Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XC02874

    Fógra ón gCoimisiún — Ceisteanna agus freagraí maidir le cur chun feidhme rialacha an Aontais i dtaca le beachaireacht orgánach

    C/2024/2584

    IO C, C/2024/2874, 25.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2874/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2874/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/2874

    25.4.2024

    FÓGRA ÓN gCOIMISIÚN

    Ceisteanna agus freagraí maidir le cur chun feidhme rialacha an Aontais i dtaca le beachaireacht orgánach

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    (C/2024/2874)

    Soláthraítear leis an doiciméad seo freagraí ar cheisteanna a cuireadh ar ranna an Choimisiúin i ndáil le cur chun feidhme rialacha an Aontais i dtaca le beachaireacht orgánach.

    Beartaítear leis an doiciméad seo cúnamh a thabhairt d’údaráis náisiúnta agus do ghnólachtaí i gcur i bhfeidhm na rialacha seo de chuid an Aontais. Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus í sin amháin, atá inniúil ar dhlí an Aontais a léirmhíniú go húdarásach.

    NÓTA RIPAC (1) UIMH. 2024-01

    EARNÁIL :

    FEIRMEOIREACHT ORGÁNACH

    BEART :

    BEACHAIREACHT

    ÁBHAR :

    LIMISTÉIR FORÁISTE - BEACHLANNA A LONNÚ - CÉIR BHEACH - COIRCEOGA A CHUR

    NA FORÁLACHA LENA mBAINEANN :

    Rialachán (AE) 2018/848 (2), Airteagail 21 agus 35; pointe 1.9.6.5 de Chuid II d’Iarscríbhinn II;

    Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 (3), Airteagail 28 agus 30;

    Rialachán (AE) 2021/2115 (4), Airteagail 31, 70, 72 agus 154.

    Ceist 1:   Ní mór do bheachairí orgánacha a mbeachlanna a lonnú i limistéir ina bhfuil foinsí neachtair agus pailine a thagann go bunúsach ó bharra a táirgeadh go horgánach, nó ó fhásra spontáineach, nó ó fhoraois nó barra a bainistíodh go neamhorgánach a chóireáiltear le modhanna ag a mbíonn tionchar íseal comhshaoil. Cad is féidir a mheas mar mhodhanna ag a mbíonn tionchar íseal comhshaoil, dá dtagraítear i bpointí 1.9.6.5 (a) agus 1.9.6.5 (c) de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848?

    Freagra:

    Leis an téarma ‘modhanna ag a mbíonn tionchar íseal comhshaoil’ dá dtagraítear i bpointí 1.9.6.5 (a) agus 1.9.6.5 (c) de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, tuigfear go bhfuiltear ag tagairt do mhodhanna atá coibhéiseach leis na modhanna a úsáidtear faoi na bearta a ndearnadh foráil maidir leo roimhe seo in Airteagail 28 (‘ Agra-chomhshaoil-aeráide ’) agus 30 (‘ Natura 2000 agus íocaíochtaí na creat-treorach maidir le hUisce ’) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, ar modhanna iad nach bhféadfadh difear a dhéanamh do cháiliú an táirgthe beachaireachta mar tháirgeadh orgánach.

    Rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a aisghairm ón 1 Eanáir 2023 le hAirteagal 154 de Rialachán (AE) 2021/2115 lenar bunaíodh rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT).

    Le hAirteagail 31 (‘ Scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe ’), 70 (‘ Gealltanais chomhshaoil, gealltanais a bhaineann leis an aeráid agus gealltanais bhainistíochta eile ’) agus 72 (‘ Míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar ’), de Rialachán nua CBT (AE) 2021/2115, ceadaítear do na Ballstáit (faoina bPleananna Straitéiseacha CBT) idirghabhálacha a phleanáil, ar idirghabhálacha iad a fhéadfaidh a bheith chun leasa an chomhshaoil, cosúil leis na bearta a phleanáiltear faoi Airteagail 28 agus 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

    Tá sé d’aidhm ag na hidirghabhálacha atá ar fáil do na Ballstáit, faoi mar a leagtar síos iad in Airteagail 31, 70 agus 72 de Rialachán (AE) 2021/2115, rannchuidiú le cuspóirí sonracha CBT, faoi mar a leagtar amach iad go háirithe i bpointí (d), (e), (f) agus (i) d’Airteagal 6(1) den Rialachán sin: ‘ (d) rannchuidiú le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, lena n áirítear trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus trí cheapadh carbóin a fheabhsú, agus trí fhuinneamh inbhuanaithe a chur chun cinn freisin; (e) an fhorbairt inbhuanaithe agus bainistiú éifeachtúil ar acmhainní nádúrtha, idir an t uisce, an ithir agus an t aer a chothú, lena n áirítear tríd an spleáchas ar cheimiceáin a laghdú; (f) rannchuidiú le cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú, seirbhísí éiceachórais a fheabhsú agus gnáthóga agus tírdhreacha a chaomhnú; […] (i) feabhas a chur ar an gcaoi a bhfreagraíonn earnáil talmhaíochta an Aontais ar éilimh shochaíocha ar bhia agus ar shláinte, lena n-áirítear bia ardcháilíochta, sábháilte agus cothaitheach a thairgtear ar bhealach inbhuanaithe, cur amú bia a laghdú, chomh maith le leas ainmhithe a fheabhsú agus frithsheasmhachtaí frithmhiocróbacha a chomhrac.’

    A mhéid a bhaineann le cur chun feidhme rialacha an Aontais i Rialachán (AE) 2018/848 maidir le beachaireacht i dtáirgeadh orgánach, ós rud é go ndéantar crostagairt i bpointe 1.9.6.5 (c) de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 d’Airteagail 28 agus 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, ón 1 Eanáir 2023, ní mór do gach Ballstát a mheas cé acu a áirithítear nó nach n-áirithítear, leis na hidirghabhálacha a phleanáiltear ina Phlean Straitéiseach CBT maidir le tacaíocht don talamh faoi Airteagail 31, 70 agus 72 de Rialachán (AE) 2021/2115, go gcóireáiltear ‘fásra spontáineach nó foraois nó barra a bhainistítear go neamhorgánach’ ‘laistigh de gha 3 km ó na beachlanna’ ‘le modhanna ag a mbíonn tionchar íseal comhshaoil ’ nach gcuireann deimhniúchán orgánach táirgí beachaireachta i mbaol, i gcomhréir le pointí 1.9.6.5 (a) agus 1.9.6.5 (c) de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848:

    ‘1.9.6.5.

    Tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta

    Maidir le tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

    (a)

    lonnófar beachlanna i limistéir a áirithíonn go mbíonn foinsí neachtair agus pailine a thagann go bunúsach ó bharra a táirgeadh go horgánach ar fáil, nó i gcás inarb iomchuí, ó fhásra spontáineach nó ó fhoraois nó barra a bainistíodh go neamhorgánach nár cóireáladh ach le modhanna ag a mbíonn tionchar íseal comhshaoil;

    (…)

    (c)

    lonnófar na beachlanna sa chaoi is gur foinsí neachtair agus pailine a thagann go bunúsach ó bharra a táirgeadh go horgánach nó ó fhásra spontáineach nó barra a cóireáladh le modhanna ag a mbíonn tionchar íseal comhshaoil atá coibhéiseach leo siúd dá bhforáiltear in Airteagal 28 agus in Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 iad na foinsí neachtair agus pailine laistigh de gha 3 km ó na beachlanna, nach féidir tionchar a bheith acu ar cháilíocht orgánach an táirgthe beachaireachta. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin i gcás nach bhfuil aon bhláthú ag tarlú, nó i gcás go bhfuil na coilíneachtaí beach suanach. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin i gcás nach bhfuil aon bhláthú ag tarlú, nó i gcás go bhfuil na coilíneachtaí beach suanach;’

    Ceist 2:   An féidir táirgeoirí agus próiseálaithe céir bheach a dheimhniú mar oibreoirí orgánacha? Más féidir, cé na rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh ar cheart feidhm a bheith acu?

    Freagra:

    Liostaítear céir bheach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, agus dá bhrí sin, cumhdaítear í faoi raon feidhme an Rialacháin (5) sin, is cuma má úsáidtear í le haghaidh bia nó beatha, nó chun críoch eile amhail céir bheach a athsholáthar i gcoirceoga orgánacha.

    Dá thoradh sin, d’fhéadfaí próiseálaí nó tairgeoir a bhailíonn céir bheach orgánach a dheimhniú mar phróiseálaí nó tairgeoir ‘orgánach’ i gcomhréir leis na prionsabail agus leis na rialacha ábhartha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/848 chomh maith lena ghníomhartha tarmligthe agus a ghníomhartha cur chun feidhme.

    Tá rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh i Rialachán (AE) 2018/848, ar rialacha iad a bhaineann le beacha agus beachaireacht. Tá roinnt ceanglas freisin i Rialachán (AE) 2018/848 maidir le tiontú agus cúram sláinte, chomh maith le tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta a bhaineann leis an gcéir bheach a fhéadfaidh beachairí orgánacha a úsáid. Na forálacha i bpointí 1.2.2 (f) (6), i bpointe 1.9.6.3 (f) (7) agus i bpointí 1.9.6.5 (e) agus 1.9.6.5 (f) (8) de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, is ábhartha na forálacha sin go háirithe.

    Mar sin féin, níl aon riail mhionsonraithe bhreise i Rialachán (AE) 2018/848 a bhaineann le céir bheach orgánach a tháirgeadh. Mar thoradh air sin, tá feidhm ag na forálacha in Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2018/848:

    ‘2.

    In éagmais na rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    a mhéid a bhaineann le táirgí dá dtagraítear i mír 1, comhlíonfaidh oibreoirí na prionsabail a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6, mutatis mutandis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 7, agus na rialacha ginearálta maidir le táirgeadh a leagtar síos in Airteagal 9 go hAirteagal 11;

    (b)

    féadfaidh Ballstát, a mhéid a bhaineann le táirgí dá dtagraítear i mír 1, rialacha náisiúnta mionsonraithe maidir le táirgeadh a fheidhmiú, ar an gcoinníoll go mbeidh na rialacha sin i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus ar choinníoll nach gcuirfear leis na rialacha sin toirmeasc, srian nó bac ar tháirgí a mhargú ar táirgí iad a tháirgtear lasmuigh dá chríoch agus a chomhlíonann an Rialachán seo.’

    In éagmais aon riail de chuid an Aontais maidir le táirgeadh, nó aon riail náisiúnta maidir le táirgeadh, is faoi na húdaráis inniúla, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialúcháin atá freagrach as na hoibreoirí seo a dheimhniú, cinneadh a dhéanamh de réir an cháis maidir le cé acu ‘ a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann ’ gníomhaíocht agus modhanna táirgthe na n-oibreoirí ‘ na prionsabail a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6, mutatis mutandis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 7, agus na rialacha ginearálta maidir le táirgeadh a leagtar síos in Airteagal 9 go hAirteagal 11.

    Ceist 3:   Cén chatagóir táirgí dá dtagraítear in Airteagal 35(7) de Rialachán (AE) 2018/848 ar cheart céir bheach a aicmiú inti?

    Freagra:

    Chun críocha Airteagail 35(1) agus (4) a bhaineann le deimhniú na n-oibreoirí, déantar céir bheach a aicmiú faoi chatagóir (g) d’Airteagal 35(7):

    ‘(g)

    táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo nó nach bhfuil cumhdaithe faoi na catagóirí roimhe seo’.


    (1)  Is clár agus bunachar sonraí é RIPAC ina bhfuil nótaí léirmhíniúcháin maidir le dlí na talmhaíochta (is as an acrainm Fraincise ‘Registre d’ Interprétation de la Politique Agricole Commune’ a ainmníodh é).

    (2)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

    (4)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

    (5)   ‘ Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2018/848: Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí seo a leanas de thionscnamh talmhaíochta, lena n-áirítear dobharshaothrú agus beachaireacht, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an CFAE agus de thionscnamh na dtáirgí sin, a mhéid go ndéantar nó go bhfuil sé beartaithe na táirgí sin a tháirgeadh, a ullmhú, a lipéadú, a dháileadh, a chur ar an margadh, a allmhairiú isteach san Aontas nó a onnmhairiú ón Aontas:

    (a)

    táirgí talmhaíochta beo nó neamhphróiseáilte, lena n-áirítear síolta agus ábhar eile atáirgthe plandaí;

    (b)

    táirgí talmhaíochta próiseáilte atá le húsáid mar bhia;

    (c)

    beatha.

    Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le táirgí eile a bhfuil dlúthbhaint acu le talmhaíocht agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a mhéid go ndéantar nó go bhfuil sé beartaithe na táirgí sin a tháirgeadh, a ullmhú, a lipéadú, a dháileadh, a chur ar an margadh, a allmhairiú nó a onnmhairiú ón Aontas.’

    (6)   ‘Le linn na tréimhse tiontaithe cuirfear céir de bhunús beachaireachta orgánaí in ionad na céarach. Mar sin féin, féadfar leas a bhaint as céir bheach neamhorgánach: (i) i gcás nach bhfuil céir bheach ó bheachaireacht orgánach ar fáil ar an margadh; (ii) i gcás go ndeimhnítear go bhfuil sí saor ó éilliú ó tháirgí nó substaintí nár údaraíodh lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach; agus (iii) ar an gcoinníoll gur ón gcaidhp í.’

    (7)   ‘ Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le cúram sláinte: (…) (f) má dhéantar cóireáil le táirgí allapatacha atá sintéisithe go ceimiceach, lena n-áirítear antaibheathaigh, seachas táirgí agus substaintí atá údaraithe de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 24 lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach, cuirfear na coilíneachtaí cóireáilte i mbeachlanna leithlise ar feadh thréimhse na cóireála agus cuirfear céir de bhunús beachaireachta orgánaí in ionad na céarach go léir. Beidh feidhm ag an tréimhse tiontaithe 12 mhí atá leagtha síos i bpointe 1.2.2 ar na coilíneachtaí sin ina dhiaidh sin.

    (8)  

    ‘(e)

    is ó aonaid táirgthe orgánacha a thiocfaidh an chéir le haghaidh aonaid nua; (f) ní fhéadfar ach táirgí nádúrtha amhail gliú beach, céir agus olaí planda a úsáid sna coirceoga;’


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2874/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top