Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024PC0278

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann leis an deimhniú díolúine leictreonach ó CBL

COM/2024/278 final

An Bhruiséil,8.7.2024

COM(2024) 278 final

2024/0152(CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann leis an deimhniú díolúine leictreonach ó CBL


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is é is aidhm leis an togra Treoir 2006/112/CE ón gComhairle 1 (an Treoir maidir le CBL) a leasú chun deimhniú díolúine leictreonach a thabhairt isteach lena ndeimhnítear go gcáilíonn an tidirbheart do dhíolúine shonrach faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 151(1) den Treoir.

Déantar foráil in Iarscríbhinn II den Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle 2 (an Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le CBL) maidir le deimhniú díolúine ó CBL agus/nó dleacht mháil, ar dearadh an deimhniú sin le láimhseáil mar leagan páipéir agus a shíneofar de láimh. Chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit coinneáil suas leis na héilimh mhéadaithe san aois dhigiteach agus an tualach riaracháin ar ghnólachtaí a laghdú, ba cheart an deimhniú nua leictreonach a chur in ionad an leagain reatha pháipéir. Ina theannta sin, leis an aistriú go leagan leictreonach, beidh na Ballstáit in ann na hoibleagáidí a fhorchuireann reachtaíocht na mBallstát 3 orthu a chomhlíonadh lena gceanglófar orthu na modhanna teicniúla is gá a chur i bhfeidhm chun doiciméid ríomhshínithe a phróiseáil go leictreonach nuair a úsáidtear seirbhís ar líne arna soláthar ag comhlacht poiblí, nó arna soláthar thar ceann chomhlacht poiblí.

Tá an tionscnamh sin ann chun ailíniú le réimse na ndleachtanna máil, i gcás ina bhfuil nósanna imeachta leictreonacha indéanta cheana 4 .

Cuirfidh sé ar a chumas don Choimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na sonraí teicniúla agus sonraíochtaí teicniúla a bhaineann le formáid leictreonach is infheidhme an deimhnithe agus leis an gcaoi a bpróiseálfar é go leictreonach. Ba cheart na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Chomhar Riaracháin arna bhunú le hAirteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 5 ón gComhairle, agus an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 á chur i bhfeidhm 6 .

Is toradh é an togra seo ar mhionanailís ar indéantacht tabhairt isteach an deimhnithe díolúine leictreonaigh, mar aon leis na costais a bhaineann leis an deimhniú sin, a rinneadh arna iarraidh sin do na Ballstáit, ar togra é lenar tarraingíodh an eilimint sin ó thogra níos luaithe ón gCoimisiún ó mhí Aibreáin 2021 7 (an togra ‘ceannaigh agus deonaigh’ mar a thugtar air) agus lenar iarradh tuilleadh léargais ar na gnéithe cur chun feidhme nuair a glacadh na leasuithe comhfhreagracha ar an Treoir maidir le CBL i mí Iúil 2021 8 .

Tar éis an tacaíocht leathan sin do chlaochlú leictreonach an deimhnithe díolúine a cuireadh in iúl ag an 36ú cruinniú den Ghrúpa maidir le Todhchaí CBL i mí na Nollag 2021, thug Grúpa Saineolaithe SCAC 9 , i mí Bealtaine 2022, sainordú do SCIT 10 staidéar a dhéanamh ar indéantacht agus costais tionscadail den chineál sin, mar aon le hindéantacht agus costais a bhaineann le gnéithe cur chun feidhme an tionscadail sin. Le linn a 27ú cruinniú i mí Feabhra 2023 11 , phléigh Grúpa Saineolaithe SCAC toradh an staidéir teicniúil sin 12 .

Le linn an 43ú cruinniú den Ghrúpa maidir le Todhchaí CBL a reáchtáladh i mí na Samhna 2023, thángthas ar chomhdhearcadh maidir le prionsabal i ndáil le réiteach digiteach a shocrú don deimhniú díolúine agus tús áite á tabhairt do rogha lena mbaineann ríomhfhoirm PDF mar aon le próiseas iomlán leictreonach. Tá sé de bhuntáiste ag an réiteach teicniúil sin tógáil ar na caighdeáin a forbraíodh cheana toisc go bhfuil sé bunaithe ar chruachadh teicniúil AS TAXUD agus teicneolaíochtaí foinse oscailte, rud a fhágfaidh go mbeidh sé réidh le cur i bhfeidhm i lárionaid sonraí AS TAXUD. Leanfaidh hidirphlé teicniúil leis na Ballstáit in SCAC agus SCIT, lena n‑áirítear tuilleadh anailíse ar shonraí teicniúla, rud a fhágfaidh go mbeidh na Ballstáit in ann na heilimintí is gá a fháil chun a gcostais a ríomh.

I bhfianaise an líon mór tionscadal TF atá rompu faoi láthair, beidh cead ag na Ballstáit leanúint den leagan páipéir den deimhniú díolúine a úsáid thar idirthréimhse go dtí an 30 Meitheamh 2030. Chun é a dhéanamh chomh héasca agus is féidir do na Ballstáit aistriú chuig an nós imeachta teicniúil, ba cheart an rogha sin a dhéanamh solúbtha agus a chur ar fáil ar bhonn idirbheart ar idirbheart.

Ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil agus simpliú riaracháin, agus chun costais bhreise cur chun feidhme TF a sheachaint, ní dhéanfar idirdhealú idir idirbhearta intíre agus idirbhearta trasteorann agus an deimhniú díolúine leictreonach á chur i bhfeidhm. Cuirfear an deimhniú díolúine leictreonach i bhfeidhm freisin má dheonaítear díolúine trí bhíthin CBL a aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 151(2) den Treoir maidir le CBL.

Ina theannta sin, déanann an togra seo foráil nua maidir leis an gcomhlacht incháilithe nó duine aonair incháilithe a d’eisigh an deimhniú a bheith faoi dhliteanas i leith íoc as aon CBL atá dlite, i gcás mura gcomhlíontar coinníollacha díolúine nó mura mbeidh feidhm acu a thuilleadh. I gcásanna den chineál sin, bheadh an duine inchánach faoi mhíbhuntáiste míchuí má iarrtar ar an duine sin CBL breise a íoc, toisc nach mbeadh ach an comhlacht incháilithe nó duine aonair incháilithe ar an eolas faoin bhfaisnéis ábhartha maidir leis na coinníollacha díolúine a chomhlíonadh. Ina theannta sin, tá soiléiriú den chineál sin riachtanach chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint. Chun ualaí neamhriachtanacha a sheachaint sna cásanna eisceachtúla sin, féadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun cead a thabhairt do chomhlachtaí nó daoine aonair incháilithe íoc as CBL atá dlite gan gá le clárúchán iomlán CBL.

Maidir leis an gclásal bailíochtaithe uathoibríoch dá bhforáiltear in Airteagal 51(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le CBL, beidh an clásal sin fós i bhfeidhm sa nós imeachta nua leictreonach. Dá bhrí sin, má tá na hearraí nó seirbhísí bearthaithe don úsáid oifigiúil, féadfaidh na Ballstáit scaoileadh leis an gceanglas ar an gcomhlacht inniúil nó an duine aonair ríomhshíniú ón mBallstát óstach a fháil ar an deimhniú díolúine faoi na coinníollacha a d’fheadfaidís a leagan síos. Féadfar an ligean thar ceal sin a tharraingt siar i gcás drochúsáide.

Beidh ar na Ballstáit na rialacha nua a chur i bhfeidhm ón 1 Iúil 2026 ar aghaidh, rud a fhágfaidh go mbeidh am leordhóthanach acu chun an deimhniú díolúine leictreonach nua CBL a chur chun feidhme, mar aon leis an bpróiseas a bhaineann leis an deimhniú sin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leis an togra d’fhéadfaí an deimhniú díolúine a aistriú go leagan leictreonach mar an chéad chéim eile i ndiaidh a oiriúnaithe in 2022 13 , rud a léiríonn raon feidhme leathnaithe na ndíolúintí faoi Airteagal 151(1) den Treoir maidir le CBL, chun gníomhaíochtaí faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) 14 agus bearta an Aontais mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 a chuimsiú 15 .

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá tabhairt isteach an deimhnithe díolúine leictreonaigh CBL i gcomhréir leis na tionscnaimh atá ar bun mar chuid de bheartas digiteála an Aontais amhail Dearbhú Bheirlín maidir leis an tSochaí Dhigiteach agus Rialtas Digiteach Luachbhunaithe 16 , agus cuideoidh sé leis na Ballstáit tacú lena núdaráis chánach na ceanglais a chomhlíonadh maidir le húsáid ríomhshínithe ardleibhéil a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh 17 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra. Foráiltear leis an Airteagal sin go bhféadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, forálacha a ghlacadh le haghaidh comhchuibhiú a dhéanamh ar rialacha na mBallstát i réimse na cánach indírí.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, féadfar gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ach amháin mura féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a ghnóthú go leordhóthanach as a stuaim féin agus gur fearr, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Leis an Treoir reatha maidir le CBL, cuirtear cosc ar na Ballstáit deimhniú díolúine leictreonach ó CBL a thabhairt isteach agus a chur i bhfeidhm.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta toisc nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach agus tá sé comhréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú. Leis an tionscnamh sin tugtar isteach deimhniú díolúine leictreonach lena ndeimhnítear go gcáilíonn an t‑idirbheart don díolúine shonrach faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 151(1) den Treoir CBL. Ós rud é go bhfuil ualach méadaithe riaracháin agus easpa solúbthachta ag baint leis an bpróiseas díolúine bunaithe ar dhoiciméid pháipéir, beidh simpliú suntasach agus coigilteas costais san fhadtéarma mar thoradh ar na bearta atá beartaithe, agus tá na bearta sin comhréireach i bhfianaise a dtionchair bhuiséadaigh.

An rogha ionstraime

Tá Treoir ag teastáil chun an Treoir CBL atá ann faoi láthair a leasú.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ní dhearnadh aon chomhairliúchán le páirtithe leasmhara mar gheall a theicniúla atá cineál an tionscnaimh sin agus a ailíniú le hiarrachtaí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh idirghníomhaíochtaí digiteacha rialtais a chur chun cinn.

Bailiú agus úsáid saineolais

Rinne an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, staidéar teicniúil chun réitigh TF a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint chun deimhniú díolúine leictreonach agus nós imeachta comhfhreagrach a thabhairt isteach.

Measúnú tionchair

Ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair ar leith mar gheall ar an gcineál teicniúil agus an raon feidhme an-chúng a bhaineann leis an tionscnamh sin.

Cearta bunúsacha

Maidir leis an bpróiseas díolúine CBL a aistriú go leagan leictreonach, mar atá beartaithe, tacaíonn an t‑aistriú sin le hoiriúnú na ré digití agus neartaítear leis cearta na saoránach maidir lena sonraí pearsanta a phróiseáil, mar a chosnaítear faoi Airteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Mar thoradh ar an togra, ní bheidh an t‑ualach riaracháin ann ná na costais a bhaineann leis an leagan páipéir den deimhniú díolúine ó CBL a phróiseáil. Maidir leis an gcuid is mó de na costais a bhaineann le cur chun feidhme agus oibriú an réitigh dhigitigh, ar costais iad atá cothrom le EUR 2.9 milliún de réir meastachán, íocfaidh an Coimisiún astu agus iad maoinithe go hiomlán ag clár FISCALIS laistigh dá imchlúdach airgeadais sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha. Meastar go mbeidh na costais íseal do na Ballstáit, go háirithe na costais a bhaineann le rochtain a sholáthar ar an bhfeidhmchlár lárnach.

Ní dhéanfaidh an deimhniú leictreonach nua aon difear do raon feidhme na ndíolúintí CBL a chuirtear i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ní bheidh aon tionchar ar bhuiséad an Aontais toisc nach ndéanfar difear don acmhainn dhílis atá bunaithe ar ollioncam náisiúnta.

5.EILIMINTÍ EILE

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ní cheanglaítear leis an togra aon Doiciméid Mhíniúcháin maidir le trasuí.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is é is aidhm le hAirteagal 1 an Treoir maidir le CBL a leasú lena gcuirtear ar a chumas don Choimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, bearta cur chun feidhme a ghlacadh lena bhforáiltear do dheimhniú díolúine lena ndeimhnítear go gcáilíonn an t‑idirbheart do dhíolúine shonrach faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 151(1) den Treoir maidir le CBL, arna eisiúint ag an gcomhlacht incháilithe nó duine aonair incháilithe a ndéantar na soláthairtí díolmhaithe earraí agus seirbhísí leis, agus a shíneoidh an deimhniú trí mheán leictreonach leis an mBallstát óstach.

Sna gníomhartha cur chun feidhme is gá beidh na sonraí teicniúla agus sonraíochtaí teicniúla don fhormáid leictreonach agus do phróiseáil an deimhnithe, agus glacfar na gníomhartha sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 agus is chuige sin a úsáidfear an Coiste arna bhunú le hAirteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle.

Ós rud é go bhfuil líon mór tionscadal TF ar bun faoi láthair, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an leagan páipéir den deimhniú a leagtar amach in Iarscríbhinn II den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le CBL le haghaidh idirbhearta a dhéanfar go dtí an 30 Meitheamh 2030.

Agus é á aithint nach bhfuil rochtain ag gnólachtaí de ghnáth ar an bhfaisnéis ábhartha, mura gcomhlíontar na coinníollacha díolúine nó mura mbeidh feidhm acu a thuilleadh, soiléirítear gurb é an comhlacht incháilithe nó an duine aonair incháilithe a eisíonn an deimhniú díolúine faoi dhliteanas i leith aon CBL a íoc leis an mBallstát nuair is gá.

Chun am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit an nós imeachta teicniúil nua a chur chun feidhme, beidh orthu na rialacha nua a chur i bhfeidhm ón 1 Iúil 2026 ar aghaidh.

2024/0152 (CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann leis an deimhniú díolúine leictreonach ó CBL

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 18 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 19 ,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Déantar foráil in Airteagal 51 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle 20 go bhfuil an deimhniú díolúine ó CBL agus/nó dleacht mháil a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme ann chun go ndeimhnítear go gcáilíonn soláthar earraí nó seirbhísí chuig comhlacht incháilithe nó duine aonair incháilithe do dhíolúine faoi Airteagal 151 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle 21 . Déantar foráil i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 maidir le deimhniú díolúine páipéarbhunaithe a shíneofar de láimh. Is gá an próiseas maidir le cruthú agus cuir isteach an deimhnithe díolúine a dhigitiú agus an doiciméad i bhfoirm leictreonach i chur in ionad doiciméad páipéir a chun maorlathas agus an tualach riaracháin a laghdú agus costais a laghdú san fhadtéarma.

(2)I bhfianaise an líon mór tionscadal TF atá dian ar acmhainní agus a bhfuil na Ballstáit rannpháirteach iontu, mar aon leis an gceanglas atá orthu deimhniú díolúine leictreonach a úsáid, ba cheart solúbthacht agus am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit an taistriú chuig an nós imeachta leictreonach nua a chur i gcrích. Chuige sin, ba cheart go gceadófar dóibh leanúinte den fhoirm pháipéir a úsáid atá leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 do na hidirbhearta a dhéantar le linn idirthréimhse.

(3)D’fhéadfadh sé go bhféadfadh comhlacht nó duine aonair atá incháilithe díolúine dá gceannacháin de bhun Airteagal 151 de Threoir 2006/112/CE, i ndiaidh deimhniú díolúine a eisiúint, a bheith ar an eolas nach bhfuil na coinníollacha a bhaineann leis an díolúine sonrach á gcomhlíonadh nó nach bhfuil á gcomhlíonadh a thuilleadh. De ghnáth ní bhíonn faisnéis den chinéal sin ach ag an gcomhlacht nó duine aonair toisc go ndéantar an measúnú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sin ar bhonn ghníomhaíochtaí an chomhlachta nó an duine aonair a ndéantar na soláthairtí leis agus a núsáidfear na hearraí nó seirbhísí sin. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do dhaoine inchánacha, mar aon le hualaí míchuí ar dhaoine inchánacha a sheachaint, is gá a shonrú sna cásanna sin gur cheart don chomhlacht incháilithe nó duine aonair incháilithe a d’eisigh an deimhniú díolúine íoc as CBL atá dlite. Ba cheart do na Ballstáit ualaí neamhriachtanacha a sheachaint i gcásanna eisceachtúla den sórt sin trí chead a thabhairt íoc as CBL gan gá le clárúchán iomlán CBL.

(4)Agus an rogha fós ar fáil an leagan páipéir den deimhniú a úsáid, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit leanúint den cheanglas a scaoileadh maidir leis an deimhniú leictreonach a bheith sínithe ag an mBallstát óstach, faoi réir coinníollacha a bhféadfaidís iad a leagan síos agus a tharraingt i gcás mí-úsáide.

(5)Ar mhaithe le coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme Airteagal 151(1) de Threoir 2006/112/CE, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 .

(6)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2006/112/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 151 de Threoir 2006/112/CE, cuirtear isteach mír 1a agus mír 1b seo a leanas:    

1a.    Úsáidfidh Ballstáit deimhniú leictreonach lena ndeimhnítear go bhfuil idirbheart incháilithe le haghaidh díolúine dá bhforáiltear i mír 1, an chéad fhomhír. Maidir leis an gcomhlacht incháilithe nó an duine aonair a soláthraítear na hearraí nó seirbhísí díolmhaithe dóibh, eiseoidh siad an deimhniú agus, i gcomhar leis an mBallstát óstach, síneoidh siad é trí mheán leictreonach.

Má tá na hearraí nó seirbhísí bearthaithe don úsáid oifigiúil, féadfaidh na Ballstáit scaoileadh leis an gceanglas ar an gcomhlacht inniúil nó an duine aonair síniú ón mBallstát óstach a fháil ar an deimhniú faoi na coinníollacha a d’fheadfaidís a leagan síos. Féadfar an ligean thar ceal sin a tharraingt siar i gcás drochúsáide. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis an bpointe teagmhála a ainmníodh chun na seirbhísí a shainaithint, ar seirbhísí iad atá freagrach as an deimhniú a shíniú go leictreonach, agus a mhéid is a ligeann siad thar ceal an ceanglas sin. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoin bhfaisnéis a fuarthas ó na Ballstáit.

De mhaolú ar an gcéad dá fhomhír, féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh an leagan páipéir den deimhniú a úsáid, ar leagan é a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011* ón gComhairle, le haghaidh aon idirbhearta a dhéantar go dtí an 30 Meitheamh 2030.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhítin gníomhartha cur chun feidhme, na sonraí teicniúla agus na sonraíochtaí teicniúla a chinneadh a mhéid a bhaineann le formáid leictreonach an deimhnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus le próiseáil an deimhnithe sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 agus, chun na críche sin, is é a bheidh sa choiste an coiste arna bhunú le hAirteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010.

1b.    Gan dochar do mhír 3, mura gcomhlíontar na coinníollacha díolúine a leagtar síos i mír 1, an chéad fhomhír, nó mura mbeidh feidhm acu, beidh an chomhlacht incháilithe nó an duine aonair a d’eisigh agus a shínigh an deimhniú faoi dhliteanas i leith an CBL a íoc leis an mBallstát nuair is gá.

______________________

* Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme le haghaidh Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 77, 23.3.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/282/oj.’.

Airteagal 2

1.Na dlíthe, na rialúcháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 1 den Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 30 Meitheamh 2026. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear le hAirteagal 1 den Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha ( IO L 347, 11.12.2006, lch. 1 ), arna leasú.
(2)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (athmhúnlú) (IO L 77, 23.3.2011, lch. 1).
(3)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1506 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos sonraíochtaí i ndáil le formáidí ríomhshínithe ardleibhéil agus ríomhshéalaí ardleibhéil atá le haithint ag comhlachtaí san earnáil phoiblí de bhun Airteagal 27(5) agus Airteagal 37(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach ( IO L 235, 9.9.2015, lch. 37 ).
(4)    Airteagal 12(3) de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/262/oj)
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha ( IO L 268, 12.10.2010, lch. 1 ).
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún ( IO L 55, 28.2.2011, lch. 13 ).
(7)    Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le díolúintí ar allmhairithe agus ar sholáthairtí áirithe, i leith bearta Aontais atá ar mhaithe le leas an phobail (COM(2021) 181 final).
(8)    Treoir (AE) 2021/1159 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le díolúintí sealadacha ar allmhairithe agus ar sholáthairtí áirithe, mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 ( IO L 250, 15.7.2021, lch. 1 ).
(9)    Buanchoiste um Chomhar Riaracháin
(10)    Fochoiste um Chúrsaí TF
(11)    Féach páipéar oibre SCAC-EG Uimh. 158 agus miontuairiscí an chruinnithe, doiciméad SCAC-EG Uimh. 159.
(12)    Féach an staidéar teicniúil atá i gceangal le doiciméad SCIT 214
(13)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/432 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a mhéid a bhaineann leis an deimhniú díolúine ó CBL agus/nó ó dhleacht mháil ( IO L 88, 16.3.2022, lch. 1 5 )
(14)    Treoir (AE) 2019/2235 ón gComhairle an 16 Nollaig 2019 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha agus Treoir 2008/118/CE a bhaineann leis na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil a mhéid a bhaineann le hiarrachtaí cosanta laistigh de chreat an Aontais ( IO L 336, 30.12.2019, lch. 1 0 )
(15)    Treoir (AE) 2021/1159 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le díolúintí ar allmhairithe agus ar sholáthairtí áirithe, mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 ( IO L 250, 15.7.2021, lch. 1 )
(16)     https://digital-strategy.ec.europa.eu/ga/news/berlin-declaration-digital-society-and-value-based-digital-government  
(17)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1506 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos sonraíochtaí i ndáil le formáidí ríomhshínithe ardleibhéil agus ríomhshéalaí ardleibhéil atá le haithint ag comhlachtaí san earnáil phoiblí de bhun Airteagal 27(5) agus Airteagal 37(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach ( IO L 235, 9.9.2015, lch. 37 ).
(18)    IO C , , lch. .
(19)    IO C , , lch. .
(20)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme le haghaidh Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 77, 23.3.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/282/oj ).
(21)    Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj ).
(22)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj ).
Top