This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024XG00995
Notice for the attention of the persons, groups and entities listed in Council Decision (CFSP) 2024/332 updating the list of persons, groups and entities covered by Council Common Position 2001/931/CFSP of 27 December 2001 on the application of specific measures to combat terrorism, and in Council Implementing Regulation (EU) 2024/329 implementing Article 2(3) of Council Regulation (EC) No 2580/2001 of 27 December 2001 on specific restrictive measures directed against certain persons and entities with a view to combating terrorism
Fógra le haghaidh na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a liostaítear i gCinneadh (CBES) 2024/332 ón gComhairle lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a chumhdaítear le Comhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/329 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha arna ndíriú ar dhaoine agus ar eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac

ST/16854/2023/INIT
IO C, C/2024/995, 17.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/995/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/995 |
17.1.2024 |
Fógra le haghaidh na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a liostaítear i gCinneadh (CBES) 2024/332 ón gComhairle lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a chumhdaítear le Comhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/329 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha arna ndíriú ar dhaoine agus ar eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac
(C/2024/995)
Dírítear aird na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas thuasluaite a liostaítear i gCinneadh (CBES) 2024/332 ón gComhairle (1) agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/329 ón gComhairle (2) an 16 Eanáir 2024 ar an bhfaisnéis seo a leanas.
Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh tar éis a chinneadh gur bailí fós iad na cúiseanna lena n-áireamh ar an liosta thuasluaite de dhaoine, grúpaí agus eintitis a chumhdaítear leis na bearta in Airteagail 2 agus 3 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle (3) an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus i Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle (4) an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha arna ndíriú ar dhaoine agus ar eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Dá bhrí sin, tá cinnte ag an gComhairle na daoine, na grúpaí, agus na heintitis sin a choinneáil ar an liosta. Chinn an Chomhairle freisin Yahia SINOUAR a chur ar liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a chumhdaítear le Comhsheasamh 2001/931/CBES agus Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001.
Le Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 an 27 Nollaig 2001, foráiltear gur féidir gach ciste, gach sócmhainn airgeadais, agus gach acmhainn eacnamaíoch dá bhfuil ag na daoine, na grúpaí, agus na heintitis sin a reo, agus nach ceadmhach aon chistí, sócmhainní airgeadais ná acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh, go díreach ná go hindíreach.
Tugtar ar aird na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ábhartha mar a liostaítear iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán d'fhonn údarú a fháil cistí reoite a úsáid chun bunriachtanais nó íocaíochtaí sonracha a chumhdach, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Rialachán sin.
Féadfaidh na daoine, na grúpaí agus na heintitis lena mbaineann iarraidh a chur isteach chun ráiteas ar chúiseanna a bhfuiltear fós á n-áireamh nó á gcoinneáil ar an liosta thuasluaite a fháil ón gComhairle (murab é gur cuireadh an ráiteas ar chúiseanna sin ar fáil cheana féin dóibh). Is ceart aon iarraidh den chineál sin a chur chuig an seoladh seo:
Comhairle an Aontais Eorpaigh: Ainmníochtaí COMET |
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
1048 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
R-phost: sanctions@consilium.europa.eu
Féadfaidh na daoine, na grúpaí agus na heintitis lena mbaineann, tráth ar bith, iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chuig an seoladh thuas, mar aon le haon doiciméadacht tacaíochta, go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh iad a chur agus a choinneáil ar an liosta. Déanfar na hiarrataí sin a mheas ach a bhfaighfear iad. I dtaca leis sin, tugtar ar aird na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas lena mbaineann go ndéanann an Chomhairle athbhreithniú go tráthrialta ar an liosta de réir Airteagal 1(6) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES. Chun gur féidir iarrataí a mheas faoin gcéad athbhreithniú eile, ní mór iad a thíolacadh faoin 27 Feabhra 2024.
Tugtar ar aird na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas lena mbaineann gur féidir agóid a thabhairt os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh in aghaidh a n-ainmnithe, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 263(4) agus (6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L, 2024/332, 16.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/332/oj.
(2) IO L, 2024/329, 16.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/329/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/995/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)