This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024XG06376
Notice for the attention of the person subject to the restrictive measures provided for in Council Decision (CFSP) 2015/1763, as amended by Council Decision (CFSP) 2024/2722 and Council Regulation (EU) 2015/1755, as implemented by Council Implementing Regulation (EU) 2022/2043 concerning restrictive measures in view of the situation in Burundi
Fógra le haghaidh an ábhair sonraí a bhfuil feidhm ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2015/1763 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2722 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2015/1755 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2043 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin, maidir leis

ST/13411/2024/INIT
IO C, C/2024/6376, 22.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6376/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6376 |
22.10.2024 |
Fógra le haghaidh an ábhair sonraí a bhfuil feidhm ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2015/1763 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2722 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2015/1755 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2043 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin, maidir leis
(C/2024/6376)
Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird an duine a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1763 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2722 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1755 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2043 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin.
Chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart leanúint den duine atá sna hIarscríbhinní thuasluaite a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2015/1763 arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2722 agus i Rialachán (AE) 2015/1755, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2043 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin. Tugtar na forais leis an duine sin a ainmniú san iontráil ábhartha sna hiarscríbhinní sin.
Cuirtear in iúl don duine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1755, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 3 den Rialachán).
An duine lena mbaineann, féadfaidh sé iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh é a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 20 Meitheamh 2025 , ag an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch an chéad athbhreithnithe eile a dhéanfaidh an Chomhairle, de bhun Airteagal 6 de Chinneadh (CBES) 2015/1763, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/2722, agus Airteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2015/1755, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2043 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin.
Cuirtear in iúl don duine lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d'Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d'Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L 257, 2.10.2015, lch. 37.
(2) IO L, 2024/2722, 22.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2722/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6376/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)