AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.7.2024
COM(2024) 341 final
2024/0200(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhochoiste Custaim arna bhunú leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú a dhéanamh ar Phrótacal I a ghabhann leis an gComhaontú sin a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin i ndáil leis an tréscaoilteacht idir an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gCinneadh lena leagfar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i bhFochoiste Custaim an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia i ndáil le Cinneadh a bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh, Cinneadh lena leasófar Prótacal I den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile
Is é is aidhm don Chomhaontú Comhlachais (an Comhaontú) idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, comhtháthú eacnamaíoch na Seoirsia i Margadh Inmheánach an Aontais a bhaint amach de réir a chéile. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.
2.2.An Fochoiste Custaim
Féadfaidh an Fochoiste Custaim, arna bhunú i gcomhréir le forálacha Airteagal 74(1) den Chomhaontú, a chinneadh leasú a dhéanamh ar fhorálacha Phrótacal I a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin (Airteagal 4 de Phrótacal I). Is trí chomhaontú idir an dá Pháirtí a tharraingíonn an Fochoiste Custaim suas a chuid cinntí agus moltaí.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag an bhFochoiste Custaim
Sa chéad chruinniú eile a bheidh ag an bhFochoiste Custaim, nó trí mhalartú litreacha, tá sé le Cinneadh a ghlacadh maidir le leasú a dhéanamh ar fhorálacha Phrótacal I a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin (an gníomh atá beartaithe).
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Le linn an chéad chruinnithe theicniúil maidir le Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh a tionóladh sa Bhruiséil an 5 Feabhra 2020, chomhaontaigh tromlach na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (an Coinbhinsiún) rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin (na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh) a chur chun feidhme i gcomhthráth le rialacha an Choinbhinsiúin, ar bhonn déthaobhach idirthréimhseach, go dtí go nglacfaí rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin.
Tá líonra prótacal déthaobhach i bhfeidhm maidir le rialacha tionscnaimh idir na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún ó bhí an 1 Meán Fómhair 2021 ann, rud a fhágann go bhfuil feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha, lena n-áirítear feidhm a bheith acu idir an tAontas agus an tSeoirsia.
Is é is cuspóir do na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh rialacha níos maolaithe a thabhairt isteach chun cáiliú an stádais tionscnaimh fhabhraigh maidir le hearraí a éascú. Ós rud é go bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh níos maolaithe i gcoitinne ná na rialacha atá sa Choinbhinsiún, d’fhéadfaí earraí lena gcomhlíontar rialacha an Choinbhinsiúin a cháiliú mar earraí tionscnaimh faoi na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh freisin, cé is moite de roinnt táirgí talmhaíochta a aicmítear faoi Chaibidlí 2, 4 go 15, agus 16 (seachas táirgí iascaigh próiseáilte) agus faoi Chaibidlí 17 go 24 den Chóras Comhchuibhithe, ós rud é, i gcás na dtáirgí sin, go bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh éagsúil le rialacha an Choinbhinsiúin nó níos déine ná iad.
Tá na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh infheidhme i gcomhthráth le rialacha tionscnaimh an Choinbhinsiúin, rud lena gcruthaítear dhá limistéar shainiúla carntha.
Déantar foráil leis na Rialacha idirthréimhseacha maidir le tréscaoilteacht idir an dá shraith rialacha tionscnaimh, trí chead a thabhairt cruthúnas cúlghabhálach tionscnaimh a eisiúint ar bhonn cruthúnais arna eisiúint i gcomhréir le rialacha Choinbhinsiún, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na táirgí atá i gceist ceanglais an dá shraith rialacha.
Leis an bhforáil atá ann faoi láthair sna Rialacha idirthréimhseacha maidir le tréscaoilteacht idir an dá shraith rialacha tionscnaimh (Airteagal 21(1), pointe (d) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann leis an bPrótacal maidir le rialacha tionscnaimh), cruthaíodh nós imeachta custaim anásta lena gcuirtear bac ar na hoibreoirí eacnamaíocha tairbhiú go hiomlán de na buntáistí a thagann as na Rialacha idirthréimhseacha a chur i bhfeidhm i gcomhthráth leis an gCoinbhinsiún.
Tá sé comhaontaithe ag na páirtithe na Rialacha idirthréimhseacha a chur i bhfeidhm roimh ré, chun na sreafaí trádála agus na cleachtais chustaim a oiriúnú do theacht i bhfeidhm an leasaithe ar an gCoinbhinsiún (ar a bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha bunaithe), leasú atá ar na bacáin. Is iomchuí, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm na tréscaoilteachta a éascú don tréimhse atá fágtha de chur i bhfeidhm na Rialacha idirthréimhseacha, go dtí go dtiocfaidh an leasú ar an gCoinbhinsiún i bhfeidhm.
Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 8 d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal I a leasú chun cur i bhfeidhm na tréscaoilteachta atá ann cheana idir an Coinbhinsiún agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh a éascú.
An seasamh atá le glacadh ag an Aontas san Fhochoiste Custaim, ba cheart don Chomhairle an seasamh sin a bhunú.
Is de chineál teicniúil é an leasú atá beartaithe agus baineann sé leis na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh is infheidhme faoi láthair idir na Páirtithe agus ní dhéanann sé difear do shubstaint an phrótacail maidir le rialacha tionscnaimh. Dá bhrí sin, ní gá measúnú tionchair a dhéanamh ina leith.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é an Fochoiste Custaim a bunaíodh le comhaontú, mar atá, an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile.
An gníomh a iarrtar ar an bhFochoiste Custaim a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis.
Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, mar atá, an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.
Dá bhrí sin, is í an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is í an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) ba cheart a bheith ina bunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
5.Impleacht Bhuiséadach
An simpliú maidir le tréscaoilteacht idir an Coinbhinsiún agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh, níl aon tionchar intomhaiste aige ar bhuiséad an Aontais ós rud é go mbaineann a raon feidhme go príomha le héascú na trádála agus comhdhlúthú cleachtas nua-aimseartha na n-údarás custaim. Dírítear leis an simpliú ar na réimsí atá fós faoi inniúlacht na n-údarás gan é tionchar a imirt ar shubstaint na rialacha óna bhfaigheann earraí stádas tionscnaimh fabhrach, agus éascaítear leis cur i bhfeidhm phrionsabal na tréscaoilteachta atá ann cheana.
6.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é, leis an ngníomh ón bhFochoiste Custaim, go leasófar Prótacal I a ghabhann leis an gComhaontú, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2024/0200 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhochoiste Custaim arna bhunú leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú a dhéanamh ar Phrótacal I a ghabhann leis an gComhaontú sin a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin i ndáil leis an tréscaoilteacht idir an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (an Comhaontú), rinne an tAontas é a thabhairt i gcrích le Cinneadh 2014/495/Euratom ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.
(2)De bhun Airteagal 74(3) den Chomhaontú, féadfaidh an Fochoiste Custaim cinntí a ghlacadh. De bhun Airteagal 4 de Phrótacal I a ghabhann leis an gComhaontú, féadfaidh an Fochoiste Custaim a bunaíodh le hAirteagal 74(1) den Chomhaontú sin (an Fochoiste Custaim) a chinneadh forálacha an Phrótacail sin a leasú.
(3)Tá an Fochoiste Custaim le Cinneadh a ghlacadh le linn an chéad chruinnithe eile dá chuid maidir le Prótacal I a ghabhann leis an gComhaontú a leasú.
(4)An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais san Fhochoiste Custaim, is iomchuí é a leagan síos, ós rud é go mbeidh an Cinneadh ón bhFochoiste Custaim ina cheangal ar an Aontas.
(5)Le linn an chéad chruinnithe theicniúil maidir le Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh a tionóladh sa Bhruiséil an 5 Feabhra 2020, chomhaontaigh tromlach na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (an Coinbhinsiún) rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin (na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh) a chur chun feidhme i gcomhthráth le rialacha an Choinbhinsiúin, ar bhonn déthaobhach idirthréimhseach, go dtí go nglacfaí rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin.
(6)Le cur i bhfeidhm na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh, áirithítear oiriúnú na sreafaí trádála agus na gcleachtas custaim go dtí go dtiocfaidh rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025, rialacha ar a bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh bunaithe.
(7)Tháinig líonra prótacal déthaobhach i bhfeidhm cheana maidir le rialacha tionscnaimh idir Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún, rud a fhágann go bhfuil feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh ó bhí an 1 Meán Fómhair 2021 ann.
(8)Is é is cuspóir do na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh rialacha níos maolaithe a thabhairt isteach chun cáiliú an stádais tionscnaimh fhabhraigh le haghaidh earraí a éascú. Ós rud é go bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh níos maolaithe i gcoitinne ná na rialacha atá sa Choinbhinsiún, d’fhéadfaí earraí lena gcomhlíontar rialacha an Choinbhinsiúin a cháiliú mar earraí tionscnaimh faoi na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh freisin, cé is moite de roinnt táirgí talmhaíochta a aicmítear faoi Chaibidlí 2, 4 go 15, agus 16 (seachas táirgí iascaigh próiseáilte) agus faoi Chaibidlí 17 go 24 den Chóras Comhchuibhithe. Tá na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh infheidhme i gcomhthráth le rialacha tionscnaimh an Choinbhinsiúin, rud lena gcruthaítear dhá limistéar shainiúla carntha. Dá bhrí sin, chun cur i bhfeidhm na tréscaoilteachta idir an Coinbhinsiún agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh dá bhforáiltear le hAirteagal 21(1), pointe (d) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal I den Chomhaontú a éascú, ba cheart Airteagal 8 d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal I den Chomhaontú a leasú,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais san Fhochoiste Custaim arna bhunú leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Prótacal I a ghabhann leis an gComhaontú sin a leasú, beidh an seasamh sin bunaithe ar an dréachtchinneadh ón bhFochoiste Custaim atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán