Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XC01346

    Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

    C/2024/730

    IO C, C/2024/1346, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1346/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1346/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/1346

    6.2.2024

    Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

    (C/2024/1346)

    Lena fhoilsiú seo, tugtar an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

    DOICIMÉAD AONAIR

    ‘Bursa Şeftalisi’

    Uimh. AE: PDO-TR-02887 — 5.1.2023

    ATFC (x) TGFC ( )

    1.   Ainm (nó ainmneacha)

    ‘Bursa Şeftalisi’

    2.   Ballstát nó Tríú Tír

    An Tuirc

    3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó táirge bia

    3.1.   Cineál an táirge

    Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte

    3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

    Tagraíonn an t-ainm ‘Bursa Şeftalisi’ do thorthaí úra chineálacha ‘J.H. Hale’ agus ‘Glohaven’ de speiceas Prunus persica L. Bíonn clocha scaoilte sa dá shaothróg ag a bhfuil craiceann buí deargtha agus bia buí atá milis súmhar. Bíonn torthaí shaothróg J.H.Hale meánmhéide, clúmhach teann agus milis súmhar. Bíonn torthaí shaothróg Glohaven meánmhéide, beagán clúmhach agus measartha teann.

    Nuair a chuirtear an toradh ar an margadh, bíonn na saintréithe seo a leanas ann:

     

    J.H. Hale

    Glohaven

    Dath an Chraicinn

    L

    60,00 - 70,00

    45,00 - 65,00

    a

    20,00 - 30,00

    30,00 - 40,00

    b

    40,00 - 50,00

    25,00 - 45,00

    Dath an Bhia

    L

    70,00 - 80,00

    75,00 - 80,00

    a

    10,00 -20,00

    14,50 - 20,50

    b

    55,00 - 60,00

    55,00 - 65,00

    Teinne (kg/cm2)

    5,00 - 7,00

    0,80 - 2,50

    An líon torthaí in 1 kg

    3,00 - 3,50

    3,50 - 4,50

    Brix (%)

    11,00 - 14,00

    10,00 - 13,00

    pH

    3,50 - 3,65

    3,50 - 3,70

    3.3.   Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

    3.4.   Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

    Ní mór gach céim i dtáirgeadh ‘Bursa Şeftalisi’ a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe, ó chur go buaint.

    3.5.   Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    Déanfar ‘Bursa Şeftalisi’ a phacáil i dtráidirí nó boscaí cairtchláir nó adhmaid le haghaidh tomhaltóirí deiridh. Ní mór é a phacáistiú i sraith amháin agus ní mór na péitseoga aonair a dheighilt ó chéile le hábhar cosanta. Tá toirmeasc ar aon earra pacáistíochta plaisteach a úsáid.

    3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

    Ní mór ainm ‘Bursa Şeftalisi’ a bheith ar lipéid na bpacáistí i gclómhéid chomh mór leis na litreacha eile is mó ar an lipéad ar a laghad, agus ní mór ‘Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint’ a bheith gar don ainm mar aon leis an uimhir luchtóige.

    Na táirgeoirí agus na próiseálaithe uile a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa tsonraíocht, beidh rochtain acu ar na lógónna sonracha thíos lena sainaithnítear an táirge.

    Image 1

    4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

    Tá an limistéar geografach teorannaithe chun ‘Bursa Şeftalisi’ a tháirgeadh suite i sráidbhailte cheantair chúige Bursa a liostaítear thíos.

    Ceantar Gürsu: Merkez, Adaköy, Cambazlar, İğdir, Karahıdır, Kazıklı

    Ceantar İnegöl: Merkez, Akhisar, Akıncılar, Alanyurt, Alibey, Bilalköy, Boğazköy, Cerrah, Çavuşköy, Çeltikçi, Çitli, Deydinler, Dipsizgöl, Edebey, Eymir, Hamamlı, Hamzabey, Hasanpaşa, Hocaköy, İsaören, Karagölet, Karalar, Kınık, Kozluca, Kulaca, Kurşunlu, Küçükyenice, Ortaköy, Özlüce, Sungurpaşa, Süpürtü, Şipali, Tokuş, Yeniceköy, Yiğit

    Ceantar İznik: Boyalıca

    Ceantar Kestel: Merkez, Aksu, Barakfaki, Çataltepe, Dudaklı, Erdoğan, Gölbaşı, Gölcük, Gözede, Kozluören, Narlıdere, Serme, Seymen, Soguksu, Turanköy, Yağmurlu

    Ceantar Nilüfer: Merkez, Çalı, Kayapa, Tahtalı, Yaylacık

    Ceantar Orhangazi: Akharem, Çakırlı, Dutluca, Gedelek, Gemiç, Gölyaka, Gürle, Heceler, Keramet, Orhangazi, Sölöz, Üreğil, Yenigürle, Yenisölöz

    Ceantar Osmangazi: Merkez, Çağlayan, Demirtaş, Ovaakça

    Ceantar Yenişehir: Merkez, ,Afşar, Akdere, Alaylı, Barcın, Burcun, Cihadiye, Çamönü, Çardak, Çayırlı, Çelebi, Demirboğa, Dereköy, Ebeköy, Fethiye, Günece, Hayriye, İncirli, Karabahadır, Karacaahmet, Karacaali, Karaköy, Karasıl, Kavaklı, Koyunhisar, Kozdere, Köprülühisar, Mahmudiye, Marmaracık, Menteşe, Osmaniye, Papatya, Selimiye, Söylemiş, Subaşı, Toprakdere , Toprakocak, Yeniköy, Yolören

    Ceantar Yıldırım: Merkez

    5.   Nasc leis an limistéar geografach

    Tá an ráta ithreacha gláracha in Bursa i bhfad níos airde ná mar atá i gcúigí eile ina bhfástar péitseoga. Is é 11,6 % an cóimheas ithreach gláraí in Bursa, rud a chruthaíonn timpeallacht idéalach do shaothrú péitseog. Toisc thábhachtach is ea an ghaoth a dhéanann difear do cháilíocht na bpéitseog. Cruthaíonn an timpeallacht chósta, locha agus sléibhe dálaí oiriúnacha do shaothrú péitseog. Is iad na gaotha anoir aduaidh, anoir aneas agus anoir anoir aduaidh in Bursa na gnáthghaotha sna ceantair a bhfuil táirgeadh ar ardchaighdeán iontu. Is é 10 mph agus níos ísle an t-uasluas gaoithe a mholtar sa limistéar táirgthe chun péitseog shláintiúil ar ardchaighdeáin a shaothrú. Tá Bursa éagsúil le cúigí eile ó thaobh struchtúr ithreach agus dálaí aeráide ginearálta de, agus go háirithe ó thaobh luas na gaoithe de. Nuair a chuirtear Bursa i gcomparáid le cúigí eile, tá gaoth níos éadroime (níos ísle ná 10 mph) sa limistéar saothraithe, i.e. Bursa, de thairbhe éifeacht Shliabh Uludağ in aice láimhe.

    Tá cineálacha Bursa Şeftalisi (J.H Hale agus Glohaven) éagsúil ó thaobh méide, datha, milseachta agus súmhaireachta de, mar aon le deighilt na síolta ón mbia, i gcomparáid le torthaí na gcineálacha céanna a fhástar i réigiúin eile mar gheall ar ithir agus dálaí aeráide chúige Bursa. Déanann leibhéal pH (idir 6-7), struchtúr ithreach gláraí (scagthach, créúil, gainmheach, méarógach, domhain agus mearthéite) agus cion mianraí (go háirithe nítrigin) chúige Bursa difear d’fhás na gcrann, rud a imríonn tionchar ar mhéid agus ar dhath phéitseoga chineálacha J.H Hale agus Glohaven. Is é 707,5 mm an mheánfhrasaíocht bhliantúil in Bursa, tá an fhrasaíocht réamhbhuainte tábhachtach go háirithe i dtéarmaí foirmiú síolta agus greamaitheacht an tsíl leis an toradh. Bíonn tionchar ag cleachtais táirgthe tháirgeoirí Bursa ar cháilíocht na bpéitseoig. Déantar prúnáil de réir an mhodha ar a dtugtar ‘díchnámhú éisc’ go háitiúil agus is éard atá i gceist leis na brainsí triomaithe, damáistithe agus galraithe a bhaint, chun treá solais a mhéadú agus nochtadh leordhóthanach do sholas na gréine a sholáthar do na torthaí. Déanann an phrúnáil crutha ‘díchnámhú éisc’ mar aon le héifeacht na hithreach difear do dhath na bpéitseog. Déantar éadlúthú de láimh agus leis an bhfeidhmiú sin soláthraítear foirmiú torthaí meánmhéide. Is iad cleachtais leasúcháin na dtáirgeoirí is cúis le táirgeadh torthaí milse agus súmhara. Fágann úsáid Erekeme (ainm áitiúil ar an gcrann péitseog neamhbheangaithe) sa phailniú go bhfuil sé níos éasca na péitseoga a scaradh óna síolta. Is leor 10 ‘erekeme’ a chur in aghaidh an heicteáir chun sraith torthaí níos fearr a fháil.

    Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta


    (1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1346/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top