Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XG07047

Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcalafort atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2894 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2023/1529 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2896 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua

ST/14712/2024/INIT

IO C, C/2024/7047, 19.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7047/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7047/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/7047

19.11.2024

Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcalafort atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2894 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2023/1529 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2896 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua

(C/2024/7047)

Dírítear an fhaisnéis seo a leanas ar na daoine, na heintitis agus na calafoirt atá in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2894 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1529 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2896 ón gComhairle (4), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.

Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh tar éis a chinneadh gur cheart na daoine, na heintitis agus na calafoirt sin a chur ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí, nó ar liosta na gcalafort agus na loc, atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/1532 agus i Rialachán (AE) 2023/1529.

Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na calafoirt lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1529, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 3a den Rialachán).

Féadfaidh na daoine, na heintitis agus na calafoirt lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 1 Eanáir 2025, ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

Belgique/België

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na calafoirt lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 186, 25.7.2023, lch. 20.

(2)   IO L, 2024/2894, 18.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2894/oj.

(3)   IO L 186, 25.7.2023, lch. 1.

(4)   IO L, 2024/2896, 18.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2896/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7047/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top