Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XG03546

Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/849 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/1603 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1602 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

ST/8410/2024/INIT

IO C, C/2024/3546, 3.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3546/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3546/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3546

3.6.2024

Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/849 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/1603 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1602 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

(C/2024/3546)

Dírítear aird na ndaoine agus na n-eintiteas a luaitear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/1603 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinní XV agus XVI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1602 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/849 agus i Rialachán (AE) 2017/1509 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré. Tugtar na forais leis na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hIarscríbhinní sin.

Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, chun údarú a fháil cistí reoite a úsáid chun bunriachtanais nó íocaíochtaí sonracha a chumhdach (féach Airteagal 35 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann iarraidh, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle go n-athbhreithneofaí an cinneadh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, roimh an 13 Meitheamh 2024, ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË/AN BHEILG

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 36(2) de Chinneadh (CBES) 2016/849 agus le hAirteagal 47(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1509.

Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 141, 28.5.2016, lch. 79.

(2)   IO L, 2024/1603, 31.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1603/oj.

(3)   IO L 224, 31.8.2017, lch. 1.

(4)   IO L, 2024/1602, 31.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1602/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3546/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top