This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024XG01155
Notice issued by the Ministry of the Environment of the Czech Republic in accordance with Article 3(2) of Directive 94/22/EC of the European Parliament and of the Council on the conditions for granting and using authorisations for the prospection, exploration and production of hydrocarbons
Fógra arna eisiúint ag Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha a bhaineann le húdaruithe a dheonú agus a úsáid chun sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin

PUB/2023/1678
IO C, C/2024/1155, 25.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1155/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1155 |
25.1.2024 |
Fógra arna eisiúint ag Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha a bhaineann le húdaruithe a dheonú agus a úsáid chun sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin
(C/2024/1155)
I gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir leis na coinníollacha maidir le húdaruithe a dheonú agus a úsáid le haghaidh sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin (1), tugann an Aireacht Chomhshaoil fógra leis seo go bhfuil iarratas faighte aici ar réamhthoiliú le haghaidh togra chun láithreán eastósctha Karviná-Doly V a bhunú chun an taisce gáis nádúrtha a bhaineann le seam guail Důl ČSA (uimhir chlárúcháin thaisce 3070601) a shaothrú. Baineann an t-iarratas le limistéar polagánach de thart ar 16,62 km2. Tá an limistéar suite laistigh de limistéar cadastrach na mbardas Staré Město u Karviné, Koukolná, Dětmarovice, Doubrava u Orlové, Darkov, Karviná-město agus Karviná-Doly, i Réigiún na Moráive-na Siléise (oirthuaisceart Phoblacht na Seice), mar atá léirithe ar an léarscáil atá i gceangal.
Maidir leis an Treoir dá dtagraítear sa bhrollach agus le Roinn 24 d’Acht Uimh. 44/1988 maidir le hacmhainní mianraí a chosaint agus a shaothrú (an tAcht Mianadóireachta), arna leasú, iarann Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice ar dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha atá údaraithe chun gníomhaíochtaí mianadóireachta a dhéanamh (eintitis chonarthacha) iarratas iomaíoch a chur isteach ar réamhthoiliú chun láithreán eastósctha a bhunú sa limistéar a shainítear thuas.
Is í an Aireacht Chomhshaoil an t-údarás atá inniúil chun an cinneadh a dhéanamh. Tá na critéir, na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) agus in Airteagal 6(2) den Treoir leagtha amach ina n-iomláine i reachtaíocht Phoblacht na Seice in Acht Uimh. 44/1988 maidir le hacmhainní mianraí a chosaint agus a shaothrú (an tAcht Mianadóireachta), arna leasú.
Féadfar iarratais a chur isteach le linn na 90 lá tar éis fhoilsiú an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart iad a sheoladh chuig an Aireacht Chomhshaoil ag an seoladh seo a leanas:
|
RNDr. Martin Holý |
|
ředitel odboru geologie |
|
Ministerstvo životního prostředí |
|
Vršovická 65 |
|
100 10 Praha 10 |
|
POBLACHT NA SEICE |
Ní bhreithneofar iarratais a gheofar tar éis an sprioc-ama. Déanfar cinneadh ar na hiarratais tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis don tréimhse sin dul in éag. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ach í a iarraidh ó Roinn Geolaíochta na hAireachta tríd an seoladh r-phoist martin.holy@mzp.cz.
Karviná-Doly V
(1) IO L 164, 30.6.1994, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1994/22/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1155/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)