainistiú.

Leasú 149

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 7 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7b.     Tar éis an chruinnithe dá dtagraítear i mír 7a, cuirfidh an Ballstát óstach in iúl don Choimisiún agus, i gcás inarb infheidhme, do na Ballstáit a sholáthair barúlacha, an bhfuil sé ar intinn aige scagadh a dhéanamh ar an infheistíocht.

Leasú 150

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 7 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7c.     I gcás ina gcinneann an Ballstát óstach gan scagadh a dhéanamh ar an infheistíocht choigríche, soláthróidh sé míniú i scríbhinn do na Ballstáit lena mbaineann agus don Choimisiún maidir leis na cúiseanna nár aontaigh sé le barúlacha na mBallstát sin nó le tuairim an Choimisiúin.

Leasú 151

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 9a

 

Cumhachtaí Imscrúdaitheacha an Choimisiúin

 

1.     Ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhféadfadh infheistíocht choigríche difear a dhéanamh don tslándáil nó don ord poiblí i níos mó ná Ballstát amháin, agus ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha don Bhallstát óstach, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

 

2.     Féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal ar na páirtithe a bhfuil baint acu le hinfheistíocht choigríche aon fhaisnéis a mheastar a bheith riachtanach a sholáthar chun a mheasúnú an dócha go ndéanfaidh infheistíocht difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí. Féadfaidh sé faisnéis a iarraidh ó aon eintiteas nó duine eile ar dócha go mbeidh faisnéis ábhartha aige chun a mheasúnú an dócha go ndéanfaidh infheistíocht choigríche difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí, lena n-áirítear soláthróirí, conraitheoirí, custaiméirí agus saineolaithe.

 

3.     Cuirfidh an Coimisiún Ballstát ar an eolas sula lorgóidh sé an fhaisnéis sin a fháil ar a chríoch.

 

4.     Maidir le hiarraidh ar fhaisnéis de bhun mhír 2:

 

(a)

luafar a bhunús dlí agus a chuspóir dlí, sonrófar an fhaisnéis is gá, agus leagfar síos teorainn ama iomchuí chun í a sholáthar;

 

(b)

beidh údar cuí léi agus beidh sí teoranta don fhaisnéis a bhfuil géarghá léi chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag idirbheart ar an tslándáil nó ar an ord poiblí;

 

(c)

beidh ráiteas inti á rá, más rud é go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear mícheart, neamhiomlán nó míthreorach, go bhféadfaí na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear i mír 6 a fhorchur;

 

(d)

beidh ráiteas inti á rá, go bhféadfadh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh bunaithe ar na fíricí atá fáil dó i gcás easpa comhair.

 

5.     Féadfar na sprioc-amanna dá dtagraítear in Airteagal 8(7a), pointí (a) go (c), Airteagal 8(7b), pointe (b), agus Airteagal 8(7c), pointe (a), a chur ar fionraí ar feadh an ama a éilíonn an Coimisiún chun an fhaisnéis a iarradh a fháil. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfionraí ó dháta iarraidh an Choimisiúin ar fhaisnéis agus leanfaidh sí d’fheidhm a bheith aici go dtí go mbeidh an fhaisnéis a iarradh faighte go hiomlán. Ní mhairfidh an fhionraí níos faide ná 30 lá féilire. Tabharfaidh an Coimisiún fógra gan mhoill do na Ballstáit ábhartha maidir leis an bhfionraí agus maidir le deireadh na fionraí.

 

6.     I gcás easpa comhlíontachta gan údar leis na hiarrataí ar fhaisnéis ón gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, trí chinneadh, a fhorchur:

 

(a)

fíneálacha nach mó ná 1 % de láimhdeachas comhiomlán an pháirtí nó an eintitis lena mbaineann sa bhliain airgeadais roimhe sin; nó

 

(b)

íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, más rud é go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear mícheart, neamhiomlán nó míthreorach, nó nach gcuirtear an fhaisnéis arna hiarraidh ar fáil laistigh den sprioc-am arna shonrú. Ní bheidh na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla sin thar 5 % de mheánláimhdeachas comhiomlán laethúil an pháirtí nó an eintitis lena mbaineann sa bhliain airgeadais roimhe sin in aghaidh gach lae moille ar lá oibre é, arna ríomh ón dáta a leagtar síos sa chinneadh, go dtí go mbainfear comhlíonadh amach.

 

7.     Sula bhforchuirfear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, tabharfar an deis don pháirtí nó don eintiteas lena mbaineann éisteacht a fháil. Agus méid na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla á chinneadh, cuirfidh an Coimisiún i gcuntas cineál, tromchúis agus fad na mainneachtana comhlíonadh a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabail na comhréireachta agus na hoiriúnachta.

 

8.     Agus méid na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla á chinneadh, cuirfidh an Coimisiún san i gcuntas cineál, tromchúis agus fad na mainneachtana comhlíonadh a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabail na comhréireachta agus na hoiriúnachta.

Leasú 152

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.    Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis a sholáthraítear san fhógra dá dtagraítear in Airteagal 5 agus san iarraidh ar fhaisnéis dá dtagraítear in 9(5):

1.    Soláthróidh na Ballstáit , ar a laghad, an fhaisnéis seo a leanas san fhógra dá dtagraítear in Airteagal 5 agus mar fhreagairt ar an iarraidh ar fhaisnéis dá dtagraítear in 9(5):

Leasú 153

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

gníomhaíochtaí an infheisteora coigríche, a ainm agus a sheoladh; agus

(e)

gníomhaíochtaí an infheisteora coigríche, a ainm agus a sheoladh;

Leasú 154

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1 – pointe e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea)

i gcás inarb infheidhme, na cúiseanna lena dtugtar údar maith leis an bhfógra, lena n-áirítear cibé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh aon cheann de na coinníollacha maidir le fógra a thabhairt faoi infheistíocht choigríche dá dtagraítear i bpointí (i) go (iii) d’Airteagal 5(1), pointe (b);

Leasú 155

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1 – pointe e b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(eb)

cibé acu an faighteoir cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, mír 59 de Rialachán (AE) 2024/2509, nó faighteoir aon chiste nó ionstraime airgeadais arna bhunú nó arna bhainistiú ag an Aontas í sprioc an Aontais; agus

Leasú 156

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.     I gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún nó na Ballstáit faisnéis bhreise de bhun Airteagal 8(1) nó Airteagal 9(5) ar an mBallstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin, féachfaidh an Ballstát sin le faisnéis den sórt sin a sholáthar, má tá fáil uirthi, do na Ballstáit iarrthacha agus don Choimisiún.

scriosta

Leasú 157

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   I gcás inar gá, féadfaidh an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin a iarraidh ar an iarratasóir a bhfuil údarú á iarraidh aige nó ar aon ghnóthas ábhartha eile an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 a sholáthar. D’fhéadfadh an iarraidh ar fhaisnéis a bheith bainteach le faisnéis is gá chun a chinneadh an bhfuil aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(1) á gcomhlíonadh. Soláthróidh an gnóthas lena mbaineann an fhaisnéis a iarrtar don Bhallstát ina bhfuil an infheistíocht choigríche beartaithe nó ina bhfuil sí curtha i gcrích laistigh de 15 lá féilire ón iarraidh.

4.   I gcás inar gá, féadfaidh an Ballstát óstach a iarraidh ar an iarratasóir a bhfuil údarú á iarraidh aige nó ar aon ghnóthas ábhartha eile, inter alia, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 8(2) a sholáthar. D’fhéadfadh an iarraidh ar fhaisnéis a bheith bainteach le faisnéis is gá chun a chinneadh an bhfuil aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(1) á gcomhlíonadh. Soláthróidh an gnóthas lena mbaineann an fhaisnéis a iarrtar don Bhallstát ina bhfuil an infheistíocht choigríche beartaithe nó ina bhfuil sí curtha i gcrích laistigh de 15 lá féilire ón iarraidh.

Leasú 158

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Féadfaidh an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin agus an Coimisiún iarraidh ar Bhallstáit eile faisnéis a lorg ó ghnóthais ina gcríoch, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha agus ar choinníoll go bhfuil géarghá leis chun measúnú a dhéanamh ar infheistíocht choigríche de bhun Airteagal 13. Iarrfaidh an Ballstát a fhaigheann an iarraidh ar fhaisnéis a lorg, gan mhoill, ar an ngnóthas an fhaisnéis sin a sholáthar agus tabharfaidh sé fógra fúithi don Bhallstát ina bhfuil an infheistíocht choigríche beartaithe nó ina ndearnadh an infheistíocht sin agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 8(2) agus in Airteagal 9(6) de réir mar is infheidhme.

5.   Féadfaidh an Ballstát óstach agus an Coimisiún iarraidh ar Bhallstáit eile faisnéis a lorg ó ghnóthais ina gcríoch, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha agus ar choinníoll go bhfuil géarghá leis chun measúnú a dhéanamh ar infheistíocht choigríche de bhun Airteagal 13. Iarrfaidh an Ballstát a fhaigheann an iarraidh ar fhaisnéis a lorg, gan mhoill, ar an ngnóthas an fhaisnéis sin a sholáthar agus tabharfaidh sé fógra fúithi don Bhallstát óstach agus don Choimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 8(5) agus in Airteagal 9(6) de réir mar is infheidhme.

Leasú 159

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Tabharfaidh Ballstát fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile lena mbaineann más rud é, in imthosca eisceachtúla, nach bhfuil sé in ann, d’ainneoin a dhícheall, an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna  3, 4 nó 5 a sholáthar. Tabharfaidh an Ballstát sin míniú cuí ar na cúiseanna nach raibh sé in ann an fhaisnéis a sholáthar.

6.   Tabharfaidh Ballstát fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile lena mbaineann más rud é, in imthosca eisceachtúla, nach bhfuil sé in ann, d’ainneoin a dhícheall, an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 4 nó 5 den Airteagal seo, Airteagal 8(2) nó Airteagal 9(5) a sholáthar. Tabharfaidh an Ballstát sin míniú cuí ar na cúiseanna nach raibh sé in ann an fhaisnéis a sholáthar.

Leasú 160

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Soláthróidh na Ballstáit na hacmhainní, na modhanna dlíthiúla agus riaracháin is gá le go mbeidh siad rannpháirteach go héifeachtúil agus go héifeachtach sa sásra comhair.

1.   Soláthróidh na Ballstáit na hacmhainní dlíthiúla agus riaracháin is gá chun na cúraimí a shanntar dóibh a chur i gcrích ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear a rannpháirtíocht éifeachtúil agus éifeachtach sa sásra comhair.

Leasú 161

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar am leordhóthanach agus acmhainní leordhóthanacha dá sásraí um scagadh chun measúnú a dhéanamh ar bharúlacha na mBallstát eile agus ar thuairimí an Choimisiúin agus go mbreithneofar go dian iad sula ndéanfar cinneadh maidir le scagadh. Áirítear leis sin gach modh dlíthiúil agus gach cumhacht dhlíthiúil is gá a bheith aige chun ábhair imní arna gcur in iúl nó tionchair dhóchúla arna sainaithint ag Ballstát eile nó ag an gCoimisiún ina chinneadh maidir le scagadh nó in aon ionstraim ábhartha eile atá ar fáil dó a bhreithniú. I gcás ina dtugtar fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le hinfheistíocht choigríche de bhun Airteagal 5, ní cheadófar leis na sásraí um scagadh do na Ballstáit a gcinneadh maidir le scagadh a dhéanamh go dtí go rachaidh na sprioc-amanna le haghaidh barúlacha ó na Ballstáit agus tuairimí ón gCoimisiún a leagtar amach in Airteagal 8(3) in éag.

4.    Leis na sásraí um scagadh de chuid na mBallstát, tabharfar dóthain acmhainní chun measúnú a dhéanamh ar bharúlacha agus ar thuairimí ón gCoimisiún ó na Ballstáit eile agus chun an aird is mó is féidir a thabhairt orthu sula ndéanfar cinneadh maidir le scagadh. Áirítear leis sin gach modh dlíthiúil agus gach cumhacht dhlíthiúil is gá a bheith aige chun ábhair imní arna gcur in iúl nó tionchair dhóchúla arna sainaithint ag Ballstát eile nó ag an gCoimisiún ina chinneadh maidir le scagadh nó in aon ionstraim ábhartha eile atá ar fáil dó a bhreithniú.

Leasú 162

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar lena ndlíthe náisiúnta comhlíontacht leis na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 5 go 9 d’Airteagal 7.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar lena ndlíthe náisiúnta comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 7.

Leasú 163

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.   I gcás ina n-éilítear le bearta maolaitheacha i gcinneadh maidir le scagadh go gcomhlíonann gnóthais atá bunaithe i mBallstáit eile, na Ballstáit a ghlac cinneadh maidir le scagadh, rachaidh siad i gcomhar leis an mBallstát eile nó leis an mBallstát eile nó leis na Ballstáit lena mbaineann maidir le faireachán a dhéanamh ar chinneadh maidir le scagadh agus maidir leis an gcinneadh sin a fhorfheidhmiú. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na modhanna dlíthiúla agus na cumhachtaí dlíthiúla uile is gá acu chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na hiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhlíonadh na mbeart maolaitheach a sholáthraítear i gcinneadh maidir le scagadh.

7.   I gcás ina gceanglófar le bearta maolaitheacha i gcinneadh maidir le scagadh go gcomhlíonfaidh gnóthais atá bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin na ceanglais sin, comhoibreoidh na Ballstáit lena mbaineann le chéile maidir le faireachán a dhéanamh ar an gcinneadh maidir le scagadh agus forfheidhmiú an chinnidh sin. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na modhanna dlíthiúla agus na cumhachtaí dlíthiúla uile is gá acu chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na hiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhlíonadh na mbeart maolaitheach a sholáthraítear i gcinneadh maidir le scagadh ó Bhallstát eile nó ón gCoimisiún .

Leasú 164

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7a.     I gcás, tar éis cinneadh maidir le scagadh a ghlacadh, ina bhforchuirfidh Ballstát óstach pionóis i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (ha), tabharfaidh sé fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit a sholáthair barúlacha maidir leis an idirbheart laistigh de thréimhse ama réasúnta.

Leasú 165

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Ní úsáidfear faisnéis a fhaightear i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 5, 7 agus 9 ach amháin chun na críche ar ina leith a iarradh í, ach amháin:

1.   Ní úsáidfear faisnéis a fhaightear i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 5, 7, 9 agus 9a ach amháin chun na críche ar ina leith a iarradh í, ach amháin:

Leasú 166

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

má iarrann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó cúirt de chuid an Bhallstáit ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin faisnéis den sórt sin chun críche imeachtaí dlíthiúla.

(b)

má iarrann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó cúirt de chuid an Bhallstáit óstaigh an fhaisnéis sin chun críche imeachtaí dlíthiúla.

Leasú 167

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.     Soláthróidh an Coimisiún córas slán agus criptithe chun tacú le malartú faisnéise idir na pointí teagmhála.

scriosta

Leasú 168

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 12a

 

Córas slán agus criptithe agus tairseach aonair

 

1.     Bunóidh agus coinneoidh an Coimisiún córas slán agus criptithe chun an malartú faisnéise idir na pointí teagmhála a éascú. Déanfar gach cumarsáid idir na Ballstáit, agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún faoin Rialachán seo, lena n-áirítear fógraí de bhun Airteagal 5 agus barúlacha agus tuairimí de bhun Airteagal 7, a tharchur go heisiach tríd an gcóras slán criptithe sin.

 

2.     Mar chuid den chóras slán agus criptithe, bunóidh an Coimisiún tairseach aonair ar líne chun infheistíochtaí coigríche a chomhdú go leictreonach leis na húdaráis um scagadh. Beidh an tairseach aonair sin oibríochtúil tráth nach déanaí ná... [sé mhí roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Beidh sí ina pointe iontrála chun infheistíochtaí coigríche a scagadh. Úsáidfidh na Ballstáit an tairseach aonair chun comhduithe a fháil agus le haghaidh cumarsáid eile le hiarratasóirí.

 

3.     Tíolacfaidh iarratasóirí agus a n-ionadaithe dlíthiúla comhduithe trí fhoirm ar líne a bheidh ar fáil ar an tairseach aonair arna bunú de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Cuimseofar san fhoirm an fhaisnéis is gá faoi Airteagal 10(1).

 

4.     Agus comhdú á chur isteach ag iarratasóirí, roghnóidh siad na Ballstáit a bhfuil an comhdú le tarchur chucu. Déanfar cumarsáidí ina dhiaidh sin idir an Ballstát is faighteoir agus na hiarratasóirí tríd an tairseach aonair go dtí go gcuirfear bailchríoch ar an iarraidh ar údarú.

 

5.     An fhaisnéis uile a tharchuirfear tríd an tairseach aonair, ní chuirfear ar fáil í ach don fhaighteoir ainmnithe amháin.

 

6.     Faoin... [sé mhí roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 21, bearta ina leagfar amach na módúlachtaí maidir le feidhmiú na tairsí aonair agus an chórais shláin agus chriptithe dá bhforáiltear san Airteagal seo.

 

7.     Mar chuid den chóras slán criptithe, bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí slán, a chuirfear ar fáil do na Ballstáit uile, ina ndéanfar faisnéis a mhalartú faoi na hinfheistíochtaí coigríche arna measúnú ag an sásra comhair, lena n-áirítear na páirtithe lena mbaineann, na barúlacha agus na tuairimí a eisíodh agus toradh na measúnuithe faoi na sásraí náisiúnta um scagadh, lena n-áirítear faisnéis faoi na cinntí ábhartha maidir le scagadh. Déanfaidh an Coimisiún an bunachar sonraí slán sin a chur ar bun tráth nach déanaí ná... [sé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus an fhaisnéis atá ar fáil dó ón 12 Deireadh Fómhair 2020 a uaslódáil chuig an mbunachar sonraí sin. Faoin... [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], uaslódálfaidh na Ballstáit chuig an mbunachar sonraí sin an fhaisnéis atá ar fáil dóibh faoi thoradh an nós imeachta ábhartha faoina sásraí um scagadh féin. Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún faisnéis bhreise nó mínithe breise a sholáthar freisin, lena n-áirítear faisnéis ghnó ábhartha atá faighte agus fíoraithe acu ó dhíoltóirí tráchtála.

Leasú 169

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 12b

 

Cumas faisnéise gnó

 

Forbróidh an Coimisiún cumas faisnéise gnó chun tacú le húdaráis scagtha na mBallstát rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don tslándáil agus don ord poiblí a bhaineann le hinfheistíochtaí coigríche a shainaithint, measúnuithe riosca comhordaithe a fhorbairt agus, i gcomhairle le grúpa saineolaithe an Choimisiúin maidir le hinfheistíochtaí coigríche a scagadh, tacú le clár fothaithe acmhainneachta IDC de chuid an Aontais chun dea-chleachtais agus ceachtanna foghlamtha a shainaithint agus a chur chun cinn, agus cláir oiliúna choiteanna a thairiscint d’oifigigh na mBallstát.

Leasú 170

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Cinnfidh an Coimisiún, chun tuairim atá réasúnaithe go cuí a eisiúint de bhun Airteagal 7(2) nó (3) nó Airteagal 9(7), cé acu a mheasann nó nach measann sé gur dócha go ndéanfadh infheistíocht choigríche difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí.

2.   Cinnfidh an Coimisiún, chun tuairim atá réasúnaithe go cuí a eisiúint de bhun Airteagal 7(2) nó (3) nó Airteagal 9(7), nó cinneadh de bhun Airteagal 7(9b) nó (9c), an dócha go ndéanfadh infheistíocht choigríche difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí.

Leasú 171

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Agus cinneadh á dhéanamh cé acu is dócha nó nach dócha go ndéanfaidh infheistíocht difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí, breithneoidh na Ballstáit nó an Coimisiún, go háirithe, cé acu is dócha nó nach dócha go mbeidh tionchar diúltach ag an infheistíocht lena mbaineann ar na nithe seo a leanas:

3.   Agus cinneadh á dhéanamh cé acu is dócha nó nach dócha go ndéanfaidh infheistíocht choigríche difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí, breithneoidh na Ballstáit nó an Coimisiún, go háirithe, cé acu is dócha nó nach dócha go mbeidh tionchar diúltach ag an infheistíocht lena mbaineann ar na nithe seo a leanas:

Leasú 172

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

slándáil, sláine agus feidhmiú bonneagair chriticiúil, bíodh sé fisiciúil nó fíorúil; sa chomhthéacs sin, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, déanfar measúnú freisin ar cé acu is dócha nó nach dócha go ndéanfaidh an infheistíocht choigríche difear diúltach d’athléimneacht aon cheann de na heintitis chriticiúla a shainaithin siad faoi Threoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) chomh maith le heintitis faoi raon feidhme Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). Déanfar torthaí na measúnuithe ar riosca slándála comhordaithe ar shlabhraí soláthair criticiúla ar leibhéal an Aontais arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 22(1) de Threoir (AE) 2022/2555 a chur san áireamh freisin.;

(a)

slándáil, sláine, feidhmiú agus athléimneacht an bhonneagair chriticiúil, lena n-áirítear an talamh agus an mhaoin atá criticiúil d’úsáid an bhonneagair chriticiúil sin, bíodh sé fisiciúil nó fíorúil; sa chomhthéacs sin, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, déanfar measúnú freisin ar cé acu is dócha nó nach dócha go ndéanfaidh an infheistíocht choigríche difear diúltach d’athléimneacht aon cheann de na heintitis chriticiúla a shainaithin siad faoi Threoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) chomh maith le heintitis faoi raon feidhme Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). Déanfar torthaí na measúnuithe ar riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais , lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le slabhraí soláthair criticiúla arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 22(1) de Threoir (AE) 2022/2555 a chur i gcuntas, lena gcumhdaítear tosca riosca teicniúla agus neamhtheicniúla araon ;

Leasú 173

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)

slándáil saoráidí míleata agus saoráidí poiblí íogaire eile i ngaireacht gheografach láithreach do sprioc an Aontais;

Leasú 174

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – pointe a b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ab)

slándáil, sláine, feidhmiú, cobhsaíocht oibríochtúil agus athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh;

Leasú 175

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

teicneolaíochtaí criticiúla a bheith ar fáil;

(b)

teicneolaíochtaí criticiúla a bheith ar fáil agus glacadh na dteicneolaíochtaí criticiúla sin, slándáil teicneolaíochta agus sceitheadh teicneolaíochta ;

Leasú 176

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

leanúnachas sholáthar na n-ionchur criticiúil;

(c)

slándáil agus athléimneacht slabhraí soláthair le haghaidh ionchuir chriticiúla;

Leasú 177

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca)

slándáil bia;

Leasú 178

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – pointe c b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(cb)

an cumas spleáchais straitéiseacha a sheachaint agus aghaidh a thabhairt orthu;

Leasú 179

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – pointe c c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(cc)

cobhsaíocht airgeadais agus eacnamaíoch an Aontais a chosaint;

Leasú 180

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – pointe c d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(cd)

soláthar seirbhísí bunriachtanacha agus seirbhísí leasa ghinearálta;

Leasú 181

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

cosaint faisnéise íogaire, lena n-áirítear sonraí pearsanta, go háirithe maidir le cumas an infheisteora coigríche rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta sin nó iad a rialú agus a phróiseáil ar bhealach eile, nó (e)

(d)

cosaint faisnéise íogaire, lena n-áirítear sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679 (1a) go háirithe maidir le cumas an infheisteora coigríche an fhaisnéis sin a rochtain, a rialú, agus a phróiseáil ar shlí eile;

 

Leasú 182

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – pointe d a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da)

maoin intleachtúil, eolas nó sócmhainní doláimhsithe eile a chosaint;

Leasú 183

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

saoirse agus iolrachas na meán, lena n-áirítear ardáin ar líne is féidir a úsáid le haghaidh bréagaisnéise nó gníomhaíochtaí coiriúla ar mórscála .

(e)

saoirse agus iolrachas na meán, lena n-áirítear ardáin ar líne agus ardáin na meán sóisialta is féidir a úsáid le haghaidh bréagaisnéise nó gníomhaíochtaí coiriúla ar mórscála , cearta bunúsacha, dioscúrsa sibhialta agus próisis toghcháin, chomh maith le neodracht, oibiachtúlacht agus iolrachas an oideachais; nó

Leasú 184

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 3 – pointe e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea)

an dóchúlacht go ndéanfaidh tríú tír comhéigean eacnamaíoch a thagann faoi raon feidhme Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2023/2675 (1a)

 

Leasú 185

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 4 – pointe -a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-a)

an bhfuil an t-infheisteoir coigríche nó fochuideachta an infheisteora coigríche san Aontas faoi rialú díreach nó indíreach rialtais tríú tír, lena n-áirítear comhlachtaí stáit, údaráis réigiúnacha nó áitiúla nó fórsaí armtha tríú tír, lena n-áirítear trí struchtúr úinéireachta, cistiú suntasach, cearta speisialta nó stiúrthóirí nó bainisteoirí arna gceapadh ag an stát, nó gnéithe eile atá dírithe ar thionchar a imirt ar chinntí bainistíochta, amhail scaireanna órga;

Leasú 186

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 4 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

cé acu a bhí nó nach raibh an t-infheisteoir coigríche, duine nádúrtha nó eintiteas a bhfuil an t-infheisteoir coigríche faoina rialú, úinéir tairbhiúil an infheisteora coigríche, aon cheann d’fhochuideachtaí an infheisteora coigríche, nó aon pháirtí eile faoi úinéireacht nó faoi rialú an infheisteora coigríche páirteach in infheistíocht choigríche a ndearna Ballstát scagadh uirthi roimhe sin agus nár údaraíodh nó nár údaraíodh ach amháin faoi choinníollacha; chun é sin a chinneadh, braithfidh na Ballstáit agus an Coimisiún ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil dóibh, lena n-áirítear an fhaisnéis atá sa bhunachar sonraí slán arna bhunú de bhun Airteagal  7 ( 10 );

(a)

cé acu a bhí nó nach raibh an t-infheisteoir coigríche, duine nádúrtha nó eintiteas a bhfuil an t-infheisteoir coigríche faoina rialú, úinéir tairbhiúil an infheisteora coigríche, aon cheann d’fhochuideachtaí an infheisteora coigríche, nó aon pháirtí eile faoi úinéireacht nó faoi rialú an infheisteora coigríche páirteach in infheistíocht choigríche a ndearna Ballstát scagadh uirthi roimhe sin , nó, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, a ndearna tríú tír scagadh uirthi roimhe sin, ar tír í ag a bhfuil sásra bunaithe um scagadh ar infheistíocht dhíreach choigríche lena gcomhoibríonn an tAontas ó thaobh scagadh infheistíochtaí, agus nár údaraíodh nó nár údaraíodh ach amháin faoi choinníollacha; chun é sin a chinneadh, braithfidh na Ballstáit agus an Coimisiún ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil dóibh, lena n-áirítear an fhaisnéis atá sa bhunachar sonraí slán arna bhunú de bhun Airteagal 12a ( 6a );

Leasú 187

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 4 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

cé acu a bhí nó nach raibh an t-infheisteoir coigríche nó aon cheann dá fhochuideachtaí ag gabháil do ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó do ghníomhaíochtaí coiriúla, lena n-áirítear imchéimniú beart sriantach an Aontais de bhun Airteagal 215 CFAE;

(d)

cé acu a bhí nó nach raibh an t-infheisteoir coigríche nó aon cheann dá fhochuideachtaí ag gabháil do ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó do ghníomhaíochtaí coiriúla, lena n-áirítear sciúradh airgid agusimchéimniú beart sriantach an Aontais de bhun Airteagal 215 CFAE;

Leasú 188

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 4 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

cé acu is dócha nó nach dócha go saothróidh an t-infheisteoir coigríche, duine nádúrtha nó eintiteas a bhfuil an t-infheisteoir coigríche faoina rialú, úinéir tairbhiúil an infheisteora coigríche, aon cheann d’fhochuideachtaí an infheisteora coigríche, nó aon pháirtí eile atá faoi úinéireacht nó faoi rialú an infheisteora coigríche, nó a ghníomhaíonn thar ceann nó faoi threoir an infheisteora coigríche, cuspóirí beartais tríú tír, nó cé acu a éascóidh sé forbairt chumais mhíleata tríú tír .

(e)

cé acu is dócha nó nach dócha go ndéanfaidh an t-infheisteoir coigríche, duine nádúrtha nó eintiteas a bhfuil an t-infheisteoir coigríche faoina rialú, úinéir tairbhiúil an infheisteora coigríche, aon cheann d’fhochuideachtaí an infheisteora coigríche, nó aon pháirtí eile atá faoi úinéireacht nó faoi rialú an infheisteora coigríche, nó a ghníomhaíonn thar ceann nó faoi threoir an infheisteora coigríche, go ndéanfaidh sé cuspóirí beartais tríú tír a shaothrú , tacú le rioscaí go sáróidh tríú tír an dlí idirnáisiúnta, nó forbairt chumais mhíleata tríú tír a éascú;

Leasú 189

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 4 – pointe e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea)

cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an t-infheisteoir coigríche bunaithe i dtríú tír atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais de bhun Airteagal 215 CFAE, i ndlínse a shainaithnítear mar thríú tír a bhfuil easnaimh straitéiseacha shuntasacha aici ina córas náisiúnta AML/CFT i gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó i dtír atá ag saothrú straitéis ionsaitheach shibhialta-mhíleata maidir le comhleá;

Leasú 190

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 4 – pointe e b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(eb)

cé acu atá nó nach bhfuil an t-infheisteoir coigríche nó aon cheann dá fhochuideachtaí bunaithe i dtríú tír a gceadaítear lena reachtaíocht rochtain threallach ar oibríochtaí nó ar shonraí cuideachta, lena n-áirítear faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus a fhorchuirtear oibleagáidí ar chuideachtaí faisnéis a chomhroinnt chun críoch faisnéise gan srianta agus ceartúcháin dhaonlathacha, sásraí formhaoirseachta, próis chuí, nó an ceart achomharc a dhéanamh chuig cúirt nó binse neamhspleách.

Leasú 191

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     Cuirfidh an Coimisiún foirm meastóireachta riosca ar fáil a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar na heilimintí dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4.

Leasú 192

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 4 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4b.     Féadfaidh an Coimisiún measúnú riosca a dhéanamh a bhaineann le hearnáil shonrach, teicneolaíocht chriticiúil, infheisteoirí coigríche nó gnóthais de chuid an Aontais chun bonn eolais a chur faoi chinntí maidir le scagadh de chuid na mBallstát. Déanfar an measúnú riosca sin a chur ar fáil sa bhunachar sonraí slán arna chur ar bun de bhun Airteagal 12a(6a) agus déanfaidh na Ballstáit é a chur i gcuntas agus cinneadh á dhéanamh acu an dócha go ndéanfaidh infheistíocht difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí.

Leasú 193

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cinntí i dtaca le hinfheistíochtaí coigríche a scagadh ar dócha go ndéanfaidh siad difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí

Cinntí maidir le scagadh i dtaca le hinfheistíochtaí coigríche

Leasú 194

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina gcinnfidh an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin gur dócha go ndéanfaidh an infheistíocht choigríche difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí i mBallstát amháin nó níos mó, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil tionscadal nó clár a bhfuil leas an Aontais ag gabháil leis, agus na critéir a leagtar síos in Airteagal 13 á gcur san áireamh, i gcás inarb infheidhme, i bhfianaise na mbarúlacha a sholáthróidh Ballstáit eile de bhun Airteagal 7(1) nó Airteagal 9(7), nó tuairim a thug an Coimisiún de bhun Airteagal 7(2) nó (3) nó Airteagal 9(7), déanfaidh sé cinneadh maidir le scagadh a eisiúint chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

I gcás ina gcinnfidh an Ballstát óstach, agus na critéir a leagtar síos in Airteagal 13 á gcur i gcuntas agus, i gcás inarb infheidhme, i bhfianaise barúlacha arna soláthar ag Ballstáit eile de bhun Airteagal 7(1) nó Airteagal 9(7), nó i bhfianaise tuairime arna tabhairt ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7(2) nó (3) nó Airteagal 9(7), agus gan dochar do chumhacht an Choimisiúin cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 7(9c), gur dócha go ndéanfaidh an infheistíocht eachtrach difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí i mBallstát amháin nó níos mó, lena n-áirítear i gcás tionscadal nó clár atá chun leasa an Aontais, eiseoidh sé cinneadh maidir le scagadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

Leasú 195

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leis an gcinneadh maidir le scagadh, comhlíonfar prionsabal na comhréireachta agus déanfar imthosca uile na hinfheistíochta coigríche a chur san áireamh.

Leis an gcinneadh maidir le scagadh, comhlíonfar prionsabal na comhréireachta , beidh sé bunaithe ar rioscaí doiciméadaithe agus déanfar imthosca uile na hinfheistíochta coigríche a chur san áireamh.

Leasú 196

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   I gcás ina measfaidh an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht choigríche a dhéanamh agus ina ndearnadh an infheistíocht sin go bhfuil bearta eile de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta ar fáil agus iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar éifeacht na hinfheistíochta coigríche ar an tslándáil agus ar an ord poiblí, údarófar an infheistíocht choigríche gan choinníollacha.

2.   I gcás ina gcinnfidh an Ballstát óstach nach dócha go ndéanfaidh an infheistíocht choigríche difear diúltach don tslándáil ná don ord poiblí nó ina measfaidh sé go bhfuil bearta eile ar fáil de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta agus go bhfuil siad iomchuí chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar éifeacht na hinfheistíochta coigríche ar an tslándáil agus ar an ord poiblí, agus seachas i gcásanna ina mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7(9c), déanfar an infheistíocht choigríche a údarú gan choinníollacha.

Leasú 197

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Beidh na bearta maolaitheacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar éifeacht na hinfheistíochta coigríche ar an tslándáil agus ar an ord poiblí agus comhlíonfaidh siad prionsabal na comhréireachta. D’fhéadfaí na nithe seo a leanas a áireamh i measc na mbeart sin:

 

(a)

athruithe ar struchtúr rialachais beartaithe na sprioc-chuideachta;

 

(b)

modhnuithe ar na cearta vótála a thugtar don infheisteoir;

 

(c)

rochtain neamhúdaraithe ar theicneolaíochtaí íogaire nó ar fhaisnéis íogair a chosc;

 

(d)

gealltanais ón infheisteoir soláthar sonrach a áirithiú agus/nó soláthar do chliant sonrach a áirithiú;

 

(e)

gealltanais ón infheisteoir breisluach áitiúil a choinneáil nó a chruthú;

 

(f)

gealltanais ón infheisteoir aghaidh a thabhairt ar riosca an spleáchais, lena n-áirítear aistriú teicneolaíochtaí agus fios gnó;

 

(g)

bearta chun leanúnachas i ngníomhaíochtaí gnó a áirithiú;

 

(h)

ceanglais maidir le comhpháirteanna criticiúla a fhoinsiú ó sholáthraithe slána iontaofa;

 

(i)

prótacail chibearshlándála a chur chun feidhme chun cosaint a thabhairt ar bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann;

 

(j)

an ceanglas atá ar an infheisteoir coigríche comhfhiontar a bhunú le gnóthas de chuid an Aontais;

 

(k)

oibleagáid chun sonraí sonracha a stóráil agus a phróiseáil laistigh den Aontas.

Leasú 198

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 14 a

 

Grúpa saineolaithe maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche isteach san Aontas a scagadh

 

1.     Leanfaidh an grúpa saineolaithe maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh, a chuireann comhairle agus saineolas ar fáil don Choimisiún, de bheith i mbun plé maidir le scagadh infheistíochtaí díreacha coigríche. Roinnfidh sé dea-chleachtais, ceachtanna a foghlaimíodh, agus malartóidh sé tuairimí maidir le treochtaí atá ag teacht chun cinn agus saincheisteanna leasa choitinn a bhaineann le hinfheistíochtaí díreacha coigríche. Lorgóidh an Coimisiún comhairle ón ngrúpa sin maidir le hábhair chórasacha a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Tiocfaidh an grúpa sin le chéile ar bhonn rialta chun idirphlé leanúnach agus foghlaim fhrithpháirteach a áirithiú.

 

2.     Is i modh rúin a bheidh na pléití sa ghrúpa sin.

Leasú 199

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 14b

 

Ceanglais trédhearcachta poiblí

 

1.     Faoin... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] foilseoidh an Coimisiún treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm an mhéid seo a leanas:

 

(a)

na critéir lena chinneadh an gcumasaíonn infheistíocht rannpháirtíocht éifeachtach i mbainistiú nó i rialú sprioc-chuideachta de chuid an Aontais de bhun Airteagal 2, pointe (1);

 

(b)

na critéir chun a chinneadh an bhfuil gnóthas ina chuid de thionscadal nó de chlár atá chun leasa an Aontais nó an bhfuil sé rannpháirteach ann de bhun Airteagal 4(4), pointe (a);

 

(c)

na critéir a chinneadh an bhfuil gnóthas gníomhach go heacnamaíoch i gceann de na réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn II de bhun Airteagal 2, pointe (9);

 

(d)

na critéir chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don tslándáil agus don ord poiblí, lena n-áirítear rioscaí trasteorann agus rioscaí a bhaineann le hinfheistíochtaí i láithreán úrnua, mar a leagtar amach in Airteagal 13.

 

Sula n-eiseoidh sé na treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le geallsealbhóirí. Déanfaidh an Coimisiún na treoirlínte sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta i bhfianaise na taithí a gheofar agus an Rialachán seo á chur chun feidhme.

 

2.     Foilseoidh an Coimisiún liosta de na sásraí uile um scagadh arna mbunú ag na Ballstáit. Beidh faisnéis achomair sa liosta sin faoin raon feidhme faoi seach agus faoi na rialacha nós imeachta ábhartha de gach sásra um scagadh. Beidh nasc ann freisin chuig treoir na n-údarás um scagadh dá dtagraítear i mír 3 agus sonraí teagmhála an phointe teagmhála lena mbaineann. Coimeádfaidh an Coimisiún an liosta sin cothrom le dáta.

 

3.     Chun trédhearcacht agus intuarthacht a fheabhsú, déanfaidh na Ballstáit treoraíocht mhionsonraithe a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta maidir le raon feidhme a sásra um scagadh, na tairseacha agus na noda spreagtha le haghaidh oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt, na critéir a úsáidtear chun a mheas an dócha go ndéanfaidh infheistíocht difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí, na critéir chun grinn-imscrúdú a oscailt, agus na hamlínte agus na rialacha nós imeachta is infheidhme.

Leasú 200

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún dul i gcomhar le húdaráis fhreagracha tríú tíortha maidir le saincheisteanna a bhaineann le hinfheistíochtaí a scagadh ar fhorais na slándála agus an oird phoiblí.

Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún dul i gcomhar le húdaráis fhreagracha tríú tíortha agus dul i mbun rannpháirtíochta trí ardáin dhéthaobhacha agus iltaobhacha maidir le saincheisteanna a bhaineann le hinfheistíochtaí a scagadh ar fhorais na slándála agus an oird phoiblí. Féadfaidh malartú faisnéise agus dea-chleachtas, chomh maith le tacaíocht theicniúil agus tacaíocht forbartha acmhainní a bheith i gceist leis an gcomharsin. I gcomhthéacs an chomhair sin, spreagfaidh an Coimisiún tríú tíortha chun sásraí um scagadh ar infheistíochtaí a bhunú, go háirithe tíortha sin is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas agus tíortha i gcomharsanacht an Aontais.

Leasú 201

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Faoin 31 Márta gach bliain dar tús [cuir dáta isteach: an chéad bhliain den chur i bhfeidhm], tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún, ar bhonn rúnda, maidir lena ngníomhaíochtaí faoina sásra um scagadh agus faoin sásra comhair le haghaidh na bliain féilire roimhe. Beidh faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas sa tuarascáil sin:

1.   Faoin 31 Márta gach bliain dar tús [cuir dáta isteach: an chéad bhliain den chur i bhfeidhm], tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún, ar bhonn rúnda, maidir lena ngníomhaíochtaí faoina sásra um scagadh agus faoin sásra comhair le haghaidh na bliain féilire roimhe. Beidh an méid seo a leanas sa tuarascáil sin:

Leasú 202

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

an líon infheistíochtaí coigríche arna dtoirmeasc, an líon infheistíochtaí coigríche arna dtarraingt siar;

(c)

an líon infheistíochtaí coigríche arna dtoirmeasc, an líon infheistíochtaí coigríche arna dtarraingt siar nó a leachtaíodh ;

Leasú 203

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

faisnéis maidir le tionscnamh na n-infheisteoirí coigríche agus maidir le hearnáil gníomhaíochta sprioc-chuideachtaí na n-infheistíochtaí coigríche arna scagadh, arna n-údarú arna dtoirmeasc;

(e)

faisnéis maidir le tionscnamh na n-infheisteoirí coigríche agus maidir le hearnáil gníomhaíochta sprioc-chuideachtaí na n-infheistíochtaí coigríche arna scagadh, arna n-údarú gan choinníollacha, arna n-údarú le coinníollacha, agus infheistíochtaí coigríche arna dtoirmeasc , faoi seach ;

Leasú 204

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea)

meánfhad na nósanna imeachta um scagadh infheistíochta

Leasú 205

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f)

cur i láthair comhiomlán na rioscaí agus na leochaileachtaí a sainaithníodh sna hinfheistíochtaí coigríche as ar eascair cinneadh maidir le scagadh;

(f)

tuairisc ar na rioscaí agus na leochaileachtaí a sainaithníodh sna hinfheistíochtaí coigríche as ar eascair cinneadh maidir le scagadh;

Leasú 206

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1 – pointe f a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fa)

líon na nósanna imeachta féintionscnaimh arna n-oscailt de bhun Airteagal 9(1) agus líon na gcásanna inar thionscain an Ballstát óstach nós imeachta um scagadh mar thoradh orthu.

Leasú 207

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Faoin... [1 Eanáir an chéad bhliain den chur i bhfeidhm], glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 21 ina leagfar amach an fhoirm a úsáidfear chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thuairisciú.

Leasú 208

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.    Ar bhonn na faisnéise a fuarthas i gcomhréir le mír 1, agus bunaithe ar mheasúnú an Choimisiúin ar threochtaí agus ar fhorbairtí, déanfaidh sé tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a sholáthar go bliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

2.    Bunaithe ar an bhfaisnéis a fuarthas i gcomhréir le mír 1, ar a chleachtas cur chun feidhme, agus ar a mheasúnú ar threochtaí agus ar fhorbairtí, soláthróidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 30 Meán Fómhair gach bliain ag tosú i. . . [an chéad bhliain a chuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm] Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

Leasú 209

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Áireofar sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún forléargas ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 do gach Ballstát, measúnú ar na treochtaí agus ar na figiúirí maidir le hinfheistíochtaí coigríche isteach san Aontas, forbairtí reachtacha ábhartha ar fud na mBallstát, iarrachtaí comhair idirnáisiúnta, ceachtanna a foghlaimíodh, agus dea-chleachtais chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Leasú 210

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo 5 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh na Ballstáit páirteach sa chleachtadh seo, agus más gá, cuirfidh siad ar fáil don Choimisiún faisnéis bhreise le haghaidh ullmhú na tuarascála sin.

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo 3 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh na Ballstáit páirteach sa phróiseas meastóireachta seo, agus más gá, cuirfidh siad ar fáil don Choimisiún faisnéis bhreise le haghaidh ullmhú na tuarascála sin. Áireofar sa tuarascáilsin anailís ar éabhlóid na n-infheistíochtaí coigríche isteach san Aontas mar aon le measúnú ar rannchuidiú an Rialacháin seo le slándáil eacnamaíoch an Aontais. Ba cheart a áireamh ann measúnú ar cheart na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(4) agus (4a) a leasú chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú maidir le hinfheistíochtaí coigríche a scagadh, agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 13(3) agus (4) á gcur san áireamh, lena n-áirítear slándáil saoráidí míleata agus saoráidí poiblí íogaire eile. Déanfar measúnú sa tuarascáil freisin ar na costais chomhlíonta a bhíonn ar ghnólachtaí.

Leasú 211

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun leasú a dhéanamh, i gcás inar gá, ar an liosta de theicneolaíochtaí , sócmhainní, saoráidí, trealamh , líonraí, córais , seirbhísí agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena mbaineann tábhacht ar leith maidir le leasanna slándála nó oird phoiblí an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn II chun athruithe sna himthosca is ábhartha do leasanna slándála nó oird phoiblí an Aontais a chur san áireamh. Go háirithe, áireofar an méid seo a leanas sna breithnithe sin:

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun leasú a dhéanamh, i gcás inar gá, ar liosta na dteicneolaíochtaí , na n-ábhar, na sócmhainní, na saoráidí, an trealaimh , na líonraí, na gcóras , na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha lena mbaineann tábhacht ar leith maidir le leasanna slándála nó oird phoiblí an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn II chun athruithe sna himthosca is ábhartha do leasanna slándála nó oird phoiblí an Aontais a chur san áireamh. Go háirithe, áireofar an méid seo a leanas sna breithnithe sin:

Leasú 212

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 –mír 2 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

torthaí na measúnuithe riosca ábhartha arna ndéanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit faoi Straitéis Slándála Eacnamaíche an Aontais;

Leasú 213

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Déanfar an chéad cheann de na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a ghlacadh faoin... [9 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] chun Iarscríbhinn II a leasú chun tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar liosta na dteicneolaíochtaí, na n-ábhar, na sócmhainní, na saoráidí, an trealaimh, na líonraí, na gcóras, na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha lena mbaineann tábhacht ar leith do leasanna slándála nó oird phoiblí an Aontais.

Leasú 214

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó [dháta theacht i bhfeidhm an bhunghnímh reachtaigh] .

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 19 a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana ón... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

Leasú 215

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.     Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach na foirmeacha atá le húsáid chun an fhaisnéis a thugtar le fios in Airteagal 10(1) a sholáthar.

scriosta

Leasú 216

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

2.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 10(2), Airteagal 12a(3), Airteagal 12a(6) agus Airteagal 16(1a) i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

Leasú 217

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Aisghairtear Rialachán (AE) 2019/452 le héifeacht ó [dáta: 15 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm].

Aisghairtear Rialachán (AE) 2019/452 le héifeacht ón... [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo];

Leasú 218

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm aige ó [dáta: 15  mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm].

Beidh feidhm aige ó ... [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo];

Leasú 219

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Beidh feidhm ag Airteagal 19(2) agus (2a), áfach, ón... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

 

Beidh feidhm ag an Rialachán seo beag beann ar an tairseach aonair dá dtagraítear in Airteagal 12a(2) a bheith oibríochtúil.

Leasú 220

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 7 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Rialachán (AE) Uimh. 1315 / 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh.  661 / 2010/AE (IO L  348 , 20 . 12 . 2013, lch. 1 , ELI: http://data.europa. eu/eli/reg/2013/1315/oj) .

Rialachán (AE) 2024 / 1679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt , lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1153 agus (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315 / 2013 ( IO L 2024 1679, 28.6.2024 , ELI: http://data.europa. eu/eli/reg/2024/1679/oj ) .

Leasú 221

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 17 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

17a.

An Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach (EDIP)

 

[Tá an tagairt le cur isteach a luaithe a ghlacfar an Rialachán.]

Leasú 222

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 20 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

20a.

Tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1041 an 28 Samhain 2023 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le liosta tionscadal leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa an Aontais (IO L 2024/1041, 8.4.2024, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1041/oj).

Leasú 223

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II - fo-cheannteideal 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Liosta na dteicneolaíochtaí, na sócmhainní, na saoráidí, an trealaimh, na líonraí, na gcóras, na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha lena mbaineann tábhacht ar leith chun leas shlándáil nó ord poiblí an Aontais

Liosta na dteicneolaíochtaí, na n-ábhar, na sócmhainní, na saoráidí, an trealaimh, na líonraí, na gcóras, na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha lena mbaineann tábhacht ar leith chun leas shlándáil nó ord poiblí an Aontais

Leasú 224

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe a – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

a.

Teicneolaíochtaí leathsheoltóirí ardfhorbartha:

a.

Teicneolaíochtaí leathsheoltóirí:

Leasú 225

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe a – fleasc 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

micrileictreonaic, próiseálaithe san áireamh

dearadh ciorcad iomlánaithe agus leathsheoltóirí eile, lena n-áirítear micreaphróiseálaithe, próiseálaithe grafacha, micrearialaitheoirí, sliseanna loighce, sliseanna cuimhne, sliseanna radaimhinicíochta, sliseanna fótónaice, sliseanna analógacha, sliseanna candamacha, leathsheoltóirí optúla, leathsheoltóirí cumhachta, comhpháirteanna scoite agus braiteoirí / micreachórais, chomh maith le croíleacán leathsheoltóra maoine intleachtúla gaolmhar;

Leasú 226

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe a – fleasc 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

teicneolaíochtaí fótónaice (léasair ardfhuinnimh san áireamh)

bogearraí dearaidh leictreonaigh uathoibrithe chun ciorcaid iomlánaithe agus leathsheoltóirí eile a dhearadh, nó chun ardphacáistíocht a dhearadh

Leasú 227

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe a – fleasc 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

sliseanna ardmhinicíochta

monarú tosaigh ciorcad iomlánaithe agus leathsheoltóirí eile

Leasú 228

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe a – fleasc 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

trealamh monaraíochta leathsheoltóirí ar nódmhéideanna fíor-ardfhorbartha

cóimeáil, tástáil agus pacáistiú ciorcad iomlánaithe agus leathsheoltóirí eile, lena n-áirítear ardchláir ciorcad phriontáilte agus ardphacáistíocht

Leasú 229

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe a – fleasc 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

trealamh monaraithe leathsheoltóirí, le haghaidh monarú tosaigh agus monarú cúil ciorcad iomlánaithe agus leathsheoltóirí eile, lena n-áirítear eitseáil, leagan síos, eipealuadair, liteagrafaíochta, ardphacáistíocht, uirlisí tástála nó méadreolaíochta

Leasú 230

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe a – fleasc 4 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

croí-chomhpháirteanna nó bogearraí trealaimh monaraithe leathsheoltóirí

Leasú 231

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe a – fleasc 4 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

ábhair a úsáidtear i monarú ciorcad iomlánaithe agus leathsheoltóirí eile, go háirithe ceimiceáin speisialtachta, triathgháis, ábhair leathsheoltóra, foshraitheanna nó sliseoga

Leasú 232

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe a – fleasc 4 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

trealamh agus saoráidí stórála agus próiseála sonraí

Leasú 233

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe b – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

b.

Teicneolaíochtaí intleachta saorga:

b.

Teicneolaíochtaí intleachta saorga , mar atá aon teicneolaíocht nó fios gnó a bhaineann le córas meaisínbhunaithe atá deartha chun oibriú ar leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh oiriúnaitheacht a thaispeáint tar éis a himscartha, agus, ar chuspóirí sainráite nó intuigthe, a infeiríonn, ón ionchur a fhaigheann sí, conas aschuir a ghiniúint amhail tuartha, inneachar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiceacha nó fíorúla (‘córas IS’), a úsáidtear le haghaidh na bhfeidhmchlár seo a leanas :

Leasú 234

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe b – fleasc 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

an ríomhaireacht ardfheidhmíochta

córais intleachta saorga ghiniúnacha a oiltear le níos mó ná 10^25 FLOPS (oibríochtaí snámhphointe);

Leasú 235

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe b – fleasc 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

néalríomhaireacht agus imeall-ríomhaireacht

córais intleachta saorga ghiniúnacha atá oilte go pointe suntasach ar shonraí bhitheolaíocha/ géanómaíocha, nó atá deartha lena n-úsáid i gcomhthéacs bith-theicneolaíoch, spáis nó cosanta

Leasú 236

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe b – fleasc 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

teicneolaíochtaí anailísíochta sonraí

scriosta

Leasú 237

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe b – fleasc 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

amharc ríomhaireachtúil, próiseáil teanga, réad-sainaithint

scriosta

Leasú 238

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe e – fleasc 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cumarsáid agus nascacht dhigiteach shlán, amhail RAN agus Open RAN (Líonra Rochtana Raidió) agus 6G

Cumarsáid agus nascacht dhigiteach shlán, amhail RAN agus Open RAN (Líonra Rochtana Raidió) , 5G agus 6G , cumarsáid léasair agus solais

Leasú 239

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe e – fleasc 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Teicneolaíochtaí cibearshlándála, an cibearfhaireachas, córais slándála agus ionraidh, fóiréinsic dhigiteach san áireamh

Teicneolaíochtaí cibearshlándála, an cibearfhaireachas, criptiú, córais slándála agus córais coiscthe agus braite ionraidh, fóiréinsic dhigiteach san áireamh

Leasú 240

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe e – fleasc 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Cáblaí snáthoptaice fomhuirí

Leasú 241

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe g – fleasc 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Teicneolaíochtaí oibríochtúla do gach modh iompair, amhail córais chomharthaíochta, córais bainistithe tráchta agus teicneolaíochtaí a bhaineann le sábháilteacht

Leasú 242

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe h – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

h.

Teicneolaíochtaí fuinnimh:

h.

Teicneolaíochtaí, seirbhísí agus bonneagar fuinnimh:

Leasú 243

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe h – fleasc 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Teicneolaíochtaí comhleá núicléach , imoibreoirí agus giniúint cumhachta, teicneolaíochtaí tiontaithe/saibhrithe/athchúrsála raideolaíocha

Teicneolaíochtaí núicléacha , imoibreoirí agus giniúint cumhachta, teicneolaíochtaí tiontaithe/saibhrithe/athchúrsála raideolaíocha , stóráil núicléach agus diúscairt dramhaíola radaighníomhaí

Leasú 244

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe h – fleasc 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Teicneolaíochtaí glan-nialasacha, fótavoltachas san áireamh

Teicneolaíochtaí glan-nialasachta, lena n-áirítear fótavoltachas agus bonneagar teirmeach gréine, chomh maith le teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite ar tír agus amach ón gcósta

Leasú 245

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe h – fleasc 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Oibreoirí eangaí (OCTanna agus OCDanna)

Leasú 246

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 3 – pointe h – fleasc 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Eangacha cliste agus stóráil fuinnimh, ceallraí

Eangacha Eorpacha agus trasteorann, lena n-áirítear eangacha cliste agus réitigh stórála fuinnimh, ceallraí , teicneolaíochtaí ceallraí le haghaidh feidhmeanna eangaí agus comhtháthú fuinnimh in-athnuaite

Leasú 247

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.

Na heintitis chriticiúla agus na gníomhaíochtaí criticiúla seo a leanas i gcóras airgeadais an Aontais: contrapháirtithe lárnacha (2), córais íocaíochta agus institiúidí íocaíochta (3), institiúidí ríomh-airgid (4), oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a oibríonn saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe (5), taisclanna lárnach urrús (6), eisitheoirí móra comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a oibríonn ardáin trádála le haghaidh criptea-shócmhainní (7), institiúidí móra (8), soláthraithe domhanda sainseirbhísí teachtaireachtaí airgeadais agus soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla ainmnithe (9).

5.

Na heintitis chriticiúla agus na gníomhaíochtaí criticiúla seo a leanas i gcóras airgeadais an Aontais:

 

(a)

contrapháirtithe lárnacha nó CCPanna mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (2);

 

(b)

córais íocaíochta agus institiúidí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointí (7) agus (4) faoi seach de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3);

 

(c)

institiúidí airgid leictreonaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4);

 

(d)

oibreoirí margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (18) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus gnólachtaí infheistíochta a oibríonn saoráid trádála iltaobhach nó saoráid trádála eagraithe;

 

(e)

taisclanna lárnacha urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6);

 

(f)

eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó comharthaí ríomh-airgid suntasacha agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointí (10), (6), (7), (15) agus (18) faoi seach de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle7;

 

(g)

institiúidí móra mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (146) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8);

 

(h)

soláthraithe domhanda sainseirbhísí teachtaireachtaí airgeadais agus soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla ainmnithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (23) de Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

 

(i)

córais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo de bhun cinneadh ó BCE bunaithe ar Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 795/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach (9a);

 

(j)

gnóthais árachais agus gnóthais athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointí (1) agus (4) de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9b) ag a bhfuil ioncam préimhe comhláine i scríbhinn is mó ná EUR 25 000 000 000 ar an meán sna 3 bliana féilire roimh an mbliain ar tugadh fógra faoin infheistíocht choigríche;

 

 

Leasú 248

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a.

Tionscail an iompair, teicneolaíochtaí agus comhpháirteanna bonneagair a bhfuil ríthábhacht leo:

 

(a)

An tionscal déantúsaíochta aeraspáis, lena n-áirítear táirgeadh, cothabháil agus oibriú aerárthaí, chomh maith lena n-innill, liáin, páirteanna, trealamh neamhshuiteáilte agus trealamh (1a)

 

(b)

Tionscal na teicneolaíochta muirí, lena n-áirítear, táirgeadh, cothabháil agus athchóiriú gach cineáil loinge (1b) agus trealaimh (1c)

 

(c)

An tionscal iarnróid, lena n-áirítear gach gné de dhearadh, de mhonarú, de chothabháil agus d’athchóiriú córas iompair iarnróid, fochóras agus trealaimh ghaolmhair (1d)

 

(d)

Tionscal na ngluaisteán, lena n-áirítear soláthraithe gluaisteán (1e), bonneagar athbhreoslaithe, lena n-áirítear bonneagar luchtaithe leictrigh (1f) agus córais chliste iompair (ITS) (1g)

 

 

 

 

 

 

 

Leasú 249

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 5 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5b.

Seirbhísí meán mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2024/1083 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán) a rannchuidíonn le tuairimí an phobail a fhoirmiú agus a bhfuil topaiciúlacht ar leith agus tionchar leathan ar leith ag baint leo.

Leasú 250

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 5 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5c.

Bonneagar toghcháin: na córais, na próisis agus na saoráidí fisiciúla agus digiteacha is gá chun toghcháin a eagrú agus a reáchtáil, lena n-áirítear córais vótála, bunachair sonraí clárúcháin vótálaithe agus córais theicneolaíocha eile lena n-áirithítear sláine, inrochtaineacht agus slándáil na bpróiseas toghchánach.

Leasú 251

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 5 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5d.

Amhábhair chriticiúla mar a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II de Rialachán (AE) 2024/1252 (1a):

 

eastóscadh agus mínghlanadh amhábhar criticiúil

 

teicneolaíochtaí athchúrsála agus aisghabhála le haghaidh amhábhair chriticiúla, go háirithe ó cheallraí agus ó dhramhaíl leictreonach

 

saoráidí stoc-charntha agus stórála straitéiseacha le haghaidh amhábhair chriticiúla

 

bonneagar an tslabhra soláthair le haghaidh iompar agus dáileadh slán amhábhar criticiúil

 

taighde agus forbairt maidir le hionadú ábhair, nuálaíochtaí próiseála, agus ardmhodhanna athchúrsála

 

Leasú 252

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 5 e (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5e.

Feirmeoireacht, i gcás ina bhfuil níos mó ná 10,000 heicteár de thalamh feirme i seilbh sprioc-chuideachta de chuid an Aontais nó i gcás ina n-oibríonn sí níos mó ná 10,000 heicteár de thalamh feirme.

(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 60(4), an ceathrú fomhír (A10-0061/2025).

(4)  Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79I, 21.3.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/452/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79I, 21.3.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/452/oj).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).

(6)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/443/oj).

(6)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/443/oj).

(7)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/444/oj).

(7)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/444/oj).

(8)  Comhaontú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le faisnéis rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO C 202, 8.7.2011, lch. 13).

(8)  Comhaontú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le faisnéis rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO C 202, 8.7.2011, lch. 13).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/139/oj).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/139/oj).

(16)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(16)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(18)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lgh. 19-76, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj).

(18)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lgh. 19-76, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj).

(19)   19 Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lgh. 1–222, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj).

(19a)   Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais. (IO L 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).

(20)  Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164–198, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2557/oj).

(20)  Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (IO L 333, 27.12.2022, lgh. 164–198, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2557/oj).

(21)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80–152, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj).

(21)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (IO L 333, 27.12.2022, lgh. 80–152, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj).

(1a)   Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(1a)   Rialachán (AE) 2023/2675 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir leis an Aontas agus a Bhallstáit a chosaint ar chomhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha (IO L, 2023/2675, 7.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2675/oj).

(2)   Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/648/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/648/oj.

(3)   Airteagal 4(7) agus Airteagal 4(4) de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/2366/oj.

(3)   Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/2366/oj.

(4)   Airteagal 2(1) de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus an gnó sin a shaothrú agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/110/oj.

(4)   Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí ríomh-airgid agus an gnó sin a shaothrú agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/110/oj.

(5)   Airteagal 4(1)(18) de Threoir  2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/65/oj.

(5)   Treoir  2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/65/oj.

(6)   Airteagal 2(1)(1) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/909/oj.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir  98/26/CE agus Treoir  2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch.1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/909/oj.

(7)   Airteagail 3(1)(6), 3(1)(7), 3(1)(10), 3(1)(15) agus 3(1)(18) de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní , agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 , (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.

(7)  Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní , agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch.40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.

(8)   Airteagal 4(1)(146) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj.

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch.1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj.

(9)   Airteagal 3(23) de Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj.

(9)  Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch.1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj.

(9a)   9a Rialachán (AE) Uimh. 795/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 3 Iúil 2014 maidir le ceanglais formhaoirseachta le haghaidh córais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo (IO L 217, 23.7.2014, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/795/oj).

(9b)   9b Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/138/oj).

(1a)   1a Airteagal 2.1(a) (b) Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle.

(1b)   1b Airteagal 12 (a, b, c) Creat Státchabhrach maidir le Longthógáil O2011/C 364/06).

(1c)   1c Airteagal 2 (1) Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle.

(1d)   Iarscríbhinn II Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontais.

(1e)   1e Tionscail atá freagrach as táirgeadh gach catagóire feithiclí bóthair féinghluaiste (lena n-áirítear gluaisteáin paisinéirí, busanna, gluaisrothair, veaineanna, trucailí), mar aon lena dtrealamh agus a bpáirteanna, a thagann inter alia faoi Chaibidlí 40, 84, 85, 87, 90 agus 94 den Chóras Comhchuibhithe Ainmníochta arna eisiúint ag an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim (CC 2017).

(1f)   1f Airteagal 2 (17) (21) (48) (49) (50) (51) (52) (53) (56) (59) de Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE.

(1g)   1g Airteagal 4(1) de Threoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair.

(1a)   1a Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 ( IO L 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/599/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top