This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024XG03942
Notice for the attention of certain persons and entity subject to the restrictive measures provided for in Council Decision 2014/145/CFSP and Council Regulation (EU) No 269/2014 concerning restrictive measures in respect of actions undermining or threatening the territorial integrity, sovereignty and independence of Ukraine
Fógra le haghaidh daoine agus eintiteas áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/10849/2024/INIT
IO C, C/2024/3942, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3942/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/3942 |
19.6.2024 |
Fógra le haghaidh daoine agus eintiteas áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
(C/2024/3942)
Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird Vladislav Yurievich SURKOV (Uimh. 29), Nikolai Platonovich PATRUSHEV (Uimh. 74), Boris Vyacheslavovich GRYZLOV (Uimh. 77), Mikhail Vladimirovich DEGTYARYOV/DEGTYAREV (Uimh. 79), Nikolai Vladimirovich LEVICHEV (Uimh. 115), Anatoly Ivanovich ANTONOV (Uimh. 147), Sergei Kuzhugetovich SHOIGU (Uimh. 212), Oleg Leonydovych SALYUKOV (Uimh. 220), Andrei Leonidovich KOSTIN (Uimh. 226), Andrei Konstantinovich NEKRASHEVICH (Uimh. 657), Ivan Josephovich BOGUSLAVSKY (Uimh. 701), Anatolievich BULAVKO (Uimh. 703), Vitaly Fridrikhovich KILCHEVSKY (Uimh. 712). Svetlana Anatolievna MALAKHOVA (Uimh. 963), Svetlana Nikolaevna PODLIPAEVA (Uimh. 968), Igor Yurevich MARTYNOV (Uimh. 988), Yevgeniy PRIGOZHIN (Uimh. 1174), Sharip Sultanovich DELIMKHANOV (Uimh. 1183), Alexey Mikhailovich KUZMENKOV (Uimh. 1190), Andrey Removich BELOUSOV (Uimh. 1207), Dmitryi Vladimirovich KHOLIN (Uimh. 1221), Antonovich Robert TITSKIY (Uimh. 1237), Boris Yurievich KOVALCHUK (Uimh. 1379), Vladimir Ivanovich BULAVIN (Uimh. 1425), Sergey Yurievich TOLMHEV (Uimh. 1456), Mikhail Mikhailovich MATVEEVSKY (Uimh. 1465), Mikhail Yuryevich TEPLINSKIY (Uimh. 1467), Ramil Rakhmatulovich IBATULLIN (Uimh. 1470), Hayk Arsenovich GASPARYAN (Uimh. 1476), Ivan Ivanovich ZIMA (Uimh. 1633), ANO Dialog (Uimh. 247), daoine agus eintiteas atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
Tá an Chomhairle ag brath ar na bearta sriantacha i gcoinne na ndaoine agus na n-eintiteas thuasluaite a choinneáil ar bun bunaithe ar ráitis nua ar chúiseanna agus/nó ar fhaisnéis nua. Leis seo, cuirtear in iúl do na daoine agus do na heintitis sin go bhféadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun an fhaisnéis a fháil a bhaineann le bearta sriantacha a choinneáil ar bun, roimh an 26 Meitheamh 2024 , chuig an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
B-1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
Ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3942/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)