AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.11.2024
COM(2024) 543 final
2024/0302(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/789 lena n‑údaraítear don Ungáir beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
De bhun Airteagal 395(1) de Threoir 2006/112/CE an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (‘an Treoir maidir le CBL’), féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, údarú a thabhairt d’aon Bhallstát bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar fhorálacha na Treorach sin, chun an nós imeachta um bailiú CBL a shimpliú nó chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc.
Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 10 Meitheamh 2024, d’iarr an Ungáir údarú chun leanúint den mhaolú ar Airteagal 193 den Treoir maidir le CBL i ndáil leis an duine atá faoi dhliteanas CBL a íoc i gcás soláthairtí áirithe arna ndéanamh ag daoine inchánach atá faoi réir imeachtaí leachtúcháin nó aon imeacht eile lena suitear go dlíthiúil go bhfuil siad dócmhainneach. I gcomhréir le hAirteagal 395(2) den Treoir maidir le CBL, chuir an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas le litir dar dáta an 7 Lúnasa 2024 maidir leis an iarraidh a rinne an Ungáir. Le litir dar dáta an 9 Lúnasa 2024, thug an Coimisiún fógra don Ungáir go raibh an fhaisnéis uile is gá aige, dar leis, chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Ar bhonn Airteagal 199(1)(g) den Treoir maidir le CBL, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil gurb é an duine inchánach dá soláthraítear an mhaoin dhochorraithe arna díol ag féichiúnaí breithiúnais i nós imeachta um dhíol éigeantach an duine inchánach atá faoi dhliteanas CBL a íoc (an sásra aistrithe táillí). In 2017, d’iarr an Ungáir go leathnófaí cur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí chun soláthairtí earraí caipitiúla agus soláthairtí earraí agus seirbhísí eile a chumhdach, ar mó a luach margaidh oscailte ná HUF 100 000 (thart ar EUR 250) tráth an tsoláthair, i gcás ina bhfuil an duine inchánach a sholáthraíonn na hearraí nó na seirbhísí faoi réir imeachtaí leachtúcháin nó aon imeacht eile lena suitear go bhfuil sé dócmhainneach. Údaraíodh an maolú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/789 ón gComhairle go dtí an 31 Nollaig 2021.
Cuireadh síneadh breise leis an mbeart go dtí an 31 Nollaig 2024 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1775 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021.
Uirlisí, innealra agus rudaí ardluacha a bhíonn in earraí caipitiúla de ghnáth. Thairis sin, de réir na hUngáire, tá líon mór idirbheart ann a sháraíonn tairseach HUF 100 000 agus a dhéanann daoine inchánach dócmhainneacha. Is minic nach n‑íocann an leachtaitheoir an CBL atá dlite, ós rud é go n‑úsáidtear an méid sin chun éilimh níos luaithe a shocrú. An tráth céanna, is féidir leis an gceannaitheoir, ar duine inchánach é a bhfuil an ceart asbhainte aige, an CBL a tabhaíodh a asbhaint fós, rud a bhfuil tionchar diúltach aige ar an mbuiséad. Chláraigh an Ungáir cásanna calaoise freisin ina ndéanfadh cuideachtaí atá faoi leachtú sonraisc bhréige a eisiúint do chuideachtaí gníomhacha, agus an méid CBL in‑asbhainte a bhoilsciú go mór gan a ráthú go n‑íocfadh eisitheoir na sonrasc an CBL atá dlite.
Dá bhrí sin, áitíonn an Ungáir gur gá an t‑ioncam cánach agus na leasanna buiséadacha a chosaint mar gheall ar an líon daoine inchánach a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu agus a dhéanann na soláthairtí thuasluaite. Dar leis an Ungáir, is uirlis iomchuí é an sásra aistrithe táillí chun na críche sin. Ní bheadh an duine inchánach faoi leachtú faoi dhliteanas an CBL atá dlite a íoc agus ní ghearrfaí pionós ar an gcustaiméir agus sheachnófaí caillteanais don bhuiséad poiblí.
De bhun Airteagal 199a den Treoir maidir le CBL, féadfaidh na Ballstáit uile an sásra aistrithe táillí a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta sonracha a bhfuil baol calaoise ag baint leo. Tá an tAirteagal sin i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2026 agus, i ndáil le soláthairtí earraí caipitiúla agus soláthairtí earraí agus seirbhísí eile, i gcás ina bhfuil an duine inchánach a sholáthraíonn na hearraí nó na seirbhísí faoi réir imeachtaí leachtúcháin nó aon imeacht eile lena suitear go dlíthiúil go bhfuil sé dócmhainneach, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé acu ba cheart nó nár cheart iad a áireamh freisin sna soláthairtí a chumhdaítear leis an sásra aistrithe táillí, dá mbeadh togra nua ann ina leith sin.
Dá bhrí sin, cé gur iarr an Ungáir go gcuirfí síneadh leis an údarú go dtí an 31 Nollaig 2027, tá sé beartaithe síneadh leis an maolú a údarú go dtí an 31 Nollaig 2026.
Is rogha dheireanach é maolú lena gceadaítear do Bhallstát aonair úsáid a bhaint as an sásra aistrithe táillí, de rogha ar bhearta ginearálta, agus ba cheart an maolú sin a bheith teoranta ó thaobh ama de a mhéid is féidir. Thairis sin, ba cheart an tréimhse sin a bheith leordhóthanach chun gnáthbhearta eile a chur chun feidhme chun na caillteanais don bhuiséad poiblí a laghdú, go háirithe i gcás na gcaillteanas sin a bhaineann le hiompraíocht chalaoiseach, agus ar an gcaoi sin sheachnófaí aon síneadh eile leis an mbeart sin.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
I bhfianaise na forála sa Treoir maidir le CBL ar a bhfuil sé bunaithe, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Baineann an Cinneadh le húdarú arna dheonú do Bhallstát arna iarraidh sin dó féin agus níl aon oibleagáid ann.
I bhfianaise raon feidhme teoranta an mhaolaithe, tá an beart speisialta comhréireach leis an aidhm atá á saothrú, i.e. an bailiú cánach a shimpliú agus imghabháil cánach nó seachaint cánach a chomhrac. Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun na haidhmeanna sin a chomhlíonadh.
•An rogha ionstraime
Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim atá beartaithe.
Faoi Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL, ní féidir maolú ar rialacha coiteanna CBL a bheith ann ach amháin i gcás ina n‑údaróidh an Chomhairle é sin agus í ag gníomhú d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún. Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim is oiriúnaí ó tharla gur féidir í a dhíriú chuig Ballstát aonair.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Ní dhearnadh aon chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara. Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh a rinne an Ungáir agus is leis an mBallstát áirithe sin amháin a bhaineann sé.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.
•Measúnú tionchair
Is é is aidhm don togra le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ioncam cánach agus leasanna buiséadacha a chosaint mar gheall ar chuideachtaí atá faoi nós imeachta dócmhainneachta i gcás ina soláthraíonn siad earraí caipitiúla, nó earraí nó seirbhísí ar mó a luach margaidh oscailte ná HUF 100 000. De réir na hUngáire, tríd an sásra aistrithe táillí a chur i bhfeidhm maidir leis na cineálacha idirbheart sin, simplíodh an bailiú cánach agus cuireadh cosc ar imghabháil nó seachaint cánach.
De réir fhigiúirí údarás cánach na hUngáire le haghaidh 2021‑2023, tháinig méadú ar líon na ndaoine inchánach lena mbaineann in 2021 – tar éis bearta éigeandála a tugadh isteach mar thoradh ar phaindéim COVID‑19 – go 380, agus thit an líon sin go 335 in 2022 agus go 212 in 2023.
B’fhiú HUF 34 bhilliún na soláthairtí earraí agus seirbhísí a taifeadadh faoin sásra aistrithe táillí in 2021 agus b’fhiú HUF 31 bhilliún iad in 2022. In 2023, tháinig méadú ar an bhfigiúr sin go HUF 157 mbilliún, agus bhí HUF 109 mbilliún den mhéid sin nasctha le cáiníocóir mór amháin.
Dá réir sin – má ghlactar leis gurb é an ráta cánach caighdeánach a bhí i bhfeidhm – idir HUF 8,3 billiún agus HUF 9,3 billiún a bhí sa dliteanas cánach in 2021 agus 2022, agus HUF 42 bhilliún a bhí ann in 2023, ar figiúr ard eisceachtúil é sin.
Ós rud é, dá bhrí sin, gur beag seans atá ann CBL a aisghabháil ó dhaoine inchánach atá faoi réir imeachtaí leachtúcháin, measann údarás cánach na hUngáire gur idir HUF 3,6 billiún agus HUF 4 bhilliún (HUF 5,6 billiún in 2023 má eisítear an t‑asluiteach, nó HUF 18 mbilliún má chuirtear san áireamh é) atá i méid na cánach breisluacha a chaillfí sa bhuiséad gach bliain mura gcoinneofaí an maolú ar bun le haghaidh maoin shochorraithe inláimhsithe.
Dá bhrí sin, tá tionchar dearfach ag an mbeart maolaithe. I bhfianaise an tionchair theoranta sin, ba cheart don Ungáir gnáthbhearta eile a chur chun feidhme chun na caillteanais don bhuiséad a laghdú, rud a d’fhéadfadh torthaí comhchosúla a bhaint amach.
Mar gheall ar raon feidhme cúng an mhaolaithe agus ar an teorainn ama ar a chur i bhfeidhm, beidh an tionchar teoranta in aon chás.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh aon impleacht dhiúltach ag an togra ar bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
Áirítear sa togra clásal éagtha atá socraithe i gcomhair an 31 Nollaig 2026.
2024/0302 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/789 lena n‑údaraítear don Ungáir beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, di,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I gcomhréir le hAirteagal 193 de Threoir 2006/112/CE, aon duine inchánach atá i mbun soláthar inchánach earraí nó seirbhísí, tá sé faoi dhliteanas cáin bhreisluacha (CBL) a íoc leis na húdaráis chánach, mar riail ghinearálta.
(2)Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/789 ón gComhairle, údaraíodh don Ungáir beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE (‘an beart speisialta’) a mhéid a bhaineann leis an duine atá faoi dhliteanas CBL a íoc i gcás ina ndéanann duine inchánach atá faoi réir imeachtaí leachtúcháin, nó aon imeacht eile lena suitear go dlíthiúil go bhfuil sé dócmhainneach, soláthairtí áirithe.
(3)Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1775 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021, cuireadh síneadh leis an údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024.
(4)Le litir dar dáta an 10 Meitheamh 2024 (‘an iarraidh’), d’iarr an Ungáir ar an gCoimisiún síneadh breise a chur leis an údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2027. Chuir an Ungáir tuarascáil isteach, ina raibh athbhreithniú ar an mbeart speisialta, in éineacht leis an iarraidh.
(5)De bhun Airteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, le litreacha dar dáta an 7 Lúnasa 2024 tharchuir an Coimisiún an iarraidh chuig na Ballstáit eile. Le litir dar dáta an 9 Lúnasa 2024, chuir an Coimisiún in iúl don Ungáir go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithniú a dhéanamh ar an iarraidh.
(6)Áitíonn an Ungáir gur minic nach n‑íocann daoine inchánach atá faoi leachtú nó faoi nós imeachta dócmhainneachta an CBL atá dlite leis na húdaráis chánach. An tráth céanna, is féidir leis an gceannaitheoir, ar duine inchánach é a bhfuil an ceart asbhainte aige, an CBL a tabhaíodh a asbhaint fós agus, dá bhrí sin, tionchar diúltach a imirt ar an mbuiséad poiblí. Chláraigh an Ungáir cásanna calaoise freisin ina ndéanfadh cuideachtaí atá faoi leachtú sonraisc bhréige a eisiúint do chuideachtaí gníomhacha agus an méid CBL is iníoctha acu a laghdú go mór, gan a ráthú go n‑íocfadh eisitheoir na sonrasc an CBL atá dlite.
(7)I gcomhréir le hAirteagal 199(1), pointe (g), de Threoir 2006/112/CE, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil gurb é an duine inchánach dá soláthraítear an mhaoin dhochorraithe arna díol ag féichiúnaí breithiúnais i nós imeachta um dhíol éigeantach an duine inchánach atá faoi dhliteanas CBL a íoc (an sásra aistrithe táillí). Leis an mbeart speisialta, ceadaítear don Ungáir cur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí a leathnú chuig soláthairtí eile a dhéanann daoine inchánach atá faoi nós imeachta dócmhainneachta, mar atá, soláthar earraí caipitiúla agus soláthar earraí nó seirbhísí eile ar mó ná HUF 100 000 a luach margaidh oscailte.
(8)Ar bhonn na faisnéise a chuir an Ungáir ar fáil, tríd an sásra aistrithe táillí a chur i bhfeidhm maidir leis na cineálacha idirbheart sin, simplíodh an bailiú cánach agus cuireadh cosc ar imghabháil nó seachaint cánach. Le cur chun feidhme an bhirt, cuireadh teorainn le caillteanais d’ioncam poiblí agus gineadh ioncam buiséid breise.
(9)Ba cheart teorainn ama a chur leis an síneadh a iarradh, chun am a thabhairt don riarachán cánach gnáthbhearta eile a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis an bhfadhb shonrach agus na caillteanais don bhuiséad poiblí a laghdú, go háirithe na caillteanais sin a bhaineann le cleachtais chalaoiseacha, go dtí go rachaidh an beart speisialta in éag agus, ar an gcaoi sin, ní bheadh gá le síneadh breise a chur leis an mbeart sin. Ní dheonaítear maolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE lena gceadaítear úsáid a bhaint as an sásra aistrithe táillí ach amháin ar bhonn eisceachtúil le haghaidh réimsí calaoiseacha sonracha agus is é an rogha dheireanach é. Thairis sin, beidh Airteagal 199a de Threoir 2006/112/CE fós i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2026. Dá bhrí sin, ba cheart síneadh a chur leis an údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2026, agus go dtí sin amháin.
(10)Ní bheidh aon drochthionchar ag an mbeart speisialta ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL.
(11)Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/789 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/789, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:
‘Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 31 Nollaig 2026’.
Airteagal 2
Is chuig an Ungáir a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán