Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024PC0443

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara a mhéid a bhaineann le leasú ar Chinneadh 1/2023 ón gComhchoiste sin chun forálacha idirthréimhseacha a áireamh ar na leasuithe ar an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara is infheidhme ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh

COM/2024/443 final

An Bhruiséil,8.10.2024

COM(2024) 443 final

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara a mhéid a bhaineann le leasú ar Chinneadh 1/2023 ón gComhchoiste sin chun forálacha idirthréimhseacha a áireamh ar na leasuithe ar an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara is infheidhme ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Shínigh an tAontas Eorpach an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara agus tá ionadaíocht aige ar an gComhchoiste a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún sin. Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagfar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste i ndáil le cinneadha bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh maidir le forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara

Leis an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara 1 (an Coinbhinsiún) leagtar síos forálacha maidir le tionscnamh earraí a thrádáiltear faoi chomhaontuithe ábhartha arna dtabhairt i gcrích idir a Pháirtithe Conarthacha.

Leagtar síos leis an gCoinbhinsiún creat iltaobhach rialacha tionscnaimh maidir le líonra comhaontuithe saorthrádála agus tá feidhm aige gan dochar do na prionsabail a leagtar síos sna comhaontuithe sin. Foráiltear sa Choinbhinsiún maidir le carnadh trasnánach idir na 25 Pháirtí Chonarthacha sa Choinbhinsiún: an tAontas Eorpach, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, an Eilvéis, an Ailgéir, an Éigipt, Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, Maracó, an Phailistín 2 , an tSiria, an Túinéis, an Tuirc, an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia, an Chosaiv 3*, Oileáin Fharó, Poblacht na Moldóive, an tSeoirsia agus an Úcráin (na Páirtithe Conarthacha). Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm maidir leis an Aontas an 1 Bealtaine 2012.

Leasaíodh an Coinbhinsiún le Cinneadh Uimh. 1/2023 ó Chomhchoiste an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le Rialacha Tionscnaimh Fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara an 7 Nollaig 2023 maidir leis an leasú ar an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara. Tiocfaidh an cinneadh sin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025 4 .

2.2.An Comhchoiste

An Comhchoiste arna bhunú le hAirteagal 3(1) den Choinbhinsiún, glacann sé le leasuithe ar an gCoinbhinsiún, riarann sé é agus áirithíonn sé a chur chun feidhme cuí i gcomhréir le hAirteagal 4 den Choinbhinsiún. I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste, glactar cinntí an Chomhchoiste trí vóta d’aon toil na bPáirtithe Conarthacha a bhfuil an Coinbhinsiún tagtha i bhfeidhm ina leith, atá i láthair nó a ndéantar ionadaíocht thar a gceann ag cruinniú an Chomhchoiste.

Tá cearta vótála ag na Páirtithe Conarthacha a bhfuil an Coinbhinsiún tagtha i bhfeidhm ina leith. Tá vóta amháin ag gach Páirtí Conarthach.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhchoiste

Le linn an 16ú cruinniú a bheidh aige, tá an Comhchoiste le cinneadh a ghlacadh maidir le forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh (an gníomh atá beartaithe).

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe forálacha idirthréimhseacha a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse bliana. Áiritheofar leis na forálacha idirthréimhseacha go gcuirfear carnadh trasnánach i bhfeidhm go leanúnach agus go ndeonófar cóir fhabhrach faoin gCoinbhinsiún.

An gníomh atá beartaithe, beidh sé ina cheangal ar na Páirtithe Conarthacha i gcomhréir le hAirteagal 4(3)(a), agus sonraítear an méid seo a leanas ann: ‘Glacfaidh an Comhchoiste, trí chinneadh, leasuithe ar an gCoinbhinsiún seo’. Ina theannta sin, sonraítear an méid seo a leanas in Airteagal 4(3), an abairt dheireanach: ‘Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha cinntí dá dtagraítear sa mhír seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir lena reachtaíocht féin.’

Ba cheart an leasú seo ar Chinneadh 1/2023 ón gComhchoiste a theacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Tá an Coinbhinsiún infheidhme trí bhíthin tagairt dó a áirítear sna prótacail maidir le rialacha tionscnaimh a ghabhann le comhaontuithe déthaobhacha ábhartha na bPáirtithe Conarthacha.

Faoi láthair, tá na féidearthachtaí maidir le carnadh sa limistéar Uile-Eora-Mheánmhara (UEM) bunaithe ar líonra comhaontuithe idir na Páirtithe Conarthacha lena ndéantar foráil maidir le rialacha tionscnaimh comhionanna a chur i bhfeidhm. Áirítear orthu sin na rialacha atá sa Choinbhinsiún faoi láthair, chomh maith leis na Prótacail dhéthaobhacha a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin roimh an gCoinbhinsiún (na Prótacail a thagann roimh an gCoinbhinsiún).

San am céanna, tháinig tacar rialacha i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2021 ar bhonn déthaobhach, ar rialacha iad a bhfuil feidhm acu ar bhonn roghnach maidir leis an gCoinbhinsiún go dtí go dtabharfar an leasú ar an gCoinbhinsiún i gcrích agus go dtiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm (na Rialacha idirthréimhseacha).

Leasaíodh an Coinbhinsiún le Cinneadh Uimh. 1/2023 ó Chomhchoiste an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le Rialacha Tionscnaimh Fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara an 7 Nollaig 2023, cinneadh a thiocfaidh i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025. Is é an iarmhairt dhlíthiúil ar an méid sin go scoirfidh na rialacha atá sa Choinbhinsiún faoi láthair agus na Rialacha idirthréimhseacha de bheith infheidhme ón dáta sin ar aghaidh.

Chuir roinnt Páirtithe Conarthacha in iúl do Rúnaíocht an Chomhchoiste nach mbeidh siad in ann a bprótacail maidir le rialacha tionscnaimh a thabhairt cothrom le dáta chun tagairt a dhéanamh do rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin roimh an 1 Eanáir 2025, mar gheall ar fhad a nósanna imeachta inmheánacha.

Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh roinnt Páirtithe Conarthacha rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin i bhfeidhm ach go mbeadh na rialacha atá sa Choinbhinsiún faoi láthair nó na Prótacail a tháinig roimh an gCoinbhinsiún i bhfeidhm fós ag Páirtithe eile. D’fhéadfadh sé sin cur isteach ar na féidearthachtaí atá ann faoi láthair maidir le carnadh trasnánach, rud a mbeadh tionchar aige ar shreafaí trádála i limistéar UEM.

I gcás nach mbeidh an t‑aistriú chuig rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin comhuaineach do na Páirtithe Conarthacha uile, níor cheart aon staid is lú fabhar a bheith mar thoradh air ná mar atá ann faoi láthair faoin gcreat dlíthiúil atá ann cheana.

Ba cheart forálacha idirthréimhseacha maidir le cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh Uile-Eora-Mheánmhara a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse bliana. Áiritheofar leis sin go gcuirfear carnadh trasnánach i bhfeidhm go leanúnach agus go ndeonófar cóir fhabhrach faoin gCoinbhinsiún go dtí go gcuirfear bailchríoch ar an bpróiseas chun na prótacail dhéthaobhacha uile a ailíniú le rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin.

Ba cheart na nithe seo a leanas a chumhdach leis na forálacha idirthréimhseacha:

·An fhéidearthacht cóir fhabhrach a éileamh nuair a thíolactar cruthúnais ar thionscnamh arna neisiúint roimh an 1 Eanáir 2025 de réir na rialacha tionscnaimh is infheidhme tráth na heisiúna, arna gcur i láthair laistigh dá dtréimhse bhailíochta nó ina dhiaidh sin, de réir mar a cheadaítear.

·Comhar riaracháin chun cruthúnais ar thionscnamh arna neisiúint de réir na tacar éagsúil rialacha a fhíorú.

·Na rialacha atá sa Choinbhinsiún faoi láthair a choinneáil i bhfeidhm ar feadh bliana i gcomhthráth le rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin.

·Inrianaitheacht cruthúnas ar thionscnamh arna neisiúint i gcomhréir leis an dá thacar rialacha is infheidhme go comhuaineach a áirithiú trí ráiteas a thabhairt isteach sna cruthúnais ar thionscnamh.

·Carnadh trasnánach gan bhriseadh a chur i bhfeidhm idir na Páirtithe Conarthacha le linn an aistrithe ó na tacair éagsúla rialacha tionscnaimh is infheidhme roimh an 1 Eanáir 2025 go dtí rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin,

·Dearbhú go mbeidh feidhm ag rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin ón 1 Eanáir 2026 idir na Páirtithe Conarthacha uile. Chuige sin, tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra go tréimhsiúil maidir le staid na himeartha i ndáil lena bprótacail dhéthaobhacha a thabhairt cothrom le dáta.

Chun a áirithiú go leanfar de shreafaí trádála bunaithe ar na féidearthachtaí maidir le carnadh atá ann faoi láthair go dtí go mbeidh bailchríoch ar an bpróiseas chun prótacail dhéthaobhacha uile UEM a ailíniú le rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin, ba cheart na rialacha atá sa Choinbhinsiúin faoi láthair leanúint de bheith infheidhme idir na Páirtithe Conarthacha a bhfuil rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin ag teacht i bhfeidhm ina leith.

Bheadh na rialacha atá sa Choinbhinsiún faoi láthair infheidhme i gcomhthráth leis na rialacha athbhreithnithe, rud a thabharfadh an deis d’oibreoirí eacnamaíocha rogha a dhéanamh idir an dá thacar rialacha tionscnaimh ag brath ar na slabhraí soláthair atá ann cheana.

Le rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin, mar aon leis na rialacha atá sa Choinbhinsiún faoi láthair, cruthófar dhá limistéar shainiúla carntha.

Ba cheart foráil a dhéanamh i rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin maidir le tréscaoilteacht idir an dá thacar rialacha tionscnaimh, trí chead a thabhairt feidhm a bheith ag an gcarnadh dá bhforáiltear in Airteagal 7 ar choinníoll go gcomhlíonann na táirgí atá i gceist ceanglais an dá thacar rialacha.

Chomhaontaigh na Páirtithe Conarthacha a bhfuil rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin á gcur i bhfeidhm acu gur cheart cruthúnas tionscnaimh arna eisiúint faoi na rialacha atá sa Choinbhinsiún faoi láthair a mheas go huathoibríoch mar chruthúnas bailí faoi rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin. Ós rud é nach bhfuil rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin chomh dian céanna i gcoitinne leis na rialacha atá sa Choinbhinsiún faoi láthair, d’fhéadfaí earraí lena gcomhlíontar na rialacha sin a cháiliú mar earraí tionscnaimh faoi rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin, cé is moite de roinnt táirgí talmhaíochta a aicmítear faoi Chaibidlí 2, 4 go 15, 16 (seachas táirgí iascaigh próiseáilte) agus faoi Chaibidlí 17 go 24.

Ba cheart an tréscaoilteacht a theorannú do na táirgí sin a bhfuil rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin níos maolaithe ina leith ná mar atá na rialacha atá sa Choinbhinsiún faoi láthair, agus do na táirgí sin amháin,

Ní fhéadfaí ach táirgí a chomhlíonann na rialacha atá sa Choinbhinsiún faoi láthair a mheas mar tháirgí tionscnaimh faoi rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin.

Dá bhrí sin, go bunúsach, thabharfadh an leasú atá beartaithe le tuiscint go ndéanfaí an córas atá ann cheana i limistéar UEM a mhacasamhlú, bunaithe ar chur i bhfeidhm comhuaineach na Rialacha idirthréimhseacha agus na rialacha atá sa Choinbhinsiún faoi láthair.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 5 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Comhchoiste a bunaíodh le comhaontú, mar atá an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara.

An gníomh a iarrtar ar an gComhchoiste a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Choinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Choinbhinsiúin.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.

Dá bhrí sin, is í an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is í an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, is ceart a bheith ina mbunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar an Coinbhinsiún le gníomh ón gComhchoiste, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara a mhéid a bhaineann le leasú ar Chinneadh 1/2023 ón gComhchoiste sin chun forálacha idirthréimhseacha a áireamh ar na leasuithe ar an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara is infheidhme ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thug an tAontas an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (an Coinbhinsiún) i gcrích le Cinneadh 2013/94/AE 6 ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm i ndáil leis an Aontas an 1 Bealtaine 2012.

(2)De bhun Airteagal 4(1) agus Airteagal 4(3), pointe (a), den Choinbhinsiún, féadfaidh an Comhchoiste a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún (an Comhchoiste) leasuithe ar an gCoinbhinsiún a ghlacadh trí chinntí.

(3)Tá an Comhchoiste, le linn an 16ú cruinniú dá chuid, le cinneadh a ghlacadh maidir le forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh.

(4)Leasaíodh an Coinbhinsiún le Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste 7 , a thiocfaidh i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025. Comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún go bhfuil gá le forálacha idirthréimhseacha chun sreafaí trádála a chaomhnú bunaithe ar na féidearthachtaí maidir le carnadh atá ann faoi láthair, go dtí go gcuirfear bailchríoch ar an bpróiseas chun na prótacail dhéthaobhacha uile a ailíniú le rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin.

(5)Comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún go mbeidh feidhm ag na forálacha idirthréimhseacha ar feadh tréimhse bliana, tréimhse dar tosach an uair a thiocfaidh an leasú ar an gCoinbhinsiún i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2025.

(6)An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste, is iomchuí é a leagan síos, ós rud é go mbeidh an Cinneadh ón gComhchoiste ina cheangal ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais san 16ú cruinniú den Chomhchoiste bunaithe ar an dréachtghníomh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 54, 26.2.2013, lch. 4.
(2)    Ní dhéanfar an tainmniú seo a fhorléiriú mar aitheantas gur ann do Stát na Palaistíne agus tá sé gan dochar do sheasaimh éagsúla na mBallstát ar an tsaincheist sin.
(3) *    Tá an t‑ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244 agus tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) maidir le Dearbhú Neamhspleáchais na Cosaive.
(4)    IO L, 2024/390, 19.2.2024.
(5)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:AE:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(6)    IO L 54, 26.2.2013.
(7)    Cinneadh Uimh. 1/2023 ó Chomhchoiste an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara an 7 Nollaig 2023 maidir leis an leasú ar an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (IO L, 2024/390, 19.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/390/oj).
Top

An Bhruiséil,8.10.2024

COM(2024) 443 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara a mhéid a bhaineann le leasú ar Chinneadh 1/2023 ón gComhchoiste sin chun forálacha idirthréimhseacha a áireamh ar na leasuithe ar an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara is infheidhme ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh


IARSCRÍBHINN

Dréacht

Cinneadh Uimh. X/2024 Ó CHOMHCHOISTE AN CHOINBHISIÚIN RÉIGIÚNAIGH MAIDIR LE RIALACHA TIONSCNAIMH FABHRACHA UILE-EORA-MHEÁNMHARA

an XX/XX/2024

lena leasaítear Cinneadh 1/2023 ón gComhchoiste d’fhonn forálacha idirthréimhseacha a áireamh ar na leasuithe ar an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le Rialacha Tionscnaimh Fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara is infheidhme ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh.

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Choinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara, agus go háirithe Airteagal 4(1) agus Airteagal 4(3) pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún, chomhaontaigh siad an leasú ar an gCoinbhinsiún d’fhonn foráil a dhéanamh maidir le tacar nua de rialacha tionscnaimh nuachóirithe níos solúbtha. Glacadh Cinneadh Uimh. 1/2023 maidir leis an leasú ar an gCoinbhinsiún an 7 Nollaig 2023 agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025 1 (rialacha leasaithe an Choinbhinsiúin).

(2)Comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha go bhfuil gá le forálacha idirthréimhseacha chun soiléiriú a dhéanamh ar an gcóir fhabhrach atá le deonú le haghaidh earraí a onnmhairítear ó Pháirtí Conarthach roimh theacht i bhfeidhm rialacha leasaithe an Choinbhinsiúin agus a allmhairítear isteach i bPáirtí Conarthach eile ina dhiaidh sin.

(3)Cruthúnais ar thionscnamh arna neisiúint nó arna dtarraingt suas roimh an 1 Eanáir 2025 i bPáirtí Conarthach i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur i bhfeidhm roghnach an Choinbhinsiúin go dtí go dtabharfar an leasú ar an gCoinbhinsiún i gcrích agus go dtiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm, ba cheart glacadh leo le haghaidh cóir fhabhrach tráth an allmhairithe tar éis an 1 Eanáir 2025.

(4)Cruthúnais ar thionscnamh arna neisiúint nó arna dtarraingt suas i gcomhréir le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara 2 nó arna neisiúint i gcomhréir leis na Prótacail a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin a tháinig roimh an gCoinbhinsiún roimh dháta theacht i bhfeidhm an leasaithe ar na prótacail dhéthaobhacha idir na Páirtithe Conarthacha atá chun an an tagairt don Choinbhinsiún arna leasú go deireanach a chur san áireamh, ba cheart glacadh leis na cruthúnais sin le haghaidh cóir fhabhrach tráth an allmhairithe tar éis an dáta sin.

(5)Chuir roinnt Páirtithe Conarthacha in iúl nach mbeidh siad in ann a bprótacail dhéthaobhacha maidir le rialacha tionscnaimh a thabhairt cothrom le dáta chun tagairt don Choinbhinsiún arna leasú go deireanach a chur san áireamh, roimh an 1 Eanáir 2025, mar gheall ar fhad a nósanna imeachta inmheánacha.

(6)Dá mbeadh moill ar roinnt Páirtithe Conarthacha na prótacail dhéthaobhacha a thabhairt cothrom le dáta chun tagairt don Choinbhinsiún arna leasú go deireanach a chur san áireamh, d’fhéadfadh sé go gcuirfí isteach ar na féidearthachtaí atá ann faoi láthair maidir le carnadh.

(7)Comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha go bhfuil gá le forálacha idirthréimhseacha chun sreafaí trádála a chaomhnú bunaithe ar na féidearthachtaí maidir le carnadh atá ann faoi láthair, go dtí go dtabharfar chun críche an próiseas chun na prótacail dhéthaobhacha uile a ailíniú chun tagairt don Choinbhinsiún arna leasú go deireanach a chur san áireamh. Ba cheart Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, mar arbh infheidhme í roimh na leasuithe a tugadh isteach le Cinneadh 1/2023 ón gComhchoiste, a bheith infheidhme go hidirthréimhseach idir na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún i gcomhthráth le rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin agus ba cheart carnadh a cheadú idir na tacair éagsúla rialacha nuair is féidir.

(8)Comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha gur forálacha teicniúla iad na forálacha idirthréimhseacha agus gur cheart iad a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir. I gcás inar féidir de réir reachtaíocht inmheánach na bPáirtithe Conarthacha, ba cheart a gcur i bhfeidhm sealadach a áirithiú.

(9)Comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha Cinneadh 1/2023 ón gComhchoiste a leasú chun a áireamh sa Choinbhinsiún athbhreithnithe na forálacha idirthréimhseacha sin is infheidhme ar feadh tréimhse bliana ó theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin athbhreithnithe go dtí an 31 Nollaig 2025.

(10)Déanfaidh gach Páirtí Conarthach bearta iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin i bhfeidhm go héifeachtach trí na prótacail dhéthaobhacha a ailíniú chun tagairt don Choinbhinsiún arna leasú go deireanach a chur san áireamh go dtí an 31 Nollaig 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leasófar Cinneadh 1/2023 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

2.   Tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,



IARSCRÍBHINN a ghabhann le Cinneadh Uimh. X/2024
Ó CHOMHCHOISTE AN CHOINBHISIÚIN RÉIGIÚNAIGH MAIDIR LE RIALACHA TIONSCNAIMH FABHRACHA UILE-EORA-MHEÁNMHARA

Airteagal aonair

Leasú ar Chinneadh 1/2023 ó Chomhchoiste an Choinbhinsiúin réigiúnaigh maidir le rialacha fabhracha tionscnaimh Uile-Eora-Mheánmhara

Cinneadh Uimh. 1/2023 ó Chomhchoiste an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le Rialacha Tionscnaimh Fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara an 7 Nollaig 2023 (Cinneadh 1/2023) maidir leis an leasú ar an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (an Coinbhinsiún); leasaítear é mar a leanas:

1.San Airteagal Aonair den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 1/2023, pointe (1), Airteagal 1(5), cuirtear Airteagal 42 ‘Forálacha idirthréimhseacha’ isteach i bhFoscríbhinn I.

‘Airteagal 42

Forálacha idirthréimhseacha

1.Beidh Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún arna foilsiú in IO L 54/4 an 26 Feabhra 2013 infheidhme idir na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún go dtí an 31 Nollaig 2025 i gcomhthráth leis an bhFoscríbhinn seo.

2.Cruthúnais ar thionscnamh a eiseofar nó a tharraingeofar suas roimh an 1 Eanáir 2025 i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur i bhfeidhm roghnach an Choinbhinsiúin go dtí go dtabharfar an leasú ar an gCoinbhinsiún (na rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh) i gcrích agus go dtí go dtiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm agus na cruthúnais sin a chuirfear isteach tar éis an dáta sin, laistigh dá dtréimhse bhailíochta, glacfar leo le haghaidh cóir fhabhrach tráth an allmhairithe i gcás earraí a bheidh, an 1 Eanáir 2025, faoi bhealach nó a chuirfear faoi nós imeachta speisialta faoi rialú custaim. Féadfar na hearraí sin a úsáid le haghaidh carnadh dá bhforáiltear in Airteagal 7.

3.I gcásanna ina dtíolactar cruthúnais ar thionscnamh go déanach nó i gcásanna ina dtarraingítear suas nó ina neisítear cruthúnais ar thionscnamh roimh an 1 Eanáir 2025 i gcomhréir leis na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh, beidh feidhm ag Airteagal 23, míreanna (2) agus (3), maidir leis na hearraí a luaitear i mír 2 den airteagal seo.

4.Cruthúnais ar thionscnamh arna neisiúint nó arna dtarraingt suas i gcomhréir le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún arna fhoilsiú in IO L 54/4 an 26 Feabhra 2013 nó arna neisiúint i gcomhréir leis na rialacha tionscnaimh atá sna Prótacail a tháinig roimh an gCoinbhinsiún roimh dháta theacht i bhfeidhm an leasaithe ar na prótacail dhéthaobhacha idir na Páirtithe Conarthacha atá chun an tagairt don Choinbhinsiún arna leasú go deireanach a chur san áireamh, agus arna dtíolacadh tar éis an dáta sin, glacfar leis na cruthúnais sin laistigh dá dtréimhse bhailíochta le haghaidh cóir fhabhrach tráth an allmhairithe i gcás earraí a bheidh, ar an dáta sin, faoi bhealach nó a chuirfear faoi nós imeachta speisialta faoi rialú custaim. I gcás ina dtíolacfar na cruthúnais sin go déanach, beidh feidhm ag Airteagal 23, míreanna (2) agus (3).

5.Cruthúnais ar thionscnamh arna neisiúint nó arna dtarraingt suas roimh an 1 Eanáir 2026 i gcomhréir le mír 1 nó i gcomhréir leis na rialacha tionscnaimh atá sna Prótacail a tháinig roimh an gCoinbhinsiún agus a thíolactar tar éis an dáta sin laistigh dá dtréimhse bhailíochta, glacfar leo le haghaidh cóir fhabhrach tráth an allmhairithe i gcás earraí a bheidh, an 1 Eanáir 2026, faoi bhealach nó a chuirfear faoi nós imeachta speisialta faoi rialú custaim. I gcás ina dtíolacfar na cruthúnais sin go déanach, beidh feidhm ag Airteagal 23, míreanna (2) agus (3).

6.Chun críche fíoraithe, beidh feidhm ag Airteagal 33, mír 2, Airteagal 34 agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 35 freisin maidir le cruthúnais ar thionscnamh arna neisiúint nó arna dtarraingt suas i gcomhréir leis na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh agus cruthúnais ar thionscnamh arna neisiúint nó arna dtarraingt suas i gcomhréir leis na Prótacail a tháinig roimh an gCoinbhinsiún is infheidhme roimh an 1 Eanáir 2025.

7.Chun críche fíoraithe, beidh feidhm ag Airteagal 33, mír 2 agus Airteagal 34 freisin má thíolactar an iarraidh ar fhíorú tar éis an 1 Eanáir 2026 nó tar éis dháta theacht i bhfeidhm an leasaithe ar na prótacail dhéthaobhacha idir na Páirtithe Conarthacha atá chun an tagairt don Choinbhinsiún arna leasú go deireanach a chur san áireamh, i gcás cruthúnais tionscnaimh arna neisiúint nó arna dtarraingt suas i gcomhréir le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún arna fhoilsiú in IO L54/4 an 26 Feabhra 2013 agus sna Prótacail a thagann roimh an gCoinbhinsiún.

8.Tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra dá chéile, gach 4 mhí, tríd an gCoimisiún Eorpach, faoin staid mar atá maidir lena bprótacail dhéthaobhacha a thabhairt cothrom le dáta chun an tagairt don Choinbhinsiún arna leasú go deireanach a chur san áireamh agus faoi na bearta a rinneadh chun a áirithiú go gcuirfear rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin i bhfeidhm go héifeachtach an 1 Eanáir 2026.

9.Áireofar sna deimhnithe gluaiseachta EUR.1 a eiseofar i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn seo an ráiteas i mBéarla ‘REVISED RULES’ i mbosca 7. Cuirfear an ráiteas sin isteach freisin ag deireadh théacs an dearbhaithe tionscnaimh arna tharraingt suas i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn seo. Áireofar an ráiteas sna cruthúnais ar thionscnamh go dtí an 31 Nollaig 2025.’

2.San Airteagal Aonair den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 1/2023, pointe (1), Airteagal 1(5), cuirtear Mír 1a isteach in Airteagal 8 i bhFoscríbhinn I.

‘1a. Féadfar an carnadh dá bhforáiltear in Airteagal 7 a chur i bhfeidhm maidir le hearraí a aicmítear faoi Chaibidlí 1, 3, 16 (le haghaidh táirgí iascaigh próiseáilte) agus faoi Chaibidlí 25 go 97 den Chóras Comhchuibhithe a bhfuil stádas tionscnaimh faighte acu trí na rialacha tionscnaimh a áirítear in Airteagal 42, mír 1, agus na forálacha ábhartha d’Fhoscríbhinn II a chur i bhfeidhm agus trí na rialacha tionscnaimh a áirítear sna Prótacail a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin a tháinig roimh an gCoinbhinsiún a chur i bhfeidhm, ar choinníoll gur de thionscnamh na bPáirtithe Conarthacha iad ábhair agus táirgí a bhféadfar carnadh a dhéanamh ina leith, mar a fógraíodh san ‘fhógra ón gCoimisiún a bhaineann le cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara nó na prótacail maidir le rialacha tionscnaimh lena bhforáiltear maidir le carnadh trasnánach idir na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún seo’, mar a foilsíodh go deireanach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an mír seo ar feadh na tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 31, mír 1, maidir le hearraí atá cumhdaithe ag na cruthúnais tionscnaimh a luaitear in Airteagal 42, míreanna 4 agus 5.’

(1)    IO L, 2024/390, 19.2.2024.
(2)    IO L 54, 26.2.2013, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/94(1)/oj.
Top