AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.10.2024
COM(2024) 444 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Airí OACPS-AE maidir le treoirlínte comhpháirteacha a ghlacadh chun idirphlé comhpháirtíochta a dhéanamh faoi Airteagal 3 den Chomhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, den pháirt eile
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Uimh. XX/XXXX
CHOMHAIRLE AIRÍ OACPS-AE
lena nglactar Treoirlínte Comhpháirteacha maidir le hIdirphlé Comhpháirtíochta a dhéanamh faoi Airteagal 3 de Chomhaontú Shamó
TÁ COMHAIRLE AIRÍ OACPS-AE,
Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Comhaltaí OACPS, den pháirt eile (‘Comhaontú Shamó’), agus go háirithe Airteagal 3 agus Airteagal 88(4) (c), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá Comhaontú Shamó á chur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 1 Eanáir 2024 ann.
(2)De bhun Airteagal 3 de Chomhaontú Shamó, déanfaidh na Páirtithe idirphlé rialta, cothrom, uileghabhálach agus substainteach comhpháirtíochta maidir le réimsí uile an Chomhaontaithe, as a dtiocfaidh gealltanais agus, i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí ar an dá thaobh, chun é a chur chun feidhme go héifeachtach.
(3)De bhun Airteagal 88(4) (c) den Chomhaontú, féadfaidh Comhairle Airí OACPS-AE treoirlínte beartais a ghlacadh agus cinntí a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt do ghnéithe sonracha a bhfuil gá leo chun forálacha an Chomhaontaithe a chur chun feidhme,
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal Aonair
Glactar leis seo na Treoirlínte Comhpháirteacha chun Idirphlé Comhpháirtíochta a dhéanamh faoi Airteagal 3 de Chomhaontú Shamó, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh in XXXXXX,
Thar ceann Chomhairle Airí OACPS-AE
Na Cathaoirligh
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
CINNEADH Uimh. XX/XXXX
CHOMHAIRLE AIRÍ OACPS-AE
Treoirlínte OACPS-AE maidir le hIdirphlé Comhpháirtíochta faoi Airteagal 3 de Chomhaontú Shamó
I. RÉAMHRÁ
1.An Comhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, den pháirt eile, dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta, síníodh é i Samó an 15 Samhain 2023, agus tá sé á chur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 1 Eanáir 2024 ann. Le hAirteagal 3(1) den Chomhaontú iarrtar ar na Páirtithe idirphlé rialta, cothrom, uileghabhálach agus substainteach comhpháirtíochta a dhéanamh maidir le réimsí uile an Chomhaontaithe, as a dtiocfaidh gealltanais agus, i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí ar an dá thaobh, chun é a chur chun feidhme go héifeachtach.
2.Mar a fhoráiltear in Airteagal 1(4) den Chomhaontú, tá an t‑idirphlé comhpháirtíochta ar na príomhuirlisí chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach, chomh maith le gníomhaíocht arna cur in oiriúint do shainiúlachtaí na bPáirtithe.
3.Mar a fhoráiltear in Airteagal 3(2) den Chomhaontú, tá sé de chuspóir ag an idirphlé comhpháirtíochta faisnéis a mhalartú, an chomhthuiscint a chothú agus bunú tosaíochtaí comhaontaithe agus clár oibre comhroinnte a éascú ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal idirnáisiúnta, agus oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile maidir le saincheisteanna leasa choitinn agus maidir le dúshláin nua i suíomhanna idirnáisiúnta.
4.Mar a fhoráiltear in Airteagal 3(3), seolfar an t‑idirphlé comhpháirtíochta ar bhealach solúbtha saincheaptha, agus déanfar é go tráthrialta san fhormáid iomchuí agus ar an leibhéal intíre, réigiúnach nó iltíre is iomchuí, agus lántairbhe á baint as na cainéil uile is féidir, lena n‑áirítear suíomhanna réigiúnacha agus idirnáisiúnta.
5.Féadfar an t‑idirphlé comhpháirtíochta a úsáid freisin chun saincheisteanna sonracha a phlé a leagtar amach in Airteagail 9(3) (pionós an bháis), 12(4) agus 12(6) (sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, mar aon le cúrsaí cánach), 18(3) (neamhleathadh arm ollscriosta), 62 (imirce agus soghluaisteacht) agus 74(5) (filleadh agus athligean isteach).
6.Mar a fhoráiltear sa Chomhaontú (Airteagal 101(4)), úsáidfear an t‑idirphlé comhpháirtíochta freisin chun aghaidh a thabhairt ar dhibhéirseachtaí idir na Páirtithe, d’fhonn teacht roimh staideanna ina measfadh Páirtí amháin gur ghá dul ar iontaoibh na gcomhairliúchán dá bhforáiltear in Airteagal 101(5-6).
II. CUSPÓIR
7.Is é is aidhm do na treoirlínte seo treoraíocht oibríochtúil chomhpháirteach a sholáthar le haghaidh chur chun feidhme na bhforálacha i gComhaontú Shamó a bhaineann leis an idirphlé comhpháirtíochta, agus na ceachtanna a foghlaimíodh ón idirphlé polaitiúil faoi Airteagal 8 de Chomhaontú Cotonou á gcur san áireamh freisin.
8.Ní mór na treoirlínte seo a chur i bhfeidhm ar bhealach solúbtha, chun a áirithiú go mbeidh cur chuige saincheaptha ann i leith fhormáid agus chuspóirí an idirphlé.
III. CUR CHUN FEIDHME AN IDIRPHLÉ COMHPHÁIRTÍOCHTA
A. Cláir oibre
9.Cumhdófar leis an idirphlé comhpháirtíochta gach réimse den Chomhaontú, rud a rannchuideoidh leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 de a bhaint amach.
10.Na cláir oibre le haghaidh na gcruinnithe idirphlé comhpháirtíochta, déanfar iad a shainiú go comhpháirteach agus cuimseofar leo, ar bhealach cothrom, saincheisteanna leasa choitinn agus/nó ábhair imní choiteanna, ar saincheisteanna náisiúnta, réigiúnacha, ilchríochacha, ilnáisiúnta agus domhanda iad, agus ar an gcaoi sin neartófar na sineirgí idir gnéithe náisiúnta, réigiúnacha agus ilnáisiúnta Chomhaontú OACPS-AE.
11.Leis na seisiúin idirphlé comhpháirtíochta, beifear in ann idirphlé comhpháirtíochta rialta, cothrom, uileghabhálach agus substainteach a dhéanamh maidir le réimsí uile an Chomhaontaithe, as a dtiocfaidh gealltanais agus, i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí ar an dá thaobh, chun é a chur chun feidhme go héifeachtach.
B. Ullmhúchán
12.Réiteofar na seisiúin idirphlé comhpháirtíochta go comhpháirteach roimh ré nuair is féidir.
13.Roinnfear faisnéis chúlra roimh ré, i gcás ina bhfuil sin ar fáil, chun rannchuidiú le malartuithe agus torthaí níos substaintiúla.
C. Formáid
14.Déanfar an t‑idirphlé comhpháirtíochta idir an Páirtí AE agus an contrapháirtí/na contrapháirtithe OACPS ábhartha ar an leibhéal intíre, réigiúnach nó iltíre is iomchuí, agus lántairbhe á baint as na cainéil uile is féidir, lena n‑áirítear iad sin i suíomhanna réigiúnacha agus idirnáisiúnta. Leis an idirphlé comhpháirtíochta cuirfear san áireamh freisin prionsabail na comhlántachta agus na coimhdeachta.
15.Féadfaidh an t‑idirphlé comhpháirtíochta a bheith i bhfoirm idirphlé théamaigh thiomnaithe maidir le saincheisteanna sonracha, nuair is iomchuí.
‑An tidirphlé comhpháirtíochta ar an leibhéal náisiúnta
16.Déanfar an t‑idirphlé comhpháirtíochta ar an leibhéal náisiúnta go tráthrialta agus aon uair amháin sa bhliain, i bprionsabal, chun faisnéis a mhalartú, an chomhthuiscint a chothú agus bunú tosaíochtaí comhaontaithe agus clár oibre comhroinnte a éascú ar an leibhéal náisiúnta.
17.Féadfar an t‑idirphlé comhpháirtíochta ar an leibhéal náisiúnta a dhéanamh go háitiúil nó i suíomhanna eile (amhail sa Bhruiséil nó le linn d’imeachtaí idirnáisiúnta nó comhpháirteacha a bheith ar siúl).
18.Leis an idirphlé comhpháirtíochta ar an leibhéal náisiúnta, féadfar aghaidh a thabhairt freisin ar shaincheisteanna réigiúnacha agus domhanda, ar saincheisteanna leasa choitinn iad.
19.Féachfar le sineirgí agus comhlántachtaí a aimsiú trí idirphlé beartais ar ábhair shonracha (amhail tacaíocht bhuiséadach, Cearta Daonna), rud a sheachnóidh dúbláil oibre.
20.I gcás inar gá soiléiriú a thabhairt ar aon saincheist a bhaineann leis an gComhaontú, nó i gcás dibhéirseachtaí idir na Páirtithe, déanfar an t‑idirphlé comhpháirtíochta níos minice, d’fhonn teacht roimh staideanna ina measfadh Páirtí amháin gur ghá dul ar iontaoibh na gcomhairliúchán dá bhforáiltear in Airteagal 101(5) agus (6).
‑An tidirphlé comhpháirtíochta ar an leibhéal réigiúnach
21.Déanfar an t‑idirphlé comhpháirtíochta ar leibhéal an phrótacail réigiúnaigh go tráthrialta, chun faisnéis a mhalartú, an chomhthuiscint a chothú agus bunú tosaíochtaí comhaontaithe agus clár oibre comhroinnte a éascú ar an leibhéal réigiúnach. Leis an idirphlé ar leibhéal an phrótacail réigiúnaigh, ba cheart comhar réigiúnach i réimsí leasa choitinn a spreagadh leis na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhaineann leis an Aontas agus leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas.
22.An t‑idirphlé comhpháirtíochta ar leibhéal an phrótacail réigiúnaigh, féadfar é a dhéanamh fad atá imeachtaí réigiúnacha ar siúl nó i suíomhanna eile (amhail sa Bhruiséil nó le linn d’imeachtaí idirnáisiúnta nó comhpháirteacha a bheith ar siúl).
23.An t‑idirphlé comhpháirtíochta ar an leibhéal réigiúnach, rannchuideoidh sé freisin le Comhairlí Aireachta Réigiúnacha agus le hidirphlé ar an leibhéal ilnáisiúnta a ullmhú.
‑An tidirphlé comhpháirtíochta ar an leibhéal ilnáisiúnta
24.An t‑idirphlé comhpháirtíochta ar an leibhéal ilnáisiúnta, déanfar é go tráthrialta san fhormáid iomchuí, chun faisnéis a mhalartú, an chomhthuiscint a chothú agus bunú tosaíochtaí comhaontaithe agus clár oibre comhroinnte a éascú ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus chun go n‑oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile maidir le saincheisteanna leasa choitinn agus maidir le dúshláin nua i suíomhanna idirnáisiúnta.
25.An t‑idirphlé comhpháirtíochta ar an leibhéal ilnáisiúnta, féadfar é a dhéanamh fad atá cruinnithe idirnáisiúnta ar siúl nó i suíomhanna eile (amhail sa Bhruiséil nó le linn d’imeachtaí comhpháirteacha a bheith ar siúl).
26.Féadfaidh idirphlé comhpháirtíochta a bheith ann go tráthrialta freisin idir ionadaíochtaí taidhleoireachta na bPáirtithe chuig eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, chun faisnéis a mhalartú, an chomhthuiscint a chothú agus bunú tosaíochtaí comhaontaithe agus clár oibre comhroinnte a éascú ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus chun go rachadh na Páirtithe i mbun comhair agus comhordú maidir le saincheisteanna leasa choitinn agus maidir le dúshláin nua i suíomhanna idirnáisiúnta.
D. Rannpháirtíocht
27.Déanfar ionadaíocht do na Páirtithe sna seisiúin idirphlé comhpháirtíochta ar an leibhéal polaitiúil nó ar leibhéal na n‑oifigeach sinsearach, de réir mar is iomchuí, ag brath ar an inneachar agus ar na torthaí a bhfuil coinne leo.
28.Féadfaidh Aireachtaí agus seirbhísí éagsúla baint a bheith acu leis an idirphlé comhpháirtíochta, ag brath ar na saincheisteanna a mbeidh aghaidh le tabhairt orthu.
29.Mar a fhoráiltear in Airteagal 3(4) den Chomhaontú, cuirfear parlaimintí, agus, i gcás inarb iomchuí, ionadaithe eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta agus na hearnála príobháidí, ar an eolas go cuí, rachfar i gcomhairle leo go cuí, agus cuirfear ar a gcumas dóibh go cuí cur leis an idirphlé comhpháirtíochta. Beidh baint ag eagraíochtaí réigiúnacha agus ilchríochacha leis an idirphlé comhpháirtíochta, de réir mar is iomchuí.
E. Obair leantach
30.Comhaontófar le linn an idirphlé gealltanais fhéideartha agus gníomhaíochtaí leantacha, i gcás inarb iomchuí.
31.Na gníomhaíochtaí leantacha a chomhaontófar, tabharfar aghaidh orthu i seisiúin idirphlé comhpháirtíochta ina dhiaidh sin.
32.Gníomhaíochtaí leantacha sonracha (amhail meithleacha), féadfar iad a bhunú chun an t‑idirphlé/an ghníomhaíocht a chur chun tosaigh i réimsí nithiúla.
33.Déanfar an t‑idirphlé comhpháirtíochta a chomhlánú trí bhíthin teagmháil rialta idir na Páirtithe, chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach.
IV. ATHBHREITHNIÚ
34.Mar a fhoráiltear in Airteagal 3(3) den Chomhaontú, comhaontaíonn na Páirtithe faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht an idirphlé comhpháirtíochta agus a raon feidhme a oiriúnú, de réir mar is iomchuí.
35.Féadfar na treoirlínte seo a chur in oiriúint de réir mar is iomchuí i bhfianaise an mheasúnaithe chomhpháirtigh sin.