AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.8.2024
COM(2024) 379 final
2024/0209(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV)
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024PC0379
Proposal for a COUNCIL DECISION on the position to be taken on behalf of the European Union in the International Organisation of Vine and Wine (OIV)
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV)
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV)
COM/2024/379 final
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.8.2024
COM(2024) 379 final
2024/0209(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gCinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhthionól Ginearálta de chuid OIV an 18 Deireadh Fómhair 2024 i ndáil leis na rúin ó OIV a bhfuil sé beartaithe iad a ghlacadh a bhféadfadh éifeachtaí dlíthiúla ar dhlí an Aontais a bheith mar thoradh orthu.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An stádas ar leith atá ag an Aontas laistigh de OIV
Tá 50 Stát ina gcomhaltaí de OIV faoi láthair, lena n‑áirítear 20 Stát ar Ballstáit den Aontas iad. Níl an tAontas ina chomhalta de OIV. Mar sin féin, ón 20 Deireadh Fómhair 2017, tá an stádas ar leith dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialacha Nós Imeachta OIV á dheonú ag OIV don Aontas, ar stádas é lena gcuirfear ar a chumas idirghabháil in oibreacha na gCoimisiún, na bhFo-Choimisiún agus na ngrúpaí saineolaithe agus freastal a dhéanamh ar chruinnithe an Tionóil Ghinearálta agus an Choiste Feidhmiúcháin.
2.2.OIV
Is eagraíocht eolaíoch, theicniúil, idir-rialtasach í an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV) atá gníomhach in earnáil an fhíonsaothraithe, deochanna fíonbhunaithe, fíonchaora boird, rísíní agus táirgí fíniúna eile. Is iad cuspóirí OIV (i) eolas a sholáthar maidir le bearta lena bhféadfar ábhair imní na dtáirgeoirí, na dtomhaltóirí agus imreoirí eile in earnáil na dtáirgí fíniúna agus fíona a thabhairt san áireamh, (ii) cúnamh a thabhairt d’eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí caighdeánúcháin agus (iii) cur le comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcleachtas agus na gcaighdeán atá ann cheana.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag OIV
Reáchtálfar an chéad Tionól Ginearálta eile de chuid OIV an 18 Deireadh Fómhair 2024. Sa chomhthéacs sin agus ar bhonn pléití a rinneadh i measc an ghrúpa saineolaithe ag cruinnithe i mí Aibreáin 2024, is féidir a mheas go mbeidh na rúin seo a leanas, a mbeidh éifeacht dhlíthiúil acu ar dhlí an Aontais, ar chlár an Tionóil Ghinearálta lena nglacadh:
–Dréachtrún OENO-MICRO 23-740 lena leathnaítear raon feidhme roinnt rún atá ann cheana,
–Dréachtrún OENO-SPECIF 23-723 lena modhnaítear monagraf OIV atá ann cheana,
–Dréachtrúin OENO-TECHNO 15-581B agus OENO-TECHNO 20-672B lena leagtar síos cleachtais nua fhíoneolaíocha.
Faoi mar a bhí san am a chuaigh thart, is féidir a mheas go dtiocfaidh éabhlóid ar chlár chruinniú Thionól Ginearálta OIV agus go gcuirfear ar an gclár rúin eile a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ar dhlí an Aontais mar thoradh orthu. Chun éifeachtúlacht obair an Tionóil Ghinearálta a áirithiú agus sin a dhéanamh ar dhóigh a thugann urraim do rialacha na gConarthaí, déanfaidh an Coimisiún forlíonadh nó leasú in am trátha ar an togra seo chun é a chur ar a cumas don Chomhairle an seasamh a ghlacadh a bheidh le glacadh maidir leis na rúin sin freisin.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Rinne saineolaithe eolaíocha agus teicniúla de chuid earnáil an fhíona plé fairsing ar na dréachtrúin a chuirfear chun vóta ag an gcéad Tionól Ginearálta eile de chuid OIV. Cuireann siad le comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcaighdeán fíona agus leagfar amach leo creat lena n‑áiritheofar iomaíocht chóir i dtrádáil tháirgí earnáil an fhíona. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leo.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE bíodh an tAontas ina chomhalta den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú, nó ná bíodh 1 .
Cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 2 .
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is eagraíocht eolaíoch, theicniúil, idir-rialtasach í an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV) atá gníomhach in earnáil an fhíonsaothraithe, deochanna fíonbhunaithe, fíonchaora boird, rísíní agus táirgí fíniúna eile. Tá 50 Stát ina gcomhaltaí de OIV faoi láthair, lena n‑áirítear 20 Stát ar Ballstáit den Aontas iad. Níl an tAontas ina chomhalta de OIV. Mar sin féin, ón 20 Deireadh Fómhair 2017, tá an stádas ar leith dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialacha Nós Imeachta OIV á dheonú ag OIV don Aontas, ar stádas é lena gcuirfear ar a chumas idirghabháil in oibreacha na gCoimisiún, na bhFo-Choimisiún agus na ngrúpaí saineolaithe agus freastal a dhéanamh ar chruinnithe an Tionóil Ghinearálta agus an Choiste Feidhmiúcháin.
De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún, bíonn éifeacht dhlíthiúil ar dhlí an Aontais le rúin áirithe arna nglacadh agus arna bhfoilsiú ag OIV. Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhairle seasamh an Aontais maidir leis na rúin sin i ndáil le hábhair atá faoina inniúlacht a ghlacadh agus ba cheart do na Ballstáit ar comhaltaí de OIV iad é a chur in iúl ag cruinnithe OIV, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta le haghaidh an Chinnidh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir na ndréachtrún atá beartaithe le comhchuibhiú na gcaighdeán fíona agus dá bhrí sin le cur chun feidhme comhbheartas talmhaíochta. Dá bhrí sin, is é Airteagal 43 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is é Airteagal 43 ba cheart a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Neamhbhainteach.
2024/0209 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Déanfaidh an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV) scrúdú ar rúin a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla leo chun críocha Airteagal 218(9) CFAE sa chéad Tionól Ginearálta eile a bheidh aici an 18 Deireadh Fómhair 2024 agus d’fhéadfadh sé go nglacfadh sí na rúin sin.
(2)Níl an tAontas ina chomhalta de OIV. Mar sin féin, an 20 Deireadh Fómhair 2017, bhronn OIV ar an Aontas an stádas ar leith dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialacha Nós Imeachta OIV.
(3)Tá 20 Ballstát ina gcomhaltaí de OIV. Beidh deis ag na Ballstáit sin leasuithe ar na dréachtrúin ó OIV a mholadh agus iarrfar orthu na dréachtrúin sin a ghlacadh ag an gcéad Chomhthionól Ginearálta eile de chuid OIV an 18 Deireadh Fómhair 2024.
(4)Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhairle seasamh an Aontais maidir leis na rúin sin i ndáil le hábhair atá faoina inniúlacht a ghlacadh agus ba cheart do na Ballstáit ar comhaltaí de OIV iad é a chur in iúl ag cruinnithe OIV, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.
(5)De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún 4 , beidh éifeachtaí dlíthiúla le rúin áirithe arna nglacadh agus arna bhfoilsiú ag OIV.
(6)Foráiltear le hAirteagal 80(3), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 go mbeidh ar an gCoimisiún na cleachtais fhíoneolaíocha agus na modhanna anailíse a mhol agus a d’fhoilsigh OIV a thabhairt san áireamh agus cleachtais fhíoneolaíocha á n‑údarú aige.
(7)Foráiltear le hAirteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le táirgí earnáil an fhíona a allmhairítear chun an Aontais, go dtáirgfear na táirgí sin i gcomhréir le cleachtais fhíoneolaíocha arna n‑údarú ag an Aontas de bhun an Rialacháin sin nó, roimh an údarú sin, go dtáirgfear iad i gcomhréir le cleachtais fhíoneolaíocha arna moladh agus arna bhfoilsiú ag OIV.
(8)Foráiltear le hAirteagal 9(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934, i gcás nach leagann an Coimisiún síos iad, gurb iad na sonraíochtaí íonachta agus na sonraíochtaí aitheantais a bhaineann le substaintí a úsáidtear i gcleachtais fhíoneolaíocha na sonraíochtaí dá dtagraítear i gcolún 4 de Thábla 2 i gCuid A d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, a thagraíonn do mholtaí OIV.
(9)Le Dréachtrún OENO-MICRO 23-740, leathnaítear raon feidhme roinnt rún chun giostaí neamh-Shiúcraimíceas a chumhdach d’fhonn a n‑úsáid a rialáil. I gcomhréir le hAirteagal 80(3), pointe (a), agus Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, beidh éifeachtaí dlíthiúla leis an Rún sin.
(10)Le Dréachtrún OENO-SPECIF 23-723, déantar próitéin chruithneachta a tharraingt siar ó dhoiciméid uile OIV, lena n‑áirítear an Coidéacs Idirnáisiúnta Fíoneolaíochta agus an Cód Idirnáisiúnta um Chleachtais Fhíoneolaíocha. I gcomhréir le hAirteagal 80(3), pointe (a), agus Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus le hAirteagal 9 Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934, beidh éifeachtaí dlíthiúla leis an Rún sin.
(11)Le Dréachtrún OENO-TECHNO 15-581B, leagtar síos cleachtas fíoneolaíoch nua chun feabhas a chur ar an aigéadacht i bhfíon trí aigéad fúmarach a úsáid. Le Dréachtrún OENO-TECHNO 20-672B, leagtar síos cleachtas fíoneolaíoch nua le haghaidh cobhsú próitéine fíonta trí shilice mhéiseapóiriúil fheidhmiúil a úsáid. I gcomhréir le hAirteagal 80(3), pointe (a), agus Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, beidh éifeachtaí dlíthiúla leis na Rúin sin.
(12)Rinne saineolaithe eolaíocha agus teicniúla earnáil an fhíona plé fairsing ar na Dréachtrúin sin ó OIV. Cuireann siad le comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcaighdeán fíona agus leagfar amach leo creat lena n‑áiritheofar iomaíocht chóir i dtrádáil tháirgí earnáil an fhíona. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leo.
(13)Chun go mbeidh an tsolúbthacht is gá ann le linn na caibidlíochta roimh chruinniú Chomhthionól Ginearálta OIV an 18 Deireadh Fómhair 2024, ba cheart údarú a thabhairt do na Ballstáit ar comhaltaí de OIV iad aontú le hathruithe ar na dréachtrúin sin ó OIV ar choinníoll nach n‑athraítear a substaint leis na hathruithe sin,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach san Iarscríbhinn an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhthionól Ginearálta OIV atá beartaithe don 18 Deireadh Fómhair 2024.
Airteagal 2
Déanfaidh na Ballstáit den Aontas atá ina gcomhaltaí de OIV, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur in iúl.
Airteagal 3
1.I gcás inar dóigh go ndéanfar difear, le faisnéis eolaíoch nua nó faisnéis theicniúil nua arna cur i láthair roimh chruinnithe OIV, nó lena linn, don seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, iarrfaidh na Ballstáit ar Comhaltaí de OIV iad go gcuirfear an vótáil i dTionól Ginearálta OIV ar athlá go dtí go leagfar síos seasamh an Aontais ar bhonn na faisnéise nua sin.
2.Tar éis comhordúcháin agus in éagmais cinneadh eile ón gComhairle lena leagtar síos seasamh an Aontais, féadfaidh na Ballstáit ar Comhaltaí de OIV iad, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais, aontú le hathruithe teicniúla ar na dréachtrúin dá dtagraítear san Iarscríbhinn nach n‑athraítear a substaint leo.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.8.2024
COM(2024) 379 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV)
IARSCRÍBHINN
Na Ballstáit den Aontas atá ina gcomhaltaí den Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV), ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais, tacóidh siad leis na dréachtrúin seo a leanas ag céim 7 le linn Thionól Ginearálta OIV atá beartaithe don 18 Deireadh Fómhair 2024, agus beidh an tacaíocht sin faoi réir aon athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar bhonn forbairtí nua:
–OENO-MICRO 23-740: Nuashonrú ar mhonagraif maidir le táirgí agus fotháirgí giostaí neamh-Shiúcraimíceas;
–OENO-SPECIF 23-723: Nuashonrú ar mhonagraf agus ar chód maidir le próitéin de bhunadh plandaí (cruithneacht a aistarraingt);
–OENO-TECHNO 15-581B: Cóireáil le haigéad fúmarach i bhfíon le haghaidh aigéadaithe;
–OENO-TECHNO 20-672B: Cóireáil le silice mhéiseapóiriúil fheidhmiúil chun fíonta a chobhsú ó thaobh próitéine de.