Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XG06985

Bearta arna nglacadh ag an bhFrainc i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus dá dtagraítear in aithris 1 de Chinneadh C (2024) 4423 final an 24 Meitheamh 2024

C/2024/4423

IO C, C/2024/6985, 18.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6985/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6985/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6985

18.11.2024

Bearta arna nglacadh ag an bhFrainc i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus dá dtagraítear in aithris 1 de Chinneadh C (2024) 4423 final an 24 Meitheamh 2024

(C/2024/6985)

Foraithne Uimh. 2004-1392 an 22 Nollaig 2004 lena ndéantar Airteagal 20-2 de Dhlí Uimh. 86-1067 an 30 Meán Fómhair 1986 maidir le saoirse cumarsáide a chur i bhfeidhm

An uair dheireanach a tugadh na sonraí sa téacs seo cothrom le dáta: 7 Iúil 2024

NOR : MCCT0400912D

An leagan i bhfeidhm an 18 Meán Fómhair 2024

Tá an Príomh-Aire,

Maidir leis an tuarascáil ón Aire Cultúir agus Cumarsáide,

Ag féachaint do Threoir 89/522/CEE ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 1989 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit i dtaobh gníomhaíochtaí craoltóireachta teilifíse a shaothrú, arna leasú le Treoir 97/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 1997, agus go háirithe Airteagal 3a de;

Ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Theilifís Trasteorann, a osclaíodh lena shíniú an 5 Bealtaine 1989, arna leasú leis an bPrótacal a ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa an 9 Meán Fómhair 1998, a osclaíodh lena ghlacadh ag na Páirtithe sa Choinbhinsiún an 1 Deireadh Fómhair 1998, go háirithe Airteagal 9a de, mar aon le Dlíthe Uimh. 94-542 an 28 Meitheamh 1994 agus Uimh. 2001-1210 an 20 Nollaig 2001, lena n-údaraítear a fhormheas agus Foraitheanta Uimh. 95-438 an 14 Aibreán 1995 agus Uimh. 2002-739 an 30 Aibreán 2002 lena bhfoilsítear é;

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a síníodh in Porto an 2 Bealtaine 1992 agus don Phrótacal lena gcoigeartaítear an Comhaontú a síníodh sa Bhruiséil an 17 Márta 1993, go háirithe Iarscríbhinn X a ghabhann leis, chomh maith le Dlí Uimh. 93-1274 an 2 Nollaig 1993 lena n-údaraítear a dhaingniú agus Foraithne Uimh. 94-43 an 1 Feabhra 1994 lena bhfoilsítear é;

Ag féachaint do Dhlí Uimh. 86-1067 an 30 Meán Fómhair 1986, arna leasú, maidir le saoirse cumarsáide, agus go háirithe Airteagal 20-2 de;

Ag féachaint don litir dar dáta an 7 Aibreán 2004 ón gCoimisiún Eorpach maidir leis na dréachtbhearta a chuir an Fhrainc in iúl chun Airteagal 3a de Threoir 89/552/CEE, arna leasú le Treoir 97/36/CE, a chur chun feidhme;

Tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit (an Rannóg Gnóthaí Baile),

Airteagal 1

Leagtar síos leis an bhForaithne seo na coinníollacha faoina láimhseálfaidh seirbhísí teilifíse craoladh eisiach imeachtaí a bhfuil tábhacht mhór ag baint leo sa chaoi is nach mbainfear an deis de chuid shuntasach den phobal féachaint orthu ar an teilifís saor in aisce.

TEIDEAL I:   FORÁLACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE hIMEACHTAÍ A BHFUIL TÁBHACHT MHÓR AG BAINT LEO A CHRAOLADH AR CHRÍOCH NA FRAINCE. (Airteagail 2 go 5)

Airteagal 2

Chun críocha an Teidil seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

a)

ciallaíonn ‘seirbhís teilifíse saor in aisce’: aon seirbhís teilifíse nach n-iarrann íocaíocht óna húsáideoirí agus ar féidir le 85 % ar a laghad de theaghlaigh sa Fhrainc mheitreapholaiteach í a fháil;

b)

ciallaíonn ‘seirbhís teilifíse táille’: aon seirbhís teilifíse nach gcomhlíonann an dá choinníoll a leagtar amach san fhomhír roimhe seo.

Airteagal 3

Arna leasú le Foraithne Uimh. 2024-699 an 5 Iúil 2024 - Airteagal 1

Seo a leanas liosta na n-imeachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 20-2 de Dhlí an 30 Meán Fómhair 1986 dá dtagraítear thuas:

1.

Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh agus an Gheimhridh;

2.

Cluichí d’fhoireann sacar na Fraince ar fhéilire an Chomhaontais Idirnáisiúnta Sacair (FIFA);

3.

Na cluichí leathcheannais agus an cluiche ceannais i gCorn an Domhain sa Sacar;

4.

Na cluichí leathcheannais agus an cluiche ceannais i gCraobhchomórtas Sacair na hEorpa;

5.

An cluiche ceannais i Sraith Europa Aontas Chumainn Sacair na hEorpa (UEFA) nuair atá club atá cláraithe i gceann de chraobhchomórtais na Fraince san iomaíocht;

6.

An cluiche ceannais i Sraith na gCuradh;

7.

An cluiche ceannais i gCorn Sacar na Fraince;

8.

Comórtas Rugbaí na Sé Náisiún;

9.

Na cluichí leathcheannais agus an cluiche ceannais i gCorn an Domhain sa Rugbaí;

10.

An cluiche ceannais i gCorn Rugbaí na Fraince;

11.

An cluiche ceannais i gCorn Rugbaí na hEorpa nuair atá club atá cláraithe i gceann de chraobhchomórtais na Fraince san iomaíocht;

12.

Na cluichí ceannais in imeachtaí singil na mban agus in imeachtaí singil na bhfear i gcomórtas leadóige Roland-Garros;

13.

Cluichí ceannais chomórtais idirnáisiúnta na náisiún a eagraíonn an Chónaidhm Idirnáisiúnta Leadóige nuair atá foireann leadóige na Fraince san iomaíocht;

14.

Grand Prix na Fraince i bhFoirmle a hAon;

15.

Comórtas rothaíochta na bhfear Tour de France;

16.

Comórtas rothaíochta Paris-Roubaix;

17.

Cluichí ceannais i gCraobhchomórtas na hEorpa i gCispheil na mBan agus i gCispheil na bhFear nuair atá foireann na Fraince san iomaíocht;

18.

Cluichí ceannais i gCraobhchomórtas an Domhain i gCispheil na mBan agus i gCispheil na bhFear nuair atá foireann na Fraince san iomaíocht;

19.

Cluichí ceannais i gCraobhchomórtas na hEorpa i Liathróid Láimhe na mBan agus i Liathróid Láimhe na bhFear nuair atá foireann na Fraince san iomaíocht;

20.

Cluichí ceannais i gCraobhchomórtas an Domhain i Liathróid Láimhe na mBan agus i Liathróid Láimhe na bhFear nuair atá foireann na Fraince san iomaíocht;

21.

Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain.

Airteagal 3-1

Arna chruthú le Foraithne Uimh. 2024-699 an 5 Iúil 2024 - Airteagal 2

Cuirtear an méid seo a leanas leis an liosta a leagtar amach san Airteagal roimhe:

1.

Cluichí Parailimpeacha an tSamhraidh agus an Gheimhridh;

2.

Cluichí fhoireann na Fraince i Sacar na mBan ar fhéilire an Chomhaontais Idirnáisiúnta Sacair (FIFA)

3.

Na cluichí leathcheannais agus an cluiche ceannais i gCorn an Domhain i Sacar na mBan;

4.

Na cluichí leathcheannais agus an cluiche ceannais i gCraobhchomórtas na hEorpa i Sacar na mBan;

5.

An cluiche ceannais i Sraith na gCuradh i Sacar na mBan;

6.

An cluiche ceannais i Sraith Chomhdhála Aontas Chumainn Sacair na hEorpa (UEFA) nuair atá club atá cláraithe i gceann de chraobhchomórtais na Fraince san iomaíocht;

7.

An cluiche ceannais i gCorn na Fraince i Sacar na mBan;

8.

Cluichí fhoirne na Fraince i Rugbaí na mBan agus i Rugbaí na bhFear ar fhéilire World Rugby;

9.

Cluichí fhoirne na Fraince i gComórtas na Sé Náisiún i Rugbaí na mBan;

10.

Na cluichí leathcheannais agus an cluiche ceannais i gCorn an Domhain i Rugbaí na mBan;

11.

An cluiche ceannais i gCorn na Fraince i Rugbaí na mBan;

12.

Cluichí leathcheannais in imeachtaí singil na mban agus in imeachtaí singil na bhfear i gcomórtas leadóige Roland-Garros nuair atá bean nó fear ón bhFrainc san iomaíocht;

13.

Cluichí ceannais in imeachtaí singil na mban agus in imeachtaí singil na bhfear i gcomórtais leadóige na Caithréime Móra seachas Roland-Garros nuair atá bean nó fear ón bhFrainc san iomaíocht;

14.

Comórtas rothaíochta na mban Tour de France;

15.

Comórtas rothaíochta na mban Paris-Roubaix;

16.

Cluichí leathcheannais i gCraobhchomórtas na hEorpa i gCispheil na mBan agus i gCispheil na bhFear nuair atá foireann na Fraince san iomaíocht;

17.

Cluichí leathcheannais i gCraobhchomórtas an Domhain i gCispheil na mBan agus i gCispheil na bhFear nuair atá foireann na Fraince san iomaíocht;

18.

Cluichí leathcheannais i gCraobhchomórtas na hEorpa i Liathróid Láimhe na mBan agus i Liathróid Láimhe na bhFear nuair atá foireann na Fraince san iomaíocht;

19.

Cluichí leathcheannais i gCraobhchomórtas an Domhain i Liathróid Láimhe na mBan agus i Liathróid Láimhe na bhFear nuair atá foireann na Fraince san iomaíocht;

20.

Cluichí ceannais agus cluichí leathcheannais i gCraobhchomórtas na hEorpa in Eitpheil na mBan agus in Eitpheil na bhFear nuair atá foireann na Fraince san iomaíocht;

21.

Cluichí ceannais agus cluichí leathcheannais i gCraobhchomórtas an Domhain in Eitpheil na mBan agus in Eitpheil na bhFear nuair atá foireann na Fraince san iomaíocht;

22.

An Craobhchomórtas Domhanda Sciála Alpaí nuair a bhíonn an comórtas ar siúl sa Fhrainc.

Airteagal 4

Arna leasú le Foraithne Uimh. 2024-699 an 5 Iúil 2024 - Airteagal 3

I gcás ina ndéanann seirbhís teilifíse sa Fhrainc cearta eisiacha a fuarthas tar éis an 23 Lúnasa 1997 a fheidhmiú chun ceann de na himeachtaí a bhfuil tábhacht mhór ag baint leo a liostaítear in Airteagal 3 a chraoladh, nó i gcás ina ndéanann seirbhís teilifíse sa Fhrainc cearta eiseacha a fuarthas tar éis theacht i bhfeidhm Fhoraithne Uimh. 2024-699 an 5 Iúil 2024 chun ceann de na himeachtaí a luaitear in Airteagal 3-1 a chraoladh, ní chuirfear cosc ar sheirbhísí teilifíse saor in aisce an imeacht sin, a chraolfar beo agus go hiomlán, a chraoladh, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

1.

féadfar craoladh na n-imeachtaí a luaitear in Airteagal 3(15) agus in Airteagal 3-1(14) a theorannú do bhuaicphointí, i gcomhréir le nósanna craolacháin an imeachta sin;

2.

féadfar craoladh na n-imeachtaí a luaitear in Airteagal 3(1) agus (21) agus in Airteagal 3-1(1) a theorannú do thráthanna ionadaíocha lena léirítear éagsúlacht disciplíní spóirt agus tíortha rannpháirteacha agus féadfar ábhar taifeadta a áireamh ann nuair a bheidh imeachtaí ar siúl an tráth céanna;

3.

féadfar imeachtaí a bhfuil tábhacht mhór ag baint leo a chraoladh i bhfoirm réamhthaifeadta freisin má tá siad ar siúl idir 00:00 agus 06:00, am na Fraince, ar choinníoll go dtosóidh an craoladh sa Fhrainc roimh 10:00;

I gcás ina ndéanann seirbhís teilifíse táille a iarrann íocaíocht óna húsáideoirí agus ar féidir í a fháil faoi na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 2(a) den Fhoraithne seo an imeacht sin a chraoladh beo agus ina iomláine, faoi réir na bhforálacha thuas agus gan coinníollacha sonracha rochtana a fhorchur air, ní mheasfar go gcuireann sé sin cosc ar sheirbhís teilifíse saor in aisce imeacht a chraoladh.

Airteagal 5

Chun go bhféadfaidh seirbhís teilifíse saor in aisce imeacht a bhfuil tábhacht mhór ag baint leis a chraoladh faoi na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 4, déanfaidh seirbhís teilifíse ag a bhfuil cearta craolacháin eisiacha le haghaidh imeacht iomláin nó cuid d’imeacht a bhfuil tábhacht mhór ag baint leis agus nach bhfuil in ann na coinníollacha sin a chomhlíonadh, a chur in iúl i gcomhréir le socruithe poiblíochta agus in am réasúnach roimh an imeacht do na seirbhísí teilifíse saor in aisce go bhfuil sé beartaithe aici na cearta craolacháin le haghaidh an imeachta sin a ghéilleadh faoi na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 4. Déanfar an tairiscint sin faoi choinníollacha agus téarmaí margaidh atá cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach.

Más rud é, mar fhreagairt ar an tairiscint sin, nach ndéanann aon seirbhís teilifíse togra nó nach ndéantar an togra de réir coinníollacha agus téarmaí margaidh atá cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach, féadfaidh an tseirbhís teilifíse ag a bhfuil na cearta eiseacha na cearta sin a fheidhmiú gan coinníollacha Airteagal 4 a chomhlíonadh.

TEIDEAL II:   FORÁLACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE hIMEACHTAÍ A BHFUIL TÁBHACHT MHÓR AG BAINT LEO A CHRAOLADH I dTÍORTHA EORPACHA EILE. (Airteagail 6 go 8)

Airteagal 6

Arna leasú le Foraithne Uimh. 2024-699 an 5 Iúil 2024 - Airteagal 4

Beidh feidhm ag forálacha an Teidil seo maidir le seirbhísí teilifíse a thagann faoi dhlínse na Fraince agus a chraolann chuig Ballstát eile den Aontas Eorpach, chuig páirtí sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó chuig páirtí sa Choinbhinsiún Eorpach um Theilifís Trasteorann, imeacht arna ainmniú ag an stát sin mar imeacht a bhfuil tábhacht mhór ag baint leis dá shochaí de réir bhrí fhorálacha Threoir 2010/13/AE an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc), agus a bhfuair siad na cearta craolacháin ina leith tar éis an 23 Lúnasa 1997.

Airteagal 7

Arna leasú le Foraithne Uimh. 2024-699 an 5 Iúil 2024 - Airteagal 5

Feidhmeoidh seirbhísí teilifíse a thagann faoi dhlínse na Fraince a gcearta craolacháin, sna stáit a shonraítear in Airteagal 6, maidir le himeachtaí a bhfuil tábhacht mhór ag baint leo mar a shainíonn na stáit sin í, sa chaoi is nach mbainfear an deis de chuid shuntasach den phobal féachaint orthu beo nó i bhfoirm réamhthaifeadta ar sheirbhís teilifíse saor in aisce de réir bhrí Airteagal 14 de Threoir 89/552/CEE an 10 Márta 2010 thuasluaite.

Airteagal 8

I gcás ina gcraolann seirbhís teilifíse a thagann faoi dhlínse na Fraince imeacht a bhfuil tábhacht mhór ag baint leis i gceann de na stáit a shonraítear in Airteagal 6, comhlíonfaidh sí na coinníollacha arna leagan síos ag an stát sin maidir le craoladh ag an tseirbhís teilifíse.

TEIDEAL III:   FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA. (Airteagail 9 go 10)

Airteagal 9

Arna leasú le Foraithne Uimh. 2022-779 an 2 Bealtaine 2022 - Airteagal 28

Féadfaidh an tÚdarás Rialála um Chumarsáid Chlosamhairc agus Dhigiteach, ar iarratas ó sheirbhís teilifíse nó ar a thionscnamh féin, tuairim a thabhairt maidir leis na coinníollacha a bhaineann le cur i bhfeidhm fhorálacha na Foraithne seo.

Airteagal 10

Bunófar le foraithne ón gComhairle Stáit ina dhiaidh sin liosta na n-imeachtaí a bhfuil tábhacht mhór ag baint leo agus na gcoinníollacha craolacháin teilifíse do na ranna thar lear Saint Pierre-et-Miquelon, Mayotte, an Nua-Chaladóin, Polainéis na Fraince agus Oileáin Wallis agus Futuna, agus riachtanais éagsúla gach comhroinne agus na saincheisteanna teicniúla a bhaineann le craoladh thar lear á gcur san áireamh.

Airteagal 11

Beidh an tAire Cultúir agus Cumarsáide agus an tAire um na Críocha Thar Lear araon freagrach as an bhForaithne seo a fhorghníomhú agus foilseofar in Iris Oifigiúil Phoblacht na Fraince í.

Thar ceann an Phríomh-Aire:

Jean-Pierre Raffarin

An tAire Cultúir agus Cumarsáide,

Renaud Donnedieu de Vabres,

An tAire um na Críocha Thar Lear,

Brigitte Girardin


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6985/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top