Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024PC0255

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta san Aontas (códú)

COM/2024/255 final

An Bhruiséil,20.6.2024

COM(2024) 255 final

2024/0144(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta san Aontas (códú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.I gcomhthéacs Eoraip na ndaoine, cuireann an Coimisiún an-bhéim ar shimpliú agus ar shoiléiriú dhlí an Aontais ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos so-aimsithe do na saoránaigh agus, dá réir sin, go gcruthófar deiseanna nua dóibh agus seans chun úsáid a bhaint as na cearta sonracha a bhronntar orthu.

Ní féidir an aidhm seo a bhaint amach fad is atá líon mór forálacha a leasaíodh roinnt uaireanta, agus leasuithe suntasacha a bheith i gceist go minic, scaipthe anseo agus ansiúd, rud a fhágann go mbíonn gá le cuardach a dhéanamh ar roinnt de na forálacha sin san ionstraim bhunaidh agus ar roinnt eile acu in ionstraimí leasaitheacha níos déanaí. Is gá, dá bhrí sin, mórobair thaighde a dhéanamh, i bhfoirm comparáide idir cuid mhór ionstraimí éagsúla, chun na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a shainaithint.

Ar an gcúis sin, tá gá freisin le códú a dhéanamh ar rialacha a leasaíodh go minic má tá an dlí le bheith soiléir agus trédhearcach.

2.Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, ar an 1 Aibreán 1987 1 treoir a thabhairt dá fhoireann á rá gur cheart gach gníomh a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad, agus cuireadh i bhfios dóibh gur bunriachtanas é seo agus gur cheart féachaint le códú a dhéanamh ag eatraimh is giorra ná sin ar na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu lena chinntiú go bhfuil na forálacha atá iontu soiléir agus sothuigthe.

3.Dearbhaíodh an méid sin i gConclúidí Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann (Nollaig 1992) 2 agus cuireadh i bhfios an tábhacht a bhaineann le códú mar go dtugann sé cinnteacht faoin dlí is infheidhme maidir le hábhar ar leith tráth ar leith.

Ní foláir an nós imeachta coitianta a bhaineann le glacadh ghníomhartha an Aontais a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán le linn an códú á dhéanamh.

Ós rud é nach ceadmhach aon athruithe a dhéanamh ar shubstaint na n-ionstraimí ar a mbeidh tionchar ag an gcódú, tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú, i gcomhaontú idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994, go bhféadfaí nós imeachta brostaithe a úsáid chun ionstraimí códúcháin a ghlacadh go mear.

4.Is é is cuspóir don togra seo códú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir le cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta sa Chomhphobal 3 . Glacfaidh an Rialachán nua ionad an dá ghníomh a chuimsítear ann 4 ; ar an ábhar sin, ní dhéanann sé ach iad a thabhairt le chéile agus gan ach na leasuithe foirmiúla sin amháin a dhéanamh a bhfuil gá leo don phróiseas códúcháin féin.

5.Rinneadh an togra códúcháin a tharraingt suas ar bhonn réamh-chomhdhlúthú, in 24 theanga oifigiúla, ar Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 agus ar na hionstraimí lena leasaítear é. Is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a rinne an comhdhlúthú sin trí chóras próiseála sonraí. I gcás uimhreacha nua a bheith tugtha do na hAirteagail, taispeántar an comhghaol idir an tseanuimhir agus an uimhir nua i dtábla atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán códaithe.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

2024/0144 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta  san Aontas  (códú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh  ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh , agus go háirithe Airteagal  338 (1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 5 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

ê 

(1)Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 a leasú go suntasach roinnt uaireanta 7 . Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

ê 138/2004 aithris 1

(2)Tá faisnéis inchomparáide, cothrom le dáta agus iontaofa ar staid eacnamaíoch natalmhaíochta, agus ar athruithe ar ioncam talmhaíochta go sonrach, de dhíth chun monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar an gcomhbheartas talmhaíochta.

ê 138/2004 aithris 2

(3)Is uirlis bhunúsach iad cuntais talmhaíochta chun anailís a dhéanamh ar staid eacnamaíoch talmhaíochta tíre, ar choinníoll go ndéantar iad a tharraingt suas ar bhonn sraith aonair prionsabal. Rannchuidíonn cuntais talmhaíochta go mór le ríomh na gcuntas náisiúnta chomh maith.

ê 2022/590 Aithris 2 (oiriúnaithe)

(4)Leis an Rialachán  seo ba cheart rialacha a leagan síos maidir le  cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta (“CET”) san Aontas trí fhoráil a dhéanamh don mhodheolaíocht agus na teorainneacha ama chun na cuntais talmhaíochta a tharchur. Is cuntais satailíte de chuntais náisiúnta iad CET, dá bhforáiltear le  Córas Eorpach na gCuntas 2010  8  (CCE 2010), agus é mar aidhm acu torthaí atá comhchuibhithe agus inchomparáide idir na Ballstáit a fháil d’fhonn na cuntais a tharraingt suas chun críocha an Aontais.

ê 2022/590 Aithris 3 (oiriúnaithe)

(5)Is oiriúnú ar CET ar an leibhéal réigiúnach iad cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta (CERT). Ní féidir le figiúirí náisiúnta iontu féin an pictiúr iomlán, atá sách casta uaireanta, a thabhairt ar an méid atá ag tarlú ar leibhéal níos mionsonraithe. Dá bhrí sin, le sonraí ar an leibhéal réigiúnach, cuidítear chun cur leis an tuiscint maidir leis an éagsúlacht idir réigiúin, comhlánaítear faisnéis don Aontas, don limistéar euro agus do na Ballstáit aonair, ag an am céanna, tugtar freagairt don ghá méadaithe atá ag staidreamh le haghaidh cuntasachta, agus méadaítear leibhéal an chomhchuibhithe, na héifeachtúlachta agus na comhsheasmhachta maidir le staidreamh talmhaíochta an Aontais.

ê 2022/590 Aithris 4

(6)Ní mheastar a thuilleadh gur aon fhoinse amháin faisnéise i measc an iliomad foinsí eile atá i staidreamh chun críocha an cheaptha beartas ach go bhfuil ról lárnach aige sa phróiseas cinnteoireachta. Maidir le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise, éilítear léi staidreamh a chomhlíonann critéir ardcháilíochta, mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 , i gcomhréir leis na sainchuspóirí a bhfuil siad ag freastal orthu.

ê 2022/590 Aithris 7

(7)Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, soláthraítear an creat dlíthiúil maidir le staidreamh Eorpach agus ceanglaítear ar na Ballstáit cloí leis na prionsabail staidrimh agus leis na critéir cháilíochta a leagtar amach sa Rialachán sin. Tá tuarascálacha cáilíochta fíor-riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht an staidrimh Eorpaigh, chun feabhas a chur orthu agus iad a chur in iúl. D’fhormhuinigh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach an struchtúr meiteashonraí comhtháite aonair mar chaighdeán an Chórais Staidrimh Eorpaigh le haghaidh tuairisciú cáilíochta, rud lena gcuidítear chun na ceanglais maidir le cáilíocht staidrimh a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a chomhlíonadh, trí chaighdeáin aonfhoirmeacha agus modhanna comhchuibhithe, go háirithe iad sin a leagtar amach in Airteagal 12(3) de. Ba cheart an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainní, agus ba cheart an t-ualach freagartha a íoslaghdú.

ê 138/2004 aithris 5 (oiriúnaithe)

(8)Ós rud é nach féidir cuspóir  an Rialacháin seo , is é sin caighdeáin choiteanna staidrimh a chruthú lena mbeifear in ann sonraí comhchuibhithe a tháirgeadh, a ghnóthú go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus dá bhrí sin, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an  Aontais , féadfaidh an  tAontas  bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh  ar an Aontas Eorpach . I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

ê 1350/2013 aithris 5 (oiriúnaithe)

(9)Chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Ö sin Õ. Ö Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 10 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligtheÕ

ê 2022/590 Aithris 8

(10)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca leis na socruithe le haghaidh na dtuarascálacha cáilíochta agus ábhar na dtuarascálacha sin. Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún freisin i dtaca le maoluithe féideartha ó na ceanglais maidir le CERT. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 ,

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

1. Leis an Rialachán seo  leagtar síos rialacha maidir le cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta (CET) san Aontas  trí fhoráil a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)modheolaíocht CET (caighdeáin choiteanna, sainmhínithe, aicmiúcháin agus rialacha cuntasaíochta) atá beartaithe a úsáid d’fhonn cuntais a thiomsú ar bhoinn inchomparáide chun críocha an  Aontais , agus d’fhonn sonraí a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 3;

(b)teorainneacha ama le haghaidh tharchur na gcuntas talmhaíochta arna dtiomsú i gcomhréir le modheolaíocht CET.

2. Ní chuirfidh an Rialachán seo d’oibleagáid ar aon Bhallstát modheolaíocht CET a úsáid agus cuntais talmhaíochta á dtiomsú chun a chríoch féin.

Airteagal 2

Modheolaíocht

1. Leagtar amach in Iarscríbhinn I modheolaíocht CET dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a).

🡻 1350/2013 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .2(a) (oiriúnaithe)

2.  Tugtar  de chumhacht don don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 6  i ndáil le leasú ar  mhodheolaíocht CET a leagtar amach in Iarscríbhinn I a leasú. Beidh na gníomhartha tarmligthe sin teoranta d'inneachar Iarscríbhinn I a shonrú agus a fheabhsú, chun críche léirmhíniú comhchuibhithe a áirithiú nó chun inchomparáideacht idirnáisiúnta a áirithiú.

Ní ghlacfar na gníomhartha tarmligthe sin ach amháin mura ndéanann siad na coincheapa foluiteacha san Iarscríbhinn a athrú, mura dteastaíonn acmhainní breise do tháirgeoirí laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach chun iad a chur chun feidhme agus mura bhforchuireann siad ualach breise ar na Ballstáit nó ar na bhfreagróirí.

Tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as ionchur ó shaineolaithe ábhartha bunaithe a bheidh bunaithe ar anailís ar chost‑éifeachtúlacht, lena n‑áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais um tháirgeadh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (c) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

🡻 138/2004

Airteagal 3

Tarchur chuig an gCoimisiún

1. Tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) an tacar sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn II laistigh de na teorainneacha ama a shonraítear le haghaidh gach tábla.

🡻 2022/590Airt. 1.1 (oiriúnaithe)

2. Tarlóidh an chéad tarchur sonraí le haghaidh chuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta (CERT) ar leibhéal NUTS 2 de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 faoin 30 Meán Fómhair 2023.

🡻 1350/2013 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .2(b) (oiriúnaithe)

3.  Tugtar  de chumhacht don don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6  i ndáil le leasú ar  an liosta d'athróga do sholáthar sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a leasú.

Ní fhorchuirfear leis na gníomhartha tarmligthe sin ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na bhfreagróirí.

Tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as ionchur ó shaineolaithe ábhartha a bheidh bunaithe ar anailís ar chost‑éifeachtúlacht, lena n‑áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta, amhail dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (c) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

🡻 2022/590 Airt. 1.2 (oiriúnaithe)

Airteagal 4

Scaipeadh staidrimh

Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 agus Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, scaipfidh an Coimisiún (Eurostat) na sonraí a tharchuirfear chuige i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo, ar líne, saor in aisce.

Airteagal 5

Measúnú cáilíochta

1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí a tharchuirtear a áirithiú.

2. Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir leis na sonraí a tharchuirfear i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo.

3. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí a tharchuirtear. Chun na críche sin, tarchuirfidh na Ballstáit tuarascáil cháilíochta chuig an gCoimisiún (Eurostat), den chéad uair faoin 31 Nollaig 2025, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, i gcás na dtacar sonraí a tharchuirtear le linn na tréimhse tuairiscithe sin.

4. Agus na critéir cháilíochta a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 á gcur i bhfeidhm ar na sonraí a bheidh le tarchur i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo, saineoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha mionsonraithe, an struchtúr agus táscairí measúnaithe le haghaidh na dtuarascálacha cáilíochta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán seo. Ní fhorchuirfear ualach ná costas suntasach breise ar na Ballstáit leo.

5. Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) gan mhoill, aon fhaisnéis nó aon athrú ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin a bhféadfadh tionchar a bheith acu, ar aon bhealach suntasach, ar cháilíocht na sonraí a tharchuirtear.

6. Ar iarraidh a mbeidh údar cuí léi a fháil ón gCoimisiún (Eurostat), soláthróidh na Ballstáit aon soiléiriú breise is gá, gan mhoill, chun cáilíocht na sonraí staidrimh a mheas.

🡻 1350/2013 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .2(c) (oiriúnaithe)

Airteagal 6

An tarmligean a fheidhmiú

1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus in Airteagal 3(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 10 Eanáir 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus in Airteagal 3(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(2) nó Airteagal 3(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

🡻 2022/590 Airt. 1.3

Airteagal 7

Nós imeachta coiste

1. Tabharfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 8

Maoluithe

1. I gcás ina n‑éileodh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo oiriúnuithe móra i gcóras staidrimh náisiúnta Ballstáit a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme Chaibidil VII d’Iarscríbhinn I, agus an chláir um tharchur sonraí le haghaidh CERT dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndeonófar maoluithe don Bhallstát sin ar feadh tréimhse uasta 2 bhliain. Ní bheidh an chéad dáta do tharchur na sonraí le haghaidh CERT, in aon chás níos déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2025, áfach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

2. Cuirfidh an Ballstát a chinnfidh iarratas a dhéanamh ar mhaolú dá dtagraítear i mír 1 iarraidh chuí‑réasúnaithe isteach maidir le maolú den sórt sin chuig an gCoimisiún faoin 21 Lúnasa 2022.

3. Féadfaidh an tAontas ranníocaíochtaí airgeadais ó bhuiséad ginearálta an Aontais a sholáthar do na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus d’údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 chun costais chur chun feidhme an Rialacháin seo a chlúdach nuair is gá, chun CERT a chur ar bun, oiriúnuithe móra a dhéanamh ar chóras staidrimh náisiúnta Ballstáit.

🡻 

Airteagal 9

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 138/2004.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn IV.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

Airteagal 10

Teacht I bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    COIM (87) 868 Miontuairiscí.
(2)    Féach Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Cuid A de na Conclúidí.
(3)    Códú a cuireadh ar chlár reachtaíochta 2024.
(4)    Féach Iarscríbhinn III a ghabhann leis an togra seo.
(5)    IO C […], […], p. […].
(6)    Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir le cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta sa Chomhphobal (IO L 33, 5.2.2004, lch. 1,    
ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2004/138/oj ).
(7)    Féach Iarschríbhinn III.
(8)    Córas Eorpach na gCuntas Naisiúnta agus Réigiúnach CCE 2010, Lucsamburg 2013.
(9)    Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle, lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164,    
ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2009/223/oj ).
(10)    OJ L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj .
(11)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj ).
(12)    Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1059/oj ).
(13)    Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Aontais (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1367/oj ).
Top

An Bhruiséil,20.6.2024

COM(2024) 255 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta san Aontas (códú)


🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

IARSCRÍBHINN I

CUNTAIS EACNAMAÍOCHTA NA TALMHAÍOCHTA

(CET)

CLÁR

Brollach

I.Gnéithe ginearálta na gcuntas

A.Réamhrá

B.An bunaonad agus an tionscal talmhaíochta

1.Bunaonad

2.An tionscal talmhaíochta

3.Gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha

C.Aschur a thomhas

D.Seicheamh na gcuntas

1.Seicheamh na gcuntas dá bhforáiltear in CCE 2010

2.Seicheamh chuntais CET

E.Foinsí sonraí agus modhanna ríomha chun CET a thiomsú

F.An t‑aicmiúchán

1.Ginearálta

2.Gníomhaíochtaí saintréitheacha na talmhaíochta a shainmhíniú

3.Aonaid shaintréitheacha na talmhaíochta a shainmhíniú

4.Barúlacha maidir le hítimí éagsúla

5.Neamhréireacht idir tionscal talmhaíochta CET agus brainse talmhaíochta chreat lárnach na gcuntas náisiúnta

II.Idirbhearta i dtáirgí

A.Rialacha ginearálta

1.Tréimhse thagartha

2.Aonaid

3.Am taifeadta

B.Aschur

1.Barúlacha ginearálta maidir le coincheapa aschuir in CCE 2010 agus CET

2.Aschur gníomhaíochta talmhaíochta: cainníochtaí

3.Aschur gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha

4.Aschur an tionscail talmhaíochta

5.An t‑aschur a luacháil

C.Tomhaltas idirmheánach

1.Sainmhíniú

2.Eilimintí den tomhaltas idirmheánach

3.Tomhaltas idirmheánach a luacháil

D.Ollfhoirmiú caipitil

1.Ollfhoirmiú caipitil sheasta (OFCS)

2.Athrú ar stoic

3.Beostoc a thaifeadadh mar OFCS nó athruithe ar stoic

III.Idirbhearta dáileacháin agus sreafaí eile

A.Sainmhíniú

B.Rialacha ginearálta

1.Tréimhse thagartha

2.Aonaid

3.Am taifeadta idirbheart dáileacháin

4.Barúlacha ginearálta maidir le breisluach

C.Cúiteamh fostaithe

D.Cánacha ar tháirgeadh agus ar allmhairí

1.Cánacha ar tháirgí

2.Cóireáil cánach breisluacha (CBL)

3.Cánacha eile ar tháirgeadh

E.Fóirdheontais

1.Fóirdheontais ar tháirgí

2.Fóirdheontais eile ar tháirgeadh

F.Ioncam ó mhaoin

1.Sainmhíniú

2.Ús

3.Cíosanna (ar thalamh agus ar shócmhainní fo‑ithreach)

4.Ioncam infheistíochta atá inchurtha i leith sealbhóirí polasaí árachais (nach gcumhdaítear le CET)

G.Aistrithe caipitil

1.Deontais infheistíochta

2.Aistrithe caipitil eile

H.Ídiú an chaipitil sheasta

IV.Ionchur saothair talmhaíochta

V.Táscairí ioncaim talmhaíochta

A.Ioncam agus ítimí comhardaithe a shainmhíniú

B.Cóireáil ioncaim ó aonaid arna n‑eagrú ar bhonn corparáideach

C.Na táscairí ioncaim talmhaíochta a shainmhíniú

D.Comhiomlánú táscairí ioncaim le haghaidh an Aontais

E.Díbhoilsciú táscairí ioncaim

VI.CET a luacháil ag praghsanna tairiseacha

A.Tomhais praghsanna agus méideanna

B.Prionsabail agus modhanna chun CET a thiomsú ag praghsanna tairiseacha

1.An rogha foirmle innéacs

2.Bonnbhliain

3.Sraitheanna a chur i láthair i ndáil le bliain tagartha

4.Breisluach a ríomh ag praghsanna bliana seasta

5.Cánacha agus fóirdheontais ar tháirgí a mhiondealú i gcomhchodanna an mhéid agus an phraghais

🡻 2022/590 Airt. 1.4 agus Iarscríbhinn I.1

VII.Cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta (CERT)

A.Prionsabail ghinearálta

1.Réamhrá

2.An geilleagar réigiúnach, an chríoch réigiúnach

3.An bun-aonad i dtiomsú CERT

4.Modhanna chun CERT a thiomsú

5.Coincheapa an chónaithe agus na críche

6.Tionscal na talmhaíochta agus aonaid shaintréitheacha

B.Idirbhearta i dtáirgí

1.Aschur

2.Tomhaltas idirmheánach

3.Ollfhoirmiú caipitil

C.Idirbhearta dáileacháin agus sreafaí eile

1.Rialacha ginearálta

2.Breisluach

3.Úsáid caipitil sheasta

4.Fóirdheontais

5.Cánacha

6.Cúiteamh dfhostaithe

7.Glanbharrachas oibriúcháin

8.Ús, cíosanna

9.Ioncam fiontraíoch ó thalmhaíocht: rialacha ginearálta maidir le ríomh

D.Sracfhéachaint ar chur chun feidhme

1.Réamhrá

2.An talmhaíocht réigiúnach a shainiú

3.Aschur talmhaíochta a thomhas

4.Gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha

5.Tomhaltas idirmheánach

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.3

BROLLACH

Mar thoradh ar an athbhreithniú ar an gcóras cuntas Eorpach (CCE 2010) 1 , rinneadh roinnt athbhreithnithe ar an mbunmhodheolaíocht a úsáidtear le haghaidh CET, chun comhsheasmhacht le CCE a ráthú sa chaoi go mbeifear in ann CET a chomhchuibhiú idir na Ballstáit agus le creat lárnach na gcuntas náisiúnta araon agus chun a áirithiú gurb indéanta iad na hathruithe a rinneadh. Tugadh aird ar na breithnithe sin agus an lámhleabhar seo á tharraingt suas óir, anuas ar na coincheapa, na prionsabail agus na bunrialacha maidir le CET a thiomsú, tagraítear ann freisin daon oiriúnú do shaintréithe sonracha i réimse na talmhaíochta.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.1(b)

🡺2 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.4(a)

🡺3 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.4(b)

🡺4 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.4(c)

I.GNÉITHE GINEARÁLTA NA gCUNTAS

A.RÉAMHRÁ

1.01.Le córas cuntas eacnamaíoch comhtháite, ba cheart forbhreathnú ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a sholáthar, ar forbhreathnú é atá córasach, inchomparáide agus chomh hiomlán agus is féidir, ionas go bhfeidhmeoidh sé mar bhonn le hanailísí, le réamhaisnéisí agus le bearta polaitiúla. Dá bhrí sin, ní mór an líon agus an éagsúlacht ollmhór idirbheart agus aonad eacnamaíoch a chumhdaítear leis an gcóras a aicmiú de réir critéir ghinearálta agus a leagan amach go soiléir agus go simplí i gcóras comhleanúnach cuntas agus táblaí.

1.02.Ba mar fhreagairt do riachtanais shonracha an Aontais Eorpaigh a cruthaíodh córas Eorpach na gcuntas eacnamaíoch comhtháite, a dhíorthaítear ó chóras athbhreithnithe na Náisiún Aontaithe um chuntais náisiúnta (🡺1 2008 CCN 🡸)🡺2  2  🡸. Leagtar síos leis coincheapa, sainmhínithe, rialacha cuntasaíochta agus aicmithe aonfhoirmeacha atá le húsáid ag na Ballstáit.

1.03.Is é is geilleagar tíre ann suim na ngníomhaíochtaí ag líon an‑mhór aonad a bhíonn ag gabháil do roinnt mhaith cineálacha éagsúla idirbhirt dfhonn nithe a tháirgeadh, a mhaoiniú, a árachú, a dháileadh agus a thomhailt. Aonaid agus grúpaí aonad a bhreithnítear i gcomhthéacs córais cuntas náisiúnta, ní mór iad a shainmhíniú i dtéarmaí na samhlacha eacnamaíocha atá faoi scrúdú. 🡺3 Is é is saintréith do CCE 2010 an úsáid a bhaintear as dhá chineál aonaid agus dhá bhealach chomhfhreagracha chun an geilleagar náisiúnta a fhoroinnt. 🡸

1.04.Chun anailís a dhéanamh ar shreafaí a bhaineann le hioncam, caipiteal, idirbhearta airgeadais agus sócmhainní, tá sé fíor‑riachtanach aonaid a roghnú a léiríonn an idirghníomhaíocht idir oibreoirí eacnamaíocha (aonaid institiúideacha). Chun anailís a dhéanamh ar an bpróiseas táirgthe, tá sé ríthábhachtach aonaid a roghnú a léiríonn gaolmhaireachtaí de chineál teicniúil agus eacnamaíoch ( is é sin le rá, na  haonaid phríomhghníomhaíochta ar an leibhéal áitiúil agus aonaid táirgthe aonchineálaigh).

1.05.Dá réir sin, is féidir an geilleagar a mhiondealú ar dhá bhealach éagsúla:

(i)ina earnálacha nó ina fho‑earnálacha institiúideacha, a léiríonn grúpaí daonaid institiúideacha;

(ii)ina thionscail, lena gcuimsítear grúpaí daonaid phríomhghníomhaíochta ar an leibhéal áitiúil (tionscal) nó aonaid táirgthe aonchineálaigh (brainse aonchineálach).

1.06.Tá sé de phríomhchuspóir ag CET anailís a dhéanamh ar an bpróiseas táirgthe agus ar an ioncam príomha a ghineann sé. Dá bhrí sin, tá na cuntais bunaithe ar choincheap an tionscail.

1.07.Is éard atá in CET cuntas satailíte a sholáthraíonn faisnéis chomhlántach agus coincheapa arna n‑oiriúnú do chineál sonrach an tionscail talmhaíochta. Cé gur mórán mar a chéile a struchtúr agus struchtúr na gcuntas náisiúnta, is gá rialacha agus modhanna iomchuí a cheapadh chun iad a thiomsú.

1.08.Is gá idirdhealú a dhéanamh idir an t‑ioncam a ghineann táirgeadh talmhaíochta agus ioncam teaghlach talmhaíochta, arb é a áirítear leis an gceann deireanach, seachas ioncam ó ghníomhaíocht talmhaíochta, ioncam ó fhoinsí eile (ó mhaoin, aistrithe sóisialta, etc.) a bheadh ag teaghlaigh thalmhaíochta. 🡺4 Tomhaistear an dá chineál ioncaim sin (ioncam a ghineann táirgeadh talmhaíochta agus ioncam teaghlach talmhaíochta) chun dhá chríoch éagsúla, óna dteastaíonn dhá mhodh éagsúla chun an geilleagar a mhiondealú: tá an chéad cheann, le haghaidh CET, bunaithe ar aonaid táirgthe, a shainmhínítear faoi threoir gníomhaíocht eacnamaíoch; tá an dara ceann bunaithe ar theaghlaigh ( is é sin le rá,  aonaid institiúideacha) a bhfuil a bpríomhfhoinse ioncaim neamhspleách ar ghníomhaíocht talmhaíochta. 🡸

B.AN BUNAONAD AGUS AN TIONSCAL TALMHAÍOCHTA

1.Bunaonad

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.4(d) (oiriúnaithe)

1.09.Dfhonn sreafaí sa phróiseas táirgthe agus in úsáid earraí agus seirbhísí a anailísiú, tá sé riachtanach aonaid a roghnú a leagann béim ar ghaolmhaireachtaí de chineál teicniúil agus eacnamaíoch. Is éard a chiallaíonn an ceanglas sin nach mór aonaid institiúideacha a dheighilt, de ghnáth, in aonaid níos lú agus níos aonchineálaí maidir leis an gcineál próisis táirgthe. Tá sé beartaithe go sásóidh aonaid phríomhghníomhaíochta áitiúla (APGanna áitiúla) an ceanglas sin ó thaobh cur chuige oibríochtúil de (CCE 2010, pointe 2.147)   3  .

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.4(e) (oiriúnaithe)

1.10.Is éard atá i gceist leis an aonad príomhghníomhaíochta áitiúil (APG áitiúil) an chuid de APG a chomhfhreagraíonn daonad áitiúil. Tugtar bunaíocht ar an APG áitiúil in CCN 2008 agus in ISIC Ath. 4. Grúpálann APG na codanna uile daonad institiúideach ina cháil mar tháirgeoir a rannchuidíonn le feidhmíocht gníomhaíochta ar an leibhéal aicme (ceithre dhigit) de NACE Ath. 2 (arb é an t‑aicmiú tagartha le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha é,  féach pointe  1.55) agus a chomhfhreagraíonn dfhorannán oibríochtúil amháin nó níos mó den aonad institiúideach. Ní mór do chóras faisnéise an aonaid institiúidigh a bheith in acmhainn an méid seo ar a laghad a thabhairt le fios nó a ríomh i gcás gach APG áitiúil faoi seach: luach an táirgthe, tomhaltas idirmheánach, cúiteamh dfhostaithe, an barrachas oibriúcháin, an líon fostaithe agus ollfhoirmiú an chaipitil sheasta (CCE 2010, pointe 2.148). Is aonad institiúideach, nó cuid daonad institiúideach, é an t‑aonad áitiúil a tháirgeann earraí nó seirbhísí agus atá suite in áit atá sainaitheanta go geografach.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.4(f) (oiriúnaithe)

1.11.Cé go bhféadfadh sé go gcomhfhreagróidh APG áitiúil daonad institiúideach nó do chuid daonad institiúideach ina cháil mar tháirgeoir, ní bheidh baint aige riamh le dhá aonad institiúideacha éagsúla. Ós rud é go mbíonn formhór na n‑aonad institiúideach a tháirgeann earraí agus seirbhísí ag gabháil, sa chleachtas, do roinnt gníomhaíochtaí éagsúla an tráth céanna (príomhghníomhaíocht agus gníomhaíocht thánaisteach amháin nó níos mó), is féidir iad a mhiondealú sa líon céanna APGanna áitiúla, má tá an fhaisnéis is gá ar fáil. Mar sin féin, ní bheidh cruthú APG áitiúil mar thoradh ar ghníomhaíochtaí coimhdeacha (ceannacháin, díolacháin, margaíocht, cuntasaíocht, iompar, stórasú, cothabháil, etc.;  féach pointe  1.27) mura ndéantar i suíomh ar leithligh iad, atá lonnaithe i réigiún seachas an APG áitiúil dá bhfónann siad (CCE 2010, pointe 3.13).

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.4(g)

1.12.Go bunúsach, ba cheart a liacht APGanna agus a bhfuil de ghníomhaíochtaí tánaisteacha ann a thaifeadadh, ach dfhéadfadh sé tarlú nach féidir gníomhaíochtaí tánaisteacha APG áitiúil ná codanna de na gníomhaíochtaí sin a dheighilt óna phríomhghníomhaíochtaí i ngeall ar an bhfaisnéis (chuntasaíochta) staidrimh.Más rud é go gcuimsíonn aonad institiúideach a tháirgeann earraí agus seirbhísí príomhghníomhaíocht amháin agus gníomhaíocht thánaisteach amháin nó níos mó, ba cheart é a fhoroinnt idir an líon céanna APGanna, agus ba cheart na gníomhaíochtaí tánaisteacha a aicmiú faoi cheannteidil éagsúla nach ionann iad agus an phríomhghníomhaíocht. Ní dhéantar na gníomhaíochtaí coimhdeacha a dheighilt ón bpríomhghníomhaíocht ná ó na gníomhaíochtaí tánaisteacha.Ach féadfaidh APGanna a aicmítear laistigh de cheannteideal áirithe den chóras aicmithe táirgí nach dtagann faoin ngrúpa aonchineálach a tháirgeadh i ngeall ar ghníomhaíochtaí tánaisteacha atá nasctha leo agus nach féidir iad a shainaithint ar bhonn leithleach ó na doiciméid chuntasaíochta atá ar fáil. Dá bhrí sin, féadfaidh APG gníomhaíocht thánaisteach amháin nó roinnt díobh a dhéanamh.(CCE 2010, pointe 2.149).

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.4(h)

1.13.Is féidir a rá go dtarlaíonn gníomhaíocht nuair a chuirtear acmhainní amhail trealamh, saothair, teicnící monaraíochta, líonraí faisnéise nó táirgí i dtoll a chéile chun earraí nó seirbhísí sonracha a chruthú. Is iad na príomhthréithe atá ag gníomhaíocht: ionchur táirgí (earraí nó seirbhísí), próiseas táirgeachta agus aschur táirgí.Is éard atá i bpríomhghníomhaíocht APG áitiúil an ghníomhaíocht a sáraíonn a breisluach breisluach aon ghníomhaíochta eile a dhéantar laistigh den aonad céanna. Cinntear aicmiú na príomhghníomhaíochta trí thagairt a dhéanamh do NACE ath. 2, ag an leibhéal is airde aicmithe ar dtús agus ansin ag leibhéil níos mionsonraithe (CCE 2010, pointe 3.10).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.4(i)

2.An tionscal talmhaíochta

1.14.Trí na APGanna áitiúla uile a bhíonn ag gabháil don chineál céanna gníomhaíochta a ghrúpáil, is féidir tionscal a bhunú. Is mar gheall air sin is féidir an geilleagar a mhiondealú de réir tionscail. Braitheann aicmiú na dtionscal sin ar phríomhghníomhaíocht na n‑aonad arna ngrúpáil amhlaidh. 🡺1 Ar an leibhéal aicmithe is mionsonraithe, mar a shainmhínítear le CCE 2010, pointe 2.150, is é atá i dtionscal na APGanna áitiúla uile a áirítear san aicme chéanna (ceithre dhigit) de NACE Ath. 2 agus a bhíonn ag gabháil dá bhrí sin don phríomhghníomhaíocht chéanna mar a shainmhínítear in NACE Ath. 2. 🡸

1.15.Cé gur sainmhíníodh an tionscal talmhaíochta go foirmiúil mar ghrúpáil daonaid táirgthe talmhaíochta aonchineálaigh, roghnaíodh APG áitiúil mar an bunaonad tuairiscithe le haghaidh CET chun: (i) cur chuige a ghlacadh i leith CET ó thaobh staid eacnamaíoch na talmhaíochta de,  is é sin le rá,  chun a chur san áireamh sa tomhas ar ghníomhaíocht tháirgiúil iomlán na n‑aonad talmhaíochta go bhfuil gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha áirithe ann agus (ii) chun bheith comhsheasmhach i gcónaí leis an gcuid eile de na cuntais náisiúnta. Is aistriú é sin ón gcur chuige anailíseach bunaithe ar choincheap an aonaid táirgthe aonchineálaigh agus an bhrainse aonchineálaigh go cur chuige staidrimh bunaithe ar choincheap APG ar an leibhéal áitiúil agus an tionscail.

1.16.Is é is gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha ann gníomhaíochtaí nach féidir a gcostais a bhreathnú ar leithligh ó chostais na gníomhaíochta talmhaíochta. Ar shamplaí díobh sin tá próiseáil táirgí feirme ar an bhfeirm, an fhoraoiseacht, an lománaíocht agus an turasóireacht. Leanann aschur an tionscail talmhaíochta as dhá chineál gníomhaíochtaí dá réir sin:

(i)gníomhaíochtaí talmhaíochta (príomhghníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí tánaisteacha) a dhéanann aonaid talmhaíochta;

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.4(j)

(ii)gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha a dhéanann aonaid talmhaíochta.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.4(k)

🡺2 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.4(l)

🡺3 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.4(m)

1.17.Is é an gabháltas talmhaíochta, arb é an t‑aonad a úsáidtear faoi láthair le haghaidh staidéir staidrimh ar an talmhaíocht (daonáirimh, suirbhéanna ar struchtúr gabháltas talmhaíochta), an APG áitiúil is iomchuí don tionscal talmhaíochta (cé gur gá aonaid áirithe eile, amhail comharchumainn fíona nó ola olóige, nó aonaid a dhéanann obair chonarthach, etc., a áireamh ann). Mar sin féin, ba cheart a thabhairt le fios gur cineál speisialta APG áitiúil iad gabháltais talmhaíochta de bharr éagsúlacht na ngníomhaíochtaí talmhaíochta is féidir a dhéanamh orthu. 🡺1 Dá ndéanfaí riail CCE  2010  a chur i bhfeidhm go docht maidir le haonaid agus lena ngrúpa, ba cheart gurbh é an toradh iarbhír a bheadh air sin go roinnfí an gabháltas talmhaíochta i roinnt APGanna áitiúla ar leithligh i gcásanna ina mbíonn roinnt gníomhaíochtaí den aicme cheithre dhigit chéanna de NACE Ath. 2 á ndéanamh ar an ngabháltas céanna agus ina bhfuil an fhaisnéis is gá  i gcomhréir le pointe  1.10 ar fáil. An gabháltas talmhaíochta a ghlacadh mar APG áitiúil an tionscail talmhaíochta sna cuntais náisiúnta agus in CET, tá sé bunaithe ar chur chuige staidrimh. 🡸

1.18.Dá réir sin, tá cuntais an tionscail talmhaíochta comhchosúil go bunúsach le cuntais gabháltas talmhaíochta (an cuntas táirgeachta agus an cuntas giniúna ioncaim). Chun aon débhrí a sheachaint, áfach, ba cheart a thabhairt le fios nach ionann na cuntais talmhaíochta agus cuntais fiontar a bhfuil a bpríomhghníomhaíocht ina gníomhaíocht talmhaíochta: ar an gcéad dul síos, ní áirítear orthu gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta uile na ngabháltas sin (eisiatar na cinn is féidir a dheighilt ó ghníomhaíochtaí talmhaíochta). Thairis sin, áirítear orthu gníomhaíochtaí talmhaíochta fiontar nach gníomhaíocht talmhaíochta í a bpríomhghníomhaíocht. Dá thoradh sin, an gabháltas talmhaíochta a ghlacadh mar an bunaonad le haghaidh CET, ní athraíonn sé sin an fíoras gur cuntais tionscail talmhaíochta iad na cuntais talmhaíochta.

1.19.🡺2 Ós é atá i dtionscal, de réir CCE 2010, grúpa aonad a dhéanann na cineálacha céanna nó cineálacha comhchosúla gníomhaíochta mar phríomhghníomhaíocht acu, tá an sainmhíniú ar an tionscal talmhaíochta in CET ag brath ar na gníomhaíochtaí agus na haonaid shaintréitheacha sa tionscal sin a shainaithint.🡸 Dfhéadfadh roinnt difríochtaí idir cuntais tionscail talmhaíochta CET agus na cuntais náisiúnta a bheith ann de dhroim na ngníomhaíochtaí agus na n‑aonad talmhaíochta saintréitheach a roghnaítear ( féach pointe  1.90).

1.20.🡺3 Láimhseáiltear an tionscal talmhaíochta mar ghrúpáil de na APGanna uile ar an leibhéal áitiúil a dhéanann na gníomhaíochtaí eacnamaíocha seo a leanas, mar phríomhghníomhaíocht nó mar ghníomhaíocht thánaisteach (  féach pointí  160 go 1.65 chun sainmhíniú beacht ar an tionscal talmhaíochta a fháil: 🡸

fás barr; garraíodóireacht mhargaidh; gairneoireacht (lena n‑áirítear fíon agus ola olóige a tháirgeadh as fíonchaora agus ológa arna bhfás ag an aonad céanna),

feirmshaothrú ainmhithe,

táirgeadh barr a bhaineann le feirmeoireacht ainmhithe,

obair chonarthach thalmhaíochta,

sealgaireacht, gaisteoireacht agus iomadú géim, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí seirbhísí gaolmhara.

1.21.I dteannta gabháltas talmhaíochta, is é atá sa tionscal talmhaíochta aonaid atá comhdhéanta de ghrúpaí táirgeoirí ( mar shampla,  comharchumainn) a tháirgeann fíon agus ola olóige agus aonaid speisialaithe a sholáthraíonn innealra, ábhar agus saothar chun obair chonarthach a dhéanamh.

1.22.Is mar chuid den tionscal talmhaíochta a láimhseáiltear aonaid speisialaithe a sholáthraíonn innealra, trealamh agus pearsanra chun obair chonarthach a dhéanamh ag an gcéim táirgthe talmhaíochta (fiontair thráchtála a bhíonn ag gabháil dobair chonarthach nó sealbhóirí talmhaíochta a sholáthraíonn seirbhísí mar chonraitheoirí). De réir léiriú níos beaichte, ní mór do na haonaid sin, nach mór a bheith áirithe sa tionscal talmhaíochta, obair a dhéanamh: (a) atá mar chuid den phróiseas táirgthe talmhaíochta, (b) atá nasctha le táirgí talmhaíochta a tháirgeadh, (c) a dhéanann na gabháltais talmhaíochta de ghnáth, agus (d) ar obair í arna déanamh iarbhír agus ina hiomláine ag sainaonaid a sholáthraíonn innealra, ábhar agus saothar.

🡻 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .3 (oiriúnaithe)

1.23.Más amhlaidh, áfach, nach aonaid speisialaithe a dhéanann an obair chonarthach ina hiomláine ( mar shampla,  má fhaigheann sealbhóirí innealra ar cíos ach má fhostaíonn siad a n‑oibrithe féin), ní mór an ghníomhaíocht sin a thaifeadadh i Rannán 77 de NACE Ath. 2 (Gníomhaíochtaí ligean ar cíos agus léasaithe); sa chás sin,  na  méideanna arna n‑íoc ag na sealbhóirí le fiontair a oibríonn ar conradh, ní mór iad a thaifeadadh mar earraí agus seirbhísí eile faoi thomhaltas idirmheánach ( féach pointe 2.109).

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn 1.4(n)

1.24.Ó tharla gurb é is cuspóir do CET foirmiú ioncaim ó ghníomhaíocht eacnamaíoch talmhaíochta (ar gníomhaíocht tráchtála sna Ballstáit í beagnach i gcónaí) a thomhas, tuairisc a thabhairt uirthi agus anailís a dhéanamh uirthi, rinneadh an cinneadh aonaid a dhéanann gníomhaíocht talmhaíochta nach bhfuil inti ach gníomhaíocht fóillíochta 4 a eisiamh. I gcodarsnacht leis sin, áirítear aonaid a bhíonn ag gabháil dfheirmeoireacht leorchothaitheach in CET. Ba cheart a thabhairt le fios nach mór aschur talmhaíochta ó ghabháltais talmhaíochta le haghaidh tomhaltas deiridh dílis a thaifeadadh in CET.

🡻 138/2004

3.Gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn 1.4(o)

1.25.Is é atá i gceist leis an APG áitiúil a úsáid ina bhunaonad don tionscal talmhaíochta ná gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta a thaifeadadh i gcás nach féidir iad a scaradh ón bpríomhghníomhaíocht talmhaíochta.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn 1.4(p)

1.26.Déantar gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha APGanna talmhaíochta áitiúla a shainmhíniú in CET mar ghníomhaíochtaí a bhaineann go dlúth le táirgeadh talmhaíochta ar ina leith nach féidir faisnéis maidir le haon aschur, tomhaltas idirmheánach, cúiteamh dfhostaithe, ionchur saothair ná OFCS a dheighilt ón bhfaisnéis maidir leis an bpríomhghníomhaíocht talmhaíochta le linn na tréimhse breathnóireachta staidrimh.

🡻 138/2004

1.27.Is mar a leanas príomhghnéithe na ngníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha sin:

ní mór iad a bheith beartaithe chun críche díola nó babhtála (le linn na tréimhse cuntasaíochta nó ina diaidh sin, tar éis stórála), chun críche úsáide críochnaithí dílse an táirgeora nó mar íocaíocht chomhchineáil (lena n‑áirítear luach saothair comhchineáil a íoctar le fostaithe),

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn 1.4(q) (oiriúnaithe)

ní mór gan iad a bheith ina ngníomhaíochtaí coimhdeacha. Ní dhéantar gníomhaíochtaí coimhdeacha a leithlisiú chun eintitis ar leith a chruthú agus ní scartar iad ó na príomhghníomhaíochtaí ná na gníomhaíochtaí tánaisteacha ná ó na príomheintitis nó na heintitis thánaisteacha a bhfónann siad dóibh. Dá réir sin, ní mór gníomhaíochtaí coimhdeacha a bheith comhtháite leis an APG áitiúil dá bhfónann siad, ach amháin má tá siad eagraithe ina n‑aonaid ar leithligh agus lonnaithe i réigiún eile. Fanann gníomhaíochtaí coimhdeacha sa tionscal céanna leis an APG áitiúil dá bhfónann siad. Is gníomhaíochtaí comhlántacha iad gníomhaíochtaí coimhdeacha ( mar shampla díolacháin, margaíocht, stórasú, iompar féinchuntais; féach CCE 2010, pointí 3.12 agus 3.13, agus 2008 CCN, pointí 5.35 go 5.44) a dhéanann fiontar chun na dálaí a chruthú faoinar féidir an phríomhghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí tánaisteacha a dhéanamh. De ghnáth, feictear aschur gníomhaíochtaí coimhdeacha mar ionchur sna cineálacha éagsúla gníomhaíochta táirgiúla,

🡻 2022/590 Airt. 1.4 agus Iarscríbhinn 1.2

de réir an ghnáis, ní fhéadfar táirgeadh ollfhoirmiú caipitil sheasta táirgí neamhthalmhaíochta (amhail foirgnimh nó meaisíní) a áireamh ar bhonn féinchuntais. Glactar leis gur gníomhaíocht indeighilte é táirgeadh ollfhoirmiú caipitil sheasta táirgí neamhthalmhaíochta sin chun críoch úsáide críochnaithí dílse agus déantar é a thaifeadadh mar tháirgeadh APG áitiúil inaitheanta. Ní mór seirbhísí cóiríochta a chuirtear ar fáil dfhostaithe mar luach saothair comhchineáil a láimhseáil ar bhealach comhchosúil (déantar iad a thaifeadadh mar luach saothair comhchineáil sa chuntas giniúna ioncaim),

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

ní mór iad a bheith de shaintréith gabháltas talmhaíochta,  is é sin le rá,  ní mór tábhacht mhór eacnamaíoch a bheith leo do líon mór gabháltas,

ní gníomhaíocht neamhthalmhaíochta í obair chonarthach thalmhaíochta toisc gur gníomhaíocht í (seirbhísí talmhaíochta) atá de shaintréith an tionscail talmhaíochta.

1.28.An chuid dhoscartha de ghníomhaíocht thánaisteach neamhthalmhaíochta shonrach, ní mór gan ach an chuid sin a áireamh. Dá thoradh sin, áireofar gníomhaíocht neamhthalmhaíochta ar leith sa tionscal talmhaíochta mura féidir í a dheighilt ó phríomhghníomhaíocht APG áitiúil, ach eisiafar í más féidir í a dheighilt ón bpríomhghníomhaíocht, agus sa chás sin eascraíonn APG áitiúil neamhthalmhaíochta as an ngníomhaíocht thánaisteach. Ní hé cineál an táirge i ndáiríre is bun leis an gcritéar roghnúcháin le haghaidh gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha ach an cineál gníomhaíochta féin 5 . Seirbhísí agrathurasóireachta arna soláthar ag feirm, mar shampla, ní mór iad a áireamh sa chás amháin nach féidir iad a dheighilt óna gníomhaíochtaí talmhaíochta. Níor dhócha gurbh amhlaidh an cás dá dtiocfadh na gníomhaíochtaí sin chun bheith tábhachtach. Dfhéadfadh sé dá réir sin go mbeidh éagsúlacht gheografach agus éagsúlacht le himeacht ama i dtáirgí neamhthalmhaíochta a gcoinnítear cuntas orthu in  aschur  an tionscail talmhaíochta.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn 1.4(r) (oiriúnaithe)

1.29.Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir dhá phríomhchineál gníomhaíochta tánaistí neamhthalmhaíochta doscartha:

1.Gníomhaíochtaí lena leantar de ghníomhaíocht talmhaíochta agus ina n‑úsáidtear táirgí talmhaíochta. Tá an cineál sin gníomhaíochta le fáil i bhformhór na mBallstát. Is í an ghníomhaíocht a dhéanann an grúpa sin de ghnáth táirgí talmhaíochta a phróiseáil:

Próiseáil táirgí talmhaíochta

im, uachtar, cáiseanna, iógairt agus táirgí déiríochta eile a dhéanamh as bainne,

súnna torthaí, bianna stánaithe, deochanna alcólacha agus táirgí eile a dhéanamh as torthaí agus glasraí,

táirgí alcólacha ( mar shampla,  fíon súilíneach, amhail Champagne, agus biotáillí, amhail Cognac) a dhéanamh as fíonchaora, úrfhíon fíonchaor agus fíon,

ábhar plandúil/teicstílí/olann a thrilseánú,

pâtés, foie gras agus táirgí feola próiseáilte eile a tháirgeadh,

táirgí talmhaíochta eile a phróiseáil,

Grádú agus pacáistiú táirgí talmhaíochta,  mar shampla,  uibheacha agus prátaí

2.Gníomhaíochtaí a bhaineann leis an ngabháltas talmhaíochta agus lena modhanna táirgthe talmhaíochta (trealamh, suiteálacha, foirgnimh, lucht saothair). Is iad na gníomhaíochtaí seo a leanas go bunúsach iad:

agrathurasóireacht — campáil, lónadóireacht, óstáin, cineálacha éagsúla cóiríochta, etc.,

siopaí feirme — gníomhaíochtaí trádála miondíola a bhaineann le táirgí seachas iad siúd ón ngabháltas. Déantar díolacháin dhíreacha táirgí talmhaíochta, bídís amh nó próiseáilte, a thaifeadadh in aschur na dtáirgí lena mbaineann,

spóirt agus áineas tuaithe — an talamh a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí amhail galf, marcaíocht ar chapall, sealgaireacht, iascaireacht, etc.,

seirbhísí le haghaidh tríú páirtithe —  mar shampla,  innealra talmhaíochta a ligean ar cíos nó a dheisiú, tionscadail uiscithe, seirbhísí comhairleacha talmhaíochta, stóráil táirgí, cothabháil foirgneamh feirme, seirbhísí tráchtála a bhaineann le táirgí talmhaíochta, iompar táirgí talmhaíochta, etc. Ní thaifeadtar na seirbhísí sin mar ghníomhaíochtaí tánaisteacha ach amháin má dhéantar le haghaidh tríú páirtí iad. Nuair a dhéantar ar bhonn féinchuntais iad, is gníomhaíochtaí tánaisteacha iad, nach dtaifeadtar sna cuntais ( féach pointe  1.27),

seirbhísí tírdhreachaithe — faiche a lomadh, fálta a bhearradh, sneachta a ghlanadh as bealach, limistéir ghlasa a leagan amach, a chur agus a chothabháil agus a leithéid,

feirmeoireacht éisc,

gníomhaíochtaí eile a bhaineann le húsáid na talún agus leis na modhanna táirgthe talmhaíochta. Áireofar T&F ar na gníomhaíochtaí eile sin murab iad APGanna áitiúla ar leithligh a dhéanann iad agus más féidir meastachán a dhéanamh orthu.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

1.30.Is mar léiriú  áfach,  a thugtar an liosta de ghníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta ( féach pointe  1.29) agus níl feidhm aige i ngach tír. Os a choinne sin, tá ar gach tír a liosta féin de ghníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha a thiomsú, a bhraitheann ar shaintréithe a talmhaíochta. Ní mór an liosta a tharraingt suas i gcomhar le ranna na gcuntas náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh CET comhoiriúnach do chuntais an bhrainse talmhaíochta agus do na cuntais le haghaidh na ngníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta sin arna dtiomsú chun críoch cuntas náisiúnta ( is é sin le rá chun a áirithiú nach bhfágfar aon ghníomhaíocht ar lár nó nach n‑áireofar faoi dhó í).

1.31.Na gníomhaíochtaí tánaisteacha talmhaíochta a dhéanann aonaid neamhthalmhaíochta, tá siad diomaibhseach agus taifeadtar mar nialas iad de réir an ghnáis. Déanta na fírinne, breithnítear gur doscartha i gcónaí é an táirgeadh talmhaíochta a dhéanann aonad neamhthalmhaíochta, i dtéarmaí sonraí cuntasaíochta, mar gheall ar ghnéithe sonracha na dtáirgí agus na modhanna táirgthe talmhaíochta agus mar gheall ar na foinsí sonraí agus modhanna a úsáidtear chun CET a leanann as a tharraingt suas ( féach  Roinn E de Chaibidil I agus Ranna B agus C de Chaibidil II). Chun CET a bhunú ar choincheap an tionscail, is gá tomhas a dhéanamh ar aschur na dtáirgí talmhaíochta uile, ach na táirgí sin a eascraíonn as gníomhaíochtaí tánaisteacha APGanna áitiúla neamhthalmhaíochta á bhfágáil as an áireamh. Ós rud é go mbreithnítear iad sin a bheith nialasach de réir an ghnáis, taifeadtar an t‑aschur talmhaíochta uile (cé is moite daschur ó aonaid a dhéanann gníomhaíocht talmhaíochta nach bhfuil inti ach gníomhaíocht fóillíochta;  féach pointe  1.24).

1.32.Earraí agus seirbhísí neamhthalmhaíochta a tháirgeann gabháltais talmhaíochta, ní áirítear in CET iad ach amháin má leanann siad as gníomhaíochtaí tánaisteacha doscartha. Má áirítear in aonaid, mar shampla, roinnt próiseas táirgthe atá comhtháite go hingearach ( mar shampla,  fiontair a bhíonn ag gabháil déanlaith a mharú, a phacáil agus a fholúsphacáil, prátaí nó glasraí eile a ghrádú, a ní agus a réamhphacáistiú, síolta a shórtáil, a ullmhú agus a dhíol; comharchumainn a sholáthraíonn spás stórála agus a dhíolann na táirgí, etc.) ní áirítear sa tionscal talmhaíochta ach an chuid dá ngníomhaíocht a bhaineann le táirgeadh talmhaíochta mar a shainmhínítear i  bpointí  1.62 agus 1.63, agus leis na gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha.

C.ASCHUR A THOMHAS

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn 1.4(s) (oiriúnaithe)

1.33.    De réir CCE 2010, is é atá in aschur an tionscail na táirgí uile arna dtáirgeadh i gcaitheamh na tréimhse cuntasaíochta i gceist ag aonaid uile an tionscail, ach amháin earraí agus seirbhísí arna dtáirgeadh agus arna dtomhailt i gcaitheamh na tréimhse cuntasaíochta céanna ag an aonad céanna. Tá an tomhas sin ar aschur talmhaíochta bunaithe ar oiriúnú ar an riail CCE  2010  sin, ina gcuimsítear an t‑aschur talmhaíochta ó chuid den aschur arna thomhailt ag na haonaid talmhaíochta féin ( féach pointí  2.032 go 2.036). In CET, dá réir sin, is é atá in aschur talmhaíochta suim an aschuir ó gach aonad sa tionscal (gan aschur le haghaidh tomhaltas inmheánach ag an aonad céanna a áireamh), móide aschur a úsáideann an t‑aonad céanna mar thomhaltas idirmheánach, ar choinníoll go mbaineann an t‑aschur sin le dhá bhunghníomhaíocht éagsúla (amhail táirgí barr atá beartaithe lena n‑úsáid mar bheatha ainmhithe) agus go gcomhlíonann sé critéir áirithe (a leagtar amach i  bpointe  2.055).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.1(a)

1.34.Oiriúnaíodh riail CEE  2010  mar gheall ar chineál speisialta an tionscail talmhaíochta:

tá méid an aschuir talmhaíochta a úsáidtear san aonad céanna mar thomhaltas idirmheánach níos mó sa talmhaíocht ná atá in earnálacha eacnamaíocha eile,áirítear éagsúlacht mhór gníomhaíochtaí talmhaíochta sa gabháltas talmhaíochta atá nasctha go dlúth le chéile (gníomhaíocht amháin, is í is bunús le gníomhaíocht eile nó leanann sí de ghníomhaíocht eile, amhail gránach agus farae a tháirgeadh le haghaidh beatha ainmhithe; dlúthnaisc san úsáid a bhaintear as tosca táirgeachta amhail trealamh agus innealra). An éagsúlacht atá sa ghabháltas talmhaíochta, gan amhras a chaitheamh ar a shaintréithriú mar APG áitiúil, fágann sé gur cás an‑speisialta é i gcomparáid le APGanna áitiúla i gcodanna eile den gheilleagar ( féach pointe  1.17). Agus an geilleagar á fhoroinnt ina thionscail, is é is aidhm do na cuntais, go páirteach, léiriú a thabhairt ar na sreafaí laistigh den phróiseas táirgthe: luach eacnamaíoch a chruthú, a chlaochlú, a thrádáil agus a aistriú. Na gníomhaíochtaí éagsúla a dhéantar ar ghabháltas talmhaíochta, ní chuirfí san áireamh go hiomlán iad mura dtomhaisfí ach an t‑aschur a imíonn ón ngabháltas.

1.35.Leis an oiriúnú sin ar riail CCE  2010  iarrtar go ndéantar láimhseáil speisialta ar tháirgí áirithe amhail táirgí talmhaíochta atá beartaithe lena n‑úsáid mar bheatha ainmhithe ar an ngabháltas, ar fhíonchaora a úsáidtear chun fíon a tháirgeadh agus ológa a úsáidtear chun ola olóige a tháirgeadh, agus ar tháirgí talmhaíochta atá beartaithe lena n‑úsáid mar thomhaltas idirmheánach le haghaidh gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha.

1.36.Cuirtear an trádáil in ainmhithe beo idir gabháltais talmhaíochta agus allmhairí ainmhithe beo faoi réir láimhseáil speisialta toisc go mbreithnítear gur obair idir lámha iad ( féach  Caibidil II).

D.SEICHEAMH NA gCUNTAS

1.Seicheamh na gcuntas dá bhforáiltear in 🡺1 CCE 2010 🡸

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn 1.4(t) (oiriúnaithe)

1.37.Tá CET bunaithe ar sheicheamh cuntas idirnasctha.In CCE 2010, áirítear cuntais reatha, cuntais charntha agus cláir chomhardaithe i seicheamh iomlán na gcuntas (CCE 2010, pointí 1.113  , 1.114 agus  1.115). De bharr na gcuntas éagsúil sin, is féidir idirbhearta agus sreafaí eile atá nasctha le gnéithe sonracha den timthriall eacnamaíoch (an táirgeadh, mar shampla) a thaifeadadh i gcreat ordúil. Tá raon idirbheart ann idir ioncam a ghiniúint agus a charnadh i bhfoirm sócmhainní agus ioncam a dháileadh agus a athdháileadh. Na hítimí comhardaithe a asbhaintear díobh, úsáidtear ansin iad mar chomhiomláin chun feidhmíocht eacnamaíoch a thomhas.

🡻2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn 1.4(u)

1.38.Déileálann na cuntais reatha le táirgeadh ioncaim agus leis an nginiúint, an dáileadh agus an t‑athdháileadh ioncaim a bhaineann leis agus le húsáid an ioncaim i bhfoirm tomhaltais deiridh; is féidir coigilteas a ríomh dá mbarr, arb é an chomhpháirt bhunúsach den charnadh é. Le cuntais charntha, déantar anailís ar chomhpháirteanna éagsúla na n‑athruithe ar shócmhainní agus dliteanais aonad agus is féidir athruithe ar ghlanfhiúchas (an difríocht idir sócmhainní agus dliteanais) a thaifeadadh dá mbarr. Léiríonn na cláir chomhardaithe iomlán shócmhainní agus dhliteanais na n‑aonad éagsúil ag tús agus ag deireadh na tréimhse cuntasaíochta, mar aon lena nglanfhiúchas. Na sreafaí le haghaidh gach mír sócmhainne agus dliteanais a thaifeadtar sna cuntais charntha, feictear arís iad sa chuntas athruithe ar chláir chomhardaithe (CCE 2010, pointí 8.02 go 8.09 agus Tábla 8.1).

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn 1.4(v)

1.39.Seicheamh na gcuntas dá dtagraítear thuas, tá feidhm aige maidir le haonaid institiúideacha, earnálacha agus fo‑earnálacha, agus leis an ngeilleagar iomlán. Glactar leis in CCE 2010 nach fiú seicheamh iomlán na gcuntas a thiomsú le haghaidh APG áitiúil agus tionscail toisc gurb annamh a bhíonn an acmhainneacht ag na haonaid sin earraí nó sócmhainní a choinneáil ina n‑ainm féin nó ioncam a fháil agus a dháileadh.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn 1.1(a)

2.Seicheamh chuntais CET

1.40.Ós rud é go bhfuil CET bunaithe ar choincheap an tionscail, ní mór seicheamh na gcuntas i gcomhréir le 🡺1 CCE 2010 🡸 a bheith teoranta do na chéad chuntais sna cuntais reatha:

an cuntas táirgeachta, agus

an cuntas giniúna ioncaim

arb iad a n‑ítimí comhardaithe iad breisluach agus barrachas oibriúcháin faoi seach ( féach  Táblaí 1 agus 2).

1.41.Mar sin féin, i bhfianaise ghnéithe sonracha na talmhaíochta, síltear gur cheart é a bheith indéanta cuntais eile a thiomsú, go páirteach ar a laghad, a mhéid is féidir na sreafaí ábhartha a chur ina leith go soiléir. Is iad seo a leanas na cuntais i gceist ( féach  Táblaí 3 agus 4):

an cuntas ioncaim fhiontraíoch (ceann de na cuntais reatha) agus

an cuntas caipitil (ceann de na cuntais charntha).

1.42.Tá machnamh á dhéanamh ar leathnú an tseichimh cuntas sin chuig ítimí (sreafaí) áirithe sa chuntas athruithe eile ar shócmhainní sna cuntais charntha (  is é sin le rá ceannteidil áirithe faoi athruithe eile ar mhéid na sócmhainní agus sa chuntas athluachála) agus sa chlár comhardaithe.

1.43.Ar bhonn na dtáblaí agus an struchtúir cuntasaíochta in 🡺1 CCE 2010 🡸, is féidir seicheamh chuntais CET a léiriú mar a thaispeántar i dTáblaí 1 go 4.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn 1.4(w) (oiriúnaithe)

A.    Cuntais reatha

Tábla 1: Cuntas táirgeachta

Úsáidí

Acmhainní

P.2

Tomhaltas idirmheánach

50

P.1

Aschur

100

B.1g

Oll‑bhreisluach

50

P.51c

Ídiú an chaipitil sheasta

10

B.1n

Breisluach glan

40

Tábla 2: Cuntas giniúna ioncaim

Úsáidí

Acmhainní

D.1

Cúiteamh fostaithe

10

B.1n

Breisluach glan

40

D.29

Cánacha eile ar tháirgeadh

5

D.39

Fóirdheontais eile ar tháirgeadh

– 10

B.2n/B.3n

Barrachas oibriúcháin, glan/Ioncam measctha, glan

35

Tábla 3: Cuntas ioncaim fiontraíochta

Úsáidí

Acmhainní

D.4

Ioncam ó mhaoin

10

B.2n/B.3n

Barrachas oibriúcháin, glan/Ioncam measctha, glan

35

D.41

Ús

5

D.45

Cíos

5

D.4

Ioncam ó mhaoin

1

D.41

Ús

1

D.42

Ioncam dáilte corparáidí

D.43

Tuilleamh ath-infheistithe ó infheistíocht dhíreach choigríche

D.44

Ioncam eile ó infheistíocht

D.45

Cíos

B.4n

Ioncam fiontraíoch, glan

26

B.    Cuntais charntha

Tábla 4: Cuntas caipitil

Athruithe ar shócmhainní

Athruithe i ndliteanais agus glanfhiúchas

B.101

Athruithe ar ghlanfhiúchas i ngeall ar choigilt agus aistrithe caipitil

B.8n

Coigilteas, glan

D.9r

Aistrithe caipitil, infhála

10

D.92r

Deontais infheistíochta, infhála

5

D.99r

Aistrithe caipitil eile, infhála

5

D.9p

Aistrithe caipitil, iníoctha

D.91p

Cánacha caipitil, iníoctha

D.99p

Aistrithe caipitil eile, iníoctha

P.51g

Ollfhoirmiú caipitil sheasta (OFCS)

100

B.101

Athruithe ar ghlanfhiúchas i ngeall ar choigilt agus aistrithe caipitil

P.511

Éadálacha lúide diúscairtí sócmhainní seasta (OFCS i sócmhainní seasta)

89

P.511a

Ollfhoirmiú caipitil sheasta i bplandálacha

10

P.511b

OFCS i mbeostoc

15

P.511c

OFCS in innealra agus trealamh

20

P.511d

OFCS i dtrealamh iompair

20

P.511e

OFCS i bhfoirgnimh feirme

20

P.511f

OFCS in oibreacha eile seachas feabhsuithe talún (foirgnimh eile, déanmhais, etc.)

0

P.511g

Feabhsuithe móra ar thalamh

4

P.511h

Taighde agus forbairt

0

P.511i

OFCS eile ( mar shampla,  ríomhchláir, cearta táirgthe)

0

P.512

Costais a ghabhann le haistriú úinéireachta sócmhainní neamhtháirgthe (talamh, etc.)

1

P.51c

Ídiú an chaipitil sheasta

10

P.52

Athruithe ar fhardail

5

P.53

Éadálacha lúide diúscairtí earraí luachmhara

NP

Éadálacha lúide diúscairtí sócmhainní neamhtháirgthe (talamh, etc.)

B.9

Glaniasachtú(+)/glaniasachtaíocht(-)

K.1

Taispeánadh eacnamaíoch sócmhainní

K.2

Imeacht eacnamaíoch sócmhainní neamhtháirgthe

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn 1.4(x) (oiriúnaithe)

1.44.Ba cheart a choimeád i gcuimhne gurb é atá in idirbhearta agus stoic a leagtar amach faoi chló iodálach i dTáblaí 3 agus 4 ítimí:

nach bhfuil ábhartha do CET toisc go n‑úsáidtear coincheap an tionscail agus go bhfuil seicheamh na gcuntas neamhiomlán. Is iad na ceannteidil lena mbaineann ceannteidil D.42 Ioncam dáilte corparáidí, D.43 Tuilleamh ath-infheistithe ó infheistíocht dhíreach choigríche, D.44 Ioncam eile ó infheistíocht agus D.45 Cíos faoi Acmhainní de Thábla 3 agus ceannteidil B.8n Coigilteas, glan, B.101 Athruithe ar ghlanfhiúchas i ngeall ar choigilt agus aistrithe caipitil agus B.9 Glaniasachtú(+)/glaniasachtaíocht(-) i dTábla 4,

nach bhfuil taifeadta, toisc go bhfuil easpa faisnéise iontaofa ann nó toisc gur teoranta an tsuim a chuirtear iontu faoi láthair chun críoch CET.Is iad na ceannteidil i gceist D.9p Aistrithe caipitil, iníoctha, D.91p Cánacha caipitil, iníoctha agus D.99p Aistrithe caipitil eile, iníoctha, P.53 Éadálacha lúide diúscairtí earraí luachmhara, NP Éadálacha lúide diúscairtí sócmhainní neamhtháirgthe (talamh agus sócmhainní neamhtháirgthe eile), K.1 Taispeánadh eacnamaíoch sócmhainní, K.2 Imeacht eacnamaíoch sócmhainní neamhtháirgthe, i dTábla 4. Féadfar roinnt díobh sin ( mar shampla,  D.91, K.1, K.2) a thaifeadadh in CET tráth éigin amach anseo.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn 1.4(y)

1.45.Sa chuntas táirgeachta, taifeadtar idirbhearta a bhaineann leis an bpróiseas táirgthe. Áirítear ann aschur faoi Acmhainní agus tomhaltas idirmheánach faoi Úsáidí. Féadfar breisluach,  is é sin le rá an ítim chomhardaithe, a ríomh roimh ídiú an chaipitil sheasta nó ina dhiaidh (oll‑bhreisluach nó breisluach glan). Ós rud é go ndéantar aschur a luacháil ag an mbunphraghas agus tomhaltas idirmheánach a luacháil ag praghas an cheannaitheora, áirítear sa bhreisluach fóirdheontais lúide cánacha ar tháirgí.

1.46.Baineann an cuntas giniúna ioncaim leis an bhfoirmiú ioncaim a leanann as an bpróiseas táirgthe agus lena chur i leith na tosca táirgeachta ó saothar agus an rialtais ghinearálta (i bhfoirm cánacha agus fóirdheontas). Comhfhreagraíonn an barrachas oibriúcháin,  is é sin le rá an ítim chomhardaithe, don ioncam a ghineann na haonaid trí úsáid a bhaint as a sócmhainní táirgthe. 🡺1 I gcás gnóthas neamhchorpraithe in earnáil na dteaghlach, tugtar le tuiscint in ítim chomhardaithe an chuntais ghiniúna ioncaim go bhfuil gné ann a chomhfhreagraíonn do luach saothair ar obair arna déanamh ag úinéir nó ag baill den teaghlach. Tá saintréithe pá agus tuarastail ag baint leis an ioncam sin ó fhéinfhostaíocht, chomh maith le saintréithe brabúis mar gheall ar obair arna déanamh i gcáil fiontraí. Tagraítear don ioncam sin mar ioncam measctha, ós rud é nach ionann é go díreach agus pá ná brabús (CCE 2010, pointe 8.19). 🡸

1.47.Is féidir a thomhas leis an gcuntas ioncaim fhiontraíoch ioncam atá comhchosúil le coincheap an bhrabúis reatha roimh dháileadh agus roimh chánacha ar ioncam, mar a úsáidtear de ghnáth sa chuntasaíocht ghnó.

1.48.Is féidir a chinneadh leis an gcuntas caipitil a mhéid a maoiníodh éadálacha lúide diúscairtí sócmhainní neamhairgeadais as coigilteas agus aistrithe caipitil. Léirítear iasachtú nó iasachtaíocht leis. Ní féidir cuntas caipitil iomlán a thiomsú le haghaidh na talmhaíochta óir, cé go bhféadfaí sreafaí áirithe a chur i leith an tionscail sin go soiléir, tá ítimí eile ann ( mar shampla,  glanchoigilteas, iarmhéid sheicheamh na gcuntas reatha) nach féidir a ríomh ar bhonn tionscail. Mar sin féin, trí thaifeadadh a dhéanamh ar a liacht athruithe agus is féidir ar luach sócmhainní airgeadais sa tionscal (i ngeall ar éadálacha, diúscairtí agus ídiú an chaipitil sheasta) agus ar aistrithe caipitil arna bhfáil ag an tionscal, faightear faisnéis luachmhar maidir lena staid eacnamaíoch agus staid a chláir chomhardaithe (móide faisnéis maidir leis an ioncam a ghineann an próiseas táirgthe).

E.FOINSÍ SONRAÍ AGUS MODHANNA RÍOMHA CHUN CET A THIOMSÚ

1.49.Is é ceann de phríomh‑shaintréithe CET go nglactar an fhoirmle cainníocht x praghas nuair a thomhaistear an t‑aschur ó fhormhór mór na dtáirgí. Is é a spreag an cur chuige sin go príomha an deacracht a bhaineann le cuntais talmhaíochta a thiomsú bunaithe ar shamplaí ionadaíocha cuntas gnó.

1.50.De ghnáth, is féidir meastóireacht a dhéanamh ar aschur barr bunaithe ar acmhainní,  is é sin le rá cainníochtaí arna dtáirgeadh (arna mbuaint) a mheas bunaithe ar mheastacháin ar limistéir faoi bharra agus ar thorthaí, nó bunaithe ar úsáidí,  is é sin le rá ar mheastacháin ar na táirgí talmhaíochta arna gceannach ag na brainsí úsáideora, ar allmhairí glan ó onnmhairí, lenar cheart cainníochtaí áirithe a úsáideann an tionscal talmhaíochta le haghaidh tomhaltas idirmheánach a chur, ar athruithe ar stoic táirgeora agus ar úsáid ar bhonn féinchuntais (ar tomhaltas deiridh dílis é formhór na húsáide sin). Is féidir an cur chuige deireanach a bheith thar a bheith iomchuí i gcásanna inar féidir ceannaitheoirí na dtáirgí talmhaíochta sin a shainaithint go héasca agus ina bhfuil na ceithre chomhpháirt eile teoranta (táirgí nach mór a réamhphróiseáil sular féidir iad a úsáid, mar shampla, amhail biatas siúcra, tobac, etc.). Mar sin féin, tá gá le clár comhardaithe fisiceach chun comhsheasmhacht agus iontaofacht na sonraí a fhíorú.

1.51.Staidreamh maidir le maruithe, onnmhairí/allmhairí ainmhithe beo agus méid na dtréad, is é sin an príomhfhoinse sonraí chun aschur ainmhithe a thomhas. Go ginearálta, déantar meastachán ar aschur táirgí ainmhithe (bainne go príomha) trí dhíolacháin le brainsí úsáideora (déirithe, pacálaithe) a úsáid mar gheall ar na húsáidí sonracha a bhaintear astu.

1.52.Tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar na modhanna ríomha i gCaibidil II.

1.53.Ní féidir an chuid is mó dearraí idirmheánacha a úsáid ach sa talmhaíocht go bunúsach (síolta agus stoc plandúcháin, leasacháin, lotnaidicídí, etc.). Sa chás sin, tá ceannacháin na talmhaíochta bunaithe ar na sonraí a bhaineann le díolacháin ag brainsí a sholáthraíonn na hearraí idirmheánacha sin (tar éis trádáil sheachtrach a chur san áireamh).

1.54.Ní gan rioscaí áirithe, áfach, a chuirtear an riail sin i bhfeidhm. Go deimhin, gá go gcomhfhreagraíonn díolacháin earraí tomhaltais idirmheánaigh ag táirgeoirí, a úsáidtear go príomha sa talmhaíocht, do cheannacháin na n‑earraí sin ag an earnáil talmhaíochta, toisc go bhféadfar leasacháin, lotnaidicídí, etc. a cheannach chun críoch eile freisin (stoic aonad tráchtála, tomhaltas ag aonaid eile amhail páirceanna poiblí agus teaghlaigh, etc.).

F.AN tAICMIÚCHÁN

1.Ginearálta

🡻 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .4 (oiriúnaithe)

1.55.Is cuid dhílis de CCE é an CET agus baintear úsáid dá bhrí sin as aicmiú ginearálta gníomhaíochtaí eacnamaíocha Eurostat, is é sin NACE Ath. 2, chun iad a thiomsú. Ainmníocht gníomhaíochtaí ceithre leibhéal a tiomsaíodh in 2006 is ea NACE Ath. 2. Is é atá ann i ndáiríre athbhreithniú ar aicmiú tionsclaíoch ginearálta na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha laistigh de na Comhphobail Eorpacha, nó aicmiúchán NACE, a dfhoilsigh Eurostat in 1970 ar dtús.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .1

🡺2 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .2

1.56.🡺1 NACE Ath. 2 🡸 ina leagan níos mionsonraithe de 🡺2 ISIC Ath. 4 🡸 6 , a oiriúnaíodh go sonrach dimthosca Eorpacha.  🡺1 NACE Ath. 2 🡸 nasctha go díreach leis an aicmiú táirgí de réir gníomhaíochta (CPA) laistigh den  Aontas  Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, rud atá bunaithe ar a sheal ar Aicmiú Lárnach Táirgí (CPC) na Náisiún Aontaithe.

🡻 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .5 (oiriúnaithe)

1.57.Aicmiú gníomhaíochtaí is ea NACE Ath. 2 a úsáidtear chun tionscail a shainiú sna cuntais náisiúnta. Tá sé bunaithe ar an gcóras códaithe cheithre leibhéal ar a dtugtar tuairisc  mar seo a leanas :

céad leibhéal ina mbeidh ceannteidil a shainaithneofar le cód aibítreach (ranna);

dara leibhéal ina mbeidh ceannteidil a shainaithneofar le cód uimhriúil dhá dhigit (rannáin);

tríú leibhéal ina mbeidh ceannteidil a shainaithneofar le cód uimhriúil thrí dhigit (grúpaí); agus

ceathrú leibhéal ina mbeidh ceannteidil a shainaithneofar le cód uimhriúil cheithre dhigit (aicmí).

🡻 138/2004

1.58.De ghnáth, is féidir gach leibhéal in aicmiú gníomhaíochtaí eacnamaíocha a shainmhíniú de réir na n‑earraí nó na seirbhísí is saintréith de. Dá réir sin, úsáidtear CPA chun tuairisc mhionsonraithe a thabhairt ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha éagsúla sa tionscal talmhaíochta lena ngabhann idirdhealú breise dhá dhigit a shainíonn na ceannteidil ar bhealach níos mionsonraithe.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn 1.4(z)

1.59.De réir CCE 2010, comhfhreagraíonn an tionscal don ghrúpa APGanna áitiúla a bhíonn ag gabháil don phríomhghníomhaíocht chéanna nó do phríomhghníomhaíochtaí comhchosúla. Ar an leibhéal aicmithe is mionsonraithe, is é atá i dtionscal na hAPGanna áitiúla uile a áirítear san aicme chéanna (ceithre dhigit) de NACE Ath. 2 agus a bhíonn ag gabháil dá bhrí sin don phríomhghníomhaíocht chéanna mar a shainmhínítear san ainmníocht sin (CCE 2010, pointe 2.150). Is gá na nithe seo a leanas a shonrú go beacht dá bhrí sin chun réimse an tionscail talmhaíochta a shainmhíniú:

a ghníomhaíochtaí saintréitheacha,

aonaid shaintréitheacha CET.

🡻 138/2004

2.Gníomhaíochtaí saintréitheacha na talmhaíochta a shainmhíniú

🡻 2019/280 Airt. 1 Agus Iarscríbhinn I.4(aa) (oiriúnaithe)

1.60.Comhfhreagraíonn an tionscal talmhaíochta, mar a thugtar tuairisc air in CET, i bprionsabal, do Rannán 01 in NACE Ath. 2, agus léirítear na difríochtaí i  bpointí  1.62. go 1.65 a leanas.

🡻 138/2004

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.1(a)

🡺2 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .1

1.61.Is cuntas satailíte faoi chuimsiú na gcuntas náisiúnta iad CET, a bhfuil a mbunchoincheapa, a bprionsabail agus a rialacha bunaithe ar 🡺1 CCE 2010 🡸. Ní sholáthraítear le CCE 2010, áfach, ach creat ginearálta maidir leis an ngeilleagar ina iomláine, agus ní mór é a oiriúnú do cheanglais shonracha na talmhaíochta. Díorthaítear na ceanglais shonracha sin go príomha ó chuspóirí sonracha CET, ó infhaighteacht foinsí sonraí agus ó shaintréithe speisialta aonad talmhaíochta agus a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha. De dhroim chineál sonrach na gcuntas satailíte, is gá liosta de ghníomhaíochtaí talmhaíochta saintréitheacha CET a thiomsú, ar léir nach mór iad a bheith bunaithe ar 🡺2 NACE Ath. 2 🡸.

🡻 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .6

1.62.Chun críoch cuntas náisiúnta, sainmhínítear an tionscal talmhaíochta mar na haonaid uile a dhéanann gníomhaíochtaí a thagann faoi Rannán 01 de NACE Ath. 2 Táirgeadh barr agus ainmhithe, sealgaireacht agus gníomhaíochtaí seirbhísí gaolmhara, go heisiach nó in éineacht le gníomhaíochtaí eacnamaíocha tánaisteacha eile. Cuimsítear le Rannán 01 7 :

Grúpa 01.1: Barra neamh‑ilbhliantúla a fhás;

Grúpa 01.2: Barra ilbhliantúla a fhás;

Grúpa 01.3: Iomadú plandaí;

Grúpa 01.4: Táirgeadh ainmhithe;

Grúpa 01.5: Feirmeoireacht mheasctha;

Grúpa 01.6: Gníomhaíochtaí tacaíochta don talmhaíocht agus do ghníomhaíochtaí barr iarbhuainte;

Grúpa 01.7: Sealgaireacht, gaisteoireacht agus gníomhaíochtaí seirbhísí gaolmhara.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.4(bb) (oiriúnaithe)

1.63.Comhfhreagraíonn an liosta de ghníomhaíochtaí talmhaíochta saintréitheacha CET do na seacht ngrúpa gníomhaíochtaí sin (01.1 go 01.7), ach tá na difríochtaí seo a leanas ann:

áirítear ann táirgeadh fíona agus ola olóige (lena n‑úsáidtear go heisiach fíonchaora agus ológa arna bhfás ag an ngabháltas céanna),

eisiatar uaidh gníomhaíochtaí áirithe a bhreithnítear, in NACE Ath. 2, a bheith ina seirbhísí talmhaíochta ( mar shampla,  córais uiscithe a oibriú — ní chuirtear san áireamh ann sin ach obair chonarthach thalmhaíochta).

🡻 138/2004

3.Aonaid shaintréitheacha na talmhaíochta a shainmhíniú

🡻 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .8 (oiriúnaithe)

1.64.Na haonaid uile a dhéanann gníomhaíochtaí saintréitheacha an tionscail talmhaíochta in CET, ní mór iad a áireamh. Déanann na haonaid i gceist na gníomhaíochtaí a áirítear sna grúpaí seo a leanas in NACE Ath. 2:

grúpaí 01,1 agus 01,2: Barra neamh‑ilbhliantúla agus ilbhliantúla a fhás,

síolta a tháirgeadh: gan ach na haonaid a bhíonn ag gabháil diomadú síolta,

grúpa 01,3: Iomadú plandaí

grúpa 01,4: Táirgeadh ainmhithe,

grúpa 01,5: Feirmeoireacht mheasctha,

grúpa 01,6: Gníomhaíochtaí tacaíochta don talmhaíocht agus do ghníomhaíochtaí barr iarbhuainte

gan aonaid a dhéanann gníomhaíochtaí seirbhíse talmhaíochta seachas obair chonarthach a áireamh ( is é sin le rá aonaid a oibríonn córais uiscithe nó a phróiseálann síolta lena n‑iomadú),

grúpa 01,7: Sealgaireacht, gaisteoireacht agus gníomhaíochtaí seirbhísí gaolmhara.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

1.65.Seachas na gabháltais talmhaíochta, is féidir a fheiceáil ón liosta gurb iad seo a leanas aonaid shaintréitheacha eile na talmhaíochta: grúpálacha táirgeoirí a tháirgeann fíon agus ola olóige agus sainaonaid a dhéanann obair chonarthach thalmhaíochta ( féach pointí  1.20 agus 1.21). Ba cheart a chuimhneamh nach n‑áirítear ar aonaid shaintréitheacha na talmhaíochta aonaid a dhéanann gníomhaíocht talmhaíochta nach bhfuil inti ach gníomhaíocht fóillíochta ( féach pointe  1.24).

4.Barúlacha maidir le hítimí éagsúla

🡻 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .10 (oiriúnaithe)

(a)Ghrúpaí 01,1  , 01,2 agus  01,3: Barra neamh‑ilbhliantúla agus ilbhliantúla a fhás, iomadú plandaí

🡻 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .11 (oiriúnaithe)

1.66.Ghrúpaí 01,1  , 01,2 agus  01,3, tá miondealú córasach ann lenar féidir gach gníomhaíocht táirgthe barr sna Ballstáit a aicmiú.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

1.67.Chun é a thaifeadadh, ní mór táirgeadh barr farae a bheith ina chuid de ghníomhaíocht eacnamaíoch. 

1.68.In ainmníocht CET, grúpáiltear síolta talmhaíochta faoin gceannteideal Síolta, cé is moite de shíolta gránaigh (lena n‑áirítear rís), olashíolta, barra próitéine agus prátaí, a iontráiltear faoi na cineálacha aonaracha gránaigh agus olashíl, faoi bharraí próitéine agus faoi phrátaí faoi seach 8 . Go deimhin, cumhdaítear roinnt cineálacha gníomhaíochta táirgthe le táirgeadh síolta: taighde ( is é sin le rá, . fréamhshamhlacha síl den chéad ghlúin a tháirgeadh), iomadú (arna dhéanamh ag gabháltais talmhaíochta faoi chonradh) agus deimhniú ( is é sin le rá,  grádú agus pacáil arna ndéanamh ag sainaonaid táirgthe). Níl ach iomadú síolta ina ghníomhaíocht talmhaíochta shaintréitheach toisc gur institiúidí taighde agus táirgthe a dhéanann gníomhaíochtaí taighde agus deimhniúcháin agus nach cuid den ghníomhaíocht talmhaíochta thraidisiúnta iad ( is é sin le rá,  acmhainní nádúrtha a shaothrú dfhonn plandaí agus ainmhithe a tháirgeadh). Dá thoradh sin, ní bhaineann táirgeadh síolta in CET ach le táirgeadh síolta iomadaithe. Comhfhreagraíonn tomhaltas idirmheánach síolta do: (i) shíolta den chéad ghlúin arna gceannach dfhonn iad a iomadú; agus (ii) síolta deimhnithe arna gceannach ag táirgeoirí talmhaíochta dfhonn barr a tháirgeadh.

🡻 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .13 (oiriúnaithe)

9 1.69.De réir an ghnáis a ghlac NACE Ath. 2, i gcás ina bpróiseálfaidh an t‑aonad táirgthe céanna táirgí talmhaíochta arna dtáirgeadh dá dtomhaltas féin, cuirtear na táirgí próiseáilte i leith na talmhaíochta freisin. Láimhseáiltear úrfhíon fíonchaor, fíon agus ola olóige mar tháirgí bia in CPA, mar shampla. Le NACE Ath. 2, aicmítear táirgeadh fíona agus ola olóige faoi Roinn C monarú (Aicmí 11,02 Monarú fíona ó fhíonchaora agus 10,41 Monarú olaí agus saillte). Ní thagann ach táirgeadh fíonchaor fíona agus ológ faoi réimse na talmhaíochta (Aicmí 01,21 Fíonchaora a fhás agus 01,26 Torthaí olúla a fhás). De réir an ghnáis  sin , áfach, is i leith na talmhaíochta a chuirtear fíon agus ola olóige arna dtáirgeadh ó fhíonchaora agus ológa a fhásann an t‑aonad táirgthe céanna.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

1.70.Déantar táirgeadh fíona ag aonaid a bhaineann go dlúth le gabháltais talmhaíochta a láimhseáil freisin mar ghníomhaíocht talmhaíochta shaintréitheach in CET. Áirítear grúpaí táirgeoirí ( mar shampla,  comharchumainn saothraithe fíniúna) ar aonaid a bhfuil naisc láidre acu le gabháltais talmhaíochta. Is é cineál na n‑eagraíochtaí sin a chinneann cé acu a áirítear nó nach n‑áirítear sa tionscal talmhaíochta iad, arbh é a bhí iontu go stairiúil leathnú ar ghabháltais talmhaíochta (ar fhoras frithpháirteach a bhaineann le táirgeadh agus margaíocht) agus ar leis na gabháltais sin de ghnáth iad. Os a choinne sin, tá táirgeadh fíona (ola olóige) ag gnólachtaí agraibhia eisiata ó CET (i ngeall ar a chineál tionsclaíoch, rud atá soiléir).

1.71.Áirítear táirgeadh úrfhíona fíonchaor mar aon le táirgeadh fíona sa liosta de ghníomhaíochtaí saintréitheacha toisc gur féidir úrfhíon fíonchaor a dhíol nó a onnmhairiú i bhfoirm amh nó é a chur le stoic sula ndíoltar nó sula n‑onnmhairítear é, chun é a thomhailt nó chun fíon a dhéanamh as, i dtréimhse thagartha ina dhiaidh sin.

1.72.Ós rud é go bhfuil fíon, ola olóige agus úrfhíon fíonchaor (a mhéid nach ndearnadh fíonóireacht ar an gceann deireanach sin le linn na tréimhse tagartha agus a mhéid sin amháin) mar thoradh ar tháirgeadh talmhaíochta i bhfoirm na próiseála a dhéantar ar fhíonchaora agus ológa arna bhfás ag an aonad céanna, níor cheart fíonchaora lena mbeartaítear úrfhíon fíonchaor nó fíon a mhonarú ná ológa lena mbeartaítear ola olóige a mhonarú ( is é sin le rá na buntáirgí) a áireamh faoi aschur. Láimhseáiltear iad mar thomhaltas laistigh daonad nach dtomhaistear mar aschur tionsclaíoch ( féach pointe  2.052). Úrfhíon fíonchaor nach ndearnadh fíonóireacht air le linn na tréimhse tagartha, ba cheart é a áireamh in aschur na tréimhse. Le linn na tréimhse fíonóireachta, ba cheart é a thaifeadadh mar thomhaltas idirmheánach (tomhaltas laistigh daonad) lena gcomhardaítear laghdú comhfhreagrach ar an stoc. Ba cheart an fíon atá mar thoradh ar phróiseáil an úrfhíona fíonchaor a thaifeadfadh mar chomhpháirt aschuir.

1.73.Is earraí caipitiúla seasta iad plandálacha ( mar shampla,  fíonghoirt agus úlloird), agus is gá a mbunú a thaifeadadh faoi aschur. Is é atá i mbunú plandálacha ar bhonn féinchuntais Earraí caipitiúla seasta arna dtáirgeadh ar bhonn féinchuntais. I gcás ina ndéanfaidh aonaid speisialaithe plandálacha a bhunú ar bhonn conartha, breithnítear gurb é Díolacháin an luach comhfhreagrach.

🡻 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .14

(b)Grúpa 01.4: Táirgeadh ainmhithe

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .16

🡺2 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.4(cc)

1.74.Mar is amhlaidh i gcás gníomhaíochtaí fáis barr ( féach pointe  1.66), tá miondealú córasach sa ghrúpa sin ar na táirgí beostoic agus ainmhithe uile a tháirgtear sna Ballstáit.

1.75.Is gníomhaíocht shaintréitheach in CET é pórú capall, is cuma cén úsáid a bhainfear as an ainmhí ar deireadh (pórú, táirgeadh feola nó seirbhísí). 🡺1 Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, nach gníomhaíocht talmhaíochta shaintréitheach í an bhainistíocht ar stáblaí capall rása agus scoileanna marcaíochta (tagann sé faoi réim Gníomhaíochtaí spóirt agus gníomhaíochtaí siamsaíochta agus áineasa: Rannán 93) ( féach pointe  2.210).🡸 🡺2 Dá bhrí sin, ní mór sreafaí a fhabhraíonn dfheirmeoirí ó ghníomhaíochtaí den sórt sin a eisiamh ó CET. 🡸 Ina theannta sin, coinneáil capall rása nó capall diallaite nach cuid den phróiseas táirgthe talmhaíochta iad, tá sí eisiata ó CET. Tá láimhseáil chomhchosúil infheidhme maidir le tairbh arna bpórú le haghaidh tarbhchomhraic.

1.76.Sna cuntais eacnamaíochta, ní dhéantar seachtháirgí 10 a leanann go huathoibríoch as táirgeadh táirgí talmhaíochta áirithe a thaifeadadh faoi na ceannteidil chéanna leis an táirge féin. Léirítear ar leithligh iad ag deireadh gach grúpa gníomhaíochtaí táirgthe, arna miondealú de réir speicis. I measc na samplaí i dtáirgeadh barr, cuir i gcás, tá tuí, duilleoga biatais agus duilleoga cabáiste, cochaill pise agus pónaire, etc.; san fhíonóireacht, tá moirt agus screamh fíona; i monarú ola olóige, tá dramhaíl amhail cácaí olashíl; agus, i gcás táirgeadh ainmhithe, tá seithí, gruaig agus fionnadh géim mhairbh, agus céir, aoileach agus sciodar. Go ginearálta, níl aon cheann de na táirgí sin ina phríomhchuspóir táirgthe, rud a mhíníonn an fáth nach mbíonn sonraí staidrimh ina leith iontaofa ach go fíorannamh. Sa talmhaíocht féin, úsáidtear na táirgí sin go príomha mar bheatha ainmhithe agus nó mar fheabhsaitheoirí ithreach. Ó am go ham, áfach, díoltar na seachtháirgí sin le hearnálacha eacnamaíocha seachas an talmhaíocht, agus sa chás sin ba cheart an luach aschuir a léiriú in CET.

🡻 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .17

(c)Grúpa 01.6: Gníomhaíochtaí tacaíochta don talmhaíocht agus do ghníomhaíochtaí barr iarbhuainte

🡻 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .18 (oiriúnaithe)

1.77.Is féidir na gníomhaíochtaí i ngrúpa 01,6 a roinnt ina dhá gcatagóir:

seirbhísí talmhaíochta i bhfoirm oibre conarthaí ag an gcéim táirgthe ( is é sin le rá obair chonarthach thalmhaíochta),

seirbhísí talmhaíochta eile (córais uiscithe a oibriú, síolta a phróiseáil lena n‑iomadú, etc.).

🡻 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .19

1.78.Ní láimhseáiltear gníomhaíochtaí seirbhísí talmhaíochta sa dara catagóir mar ghníomhaíochtaí saintréitheacha in CET (cé go dtaifeadtar i gcuntais talmhaíochta na gcuntas náisiúnta iad), toisc nach gníomhaíochtaí talmhaíochta traidisiúnta nó tipiciúla iad.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .20

Obair chonarthach thalmhaíochta

1.79.Mar chuid den phróiseas speisialtóireachta eacnamaíche, scoir gabháltais talmhaíochta agus teaghlaigh fadó de bheith ag déanamh feidhmeanna áirithe, atá á ndéanamh anois ag líon méadaitheach gairmeacha speisialtóra laistigh dá n‑aonaid táirgthe féin. Baineann deighilt na bhfeidhmeanna go príomha le próiseáil táirgí talmhaíochta (marú agus próiseáil feola, muilleoireacht gránach, monarú aráin, ime agus cáise agus próiseáil síolta ag earnálacha nua), agus, ag céim níos déanaí, le hidirbhearta margaíochta áirithe. Is amhlaidh an cás go háirithe i gcomhthéacs na mórathruithe struchtúracha a dhéanann difear don talmhaíocht, is iad sin an úsáid mhéadaitheach a bhítear a bhaint as innealra mór agus gníomhaíochtaí talmhaíochta a rannchuidíonn go díreach le táirgeadh barr agus feirmeoireacht ainmhithe agus a bhfuil méadú ag teacht ar a seachfhoinsiú chuig aonaid speisialaithe.

1.80.I measc na ngníomhaíochtaí sin go háirithe tá leathadh aoiligh, aoladh, treabhadh, síolú, gortghlanadh, srianadh lotnaidí, cosaint plandaí, buaint féir, bualadh agus lomadh caorach.

1.81.Is sainghné de na gníomhaíochtaí sin uile go bhfuil gá leo go ginearálta mar chuid den phróiseas táirgthe táirgí talmhaíochta agus go bhfuil siad nasctha le táirgeadh na dtáirgí sin.

1.82.Gníomhaíochtaí nach mbaineann go díreach le táirgeadh táirgí talmhaíochta,  is é sin le rá, iad siúd  nach ndéantar ag an gcéim táirgthe talmhaíochta ( an  t-iompar ar chuntas tríú páirtithe agus seachadtaí bainne chuig déirithe, mar shampla, ar gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta iad a bhaineann le tionscal difriúil), níor cheart iad a áireamh in CET (ach amháin más gníomhaíochtaí iad atá doscartha ón bpríomhghníomhaíocht talmhaíochta;  féach pointe  1.12).

1.83.Ba cheart a choimeád i gcuimhne gurb infheidhme an t‑aicmiú sin a mhéid a dhéantar na gníomhaíochtaí i gceist ar chuntas na n‑aonad speisialaithe go heisiach. 🡺1 Ar an taobh eile, má fhaigheann an feirmeoir innealra ar cíos gan oibreoirí nó gan aige ach roinnt de na hoibreoirí a theastaíonn, agus más é an toradh atá air sin go leanann  an feirmeoir  de bheith ag déanamh na gníomhaíochta amhlaidh, le cuidiú an innealra, tagann an ghníomhaíocht sin faoi Rannán 77 de NACE Ath. 2.🡸 Tarlaíonn sé sin go príomha i gcás innealra simplí nach gá ach líon réasúnta beag deisiúchán a dhéanamh air, le linn buaicthréimhsí den chuid is mó, nuair is mó an t‑éileamh ar an innealra ( féach pointe  1.23).

1.84.Is san obair chonarthach a dhéantar le linn na céime táirgthe talmhaíochta go príomha a bhaintear úsáid as innealra agus trealamh costasach. Dfhéadfadh na páirtithe seo a leanas an obair sin a dhéanamh:

(a)conraitheoirí speisialtóra arb í an obair sin is príomhghníomhaíocht dóibh (conraitheoirí sa chiall is beaichte);

(b)gabháltais talmhaíochta

Is sna foirmeacha seo a leanas de ghnáth a bhíonn an obair chonarthach a dhéanann sealbhóirí:

a mhéid a bhaineann le hioncam forlíontach feirmeoirí, is í an chabhair ócáideach a thugtar do chomharsana an fhoirm is solúbtha di. Áirítear sa chatagóir sin freisin soláthar cóiríochta do bheostoc agus, go príomha i gcás muc agus éanlaith chlóis, feirmeoireacht ainmhithe ar bhonn táille (go háirithe ramhrú). Dfhéadfaí cóiríocht a sholáthar do bheostoc faoi úinéireacht feirmeora eile nó dfhéadfadh sé gur maoin de chuid fiontair thionsclaíoch é an beostoc, ar soláthróir ( mar shampla,  monaróir/trádálaí barr farae) nó ceannaitheoir ( mar shampla seamlas) de ghnáth é,

i bhfoirm córais roinnte innealra atá uathrialaitheach, a bheag nó a mhór, arb é atá ann foirm chórasach cabhrach frithpháirtí idir comharsana. De dhroim a airde atá an costas a ghabhann le hinnealra agus a ísle atá an ráta ag a mbaineann gabháltas aonair úsáid as, cruthaíonn príomhghabháltais ar leo an t‑innealra sin córais roinnte innealra chun é a chur ar fáil do ghabháltais eile, mar aon leis an bpearsanra is gá. Tá méadú ag teacht ar a mhéid a dhíorthaíonn feirmeoirí a bpríomhioncam talmhaíochta ó obair chonarthach ar chuntas daoine nach ngabhann don talmhaíocht ach mar ghníomhaíocht thánaisteach agus nach bhfuil iontu, i roinnt cásanna, ach úinéirí na talún,

comharchumainn innealra talmhaíochta 11 . Is comharchumainn mhóra iad sin a bhfuil fostaithe ar pá acu; tá siad cosúil le conraitheoirí speisialtóra;

(c)fiontair a bhfuil baint acu le céim táirgthe ina dhiaidh sin a dhéanann torthaí nó glasraí a bhuaint  a  phróiseálann  siad  ansin ( mar shampla,  monarchana stánaithe a stánaíonn piseanna faoi chonradh);

(d)fiontair a bhfuil baint acu le céim táirgthe roimhe sin. Áirítear orthu sin trádálaithe in innealra talmhaíochta a dhéanann obair chonarthach. Cé nár chosúil in aon chor, ó thaobh CET de, go mbeadh cásanna eile ann, dfhéadfadh monaróirí lotnaidicídí an táirge a chur in úsáid  iad  féin go teoiriciúil. Má dhéantar sin agus úsáid á baint as na teicnící is nua‑aimseartha, áfach, ní gá gur obair chonarthach í ag an gcéim táirgthe talmhaíochta, agus is cinnte nach obair chonarthach í mura ndéanann an feirmeoir go tráthrialta í ( mar shampla,  aerspraeáil ar lotnaidí).

1.85.I gcásanna inar gá cinneadh a dhéanamh ar cheart gníomhaíocht a láimhseáil mar obair chonarthach ( is é sin le rá,  obair a dhéanfadh gabháltais talmhaíochta iad féin de ghnáth i gcomhthéacs an phróisis táirgthe talmhaíochta), ba cheart a choimeád i gcuimhne nach é cineál na gníomhaíochta amháin atá tábhachtach ach an comhthéacs sonrach ina ndéantar é freisin,  is é sin le rá,  an próiseas táirgthe talmhaíochta.

🡻 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .21

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.1(a)

1.86.Feirmeoireacht ainmhithe a dhéanamh ar fheirmeacha mar mhalairt ar luach saothair (talamh a sholáthar le haghaidh beostoic), is obair chonarthach thalmhaíochta í toisc gur cuid den phróiseas táirgthe talmhaíochta í. Ní áirítear sa cheannteideal seo, áfach, capaill diallaite a thógáil agus cúram a thabhairt dóibh go príobháideach, toisc nach táirgeadh earraí atá sna gníomhaíochtaí sin ach fíorsheirbhís de réir bhrí 🡺1 CCE 2010 🡸 (Roinn R de NACE Ath. 2).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

1.87.Ní tábhachtach an cineál luacha saothair a íoctar leis na daoine a dhéanann obair chonarthach. Ní gá in aon chor gur luach saothair seasta a bheadh ann ( is é sin le rá,  pá sa chiall is beaichte); d’fhéadfadh an luach saothair a bheith i bhfoirm roinnte brabúis chomh maith céanna nó ina fhoirmle mheasctha (feirmeoir a ramhraíonn laonna mar mhalairt ar luach saothair, mar shampla, faigheann sé méid seasta de ghnáth as gach ainmhí móide sciar den ghlanbhrabús). Is féidir luach saothair a bheith i bhfoirm sciar shonraithe den aschur freisin.

1.88.Mar sin féin, ní mór d’fhiontair neamhspleácha an obair a dhéanamh i gcónaí: obair arna déanamh ag fostaithe íoctha an ghabháltais, ní thagann sí faoin gcatagóir sin. Ó thaobh an ghabháltais de, tá luach saothair as obair den chineál sin (obair a dhéanann aoire íoctha, mar shampla) ina chostas pá agus cuirtear faoin gceannteideal ‘cúiteamh d’fhostaithe’ é. Os a choinne sin, obair arna déanamh ag fiontar a rinne bleán ar bhonn conartha le haghaidh gabháltais talmhaíochta eile, taifeadtar in CET é mar aschur (díolacháin seirbhísí), ó thaobh an chonraitheora de, agus mar thomhaltas idirmheánach (ceannach seirbhísí), ó thaobh an ghabháltais talmhaíochta de.

🡻 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .22

(d)Grúpa 01.7: Sealgaireacht, gaisteoireacht agus gníomhaíochtaí seirbhísí gaolmhara

🡻 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .23

1.89.Leis an ngrúpa gníomhaíochtaí sin cuimsítear na gníomhaíochtaí seo a leanas: (i) sealgaireacht agus gaisteoireacht ar bhonn tráchtála; (ii) ainmhithe (iad beo nó marbh) a ghlacadh le haghaidh bia, fionnaidh nó seithe, nó lena n‑úsáid i dtaighde, i zúnna nó mar pheataí; (iii) seithí fionnaidh nó seithí reiptíle nó éin a tháirgeadh as gníomhaíochtaí sealgaireachta nó gaisteoireachta. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach n‑áirítear táirgeadh seithe agus leathair as seamlais ná sealgaireacht arna déanamh mar ghníomhaíocht spóirt nó áineasa mar ghníomhaíochtaí saintréitheacha de chuid an tionscail talmhaíochta. Ina theannta sin, ní chuimsítear leis an ngrúpa sealgaireacht pórú géim ar ghabháltais, rud ba cheart a thaifeadadh faoi aicme 01,49 Ainmhithe eile a thógáil.

🡻 138/2004

5.Neamhréireacht idir tionscal talmhaíochta CET agus brainse talmhaíochta chreat lárnach na gcuntas náisiúnta

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn 1.4(dd) (oiriúnaithe)

1.90.Tá tionscal talmhaíochta CET, mar a shainmhínítear i  bpointí  1.62 go 1.65, éagsúil ar roinnt bealaí leis an mbrainse  talmhaíochta  mar a shainmhínítear chun críoch cuntas náisiúnta. Baineann na difríochtaí le sainmhíniú na ngníomhaíochtaí saintréitheacha agus na n‑aonad saintréitheach araon.Is féidir achoimre a dhéanamh orthu mar a leanas:

Tionscal talmhaíochta CET = brainse talmhaíochta NA (Rannán 01 de NACE Ath. 2)

Táirgeacht aonad a sholáthraíonn seirbhísí talmhaíochta bainteacha seachas obair chonarthach thalmhaíochta ( mar shampla,  córais uiscithe a oibriú)

Aonaid a dhéanann gníomhaíocht talmhaíochta nach bhfuil inti ach gníomhaíocht fóillíochta agus a áirítear i gcuntais náisiúnta,  féach  CCE 2010, pointe 3.08

+Táirgeacht ag na haonaid a tháirgeann fíon agus ola olóige (lena n‑úsáidtear go heisiach fíonchaora agus ológa arna bhfás ag an aonad céanna (grúpáil táirgeoirí, comharchumainn, etc.))

+Gníomhaíochtaí talmhaíochta tánaisteacha indeighilte ag aonaid nach gníomhaíocht talmhaíochta í a bpríomhghníomhaíocht ( féach pointe  1.18).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.1(a)

II.IDIRBHEARTA I dTÁIRGÍ

2.001.Le hidirbhearta i dtáirgí, tugtar cuntas ar thionscnamh agus úsáid táirgí. Is é is táirgí ann earraí agus seirbhísí a chruthaítear laistigh de theorainn an táirgthe. Is iad seo a leanas na príomhchatagóirí idirbheart i dtáirgí a shainítear le 🡺1 CCE 2010 🡸: aschur, tomhaltas idirmheánach, caiteachas ar thomhaltas críochnaitheach, tomhaltas críochnaitheach iarbhír, ollfhoirmiú caipitil, onnmhairí earraí agus seirbhísí agus allmhairí earraí agus seirbhísí.

2.002. Mar a thagraítear  i  bpointí  1.40 agus 1.41, ní chuirtear ach aschur, tomhaltas idirmheánach agus ollfhoirmiú caipitil san áireamh in CET. Tomhaistear aschur mar acmhainn agus tomhaltas idirmheánach mar úsáid sa chuntas táirgeachta. Taifeadtar ollfhoirmiú caipitil mar úsáid (athrú ar shócmhainní) sa chuntas caipitil.

A.RIALACHA GINEARÁLTA

1.Tréimhse thagartha

2.003.I gcás CET, is í an bhliain féilire an tréimhse thagartha.

2.Aonaid

(a)Cainníochtaí

2.004.Ba cheart cainníochtaí a léiriú go ginearálta in 1 000 t, (in 10 000 hl, i gcás úrfhíon fíonchaor agus fíona) chuig ionad deachúlach amháin. I gcás ainmhithe, úsáidtear beomheáchan.

(b)Praghsanna

2.005.In CET, ba cheart praghsanna in aghaidh an tona a léiriú (in aghaidh 10 hl i gcás fíona agus úrfhíon fíonchaor).

🡻 2022/590 Airt. 1.4 agus Iarscríbhinn I.3

2.006.In CET, déanfar praghsanna a thaifeadadh go dtí an tslánuimhir is gaire nó atá ceart go dtí áit dheachúlach amháin nó dhá áit dheachúlacha, ag brath ar iontaofacht staidrimh na sonraí praghsanna atá ar fáil. Tá gá le faisnéis ábhartha maidir le praghsanna ar ionchur agus aschur chun CET a thiomsú.

🡻 138/2004

(c)Luachanna

2.007.Ba cheart luachanna a léiriú i milliúin aonad den airgeadra náisiúnta.

3.Am taifeadta

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(a) (oiriúnaithe)

2.008.Le CCE 2010 (pointí 1.101  go  1.105) déantar sreafaí (go háirithe idirbhearta i dtáirgí agus idirbhearta dáileacháin) a thaifeadfadh ar bhonn fabhruithe, i bhfocail eile, an tráth a dhéantar luach eacnamaíoch, méid dlite nó éileamh a chruthú, a aistriú nó a chealú nó an tráth nach ann dó níos mó, agus ní an tráth a dhéantar íocaíocht iarbhír.

🡻 138/2004

(a)Aschur

2.009.Ba cheart aschur a luacháil agus a thaifeadadh an tráth a ghintear é. Tá sé le taifeadadh dá bhrí sin an tráth a tháirgtear é agus ní an tráth a íocann an ceannaitheoir as.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(b) (oiriúnaithe)

2.010.In CCE 2010, láimhseáiltear táirgeadh mar phróiseas leanúnach ina dtiontaítear earraí agus seirbhísí ina n‑earraí agus seirbhísí eile.Dfhéadfadh sé go ndéanfar an próiseas sin i gcaitheamh tréimhsí éagsúla ag brath ar na táirgí, agus dfhéadfadh na tréimhsí a bheith ní bfhaide ná tréimhse chuntasaíochta. Dá bhrí sin, is é atá mar thoradh ar an saintréithriú sin ar tháirgeadh, in éineacht leis an bprionsabal um fhabhrú, go dtaifeadtar aschur i bhfoirm oibre idir lámha.Dá réir sin, de réir CCE 2010 (pointe 3.54), taifeadtar aschur táirgí talmhaíochta mar ní a tháirgtear go leanúnach i gcaitheamh na tréimhse táirgthe ina hiomláine (agus ní hamháin an tráth a bhuaintear na barra nó a mharaítear na hainmhithe). Déantar barra atá ag fás, adhmad ar a chois agus stoic éisc nó stoic ainmhithe atá á saothrú chun críoch bia a láimhseáil mar fhardail oibre idir lámha feadh an phróisis táirgthe, agus déantar fardail táirgí críochnaithe díobh nuair a thagann an próiseas chun críche. Eisiatar ó aschur aon athrú ar acmhainní bitheolaíocha neamhshaothraithe,  mar shampla,  fás ainmhithe, éan, iasc a mhaireann san fhiántas nó fás neamhshaothraithe foraoisí, ach áirítear leis gabhálacha ainmhithe, éan, iasc a mhaireann san fhiántas.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(c)

2.011.Is inmhianaithe agus is gá aschur a thaifeadadh mar obair idir lámha chun anailís eacnamaíoch a dhéanamh air i gcás ina ndéanfar an próiseas táirgthe i gcaitheamh tréimhse is faide ná an tréimhse chuntasaíochta. Leis sin is féidir comhsheasmhacht idir taifeadadh costas agus taifeadadh aschuir a choinneáil ar bun chun sonraí fónta a fháil maidir le breisluach. Ós rud é go bhfuil CET bunaithe ar an mbliain féilire, is féidir glacadh leis nach bhfuil feidhm ag taifeadadh oibre idir lámha ach maidir le táirgí nár tugadh a bpróiseas táirgthe chun críche ag deireadh na bliana féilire (agus maidir le cásanna ina dtagann athruithe an‑tapa ar an leibhéal praghsanna ginearálta le linn na tréimhse cuntasaíochta).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(d)

🡺2 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(e)

2.012.Mar sin féin, i gcás táirgí feirme a bhfuil a dtimthriall táirgeachta níos giorra ná an tréimhse chuntasaíochta, níor ghá an t‑aschur a thaifeadadh mar obair idir lámha. Ach an t‑aschur a thaifeadadh ag céim an táirge chríochnaithe,  is é sin le rá,  an tráth buainte (i gcás táirgeadh barr), is féidir méid leordhóthanach comhsheasmhachta idir é agus na costais táirgthe a choinneáil ar bun. Sin mar atá i gcás an chuid is mó den aschur talmhaíochta a maireann a thimthriall táirgeachta níos lú ná bliain. Táirgeadh barr gearr‑thimthriallach a dtéann a phróiseas táirgthe isteach sa dara bliain féilire, ní gá, ach oiread, é sin a thaifeadadh mar obair idir lámha, ( féach pointe  2.173). Sna cásanna sin, ní bhreithnítear gur stoic oibre idir lámha é fás barr.

2.013.Sa chleachtas, ní bhaineann an modh taifeadta i bhfoirm oibre idir lámha ach le táirgí a bhfuil timthriall táirgeachta fada acu. Ar na táirgí sin go háirithe tá beostoc, táirgí barr amhail fíon (ar cuid dhílis den phróiseas táirgthe í a n‑aosú) agus plandálacha. Go deimhin, ní ró‑shuntasach go ginearálta í an ghnáth‑threocht praghsanna san Aontas agus níor cheart í a bheith ina cúis le táirgí áirithe a thaifeadadh mar obair idir lámha (cé go bhféadfadh sé sin tarlú i gcásanna eisceachtúla,  féach pointe  2.173).

2.014.I gcás ina ndéanfar táirgí a bhfuil timthriall táirgeachta fada acu a bhuaint (táirgeadh barr) nó a mharú (ainmhithe), tugtar an timthriall táirgeachta chun críche agus tagann an obair idir lámha chun bheith ina stoic táirgí críochnaithe atá réidh lena ndíol nó lena n‑úsáid chun críoch eile. 🡺1 Le linn an phróisis táirgthe, is féidir an luach atá le taifeadadh gach bliain mar aschur faoi obair idir lámha a fháil ach luach an táirge chríochnaithe a bhfuil coinne leis a dháileadh i gcomhréir leis na costais a tabhaíodh i ngach tréimhse (2008 CCN, pointe 6.112). 🡸

2.015.Ainmhithe: is é a theastaíonn le haghaidh táirgeadh ainmhithe de ghnáth tréimhse ama, a dfhéadfadh a bheith chomh fada le roinnt tréimhsí cuntasaíochta, sula dtiocfaidh an próiseas chun críche. Ón tráth breithe, is féidir agus is iomchuí iontráil a thaifeadadh le haghaidh gach céime den táirgeadh,  is é sin le rá i gcás gach aoisghrúpa dainmhithe aonair (ní féidir, áfach, an chuid den phróiseas táirgthe a thagann roimh an mbreith a thaifeadadh toisc nach féidir í a scaradh ó na seirbhísí a thomhlaítear chun an máthair‑ainmhí a thógáil).

2.016.Tugtar an próiseas táirgthe le haghaidh ainmhithe tarraingthe chun críche go foirmiúil ar shaolú dóibh; ón tráth sin ar aghaidh, taifeadtar mar shócmhainní caipitiúla iad. Ar ndóigh, ní hé go bhfuil na hainmhithe in inmhe na húsáide atá beartaithe dóibh an tráth sin, ach tá na héagsúlachtaí aonair i riocht agus go bhfágann siad go mbeadh aon aois sheasta a roghnófaí le haghaidh gach cáis thar a bheith treallach. Roghnaíodh an tráth breithe ar chúiseanna praiticiúla, go háirithe toisc gur cinneadh cheana féin ag an tráth sin cén úsáid atá le baint astu ina dhiaidh sin.

2.017.Ní hamhlaidh sin i gcónaí i gcás eallach, muca, caoirigh agus beostoc eile a thógfaí chun críoch póraithe nó lena marú. 🡺2 I gcás inar féidir idirdhealú a dhéanamh idir ainmhithe óga de réir na húsáide a mbainfear astu amach anseo, ba cheart ainmhithe atá beartaithe lena n‑úsáid mar thosca táirgeachta a thaifeadadh mar OFCS go díreach ó thráth a mbreithe (OFCS féinchuntais, a thaifeadtar nuair a tháirgtear é) ( is é sin le rá breithnítear gur obair idir lámha iad agus cláraítear a bhfás mar aschur,  féach pointe  CCE 2010, pointe 3.134).🡸 Ina mhalairt de chás, áirítear ainmhithe i stoic mar obair idir lámha go dtí go dtiocfaidh siad in inmhe agus go n‑úsáidfear iad féin mar thosca táirgeachta ( mar shampla mar bha déiríochta, le haghaidh pórú nó chun críoch táirgiúil eile amhail táirgeadh olla). Taifeadtar ansin iad faoi chaipiteal seasta. Ainmhithe a bhaintear de thréada síolraíochta sula maraítear iad, ba cheart iadsan freisin a thaifeadadh mar stoic agus ní mar shócmhainní caipitiúla.

2.018.Cuirtear táirgeadh sicíní faoi réir láimhseáil speisialta má dhéantar thar dhá thréimhse thagartha é. Uibheacha arna ngoradh i ngoradáin ag deireadh na tréimhse, meastar gur aschur sicíní iad agus taifeadtar in CET iad faoi aschur éanlaithe clóis (i bhfoirm oibre idir lámha) ( féach pointe  2.048).

2.019.Fíon: ba cheart aschur a thaifeadadh mar obair idir lámha toisc gur cuid den phróiseas táirgthe é a aosú agus gur féidir go mairfidh sé i gcaitheamh roinnt tréimhsí cuntasaíochta. Ar an gcaoi chéanna, déantar úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh ag deireadh tréimhse chuntasaíochta, nach fíon go fóill é cé nach úrfhíon fíonchaor amh a thuilleadh é, a láimhseáil ar an mbealach céanna a láimhseáiltear uibheacha arna ngoradh i ngoradáin agus léirítear in CET é mar fhíon i bhfoirm oibre idir lámha.

2.020.Sócmhainní arna saothrú i bplandálacha: earraí atá beartaithe le haghaidh OFCS féinchuntais (seachas beostoc) amhail plandálacha a mbíonn táirgí athuaire mar thoradh orthu, ba cheart iad a thaifeadadh mar OFCS an tráth a tháirgtear na sócmhainní lena mbaineann.

(b)Tomhaltas idirmheánach

2.021.Ba cheart earraí agus seirbhísí a thaifeadadh an tráth a théann siad isteach sa phróiseas táirgthe,  is é sin le rá nuair a thomhlaítear iad iarbhír agus ní nuair a cheannaítear nó a thugtar chun stórála iad.

2.022.Sa chleachtas, comhfhreagraíonn tomhaltas earraí i dtréimhse tagartha áirithe do cheannacháin nó éadálacha earraí móide na stoic tosaigh agus lúide na stoic deiridh ag deireadh na tréimhse 12 .

2.023.Déantar seirbhísí a thaifeadadh tráth an cheannaigh. Ós rud é nach féidir seirbhísí a stóráil, is é tráth an cheannaigh tráth an tomhaltais freisin.

2.024.Is eisceacht ar an riail sin iad na seirbhísí seo a leanas:

Déantar seirbhísí a bhaineann le ceannach earraí, amhail seirbhísí trádála agus iompair, a thaifeadadh mar thomhaltas idirmheánach an tráth a thomhlaítear na hearraí i gceist ( féach pointe  2.112),

seirbhísí a bhreithnítear a bheith buan, amhail seirbhísí árachais. Taifeadtar iad sin ar bhonn pro rata ag deireadh na tréimhse tagartha i gcomhréir leis an gcion den íocaíocht atá dlite don bhliain, nó don chuid den bhliain, i gceist. Dá réir sin, na méideanna a thaifeadtar, ní gá go gcomhfhreagraíonn siad do na préimheanna árachais a íoctar laistigh den tréimhse lena mbaineann.

(c)Ollfhoirmiú caipitil sheasta

2.025.Taifeadtar OFCS an tráth a dhéantar úinéireacht na sócmhainní seasta lena mbaineann a aistriú chuig aonad a bheartaíonn iad a úsáid chun críoch táirgthe. Mar sin féin, tá dhá eisceacht ar an bprionsabal sin: ar an gcéad dul síos, déantar sócmhainní arna bhfáil trí léasú airgeadais a thaifeadadh amhail agus gur tháinig an t‑úsáideoir chun bheith ina úinéir orthu an tráth a tháinig na hearraí chun bheith ar fáil  don úsáideoir  lena n‑úsáid ( féach pointe  2.123). Ar an dara dul síos, taifeadtar OFCS féinchuntais an tráth a tháirgtear na sócmhainní lena mbaineann (cé is moite deallach, muca, caoirigh agus beostoc eile, nach féidir an úsáid a bhainfear astu amach anseo a shainiú go soiléir toisc go n‑áirítear na hainmhithe sin i stoic mar obair idir lámha,  féach pointe  2.017).

2.026.Dá réir sin, i gcás bunú úllord agus fíonghort ( earraí caipitiúla seasta arna dtáirgeadh ar bhonn féinchuntais), murar tugadh an obair uile is gá i gcrích faoi dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, is mar OFCS ag deireadh na tréimhse a thaifeadtar luach na n‑ábhar a tomhlaíodh agus na seirbhísí a rinneadh i gcaitheamh na bliana tagartha.

2.027.Ceannacháin agus díolacháin talún chomh maith le costais bhainteacha, taifeadtar iad an tráth a aistríonn an úinéireacht. Ní áirítear glanéadáil talún in OFCS, áfach, toisc nach sócmhainn neamhtháirgthe í an talamh. Taifeadtar glanéadáil talún (agus sócmhainní inláimhsithe neamhtháirgthe eile) sa chuntas caipitil (cuntas éadálacha sócmhainní neamhairgeadais).

(d)Athruithe ar stoic

2.028.Comhfhreagraíonn athruithe ar stoic don difríocht idir earraí a thagann isteach i stoic agus earraí a tharraingítear siar astu i gcaitheamh na tréimhse tagartha.

2.029.Earraí a théann isteach i stoic, is earraí iad atá beartaithe lena dtomhailt sa phróiseas táirgthe níos déanaí (stoic ionchuir), agus sa chás sin taifeadfar iad an tráth a aistrítear úinéireacht, nó is earraí iad ón tionscal féin atá le húsáid amach anseo,  mar shampla iad a dhíol nó a aistriú chuig caipiteal seasta an aonaid (stoic aschuir), agus sa chás sin taifeadtar iad mar stoic nuair a thugtar a dtáirgeadh i gcrích.

2.030.I gcás táirgí neamhchríochnaithe ón tionscal (arna dtaifeadadh mar obair idir lámha), déantar luach na n‑ábhar a thomhlaítear agus na seirbhísí a dhéantar i gcaitheamh tréimhse thagartha a thaifeadadh freisin mar stoic ag deireadh na tréimhse sin (cé is moite de bharra gearr‑thimthriallacha ar a gcois,  féach pointe  2.012; dá thoradh sin, cuid de na hábhair a thomhlaítear agus na seirbhísí a dhéantar le linn tréimhse thagartha, tomhlófar iad gan méadú fritháirimh ar luach na stoc).

2.031.Earraí a tharraingítear siar ó stoic, is é atá iontu, i gcás stoic ionchuir, earraí a théann isteach sa phróiseas táirgthe nó, i gcás stoic aschuir, earraí a fhágann an tionscal chun go ndíolfar iad nó chun go mbainfear úsáid éigin eile astu. Sa chéad chás, asbhaintear na hearraí ó stoic an tionscail tráth a dtomhaltais idirmheánaigh iarbhír sa phróiseas táirgthe; sa dara cás, asbhaintear iad ó na stoic an tráth a dhíoltar iad nó a bhaintear úsáid eile astu.

B.ASCHUR

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(f) (oiriúnaithe)

( féach  CCE 2010, pointí 3.07 go 3.54)

🡻 138/2004

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.1(a)

1.Barúlacha ginearálta maidir leis na coincheapa aschuir in 🡺1 CCE 2010 🡸 agus CET

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(g)

2.032.Is é is aschur ann iomlán na dtáirgí arna gcruthú le linn na tréimhse cuntasaíochta (CCE 2010, pointe 3.14). Tá sé tábhachtach an t‑idirdhealú idir an téarma aschur agus an téarma táirgeadh a choimeád slán, óir ciallaíonn táirgeadh an próiseas agus ciallaíonn aschur na hearraí agus na seirbhísí a leanann as.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.1(a)

🡺2 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(h)

🡺3 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(i)

2.033.De réir 🡺1 CCE 2010 🡸, áirítear in aschur freisin: (i) earraí agus seirbhísí arna soláthar ag APG áitiúil amháin do cheann eile ar leis an aonad institiúideach céanna iad, (ii) earraí arna dtáirgeadh ag APG áitiúil amháin agus atá fós sna stoic ag deireadh na tréimhse cuntasaíochta inar táirgeadh iad, is cuma cén úsáid atá beartaithe dóibh ina dhiaidh sin. Earraí agus seirbhísí a sholáthraíonn agus a thomhlaíonn an APG áitiúil céanna le linn na tréimhse cuntasaíochta céanna, áfach, ní thaifeadtar ar leithligh iad. 🡺2 Ní dhéantar iad a thaifeadadh, dá bhrí sin, mar chuid daschur ná de thomhaltas idirmheánach an APG áitiúil sin. 🡸

2.034.An coincheap aschur a úsáidtear in CET a bhaineann leis an gcoincheap aschur iomlán, tá sé bunaithe ar oiriúnú 🡺1 CCE 2010 🡸, toisc go ndéantar roinnt earraí agus seirbhísí talmhaíochta arna dtáirgeadh agus arna dtomhailt le linn na tréimhse cuntasaíochta céanna laistigh den aonad talmhaíochta céanna a thaifeadadh in aschur na gníomhaíochta talmhaíochta foriomláine. Leagtar amach i  bpointe  2.055 na critéir chun na hearraí agus na seirbhísí sin a áireamh in aschur an tionscail talmhaíochta. An difríocht idir 🡺1 CCE 2010 🡸 agus an modh a glacadh in CET, léirítear í leis na heilimintí sin de thomhaltas laistigh daonad a n‑áirítear a luach in aschur agus i dtomhaltas idirmheánach araon. Is mar a chéile an breisluach dá réir sin, cibé modh a úsáidtear.

2.035.Mar a  thagraítear bpointe  1.34, tá an  t-oiriúnú  sin ar riail CCE  2010  bunaithe ar chineál speisialta na gníomhaíochta talmhaíochta agus an ghabháltais talmhaíochta (mar APG áitiúil). Thairis sin, fágann sé gur féidir:

feabhas a chur ar an anailís eacnamaíoch ar chuntais talmhaíochta, go háirithe sainiú comhéifeachtaí teicniúla agus rátaí breisluacha (an cóimheas idir aschur agus tomhaltas idirmheánach),

feabhas a chur ar an gcomparáid a dhéantar ar chomhéifeachtaí teicniúla agus rátaí breisluacha idir fo‑bhrainsí de ghníomhaíocht eacnamaíoch agus idir tíortha. Déanta na fírinne, an t‑aschur a thomhlaítear laistigh daonad, tá sé teoranta go príomha do roinnt táirgí sonracha (amhail gránaigh, táirgí próitéine agus olúla, barra farae agus bainne le haghaidh beathú beostoic) agus tá éagsúlacht mhór sna rátaí tomhaltais laistigh daonad, rud a bhraitheann ar an mbrainse eacnamaíoch agus ar an tír.

comhsheasmhacht idir an cuntas táirgeachta, an cuntas giniúna ioncaim agus an cuntas ioncaim fhiontraíoch a neartú: tá an chomhsheasmhacht is gá idir idirbhearta i dtáirgí (aschur, tomhaltas idirmheánach, etc.) agus idirbhearta dáileacháin (cúiteamh dfhostaithe, fóirdheontais, cánacha, cíosanna, ús, etc.) neartaithe ó rinneadh athchóiriú ar an gcomhbheartas talmhaíochta in 1992 sa mhéid atá ról tábhachtach faoi láthair ag fóirdheontais (a mbaineann cuid díobh le táirgí atá faoi réir tomhaltas laistigh de bhrainse) chun ioncam talmhaíochta a fhoirmiú agus a fhorbairt.

2.036.🡺3 Cé nach mbeartaítear le CCE 2010 í, déanann CCN, chomh maith le lámhleabhar modheolaíochta FAO, foráil maidir leis an riail a glacadh in CET mar gheall ar chineál speisialta na talmhaíochta 13 .🡸 Ar deireadh, is féidir an difríocht idir na tomhais aschuir a eascraíonn as rogha an bhunaonaid (APG áitiúil nó aonad táirgthe aonchineálaigh) a laghdú go substaintiúil dá bharr.

2.Aschur gníomhaíochta talmhaíochta: cainníochtaí

2.037.I gcomhthiomsú CET, déantar aschur a mhiondealú de réir a chéile i dtéarmaí cainníochta.

Léiriú scéimreach ar acmhainní agus úsáidí táirgí talmhaíochta

2.038. Ag brath ar cé acu a áirítear nó nach n‑áirítear caillteanais ghoirt, buainte agus feirme sna figiúirí buainte tagartha,  is é túsphointe an ríomha sin a dhéantar de réir a chéile ceachtar díobh seo a leanas:

oll‑aschur (1q), nó

aschur inúsáidte (3q).

(a)Oll‑aschur

Oll‑aschur: (1q)

2.039.Sin é an túsphointe le haghaidh tíortha a n‑áirítear staidreamh buainte ina gcaillteanais. I gcomhréir le coincheap an tionscail, is gá torthaí uile ghníomhaíochtaí talmhaíochta na n‑aonad talmhaíochta laistigh den tionscal (mar a  thagraítear i bpointí  1.62 agus 1.63) a thomhas. I gcomhréir leis an ngnás a glacadh  bpointe  1.31 (nach ann daschur gníomhaíochtaí talmhaíochta tánaisteacha aonad neamhthalmhaíochta toisc go nglactar leis go bhfuil na gníomhaíochtaí talmhaíochta uile indeighilte agus dá bhrí sin gur príomhghníomhaíocht a APG talmhaíochta áitiúil féin iad), is gá an t‑aschur talmhaíochta uile a thaifeadadh ach amháin an t‑aschur arna tháirgeadh ag aonaid a dhéanann gníomhaíocht talmhaíochta nach bhfuil inti ach gníomhaíocht fóillíochta ( féach pointe  1.24).

(b)Caillteanais

Caillteanais: (2q)

2.040.Tagraíonn an mhír sin do chaillteanais athfhillteacha earraí i bhfardail ( féach pointe  2.041). Áirítear orthu sin caillteanais buainte agus caillteanais eile ar fheirmeacha (i ngeall ar chineál somheata na dtáirgí, tionchair aimsire, amhail sioc, triomach, etc.). Caillteanais a tharlaíonn le linn na gcéimeanna éagsúla margaíochta,  is é sin le rá le linn iompar ón bhfeirm, le linn stóráil le déileálaithe agus le linn próiseáil nó cóireáil sa tionscal próiseála, níor cheart iad a áireamh anseo. Os a choinne sin, táirgí a chuireann táirgeoirí ar díol ach atá fós gan díol agus imithe ó mhaith dá réir (go háirithe torthaí agus glasraí), ba cheart iad a áireamh anseo freisin.

Cineálacha caillteanas

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(j)

2.041.De réir CCE 2010, tá trí chineál caillteanas a dfhéadfadh táirgeoirí a thabhú: caillteanais athfhillteacha i bhfardail (CCE 2010, 3.147), caillteanais eisceachtúla i bhfardail (CCE 2010, pointe 6.13.e), agus caillteanais thubaisteacha (CCE 2010, pointí 6.08 agus 6.09).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .1

Na trí chineál caillteanas a thaifeadadh

2.042.Chun caillteanais i bhfardail a thaifeadadh, is gá idirdhealú a dhéanamh idir caillteanais athfhillteacha, ar thaobh amháin, agus caillteanais eisceachtúla agus thubaisteacha ar an taobh eile. Ach braitheann taifeadadh caillteanas freisin ar an modh lena ríomhtar aschur agus ar an gcineál bunábhair staidrimh atá ag gach tír.

2.043.I gcás ina ríomhfar aschur ó shonraí maidir le stoic tosaigh agus deiridh, díolacháin agus, bfhéidir, úsáidí eile (amhail earraí caipitiúla seasta arna dtáirgeadh ar bhonn féinchuntais), tá caillteanais athfhillteacha asbhainte cheana féin ó athruithe ar stoic, agus  déantar iad a thaifeadadh  arís faoin ítim caillteanais, bheadh comhaireamh dúbailte ann. Os a choinne sin, i gcás nach mbeidh ríomh aschuir bunaithe ar shonraí maidir le stoic ach, ina ionad sin, ar ríomh dea‑bhunaithe amhail figiúirí breithe iarbhír, ba cheart caillteanais athfhillteacha le linn táirgthe sa tréimhse thagartha lena mbaineann a thaifeadadh, chomh maith le caillteanais ainmhithe a allmhairíodh lena dtógáil nó lena ramhrú nó a rugadh le linn tréimhsí roimhe sin.

2.044.Ní mór caillteanais eisceachtúla agus thubaisteacha earraí i bhfardail a thaifeadadh sna cuntais charntha, is é sin sa chuntas athruithe eile ar mhéid na sócmhainní. Dá bhrí sin, áirítear luach iomlán na gcaillteanas sin in aschur.

2.045.Ba cheart caillteanais (bídís athfhillteach, eisceachtúil nó tubaisteach) sócmhainní seasta (amhail ba déiríochta, ainmhithe síolraíochta, etc.) a thaifeadadh sa chuntas athruithe eile ar mhéid na sócmhainní. Níl aon tionchar acu ar luach an aschuir. Ba cheart a chur i dtábhacht, maidir le caillteanais a dhéanann difear do phlandálacha atá i mbun táirgeadh cheana féin, gur gá iad a thaifeadadh mar ídiú an chaipitil sheasta nó mar athruithe eile ar mhéid na sócmhainní, ag brath ar an gcineál caillteanais.

(c)Aschur inúsáidte

Aschur inúsáidte: (3q) = (1q) lúide (2q) = oll‑aschur lúide caillteanais (ag an gcéim táirgthe)

2.046.Sin é an chéad ítim atá le hiontráil ag tíortha nach n‑áirítear caillteanais ina staidreamh buainte tagartha. Is é atá ann táirgeadh indiúscartha na tréimhse tagartha a mhargófar, a úsáidfear mar mhodh táirgthe, a phróiseálfaidh na táirgeoirí féin, a thomhlófar  ina  dteaghlaigh, a chuirfear chun stórála nó, bfhéidir, a úsáidfear mar earraí caipitiúla seasta arna dtáirgeadh ar bhonn féinchuntais.

(d)Stoic thosaigh

Stoic thosaigh: (4q)

2.047.Is é atá iontu sin stoic chríochnaithe nó leathchríochnaithe earraí dílse atá ann cheana ar na gabháltas talmhaíochta (  is é sin le rá i arna sealbhú ag táirgeoirí) ag tús na bliana tagartha. Dá bhrí sin, níor cheart stoic ag na céimeanna éagsúla margaíochta ná stoic idirghabhála a iontráil anseo ( féach pointe  2.202 agus de réir láimhseáil beostoic).

2.048.Ba cheart uibheacha á ngoradh i ngoradáin ag tús na tréimhse tagartha a áireamh sna stoic tosaigh éanlaithe clóis freisin toisc go mbreithnítear orthu mar tháirgí éanlaithe clóis leathchríochnaithe ( féach pointe  2.018).

(e)Na hacmhainní iomlána atá ar fáil

Na hacmhainní iomlána atá ar fáil: (5q) = aschur inúsáidte móide stoic tosaigh (3q móide 4q)

(f)Tomhaltas laistigh daonad

Tomhaltas laistigh d’aonad: (6q)

2.049.Faoin gceannteideal tomhaltas laistigh daonad taifeadtar táirgí arna dtáirgeadh laistigh den aonad talmhaíochta (APG áitiúil) agus a úsáideann an t‑aonad mar ionchuir sa phróiseas táirgthe laistigh den tréimhse chuntasaíochta chéanna.

2.050.Na táirgí talmhaíochta uile (seachas beostoc;  féach pointí  2.067 agus 2.209) a dhíolann aonad talmhaíochta le haonaid talmhaíochta táirgthe eile, ní mór iad a thaifeadadh mar dhíolacháin agus ansin mar thomhaltas idirmheánach. Áirítear orthu sin earraí atá faoi réir cóireála agus próiseála agus a seachtháirgí ( mar shampla bainne bearrtha, bran, ola‑cháca, laíon agus bileoga biatais siúcra a fhaightear ar ais, chomh maith le síolta a fhaightear ar ais tar éis cóireála).

Tomhaltas laistigh d’aonad a aicmiú

2.051.Is féidir tomhaltas laistigh daonad a mhiondealú de réir úsáid na dtáirgí lena mbaineann:

2.052.Táirgí arna dtomhailt laistigh den tionscal ag an ngníomhaíocht talmhaíochta chéanna  (is é sin le rá an aicme chéanna ghníomhaíochta, ar leibhéal cheithre dhigit 🡺1 NACE Ath. 2 🡸):

síolta (gránach, glasraí, bláthanna, etc.): a athúsáidtear le haghaidh an bhairr chéanna;

fíonchaora fíona agus úrfhíon fíonchaor: a úsáidtear i dtáirgeadh fíona;

ológa: a úsáidtear i dtáirgeadh ola olóige;

bainne: a úsáidtear i mbeatha beostoic.

2.053.Táirgí arna dtomhailt laistigh den tionscal ag gníomhaíocht talmhaíochta éagsúil ( is é sin le rá aicme éagsúil ghníomhaíochta, ar leibhéal cheithre dhigit 🡺1 NACE Ath. 2 🡸):

Is táirgí barr a úsáidtear i mbeatha ainmhithe iad sin go príomha, ach áirítear orthu freisin seachtháirge ainmhithe a úsáidtear i bpróiseas táirgthe gníomhaíochta eile (sloda agus aoileach a úsáidtear mar eilimintí leasacháin le haghaidh táirgeadh barr). Is féidir táirgí barr a úsáidtear i mbeatha ainmhithe a aicmiú de réir a mhéid a mhargaítear de ghnáth iad (rud a mheastar go ginearálta):

táirgí beatha ainmhithe is inmhargaidh de ghnáth: gránaigh (cruithneacht, seagal, eorna, coirce, grán buí, sorgam, rís agus gránach eile); barra próitéine; prátaí; olashíolta (síol ráibe, síol lus na gréine, pónairí soighe agus olashíolta eile),

táirgí beatha ainmhithe nach inmhargaidh de ghnáth:

táirgí farae bliantúla: barra fréimhe (biatas siúcra, biatas farae, svaeideanna, tornapaí farae, cairéid farae, cál farae/cál catach agus barra fréimhe eile); grán buí farae agus farae glas eile (é glas, triomaithe nó leasaithe),

táirgí farae ilbhliantúla: táirgí farae buana agus sealadacha a dhíorthaítear ó ghníomhaíocht eacnamaíoch (iad glas, triomaithe nó leasaithe),

seachtháirgí farae (tuí, fuíoll, duilleoga agus goba plandaí agus seachtháirgí farae eile).

Sainmhíniú a dhéanamh ar thomhaltas laistigh d’aonad atá le háireamh in aschur an tionscail

2.054.Táirgí talmhaíochta a thomhlaítear laistigh daonad, ní áirítear iad sa tomhas ar aschur an tionscail mura gcomhlíonann siad critéir áirithe. Critéir shriantacha a shocrú maidir le tomhaltas laistigh daonad a thaifeadadh, is rud é a chomhlíonann dhá chritéar: ceann modheolaíochta ar dtús ó tharla, tar éis imeacht ó fhuarlitir riail CCE  2010 , gur ghá déanamh de réir bhrí na rialach (trí dhá ghníomhaíocht ar leithligh a thabhairt isteach); agus ceann praiticiúil sa dara háit, ó tharla go raibh na critéir a bhí le forbairt le feidhmiú mar chreat beacht inchomparáide lena saineofaí an tomhaltas laistigh daonad ba ghá a thaifeadadh, chun go mbeifí in ann an modh sin a úsáid chun aschur a thomhas.

2.055.Is mar a leanas na critéir sin:

🡻 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .25

1.An dá ghníomhaíocht a fheidhmítear, ba cheart dóibh teacht faoi leibhéil éagsúla gceithre dhigit NACE Ath. 2 (Rannán 01: Táirgeadh barr agus ainmhithe, sealgaireacht agus gníomhaíochtaí seirbhísí gaolmhara). Le cur i bhfeidhm an chritéir sin dá réir, cuirtear cosc, mar shampla, ar luacháil síolta arna dtáirgeadh agus arna n‑úsáid ar an ngabháltas céanna le haghaidh táirgeadh barr (le linn na tréimhse cuntasaíochta céanna);

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

2.Ba cheart luach mór eacnamaíoch a bheith ag an táirge talmhaíochta le líon mór feirmeoirí.

3.Ní mór sonraí maidir le praghsanna agus cainníochtaí a bheith le fáil gan mórán dua. Is deacair an critéar sin a chomhlíonadh i gcás roinnt táirgí neamh‑inmhargaidh.

2.056.I gcomhréir le sainiú na gcritéar roghnúcháin chun táirgí tomhaltais laistigh daonad a áireamh sa tomhas ar aschur ( féach pointe  2.055), níl ach táirgí barr a úsáidtear i mbeatha ainmhithe (bídís inmhargaidh nó ná bídís) le taifeadadh in aschur talmhaíochta an tionscail.

2.057.Nuair a thaifeadtar na táirgí sin in aschur an tionscail, ní mór iad a thaifeadadh mar thomhaltas idirmheánach freisin, lena dtugtar urraim don phrionsabal go gcuirtear san áireamh na cainníochtaí iomlána arna dtáirgeadh agus arna n‑úsáid ansin le haghaidh gníomhaíocht táirgthe eile le linn na bliana tagartha (  féach pointe  2.055). I gcás ina dtógfaidh an t‑athrú ó aschur go tomhaltas idirmheánach níos faide ná an bhliain tagartha i gceist, ba cheart na cainníochtaí comhfhreagracha aschuir a thaifeadadh mar stoic deiridh an táirge lena mbaineann le linn na bliana tagartha.

2.058.Tá seachtháirgí ainmhithe eisiata ó thomhaltas laistigh daonad mar gheall ar na deacrachtaí praiticiúla a bhaineann le neamh‑infhaighteacht sonraí maidir le cainníochtaí agus go háirithe praghsanna.

(g)Próiseáil ag táirgeoirí

Próiseáil ag táirgeoirí: (7q)

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(k) (oiriúnaithe)

2.059.Faoin gceannteideal próiseáil ag táirgeoirí  déantar na  cainníochtaí arna dtáirgeadh chun go ndéanfaidh táirgeoirí tuilleadh próiseála orthu ( mar shampla bainne a phróiseáiltear chun im nó cáis a dhéanamh, úlla a phróiseáiltear chun úrfhíon úll nó leann úll a dhéanamh) ach is amhlaidh sin faoi chuimsiú gníomhaíochtaí próiseála atá indeighilte ón bpríomhghníomhaíocht talmhaíochta agus faoina gcuimsiú sin amháin (ar bhonn doiciméad cuntasaíochta,  féach pointe  1.26). Níor cheart ach na hamhábhair ( mar shampla bainne amh, úlla) a thaifeadadh agus ní na táirgí próiseáilte a mhonaraítear astu ( mar shampla im, úrfhíon úll agus leann úll). I bhfocail eile, ní chuirtear san áireamh faoin gceannteideal seo an obair a ionchorpraítear i bpróiseáil táirgí talmhaíochta.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .26

2.060.I gcás ina mbeidh na gníomhaíochtaí próiseála sin ina ngníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta doscartha, déantar táirge na ngníomhaíochtaí próiseála sin a thaifeadadh i luach aschur an tionscail talmhaíochta ( féach pointe  1.25). Buntáirgí talmhaíochta a úsáidtear mar thomhaltas idirmheánach sna gníomhaíochtaí próiseála sin, ní thaifeadtar mar aschur ná mar thomhaltas idirmheánach iad. Is ann don riail sin toisc nach féidir idirdhealú ar bhonn doiciméad cuntasaíochta a dhéanamh idir an dá ghníomhaíocht (táirgeadh táirgí talmhaíochta agus próiseáil na dtáirgí sin). Dá réir sin, déantar costais an dá chineál gníomhaíochta sin a iontráil in éineacht le chéile agus déantar measúnú ar a n‑aschur mar aschur táirgí próiseáilte.

(h)Tomhaltas deiridh dílis

Tomhaltas deiridh dílis: (8q)

2.061.Áirítear leis sin:

(i)táirgí arna dtomhailt ag teaghlaigh na bhfeirmeoirí a tháirg iad;

(ii)táirgí a eascraíonn as an aonad (gabháltas) talmhaíochta agus a úsáidtear mar íocaíocht chomhchineáil i bhfoirm luacha saothair arna íoc le hoibrithe gabháltais nó arna mhalartú ar earraí eile.

2.062.🡺1 Táirgí talmhaíochta arna bpróiseáil ag an aonad talmhaíochta ar bhealach indeighilte ( is é sin le rá as a dtagann foirmiú APG neamhthalmhaíochta áitiúil) agus arna dtomhailt ag teaghlaigh feirmeoirí, taifeadtar in aschur an tionscail Monaraithe iad ( Roinn C de NACE Ath. 2), mar thomhaltas deiridh dílis. 🡸 Os a choinne sin, tomhaltas teaghlaigh talmhaíochta ar tháirgí talmhaíochta arna bpróiseáil ar bhealach doscartha ( is é sin le rá aschur gníomhaíochtaí próiseála neamhthalmhaíochta doscartha), déantar é a thaifeadadh mar thomhaltas deiridh dílis na ngníomhaíochtaí sin ( féach pointe  2.080) agus a áireamh in aschur an tionscail talmhaíochta.

🡻 212/2008 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .27

2.063.Ní dhéantar luach cíosa barúlach an aonaid tithíochta úinéir‑áitithe a thaifeadadh anseo ach sa bhrainse Réadmhaoin dhílis nó léasaithe a ligean ar cíos agus a oibriú (Aicme 68,20 de NACE Ath. 2). Is gníomhaíocht neamhthalmhaíochta é cóiríocht a ligean ar cíos agus breithnítear i gcónaí go bhfuil sé indeighilte ó ghníomhaíocht talmhaíochta.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(l)

(i)Díolacháin

Díolacháin: (9q)

2.064.Leis an gceannteideal seo cumhdaítear díolacháin táirgí talmhaíochta arna ndéanamh ag aonaid talmhaíochta le haonaid eile (ar aonaid talmhaíochta nó aonaid de chuid brainsí eile iad), lena n‑áirítear díolacháin le lárionaid stórála agus idirghabhála, cé is moite de dhiúscairtí sócmhainní seasta. Déantar é a mhiondealú de réir díolacháin intíre lasmuigh den tionscal, díolacháin intíre le haonaid talmhaíochta eile agus díolacháin ar an gcoigríoch.

2.065.Dá thoradh sin, i gcás aonad ar leith, comhfhreagraíonn díolacháin don láimhdeachas a fhaightear óna aschur a mhargú. 🡺1 Ba cheart a thabhairt faoi deara nach ndéantar díolacháin ainmhithe a aicmítear mar shócmhainní seasta agus a bhaintear den tréad táirgiúil (onnmhairithe nó maruithe) a thaifeadadh mar dhíolacháin. 🡸 Ainmhithe a aicmítear mar shócmhainní seasta agus a bhaintear den tréad táirgiúil, aistrítear isteach sna stoic iad roimh a ndíol, ach is mar leachtú stoic a léirítear díolacháin na n‑ainmhithe sin (maruithe nó onnmhairithe), rud nach bhfeictear ach sa chuntas caipitil. Rinneadh an t‑aschur comhfhreagrach a iontráil go barúlach cheana féin mar chuid dearraí caipitiúla seasta arna dtáirgeadh ar bhonn féinchuntais 14 agus a thaifeadadh ansin sa chuntas táirgeachta.

2.066.Beostoc a bhreithnítear a bheith ina stoic: beostoc a breithnítear a bheith ina stoic agus a dhiúscraítear chuig gabháltas eile, is díolachán é i gcomhréir leis an sainmhíniú a  leagtar amach  i  bpointe  2.064. Féadfar an díolachán sin a fhritháireamh trí aistriú ó stoic má dhéantar an beostoc a thaifeadadh mar stoic ag tús na tréimhse tagartha (ina mhalairt de chás, ní thaifeadtar ach díolacháin).

2.067.Is iontráil stoic í éadáil beostoic mura n‑athdhíoltar na táirgí le linn na tréimhse tagartha. Beostoc arna éadáil, áfach, ní féidir é a láimhseáil mar thomhaltas idirmheánach ar an ábhar, de réir sainmhínithe, go n‑imeoidh earraí tomhaltais idirmheánaigh (nó go gclaochlófar go substaintiúil iad ar a laghad) le linn an phróisis táirgthe. Breathnaítear ar na hainmhithe sin mar obair idir lámha toisc nach bhfuil an próiseas táirgthe tugtha go hiomlán chun críche (tagann an próiseas táirgthe chun críche tráth an mharaithe). Déantar éadálacha a thaifeadadh dá bhrí sin mar iontrálacha stoic dobair (táirgí) idir lámha agus a thaifeadadh dá réir mar dhíolacháin dhiúltacha agus ní mar thomhaltas idirmheánach. I gcás trádáil idir gabháltais chónaitheacha, fritháiríonn díolacháin agus na ceannacháin chomhfhreagracha a chéile (ach amháin na costais a ghabhann le haistriú úinéireachta) 15 . I bhfianaise na láimhseála speisialta ar thrádáil in ainmhithe beo idir aonaid talmhaíochta, níl aon tomhaltas idirmheánach ann faoi bheostoc agus táirgí ainmhithe 16 .

2.068.Beostoc a aicmítear mar shócmhainní seasta: ní dhéantar trádáil i mbeostoc mar acmhainní seasta idir aonaid talmhaíochta a thaifeadadh i ndíolacháin mar a shainítear thuas iad ach mar thrádáil i sócmhainní (a thaifeadtar sa chuntas caipitil mar OFCS talmhaíochta). I gcás trádáil idir gabháltais chónaitheacha, fritháiríonn díolacháin agus ceannacháin chomhfhreagracha a chéile (ach amháin na costais iompair).

2.069.Allmhairí ainmhithe beo (nach bhfuil beartaithe lena marú láithreach) a thaifeadadh: mar is amhlaidh i gcás trádáil idir gabháltais chónaitheacha, déantar beostoc a láimhseáiltear mar stoic (seachas ainmhithe lena marú láithreach) agus a allmhairíonn aonaid talmhaíochta le linn na tréimhse tagartha a thaifeadadh mar iontrálacha stoic dobair idir lámha agus asbhaintear ó dhíolacháin dá bhrí sin iad. Ar an taobh eile, níor cheart beostoc a aicmítear mar shócmhainní seasta (amhail ainmhithe síolraíochta) agus a allmhairítear amhlaidh a asbhaint ó dhíolacháin.

2.070.Mar sin féin, ós minic is deacair, sa chleachtas, idirdhealuithe ábhartha a dhéanamh idir na catagóirí éagsúla ainmhithe ar bhonn foinsí sonraí AE atá ar fáil (idir ainmhithe a aicmítear mar shócmhainní seasta agus ainmhithe a aicmítear mar stoic), breithnítear go bhfuil na hallmhairí uile ina n‑allmhairí ainmhithe atá beartaithe chun stoic a mhéadú agus déantar luach na n‑ainmhithe allmhairithe uile (ach amháin iad siúd atá beartaithe lena marú láithreach) a asbhaint ó luach díolachán. Leis an modh taifeadta sin, ráthaítear go ndéanfar an trádáil sheachtrach in ainmhithe beo a láimhseáil ar bhealach comhchosúil leis an mbealach ar glacadh é chun olltáirgeadh dúchais a ríomh i staidreamh táirgthe ainmhithe.

(j)Earraí caipitiúla seasta arna dtáirgeadh ar bhonn féinchuntais

Earraí caipitiúla seasta arna dtáirgeadh ar bhonn féinchuntais: (10q)

2.071.Ní áirítear orthu sin ach:

obair a dhéanann aonaid talmhaíochta ( mar shampla úsáid saothair, innealra agus modhanna eile táirgthe, lena n‑áirítear stoc plandúcháin) chun plandálacha amhail úlloird, fíonghoirt, plandálacha bogthorthaí agus goirt leannlusanna a bhunú ar bhonn féinchuntais. Go ginearálta, tá obair ar bhonn féinchuntais ar úlloird agus fíonghoirt phlandála, etc., comhdhéanta de líon mór oibríochtaí oibre aonair nach féidir a shuimiú ina gcainníochtaí sonracha,

ainmhithe arna dtáirgeadh in aonaid talmhaíochta agus arna n‑aistriú chuig a gcaipiteal seasta ( féach pointe  2.161). Is ainmhithe iad sin a thógtar ar mhaithe leis an aschur a sholáthraíonn siad ar bhonn tráthrialta (beostoc síolraíochta, beostoc déiríochta, ainmhithe tarraingthe, caoirigh agus ainmhithe eile a thógtar ar mhaithe lena n‑olann, go príomha;  féach pointe  2.203).

(k)Stoic deiridh

Stoic deiridh: (11q)

2.072.Is é atá iontu sin stoic táirgí críochnaithe nó obair idir lámha ar ghabháltais an tionscail ( is é sin le rá arna sealbhú ag táirgeoirí) ag deireadh na tréimhse tagartha. Níor cheart stoic ag céimeanna éagsúla margaíochta (go háirithe cúltaiscí arna sealbhú ag déileálaithe agus gnólachtaí próiseála) ná stoic idirghabhála a liostú anseo.

2.073.Ba cheart táirgí nach gcoimeádtar sna stoic ach go sealadach agus a thomhlaítear laistigh den tionscal ag tréimhse níos déanaí ( mar shampla gránaigh le haghaidh beatha ainmhithe, síolta agus stoc plandúcháin, etc.) a iontráil anseo freisin toisc nach eol úsáid deiridh an táirge an tráth a chuirtear sna stoic iad.

(l)Úsáidí iomlána

Úsáidí iomlána: (12q) (gan tomhaltas laistigh d’aonad a áireamh) = (7q) + (8q) + (9q) + (10q) + (11q) = próiseáil ag táirgeoirí móide tomhaltas deiridh dílis móide díolacháin móide earraí caipitiúla seasta arna dtáirgeadh ar bhonn féinchuntais móide stoic deiridh.

2.074.Is é atá san iontráil sin suim cholúin 7q go 11q.

(m)Athrú ar stoic

Athrú ar stoic: (12q) = (11q) lúide (4q) = breiseanna le stoic (A) lúide aistarraingtí ó stoic (W)

2.075.Déantar an t‑athrú ar stoic sa tionscal (gan stoic ag na céimeanna éagsúla margaíochta a áireamh) le linn na bliana tagartha a thomhas tríd an difríocht idir breiseanna le stoic agus aistarraingtí uathu, nó an difríocht idir stoic tosaigh agus deiridh, a ríomh. Sa chás deireanach, tá athruithe eile ar mhéid stoc agus gnóthachain sealúchais (glan ó chaillteanais) le hasbhaint agus luachanna á ríomh ( féach pointe  2.180 agus a leanann).

(n)Aschur gníomhaíochtaí talmhaíochta

Aschur gníomhaíochtaí talmhaíochta = (6q, beatha2.076.    I gcomhréir le coincheap an aschuir agus na rialacha maidir le tomhaltas laistigh daonad ( féach pointe  2.049 agus a leanann), próiseáil táirgí talmhaíochta ( féach pointí  2.059 agus 2.060) agus tomhaltas deiridh dílis ( féach pointí  2.061, 2.062  agus  2.063) a thaifeadadh, is féidir aschur gníomhaíochtaí talmhaíochta a léiriú mar a leanas:

Acmhainní

Úsáidí

Aschur talmhaíochta an tionscail talmhaíochta

Oll‑aschur

Díolacháin (iomlán, gan trádáil in ainmhithe idir gabháltais talmhaíochta a áireamh)

X

Athrú ar stoic (le táirgeoirí)

X

– Caillteanais

Earraí caipitil sheasta arna dtáirgeadh ar bhonn féinchuntais (plandálacha a mbíonn táirgí athuaire, ainmhithe táirgiúla mar thoradh orthu)

X

Tomhaltas deiridh dílis (táirgí talmhaíochta)

X

= Aschur inúsáidte

Próiseáil ag táirgeoirí (ar tháirgí talmhaíochta, gníomhaíochtaí indeighilte)

X

Tomhaltas laistigh d’aonad:

i gcás na gníomhaíochta céanna: (síolta, bainne le haghaidh beatha beostoic, fíonchaora fíona, ológa le haghaidh ola olóige, uibheacha goir)

i gcás gníomhaíocht ar leithligh:

táirgí barr a úsáidtear i mbeatha ainmhithe (gránaigh, olashíolta, barra farae, bídís inmhargaidh nó ná bídís, etc.)

X

seachtháirgí ainmhithe a úsáidtear i dtáirgeadh barr (sciodar, aoileach)

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(m)

2.077.Coincheap an aschuir iomláin chun aschur gníomhaíochta talmhaíochta a thomhas, áirítear ann trádáil in earraí agus seirbhísí talmhaíochta idir aonaid talmhaíochta chomh maith le tomhaltas idirmheánach táirgí beatha beostoic (bídís inmhargaidh nó ná bídís).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

3.Aschur gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha

2.078.Déantar idirdhealú idir dhá chineál gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha ( féach pointe  1.29):

próiseáil táirgí talmhaíochta: cumhdaítear leis an ngrúpa sin gníomhaíochtaí atá ina leathnú ar ghníomhaíocht talmhaíochta agus ina n‑úsáidtear táirgí talmhaíochta. Is í an ghníomhaíocht a dhéanann an chéad ghrúpa sin de ghnáth táirgí talmhaíochta a phróiseáil,

gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha eile: cumhdaítear leis an ngrúpa sin gníomhaíochtaí a úsáideann an gabháltas talmhaíochta agus a mhodhanna táirgthe talmhaíochta. Níl sé chomh haonfhoirmeach céanna leis an gcéad ghrúpa.

2.079.Go ginearálta, tá táirgí (earraí agus seirbhísí) éagsúla i gceist leis na gníomhaíochtaí sin nach féidir a gcainníochtaí a shuimiú.

2.080.Tá sé beartaithe táirgeacht na ngníomhaíochtaí sin a dhíol, a mhalartú, a úsáid mar íocaíocht chomhchineáil, a úsáid le haghaidh tomhaltas deiridh dílis ( féach pointe  2.062) nó a choimeád i stoic.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(n)

2.081.De réir CCE 2010, pointe 3.82, is éard atá i dtaighde agus forbairt (T&F) obair chruthaitheach a dhéantar ar bhonn córasach chun cur leis an stór eolais, agus úsáid a bhaint as an stór eolais sin chun táirgí nua a aimsiú nó a fhorbairt, lena n‑áirítear leaganacha feabhsaithe díobh nó táirgí nua a fhorbairt, lena n‑áirítear leaganacha nó cáilíochtaí feabhsaithe de tháirgí atá ann cheana, nó próisis nua táirgthe nó próisis táirgthe níos éifeachtúla a aimsiú nó a fhorbairt. T&F ar de mhéid nach beag é i gcoibhneas leis an bpríomhghníomhaíocht, taifeadfar mar ghníomhaíocht thánaisteach de chuid APG áitiúil é. Sainítear APG áitiúil ar leithligh le haghaidh T&F i gcás inar féidir, rud nach leithdháiltear ar an tionscal talmhaíochta. I gcás aonaid a bhfuil gníomhaíochtaí T&F acu freisin, mura féidir iad sin a leithdháileadh ar APG áitiúil ar leithligh agus más féidir meastachán a dhéanamh ar chaiteachas T&F i ndáil le gníomhaíochtaí talmhaíochta, ba cheart na meastacháin sin a thaifeadadh mar aschur talmhaíochta mar ‘ghníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha eile’ (táirgeadh ar bhonn féinchuntais) agus mar OFCS.

🡻 138/2004

4.Aschur an tionscail talmhaíochta

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(o) (oiriúnaithe)

2.082.I gcomhréir leis an sainmhíniú ar aschur an tionscail talmhaíochta ( féach pointe  1.16), tá aschur an tionscail talmhaíochta comhdhéanta de shuim aschur an tionscail talmhaíochta ( féach pointí  2.076 go 2.077) agus na n‑earraí agus na seirbhísí arna dtáirgeadh i ngníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha ( féach pointí  2.078 go 2.081).

🡻 138/2004

5.An t‑aschur a luacháil

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(p) (oiriúnaithe)

2.083.Tá an t‑aschur le luacháil ag an mbunphraghas. Is é an bunphraghas an praghas atá infhála ag na táirgeoirí ón gceannaitheoir ar aonad earra nó seirbhíse arna tháirgeadh i gcáil aschuir, lúide aon cháin ( is é sin le rá cánacha ar tháirgí) is iníoctha i leith an aonaid sin mar thoradh ar a tháirgeadh nó ar a dhíol, móide aon fhóirdheontas ( is é sin le rá fóirdheontais ar tháirgí) is infhála ar an aonad sin mar thoradh ar a tháirgeadh nó ar a dhíol. Eisiatar ón mbunphraghas aon mhuirear iompair arna shonrascadh ar leithligh ag an táirgeoir. Eisiatar uaidh freisin gnóthachain agus caillteanais sealúchais ar shócmhainní airgeadais agus neamhairgeadais ( féach  CCE 2010, pointe 3.44).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(q)

2.084.Comhpháirteanna aschuir amhail díolacháin, íocaíochtaí comhchineáil, breiseanna le stoic agus táirgí arna dtomhailt laistigh daonad, ba cheart iad a luacháil ag an mbunphraghas. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart aschur chun críche úsáide críochnaithí dílse ( is é sin le rá earraí caipitiúla seasta arna dtáirgeadh ar bhonn féinchuntais agus tomhaltas deiridh dílis) a luacháil ag bunphraghas táirgí comhchosúla a dhíoltar ar an margadh. Déantar obair idir lámha agus breiseanna léi a luacháil i gcomhréir le bunphraghas reatha an táirge chríochnaithe. Más gá measúnú a dhéanamh ar an gceann deireanach roimh ré, ba cheart an ríomh a bheith bunaithe ar na costais a tabhaíodh iarbhír móide méid a chomhfhreagraíonn don bharrachas oibriúcháin a bhfuil coinne leis nó dioncam measctha.

2.085.I gcás ina mbunófar CET de réir chóras an ghlantaifeadta ( féach pointí  3.033 agus 3.035 go 3.043), ní áireofar CBL arna shonrascadh ag an táirgeoir nuair a bheidh an bunphraghas á bhunú.

2.086.🡺1 An praghas a fhaigheann an táirgeoir, comhfhreagraíonn sé don phraghas don táirgeoir (gan CBL sonrasctha a áireamh) mar a shainmhínítear in CCN 2008, pointí 6.51 go 6.54 (is é sin le ráan praghas ar fhágáil na feirme). 🡸 Is féidir an bunphraghas a fháil ón bpraghas don táirgeoir trí fhóirdheontais a shuimiú lúide cánacha (seachas CBL) ar tháirgí. I gcás inar deacair an bunphraghas a ríomh de dheasca fadhbanna le cáin nó fóirdheontas ar tháirgí a leithdháileadh ar tháirge sonrach, is féidir aschur a ríomh go díreach ag an mbunphraghas. Sa chás sin, faightear é go díreach ó luach an phraghais don táirgeoir (gan CBL sonrasctha a áireamh), lúide luach cánach ar tháirgí (seachas CBL) agus móide luach fóirdheontas ar tháirgí.

2.087.Fágann luacháil aschuir ag an mbunphraghas gur gá idirdhealú a dhéanamh idir cánacha (seachas CBL) ar tháirgí agus fóirdheontais ar tháirgí ( féach pointí  3.027 agus 3.053), ar thaobh amháin, agus cánacha agus fóirdheontais eile ar tháirgeadh ( féach pointí  3.044 agus 3.508) ar an taobh eile. Ní dhéantar cánacha agus fóirdheontais ar tháirgí a thaifeadadh i gcuntas giniúna ioncaim an tionscail (ní áirítear sa chuntas sin ach cánacha eile ar tháirgeadh agus fóirdheontais eile ar tháirgeadh,  féach pointe  3.055).

2.088.Praghas ítime ar leith a fhaigheann táirgeoirí, ní mar an gcéanna i gcónaí é; dfhéadfadh sé a bheith éagsúil inter alia de réir an chineáil seachadta. I dtéarmaí cáilíochta, mar shampla, dfhéadfadh struchtúr earraí arna n‑onnmhairiú go díreach ag an táirgeoir a bheith éagsúil le struchtúr na ndíolachán atá beartaithe lena dtomhailt ar an leibhéal náisiúnta nó le struchtúr díolachán intíre le haonaid talmhaíochta eile. Bheadh praghas difriúil ar na hearraí sin dá thoradh. Ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcás ina n‑onnmhaireoidh aonad táirgthe a aschur go díreach, nach mór na suimeanna cúiteacha airgid a fhaightear nó a íoctar as na honnmhairí a chur san áireamh in CET.

2.089.Is gá na prionsabail ghinearálta luachála sin a chur i bhfeidhm ar bhealach sonrach maidir le táirgí áirithe amhail táirgí séasúracha agus fíon. Mínítear iad sin sa roinn a phléann le luacháil athruithe ar stoic ( féach pointí  2.186 go 2.201).

C.TOMHALTAS IDIRMHEÁNACH

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(r) (oiriúnaithe)

(  féach  CCE 2010, pointí 3.88 go 3.92)

🡻 138/2004

1.Sainmhíniú

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(s) (oiriúnaithe)

2.090.Is é atá i dtomhaltas idirmheánach luach na n‑earraí agus na seirbhísí uile a úsáidtear mar ionchuir sa phróiseas táirgthe, gan sócmhainní seasta a dtaifeadtar a dtomhaltas mar ídiú an chaipitil sheasta a áireamh. Na hearraí nó na seirbhísí lena mbaineann, claochlaítear nó ídítear iad sa phróiseas táirgthe ( féach  CCE 2010, 3.88). In aicmiú mionsonraithe de réir catagóirí éagsúla ítimí, léiríonn an tomhaltas idirmheánach an chaoi a bhfuil an talmhaíocht fite fuaite le brainsí eile den gheilleagar de thoradh ionchur.Úsáidtear tomhaltas idirmheánach mar iontráil freisin agus leibhéil déine tosca á ríomh ( is é sin le rá an cóimheas idir dhá thoisc tháirgeachta, idir tomhaltas idirmheánach agus ionchur saothair mar shampla).

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(t) (oiriúnaithe)

2.091.Eisiatar ó thomhaltas idirmheánach sócmhainní seasta nua nó sócmhainní seasta atá ann cheana a táirgeadh sa gheilleagar nó a allmhairíodh: taifeadtar mar OFCS iad ( féach pointe  2.110 (c) go (f)). Baineann sé sin le hítimí ar sócmhainní seasta neamhthalmhaíochta iad, amhail foirgnimh nó déanmhais eile, innealra agus trealamh, chomh maith le sócmhainní seasta talmhaíochta amhail plandálacha agus ainmhithe táirgiúla.Tá éadáil sócmhainní neamhtháirgthe amhail talamh eisiata ó thomhaltas idirmheánach ar an gcaoi chéanna. Is mar thomhaltas idirmheánach a thaifeadtar uirlisí neamhchostasacha arna n‑úsáid le haghaidh oibríochtaí coiteanna amhail sábha, casúir, scriúirí, castairí agus uirlisí láimhe eile, gairis bheaga amhail áireamháin phóca.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

2.092.Áirítear le tomhaltas idirmheánach earraí agus seirbhísí arna dtomhailt i ngníomhaíochtaí coimhdeacha ( mar shampla, an  riar ceannachán agus díolachán, margaíocht, cuntasaíocht, iompar, stóráil, cothabháil, etc.). Níor cheart tomhaltas na n‑earraí agus na seirbhísí sin a idirdhealú ó earraí agus seirbhísí arna dtomhailt i gcaitheamh príomhghníomhaíocht (nó gníomhaíocht thánaisteach) a bheith á déanamh ag APG áitiúil.

2.093.Áirítear freisin le tomhaltas idirmheánach an caiteachas uile ar earraí agus seirbhísí dá dtairbhíonn fostaithe ach a théann, mar sin féin, chun tairbhe an fhostóra go príomha 17 ( mar shampla, an  aisíocaíocht fostaithe as speansais taistil, deighilte, aistrithe agus siamsaíochta arna dtabhú acu le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh; caiteachas ar áiseanna a sholáthar san áit oibre).

2.094.Ó tharla gur glacadh coincheap an tionscail agus APG áitiúil mar bhunaonad CET, is é a áirítear i dtomhaltas idirmheánach an tionscail earraí agus seirbhísí arna soláthar ag APG áitiúil amháin le APG áitiúil eile (chun críoch táirgthe), fiú más leis an aonad institiúideach céanna iad na haonaid sin.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(u) (oiriúnaithe)

2.095.Trádáil i mbeostoc, atá comhchosúil le stoic oibre idir lámha (amhail bainbh agus uibheacha goir) agus a dhéantar idir aonaid talmhaíochta, agus allmhairí beostoic, ní thaifeadtar mar thomhaltas idirmheánach iad (ná mar aon chineál aschuir) ( féach pointí  2.066 go 2.070).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

2.096.Earraí agus seirbhísí arna dtáirgeadh agus arna dtomhailt laistigh den aonad talmhaíochta céanna  (is é sin le rá arna dtáirgeadh agus arna n‑úsáid sa tréimhse thagartha chéanna chun críoch táirgthe talmhaíochta), ní thaifeadtar mar thomhaltas idirmheánach iad mura bhfuil siad le fáil freisin in aschur an tionscail ( is é sin le rá táirgí barr a úsáidtear i mbeatha ainmhithe,  féach pointí  2.046 go 2.057  agus pointe  2.060.

2.Eilimintí den tomhaltas idirmheánach

(a)Síolta agus stoc plandúcháin

2.097.Cumhdaítear leis an gceannteideal seo an tomhaltas iomlán ar shíolta agus stoc plandúcháin intíre agus allmhairithe arna gceannach isteach le haghaidh táirgeadh reatha agus chun stoic i bhfíonghoirt, in úlloird agus i bplandálacha crann Nollag a choinneáil ar bun. Áirítear ann go háirithe síolta agus stoc plandúcháin arna gceannach go díreach ó fheirmeoirí eile. Síolta arna dtáirgeadh agus arna dtomhailt laistigh den aonad céanna sa tréimhse thagartha chéanna, áfach, ní thaifeadtar faoin gceannteideal seo iad ( féach pointe  2.052).

2.098.Ba cheart a thabhairt faoi deara go gcomhfhreagraíonn tomhaltas idirmheánach barr páirce agus síolta glasraí go príomha (i) do shíolta den chéad ghlúin arna gceannach ag táirgeoirí lena n‑iomadú agus (ii) do shíolta deimhnithe arna gceannach ag sealbhóirí talmhaíochta le haghaidh táirgeadh barr.

(b)Fuinneamh; bealaí

2.099.Cumhdaítear leis an gceannteideal seo leictreachas, gás agus gach breosla agus tiomántán soladach agus leachtach eile. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil ach tomhaltas fuinnimh ar ghabháltais talmhaíochta le léiriú, agus ní tomhaltas i dteaghlaigh feirmeoirí.

(c)Leasaithigh agus feabhsaitheoirí ithreach

2.100.Áirítear ar fheabhsaitheoirí ithreach, mar shampla, aol, móin, sloda, gaineamh agus cúir shintéiseacha.

(d)Táirgí cosanta plandaí agus lotnaidicídí

2.101.Áirítear orthu sin luibhicídí, fuingicídí, lotnaidicídí agus substaintí neamhorgánacha agus orgánacha comhchosúla eile ( mar shampla baoite nimhe).

(e)Caiteachais tréidliachta

2.102.Cógais a shonrasctar ar leithligh ó tháille an tréidlia, ba cheart iad a thaifeadadh anseo (déantar cógais a thugann an tréidlia go díreach a thaifeadadh in éineacht lena tháille) chomh maith le costais tréidliachta.

(f)Beatha ainmhithe

2.103.Cumhdaítear leis an gceannteideal seo an bheatha ainmhithe intíre agus allmhairithe uile arna gceannach isteach, bíodh sé próiseáilte nó ná bíodh, lena n‑áirítear an bheatha a fhaightear go díreach ó fheirmeoirí eile. Táirgí barr a úsáidtear i mbeatha ainmhithe arna tháirgeadh agus arna úsáid sa tréimhse thagartha chéanna ar an ngabháltas talmhaíochta céanna, déantar iad a thaifeadadh agus a iontráil anseo freisin mar thomhaltas laistigh daonad faoi fho‑cheannteideal de chuid an cheannteidil beatha ainmhithe ( féach pointe  2.057). Taifeadtar in aschur freisin iad.

2.104.    Na costais a tabhaíodh in ullmhú agus i leasú ábhar beatha ( mar shampla costais fuinnimh agus costais le haghaidh leasaithigh cheimiceacha, etc.), ní mór iad a mhiondealú de réir chineál an chostais agus gan iad a chomhcheangal leis na hábhair bheatha féin.

(g)Cothabháil ábhar

2.105.Áirítear sa cheannteideal seo:

ceannacháin earraí agus seirbhísí le haghaidh na cothabhála ( is é sin le rá páirteanna aonaracha loite nó briste a athsholáthar go tráthrialta) agus deisiúcháin atá riachtanach chun go mbeidh bail inúsáidte ar earraí caipitil i gcónaí ( féach pointí 2.127, 2.128 agus  2.129),

ceannacháin trealaimh cosanta barr (gan ullmhóidí le haghaidh na cosanta plandaí agus an rialaithe lotnaidí a áireamh,  féach pointe  2.101), amhail maidhmitheoirí, cosaint in aghaidh clocha sneachta, deatach in aghaidh seaca, etc.

(h)Cothabháil foirgneamh

2.106.Leis an gceannteideal seo cumhdaítear ceannacháin ábhar (stroighin, brící, etc.), costais saothair nó costais fhoriomlána a tabhaíodh ag feirmeoirí as foirgnimh thalmhaíochta nó déanmhais eile a chothabháil (gan déanmhais tithíochta a áireamh) ( féach pointí  2.127  , 2.128 agus  2.129).

(i)Seirbhísí talmhaíochta

2.107.Na seirbhísí talmhaíochta sin (arb éard atá iontu meaisíní agus trealamh maille leis an saothar comhfhreagrach a fhruiliú) is dlúthchuid den talmhaíocht iad ( féach pointí  1.79 go 1.88) agus taifeadtar iad mar thomhaltas idirmheánach agus iontráiltear faoi aschur iad.

🡻 909/2006 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.2

(j)Seirbhísí idirghabhála airgeadais arna dtomhas go hindíreach (FISIM)

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(v) (oiriúnaithe)

2.108.I gcomhréir le coinbhinsiún CCE 2010, maidir le luach na seirbhísí idirghabhála airgeadais arna dtomhas go hindíreach (FISIM) a úsáideann an tionscal talmhaíochta, ba cheart an luach sin a thaifeadadh mar thomhaltas idirmheánach an tionscail talmhaíochta ( féach  CCE 2010, Caibidil 14).

🡻 909/2006 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.3

(k)Earraí agus seirbhísí eile

🡻 138/2004

2.109.Ar na hearraí agus seirbhísí eile sin áirítear:

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(w) (oiriúnaithe)

(a)cíos arna íoc, go díreach nó mar chomhpháirt de chomhaontú tionóntachta, as foirgnimh neamhchónaithe agus sócmhainní caipitiúla eile a úsáid (cibé acu is sócmhainní inláimhsithe nó doláimhsithe iad) amhail meaisíní agus trealamh a fhruiliú gan foireann oibriúcháin ( féach pointe  1.23) nó bogearraí ríomhaireachta. Mar sin féin, mura féidir aon idirdhealú a dhéanamh idir foirgnimh neamhchónaithe á bhfáil ar cíos ag APG agus talamh á fháil ar cíos, déantar an ítim iomlán a thaifeadadh mar thalamh á fháil ar cíos i gcuntas ioncaim an fhiontair ( féach pointe  3.082);

🡻 138/2004

(b)táillí le haghaidh scrúduithe sláinte na n‑oibrithe;

(c)táillí le haghaidh sainchomhairleoirí talmhaíochta, suirbhéirí, cuntasóirí, comhairleoirí cánach, dlíodóirí, etc.;

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(w)

(d)ceannacháin seirbhísí taighde mhargaidh agus fógraíochta, caiteachas ar oiliúint foirne agus ar sheirbhísí comhchosúla;

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

(e)caiteachas ar sheirbhísí iompair: áirítear leis sin aisíoc na bhfostaithe as taisteal, costais a tabhaíodh maidir le scaradh agus aistriú i gcomhlíonadh a ndualgas, chun leasa an fhostóra go príomha, agus na méideanna arna n‑íoc ag an bhfostóir le fiontair neamhspleácha a sholáthraíonn iompar dfhostaithe (seachas le haghaidh iompair idir a n‑áit chónaithe agus an áit oibre;  féach pointe  2.093,  pointe  2.110(b) agus  pointe  3.016) mar aon le hearraí a iompar le haghaidh aontaí agus taispeántas. Más amhlaidh, ar an taobh eile, go soláthraíonn an fhoireann an t‑iompar agus iompar ón bhfostóir féin, ba cheart na costais a thaifeadadh faoi cheannteidil iomchuí.

Ós rud é go bhfuil ceannacháin earraí le luacháil ag praghas an cheannaitheora agus na díolacháin ag an mbunphraghas ( féach pointí  2.111 agus 2.112, 2.083), ní léirítear costais iompair na n‑earraí ar leithligh go hiondúil. Meastar go ndéantar costais iompair a áirítear i ndíolacháin a shonrascadh ar leithligh. I gcás ina bhfostaíonn an táirgeoir seirbhísí tríú páirtí chun na hearraí a iompar chuig an gceannaitheoir, ní mar thomhaltas idirmheánach, ná mar aschur in CET a bhíonn na costais iompair le feiceáil. I gcás ina n‑iompraíonn an táirgeoir na hearraí , meastar gur gníomhaíocht neamhthalmhaíochta é sin, ar cheart na costais a thaifeadadh go hiomchuí ina leith, má tá an ghníomhaíocht doscartha. Ar deireadh, áirítear sa cheannteideal seo caiteachas a tabhaíodh faoi ghníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta a bhaineann le hiompar, trádáil agus stórasú le haghaidh tríú páirtithe;

(f)costais phoist agus teileachumarsáide;

🡻 2022/590 Airt. 1.4 agus Iarscríbhinn I.4 (oiriúnaithe)

(g)luach saothair ar sheirbhísí atá in ollphréimheanna árachais a tógadh amach chun cumhdach a chur ar fáil don ghnóthas le haghaidh rioscaí amhail caillteanas beostoic, damáiste de bharr clocha sneachta, sioc, dóiteán agus gála. Is í an fhuílleach,  is é sin le rá an phréimh ghlan, an chomhchuid den phréimh chomhlán a íocadh agus atá ar fáil do chuideachtaí árachais chun éilimh a shocrú.

Ní féidir miondealú cruinn a dhéanamh ar na hollphréimheanna sa dá chomhpháirt ach amháin don gheilleagar náisiúnta trí chéile, mar a dhéantar i gcás na gcuntas náisiúnta. Déantar an leithdháileadh maidir leis an gcomhpháirt seirbhíse idir brainsí táirgeachta go ginearálta ag úsáid eochracha miondealaithe leordhóthanacha, i dtaca le táblaí ionchuir-aschuir a fhorléiriú. Déanfar tagairt dá bhrí sin do na cuntais náisiúnta nuair a bhíonn an mhír sin á comhlánú in CET (chun fóirdheontais a bhaineann le seirbhísí árachais a thaifeadadh, féach  pointe  3.063., fonóta 1);

🡻 138/2004

(h)táillí graí;

🡻 909/2006 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.4

(i)muirir bhainc a dtugtar bille ina n‑aghaidh (ach ní ús ar iasachtaí bainc);

🡻 138/2004

(j)síntiúis, táillí as ballraíocht i gcomhlachais ghairmiúla amhail comhlachais talmhaíochta, comhlachais tráchtála agus ceardchumainn talmhaíochta;

(k)síntiúis le comharchumainn talmhaíochta;

(l)costais tástálacha agus taispeántais déiríochta agus iontrálacha i gclárlanna pórtheastais;

(m)caiteachas ar inseamhnú saorga agus ar choilleadh;

(n)íocaíocht as úsáid sócmhainní doláimhsithe neamhtháirgthe amhail sócmhainní paitinnithe, trádmhairc, cóipcheart, cuótaí bainne nó cearta táirgthe eile, etc. Déantar ceannacháin na sócmhainní doláimhsithe neamhtháirgthe sin, ar an taobh eile, a thaifeadadh sa chuntas caipitil;

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(w) (oiriúnaithe)

(o)íocaíochtaí a dhéantar le comhlachtaí poiblí chun ceadúnais nó ceadanna a fháil ar mhaithe le gníomhaíochtaí tráchtála nó gairmiúla a dhéanamh, má tá na ceadanna faoi réir grinnscrúdú cuimsitheach chun críoch rialála (ach amháin i gcás ina bhfuil na muirir díréireach le tairbhí na seirbhísí lena mbaineann,  féach pointe  3.048(e), agus CCE 2010, pointe 4.80(d));

(p)ceannacháin uirlisí beaga neamhchostasacha, éadaí oibre, páirteanna spártha agus trealamh marthanach a úsáidtear chun oibríochtaí réasúnta simplí a fheidhmiú (CCE 2010, pointe 3.89 (f) (1) agus 2008 SNA, pointe 6.225);

(q)táillí ar chonarthaí gearrthéarmacha, ar léasanna gearrthéarmacha agus ar cheadúnais ghearrthéarmacha arna dtaifeadadh mar shócmhainní neamhtháirgthe; eisiatar leis sin ceannach na sócmhainní neamhtháirgthe sin.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(x)

🡺2 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(y)

(k)Ítimí nach n‑áirítear sa tomhaltas idirmheánach

2.110.Ní áirítear le tomhaltas idirmheánach:

(a)earraí agus seirbhísí margaidh a sholáthraíonn aonaid táirgthe dá bhfostaithe gan aon chostas nó ar ráta laghdaithe, a mhéid is léir an caiteachas sin a bheith chun tairbhe na bhfostaithe go príomha. Déanann luach na n‑earraí agus seirbhísí sin cuid den chúiteamh dfhostaithe ( féach pointe  3.018);

(b)liúntais taistil arna n‑íoc ag an bhfostóir in airgead tirim le fostaithe  an fhostóra ; meastar gurb eilimint de chúiteamh dfhostaithe iad na liúntais sin (úsáideann an fostaí an t‑airgead sin ansin chun íoc as iompar idir áit chónaithe an fhostóra agus a áit oibre) ( féach pointe  3.018(c)). Ar an gcaoi chéanna, íocaíochtaí arna ndéanamh ag an bhfostóir le fiontar iompair go díreach as iompar comhchoiteann na n‑oibrithe (le haghaidh taistil idir an áit chónaithe agus an áit oibre), áirítear mar chúiteamh dfhostaithe iad. Tá roinnt de shaintréithe an tomhaltais idirmheánaigh ag na seirbhísí sin amhail iompar ón áit chónaithe chuig an obair nó saoráidí páirceála. 🡺1 Dá ainneoin sin, meastar go bhfuil gá ag fostóirí leis an gcineál seirbhíse sin chun a bhfostaithe a mhealladh chucu agus a choimeád (ar seirbhís í a mbeadh orthu íoc aisti iad féin go hiondúil ar aon nós) agus nach bhfuil gá ag na fostóirí leis an tseirbhís mar gheall ar riachtanais an phróisis táirgthe féin ( féach pointe  2008 CCN, pointe 7.51); 🡸

(c)ceannacháin foirgneamh feirme agus maoine sochorraithe ( is é sin le rá earraí caipitiúla arb in imeacht 1 bhliain amháin a ngnáth‑thréimhse úsáide); meastar gurb OFCS iad na héadálacha sin ( féach pointe  2.162);

(d)íocaíochtaí léasaithe airgeadais a dhéantar chun sócmhainní seasta le haghaidh na talmhaíochta a úsáid, ní ceannacháin seirbhísí atá iontu ach idirbhearta atá le hiontráil faoi ús go páirteach (sa chuntas ioncaim fhiontraíoch) agus mar aisíocaíocht an chaipitil go páirteach (sa chuntas airgeadais) ( féach pointe  2.122);

(e)caiteachas ar athchóiriú (le haghaidh na cothabhála  féach pointe  2.105 agus 2.106) earraí caipitiúla seasta (athchóiriú díonta, gáitéar, suiteálacha leictreacha agus téimh i bhfoirgnimh feirme) agus caiteachas ar fheabhas a chur ar earraí caipitiúla agus ar dheisiúcháin orthu, ar feabhas agus deisiúcháin iad atá beartaithe chun síneadh a chur lena ngnáthré feidhme nó lena dtáirgiúlacht a mhéadú; meastar gurb OFCS an caiteachas sin ós rud é go bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis ná an méid is gá chun riocht oibre sócmhainní seasta a choinneáil ar bun ( féach pointí  2.127  , 2.128 agus  2.129);

(f)🡺1 ceannacháin seirbhísí i dtaca le héadáil úinéireachta talún, foirgneamh agus earraí caipitiúla seasta eile atá ann cheana, amhail táillí le haghaidh idirghabhálaithe, aturnaetha, suirbhéirí, innealtóirí, etc. mar aon le táillí le haghaidh iontrálacha sa chlár talún ( féach  CCE 2010, pointe 3.133). 🡸 Meastar go ndéanann sé sin cuid de OFCS (  féach pointí  2.132 agus 2.133);

(g)earraí agus seirbhísí a tháirgtear agus a ídítear san aonad céanna sa tréimhse thagartha chéanna (ach amháin le haghaidh earraí áirithe,  féach pointe  2.056, 2.103  agus  2.107). Ní dhéantar na hearraí agus seirbhísí sin a thaifeadadh mar aschur  freisin ;

(h)cíos arna íoc as úsáid na talún a liostaítear faoi cíos ( féach pointe  3.080);

(i)caiteachas ar úsáid teaghaisí; is tomhaltas críochnaitheach é sin (cuntais le haghaidh teaghlach) agus ní léirítear in CET é;

(j)caitheamh na n‑earraí caipitiúla, a thagann faoi ídiú an chaipitil sheasta ( féach pointe  3.099);

(k)glanphréimheanna árachais ( féach pointe  2.109(g));

(l)préimheanna árachais le haghaidh díobháil phearsanta agus ranníocaíochtaí le scéimeanna árachais breoiteachta agus timpiste oibre; roinntear iad sin idir idirbhearta dáileacháin agus tomhaltas críochnaitheach (cuntais le haghaidh teaghlach);

(m)rátaí uisce a íoctar mar cháin amháin agus nach bhfuil gaolmhar leis na cainníochtaí uisce a thomhlaítear;

(n)ceannach seirbhísí ó chomhlachtaí poiblí faoi imthosca áirithe ( féach pointe  3.048(e)).

3.Tomhaltas idirmheánach a luacháil

2.111.Ba cheart táirgí a úsáidtear le haghaidh tomhaltas idirmheánach a luacháil ag praghsanna an cheannaitheora ar earraí agus seirbhísí comhchosúla is infheidhme tráth a n‑ionsáite sa phróiseas táirgthe.

2.112.Is é praghas an cheannaitheora an praghas iarbhír a íocann an ceannaitheoir as na táirgí, tráth an cheannaigh. Áirítear leis cánacha lúide fóirdheontais ar tháirgí (ach gan cánacha in‑asbhainte amhail CBL ar na táirgí a áireamh). 🡺2 Áirítear le praghas an cheannaitheora freisin aon mhuirear iompair arna íoc ar leithligh ag an gceannaitheoir chun glacadh leis an seachadadh ag an am agus ag an áit riachtanach; tar éis asbhaintí i leith aon lascaine ar ghnáthphraghsanna nó ar ghnáthmhuirir le haghaidh ceannacháin ar an mórchóir nó ceannacháin seachbhuaice; ús nó muirir seirbhíse arna gcur leis faoi shocruithe creidmheasa; gan aon mhuirear breise a áireamh ar muirear é a tabhaíodh de thoradh nach ndearnadh an íocaíocht laistigh den tréimhse a luaitear an tráth a rinneadh na ceannacháin (CCE 2010, pointe 3.06). 🡸

2.113.Murab ionann agus i mbrainsí eile an gheilleagair, tá fóirdheontais a bhaineann leis an tomhaltas idirmheánach tábhachtach sa talmhaíocht. Is é is cuspóir dóibh costas an tomhaltais idirmheánaigh a laghdú. Nuair a aicmítear na fóirdheontais sin mar fhóirdheontais ar tháirgí (neamhthalmhaíochta), laghdaíonn siad luach an tomhaltais idirmheánaigh, rud a thaifeadtar ag praghas an cheannaitheora (cibé acu a íoctar le soláthróirí tomhaltais idirmheánaigh nó le táirgeoirí talmhaíochta iad).

2.114.Má allmhairíonn aonaid táirgthe earraí nó seirbhísí go díreach, le praghas an cheannaitheora a úsáidtear, ba cheart na dleachtanna allmhairiúcháin, CBL neamh‑incheadaithe, agus suimeanna cúiteacha airgeadaíochta uile (admhálacha nó íocaíochtaí) a áireamh.

2.115.Déantar an tomhaltas idirmheánach a luacháil gan CBL in‑asbhainte a áireamh. Ríomhtar CBL in‑asbhainte le haghaidh na gceannachán uile a dhéanann aonaid talmhaíochta, cibé acu atá siad faoi réir CBL faoin gcóras caighdeánach nó faoin gcóras ar ráta comhréidh. An difríocht idir an CBL in‑asbhainte a dfhéadfadh aonaid talmhaíochta a asbhaint faoin gcóras ar ráta comhréidh, má bhí siad faoi réir scéim CBL caighdeánaí, agus an cúiteamh ar ráta comhréidh, is é ró‑chúiteamh CBL nó tearc‑chúiteamh CBL é an difríocht sin. Taifeadtar í sin faoi fhóirdheontais eile ar tháirgeadh nó faoi chánacha eile ar tháirgeadh faoi seach ( féach pointí  3.041 agus 3.042).

D.OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(aa) (oiriúnaithe)

( féach  CCE 2010 pointí 3.122 go 3.157)

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(bb)

2.116.Is éard atá san ollfhoirmiú caipitil:

OFCS (P.51g),

athruithe ar fhardail (P.52),

éadálacha lúide diúscairtí earraí luachmhara (P.53).

🡻 138/2004

2.117.Ós rud é go dtarraingítear cuntais CET suas chun sreafaí a léiriú arna nginiúint ag aonaid laistigh dá bhfeidhm tháirgthe, ní láimhseáiltear ach OFCS agus athruithe ar stoic thíos.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(cc) agus (oiriúnaithe)

2.118.Áirítear le hollfhoirmiú caipitil ídiú an chaipitil sheasta (P.51c).

Faightear an glanfhoirmiú caipitil (P.51n) trí ídiú an chaipitil sheasta a asbhaint ón ollfhoirmiú caipitil. Is éard is ídiú an chaipitil sheasta ann luach an dímheasa ar earraí caipitiúla seasta de thoradh gnáthchaitheamh agus gnáthchuimilt le linn an phróisis táirgthe ( féach pointe  3.099).

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(dd)

1.Ollfhoirmiú caipitil sheasta (OFCS)

🡻 138/2004

(a)Sainmhíniú

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(ee) (oiriúnaithe)

2.119.Is éard is OFCS ann éadálacha táirgeoirí cónaitheacha, lúide diúscairtí, i dtaca le sócmhainní seasta le linn tréimhse áirithe móide breiseanna áirithe ar luach na sócmhainní neamhtháirgthe arna réadú le gníomhaíocht tháirgiúil táirgeora nó aonad institiúideach (CCE 2010, pointí 3.125 go 3.129). Is éard is sócmhainní seasta ann sócmhainní táirgthe a úsáidtear sa táirgeadh ar feadh breis agus 1 bhliain amháin ( féach  CCE 2010, pointe 3.124 agus Iarscríbhinn 7.1).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.1(a)

(b)Breithnithe le haghaidh an gheilleagair náisiúnta ina iomláine

2.120.Tuigtear gurb éard atá i gceist in OFCS geilleagair náisiúnta cion an olltáirgeachta intíre (OTI) a tháirgtear le linn na bliana tagartha agus a bhfuil sé beartaithe é a úsáid ar feadh tréimhse is mó ná 1 bhliain amháin mar mhodh táirgthe sa phróiseas táirgthe (atá éagsúil ó thomhaltas críochnaitheach na dteaghlach príobháideach nó poiblí, onnmhairí agus athruithe ar stoic). Dá dheasca sin, i gcás earraí, a táirgeadh am éigin roimhe agus a áirítear sa táirgeacht náisiúnta dá bhrí sin, agus a mbaintear úsáid dhifriúil astu sa tréimhse thagartha, ní áirítear iad in OFCS geilleagair náisiúnta. Ní thugann athrú úsáide ná úinéireachta le fios go mbeidh na hearraí sin ina gcuid den táirgeacht náisiúnta den dara huair agus ní athraítear ar bhealach ar bith dá thoradh mais iomlán chaipiteal seasta an gheilleagair náisiúnta ina iomláine. Is tábhachtach, áfach, na hidirbhearta sin a áireamh in anailísí a dhéantar de réir brainse, tionscail nó earnála aonchineálaí.

2.121.Más amhlaidh go bhfuil úsáid dhifriúil i gceist de thoradh athrú ar úinéireacht ( is é sin le rá ní sócmhainní caipitiúla iad a thuilleadh), déantar laghdú ar shócmhainní caipitiúla an gheilleagair náisiúnta. Is iad mótarfheithicil na cásanna is coitianta de sin, ar nithe iad a cheannaíonn teaghlaigh mar earraí athláimhe ó aonaid táirgthe, soithí loingseoireachta a dhíoltar mar earraí athláimhe le tíortha eile, agus earraí caipitiúla a bhristear ina bpíosaí agus a mbaintear úsáid idirmheánach áirithe astu. Ós rud é go ndéanann an úsáid nua sna cásanna sin cuid den táirgeacht náisiúnta (tomhaltas críochnaitheach, onnmhairiú nó aon úsáid eile de réir an chineáil earraí a tháirgtear den dramh), ní mór OFCS a laghdú dá thoradh. Is é sin an fáth go n‑úsáidtear in 🡺1 CCE 2010 🡸 coincheap ghlanéadálacha na n‑earraí táirgthe atá ann cheana chun OFCS a ríomh: ceadaítear diúscairtí caipitiúla faoin gceannteideal seo,  is é sin le rá laghduithe ar an gcaipiteal seasta atá le cur san áireamh.

2.122.D’fhéadfadh sé a bheith amhlaidh go mbeadh glanéadálacha earraí atá ann cheana deimhneach, i bhfocail eile, gurb éard a bheadh i gceist leo méaduithe ar shócmhainní caipitiúla an gheilleagair ina iomláine. Is é sin an cás, mar shampla, ó thaobh feithiclí athláimhe de, a liostaíodh mar thomhaltas críochnaitheach sa táirgeacht náisiúnta cheana féin, nuair a cheannaítear iad lena n‑úsáid mar chaipiteal seasta. Ós rud é gur mó díolacháin na n‑earraí infheistíochta atá ann cheana ná ceannacháin na n‑earraí infheistíochta, tá glanéadálacha diúltach le haghaidh an gheilleagair náisiúnta ina iomláine. Más amhlaidh, áfach, go ndéantar OFCS a mhiondealú de réir bhrainse an úsáideora, is féidir le glanéadálacha a bheith deimhneach le haghaidh brainsí áirithe.

(c)Critéar maidir leis an úinéireacht a aistriú

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(ff) (oiriúnaithe)

2.123.OFCS earnálacha nó bhrainsí an gheilleagair a chinneadh, bíonn sé bunaithe ar chritéar na húinéireachta (éadáil, diúscairt) agus ní bhíonn sé bunaithe ar úsáid na n‑earraí. Ba cheart a thabhairt ar aird maidir le sócmhainní seasta a fhaightear tríd an léasú airgeadais (ach ní díreach na sócmhainní sin atá ar fruiliú amháin), go láimhseáiltear iad mar shócmhainní an léasaí más táirgeoir é an léasaí agus ní mar shócmhainní an léasóra, a choimeádann sócmhainn airgeadais atá coibhéiseach le héileamh barúlach ( féach pointe  2.110(d) agus Caibidil 15 de CCE 2010 maidir leis an idirdhealú idir na foirmeacha difriúla den fhruiliú earraí marthanacha)  18  .

🡻 138/2004

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(gg)

2.124.🡺1 Cur i bhfeidhm na gcritéar úinéireachta, braitheann sé ar an gcóras staidrimh ar ar a bhonn a ríomhtar OFCS. 🡸 Más sonraí ó cheannaitheoirí atá ann, go teoiriciúil, ní bheidh aon deacracht ann (seachas an deacracht phraiticiúil a bhaineann leis na hinfheisteoirí uile a thaifeadadh). Go minic áfach, (agus is fíor é seo go háirithe i gcás na talmhaíochta), is faisnéis ó tháirgeoirí earraí caipitiúla faoina n‑aschur nó faoina ndíolacháin a úsáidtear mar an bonn le haghaidh ríomhanna. Seachas na cásanna sin nach léir cé acu a bhaineann táirge le ceannteideal na n‑earraí caipitiúla nó nach mbaineann, bíonn sé deacair a chinneadh freisin cé hé an ceannaitheoir iarbhír ós rud é nach dtugann a bhfuil i gceist leis na hearraí caipitiúla ach leid faoin úsáideoir atá ann. Sa talmhaíocht, dá bhrí sin, is baolach go ndéanfar earraí caipitiúla a thaifeadadh freisin, arb earraí iad nach bhfuair gabháltais talmhaíochta ach fiontair tráchtála chun foireann a fhruiliú gan iad a oibriú.

(d)Éadálacha

🡻 22019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(hh) (oiriúnaithe)

2.125.Is éard a chuimsítear le héadáil sócmhainní seasta sócmhainní seasta atá nua nó ann cheana féin agus a fuarthas (a ceannaíodh, a fuarthas in idirbhearta malartaithe, a fuarthas mar aistrithe caipitiúla comhchineáil nó a fuarthas mar léas airgeadais), sócmhainní seasta a tháirgtear agus a choimeádtar ar mhaithe le húsáid an táirgeora féin, feabhsuithe móra ar shócmhainní seasta agus ar shócmhainní inláimhsithe neamhtháirgthe, fás nádúrtha ar shócmhainní talmhaíochta (beostoic agus plandálacha) agus costais atá bainteach le haistriú úinéireacht na sócmhainní neamhtháirgthe ( féach pointe  CCE 2010, pointe 3.125 (a)).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(jj)

2.126.🡺1 Tacar earraí marthanacha a cheannach nó a tháirgeadh ar bhonn féinchuntais, arb earraí iad is gá le haghaidh suiteáil tosaigh, sin é foirmiú caipitiúil sheasta. 🡸 Stoc bhuidéil grúdlainne nó fiontair a tháirgeann fíon (gan buidéil neamh‑in‑aischurtha a áireamh) mar shampla, is éard atá sa stoc sin mais earraí atá le taifeadadh mar shócmhainní, cé gur diomaibhseach luach gach buidéil. Tá feidhm ag an gcéanna maidir le suíocháin agus táblaí, gréithe agus sceanra atá ag bialanna agus le huirlisí atá ag fiontar. Is foirmiú caipitiúil seasta é suiteáil tosaigh na n‑earraí sin: mar sin féin, ní ríomhtar aon tomhaltas caipitiúil seasta sna cásanna sin toisc go nglactar leis, nuair a bheidh an tsuiteáil sin déanta, go gcoimeádfar an luach céanna i gcónaí de thoradh ítimí athsholáthair a bheith á gceannach go seasta le cur in ionad na n‑ítimí sin a cailleadh nó nárbh fhéidir a úsáid a thuilleadh. Taifeadtar ceannacháin athsholáthair atá ann faoi láthair mar thomhaltas idirmheánach. Bíonn an riail sin, atá soiléir go teoiriciúil, deacair a chur i bhfeidhm sa chleachtas uaireanta toisc nach dtugann sonraí staidrimh maidir le táirgeacht nó díolacháin tuairim shoiléir faoi cé acu a ceannaíodh na hearraí atá i gceist le haghaidh suiteáil tosaigh nó chun ítimí atá ann cheana a athsholáthar.

2.127.Earraí agus seirbhísí a ionchorpraítear in earraí caipitiúla seasta atá ann cheana chun feabhas a chur orthu, iad a atógáil nó a athchruthú, lena ndéantar a saolré ionchais a fhadú nó a dtáirgiúlacht a mhéadú, taifeadtar iad in éineacht leis na hearraí caipitiúla inar ionchorpraíodh iad. Meastar gurb éadáil sócmhainní seasta nua an obair sin. I bprionsabal, áirítear leis an gceannteidil seo na hearraí agus seirbhísí uile a ionchorpraítear in earraí caipitiúla seasta agus ar mó go mór a bhfuil i gceist leo ná an raon feidhme cothabhála agus deisiúcháin reatha. Tuigtear as cothabháil reatha na seirbhísí uile, i gcomparáid le gnáth‑shaolré na n‑earraí caipitiúla, nach mór iad a sholáthar arís agus arís eile ag eatraimh cuibheasach gearr chun bail inseirbhíse ar na hearraí a choinneáil ar bun. Cumhdaítear léi, mar shampla, athsholáthar na gcomhpháirteanna a chaitear go tapa agus ar páirt dearraí caipitiúla iad, an phéinteáil laistigh agus lasmuigh, etc.

2.128.Méid na suimeanna a chaitear ar an gcothabháil sin, ní critéar ar bhealach ar bith í chun a chinneadh cé acu a chruthaíonn seirbhís sócmhainní nó an cothabháil reatha atá inti, ós rud é i gcás na n‑ítimí caipitiúla ardluacha, fiú seirbhísí le haghaidh na cothabhála reatha, go bhféadfaidís a bheith an‑chostasach ( féach pointe  2.110(e)). I ndáiríre, na seirbhísí a fheidhmítear ar earraí caipitiúla seasta atá ann cheana a leithdháileadh don chatagóir cothabháil reathaOFCS, ba cheart an leithdháileadh sin a chinneadh de réir an eatraimh a rachaidh in éag sula gcaithfear an tseirbhís a dhéanamh an athuair,  mar shampla athsholáthar na bpáirteanna a imíonn ó mhaith laistigh de 1 bhliain amháin go hiondúil, amhail boinn trucaile, comhairtear é sin mar chothabháil reatha, ach is é foirmiú caipitil sheasta atá san athsholáthar innill, ní mar gheall ar an luach a bheith níos airde ach toisc nach gnách go gcaithfear inneall a athsholáthar go bliantúil, ach díreach tar éis roinnt blianta. Seirbhís den chineál sin a thaifeadadh faoi cheannteideal na sócmhainní ( is é sin le rá í a láimhseáil mar fhoirmiú caipitiúil seasta agus ní mar chothabháil reatha), fágann sé sin go bhfuil sé indéanta an luach a dháileadh go haonfhoirmeach i gcaitheamh thréimhse iomlán na húsáide trí mheán an ídithe caipitil sheasta.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(kk) (oiriúnaithe)

2.129.Sonraítear le SNA 2008 gur cheart feabhsuithe a dhéantar ar shócmhainní seasta a chinneadh de réir mhéid na n‑athruithe ar shaintréithe na sócmhainní seasta —  is é sin le rá de réir mórathruithe ar a méid, a gcruth, a bhfeidhmíocht, a n‑inniúlacht nó ar an ré feidhme lena bhfuil coinne — nó de réir an fhíorais nach bhfuil i gceist leis na feabhsuithe na cineálacha athruithe a fheictear a bheith ag tarlú go gnáthúil i sócmhainní seasta eile den chineál céanna, mar chuid de ghnáthchláir chothabhála agus dheisiúcháin ( féach  2008 CCN, pointí 10.43 agus 10.46).

🡻 138/2004

(e)Diúscairtí

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(ll) (oiriúnaithe)

2.130.Is éard a chuimsítear le diúscairtí sócmhainní seasta díol, scartáil, scriosadh nó fáil réidh le sócmhainní seasta ag a n‑úinéir, nó a dtabhairt suas mar mhalartú nó mar aistrithe caipitil comhchineáil ( féach  CCE 2010, pointe 3.125 (b) agus pointe 3.126). Is éard ba cheart teacht de thoradh na ndiúscairtí sin athrú ar úinéireacht agus ba cheart cuspóir eacnamaíoch díreach a bheith leo (dá bhrí sin, ní airítear sna diúscairtí sin sócmhainní seasta a scartálann nó a scriosann a n‑úinéir iad nó a bhfaigheann sé réidh leo chun nach mbainfear aon úsáid eacnamaíoch bhreise astu) ( féach pointe  2008 CCN, 10.38). Mar sin féin, dfhéadfaí diúscairtí áirithe a choimeád laistigh den aonad institiúideach céanna, mar is amhlaidh i gcás na n‑ainmhithe a mbíonn feirmeoir á marú agus a mbíonn a theaghlach sin á n‑ithe.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(mm)

(f)Ollfhoirmiú caipitil sheasta a luacháil

2.131.Déantar OFCS a luacháil ag praghsanna an cheannaitheora (lena n‑áirítear na costais chun úinéireacht a aistriú, costais suiteála agus muirir eile a bhaineann leis an aistriú) nó, i gcás ina dtáirgtear ar bhonn féinchuntais é, luacháiltear é ag bunphraghsanna sócmhainní seasta comhchosúla (is féidir an bunphraghas a fháil ó shuim na gcostas a tabhaíodh). Ba cheart diúscairtí a thaifeadadh ag an bpraghas díola, ar cheart é sin a bheith ag comhfhreagairt do phraghas an cheannaitheora lúide na costais a tabhaíodh in aistriú úinéireacht na sócmhainní, sa tsuiteáil agus i muirir a bhaineann leis an aistriú ( féach pointe  2.130).

(g)Costais an aistrithe úinéireachta

2.132.Is éard atá in OFCS ag an bhfaighteoir na costais a bhaineann le haistriú úinéireacht na sócmhainní, fiú má íocann an díoltóir roinnt de na costais. Cuimsítear leis na costais an caiteachas a tabhaíodh chun seilbh a ghlacadh ar na sócmhainní (muirir suiteála agus iompair, etc.), táillí agus coimisiúin idirghabhálaithe (aturnaetha, saineolaithe, etc.) agus cánacha atá le híoc ar sheirbhísí idirghabhálaithe a úsáidtear in úinéireacht na sócmhainní a aistriú.

2.133.Cuimsítear le OFCS an fhaighteora luach na n‑earraí a fhaightear (gan costais an aistrithe a áireamh) móide costais iomlána an aistrithe a bhí i gceist leis an éadáil sin. Os a choinne sin, ní áirítear in OFCS an díoltóra ach luach na n‑earraí a dhíoltar (gan costais an aistrithe a áireamh) 19 . I gcás sócmhainní neamhtháirgthe (amhail talamh, nó sócmhainní paitinnithe amhail cearta táirgthe) nach n‑áirítear in OFCS, ní mór na costais sin a scaradh ó éadáil/diúscairt na sócmhainní sin agus iad a thaifeadadh faoi cheannteideal difriúil mar OFCS an fhaighteora.

(h)OFCS agus athrú ar luach na sócmhainní

2.134.An clár comhardaithe, lena soláthraítear liosta miondealaithe de luachanna na sócmhainní arna sealbhú agus de na gealltanais arna ndéanamh, soláthraítear faisnéis faoi chomhpháirteanna difriúla an athraithe ar luach na sócmhainní. 🡺1 Mar a shainmhínítear sna cláir chomhardaithe ( féach  CCE 2010, pointí 7.12 agus 7.13) maidir leis an athrú ar luach sócmhainne idir deireadh agus tús tréimhse chuntasaíochta, is féidir tuairisc a thabhairt air mar a leanas: 🡸

Luach sócmhainní ag deireadh na tréimhse cuntasaíochta

– Luach sócmhainní ag tús na tréimhse cuntasaíochta =

Ollfhoirmiú caipitil sheasta

– Ídiú an chaipitil sheasta

+ Athruithe eile ar mhéid

+ Gnóthachain ainmniúla sealúchais (glan ó chaillteanais)

2.135.Gnóthachain ainmniúla sealúchais (glan ó chaillteanais), comhfhreagraíonn siad do ghnóthachain sealúchais (glan ó chaillteanais) arna gcarnadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus ar de thoradh athraithe ar phraghas na sócmhainne iad, ar sócmhainn í sin nach n‑athraíonn a saintréithe eacnamaíocha agus fisiceacha (saintréithe cainníochtúla agus cáilíochtúla) i gcaitheamh na tréimhse lena mbaineann. Taifeadtar na hathruithe sin sa chuntas athluachála.

2.136.Na hathruithe eile ar mhéid na sócmhainní, sin iad sreafaí a fhágann go bhfuil sé indéanta aimsiú, meath nó ídiú na sócmhainní nádúrtha a thaifeadadh mar aon le hiarmhairtí na dteagmhas eisceachtúil a dfhéadfadh an tairbhe a tharraingítear as sócmhainní a mhodhnú. A mhéid a bhaineann le sócmhainní an tionscail talmhaíochta, dfhéadfaí athruithe ar mhéid a chur i dtrí phríomhchatagóir:

caillteanais eisceachtúla nó caillteanais thubaisteacha (creathanna talún, cogaí, triomach, eipidéimí, etc.),

an corrlach idir dímheas réamh‑mheasta na sócmhainní (arna thomhas de réir ídiú an chaipitil sheasta) agus an dímheas a chinntear iarbhír (mar gheall ar dhífheidhmeacht, damáiste nó meath gan choinne agus teagmhais timpiste a fhágann dímheas níos airde ná an méid lena raibh coinne),

🡻 2022/590 Airt. 1.4 agus Iarscríbhinn I.5 (oiriúnaithe)

athruithe ar aicmiú nó ar struchtúr sócmhainní seasta:  mar shampla athruithe ar chuspóir eacnamaíoch an talaimh talmhaíochta, an bheostoic déiríochta atá beartaithe le haghaidh táirgeadh feola ( féach pointe  2.149, fonóta 1) nó foirgnimh talmhaíochta a ndearnadh athrú orthu le haghaidh úsáid phríobháideach nó le haghaidh úsáid eacnamaíoch eile.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

2.137.Dá bhrí sin ní hiad OFCS agus ídiú an chaipitil sheasta ( féach pointí  3.098 go 3.106) na haon eilimintí atá le cur san áireamh agus anailís á déanamh ar an athrú ar luach na sócmhainní.

(i)Eilimintí OFCS

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(oo) (oiriúnaithe)

2.138.Le CCE 2010 déantar idirdhealú idir roinnt eilimintí ar cheart iad a thaifeadadh mar OFCS ( féach  CCE 2010, pointe 3.127):

teaghaisí,

foirgnimh agus déanmhas eile lena n‑áirítear feabhsuithe móra ar thalamh,

innealra agus trealamh, amhail longa, gluaisteáin agus ríomhairí

córais armán,

sócmhainní bitheolaíocha saothraithe,  mar shampla crainn agus beostoc

na costais a ghabhann le haistriú úinéireachta ar shócmhainní neamhtháirgthe, amhail talamh, conarthaí, léasanna agus ceadúnais,

T & F, lena n‑áirítear táirgeadh T&F a chuirtear ar fáil saor in aisce,

taiscéalaíocht agus meastóireacht mianraí,

bogearraí ríomhaireachta agus bunachair sonraí,

bunábhar siamsaíochta, liteartha nó ealaíonta,

cearta eile maoine intleachtúla.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(pp)

2.139.I gcás CET, déantar idirdhealú idir na cineálacha seo a leanas deilimintí OFCS:

plandálacha a mbíonn táirgí athuaire mar thoradh orthu,

beostoc atá ina shócmhainn sheasta,

sócmhainní seasta seachas sócmhainní talmhaíochta:

meaisíní agus earraí caipitiúla eile,

trealamh iompair,

foirgnimh feirme (neamh‑chónaitheacha),

déanmhais eile cé is moite dfheabhsú talún (foirgnimh agus déanmhais eile, etc.),

nithe eile (bogearraí ríomhaireachta, etc.),

feabhsuithe móra ar thalamh,

costais atá bainteach le haistriú úinéireacht na sócmhainní neamhtháirgthe amhail talamh agus cearta táirgthe,

T&F, a chumhdaíonn taighde agus forbairt ó aonaid speisialaithe agus taighde agus forbairt le haghaidh féintáirgeadh.

🡻 138/2004

2.140.Baineann OFCS i sócmhainní talmhaíochta le dhá chineál sócmhainní (plandálacha agus ainmhithe) a úsáidtear arís is arís eile agus go leanúnach chun táirgí amhail torthaí, rubar, bainne a tháirgeadh, etc.: crainn torthaí, fíniúnacha, goirt leannlusanna, plandálacha torthaí boga agus and leapacha lus súgach. Ní sócmhainní seasta iad plandálacha crann Nollag (nach soláthraíonn táirge críochnaithe ach aon uair amháin), mar is amhlaidh i dtaca le gránaigh agus le glasraí, nach sócmhainní seasta ach oiread iad. Ar ainmhithe atá ina sócmhainní seasta áirítear, mar shampla, ainmhithe síolrúcháin, eallach déiríochta, caoirigh a thógtar ar mhaithe lena n‑olann agus ainmhithe tarraingthe (ní sócmhainní seasta iad ainmhithe, lena n‑áirítear éanlaith chlóis, a thógtar le haghaidh a maraithe).

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(qq)

(j)Plandálacha a mbíonn táirgí athuaire mar thoradh orthu

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(rr) (oiriúnaithe)

2.141.De réir CCE 2010 (pointe 3.125) comhfhreagraíonn OFCS i bplandálacha do luach na n‑éadálacha lúide diúscairtí sócmhainní nádúrtha a mbíonn táirgí athuaire mar thoradh orthu (amhail crainn torthaí) a bhain aibíocht amach, plus fás nádúrtha na sócmhainní nádúrtha sin go dtí go mbaineann siad aibíocht amach ( is é sin le rá táirge a ghiniúint), le linn na tréimhse cuntasaíochta lena mbaineann.

🡻 138/2004

2.142.Comhfhreagraíonn an sainmhíniú sin ar OFCS don mhéid seo a leanas:

caiteachas ar phlandálacha nua (nua nó athnuaite) le linn na tréimhse cuntasaíochta, lena n‑áirítear méideanna a chaitear ar phlandálacha óga a choinneáil ar bun le linn na tréimhse cuntasaíochta (le linn na gcéad 3 bliana),

an méadú ar luach intreach na bplandálacha chomh fada le tráth a n‑aibithe,

na costais atá bainteach le haistriú na húinéireachta i malartuithe, idir aonaid talmhaíochta, i leith plandálacha a bhain aibíocht amach.

2.143.Aschur talmhaíochta féinchuntais OFCS atá sa chéad dhá eilimint de OFCS i bplandálacha.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(ss)

2.144.Dfhéadfadh dhá fhoirm a bheith i gceist le diúscairtí plandálacha (a thaifeadtar mar OFCS diúltach): dfhéadfadh sé gur díolacháin plandálacha fáis le haonaid (talmhaíochta) eile atá iontu, agus sa chás sin, ní dhéantar ach na costais atá bainteach le haistriú na húinéireachta a iontráil in CET. Is é an fhéidearthacht eile atá ann gur leagadh na plandálacha. Sa chás sin, áfach, de réir an tsainmhínithe ghinearálta ar dhiúscairtí, ní mór úsáid eacnamaíoch dhíreach a bheith ag plandálacha leagtha; i bhfocail eile, ceanglaítear frithiontráil i bhfoirm úsáide in earraí agus seirbhísí (amhail díolachán le fiontar a speisialaíonn i ndíol an adhmaid 20 ). Sa dara cás sin, ba cheart méid measartha beag a bheith i gceist le diúscairtí plandálacha atá le taifeadadh mar OFCS diúltach.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.1(a)

2.145.Dá dheasca sin, i dtromlach na gcásanna ( is é sin le rá seachas sa dara cás a leagtar amach i bpointe 2.144), ní mór gan an luach a bhaineann leis an ngrafadh a asbhaint de luach na n‑infheistíochtaí i bplandálacha. Infheistíochtaí le haghaidh athnuachan plandálacha atá ann cheana, ba cheart iad a láimhseáil mar infheistíochtaí agus ní mar ghnáthchostais chothabhála.

2.146.An bealach a láimhseáiltear grafadh na bplandálacha, ba cheart anailís a dhéanamh air i ndáil le hídiú an chaipitil sheasta a ríomh. I gcomhréir le 🡺1 CCE 2010 🡸, tá ídiú caipitil sheasta ann i gcás na bplandálacha a chomhfhreagraíonn do dhímheas na bplandálacha nuair a bheidh aibíocht bainte amach acu. Dá bhrí sin, ba cheart grafadh plandálacha 21 a léirmhíniú mar a leanas:

grafadh a dhéantar ag deireadh ghnáthré fáis na bplandálacha, comhfhreagraíonn sé do phlandálacha a aistarraingítear as sócmhainní. Cuirtear an grafadh sin san áireamh in ídiú an chaipitil sheasta ar feadh shaolré tháirgiúil na bplandálacha,

is éard is grafadh eisceachtúil ann grafadh a dhéantar roimh dheireadh ghnáthré fáis na bplandálacha ar chúiseanna éagsúla (cinn eacnamaíocha, straitéiseacha, etc.). Ba cheart é a léirmhíniú mar an difríocht idir an fíor‑dhímheas (éifeachtach) agus an gnáth‑dhímheas arna thomhas le hídiú an chaipitil sheasta. Ba cheart an dímheas sin a thaifeadadh sa chuntas athruithe eile ar mhéid na sócmhainní (cuntais charntha) nach n‑áirítear in CET.

2.147.Leis an athrú ar luach na bplandálacha i gcaitheamh na tréimhse cuntasaíochta dá bhrí sin, cuimsítear na ceithre chomhpháirt seo a leanas ( féach pointe  2.134):

OFCS, a chomhfhreagraíonn don difríocht sa luach idir éadálacha agus diúscairtí le linn na tréimhse tagartha, mar a shainmhínítear i  bpointí  2.141 to 2.145,

ídiú an chaipitil sheasta, lena dtomhaistear dímheas na bplandálacha, mar a shainmhínítear i  bpointe  2.146,

athruithe eile ar méid lena gcuirtear san áireamh éifeachtaí na dteagmhas gan choinne ar phlandálacha (amhail grafadh eisceachtúil) agus a thaifeadtar sa chuntas athruithe eile ar mhéid na sócmhainní ( féach  an sainmhíniú i  bpointí  2.136 agus 2.146),

gnóthachain sealúchais (glan ó chaillteanais) lena dtomhaistear na hathruithe ar an luach mar gheall ar athruithe ar phraghas le linn na tréimhse cuntasaíochta agus a thaifeadtar i gcuntas athluachála chuntais charntha 🡺1 CCE 2010 🡸 ( féach  an sainmhíniú i  bpointe  2.135).

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(tt (oiriúnaithe)

2.148.Obair i sócmhainní barr saothraithe,  is é sin le rá plandálacha, taifeadtar mar dhíolacháin í, ag fiontair a speisialaíonn sa chineál sin dobair chonarthach thalmhaíochta (in ullmhú ithreach, soláthar meaisíní, gléasra, saothair, etc.), nó mar aschur earraí caipitiúla seasta táirgthe féinchuntais ( féach pointe  1.73).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.1(a)

(k)Beostoc atá ina shócmhainn sheasta

2.149.Comhfhreagraíonn OFCS le haghaidh beostoc do na heilimintí seo a leanas:

fás bliantúil an bheostoic (go dtí go mbaineann siad aibíocht amach);

éadálacha beostoic (allmhairí) lúide diúscairtí (maruithe  22  agus onnmhairí);

na costais atá bainteach le haistriú na húinéireachta agus a tabhaíodh sa trádáil idir aonaid talmhaíochta 23 .

2.150.I gcomhréir le 🡺1 CCE 2010 🡸, is éard atá in OFCS i gcás an bheostoic tomhas ar an difríocht idir éadálacha beostoic (fás nádúrtha agus allmhairí) i gcaitheamh na bliana, lena n‑áirítear na héadálacha sin a eascraíonn as táirgeadh féinchuntais, agus diúscairtí beostoic (le haghaidh a maraithe 24 , a n‑onnmhairithe nó aon úsáid chríochnaitheach eile), lena gcuirtear an costas chun úinéireacht a aistriú 25 . Tarlaíonn OFCS i gcás an bheostoic i gcaitheamh shaol uile an ainmhí. Ar an gcéad dul síos, is é fás nádúrtha an ainmhí atá i gceist le OFCS go príomha. Nuair a bhaineann sé aois na haibíochta amach, tomhaistear OFCS trí bhíthin diúscairtí go príomha (díolacháin le haghaidh a maraithe nó a n‑onnmhairithe). Allmhairí, onnmhairí agus costais atá bainteach le haistriú na húinéireachta, is comhpháirteanna de OFCS i gcás an bheostoic iad, is dócha a tharlóidh i gcaitheamh saolré ionchais uile an ainmhí. Fás nádúrtha an bheostoic (seachas an OFCS ina iomláine) is é táirgeadh talmhaíochta féinchuntais atá ann, ar táirgeadh beostoic atá ina shócmhainn sheasta atá i gceist.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(uu) (oiriúnaithe)

2.151.Níl i dtomhas OFCS i gcás an bheostoic ach aon eilimint amháin den athrú ar luach na sócmhainní. Le fírinne, ní fhéidir OFCS i gcás an bheostoic a thomhas ach amháin tríd an athrú ar an líon beostoic arna luacháil ag an meánphraghas le haghaidh na bliana féilire i gcás gach catagóir bheostoic (an modh cainníochtúil), má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

níl aon ghnóthachan ná caillteanas ainmniúil sealúchais ann ( is é sin le rá treocht thráthrialta i bpraghsanna agus i líon an bheostoic),

níl aon athrú eile ar mhéid ann  is é sin le rá níl aon chaillteanas ann mar gheall ar thubaistí nádúrtha agus níl aon athrú ar an aicmiú ann, etc.),

Modh eile le OFCS a ríomh (an modh díreach) is éard atá ann sreafaí na n‑iontrálacha agus na n‑aistarraingtí a thomhas i gcás gach catagóir bheostoic, ag na praghsanna comhfhreagracha: seachas éadálacha agus diúscairtí, ní mór iontrálacha (go háirithe breitheanna) agus aistarraingtí ar na gabháltais a chur san áireamh.

🡻 138/2004

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(vv)

2.152.Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ní féidir OFCS i gcás an bheostoic a thomhas tríd an difríocht idir na luachanna beostoic ag deireadh agus ag tús na tréimhse cuntasaíochta. Braitheann an riail chun OFCS a ríomh i gcás an bheostoic go díreach ar an modh a ghlactar chun trí eilimintí an athraithe ar luach an bheostoic (seachas OFCS) a thaifeadadh agus a thomhas, agus go háirithe an eilimint dídiú an chaipitil sheasta. 🡺1 Is diall ó CCE 2010 é sin. 🡸

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(ww) (oiriúnaithe)

2.153.In CCN  2008 , go teoiriciúil, ba cheart ídiú an chaipitil sheasta a ríomh i gcás an bheostoic 26 . I bhfírinne, comhfhreagraíonn ídiú an chaipitil sheasta i gcás an bheostoic do thomhas ar an laghdú lena bhfuil coinne a theacht ar tháirgiúlacht an bheostoic i gcás ina n‑úsáidtear chun críoch táirgthe é, laghdú a léirítear, faoi seach, i luach uasdátaithe an ioncaim ón mbeostoc sin amach anseo. Mar sin féin, i bhfianaise na ndeacrachtaí praiticiúla maidir le meastóireacht a dhéanamh ar ídiú an chaipitil sheasta (tá sainiú na bparaiméadar ríomha an‑chasta,  féach pointí  3.105 agus 3.106), níor cheart aon ídiú caipitil sheasta a ríomh i gcás an bheostoic tháirgiúil.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.1(a)

2.154.Dfhéadfaí OFCS i gcás an bheostoic a thomhas le modhanna éagsúla. Trí mhodh an stoc‑chuntais shíoraí a úsáid, is féidir luacháil an‑docht a dhéanamh ar gach ceann deilimintí an OFCS a shainmhínítear i  bpointe  2.149 (fás nádúrtha an bheostoic, allmhairí, díolacháin lena mharú agus onnmhairí, costais atá bainteach le haistriú na húinéireachta). Dá ainneoin sin, is líonmhar na sonraí a theastaíonn le haghaidh an mhodha sin (amhail praghsanna an bheostoic tháirgiúil i gcaitheamh a saolré ionchais ar fad). Is fíor an méid céanna i gcás modhanna atá bunaithe ar thimthriall táirgeachta an bheostoic. Dá bhrí sin, is gá modh níos simplí a ghlacadh, fiú más modh é nach bhfuil chomh docht céanna.

2.155.Úsáidtear cur chuige an ríomha indírigh leis an modh a mholtar 27 . Tá sé bunaithe ar an athrú ar an líon beostoic a ríomh agus ar an dá thoimhde seo a leanas:

bíonn praghsanna beostoic tráthrialta agus intuartha go hiondúil, chun gur féidir an meánphraghas bliantúil a úsáid chun cainníochtaí a luacháil agus iad a eisiamh ó ghnóthachain/chaillteanais sealúchais,

is féidir meastachán a dhéanamh faoi chaillteanais eisceachtúla (i gcainníochtaí agus i bpraghsanna).

2.156.Tá tomhas OFCS comhdhéanta de shuim na n‑eilimintí seo a leanas:

OFCS =

Athrú ar an líon beostoic idir deireadh agus tús na tréimhse cuntasaíochta arna luacháil ag an meánphraghas bliantúil P

+ Lascaine ciondíothúcháin

+ Caillteanais eile maidir leis an mbeostoc táirgiúil

+ Costais atá bainteach le haistriú na húinéireachta

2.157.Tagraíonn an téarma lascaine ciondíothúcháin don difríocht, tráth a aistarraingthe ón mbeostoc táirgiúil, idir luach an bheostoic arna luacháil mar ainmhithe táirgiúla (ag praghas ar a bhféadfaí praghas caipitiúil a thabhairt) agus luach an bheostoic chéanna arna luacháil mar ainmhithe le haghaidh a maraithe ( is é sin le rá a praghas díola an tseamlais).

2.158.Tá an téarma caillteanais eile maidir le beostoc táirgiúil comhdhéanta den dá chineál caillteanas a leanas:

caillteanais eisceachtúla i mbeostoc táirgiúil a déirigh aibí,

luach an bheostoic a choimeádtar i mbun táirgthe go dtí deireadh a saoil (bás nádúrtha).

2.159.Luach na gcaillteanas atá le taifeadadh agus OFCS á ríomh, comhfhreagraíonn sé don difríocht idir luach an bheostoic ag an bpraghas a bhí i réim ag tús na tréimhse agus luach diúscartha na n‑ainmhithe. Luacháiltear na diúscairtí sin ag praghas díola na n‑ainmhithe a mharaítear ( is é sin le rá le haghaidh a ndíolta nó chun críche tomhaltais deiridh dhílis) nó is féidir luach nialasach a bheith orthu mura bhfuil aon úsáid eacnamaíoch acu ( mar shampla má dhiúscraítear iad, etc.).

2.160.Na téarmaí eile caillteanais eile maidir le beostoc táirgiúil agus lascaine ciondíothúcháin, comhfhreagraíonn siad do shreafaí a thaifeadtar i gcuntas an chláir comhardaithe athruithe eile ar mhéid na sócmhainní. Soláthraíonn na téarmaí nasc idir comhpháirteanna difriúla an athraithe ar luach na sócmhainní agus OFCS, agus áirithítear comhréireacht le 🡺1 CCE 2010 🡸 leo. Dá dtabharfaí neamhaird orthu, dhéanfaí gannmheastachán dá thoradh ar an bhfíorleibhéal OFCS i gcás an bheostoic.

2.161.An meastachán ar tháirgeadh féinchuntais an chaipitil sheasta sa bheostoc, a chomhfhreagraíonn dfhás nádúrtha na n‑ainmhithe, díorthaítear ón sainiú ar OFCS i gcás an bheostoic a leagtar amach i  bpointe  2.149 agus a chuirtear i bhfeidhm maidir le catagóirí ainmhithe nach bhfuil iomlán aibí fós:

Táirgeadh féinchuntais = OFCS + diúscairtí (maruithe agus onnmhairí) — éadálacha (allmhairí) 28 — (an costas chun úinéireacht a aistriú).

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(xx)

(l)Sócmhainní seasta seachas sócmhainní talmhaíochta

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(yy)

2.162.Sócmhainní seasta seachas sócmhainní talmhaíochta (plandálacha agus beostoc), tá siad comhdhéanta de na heilimintí seo a leanas:

meaisíní agus earraí caipitiúla eile,

trealamh iompair,

foirgnimh feirme (neamh‑chónaitheacha),

eile (foirgnimh agus déanmhais eile, bogearraí ríomhaireachta, etc.).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

2.163.Comhfhreagraíonn OFCS dfháil na sócmhainní nua sin (sócmhainní nua a tháirgtear nó a allmhairítear le linn na tréimhse cuntasaíochta, nó sócmhainní atá ann cheana) lúide aistrithe chuig aonaid eile (den tionscal talmhaíochta nó de thionscail eile). Ba cheart a thabhairt chun cuimhne más rud é go mbaineann an t‑idirbheart sin le dhá aonad den tionscal talmhaíochta le linn na tréimhse cuntasaíochta céanna, go gcealaíonn gach ceann den dá shreabhadh sin an sreabhadh eile, agus nach dtaifeadtar ach na costais atá bainteach le haistriú na húinéireachta faoi cheannteideal na sócmhainne seasta comhfhreagraí.

2.164.I gcás earraí tógála nó earraí caipitiúla (le haghaidh a ndíolta) a ndéantar a dtáirgeadh a leathadh i gcaitheamh roinnt tréimhsí, tá luach na hoibre a dhéantar i dtréimhse a dtáirgthe le taifeadadh san athrú ar stoic an táirgeora i bhfoirm oibre idir lámha. Ní thaifeadtar na hearraí sin (cibé acu earraí inaistrithe nó do‑aistrithe) in OFCS go dtí go mbeidh an úinéireacht aistrithe. Os a choinne sin, i gcás inar táirgeadh féinchuntais é an táirgeadh sin, taifeadtar an obair sin mar OFCS le linn na tréimhse táirgthe iomláine ( féach pointe  2.025).

2.165.Sócmhainní a n‑athraítear a n‑úsáid eacnamaíoch gan aon athrú ar an úinéireacht a bheith tarlaithe ( mar shampla i gcás ina n‑úsáidtear foirgneamh feirme chun críoch seachas chun críoch gníomhaíochta táirgthe talmhaíochta), ní thaifeadtar na sócmhainní sin mar dhiúscairtí sócmhainní. Taifeadtar na hathruithe sin sa chuntas athruithe eile ar mhéid na sócmhainní.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(zz)

(m)Feabhsuithe móra ar thalamh

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(aaa)

2.166.Feabhsuithe móra ar shócmhainní inláimhsithe neamhtháirgthe, comhfhreagraíonn siad don fheabhsú talún go príomha (cáilíocht talún níos fearr agus táirgeacht níos airde tríd an uisciú, draenáil agus bearta tuilte a chosc, etc.) agus ba cheart iad a láimhseáil mar aon OFCS eile (CCE 2010, pointe 3.128).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(bbb)

2.167.Comhfhreagraíonn na hinfheistíochtaí sin do chaiteachas ar an bhfeabhsú talún agus ar ullmhú na talún le haghaidh úsáidí táirgiúla eile, cé is moite de chaiteachas ar ghnáthchothabháil ( féach pointí  2.127  , 2.128 agus  2.129). Ní mór an caiteachas sin a bheith déanta ag sealbhóirí nó ní mór gurb é is toradh don chaiteachas sin gur leo féin mar mhaoin atá ann. 🡺1 Baineann sé sin, go háirithe, le caiteachas ar oibreacha bonneagair amhail glanadh, leibhéalú, draenáil, uisciú agus comhdhlúthú  féach  CCE 2010, pointe 3.128 agus CCN 2008, pointí 10.79 go 10.81). 🡸

(n)Costais atá bainteach le haistriú na húinéireachta ar shócmhainní neamhtháirgthe

2.168.Costais atá bainteach le haistriú na húinéireachta ar shócmhainní neamhtháirgthe, tagraítear leis sin déadálacha talún agus sócmhainní doláimhsithe neamhtháirgthe (amhail sócmhainní paitinnithe, cearta táirgthe, etc.) arna ndéanamh ag aonaid talmhaíochta. Ní thaifeadtar na héadálacha sin mar OFCS (ach faoi theideal eile den chuntas caipitil, toisc gur sócmhainní neamhtháirgthe atá iontu) agus ní thaifeadtar mar OFCS ach na costais atá bainteach le haistriú na húinéireachta (i gcás an fhaighteora, ach ní i gcás an díoltóra).

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(ccc) (oiriúnaithe)

(o)Taighde agus forbairt

2.169.Is éard atá i dtaighde agus forbairt luach an chaiteachais ar obair chruthaitheach a dhéantar ar bhonn córasach chun stoc an eolais a mhéadú, agus úsáid an stoic eolais sin chun feidhmeanna nua a cheapadh. Murar féidir meastachán a dhéanamh ar an luach go réasúnach, is éard a dhéantar de réir an ghnáis, é a luacháil mar shuim na gcostas, lena n‑áirítear na costais sin a bhaineann le taighde agus forbairt neamhrathúil ( féach  CCE 2010 Iarscríbhinn 7.1).

🡻 138/2004

(p)Earraí agus seirbhísí atá eisiata ó OFCS

2.170.Ní áirítear na hearraí agus seirbhísí seo a leanas in OFCS:

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(ddd) (oiriúnaithe)

(a)uirlisí beaga, éadaí oibre, páirteanna spártha agus trealamh, fiú más faide ná 1 bhliain amháin gnáth‑shaolré ionchais na n‑earraí sin; toisc go ndéantar iad a athnuachan go tráthrialta, agus chun cleachtas cuntasaíochta gnó a chomhlíonadh, meastar gur tomhaltas idirmheánach é ceannacháin na n‑earraí sin ( féach pointí  2.105 agus 2.106);

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

(b)cothabháil agus deisiúcháin leanúnacha ( féach pointí  2.127  , 2.128 agus  2.129) aicmítear mar thomhaltas idirmheánach iad;

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(ddd) (oiriúnaithe)

(c)seirbhísí fógraíochta taighde margaidh, etc. Áirítear ceannacháin na seirbhísí sin sa tomhaltas idirmheánach ( féach pointe  2.109(d));

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.1(a)

🡺2 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(eee)

🡺3 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(fff)

(d)earraí marthanacha a fhaigheann teaghlaigh chun a riachtanais teaghlaigh a shásamh; toisc nach n‑úsáidtear na hearraí sin chun críoch táirgthe, láimhseáiltear mar thomhaltas críochnaitheach iad;

(e)ainmhithe a fhónann mar stoic: ainmhithe le haghaidh a ramhraithe a thógtar le haghaidh a maraithe, lena n‑áirítear éanlaith chlóis;

(f)gnóthachain agus caillteanais sealúchais ar shócmhainní airgeadais (atá le taifeadadh sa chuntas athluachála,  féach pointe  2.135);

(g)caillteanais sócmhainní seasta i ngeall ar theagmhais thubaisteacha (galair eallaigh, etc.) nó force majeure (tuilte, gálaí, etc.) ( féach pointe  2.045 agus 2.136).

2.171.Luach na n‑earraí caipitiúla seasta a úsáidtear go comhuaineach chun críoch gairmiúil agus príobháideach (mótarfheithicil, mar shampla), taifeadtar é i gcomhréir leis an dá chineál úsáid fhéideartha atá acu; mar OFCS go páirteach, agus mar thomhaltas críochnaitheach go páirteach.

2.Athrú ar stoic

(a)Sainmhíniú ar stoic agus ar athrú ar stoic

2.172.Cuimsítear le stoic na hearraí uile nach cuid de chaipiteal seasta iad agus atá i seilbh aonad táirgeora ag tráth ar leith. Déantar idirdhealú idir dhá chineál stoc: stoic ionchuir agus stoic aschuir:

Tá stoic ionchuir comhdhéanta damhábhair agus de sholáthairtí a úsáidfear tráth níos déanaí mar ionchuir idirmheánacha i bpróisis táirgthe. Go hiondúil, ríomhtar tomhaltas na dtáirgí sin trí cheannacháin a fhritháireamh (nó foirmeacha éadálacha eile) in éineacht le hathrú ar stoic i rith na tréimhse tagartha ( féach pointe  2.021).

Is éard atá i stoic aschuir stoic na dtáirgí críochnaithe agus obair an táirgeora atá idir lámha. Cuirtear san áireamh iad nuair a ríomhtar an t‑aschur. Cuimsítear le stoic aschuir:

táirge críochnaithe ón tionscal: earraí atá iontu sin nach bhfuil aon rún ag táirgeoirí tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu sula seolfar iad chun críoch eacnamaíoch eile. I gcás na talmhaíochta, áirítear orthu táirgí barr, ola olóige, úrfhíon fíonchaor, táirgí beostoic agus earraí neamhthalmhaíochta a tháirgtear i ngníomhaíochtaí tánaisteacha doscartha,

obair idir lámha: sin é aschur nach bhfuil iomlán críochnaithe. I gcás CET, áirítear léi fíon, beostoc le haghaidh a mharaithe, na sicíní agus an éanlaith chlóis uile eile (lena n‑áirítear éanlaith chlóis síolrúcháin) agus na hainmhithe uile eile seachas iad sin a mheastar mar chaipiteal seasta. Ba cheart a thabhairt ar aird nach meastar barra fáis ( féach pointe  2.012) mar stoic dobair idir lámha sna cuntais eacnamaíocha bhliantúla.

2.173.Gan barra fáis a thaifeadadh mar obair idir lámha, tá bonn cirt leis sin i gcás na talmhaíochta Eorpaí i bhfianaise gur giorra ná tréimhse chuntasaíochta an timthriall táirgeachta atá ag tromlach an‑mhór de bharra. Tá barúil ann freisin gur féidir, ach na barra a thaifeadadh tráth a mbuainte, comhsheasmhacht leordhóthanach le costais táirgthe a choinneáil ar bun san anailís ar an ioncam ón ngníomhaíocht ( féach pointe  2.012). Nuair a dhéantar na hoibríochtaí buainte, ullmhaithe ithreach agus síolaithe i dtréimhsí cuntasaíochta difriúla, léirítear i gcuntais na tréimhse inar tharla na costais caillteanas cuntasaíochta agus léiríonn cuntais na tréimhse buainte brabús cuntasaíochta. Dfhéadfaí glacadh leis an modh cuntasaíochta sin, áfach, toisc más amhlaidh go mbíonn na dálaí mar an gcéanna ó bhliain go chéile, go ndéantar gar‑iarmhéid a leagan síos sa mhéid go bhfritháirítear caiteachas sa tréimhse chéanna leis an mbrabús ó dhíol an bhairr roimhe. Is é an t‑aon chás amháin nach dtarlaíonn an cúiteamh sin an cás ina mbeidh athrú substaintiúil ar an táirgeadh nó i gcásanna fíor‑dhrochbhuainte. Sna himthosca sin, dfhéadfaí a léiriú go dtaifeadtar aschur mar obair idir lámha (féach freisin 2.013).

2.174.Ba cheart a thabhairt ar aird nach n‑iontráiltear seirbhísí mar stoic ach amháin i gcás na seirbhísí sin a áirítear i luach ceannaigh na n‑earraí a chuirtear sa stoc.

2.175.De réir 🡺1 CCE 2010 🡸, déantar athruithe ar stoic a thomhas trí luach na n‑aistarraingtí stoic agus aon chaillteanas athfhillteach earraí i stoc a asbhaint de luach na n‑iontrálacha stoic.

(b)Am taifeadta agus luacháil athruithe ar stoic

2.176.Ba cheart iontrálacha stoic a luacháil ar dháta a n‑iontrála i stoc agus ba cheart aistarraingtí a luacháil ag na praghsanna atá i réim nuair a aistarraingítear as stoic iad. Ba cheart am taifeadta (agus luachála) na n‑iontrálacha stoic agus na n‑aistarraingtí a bheith i gcomhréir le ham taifeadta (agus luachála) na n‑idirbheart eile i dtáirgí (aschur agus tomhaltas idirmheánach).

2.177.Is é an bunphraghas an praghas atá le húsáid chun athruithe ar stoic a luacháil (iontrálacha, aistarraingtí nó caillteanais athfhillteacha a bhaineann le táirgí críochnaithe nó le hobair idir lámha). A mhéid a bhaineann le hiontrálacha dobair idir lámha, ba cheart meastachán a dhéanamh ar an bpraghas a úsáidtear tríd an gcodán den chostas táirgthe iomlán a tabhaíodh ag deireadh na tréimhse a chur i bhfeidhm maidir le bunphraghas táirge chríochnaithe chomhchosúil. 🡺2 De rogha air sin, is féidir meastachán a dhéanamh ar luach na n‑iontrálacha dobair idir lámha de réir luach an chostais táirgthe maille le corrlach brabúis i dtaca leis an mbarrachas oibriúcháin lena bhfuil coinne nó le hioncam measctha (measta) ( féach  CCE 2010, pointí 3.47 agus 3.48). 🡸

2.178.Is é modh an stoc‑chuntais shíoraí a mholtar in 🡺1 CCE 2010 🡸 chun iontrálacha stoic agus aistarraingtí a thaifeadadh. Mar sin féin, ní infheidhme an réiteach sin i gcoitinne i bhfianaise na deacrachta a bhaineann le faisnéis a fháil ar iontrálacha agus ar aistarraingtí. Mar iarracht chun bheith i gcomhréir le modh an stoc‑chuntais shíoraí, in 🡺1 CCE 2010 🡸 moltar modh cainníochtúil arb éard atá ann athruithe ar stoic a thomhas mar dhifríocht na méide idir na stoic agus tús agus ag deireadh na tréimhse cuntasaíochta, arna luacháil ag na meánphraghsanna atá i bhfeidhm le linn na tréimhse lena mbaineann. Mar sin féin, ní infheidhme an modh sin ach amháin má bhíonn praghsanna cobhsaí i gcaitheamh na tréimhse cuntasaíochta faoi bhreathnú nó má théann na praghsanna agus na cainníochtaí atá stocáilte i méid nó i laghad ar ráta seasmhach le linn na tréimhse cuntasaíochta.

2.179.Ní féidir an modh cainníochtúil sin a chur i bhfeidhm maidir le táirgeadh na mbarr mar gheall ar luaineacht na bpraghsanna agus na gcainníochtaí de thoradh an phróisis táirgthe agus an struchtúir sholáthair agus éilimh. 🡺3 Aithnítear an fhadhb sin, a bhaineann leis an talmhaíocht go sonrach, in CCE 2010 ( féach pointe  3.153 (c)). 🡸

2.180.Ba cheart a mheas freisin maidir le hathrú ar stoic, mar a shainmhínítear i  bpointe  2.1.75, nach bhfuil ann ach aon cheann amháin de chomhpháirteanna an athraithe ar luach na stoc idir tús agus deireadh na tréimhse cuntasaíochta. Go deimhin tá bunchothromóid chuntasaíochta ann lena nasctar na figiúirí tosaigh agus deiridh i gcás sócmhainní stoic:

Luach na stoc deiridh ag na praghsanna is infheidhme ag deireadh na tréimhse cuntasaíochta

- Luach na stoc tosaigh ag na praghsanna is infheidhme ag tús na tréimhse cuntasaíochta =

Athrú ar stoic (iontrálacha ‑ aistarraingtí ‑ caillteanais athfhillteacha)

+ gnóthachain ainmniúla sealúchais (glan ó chaillteanais)

+ athruithe eile ar an méid

2.181.Na gnóthachain agus caillteanais ainmniúla sealúchais sin agus na hathruithe eile ar mhéid 29 , níor cheart iad a áireamh i dtomhas an aschuir, ach i gcuntas na n‑athruithe eile ar shócmhainní (sa chuntas athluachála agus sna hathruithe eile i gcuntas mhéid na sócmhainní, faoi seach).

2.182.An phríomhdheacracht a bhaineann leis an athrú ar stoic a luacháil in CET, is le táirgí barr a bhaineann sí. Is táirgí séasúracha iad na táirgí sin le fírinne, nach ndéantar iad a iontráil i stoic ach tar éis na buainte agus a dhéantar a n‑aistarraingtí a leathadh i gcaitheamh roinnt míonna tar éis na buainte, agus is minic a leanann sé sin ar aghaidh isteach sa chéad bhliain chuntasaíochta eile. Dfhéadfadh a bpraghas a bheith faoi réir luaineacht shubstaintiúil ó thréimhse go chéile, nó fiú laistigh den tréimhse chéanna.

(c)Athrú ar stoic bheostoic agus ar tháirgí ainmhithe

2.183.I gcás ina mbeidh athruithe ar stoic bheostoic á luacháil, níl sé róthábhachtach cé acu an laistigh den tír a tógadh na hainmhithe ó thráth a mbreithe nó a allmhairíodh go hóg iad agus a tógadh agus a ramhraíodh sa tír ansin iad. Nuair a ghlacann an sealúchas seilbh orthu, arb é sin an gabháltas a leanann dá dtógáil ar an gcríoch náisiúnta, tá na hainmhithe náisiúnaithe agus comhshamhlaítear sa táirgeacht intíre iad dá dheasca sin.

2.184.Chun meastóireacht a dhéanamh ar athruithe sa tréad ag deireadh na tréimhse tagartha, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir tréad an stoic agus tréad na sócmhainní seasta ( féach pointí  2.140 agus 2.203). An luach ag bunphraghsanna don chéad chatagóir ainmhí, ba cheart a mheas gurb é sin suim na gcostas táirgthe i gcaitheamh shaol an ainmhí mheánaigh sna haicmí beostoic difriúla chomh fada leis an mbliain tagartha agus an bhliain sin san áireamh, móide corrlach brabúis don bharrachas oibriúcháin measta nó meastachán ar ioncam measta ( féach pointe  2.177). Má allmhairíodh ainmhí ar dtús roimh a thréimhse sa chríoch náisiúnta, is féidir a mheas gurb é praghas an cheannaitheora tráth an allmhairithe suim na gcostas táirgthe chomh fada leis an dáta sin.

2.185.Mar gheall ar na hathruithe ar phraghsanna na n‑ainmhithe a bheith tráthrialta i gcoitinne, tá sé indéanta meastóireacht a dhéanamh ar an athrú ar stoic bheostoic le modh neastacháin simplí lena bhfágtar gnóthachain ainmniúla sealúchais as an áireamh (glan ó chaillteanais). I gcás gach catagóir ainmhí, déantar an t‑athrú ar an líon ainmhithe idir deireadh agus tús na bliana cuntasaíochta a iolrú faoin meánphraghas a fheictear i gcaitheamh na tréimhse tagartha.

(d)Athruithe ar stoic tháirgí séasúracha

2.186.Is éard is táirgí séasúracha ann ( féach pointí  2.179 agus 2.182) táirgí nach bhfuil an modh cainníochtúil ina neastachán maith ar an stoc‑chuntas síoraí dóibh, i bhfianaise an athraithe neamh‑thráthrialta ar phraghsanna agus ar chainníochtaí. Dá gcuirfí an modh cainníochtúil i bhfeidhm, dfhéadfaí gnóthachain nó caillteanais ainmniúla sealúchais a áireamh sa tomhas a dhéantar ar an athrú ar stoic. Aon réiteach amháin a dfhéadfadh a bheith ann is ea an t‑athrú ar stoic a thomhas i gcaitheamh tréimhsí a bheadh ní ba ghiorra ná an tréimhse thagartha (mar shampla, gach ráithe), arbh fhothréimhsí a bheadh iontu lena mbainfeadh treochtaí praghais agus cainníochta ní ba chothroime. Dá ainneoin sin, is minic is deacair an cineál modha sin a chur i bhfeidhm mar gheall ar easpa bunsonraí.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(ggg)

2.187.Modh eile chun meastóireacht a dhéanamh ar stoic tháirgí séasúracha is ea an treocht i bpraghsanna na n‑earraí stocáilte a scrúdú. Dfhéadfadh athrú teacht ar earra le linn na stórála ar thrí chúis ar a laghad (2008 CCN, pointe 6.143):

tá an próiseas táirgthe sách fada gur cheart tosca lascainithe a chur i bhfeidhm ar obair a dhéantar tamall sách fada roimh sheachadadh an earra,

dfhéadfadh feabhas nó meath teacht ar thréithe fisiciúla an earra le himeacht ama,

dfhéadfadh tosca séasúracha a bheith ann a théann i bhfeidhm ar sholáthar an earra nó ar an éileamh air, rud a fhágann go dtagann athruithe tráthrialta agus intuartha ar a phraghas i gcaitheamh na bliana, cé go mbfhéidir nach dtiocfadh athruithe eile ar a thréithe fisiciúla.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5(hhh)

2.188.Leis an difríocht idir an praghas ar tháirgí a chuirtear sa stoc agus an praghas atá orthu agus iad á n‑aistarraingt, ba cheart an luach aschuir breise a tháirgtear le linn na stórála a léiriú (2008 CCN, pointe 6.143), ós rud é gur difriúil, i dtéarmaí eacnamaíocha, táirgí a aistarraingítear as stóráil roinnt míonna tar éis na buainte leis na táirgí sin a stóráladh. Níor cheart an cineál méadaithe sin ar luach na dtáirgí a chomhaireamh mar ghnóthachan ainmniúil sealúchais.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.1(a)

2.189.Ar bhonn chomhpháirteanna difriúla an athraithe ar luach na stoc agus na dtosca lena gcinntear athruithe ar phraghsanna na dtáirgí a choimeádtar i stoc, agus i bhfianaise na deacrachta chun taifeadadh na ngnóthachan nó na gcaillteanas sealúchais a eisiamh ó luacháil an aschuir shéasúraigh go hiomlán, moltar dhá mhodh. Tá na modhanna difriúil maidir leis an mbealach a léirmhínítear leo an ghníomhaíocht stórála agus maidir leis an am chun an t‑athrú ar luach na n‑earraí, de thoradh a dtréimhse i stoic, a thaifeadadh. Is é an modh tagartha an chéad mhodh, atá le cur i bhfeidhm i luacháil an aschuir agus na n‑athruithe ar stoic táirgeachta talmhaíochta shéasúraigh. Dfhéadfaí an dara modh a úsáid le haghaidh cásanna níos sonraí (táirgí ar deacair a bpraghsanna a thuar go príomha).

2.190.Is éard atá i gceist leis an modh tagartha an t‑athrú ar stoic a chinneadh, mar an difríocht idir luach an aschuir don bhliain agus luach na ndíolachán (agus na n‑úsáidí eile) don bhliain chéanna 30 . Tá sé bunaithe ar an toimhde nach bhfuil aon stoc fágtha ag deireadh na bliana margaíochta (deireadh chéad leath na bliana féilire dá héis). Baineann sé le meastóireacht dhíreach a dhéanamh ar an aschur iomlán a bhaintear le linn bhliain n agus an meánphraghas ualaithe don bhliain mhargaíochta á úsáid (n/n + 1) agus asbhaint de sin luach na ndíolachán uile (agus na n‑úsáidí eile) a rinneadh le linn bhliain féilire n a chomhfhreagraíonn don bhliain bhuainte 31 ag na praghsanna is infheidhme tráth an díolacháin (nó na n‑úsáidí eile).

2.191.Leis an modh tagartha, láimhseáiltear an ghníomhaíocht stórála mar thoisc chun praghsanna na n‑earraí a ardú le linn na stórála. Dá réir sin, déantar idirdhealú leis an modh sin idir an ghníomhaíocht stórála agus a héifeachtaí ag praghsanna táirgí. Maidir leis an méadú ar luach de thoradh na tréimhse stórála, tá coinne leis ós rud é go leithdháiltear é daschur bhliain n ( is é sin le rá bliain na buainte, cé go ndéantar na díolacháin a leathadh i gcaitheamh 2 bhliain féilire), i bhfianaise go mbíonn sé indéanta coinne a bheith le treochtaí praghsanna gan an iomarca éiginnteachta toisc gur de thoradh athruithe réasúnta tráthrialta agus intuartha iad ( féach pointe  2.187).

2.192.Leis an modh sin a chur i bhfeidhm, fágtar gurb indéanta áireamh na ngnóthachan nó na gcaillteanas sealúchais i dtomhas an aschuir a íoslaghdú. Áirithítear comhsheasmhacht leis idir ríomhanna an aschuir de réir luacha agus cainníochta agus seachnaítear leis an t‑aschur a bheith á thaifeadadh ar bhonn obair idir lámha (rud dá mbeadh sonraí riachtanach ar leibhéil na stoc ag tús agus ag deireadh na bliana féilire, maille le praghsanna comhfhreagracha). Éascaítear mionsaothrú na gcuntas i bpraghsanna tairiseacha leis an modh freisin.

2.193.Moltar an dara modh i gcás sonrach na dtáirgí a mbíonn sé deacair a bpraghsanna a thuar (amhail torthaí, glasraí, prátaí agus ola olóige) agus a sroicheann stóráil na dtáirgí sin ar ghabháltais talmhaíochta leibhéil shuntasacha ar bhonn eacnamaíoch. Níl an modh sin chomh docht céanna ná an modh tagartha i dtaca le gnóthachain agus caillteanais sealúchais a eisiamh ón tomhas ar aschur; meastar leis an modh go bhfuil an ghníomhaíocht stórála ina leathnú ar an bpróiseas táirgthe ó thaobh ama de. Cuirtear moill ar áireamh an mhéadaithe ar phraghsanna earraí stóráilte agus leithdháiltear é don bhliain inar tharla an stóráil.

2.194.Leis an dara modh sin, ríomhtar an t‑aschur séasúrach go díreach, mar shuim na ndíolachán, úsáidí eile agus athruithe ar stoic. Déantar meastachán ar athruithe stoic tríd na stoic a luacháil ag deireadh agus ag tús na tréimhse cuntasaíochta ar bhonn a bpraghsanna reatha.

2.195.Ba cheart a thabhairt ar aird go bhfuil an dá mhodh sin difriúil sa bhealach lena dtomhaistear an t‑athrú ar stoic ach gurb ionann iad sa bhealach lena luacháiltear díolacháin (a luacháiltear ag na bunphraghsanna is infheidhme ar aistarraingt as stoic dóibh).

(e)Athruithe ar stoic fíona (ó fhíonchaora a tháirgeann an sealúchas céanna)

2.196.Is éard is fíon ann táirge a stóráiltear ar feadh roinnt blianta lena aosú agus le dul in aibíocht i gcoitinne. Le linn na tréimhse stórála sin, athraíonn an cháilíocht. An ghníomhaíocht stórála sin ag an sealúchas, is féidir í a mheas mar leathnú ar phróiseas táirgthe an fhíona ós rud é gur difriúil é an fíon a thagann amach as an stóráil leis an bhfíon a chuirtear isteach lena stóráil. Dá bhrí sin, ba cheart fíon stóráilte a láimhseáil mar obair idir lámha agus an méadú ar an luach a chinntear ansin, ba cheart é a mheas mar mhéadú ar an aschur atá le tomhas go leanúnach le himeacht ama.

2.197.Dfhéadfadh an t‑athrú ar luach an fhíona teacht de thoradh na dtrí thoisc seo a leanas: an t‑athrú ar a cháilíocht, athruithe ar struchtúr an tsoláthair agus an éilimh ( is é sin le rá praghsanna coibhneasta idir fíonta óga agus fíonta aosaithe), agus méadú ginearálta ar phraghsanna. Cé gur cheart an t‑athrú ar luach an fhíona i ngeall ar an chéad dhá thoisc a áireamh i dtomhas an aschuir, níor cheart aon mhéadú ar phraghas an fhíona i ngeall ar mhéadú ginearálta ar phraghsanna fíona a léiriú i luach an aschuir ach ba cheart an méadú sin a láimhseáil mar ghnóthachan sealúchais (a thaifeadtar sa chuntas athluachála).

2.198.An méadú ar luach an fhíona a thaifeadadh i luach an aschuir, ba cheart é sin a dhéanamh i gcaitheamh an phróisis aosaithe ar fad. Mar sin féin, dfhágfadh sé sin go mbeidh méid mór sonraí ar fáil ar struchtúr na stoc fíona bunaithe ar bhliain a dtáirgthe, ar a gcáilíocht agus ar a limistéar táirgthe, agus ar fhorbairt a bpraghsanna faoi seach chomh maith. Toisc nach mbíonn na sonraí sin ar fáil sna Ballstáit i gcoitinne, forbraíodh dhá mhodh phraiticiúla lena bhfágtar go mbítear in ann neas‑ríomh a dhéanamh ar an méadú ar luach an fhíona i ngeall ar an aosú le aghaidh CET. Cé nach bhfuil an dá mhodh sin chomh docht céanna ó thaobh an choincheapa de, is cosúil dá ainneoin sin go bhfuil siad inghlactha agus cúrsaí mar atá faoi láthair maidir le hinfhaighteacht na sonraí. Braithfidh an rogha a dhéanfaidh gach Ballstát ar struchtúr a thionscail fhíonsaothrúcháin agus ar a chóras staidrimh.

2.199.Coinne leis an méadú ar luach ón aosú fíona: is éard atá i gceist leis an gcéad mhodh iontrálacha stoic na bhfíonta atá le haosú ag an táirgeoir a luacháil, agus úsáid á baint as praghsanna díola na bhfíonta atá aosaithe cheana féin, mar a fheictear sa dara leath den bhliain. Is in aschur na bliana buainte a bhíonn coinne leis an méadú ar an luach. Níl sa mhéadú sin ach méadú páirteach ós rud é nach luacháiltear na fíonta sin ag a bhfíorphraghsanna díola ach ag praghsanna na bhfíonta eile den chineál céanna, ach atá níos sine. An difríocht idir a bhfíorphraghas díola agus an praghas a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar iontrálacha stoic, ní chomhairtear i luach an aschuir í, ós rud é go léirmhínítear mar ghnóthachan sealúchais í ( ní mór a thabhairt faoi deara go  n-áirítear éifeachtaí an bhoilscithe leis an difríocht sin). Ós rud nach ndéantar aon idirdhealú leis an modh ag brath ar bhliain bhuainte an fhíona stocáilte nó dhíolta, déantar toimhde leis go bhfuil margadh an fhíona ar ardchaighdeán cothrom i dtéarmaí aois an fhíona.

2.200.Moill ar aosú an fhíona a chur san áireamh: is éard atá i gceist leis an dara modh iontrálacha stoic a luacháil ag praghas na bhfíonta neamhaosaithe tráth na buainte agus gan mír bhreise ar obair an fhíona atá idir lámha a thaifeadadh ( is é sin le rá an méadú ar an bpraghas i ngeall ar an aosú, gan beann ar éifeacht an athraithe ghinearálta ar phraghas an fhíona) go dtí go ndíolfar an fíon aosaithe. Ós rud é go luacháiltear díolacháin ag an meánphraghas le haghaidh na bliana, déantar aon mhéadú ar an luach idir an bhliain bhuainte agus an bhliain díola a thaifeadadh in aschur na bliana díola (agus dá bhrí sin ní dháiltear le himeacht ama é). Bíonn níos mó sonraí riachtanach le haghaidh an mhodha sin ar struchtúr na stoc fíona toisc go ndéantar toimhde leis gurb eol dáileadh na stoc (agus na n‑aistarraingtí stoic) le haghaidh gach bliana buainte. Dá ainneoin sin, is féidir tuairim níos cruinne faoi dhíolacháin agus faoi stoic na bhfíonta de réir blianta difriúla a sholáthar leis an modh sin.

2.201.Ní féidir le ceachtar den dá modh phraiticiúla sin an méadú ar luach an fhíona de bharr an aosaithe a dháileadh le himeacht ama: déantar an méadú sin a thaifeadadh roimh ré le modh amháin agus tar éis moille leis an modh eile. Is féidir an míbhuntáiste sin a mheas mar mhíbhuntáiste réasúnta mionchúiseach sa dá chás má thoimhdítear go bhfuil cobhsaíocht áirithe ann le himeacht ama i dtáirgeadh an fhíona aosaithe. Is cosúil gurbh fhearr an chéad mhodh i gcás inar gearr an mheántréimhse aosaithe.

3.Beostoc a thaifeadadh mar OFCSathruithe ar stoic

2.202.Mar a  thagraítear  i  bpointí  2.140 agus 2.151, déantar athruithe ar an líon beostoic (chun críoch staidrimh thalmhaíochta) a iontráil mar OFCS nó mar athruithe ar stoic de réir an chineáil ainmhí.

(a)Sainmhíniú

2.203.Baineann OFCS beostoic le hainmhithe,  is é sin le rá sócmhainní seasta, a úsáidtear arís agus arís eile agus go leanúnach i bpróisis táirgthe. Tógtar iad ar mhaithe leis an aschur a sholáthraíonn siad go tráthrialta agus áirítear orthu, mar shampla, beostoc síolrúcháin, beostoc déiríochta, ainmhithe tarraingthe, caoirigh agus ainmhithe eile a thógtar le haghaidh a n‑olla. I gcodarsnacht leis sin, is éard atá in ainmhithe ar stoic iad ainmhithe a tháirgtear le linn na tréimhse atá ann faoi láthair nó a táirgeadh le linn tréimhse roimhe agus a choimeádtar lena ndíol nó lena n‑úsáid chun críoch táirgthe eile tráth níos déanaí. Áirítear orthu sin ainmhithe a thógtar le haghaidh a bhfeola amhail ainmhithe le haghaidh a maraithe agus éanlaith chlóis.

(b)Allmhairí ainmhithe a thaifeadadh

1.Ainmhithe atá in‑sainaitheanta mar shócmhainní seasta:

2.204.Más rud é, tráth a n‑allmhairithe, go rabhthas in ann na hainmhithe a shainaithint go soiléir mar shócmhainn sheasta, dhéanfaí iad a thaifeadadh go heisiach mar éadálacha in OFCS ( féach pointí  2.149 agus 2.150). Ar ndóigh, níl ach ainmhithe a cheannaíonn an tionscal talmhaíochta le taifeadadh mar OFCS talmhaíochta, agus dá bhrí sin, mar shampla, níl capaill diallaite le haghaidh úsáid phríobháideach nó ainmhithe a fhaightear chun críoch eile le taifeadadh amhlaidh.

2.Ainmhithe atá in‑sainaitheanta mar stoic:

2.205.Igcodarsnacht leis sin, más rud é, tráth a n‑allmhairithe, go rabhthas in ann na hainmhithe a shainaithint go soiléir mar stoic ( mar shampla ainmhithe le haghaidh a maraithe) mheasfaí a n‑allmhairiú mar iontráil i stoic dobair idir lámha agus dá bhrí sin, asbhainfí de dhíolacháin iad (díolacháin dhiúltacha) i ríomh an aschuir ( féach pointe  2.069).

3.Láimhseáil atá le glacadh:

2.206.Is minic is deacair, ar bhonn na bhfoinsí sonraí a bhíonn ar fáil, idirdhealuithe soiléire a tharraingt idir an dá chatagóir dhifriúla ainmhithe sin. Is e sin an fáth gur cheart luach na n‑ainmhithe allmhairithe uile (ainmhithe a aicmítear mar shócmhainní seasta nó mar stoic, ach cé is moite de na hainmhithe allmhairithe sin atá lena marú láithreach) a asbhaint de dhíolacháin i ríomh an aschuir. Más rud é, tráth ar bith, go n‑aistrítear na hainmhithe sin chuig tréad an bheostoic tháirgiúil ( is é sin le rá sócmhainní seasta), taifeadfar iad mar earraí caipitiúla seasta arna dtáirgeadh ar bhonn féinchuntais le linn na tréimhse tagartha nuair a tharlóidh an t‑aistriú (mar a dhéantar i gcás ainmhithe a tháirgtear agus a thógtar sa tír agus a aistrítear ansin chuig tréada beostoic tháirgiúil ( féach pointí  2.069 agus 2.070).

2.207.Ba cheart a thabhairt ar aird go ndéantar ainmhithe a allmhairítear lena marú láithreach a iontráil mar allmhairí na seamlas náisiúnta agus nach dtaifeadtar iad in CET ós rud é go bhfuil na seamlais sin srianta sa mhéid nach féidir leo tuairisc a thabhairt ach amháin ar aschur na talmhaíochta náisiúnta.

(c)Trádáil an bheostoic idir aonaid talmhaíochta a thaifeadadh

2.208.Ainmhithe a aicmítear mar shócmhainní seasta: taifeadtar trádáil sna hainmhithe sin in OFCS mar éadálacha agus mar dhiúscairtí sócmhainní seasta (seirbhísí atá bainteach le haistriú na húinéireachta, taifeadtar i bpraghas an cheannaitheora iad). I gcás ina dtarlaíonn díolacháin agus ceannacháin sa tréimhse chuntasaíochta chéanna, fritháiríonn na sreafaí sin a chéile agus ní thaifeadtar ach seirbhísí atá bainteach le haistriú na húinéireachta mar OFCS ( féach pointe  2.068).

2.209.Ainmhithe a aicmítear mar stoic: ní thaifeadtar na díolacháin agus na ceannacháin sin ach amháin má tharlaíonn siad in dhá thréimhse chuntasaíochta dhifriúla. Seirbhísí atá bainteach leis an trádáil sin, agus a áirítear i bpraghas an cheannaitheora, ba cheart iad a asbhaint diomlán an aschuir i gcás ina dtarlaíonn an trádáil sa tréimhse chuntasaíochta chéanna ( féach pointe  2.067).

2.210.Mar gheall ar láimhseáil speisialta na trádála beostoic idir aonaid talmhaíochta agus allmhairí, níl aon tomhaltas idirmheánach ann i gcás Beostoc agus táirgí ainmhithe.

(d)Ainmhithe neamhthalmhaíochta

2.211.Maidir le capaill rása, capaill diallaite, madraí, cait, éin cháis, ainmhithe zú agus sorcais agus tairbh le haghaidh tarbhchomhrac a thógáil, áirítear é sin sna gníomhaíochtaí lena sainmhínítear an tionscal talmhaíochta, bíodh sé ar mhaithe le síolrú, táirgeadh feola, áineas nó imeachtaí spóirt ( féach pointe  1.75). Ní áirítear úsáid na n‑ainmhithe sin le haghaidh gníomhaíochtaí seirbhíse sa tionscal talmhaíochta, ach amháin i gcás inarb aonaid talmhaíochta a dhéanann na gníomhaíochtaí sin mar ghníomhaíochtaí tánaisteacha doscartha. Rud nach meastar mar chuid de CET is ea ainmhithe neamhthalmhaíochta á dtógáil ag aonaid nach bhfuil sa ghníomhaíocht sin dóibh ach gníomhaíocht fóillíochta agus í sin amháin ( féach pointe  1.24).

2.212.Féadfar na hainmhithe sin a dhíol:

teaghlaigh: sa chás sin, níl aon oibríocht dá éis sin i leith na nainmhithe sin ag baint le CET ar chor ar bith,

le brainsí eile: madra cosanta, ainmhí sorcais nó capall rása, mar shampla; is cuid dfhoirmiú chaipitil sheasta an bhrainse ceannacháin iad.

III.IDIRBHEARTA DÁILEACHÁIN AGUS SREAFAÍ EILE

A.SAINMHÍNIÚ

3.001.Is idirbhearta den sórt seo a leanas iad idirbhearta dáileacháin:

idirbhearta lena ndáiltear luach breise arna ghiniúint leis an táirgeadh i measc an lucht saothair, an chaipitil agus an rialtais ghinearálta,

idirbhearta a bhaineann le hathdháileadh an ioncaim agus an rachmais.

3.002.In 🡺1 CCE 2010 🡸 déantar idirdhealú idir aistrithe reatha agus aistrithe caipitil, agus is éard atá in aistrithe caipitil athdháileadh coigiltis nó rachmais seachas athdháileadh ioncaim.

3.003.I bhfianaise gur cuntais le haghaidh tionscail iad CET, ní thabharfar tuairisc ach ar idirbhearta dáileacháin áirithe sa Chaibidil seo. Is iad na hidirbhearta is tábhachtaí na hidirbhearta sin a thaifeadtar sna cuntais dáilte phríomha ioncaim, go háirithe an cuntas giniúna ioncaim agus an cuntas ioncaim fhiontraíoch ( féach  seicheamh chuntais CET,  pointí  1.38 go 1.48). I gcás an cuntais ghiniúna ioncaim, baineann na hidirbhearta dáileacháin sin le cánacha eile ar tháirgeadh, le fóirdheontais eile ar tháirgeadh agus leis an gcúiteamh dfhostaithe. I gcás an chuntais ioncaim fhiontraíoch, comhfhreagraíonn na hidirbhearta sin le cineálacha áirithe ioncaim ó mhaoin (cíosanna talún, ús agus ioncam ó mhaoin go príomha, a chuirtear i leith sealbhóirí polasaithe árachais). Taifeadtar freisin sa chuntas sin idirbhearta dáileacháin a chomhfhreagraíonn don chabhair le haghaidh infheistíochta agus aistrithe caipitil eile sa chuntas caipitil.

3.004.Ní áirítear leo idirbhearta dáileacháin áirithe a bhaineann le hioncam áirithe ó mhaoin (díbhinní agus ioncam eile go príomha, arna ndáileadh ag corparáidí), ná cánacha ar ioncam agus ar rachmas atá i bhfeidhm faoi láthair, etc. Níl sé indéanta ó thaobh na staitisticí de na hidirbhearta sin a thaifeadadh ná níl brí leis ach amháin má chuirtear grúpálacha aonad institiúideach ( is é sin le rá earnálacha agus fo‑earnálacha) san áireamh ( féach pointe  1.06).

B.RIALACHA GINEARÁLTA

1.Tréimhse thagartha

3.005.I gcás CET, is í an bhliain féilire an tréimhse thagartha.

2.Aonaid

3.006.Ba cheart na luachanna uile a lua i milliúin aonad den airgeadra náisiúnta.

3.Am taifeadta idirbheart dáileacháin

3.007.Mar a míníodh i  bpointe  2.008 in 🡺1 CCE 2010 🡸, déantar na hidirbhearta dáileacháin a thaifeadadh ar bhonn fabhruithe,  is é sin le rá ag an tráth a dhéantar luach eacnamaíoch, méid dlite nó éileamh a chruthú, a aistriú nó a chealú nó nuair nach ann dó níos mó, agus ní an tráth a dhéantar an íocaíocht iarbhír. Cuirtear an prionsabal taifeadta sin (bunaithe ar chearta agus ar oibleagáidí) i bhfeidhm maidir le gach sreabhadh, gan beann ar cibé ar sreafaí airgid iad, nó ar tharla siad idir aonaid nó laistigh daonad aonair. Mar sin féin, dfhéadfadh bonn cirt a bheith le heisceachtaí áirithe ar chúiseanna praiticiúla.

3.008.Is mar a leanas iad na hamanna a thaifeadtar na cineálacha éagsúla didirbhearta dáileacháin:

(a)Cúiteamh fostaithe

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(a) (oiriúnaithe)

3.009.    Ollphá agus olltuarastail agus ranníocaíochtaí sóisialta iarbhír (i gcás chuntas na bhfostóirí), taifeadtar iad le linn na tréimhse ina ndearnadh an obair, cé go dtaifeadtar préimheanna agus íocaíochtaí eisceachtúla eile an tráth a thagann siad chun bheith dlite ( féach  CCE 2010, pointe 4.12).

🡻 138/2004

(b)Cánacha agus fóirdheontais ar tháirgí

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(b) (oiriúnaithe)

3.010.    Taifeadtar cánacha ar tháirgeadh an tráth a tharlaíonn na gníomhaíochtaí, idirbhearta nó teagmhais eile as a n‑eascraíonn oibleagáid fhioscach ( féach  CCE 2010, 4.26). Ar an gcaoi chéanna, taifeadtar fóirdheontais ar tháirgeadh an tráth a tharlaíonn an t‑idirbheart nó teagmhas eile (táirgeadh, díol, allmhairiú) as a n‑eascraíonn an fóirdheontas ( féach  CCE 2010, pointe 4.39).

🡻 138/2004

(c)Ioncam ó mhaoin

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(c) (oiriúnaithe)

3.011.Taifeadtar ús le linn na tréimhse cuntasaíochta ina bhfuil sé dlite, gan beann ar cé acu a íoctar nó nach n‑íoctar le fírinne é ( féach  CCE 2010, 4.50 agus ina dhiaidh). Déantar é sin go leanúnach le haghaidh an mhéid chaipitil atá i gceist. Taifeadtar cíosanna le haghaidh na tréimhse ina bhfuil siad dlite freisin ( féach  CCE 2010, pointe 4.75).

🡻 138/2004

(d)Aistrithe caipitil

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(d) (oiriúnaithe)

3.012.Taifeadtar aistrithe caipitil (deontais infheistíochta nó aistrithe eile) an tráth atá íocaíocht dlite (nó, i gcás aistrithe comhchineáil, nuair a aistrítear úinéireacht na sócmhainne nó nuair a chealaítear an fiachas) ( féach  CCE 2010, pointí 4.162 agus 4.163).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

4.Barúlacha ginearálta maidir le breisluach

3.013.Is éard is breisluach ann an ítim chomhardaithe den chuntas táirgeachta. Is an difríocht idir luach an aschuir agus luach an tomhaltais idirmheánaigh (gan beann ar choincheap an aschuir a úsáidtear, ós rud é go n‑athraíonn an tomhaltas idirmheánach dá réir sin). Is príomhítim é chun táirgiúlacht geilleagair nó tionscail a thomhas. Is féidir cuntas a thabhairt i mbreisluach ar bhonn comhlán (oll‑bhreisluach) nó ar bhonn glan (breisluach glan),  is é sin le rá sula ndéantar ídiú an chaipitil sheasta a asbhaint nó dá éis sin. Is é an breisluach glan an t‑aon sócmhainn atá sa chuntas giniúna ioncaim. Ag teacht leis an modh chun aschur (bunphraghas) agus tomhaltas idirmheánach a luacháil (praghsanna na gceannaitheoirí), déantar an breisluach a thomhas ag na bunphraghsanna.

3.014.Ach cánacha eile ar tháirgeadh a asbhaint ón mbreisluach ag na bunphraghsanna, agus fóirdheontais eile a chur ar an táirgeadh, faightear an breisluach ag costas fachtóra. Is éard é an breisluach glan ag costas fachtóra ioncam na bhfachtóirí táirgthe.

C.CÚITEAMH DFHOSTAITHE

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(e) (oiriúnaithe)

( féach  CCE 2010, pointí 4.02 go 4.13)

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(f)

3.015.🡺1 Sainmhínítear an cúiteamh dfhostaithe mar an luach saothair foriomlán, in airgead tirim nó ar bhonn comhchineáil, atá le híoc ag fostóir le fostaí as obair a dhéanann an fostaí le linn na tréimhse cuntasaíochta ( féach  CCE 2010, 4.02). 🡸 Áirítear ann:

ollphá agus olltuarastail (airgead tirim  agus comhchineáil),

ranníocaíochtaí sóisialta na bhfostóirí (iarbhír agus barúlacha).

3.016.Le hollphá agus le holltuarastail in airgead tirim, cuimsítear na comhpháirteanna seo a leanas:

(a)gnáthphá agus gnáth‑thuarastail atá iníoctha go tráthrialta;

(b)rátaí feabhsaithe le haghaidh ragobair, obair oíche nó dheireadh seachtaine, obair de chineál atá iontach dian, etc.;

(c)costas maireachtála agus liúntais chóiríochta;

(d)sochair phá amhail bónais na Nollag, le haghaidh dheireadh na bliana, bónais saoire nó táirgiúlachta agus liúntais le haghaidh gráid níos airde;

(e)liúntais le haghaidh iompar chuig an obair agus uaithi 32 ;

(f)cúiteamh le haghaidh laethanta nár oibríodh iarbhír, saoirí íoctha;

(g)coimisiúin, síneadh láimhe, táillí freastail;

(h)liúntais eile nó íocaíochtaí ócáideacha atá nasctha le torthaí foriomlána cuideachta mar chuid de scéimeanna roinnte brabúis;

(i)íocaíochtaí arna ndéanamh ag fostóirí a ranníoctar le foirmiú sócmhainne ag fostaithe;

(j)íocaíochtaí aonuaire le fostaithe nuair a imíonn siad ón bhfiontar, a mhéid nach ndéantar na híocaíochtaí faoi chomhaontú comhchoiteann;

(k)liúntais tithíochta atá iníoctha in airgead tirim ag fostóirí lena bhfostaithe.

3.017.Ba cheart a chur i dtábhacht gurb éard atá sna sonraí atá le hiontráil ollphá agus olltuarastail, lena n‑áirítear cánacha ar phá agus ar thuarastail agus aon ráta níos airde de na cánacha sin agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta na bhfostaithe. I gcásanna ina n‑íocann fostóirí glanphá agus glantuarastail lena bhfostaithe, dá bhrí sin, ba cheart iad a mhéadú de réir luach na n‑ítimí sin.

3.018.Is éard a chuimsítear le hollphá agus le holltuarastail chomhchineáil earraí agus seirbhísí a chuireann fostóirí ar fáil dá bhfostaithe saor in aisce nó ag praghsanna laghdaithe lena n‑úsáid ag na fostaithe agus ag a dteaghlaigh, de réir mar is mian leo agus nuair is mian leo, chun a riachtanais a shásamh. Ní gá iad a bheith bainteach leis an bpróiseas táirgthe. Is é luach na n‑earraí agus na seirbhísí sin luach an tairbhe a bhaineann leo: luach na n‑earraí má sholáthraítear saor in aisce iad, nó an difríocht idir luach na n‑earraí sin agus na híocaíochtaí leis na fostaithe má sholáthraítear ar phraghsanna laghdaithe iad. Ar na hítimí sin, lena mbaineann tábhacht nach beag in CET, áirítear na comhpháirteanna seo a leanas:

(a)táirgí talmhaíochta a chuirtear ar fáil dfhostaithe saor in aisce nó ar phraghsanna laghdaithe, trí luach saothair 33 ;

(b)seirbhísí cóiríochta a tháirgtear ar bhonn féinchuntais agus a sholáthraítear dfhostaithe saor in aisce nó ar phraghsanna laghdaithe 34 ;

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(g) (oiriúnaithe)

(c)earraí agus seirbhísí arna gceannach ag fostóirí, ar choinníoll go gcomhlíonann na ceannacháin sin an sainmhíniú ar phá comhchineáil (  is é sin le rá . i gcás nach tomhaltas idirmheánach iad). Go sonrach, tá iompar na bhfostaithe idir a n‑áit oibre agus a n‑áit chónaithe ina chuid dá bpá comhchineáil, mura dtarlaíonn na turais le linn am an fhostóra. Áirítear leis an gcatagóir sin seirbhísí cóiríochta a cheannaítear agus naíolanna do leanaí, etc. (  féach  CCE 2010, pointe 4.05).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(h)

3.019.Ba cheart pá agus tuarastail chomhchineáil a luacháil de réir a mbunphraghais nó ag praghas an cheannaitheora (de réir cibé acu arb é an t‑aonad a tháirgeann na hítimí nó a cheannaítear lasmuigh den aonad iad).

3.020.Ar ollphá agus ar olltuarastail, i gcodarsnacht leis sin, ní áirítear caiteachas ag fostóirí  atá chun a  leasa féin agus a tabhaíodh ar mhaithe leis an bhfiontar. Is iad seo na hítimí atá i gceist, inter alia: liúntais i dtreo/aisíocaíochtaí caiteachais ar thaisteal, scaradh nó aistriú a thabhaíonn fostaithe i gcúrsa a ndualgas, speansais siamsaíochta a thabhaíonn fostaithe thar ceann an fhiontair agus caiteachais ar áiseanna a sholáthar ag an áit oibre ( mar shampla saoráidí spóirt agus áineasa). Ar an gcaoi chéanna, íocaíochtaí in airgead tirim ó fhostóirí lena bhfostaithe as uirlisí nó éadaí speisialta a cheannach (lena n‑áirítear méideanna a bhfuil sé doibleagáid chonarthach ar fhostaithe a dhíriú ar chríocha den sórt sin), ní cuid iad den ollphá ná dolltuarastail a áirítear faoin gceannteideal seo. 🡺1 Taifeadtar na hítimí uile sin i dtomhaltas idirmheánach na bhfostóirí ( féach  CCE 2010, 4.07). 🡸

3.021.Áirítear ar ranníocaíochtaí sóisialta na bhfostóirí luach na ranníocaíochtaí sóisialta a íocann fostóirí chun a áirithiú go gcumhdófar a bhfostaithe le forálacha slándála sóisialta (seachas ranníocaíochtaí sóisialta na bhfostaithe a asbhaintear ag an bhfoinse dollphá nó dolltuarastail ( féach pointe  3.017). Dfhéadfadh sé gur ranníocaíochtaí iarbhír nó ranníocaíochtaí barúlacha iad sin.

3.022.Is éard atá i ranníocaíochtaí sóisialta iarbhír na híocaíochtaí a dhéanann fostóirí, lena n‑áirítear ranníocaíochtaí deonacha, conarthacha agus reachtúla trí bhíthin árachais in aghaidh rioscaí agus cruatan sóisialta. Íoctar na ranníocaíochtaí sóisialta sin le hárachóirí (riaracháin slándála sóisialta nó árachóirí príobháideacha). Cé go n‑íoctar le hárachóirí go díreach iad, láimhseáiltear iad mar chomhpháirt de chúiteamh dfhostaithe ós rud é go meastar go bhfaigheann na fostaithe na ranníocaíochtaí agus go n‑íocann siad le fiontair árachais ansin iad.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(i) (oiriúnaithe)

3.023.    Is éard atá i ranníocaíochtaí sóisialta barúlacha na bhfostóirí contrapháirtí na sochar árachais shóisialta eile, a íocann fostóirí lena bhfostaithe nó le hiarfhostaithe agus le daoine incháilithe eile go díreach gan fiontar árachais ná ciste pinsin uathrialaitheach a bheith i gceist 35 ( féach  CCE 2010, pointe 4.10). Taifeadtar na ranníocaíochtaí sin le linn na tréimhse ina ndéantar an obair (más iad contrapháirt na sochar sóisialta éigeantach iad) nó nuair a sholáthraítear na sochair (más iad contrapháirt na sochar sóisialta deonach iad). Deighltear ranníocaíochtaí sóisialta barúlacha fostóirí in dhá chatagóir: (a) ranníocaíochtaí pinsin barúlacha fostóirí agus (b) ranníocaíochtaí neamhphinsean barúlacha fostóirí (CCE 2010, pointí 4.10 agus 4.97).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

3.024.Ní mór a chur i dtábhacht gurb amhlaidh, in CET, más fiontair aonaracha iad na haonaid táirgthe, nach n‑áirítear leis an gcúiteamh dfhostaithe an luach saothair ar obair a dhéanann an sealbhóir nó daoine neamh‑thuarastail dá theaghlach ar an ngabháltas; roinneann na daoine sin an t‑ioncam measctha, arb é iarmhéid an chuntais ghiniúna ioncaim é i gcás fiontair aonaracha. Más amhlaidh áfach, go bhfuil na haonaid táirgthe ina gcuid de chorparáid ( féach pointí  5.09 agus 5.10), ní mór an luach saothair uile a thaifeadadh mar chúiteamh dfhostaithe.

D.CÁNACHA AR THÁIRGEADH AGUS AR ALLMHAIRÍ

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(j) (oiriúnaithe)

( féach  CCE 2010, pointí 4.14 go 4.29)

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(k)

3.025.Is éard atá i gcánacha ar tháirgeadh agus ar allmhairí, íocaíochtaí éigeantacha gan chontrapháirteanna, in airgead nó i gcomhchineál, arna dtobhach ag an rialtas ginearálta, nó ag institiúidí an Aontais , i leith táirgeadh agus allmhairiú earraí agus seirbhísí, fostaíocht lucht saothair, úinéireacht nó úsáid talún, foirgneamh nó sócmhainní eile a úsáidtear i rith an phróisis táirgthe. 🡺1 Is iníoctha na cánacha sin cé acu a dhéantar brabúis nó nach ndéantar ( féach  CCE 2010, pointe 4.14). 🡸

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(l)

3.026.Roinntear cánacha ar tháirgeadh agus ar allmhairí mar a leanas:

cánacha ar tháirgí (D.21):

Cánacha de chineál CBL (D.211),

cánacha agus dleachtanna ar allmhairí gan CBL a áireamh (D.212), agus

cánacha ar tháirgí, ach amháin CBL agus cánacha ar allmhairí (D.214)

cánacha eile ar tháirgeadh (D.29)

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(m)

🡺2 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(n)

1.Cánacha ar tháirgí

3.027.Is iníoctha cánacha ar tháirgí in aghaidh an aonaid dearra nó de sheirbhís a dhéantar a tháirgeadh nó a thrádáil. 🡺1 Dfhéadfaidís a bheith coibhéiseach le méid airgeadaíochta a chinntear in aghaidh aonad an earra nó na seirbhíse nó dfhéadfaí iad a ríomh ad valorem mar chéatadán seasta den phraghas aonaid nó de luach an earra nó na seirbhíse ( féach  CCE 2010, pointe 4.16). 🡸

3.028.🡺2 Is éard is cánacha de chineál CBL cánacha ar earraí agus seirbhísí a bhailíonn fiontair de réir a chéile agus a mhuirearaítear go hiomlán ar an gceannaitheoir críochnaitheach sa deireadh thiar thall ( féach  CCE 2010, pointe 4.17). 🡸 Orthu sin áirítear CBL agus cánacha in‑asbhainte eile a chuirtear i bhfeidhm faoi rialacha atá comhchosúil leis na rialacha sin lena rialaítear CBL 36 .

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(o) (oiriúnaithe)

3.029.Is éard atá i gcánacha agus dleachtanna ar allmhairí gan CBL a áireamh íocaíochtaí éigeantacha arna dtobhach ag an rialtas ginearálta nó ag institiúidí an Aontais ar earraí allmhairithe, gan CBL a áireamh, chun iad a scaoileadh isteach chun saorchúrsaíochta ar an gcríoch eacnamaíoch, agus ar sheirbhísí a sholáthraíonn aonaid neamhchónaitheacha daonaid chónaitheacha ( féach  CCE 2010, pointe 4.18).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(p)

3.030.🡺1 Áirítear orthu dleachtanna allmhairiúcháin agus cánacha eile amhail tobhaigh ar tháirgí talmhaíochta allmhairithe, suimeanna cúiteacha airgeadaíochta a thoibhítear ar allmhairí, dleachtanna máil, etc. 🡸 Is iníoctha ag allmhaireoirí iad agus go hiondúil cuirtear ar aghaidh iad chuig an sealbhóir a cheannaíonn na táirgí,  is é sin le rá tá siad ina gcuid de phraghas cheannaitheoir na n‑earraí agus na seirbhísí ansin. I gcásanna ina n‑allmhairíonn aonaid táirgthe talmhaíochta na modhanna táirgthe go díreach, ba cheart na dleachtanna allmhairiúcháin, CBL neamh‑incheadaithe agus suimeanna cúiteacha airgeadaíochta (admhálacha nó íocaíochtaí) a bheith le feiceáil freisin i bpraghas an cheannaitheora a úsáidtear chun críoch CET.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(q) (oiriúnaithe)

3.031.Cánacha ar tháirgí, ach amháin CBL agus cánacha ar allmhairí, tá siad comhdhéanta de chánacha ar earraí agus seirbhísí arna dtáirgeadh ag fiontair chónaitheacha agus atá iníoctha de thoradh tháirgeadh, onnmhairiú, dhíol, aistriú, léasú nó sheachadadh na n‑earraí nó na seirbhísí sin, nó de thoradh a n‑úsáide chun críche tomhaltais deiridh dhílis nó chun críche foirmiú caipitil dhílis ( féach  CCE 2010, pointí 4.19 agus 4.20).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(r)

🡺2 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(s)

3.032.I gcás na talmhaíochta, is iad seo a leanas na cánacha atá i gceist:

cánacha ar bhiatais siúcra,

pionóis as cuótaí bainne a shárú,

tobhaigh chomhfhreagrachta arbh infheidhme roimhe maidir le bainne agus gránaigh.

3.033.Toisc go dtaifeadtar aschur ag na bunphraghsanna, taifeadtar cánacha ar tháirgí laistigh den chuntas táirgeachta ( féach pointí  2.083 go 2.087) agus níl siad le feiceáil sa chuntas giniúna ioncaim. Ba cheart iad a thaifeadadh nuair a tharlaíonn na gníomhaíochtaí, na hidirbhearta nó na teagmhais eile as a n‑eascraíonn an íocaíocht. Ós rud é go dtaifeadtar in CET na hítimí sin glan ó CBL in‑asbhainte, is é CBL neamh‑incheadaithe an t‑aon cháin láimhdeachais a thaifeadtar iontu. Is é sin an fáth nach dtaifeadtar aon CBL sna cuntais, ach amháin i gcás speisialta thearc‑chúiteamh CBL a áirítear faoi cánacha eile ar tháirgeadh ( féach pointe  3.048(g)).

3.034.Cánacha ar tháirgí (seachas CBL) a dhéanann difear do tháirgí áirithe de thomhaltas idirmheánach talmhaíochta, ba cheart iad a áireamh i bpraghas cheannaitheoir an tomhaltais idirmheánaigh sa chuntas táirgeachta ( féach pointí  2.111 go 2.114). Ar na cásanna sin áirítear, mar shampla, cánacha ar shiúcra agus ar alcól a úsáidtear le haghaidh na fíonóireachta agus a thoibhítear i mBallstáit áirithe an Aontais. Na cánacha sin, ar cánacha iad ar tháirgí na dtionscal agraibhia, ba cheart iad a chur le luach thomhaltas idirmheánach an tionscail talmhaíochta.

2.CBL a láimhseáil

3.035.🡺1 Tagraíonn an tuairisc in CCE 2010, pointe 4.17 do chóras CBL caighdeánaí faoina gceadaítear do gach fiontar an méid cánach atá íoctha aige ar cheannacháin aschur idirmheánach nó earraí caipitiúla a asbhaint den mhéid CBL atá dlite ar a dhíolacháin féin. 🡸 Mar sin féin, i dteannta na rialachán caighdeánach a bhaineann le CBL, tá rialacháin speisialta ann maidir leis an talmhaíocht (córais CBL ar ráta comhréidh) a bhfuil foirm dhifriúil acu ó Bhallstát go chéile.

3.036.Is féidir na córais ar ráta comhréidh a úsáidtear i mBallstáit a ghrúpáil in dhá phríomhchineál cúitimh as CBL a íoctar ar cheannacháin:

tríd an bpraghas. Sa chás sin, feirmeoirí atá faoi réir an chórais ar ráta comhréidh, díolann siad a dtáirgí ag praghas atá méadaithe de réir an chéatadáin CBL ar ráta comhréidh ach ní íocann siad an CBL sonrasctha leis na húdaráis airgeadais toisc go ríomhtar an CBL arna sonrascadh agus arna coimeád acu chun bheith ina cúiteamh chomh beacht agus is féidir as an CBL atá íoctha ar a gceannacháin acu,

mar aisíocaíocht. Faoin gcóras sin, díolann feirmeoirí a dtáirgí gan CBL san áireamh. Ar iarratas a chur isteach chuig na húdaráis airgeadais, faigheann siad aisíocaíocht níos déanaí a ríomhtar mar chéatadán de ráta comhréidh 37 a chuirtear i bhfeidhm maidir lena ndíolacháin mar chúiteamh as an CBL atá íoctha ar a gceannacháin acu.

(a)Sainmhínithe

3.037.Tá feidhm ag na coincheapa seo a leanas le haghaidh chóras CBL caighdeánaí maidir leis na córais ar ráta comhréidh freisin:

(a)CBL arna sonrascadh ag an táirgeoir: is í sin an CBL a ríomhann an táirgeoir de réir an ráta is infheidhme maidir leis an táirge a díoladh agus a ghearrann  an táirgeoir  ar shonrasc  an táirgeora  chuig gach ceannaitheoir intíre;

(b)CBL arna sonrascadh don táirgeoir ar thomhaltas idirmheánach: is í sin an CBL a ríomhtar de réir an ráta is infheidhme maidir le gach táirge dá gceannaítear agus atá íoctha ag an táirgeoir ar ionchuir idirmheánacha  an táirgeora ; tugtar CBL in‑asbhainte 38 ar thomhaltas idirmheánach uirthi sin;

(c)CBL arna sonrascadh don táirgeoir ar cheannacháin earraí caipitiúla seasta: tugtar CBL in‑asbhainte ar cheannacháin earraí caipitiúla uirthi sin;

(d)CBL atá iníoctha ag an táirgeoir ar idirbhearta reatha  an táirgeora : is é sin an difríocht idir an CBL arna sonrascadh ag an táirgeoir agus an CBL arna sonrascadh ag an táirgeoir ar cheannacháin tomhaltais idirmheánaigh (a‑b)  an táirgeora ;

(e)CBL iomlán arna sonrascadh ag an táirgeoir: is é sin an difríocht idir an CBL arna sonrascadh ag an táirgeoir agus an CBL iomlán arna sonrascadh ag an táirgeoir ar cheannacháin tomhaltais idirmheánaigh  an táirgeora  agus ar cheannacháin dearraí caipitiúla (a‑b‑c)  an táirgeora .

3.038.🡺2 Le forálacha CCE 2010, pointe 4.17 leagtar síos modh aonair chun CBL a thaifeadadh. 🡸 Is é sin an glanchóras, lena dtaifeadtar praghsanna aschuir agus ionchuir gan CBL in‑asbhainte a áireamh.

3.039.Sa dlí cánach, láimhseáiltear CBL mar ítim shealadach do tháirgeoirí, ionas nach mbeidh an CBL in‑asbhainte nach mór do tháirgeoirí a íoc ar a  gcuid  ceannacháin ina bhfíor‑chomhchuid den chostas dá ríomhanna féin agus gur féidir an CBL in‑asbhainte sin a mheas díreach mar thráthchuid roimh ré den CBL nach mór dóibh a ríomh ar a láimhdeachas féin, rud a fhágann dá réir sin, nach bhfuil  acu  ach an difríocht a íoc leis an oifig chánach. Ós rud é, i gcoitinne, gurb é an tomhaltóir deiridh amháin a chaithfidh an CBL a thoibhítear ar an táirge sin a íoc, is é an táirgeoir (in éineacht le táirgeoirí na n‑earraí tomhaltais idirmheánaigh a theastaíonn) a ghníomhaíonn mar ghníomhaire de chuid na hoifige cánach go héifeachtach. Os a choinne sin, i gcás nach féidir leis an táirgeoir cáin a íoctar ar cheannacháin (CBL neamh‑incheadaithe) a asbhaint (nó a aiséileamh), ba cheart an CBL sna cásanna sin a mheas mar chomhchuid den chostas.

(b)An modh glantaifeadta a oibriú

3.040.I gcás feirmeoirí atá faoi réir an chórais chaighdeánaigh, níl aon deacracht ann ó thaobh na cuntasaíochta de; CBL arna shonrascadh ar tháirgí a dhíoltar, nó a dhiúscraítear ina mhalairt de chás, déantar neamhaird di in CET agus níor cheart í a bheith le feiceáil in aon phraghas aschuir a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar an aschur críochnaitheach, agus maidir le CBL in‑asbhainte a íoctar ar cheannacháin ítimí tomhaltais idirmheánaigh agus ar earraí caipitiúla seasta, fágtar í sin as an áireamh freisin ó thaobh na bpraghsanna ábhartha de nuair atá caiteachais á ríomh le haghaidh CET.

3.041.I gcás feirmeoirí atá faoi réir na gcóras ar ráta comhréidh, áfach, tá fadhbanna ann ó thaobh na cuntasaíochta de ( féach pointe  3.035 agus ina dhiaidh). Mar is ríléir, is annamh ar fad a bheidh an cúiteamh a cheadaítear dfheirmeoirí aonaracha cothrom go beacht leis an CBL a bheidh íoctha ar a gceannacháin acu. I gcás na gcóras ar ráta comhréidh, beidh an modh chun CBL a thaifeadadh comhionann leis an modh a úsáidtear i gcás an chórais chaighdeánaigh,  is é sin le rá gan CBL san áireamh le haghaidh ítimí aonaracha an aschuir chríochnaithigh agus gan CBL in‑asbhainte san áireamh le haghaidh na n‑ítimí aonarach tomhaltais idirmheánaigh agus OFCS.

An difríocht idir an cúiteamh ar ráta comhréidh a dheonaítear d’fheirmeoirí atá faoi réir na gcóras ar ráta comhréidh agus an CBL a bheidís in ann a asbhaint má bhí siad faoi réir chóras CBL caighdeánaí, is é ró‑chúiteamh nó tearc‑chúiteamh atá i gceist leis an difríocht sin. Ní mór aon ró‑chúiteamh nó tearc‑chúiteamh a iontráil ar leithligh in CET.

3.042.Is mar a leanas an modh chun ró‑chúiteamh nó tearc‑chúiteamh CBL a thaifeadadh faoi chórais ar ráta comhréidh:

ró‑chúiteamh CBL ar cheannacháin, taifeadtar faoi Fóirdheontais eile ar tháirgeadh é,

tearc‑chúiteamh CBL ar cheannacháin, taifeadtar faoi Cánacha eile ar tháirgeadh é.

Is éard is ‘CBL ar cheannacháin’ ann an CBL a bheadh feirmeoirí atá faoi réir an chórais ar ráta comhréidh in ann a asbhaint dá mbeidís faoi réir an chórais CBL caighdeánaí.

3.043.Tá sé de bhuntáiste ag an modh taifeadta sin go gcuidíonn sé leis an aschur talmhaíochta, an tomhaltas idirmheánach agus OFCS a láimhseáil ar bhealach aonfhoirmeach, gan beann ar an gcóras CBL a bhfuil feirmeoirí faoina réir. Thairis sin, fágann sé gur féidir ró‑chúiteamh nó tearc‑chúiteamh CBL a láimhseáil ar bhealach siméadrach i gcomparáid le holl‑luach breise ar bhunphraghsanna. Fágann sé sin gur féidir oll‑luach breise ar bhunphraghsanna a ríomh gan beann ar an gcóras CBL a ghlactar, rud a chuidíonn le comhchuibhiú agus le hinchomparáideacht CET na mBallstát de (  féach pointe  3.033).

3.Cánacha eile ar tháirgeadh

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(t) (oiriúnaithe)

3.044.    Is éard atá i gcánacha eile ar tháirgeadh na cánacha uile a thabhaíonn fiontair de thoradh táirgeadh a bheith ar siúl acu, go neamhspleách ar chainníocht nó ar luach na n‑earraí agus na seirbhísí a tháirgtear nó a dhíoltar ( féach  CCE 2010, pointe 4.22). Dfhéadfaidís a bheith iníoctha i leith talún, sócmhainní seasta nó saothair a úsáidtear sa phróiseas táirgthe nó ar ghníomhaíochtaí nó ar idirbhearta áirithe.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

3.045.Is iad na cánacha eile ar tháirgeadh an t‑aon chineál cánach a thaifeadtar sa chuntas giniúna ioncaim le haghaidh an tionscail. Bíonn na cánacha sin le feiceáil i gcuntais na mbrainsí nó na n‑earnálacha a íocann iad (critéar íocaíochta).

3.046.Ní mór gurb amhlaidh an méid seo a leanas maidir leis na cánacha atá le taifeadadh sa chuntas giniúna ioncaim le haghaidh na talmhaíochta:

(a)éigeantach;

(b)le híoc ag an tionscal talmhaíochta go díreach;

(c)le híoc leis an rialtas ginearálta nó le hinstitiúidí an Aontais ;

(d)de réir bhrí an tsainmhínithe ar chánacha eile ar tháirgeadh (féach  pointe  3.044).

3.047.Mar gheall ar fhorbairtí stairiúla neamhionanna an airgeadais phoiblí i mBallstáit éagsúla an Aontais, tá raon an‑leathan ann de chánacha ar tháirgeadh ar fud an Aontais. Sa talmhaíocht, tá dhá chineál cánach eile ar tháirgeadh ann atá sách tábhachtach: cáin mhaoine agus cáin ar mhótarfheithiclí.

3.048.I gcás na talmhaíochta, is iad seo a leanas na cánacha eile is tábhachtaí ar tháirgeadh:

(a)cánacha maoine agus cánacha eile ar an úsáid talún agus foirgneamh a úsáidtear chun críoch táirgthe (gan beann ar cé acu ar leis na haonaid talmhaíochta iad nó atá siad á bhfruiliú acu);

(b)cánacha eile ar earraí caipitiúla seasta a úsáid sa táirgeadh amhail mótarfheithicil, meaisíní nó trealamh eile (gan beann ar cé acu an leis na haonaid talmhaíochta iad nó an bhfuil siad á bhfruiliú acu);

(c)cánacha párolla arna n‑íoc ag an bhfostóir;

(d)cánacha ar thruailliú de dheasca gníomhaíochtaí táirgthe;

(e)cánacha ar cheadúnais/cheadanna chun dul i mbun gníomhaíochtaí tráchtála nó gairmiúla, ar choinníoll go ndeonaítear na ceadúnais/ceadanna go huathoibríoch nuair a bheidh na méideanna atá dlite íoctha. Má tá feidhm rialála i gceangal leis na híocaíochtaí sin ( mar shampla seiceálacha ar inniúlacht nó ar cháilíochtaí an iarratasóra), ba cheart iad a láimhseáil mar cheannacháin seirbhísí ón rialtas ginearálta agus iad a thaifeadadh mar thomhaltas idirmheánach (ach amháin i gcás ina mbíonn siad iomlán as comhréir leis an costas chun na seirbhísí atá i gceist a sholáthar) (  féach pointe  2.109(o));

(f)rátaí uisce a íoctar mar chánacha ar ráta comhréidh agus nach bhfuil comhréireach leis an gcainníocht uisce a thomhlaítear;

(g)tearc‑chúiteamh CBL de thoradh na córais CBL ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm ( féach pointí  3.041 agus 3.042).

3.049.I gcomhréir leis an bprionsabal um fhabhrú, taifeadtar cánacha ar tháirgeadh an tráth a thabhaítear oibleagáid fhioscach. I gcás thearc‑chúiteamh CBL, is é sin an tráth a cheannaítear earraí agus seirbhísí tomhaltais idirmheánaigh agus tráth an OFCS as a n‑eascraíonn sí (ní tráth na haisíocaíochta).

3.050.Ní áirítear ar chánacha eile ar tháirgeadh: 

(a)íocaíochtaí reachtúla a dhéanann an tionscal talmhaíochta go díreach ach nach iad an rialtas ginearálta ná institiúidí an Aontais Eorpaigh faighteoirí na n‑íocaíochtaí sin. Meastar na híocaíochtaí sin mar cheannacháin seirbhísí margaidh ó fhaighteoirí aistrithe agus dá bhrí sin áirítear iad i dtomhaltas idirmheánach na talmhaíochta;

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(u) (oiriúnaithe)

(b)fíneálacha agus pionóis agus na costais a fhorchuirtear i dtaca lena mbailiú agus lena n‑aisghabháil, níor cheart iad a thaifeadadh in éineacht leis na cánacha lena mbaineann siad, ach amháin i gcás nach féidir iad a idirdhealú ó na cánacha sin ( féach  CCE 2010, pointe 4.133);

🡻 138/2004

(c)cánacha éigeantacha nach dtiomsaíonn an rialtas ginearálta ná institiúidí an Aontais agus, cé gurb ar an talmhaíocht a bhíonn na cánacha sin, gurb é brainse is cliant a shocraíonn siad. Ba cheart cuntas a thabhairt sna híocaíochtaí sin i dtomhaltas idirmheánach an bhrainse is úsáideoir;

(d)cánacha a thoibhítear ar bhrabús nó ar an rachmas go hiondúil, amhail cánacha comhionannaithe, cáin ioncaim, cáin chorparáideach agus cáin rachmais. Ba cheart iad sin a áireamh mar chánacha atá i bhfeidhm faoi láthair ar ioncam, ar shócmhainní, etc. i ndáileadh tánaisteach an chuntais ioncaim;

(e)cánacha ar oidhreacht agus ar bhronntanais agus cánacha speisialta ar an rachmas. Ba cheart iad sin a áireamh mar chánacha caipitil sa chuntas caipitil;

(f)rátaí uisce a bhfuil a méid nasctha go díreach nó go hindíreach leis an gcainníocht uisce a thomhlaítear.

E.FÓIRDHEONTAIS

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(v) (oiriúnaithe)

( féach  CCE 2010, pointí 4.30 go 4.40)

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(w)

3.051.Is éard is fóirdheontais ann íocaíochtaí reatha gan chomaoin a dhéanann an rialtas ginearálta nó institiúidí an Aontais le táirgeoirí cónaitheacha, agus é de chuspóir leo tionchar a imirt ar a leibhéil táirgthe, ar a bpraghsanna nó ar luach saothair thosca an táirgthe. Ní féidir le táirgeoirí neamh‑mhargaidh eile fóirdheontais eile ar tháirgeadh a fháil ach amháin má bhraitheann na híocaíochtaí sin ar rialacháin ghinearálta is infheidhme maidir le táirgeoirí margaidh agus táirgeoirí neamh‑mhargaidh chomh maith. 🡺1 De réir an ghnáis, ní dhéantar fóirdheontais ar tháirgí a thaifeadadh in aschur neamh‑mhargaidh (Lch. 13) ( féach  CCE 2010, pointe 4.30). 🡸

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(x)

3.052.Aicmítear fóirdheontais mar seo a leanas:

fóirdheontais ar tháirgí (D.31):

fóirdheontais ar allmhairí (D.311),

fóirdheontais eile ar tháirgí (D.319), agus

fóirdheontais eile ar tháirgeadh (D.39).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(y)

🡺2 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(z)

1.Fóirdheontais ar tháirgí

3.053.Is éard atá i bhfóirdheontais ar tháirgí fóirdheontais atá iníoctha in aghaidh an aonaid ar earra nó ar sheirbhís éigin arna t(h)áirgeadh nó arna (h)allmhairiú. Is éard a dfhéadfadh a bheith i gceist leis an bhfóirdheontas méid sonrach airgid in aghaidh aonad an earra nó na seirbhíse, nó dfhéadfaí é a ríomh ad valorem mar chéatadán sonraithe den phraghas in aghaidh an aonaid. Dfhéadfaí fóirdheontas a ríomh freisin mar an difríocht idir spriocphraghas sonraithe agus praghas iarbhír an mhargaidh a díoc ceannaitheoir. Is gnách go mbíonn fóirdheontas ar tháirge iníoctha nuair a tháirgtear, nuair a dhíoltar nó nuair a allmhairítear an t‑earra. 🡺1 De réir an ghnáis, ní féidir baint a bheith ag fóirdheontais ar tháirgí ach leis an aschur margaidh (Lch. 11) nó le haschur chun críche úsáide críochnaithí dílse (Lch. 12) ( féach  CCE 2010, pointe 4.33). 🡸

3.054.Is éard atá i bhfóirdheontais ar allmhairí fóirdheontais ar earraí agus ar sheirbhísí a bhíonn iníoctha nuair a thrasnaíonn na hearraí an teorainn lena n‑úsáid sa chríoch eacnamaíoch nó nuair a sheachadtar na seirbhísí go haonaid institiúideacha chónaitheacha. 🡺2 Féadfar a bheith ar áireamh sna fóirdheontais caillteanais arna dtabhú mar bheartas toiliúil rialtais, ag eagraíochtaí trádála rialtais a bhfuil sé dfheidhm acu táirgí a cheannach ó neamhchónaithigh agus iad a athdhíol ar aghaidh le cónaithigh ag praghsanna níos ísle. ( féach  CCE 2010, pointe 4.34). 🡸

3.055.Tugtar cuntas i bhfóirdheontais ar tháirgí sa bhunphraghas ( féach pointí  2.082 go 2.086) tráth na luachála ar an aschur agus dá bhrí sin ní bhíonn siad le feiceáil i gcuntas giniúna ioncaim an tionscail. Fóirdheontais ar tháirgí a bhaineann leis an éadáil ( is é sin le rá allmhairí nó eile) táirgí tomhaltais idirmheánaigh nó earraí caipitiúla seasta, agus a fhágann laghdú ar phraghsanna cheannaitheoir na n‑earraí sin, cuirtear san áireamh iad trí phraghsanna an cheannaitheora a úsáid sa luacháil ar an tomhaltas idirmheánach nó OFCS ( féach pointí  2.110 go 2.113); go comhfhreagrach leis sin, fágtar laghdú ar chostais na dtáirgí nó na n‑earraí sin.

🡻 306/2005 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .1 (oiriúnaithe)

3.056.Le haghaidh mhodh luacháil an aschuir ag bunphraghsanna, is gá idirdhealú bunúsach a dhéanamh idir fóirdheontais ar tháirgí agus fóirdheontais eile ar tháirgeadh. Is féidir fóirdheontais ar tháirgí talmhaíochta   39   a íoc le táirgeoirí talmhaíochta nó le hoibreoirí eacnamaíocha eile. Maidir le fóirdheontais ar tháirgí a íoctar le táirgeoirí talmhaíochta, is iad na fóirdheontais sin amháin a chuirtear le praghas an mhargaidh a fhaigheann táirgeoirí chun an bunphraghas a fháil. Fóirdheontais ar tháirgí talmhaíochta a íoctar le hoibreoirí eacnamaíocha seachas táirgeoirí talmhaíochta, ní iontráiltear in CET iad.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

3.057.Ba cheart fóirdheontais ar tháirgí a thaifeadadh an tráth a tharlaíonn na hidirbhearta nó na teagmhais as a n‑eascraíonn siad (táirgeadh, díol, allmhairiú, etc.), chun an chomhsheasmhacht leis na cuntais eile a chaomhnú ( is é sin le rá tomhas an aschuir ag bunphraghsanna). Dá réir sin, ba cheart cúnamh cúiteach le haghaidh barra curaíochta a thaifeadadh tráth na buainte ach déantar préimheanna speisialta le haghaidh eallaigh nó ba diúil agus préimheanna le haghaidh caorach a thaifeadadh an tráth a choimeádtar na hainmhithe agus/nó dáta an iarratais ar dheontas.

2.Fóirdheontais eile ar tháirgeadh

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(aa) (oiriúnaithe)

3.058.Is éard atá i bhfóirdheontais eile ar tháirgeadh fóirdheontais, ach amháin fóirdheontais ar tháirgí, a fhéadfaidh aonaid táirgthe chónaitheacha a fháil de thoradh táirgeadh a bheith ar siúl acu. I gcás a n‑aschuir neamh‑mhargaidh eile, ní féidir le táirgeoirí neamh‑mhargaidh eile fóirdheontais eile ar tháirgeadh a fháil ach amháin má bhraitheann na híocaíochtaí sin ón rialtas ginearálta ar rialacháin ghinearálta is infheidhme maidir le tairgeoirí margaidh agus le táirgeoirí neamh‑mhargaidh araon ( féach  CCE 2010, pointe 4.36). In CCE 2010 tagraítear do cheithre fhóirdheontas eile ar tháirgeadh ( féach  CCE 2010, pointe 4.37): fóirdheontais ar phárolla nó ar lucht saothair, fóirdheontais chun an truailliú a laghdú, deontais le haghaidh faoiseamh i leith úis, agus ró‑chúiteamh CBL. Baineann na híocaíochtaí sin go príomha le toimhdiú na gcostas táirgthe nó le tacaíocht le hathruithe sa mhodh táirgthe.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.1(a)

3.059.Ós rud é go luacháiltear an t‑aschur ag bunphraghsanna, ní thaifeadtar ach fóirdheontais eile ar tháirgeadh sa chuntas giniúna ioncaim (mar úsáidí diúltacha).

(a)An cineál tairbhí

3.060.Ní mór do thairbhithe fóirdheontas earraí agus seirbhísí margaidh nó earraí agus seirbhísí chun críche úsáide deiridh dílse a tháirgeadh go hiondúil. Is éard is earraí agus seirbhísí margaidh ann na hearraí agus na seirbhísí uile a scaoiltear nó atá le haghaidh a scaoilte sa mhargadh. Áirítear orthu táirgí a dhíoltar, a mhalartaítear, a úsáidtear le haghaidh íocaíocht chomhchineáil nó a stóráiltear sula mbaintear ceann amháin nó níos mó de na húsáidí thuas astu tráth níos déanaí. Baineann táirgeadh chun críche úsáide deiridh dílse le táirgí a chaomhnaíonn an t‑aonad céanna chun críoch tomhaltais deiridh nó OFCS. Dá ainneoin sin, dfhéadfadh táirgeoirí neamh‑mhargaidh tairbhiú dfhóirdheontais eile ar tháirgeadh más iníoctha iad faoi rialacháin ghinearálta is infheidhme maidir le táirgeoirí margaidh agus táirgeoirí neamh‑mhargaidh araon.

3.061.Áirítear seirbhísí tráchtála agus stórála le táirgeadh na seirbhísí margaidh freisin. Dá bhrí sin, is féidir fóirdheontais a dheonú do na gníomhaireachtaí rialála trádála agus margaidh freisin arb é a bhfeidhm táirgí talmhaíochta a cheannach, a stóráil agus a athdhíol ( féach pointí  3.068 agus 3.069 maidir le gníomhaireachtaí rialála margaidh).

(b)Cuspóirí fóirdheontas eile ar tháirgeadh

3.062.Is féidir fóirdheontais eile ar tháirgeadh a dheonú, faoi 🡺1 CCE 2010 🡸, i gcásanna nach gá gurb é príomhchuspóir na bhfóirdheontas a dtionchar ar phraghsanna díola nó luach saothair leordhóthanach na dtosca táirgthe. Mar shampla, dfhéadfaí cabhair airgeadais a dheonú don táirgeadh talmhaíochta chun an oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha a choimirciú, chun an turasóireacht a chur chun cinn i réigiún áirithe nó chun an ithir a chosaint ar chreimeadh, cothromaíocht nádúrtha an uisce a rialáil nó chun tionchar a imirt ar an aeráid.

(c)Critéar íocaíochta

3.063.Cé is moite dfhóirdheontais rátaí úis, ar cineál speisialta fóirdheontais atá iontu, cuirtear fóirdheontais eile ar tháirgeadh i leith chuntas giniúna ioncaim na mbrainsí táirgthe nó do na hearnálacha lena n‑íoctar na fóirdheontais. De thoradh mhodh sannta sin na bhfóirdheontas, ní thugtar cuntas in CET sna deontais uile a dhéantar ar mhaithe leis an talmhaíocht. Seachas cabhair dhíreach, tairbhíonn aonaid táirgthe talmhaíochta dfhóirdheontais (de réir bhrí 🡺1 CCE 2010 🡸) a íoctar le brainsí táirgthe réamhtheachtacha agus iartheachtacha agus, go háirithe, le gníomhaireachtaí rialála margaidh 40 .

🡻 306/2005 Airt. 1 agus Iarscríbhinn .2 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(bb)

3.064.I gcás na talmhaíochta, is iad seo a leanas na cineálacha fóirdheontas eile is tábhachtaí atá nasctha le táirgeadh:

fóirdheontais tuarastail agus phárolla,

🡺1 deontais le haghaidh faoiseamh i leith úis (féach CCE 2010, pointe 4.37(c)) a thugtar daonaid táirgthe chónaitheacha, fiú má tá sé beartaithe leo foirmiú caipitil a spreagadh 41 . 🡸 Go héifeachtach, is aistrithe reatha iad sin arna gceapadh chun costais oibriúcháin táirgeoirí a laghdú. Láimhseáiltear sna cuntais iad mar fhóirdheontais do na táirgeoirí a dtairbhíonn díobh, fiú i gcás inarb amhlaidh maidir leis an difríocht san ús, sa chleachtas, go n‑íocann an rialtas go díreach í leis an institiúid creidmheasa a bhfuil an iasacht á déanamh acu (de mhaolú ar an gcritéar íocaíochta),

ró‑chúiteamh CBL de thoradh na córais CBL ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm ( féach pointí  3.041 agus 3.042),

toimhdiú na ranníocaíochtaí slándála sóisialta agus na gcánacha ar mhaoin réadach,

toimhdiú na gcostas eile amhail cabhair stórála príobháidí le haghaidh fíona agus úrfhíon fíonchaor agus athstóráil na bhfíonta boird (a mhéid ar le haonad talmhaíochta iad na stoic),

fóirdheontais éagsúla eile ar tháirgeadh:

deontais le haghaidh talamh a chuirtear i leataobh (cur i leataobh éigeantach atá nasctha le deontais atá bunaithe ar acraíocht agus cur i leataobh deonach),

cúiteamh airgeadais le haghaidh aistarraingtí torthaí agus glasraí úra margaidh. Is minic a dhéantar na híocaíochtaí sin le grúpaí táirgeoirí margaidh, agus ba cheart iad a láimhseáil mar fhóirdheontais don talmhaíocht, ós rud é gur cúiteamh díreach le haghaidh caillteanas táirgeachta iad,

préimheanna eallaigh lena gcoigeartú go séasúrach (díshéasúrú) agus fairsingiú,

deontais le haghaidh táirgeadh talmhaíochta i limistéir ar chaolchuid deiseanna agus/nó i limistéir shléibhtiúla,

deontais eile atá beartaithe chun tionchar a imirt ar mhodhanna táirgthe (fairsingiú, teicnící arna gceapadh chun truailliú a laghdú, etc.),

méideanna a íoctar le sealbhóirí mar chúiteamh le haghaidh caillteanais athfhillteacha earraí i bhfardail amhail táirgí bairr nó beostoic a mheastar a bheith ina n‑obair idir lámha agus plandálacha a mhéid atá siad fós ina dtréimhse fáis (féach 2.040 go 2.045). I gcodarsnacht leis sin, aistrithe cúiteacha le haghaidh caillteanais earraí i bhfardail agus/nó i bplandálacha a úsáidtear mar thosca táirgthe, taifeadtar iad mar aistrithe caipitil sa chuntas caipitil.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(cc)

🡺2 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.1(a)

3.065.An prionsabal um fhabhrú a chur i bhfeidhm maidir le fóirdheontais eile ar tháirgeadh a thaifeadadh, dfhéadfadh sé a bheith ina ábhar caolchúiseach. Toisc go mbíonn sé deacair riail ghinearálta a tharraingt suas, ba cheart an riail sin a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, go solúbtha agus go pragmatach. Toisc go bhfuil líon mór fóirdheontas don talmhaíocht nasctha leis an táirgeadh agus le tosca an táirgthe (acraíocht, tréad, etc.), ba cheart na fóirdheontais sin a thaifeadadh tráth an táirgthe de ghnáth nó nuair a fhaightear na tosca táirgthe (go háirithe i gcás talún agus beostoic). I gcás na bhfóirdheontas nach bhfuil nasctha go díreach leis an táirgeadh ná le tosca an táirgthe, is deacair tráth an idirbhirt, as a n‑eascraíonn siad, a chinneadh agus an tráth sin a idirdhealú ón tráth a íoctar na fóirdheontais. Sa chás áirithe sin, taifeadtar fóirdheontais nuair a fhaightear iad.

3.066.Moltar na bealaí speisialta seo a leanas lena láimhseáil:

íocaíochtaí cúiteacha le haghaidh talamh arúil a chuirtear i leataobh: an tráth a luaitear an limistéar atá le cur i leataobh,

aistarraingtí táirgí (torthaí/glasraí): an tráth céanna agus an aistarraingt fhisiciúil le linn bhliain an bhairr agus ní an bhliain féilire, chun comhsheasmhacht a áirithiú idir an meastachán faoin aschur, lúide aistarraingtí le linn bhliain an bhairr, agus na fóirdheontais a thaifeadtar (mar úsáidí diúltacha) sa chuntas giniúna ioncaim,

deontais le haghaidh táirgeadh eallaigh (préimh don fhairsingiú, etc.): an uair a fhaigheann na sealbhóirí na hainmhithe agus dáta an iarratais ar dheontas,

toimhdiú na gcostais (lena n‑áirítear faoiseamh i leith úis): an tráth a bhíonn an caiteachas agus an t‑ús dlite,

cúiteamh le haghaidh caillteanais athfhillteacha a dhéanann difear don aschur (barra, beostoc agus plandálacha atá ina dtréimhse fáis fós,  féach pointe  3.064): an uair a thaifeadtar an t‑aschur in CET (más eol méid beacht an chúitimh go cinnte),

fóirdheontais eile nach dtugtar go díreach i leith táirgí ná tosca táirgthe (tacaíocht ioncaim dhíreach, cabhair le limistéir ar chaolchuid deiseanna, etc.): moltar go leanfar den chritéar de réir thráth na híocaíochta a úsáid, toisc go mbíonn sé deacair an uair a comhdaíodh an t‑iarratas ar chúiteamh a chinneadh agus cé acu is cruinn nó nach cruinn iad na méideanna atá i gceist.

3.067.Ní láimhseáiltear na nithe seo a leanas mar fhóirdheontais in CET:

aistrithe reatha, cé gur fóirdheontais de réir bhrí CET iad, nach n‑íoctar le haonaid táirgthe talmhaíochta. Is fóirdheontais a íoctar le gníomhaireachtaí rialála margaidh iad formhór na n‑aistrithe sin. Cé gur féidir leis na méideanna a íoctar difear a dhéanamh do phraghsanna díola na dtáirgí talmhaíochta agus gur spreagadh don talmhaíocht iad dá bhrí sin, ba cheart iad a thaifeadadh de réir an chritéir íocaíochta faoin gceannteideal atá tiomnaithe don bhrainse táirgthe a fhaigheann iad,

🡺1 aistrithe reatha chuig aonaid táirgthe talmhaíochta ag gníomhaireacht rialála margaidh. Ba cheart iad sin a thaifeadadh mar chomhpháirteanna daschur an táirge arb ina leith a n‑íoctar an t‑aistriú a mhéid nach bhfuil an ghníomhaireacht rialála margaidh rannpháirteach ach i gceannach, díol nó stóráil na n‑earraí agus sna gníomhaíochtaí sin amháin.🡸 Más amhlaidh, áfach, nach bhfuil an ghníomhaireacht rannpháirteach ach amháin in íoc na bhfóirdheontas, ba cheart aistrithe reatha chuig aonaid táirgthe a thaifeadadh mar fhóirdheontais ansin ( féach pointí  3.068 agus 3.069),

aistrithe eisceachtúla ag comhlachtaí gairmiúla chuig aonaid táirgthe talmhaíochta. Ní féidir na haistrithe sin a bheith ina bhfóirdheontais ós rud é nach rialtas ginearálta atá i gcomhlachtaí gairmiúla,

aistrithe reatha ag rialtas ginearálta chuig teaghlaigh ina gcáil mar thomhaltóirí. Láimhseáiltear iad mar shochair shóisialta nó mar aistrithe reatha ilchineálacha. Ar shochair shóisialta áirítear deontais phoiblí áirithe le haghaidh athruithe struchtúracha, amhail cabhair airgeadais chun athoiliúint ghairme a chur ar shealbhóirí,

aistrithe caipitil: is difriúil iad sin le haistrithe reatha sa mhéid go mbaineann éadáil nó diúscairt sócmhainne nó sócmhainní leo arna déanamh ag ceann amháin ar a laghad de na páirtithe san idirbheart. 🡺1 Is cuma cé acu in airgead nó i gcomhchineál a dhéantar iad, ba cheart gurbh é an toradh a bhíonn orthu athrú, ar cóimhéid, ar na sócmhainní airgeadais nó neamhairgeadais a thaispeántar i gcláir chomhardaithe páirtí amháin nó an dá pháirtí san idirbheart ( féach  CCE 2010 pointe 4.145). Le haistrithe caipitil cumhdaítear cánacha caipitil, deontais infheistíochta agus aistrithe caipitil eile ( féach  CCE 2010, pointe 4.147). 🡸 Taifeadtar iad i gcuntas caipitil na hearnála/an tionscail mar athruithe ar dhliteanais agus ar ghlanluach. Is aistrithe caipitil iad roinnt cineálacha cabhrach don talmhaíocht. Is iad seo na cinn is tábhachtaí díobh:

deontais chun úlloird/fíonghoirt a thiontú (nach bhfuil faoi réir oibleagáid maidir le hathphlandú), arb aistrithe caipitil eile atá iontu,

deontais chun úlloird/fíonghoirt a athstruchtúrú (atá faoi réir oibleagáid maidir le hathphlandú), ar deontais infheistíochta atá iontu,

deontais chun scor de tháirgeadh an bhainne nó chun an táirgeadh sin a laghdú: taifeadtar iad sin mar aistrithe caipitil eile a mhéid atá tionchar sainráite nó intuigthe ar luach na gcuótaí acu,

aistrithe ag an rialtas ginearálta chuig corparáidí agus chuig samhailchorparáidí talmhaíochta atá beartaithe chun caillteanais arna gcarnadh le linn roinnt blianta airgeadais nó caillteanais eisceachtúla a chumhdach, ar caillteanais atá iontu i ngeall ar thosca nach raibh smacht ag an bhfiontar orthu. Ba cheart na haistrithe sin a aicmiú mar aistrithe caipitil eile,

cúiteamh arna íoc ag an rialtas ginearálta nó ag an gcuid eile den domhan ( is é sin le rá ón gcoigríoch agus/nó ag institiúidí an Aontais) le húinéirí na n‑earraí caipitiúla seasta a bhíonn ag gabháil do tháirgeadh na dtáirgí talmhaíochta, de thoradh caillteanais eisceachtúla i ngeall ar thubaistí amhail scriosadh na n‑earraí sin nó damáiste dóibh ar ghníomhaíochtaí cogaidh, teagmhais pholaitiúla nó tubaistí nádúrtha eile ba chúis leo ( féach pointe  2.045). Ba cheart na híocaíochtaí sin a aicmiú mar aistrithe caipitil eile ( féach pointe  3.096),

cealúcháin fiachas a bhfuil conradh déanta ina leith ag táirgeoirí táirgí talmhaíochta leis an rialtas ginearálta ( mar shampla airleacain ón rialtas ginearálta dfhiontar is táirgeoir a bhfuil caillteanais oibriúcháin carntha aige in imeacht roinnt blianta airgeadais). Luaitear in 🡺2 CCE 2010 🡸 gur cheart na hidirbhearta sin a aicmiú mar aistrithe caipitil freisin,

ní luaitear lacáiste ná laghdú ar chánacha ar tháirgeadh, ioncam nó rachmas go sainráite in 🡺2 CCE 2010 🡸 nó, dá dheasca sin, in CET, ós rud é nach dtugtar cuntas ach i gcánacha a thoibhítear iarbhír,

scaireanna agus leasanna rannpháirteachais arna sealbhú ag an rialtas ginearálta i gcaipitil corparáidí agus i samhailchorparáidí talmhaíochta. Taifeadtar iad sin mar scaireanna agus mar leasanna rannpháirteachais eile.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(dd)

(d)Gníomhaireachtaí rialála margaidh

🡻 /2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(ee) (oiriúnaithe)

3.068.    I miondealú ar an ngeilleagar, sanntar gníomhaireachtaí rialála margaidh mar a leanas:

(a)i gcás ina mbaineann siad le ceannach, díol nó stóráil na n‑earraí agus leis sin go heisiach:

(i)de réir an tionscail, don trádáil; de réir an ghnáis, meastar gurb aschur seirbhísí margaidh neamhairgeadais í an ghníomhaíocht sin;

(ii)de réir na hearnála, dfhiontair chorparáideacha agus shamhailchorparáideacha neamhairgeadais, má mheastar na gníomhaireachtaí rialála margaidh sin mar aonaid institiúideacha de réir bhrí CCE 2010, agus mura meastar amhlaidh, don earnáil lena mbaineann an t‑aonad níos mó;

(b)i gcás ina mbaineann siad le híoc na bhfóirdheontas agus leis sin go heisiach:

(i)de réir an tionscail, do bhrainsí an aschuir neamh‑mhargaidh ón rialtas ginearálta, ós rud gur leis an rialtas amháin (seachas institiúidí an Aontais) is féidir fóirdheontais a íoc de réir rialú CCE 2010;

(ii)de réir na hearnála, dearnáil an rialtais ghinearálta ( féach an pointe  roimhe);

(c)i gcás ina mbaineann siad le ceannach, díol agus stóráil na n‑earraí mar aon le híoc na bhfóirdheontas:

(i)de réir tionscail, don bhrainse trádála, a mhéid a bhaineann lena n‑aonaid táirgthe (de chineál áitiúil APG) a cheannaíonn, a dhíolann nó a stórálann earraí, agus do bhrainsí an aschuir neamh‑mhargaidh ón rialtas ginearálta, in éineacht lena aonaid táirgthe;

(ii)de réir na hearnála, dearnáil an rialtais ghinearálta, ós rud gur leis an rialtas amháin is féidir fóirdheontais a íoc.Is éard a chiallódh sannadh dearnáil eile nárbh fhóirdheontais a thuilleadh de réir bhrí CCE 2010 iad na fóirdheontais a íocann an ghníomhaireacht rialála margaidh.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.1(a)

🡺2 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(ff)

3.069.Rud atá ina iarmhairt ar fheidhmiú docht an chritéir íocaíochta is ea nach bhfuil fóirdheontais éagsúla de réir bhrí 🡺1 CCE 2010 🡸 le feiceáil in CET, ós rud é go dtaifeadtar iad faoi na brainsí agus faoi na hearnálacha lena n‑íoctar na fóirdheontais. 🡺2 Go sonrach, má shanntar gníomhaireachtaí rialála margaidh dearnáil an rialtais ghinearálta, fóirdheontais a íocfar leis na gníomhaireachtaí i dtaca le próisis rialála margaidh (ceannach, stóráil agus athdhíol), beidh siad le feiceáil mar Úsáidí ach mar Acmhainní in earnáil an rialtais ghinearálta freisin.🡸 Dá dheasca sin, dfhéadfadh an rialtas ginearálta fóirdheontais ( is é sin le rá fóirdheontais eile ar tháirgeadh) a dhéanamh le gníomhaireachtaí eile an rialtais ghinearálta.

F.IONCAM Ó MHAOIN

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(gg) (oiriúnaithe)

( féach  CCE 2010, pointí 4.41 go 4.76)

🡻 138/2004

1.Sainmhíniú

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(hh)

3.070.Is éard is ioncam ó mhaoin ann an t‑ioncam infhála ag úinéir sócmhainne airgeadais nó sócmhainne neamhtháirgthe inláimhsithe mar chúiteamh ar chistí a sholáthar daonad institiúideach eile, nó mar chúiteamh ar an tsócmhainn neamhtháirgthe inláimhsithe a chur ar láimh aonaid institiúidigh eile (CCE 2010, pointe 4.41).

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(ii)

3.071.Aicmítear ioncaim ó mhaoin in CCE 2010 ar an mbealach seo a leanas:

ús (D.41),

ioncam dáilte corparáidí (díbhinní agus aistarraingtí ó ioncam samhailchorparáidí) (D.42),

tuilleamh athinfheistithe ó infheistíocht dhíreach choigríche (D.43),

ioncam eile ó infheistíocht (D.44): ioncam infheistíochta atá inchurtha i leith sealbhóirí polasaithe árachais (D.441), ioncam infheistíochta atá iníoctha i leith teidlíochtaí pinsin (D.442); ioncam ó infheistíocht atá inchurtha i leith scairshealbhóirí i gcistí comhinfheistíochta (D.443),

cíosanna (D.45).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

3.072.Níl baint ag CET ach amháin le hioncam ó mhaoin a dtugtar cuntas ann sa chuntas ioncaim fhiontraíoch ( féach  seicheamh na gcuntas,  pointí  1.38 go 1.48). Leis an gcuntas sin, taifeadtar ar thaobh na n‑acmhainní ioncam arna fháil ag aonaid de thoradh a rannpháirtíochta dírí sa phróiseas táirgthe (barrachas oibriúcháin/ioncam measctha) agus ioncam infhála ó mhaoin a fuarthas. Taifeadtar sa chuntas sin ar thaobh na n‑úsáidí ioncam iníoctha ó mhaoin atá nasctha le gníomhaíochtaí talmhaíochta (agus le gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha). I gcoitinne, ní féidir an cuntas ioncaim fhiontraíoch a ríomh ach amháin i gcás na n‑earnálacha institiúideacha, cé go bhféadfaí é a ríomh i gcás tionscail más féidir ioncam áirithe ó mhaoin a chur i leith APGanna áitiúla.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(jj)

3.073.Ní féidir ach trí chineál ioncaim ó mhaoin a bheith ábhartha do CET: ús (D.41), cíosanna (D.45) agus ioncam infheistíochta atá inchurtha i leith sealbhóirí polasaithe árachais (D.441).

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(kk)

2.Ús

(CCE 2010, pointí 4.42 go 4.52)

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

3.074.Is éard is ús ann na muirir atá iníoctha i leith iasacht chaipitil. Áirítear ann íocaíochtaí atá le déanamh de réir eatramh, íocaíochtaí seasta a shocraítear roimh ré, íocaíochtaí de chéatadán (seasta nó ina mhalairt de chás) de luach na hiasachta. In CET, is éard is ús ann contrapháirt na n‑iasachtaí arna ndeonú chun riachtanais gabháltas talmhaíochta a chomhlíonadh (mar shampla, dfhonn talamh, foirgnimh, meaisíní, feithiclí nó trealamh eile a fháil, fiú má úsáidtear na nithe sin i gcomhthéacs gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha).

3.075.Áirítear freisin le hús íocaíochtaí a bhaineann le léasú earraí caipitiúla seasta lena n‑úsáid sa talmhaíocht (rud lena bhféadfadh talamh a bheith san áireamh). Is é cuid an chíosa (a láimhseáiltear mar iasacht bharúlach arna deonú ag an léasóir don léasaí) a íocann an léasaí an t‑aon chuid a áirítear faoi íoc an úis (taifeadtar cuid an chaipitil sa chuntas airgeadais).

3.076.Ba cheart a thabhairt ar aird nach dtaifeadtar ús barúlach ar chaipitil chothromais sheasta i ngabháltais talmhaíochta faoin gceannteideal sin; bíonn sé le feiceáil mar chomhpháirt ioncam an fhiontair thalmhaíochta ( féach pointe  5.06). Ar an gcaoi chéanna, leis an méid atá le taifeadadh mar ús iníoctha, áirítear fóirdheontais rátaí úis don talmhaíocht.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(ll)

3.077.Ús i dtaca le gníomhaíochtaí talmhaíochta agus a fhaigheann aonaid a bhaineann le fiontair thalmhaíochta chorparáideacha, ba cheart é sin a thaifeadadh freisin. Eisiatar ús infhaighte ag fiontair aonaracha ón tomhas ar ioncam fiontraíoch an tionscail talmhaíochta, ós rud é gur airíodh nach bhfuil tromlach na sócmhainní úsmhara nasctha le gníomhaíocht talmhaíochta na n‑aonad agus toisc go mbíonn sé an‑deacair idirdhealú a dhéanamh idir sócmhainní teaghlaigh agus sócmhainní a úsáidtear sa táirgeadh 42 .

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

3.078.Taifeadtar ús i gcomhréir leis an bprionsabal um fhabhruithe,  is é sin le rá mar ús fabhraithe (ní mar ús a íocadh).

🡻 909/2006 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.5 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(mm)

3.079.Agus luach na seirbhísí arna soláthar ag idirghabhálaithe airgeadais á leithdháileadh i measc custaiméirí éagsúla, ní mór na híocaíochtaí iarbhír úis nó na fáltais úis le hidirghabhálaithe airgeadais nó uathu a choigeartú chun na corrlaigh a dhíothú, corrlaigh atá in ionannas le muirir intuigthe arna ndéanamh ag na hidirghabhálaithe airgeadais. Ba cheart luach measta na gcostas sin a bhaint den ús a díoc iasachtaithe le hidirghabhálaithe airgeadais agus ba cheart é a chur leis an ús a fhaigheann taisceoirí. 🡺1 Meastar na costais mar luach saothair ar sheirbhísí arna soláthar ag idirghabhálaithe airgeadais dá gcliaint agus ní mar íocaíocht úis (féach  pointe  2.108 agus  pointe  2.109(i); CCE 2010, pointe 4.51). 🡸

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(nn) (oiriúnaithe)

3.Cíosanna (ar thalamh agus ar shócmhainní fo‑ithreach)

(CCE 2010, pointí 4.72  go  4.76)

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(oo)

🡺2 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(pp)

🡺3 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.1(a)

3.080.🡺1 Comhfhreagraíonn cíosanna díocaíochtaí a rinneadh le húinéir na sócmhainní inláimhsithe neamhtháirgthe (sócmhainní ar thalamh agus sócmhainní fo‑ithreach) mar chúiteamh ar shócmhainní a chur ar fáil daonad eile.🡸 In CET, comhfhreagraíonn an ítim sin go príomha do chíosanna ar thalamh a íocann sealbhóirí leis na húinéirí talún 43 .

3.081.I gcás ina n‑íocann an t‑úinéir muirir áirithe atá nasctha go díreach le gníomhaíocht talmhaíochta (cáin mhaoine, an costas chun talamh a chothabháil, etc.), ba cheart na cíosanna atá le taifeadadh a laghdú dá réir sin. Tugtar cuntas sna muirir sin mar chánacha eile ar tháirgeadh (i gcás na cánach maoine) nó mar thomhaltas idirmheánach (i gcás na cothabhála talún).

3.082.Níl ar áireamh i gcíosanna ar thalamh cíosanna ó fhoirgnimh agus ó theaghaisí atá suite air; láimhseáiltear na cíosanna sin mar íocaíocht as seirbhís mhargaidh arna soláthar ag an úinéir do thionónta an fhoirgnimh nó na teaghaise, agus tá siad le taifeadadh sna cuntais mar thomhaltas idirmheánach seirbhísí nó mar chaiteachas ar thomhaltas críochnaitheach (cuntais teaghlaigh), de réir chineál an aonaid tionónta. Mura bhfuil aon bhonn oibiachtúil ann ar ar féidir an íocaíocht a roinnt idir cíos ar thalamh agus cíos ó na foirgnimh atá suite air, tá an méid iomlán le taifeadadh mar chíos ar thalamh. 🡺2 Leagan oiriúnaithe is ea an riail sin den mholadh in CCE ( féach  CCE 2010, pointe 4.73)🡺3  44  🡸🡸

3.083.Ba cheart an cíos uile ar thalamh a thaifeadadh faoin gceannteideal seo cibé acu a ligtear an talamh ar cíos ar feadh níos lú nó níos mó ná 1 bhliain amháin.

3.084.Ní áirítear ar chíosanna:

luach cíosa na n‑aonad tithíochta atá sna foirgnimh sin; is luach saothair ar sheirbhís mhargaidh é sin, atá ina chomhpháirt den tomhaltas príobháideach ( is é sin le rá íocann an t‑áititheoir an cíos óna ghlanioncam iarmharach),

cíosanna arna n‑íoc chun úsáid ghairmiúil a bhaint as foirgnimh neamhchónaithe ( féach pointe  2.109(a)),

dímheas foirgneamh,

caiteachas ar chothabháil reatha ar fhoirgnimh ( féach pointe  2.106),

cáin mhaoine ( 3.048(a)),

speansais a bhaineann le hárachas foirgneamh ( féach pointe  2.109(g)).

3.085.I gcás na talún agus na bhfoirgneamh a mbaineann an t‑úinéir úsáid astu, níl aon ghá ann cuntas a thabhairt i gcíosanna barúlacha. Na cíosanna a chomhfhreagraíonn do shócmhainní doláimhsithe neamhtháirgthe amhail sócmhainní paitinnithe agus cearta táirgthe (cuótaí bainne), ba cheart iad a thaifeadadh mar thomhaltas idirmheánach ( féach pointe  2.109(n)).

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(qq)

4.Ioncam infheistíochta atá inchurtha i leith sealbhóirí polasaí árachais (nach gcumhdaítear le CET)

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(rr)

🡺2 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.1(a)

🡺3 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(ss)

3.086.🡺1 Ioncam infheistíochta atá inchurtha i leith sealbhóirí polasaithe árachais, comhfhreagraíonn sé dioncaim phríomha iomlána a fhaightear ó infheistiú na gcúlchistí teicniúla árachais agus na gcistí pinsin ( féach  CCE 2010, pointe 4.68). 🡸 Láimhseáiltear na cúlchistí teicniúla sin mar shócmhainní ar leis na hárachaithe iad. Déantar foráil in 🡺2 CCE 2010 🡸 maidir le hioncam fiontraíochta a ríomh chun go n‑áireofar, mar acmhainní, ioncaim a fhaightear ó infheistiú na gcúlchistí teicniúla árachais. Sanntar an t‑ioncam sin don árachaí mar ioncam ó mhaoin a shanntar do shealbhóirí polasaithe árachais. Láimhseáiltear an t‑ioncam sin ó mhaoin mar ioncam a íoctar ar ais leis na fiontair árachais i bhfoirm préimheanna breise, ós rud é, sa chleachtas, go gcoimeádann siad an t‑ioncam ( féach  🡺2 CCE 2010 🡸, pointe 4.69).

3.087.🡺3 Ní chumhdaítear le CET ioncam infheistíochta atá inchurtha i leith sealbhóirí polasaithe árachais. 🡸 Go deimhin, chun go mbeidh brí leis, ba cheart an méid seo a leanas a dhéanamh le tomhas ar an ioncam ó ghníomhaíocht talmhaíochta:

na sreafaí uile a bhaineann le hárachas neamhshaoil a áireamh (luach na seirbhíse, ioncam a shanntar do shealbhóirí polasaithe árachais, glanphréimheanna agus éilimh): sa chás sin, bíonn an t‑ioncam a thomhaistear le feiceáil tar éis tuairisc a bheith tugtha ar idirbhearta uile an athdháileacháin (idir sealbhóirí polasaithe árachais agus fiontair árachais agus idir tréimhsí) atá nasctha le hárachas neamhshaoil, nó

gan ach luach na seirbhíse a chur san áireamh (arb é an luach sin a fhaightear go cinnte ón bhfiontar árachais) ( féach pointe  2.109. (g)): sa chás sin, bíonn an t‑ioncam a thomhaistear le feiceáil sula dtugtar an tuairisc tugtha ar idirbhearta uile an athdháileacháin.

Is é an dara réiteach atá roghnaithe in CET.

G.AISTRITHE CAIPIITL

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(tt) (oiriúnaithe)

( féach  cf. CCE 2010, pointí 4.145 go 4.167)

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

3.088.Ní thaifeadtar daistrithe caipitil in CET ach aistrithe caipitil infhaighte,  is é sin le rá deontais infheistíochta agus aistrithe caipitil eile. Taifeadtar na hidirbhearta dáileacháin sin sa chuntas caipitil ( féach pointí  1.41 agus 1.48).

1.Deontais infheistíochta

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(uu) (oiriúnaithe)

3.089.Is éard is deontais infheistíochta ann aistrithe caipitil, in airgead tirim nó aistrithe caipitil comhchineáil, a chuireann an rialtas ginearálta nó an chuid eile den domhan i bhfeidhm maidir le haonaid institiúideacha chónaitheacha nó neamhchónaitheacha eile agus é dfheidhm acu costas faighte na n‑earraí caipitiúla seasta a mhaoiniú, go páirteach nó go hiomlán ( féach  CCE 2010, pointe 4.152). Cuimsítear le deontais infheistíochta ón gcuid eile den domhan na deontais sin arna ndeonú go díreach ag institiúidí an Aontais tríd an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(vv)

3.090.Ní áirítear fóirdheontais úis faoi dheontais infheistíochta ( féach pointe  3.064), fiú má bhíonn siad beartaithe chun idirbhearta infheistíochta a éascú. Ba cheart é a choinneáil i gcuimhne, áfach, má rannchuidíonn deontas le scor fiachais a mhaoiniú agus le híoc an úis ar an gcaipiteal agus mura féidir é a scaradh ón dá chomhpháirt sin, ba cheart an deontas a thaifeadadh ina iomláine mar dheontas infheistíochta ansin.

3.091.🡺1 Is iad seo a leanas na cineálacha deontas eile is tábhachtaí dá ndéantar trí CERT agus CETFT agus na cineálacha deontas infheistíochta eile is tábhachtaí: 🡸

deontais chun úlloird nó fíonghoirt a athstruchtúrú, a mhéid arb iad is ábhar oibleagáide chun athphlandú a dhéanamh ( féach pointe  3.067),

aisíocaíocht, le haghaidh chuntas rialtais ghinearálta, in iasachtaí ar conradh ag aonaid táirgthe chun a n‑infheistíocht a mhaoiniú,

deontais le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta dfheirmeoirí óga chun cuidiú le héadáil sócmhainní a mhaoiniú.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(ww) (oiriúnaithe)

3.092.Ba cheart deontais infheistíochta in airgead tirim a thaifeadadh tráth atá íocaíocht le déanamh. Taifeadtar deontais infheistíochta chomhchineáil tráth a aistrítear úinéireacht na sócmhainne. ( féach  CCE 2010, pointe 4.162).

🡻 138/2004

2.Aistrithe caipitil eile

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(xx)

3.093.Cuimsíonn aistrithe caipitil eile aistrithe seachas deontais infheistíochta agus cánacha caipitil nach n‑athdháileann ioncam iad féin ach a athdháileann coigilt nó rachmas i measc earnálacha nó fho-earnálacha éagsúla an gheilleagair nó an chuid eile den domhan. Is féidir iad a dhéanamh in airgead tirim nó i gcomhchineál (cásanna ina nglactar fiacha nó ina gcealaítear fiacha) agus comhfhreagraíonn siad daistrithe deonacha rachmais. (CCE 2010, pointe 4.164).

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(yy)

3.094.Tá aistrithe caipitil eile difriúil le deontais infheistíochta i dtaca le dhá ghné:

ní fhéadfaidh ach an rialtas ginearálta deontais infheistíochta a íoc amach ach féadfaidh na haonaid institiúideacha uile aistrithe caipitil eile a íoc amach,

bíonn deontais infheistíochta teoranta díocaíochtaí atá bainteach le héadáil sócmhainne seasta ach is féidir aistrithe caipitil eile a bheith nasctha le haon fhoirm daistriú coigiltis nó sócmhainní idir aonaid.

3.095.Dfhéadfadh aistrithe caipitil eile a bheith i bhfoirm cúitimh, arna thabhairt ag an rialtas ginearálta nó ag an gcuid eile den domhan, dúinéirí earraí caipitiúla a scriosadh le gníomhartha cogaidh nó le tubaistí nádúrtha, amhail tuilte, etc. 🡺1 Áirítear orthu freisin aistrithe ón rialtas ginearálta chun caillteanais a chumhdach a carnadh in imeacht roinnt blianta airgeadais agus lenar bhain cúiseanna nach raibh smacht ag an bhfiontar orthu ( féach  cf. CCE 2010, pointe 4.165). 🡸

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(zz) (oiriúnaithe)

3.096.I gcás na talmhaíochta, áirítear iad seo a leanas ar aistrithe caipitil eile:

deontais chun úlloird nó fíonghoirt a thréigean go buan,

deontais chun scor de tháirgeadh bainne nó chun an táirgeadh sin a laghdú (a mhéid a dhéanann na deontais difear, go sainráite nó go hintuigthe, do luach na gcuótaí),

cúiteamh le haghaidh caillteanais eisceachtúla agus thubaisteacha earraí caipitiúla seasta a úsáidtear i dtáirgeadh earraí talmhaíochta ( mar shampla ainmhithe agus trealamh) ( féach pointí  2.045 agus 3.067),

deontais le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta dfheirmeoirí óga chun críoch eile seachas éadáil sócmhainní a mhaoiniú,

deontais mar chúiteamh ar laghdú ar luach na sócmhainní nó chun fiachais a laghdú,

mór‑íocaíochtaí i gcúiteamh ar dhamáiste nó ar ghortuithe nach gcumhdaítear le polasaithe árachais (seachas íocaíochtaí ón rialtas ginearálta nó ón gcuid eile den domhan agus ar a dtugtar tuairisc in CCE 2010 faoi phointe 4.165 (a)) arna ndámhachtain ag cúirteanna dlí nó a socraíodh lasmuigh den chúirt, mar shampla íocaíocht le haghaidh cúiteamh ar dhamáiste ar phléascthaí móra, doirtí ola, etc. (CCE 2010, pointe 4.165 (h)).

🡻 138/2004

3.097.Taifeadtar aistrithe caipitil eile nuair atá íocaíocht dlite (agus, i gcás aistrithe comhchineáil, nuair a aistrítear úinéireacht na sócmhainne nó nuair a chealaíonn an creidiúnaí an fiachas).

H.ÍDIÚ AN CHAIPITIL SHEASTA

🡻 2019/2019 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(aaa) (oiriúnaithe)

( féach  CCE 2010, pointí 3.139 go 3.145)

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.6(bbb)

🡺2 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.7

🡺3 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.1(a)

3.098.Caitheamh agus cuimilt agus dífheidhmeacht intuartha earraí caipitiúla seasta in imeacht na tréimhse cuntasaíochta, is muirear atá i gceist leis sin, rud atá intuigthe ar choinníoll nach gcuirfear éadáil nua in ionad na hítime. Déantar an caitheamh agus an chuimilt agus an dífheidhmeacht sin a thomhas mar ídiú an chaipitil sheasta. Agus iad san áireamh faoi úsáidí sa chuntas táirgeachta, is féidir caiteachas ar fhoirmiú caipitil sheasta a dháileadh i gcaitheamh thréimhse iomlán na húsáide.

3.099.Más faide ná 1 bhliain amháin í saolré eacnamaíoch na modhanna táirgthe, is éard atá i gceist le hídiú an chaipitil sheasta méid an chaipitil sheasta a úsáidtear sa phróiseas táirgthe le linn na tréimhse cuntasaíochta de thoradh an ghnáthchaithimh agus na gnáthchuimilte agus na dífheidhmeachta intuartha 45 . Más amhlaidh, ar an taobh eile, gur lú ná 1 bhliain amháin saolré eacnamaíoch na modhanna táirgthe, taifeadtar an caitheamh agus an chuimilt mar thomhaltas idirmheánach.

3.100.Na hearraí caipitiúla seasta uile ( is é sin le rá táirgí), tá siad faoi réir ídiú an chaipitil sheasta iad (cé gur gá solúbthacht áirithe i gcásanna sonracha;  féach pointe  3.105). Áirítear leis sin sócmhainní seasta doláimhsithe agus inláimhsithe, mórfheabhsuithe ar shócmhainní neamhtháirgthe agus na costais atá bainteach le haistriú na húinéireachta. Ní ríomhtar ídiú an chaipitil sheasta le haghaidh stoc nó obair idir lámha, ná le haghaidh sócmhainní neamhtháirgthe amhail talamh, fosuithe faoi thalamh agus sócmhainní paitinnithe.

3.101.Níl in ídiú an chaipitil sheasta ach aon chomhpháirt amháin den athrú ar luach na sócmhainní (in éineacht le OFCS, athruithe eile ar mhéid agus gnóthachain ainmniúla sealúchais (glan ó chaillteanais);  féach pointe  2.134). Go sonrach, ní áirítear le hídiú an chaipitil sheasta athruithe eile ar mhéid na sócmhainní (seachas athruithe eile i ngeall ar OFCS):

caillteanais eisceachtúla nó caillteanais thubaisteacha (creathanna talún, cogaí, triomach, eipidéimí, etc.),

dífheidhmeacht neamh‑intuartha, arb í sin an difríocht idir forálacha arna ndéanamh in ídiú an chaipitil sheasta le haghaidh gnáthchaitheamh agus gnáthchuimilt agus caillteanais iarbhír, teagmhais thubaisteacha is cúis le dímheas is mó ná an dímheas ar tugadh cuntas ann ar bhonn ídiú an chaipitil sheasta lena raibh coinne,

athruithe ar aicmiú na sócmhainní seasta,  is é sin le rá athruithe ar a n‑úsáid eacnamaíoch, mar is amhlaidh i gcás na talún feirmeoireachta nó foirgnimh arna dtiontú le haghaidh úsáid phríobháideach nó úsáid eacnamaíoch dhifriúil.

3.102.Ídiú an chaipitil sheasta, nach mór idirdhealú a dhéanamh idir é agus dímheas arna ríomh chun críoch fioscach agus an dímheas atá le feiceáil i gcuntais na cuideachta, ba cheart meastóireacht a dhéanamh air ar bhonn stoic na n‑earraí caipitiúla seasta agus saolré eacnamaíoch dhóchúil chatagóirí éagsúla na n‑earraí atá i gceist. Mura bhfuil aon fhaisnéis ar fáil faoi stoc na n‑earraí caipitiúla seasta, moltar go ríomhfar an stoc agus modh an stoc‑chuntais shíoraí á úsáid agus go ndéanfar meastóireacht ar a phraghas éadála sa tréimhse thagartha ( is é sin le rá luach athsholáthair na sócmhainní le linn na bliana tagartha, ní ar bhonn luachanna stairiúla). Fionntar an luach athsholáthair ó na praghsanna nach mór do shealbhóirí a íoc, le linn aon tréimhse tagartha, chun earra caipitiúil seasta nua a chur in ionad earra caipitiúil seasta, arb earra é sin ar a bhfuil cosúlacht chomh dlúth agus is féidir leis an earra eile. Is gá dul ar aghaidh ar an mbealach sin chun an ghlantáirgeacht intíre a ríomh go beacht.

3.103.Ríomhtar ídiú an chaipitil sheasta trí mhodh an dímheasa línigh,  is é sin le rá trí luach an earra chaipitiúil sheasta atá i gceist a shannadh go cothrom i gcaitheamh na tréimhse ar fad ina n‑úsáidtear é. Sainítear ráta an dímheasa leis an bhfoirmle 100/n, inarb é n saolré eacnamaíoch dhóchúil na catagóire sin de réir blianta (dfhéadfadh n a bheith éagsúil ó thír go chéile agus le himeacht ama). Is féidir leis an ráta dímheasa a bheith geoiméadrach, i gcásanna áirithe. I bhfianaise úsáid an phraghais athsholáthair reatha agus ráta seasta ídiú an chaipitil sheasta, bíonn ídiú an chaipitil sheasta éagsúil ó bhliain go bliain mura dtagann aon athrú ar phraghsanna an cheannaitheora i gcaitheamh ghnáth‑shaolré eacnamaíoch na sócmhainne.

3.104.Ídiú an chaipitil sheasta i bhfoirm na gcostas atá bainteach le haistriú úinéireacht na sócmhainní doláimhsithe agus inláimhsithe, ba cheart é a ríomh ar bhonn ghnáthré eacnamaíoch, arb é 1 bhliain amháin a bhíonn i gceist de réir an ghnáis.

3.105.Comhfhreagraíonn ídiú an chaipitil sheasta in ainmhithe don laghdú lena bhfuil coinne ar tháirgiúlacht na n‑ainmhithe má úsáidtear chun críoch táirgthe iad (bainne, ola, etc.), rud a léirítear i luach reatha an ioncaim thodhchaíoch is féidir a fháil ó na hainmhithe sin. Toisc go dtéann luach todhchaíoch an ioncaim ó ainmhithe táirgiúla i laghad le himeacht ama, caithfidh na hainmhithe bheith ina gcuspóir dídiú sin a chaipitil sheasta. I bhfianaise dheacrachtaí praiticiúla ídiú an chaipitil sheasta a ríomh le haghaidh an chineáil sin sócmhainne, áfach, airíodh nár cheart ídiú an chaipitil sheasta a ríomh le haghaidh ainmhithe táirgiúla. An cinneadh ainmhithe a eisiamh ón ríomh sin, bhí sé bunaithe ar na breithnithe seo a leanas:

tá dímheas i dtéarmaí na táirgiúlachta agus an luacha eacnamaíoch nasctha leis an aois, ach ní feidhm leanúnach, thráthrialta agus dhíreach den aois é, mar ais amhlaidh ina mhalairt de chás go hintuigthe le haghaidh an dímheasa,

ainmhithe a aistarraingt ón tréad táirgiúil, dfhéadfadh sé sin a bheith ina fheidhm den timpeallacht eacnamaíoch (athruithe ar na praghsanna is féidir a fháil le haghaidh ainmhithe maraithe agus praghsanna beatha ainmhithe, etc.).

3.106.Cé nach gcuireann na breithnithe sin bac ar ídiú an chaipitil sheasta a ríomh i gcás an bheostoic, fágann siad go mbíonn na ríomhanna sin an‑chasta i dtéarmaí sainmhínithe leormhaithe ar an tsaolré mheánach agus ar rátaí meánacha ídiú an chaipitil sheasta. Ina mhalairt de chás, bheadh sé deacair an chomhsheasmhacht a áirithiú idir dímheas meánach réamh‑mheasta na n‑ainmhithe agus an dímheas meánach iarbhír. 🡺1 Leis an láimhseáil sin, áirithítear an chomhoiriúnacht freisin idir CET agus CCE 2010 ( féach  CCE 2010, pointe 3.140) agus cuntais mhaicreacnamaíocha an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme agus cuireann an láimhseáil sin deireadh leis an ngá idirdhealú a dhéanamh idir saintréith earraí caipitiúla seasta a bheith ag beostoc agus saintréith stoic a bheith ag beostoc. 🡸

IV.IONCHUR SAOTHAIR TALMHAÍOCHTA

4.01.Leis an bhfostaíocht talmhaíochta, cumhdaítear na daoine uile — idir fhostaithe agus fhostaithe féinfhostaithe — a sholáthraíonn aschur saothair tuarastail agus neamh‑thuarastail do na haonaid chónaitheacha a dhéanann gníomhaíochtaí saintréitheacha (gníomhaíochtaí talmhaíochta agus gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha) an tionscail talmhaíochta a bhaineann le CET.

Áirítear gach duine atá in aois scoir agus a leanann de bheith ag obair ar an ngabháltas san fhostaíocht talmhaíochta.

Ní áirítear daoine nach bhfuil aois fágála scoile bainte amach acu.

4.02.Sainmhínítear fostaithe mar na daoine uile a oibríonn, de réir comhaontaithe, daonad institiúideach eile (arb aonad talmhaíochta é) agus a fhaigheann luach saothair (a thaifeadtar mar chúiteamh dfhostaithe,  féach  Roinn C de Chaibidil III). Gairtear saothar tuarastail don ionchur saothair a sholáthraíonn fostaithe. De réir an ghnáis, aicmítear saothar oibrithe nach baill den teaghlach iad mar ionchur saothair tuarastail. I gcás ina n‑eagraítear aonad talmhaíochta mar ghnáthchuideachta ( féach pointe  5.09), aicmítear an t‑ionchur uile dá ndéantar mar ionchur saothair tuarastail.

4.03.Sainmhínítear daoine féinfhostaithe mar dhaoine arb iad úinéirí aonair, nó úinéirí comhpháirteacha, na bhfiontar neamhchorpraithe ina n‑oibríonn siad. Gairtear saothar neamh‑thuarastail don ionchur saothair a sholáthraíonn daoine féinfhostaithe. Baill de theaghlach an tsealbhóra nach bhfaigheann cúiteamh atá réamhshainithe agus a ríomhtar de réir na hoibre iarbhír dá gcuid, aicmítear mar dhaoine féinfhostaithe iad.

4.04.I gcás cuideachtaí sonracha ( féach  Roinn B de Chaibidil V), láimhseáiltear ionchur saothair na n‑oibrithe ar an mbealach céanna agus a láimhseáiltear i gcás fiontair neamhchorpraithe (dílseánachtaí aonair). Roinntear ioncam measctha an aonaid (ionchur saothair neamh‑thuarastail) idir na stiúrthóirí/scairshealbhóirí, agus faigheann a bhfostaithe luach saothair (ionchur saothair tuarastail).

4.05.Líon iomlán na n‑uaireanta an chloig a oibríodh, sin é líon comhiomlán iarbhír na n‑uaireanta an chloig a oibríodh mar fhostaí nó mar dhuine féinfhostaithe daonaid talmhaíochta chónaitheacha, le linn na tréimhse cuntasaíochta.

4.06.🡺2 Tuairisc ar a n‑áirítear i líon iomlán na n‑uaireanta an chloig a oibríodh agus ar a n‑eisiatar ón líon sin, tá sí le fáil in CCE 2010 (pointí 11.27 agus 11.28). 🡸 Ní chumhdaítear le líon iomlán na n‑uaireanta an chloig a oibríodh obair do theaghlach príobháideach an tsealbhóra nó an bhainisteora.

4.07.Sainmhínítear aonaid oibrithe bhliantúla (AWUnna) mar choibhéis lánaimseartha (a chomhfhreagraíonn do líon na bpost coibhéiseach lánaimseartha),  is é sin le rá mar líon iomlán na n‑uaireanta an chloig a oibríodh arna roinnt ar líon meánach bliantúil na n‑uaireanta an chloig a oibríodh i bpoist lánaimseartha laistigh den chríoch eacnamaíoch.

4.08.Ní féidir le haon duine amháin a bheith ina ionadaí ar bhreis agus aon AWU amháin. Is amhlaidh an srian fós fiú má bhíonn duine ag obair sa tionscal talmhaíochta ar feadh breis agus an líon uaireanta an chloig lena sainítear obair lánaimseartha.

4.09.Ionchur saothair talmhaíochta na ndaoine a oibríonn líon uaireanta an chloig is lú ná obair lánaimseartha ar ghabháltais talmhaíochta, ríomhtar é sin mar an líon uaireanta an chloig a oibríodh iarbhír (in aghaidh na seachtaine nó na bliana) agus an líon uaireanta an chloig a oibríodh iarbhír (in aghaidh na seachtaine nó na bliana) i bpost lánaimseartha.

4.10.Ní gá go mbeidh an líon uaireanta an chloig a oibrítear iarbhír i bpost lánaimseartha mar an gcéanna le haghaidh na gcatagóirí saothair uile. Dfhéadfadh sé a bheith amhlaidh gur mó an líon uaireanta an chloig atá i gceist le post lánaimseartha agus a úsáidtear i gcás daoine féinfhostaithe ná an líon uaireanta an chloig a úsáidtear i gcás fostaithe. Sa chás deireanach sin, déantar líon uasta na n‑uaireanta an chloig atá le hoibriú a leagan síos i gconradh.

4.11.Níl an líon uaireanta an chloig a oibríonn duine le coigeartú le comhéifeacht áirithe mar gheall ar aois ( is é sin le rá faoi bhun 16 nó os cionn 65) nó ar inscne. Ní mór an comhionannas a chur i bhfeidhm. Cinntear lánaimseartha de réir an líon uaireanta an chloig a oibrítear agus ní chinntear amhlaidh mar mheastóireacht ar mhéid agus/nó ar cháilíocht a tháirgtear.

4.12.Mura mbeidh cúiseanna ann le foinsí malartacha a bheith ina gcéad rogha, ba cheart an AWU atá in ionannas le hobair lánaimseartha sa talmhaíocht a bheith bunaithe ar an sainmhíniú atá i bhfeidhm faoi láthair i suirbhéanna an Chomhphobail ar struchtúr na ngabháltas talmhaíochta, mar uaireanta íosta an chloig a cheanglaítear leis na forálacha náisiúnta lena rialaítear conarthaí fostaíochta. Mura luaitear líon na n‑uaireanta bliantúla, glacfar 1 800 uair an chloig mar an figiúr íosta (225 lá oibre agus 8 n‑uair an chloig in aghaidh an lae).

V.TÁSCAIRÍ IONCAIM TALMHAÍOCHTA

5.01.Ceann de phríomhchuspóirí CET is ea an t‑ioncam talmhaíochta agus na hathruithe atá ag teacht air a thomhas.

A.IONCAIM AGUS ÍTIMÍ COMHARDAITHE A SHAINMHÍNIÚ

5.02.Is féidir ioncam a shainmhíniú mar an méid uasta is féidir leis an tairbhí a thomhailt i gcaitheamh tréimhse áirithe gan méid sócmhainní  an tairbhí  a laghdú. Is féidir é a shainmhíniú freisin mar iomlán an tomhaltais agus an athraithe ar luach na sócmhainní arna sealbhú i gcaitheamh tréimhse airithe, agus gach ní eile mar a chéile, toisc gurb éard atá i gceist le hioncam an méid a dfhéadfadh a bheith tomhailte. Leis an idirdhealú a rinneadh in 🡺3 CCE 2010 🡸 idir cuntais reatha agus an cuntas caipitil, táthar in ann staidéar a dhéanamh ar an tomhaltas uasta féideartha agus tomhas an tomhaltais agus an choigiltis sna cuntais reatha á úsáid, mar aon le tomhas an athraithe ar luach na sócmhainní sa chuntas caipitil.

5.03.Fágann seicheamh chuntais ( féach pointe  1.43) an tionscail talmhaíochta go bhfuil sé indéanta trí ítim chomhardaithe a ríomh is féidir a úsáid mar chomhiomlán ioncaim le haghaidh an tionscail talmhaíochta: breisluach glan, glanbharrachas oibriúcháin (glanioncam measctha) agus glanioncam fiontraíochta. Leagtar amach an ghaolmhaireacht idir na hítimí sin sa mhéid seo a leanas:

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.8(a)

Cuntas táirgeachta

Giniúint an chuntais ioncaim

Cuntas ioncaim fiontraíochta

P.1

Aschur

B.1n

Breisluach glan

B.2n

B.3n

Glanbharrachas oibriúcháin/glanioncam measctha

P.2

Tomhaltas idirmheánach

D.1

Cúiteamh fostaithe

D.41

+

Ús infhaighte 46

P.51c

Ídiú an chaipitil sheasta

D.29

Cánacha eile ar tháirgeadh

D.41

Ús iníoctha

D.39

+

Fóirdheontais eile ar tháirgeadh

D.45

Cíos íoctha

B.1n

=

Breisluach glan

B.2n

B.3n

=

Glanbharrachas oibriúcháin/glanioncam measctha

B.4n

=

Glanioncam fiontraíoch

D.29

Cánacha eile ar tháirgeadh

D.39

+

Fóirdheontais eile ar tháirgeadh

=

Ioncam ó fhachtóirí talmhaíochta/ioncam fachtóra

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

5.04.Le breisluach glan an tionscail, tomhaistear an luach arna chruthú ag na haonaid phríomhghníomhaíochta áitiúla talmhaíochta uile, tar éis ídiú an chaipitil sheasta. I bhfianaise go ndéantar aschur a luacháil ag bunphraghsanna agus tomhaltas idirmheánach a luacháil ag praghsanna an cheannaitheora, tá sa bhreisluach fóirdheontais ar tháirgí lúide cánacha ar tháirgí. Le hioncam ó fhachtóirí talmhaíochta (arna shainmhíniú mar bhreisluach glan ag bunphraghsanna lúide cánacha eile ar tháirgeadh móide fóirdheontais eile ar tháirgeadh), tomhaistear luach saothair na dtosca táirgeachta uile (talamh, caipiteal, saothar) agus is féidir an téarma ioncam fachtóra a úsáid lena aghaidh, toisc gurb é an luach uile arna ghiniúint ag aonad atá ag gabháil do ghníomhaíocht táirgthe.

5.05.Le glanbharrachas oibriúcháin, tomhaistear an táirgeacht ó thalamh, caipiteal agus saothar neamh‑thuarastail. Is é atá ann comhardú an chuntais ghiniúna ioncaim, lena dtugtar le fios dáileadh an ioncaim idir na tosca táirgeachta agus earnáil an rialtais ghinearálta. Ríomhtar an breisluach glan agus an glanbharrachas oibriúcháin i gcás na dtionscal.

5.06.Le glanioncam fiontraíoch, a fhaightear tríd an ús a fhaigheann aonaid talmhaíochta arna n‑eagrú mar chuideachtaí, a chur leis an nglanbharrachas oibriúcháin agus cíos a asbhaint de sin ( is é sin le rá cíosa feirme agus talún) mar aon le híocaíochtaí úis, tomhaistear cúiteamh saothair neamh‑thuarastail, luach saothair ó thalamh ar le haonaid é agus an táirgeacht a eascraíonn as úsáid an chaipitil. Tá sé comhchosúil le coincheap na cuntasaíochta corparáidí i dtaca leis an mbrabús reatha roimh dháileadh agus roimh chánacha ar ioncam. Cé nach ríomhtar glanioncam fiontraíoch i gcás tionscal i gcónaí, is féidir meastóireacht a dhéanamh air i gcás an tionscail talmhaíochta toisc go bhfuil sé indéanta cuid an úis agus na gcíosanna atá nasctha le gníomhaíocht talmhaíochta go heisiach a chinneadh (agus le gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta tánaisteacha).

5.07.I gcás na ndílseánachtaí aonair, is éard atá san ioncam fiontraíoch, ar thaobh amháin, cúiteamh na hoibre a dhéanann an sealbhóir talmhaíochta (agus obair ó bhaill teaghlaigh neamh‑thuarastail) agus, ar an taobh eile, an t‑ioncam atá fágtha leis an bhfiontar, gan é a bheith indéanta an dá chomhpháirt sin a dheighilt (an téarma sealbhóir mar a úsáidtear anseo é, tagraíonn sé go nádúrtha do na daoine uile a reáchtálann dílseánachtaí aonair sa tionscal sin). Dá bhrí sin, is ioncam measctha é. Mar an gcéanna le haon tionscal eile, áfach, cuimsítear leis an tionscal talmhaíochta aonaid táirgthe a bhaineann le cineálacha difriúla aonad institiúideach: cuideachtaí agus dílseánachtaí aonair. Tá difríocht idir ioncam fiontraíoch arna ghiniúint ag dílseánachtaí aonair agus an t‑ioncam fiontraíoch arna ghiniúint ag aonaid arna n‑eagrú mar chuideachtaí. Sa chás deiridh sin, is é ioncam fiontraíoch díreach atá ann, toisc go n‑eisiatar leis aon ioncam saothair (ní mór cúiteamh oibre a mheas mar chúiteamh saothair íoctha fiú má bhaineann le riarthóirí agus le scairshealbhóirí na cuideachta).

5.08.Ní mór a choinneáil ar aigne maidir leis na comhiomláin ioncaim, a fhaightear mar ítimí comhardaithe sheicheamh chuntais an tionscail, nach táscairí ioncaim iomláin iad ná táscairí ioncam indiúscartha na dteaghlach atá fostaithe sa talmhaíocht, toisc gurb amhlaidh maidir leis na teaghlaigh sin, i dteannta na hioncaim dá gcuid ón talmhaíocht amháin, go bhféadfadh ioncam a bheith acu ó fhoinsí eile (gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta, luach saothair, sochair shóisialta, ioncam ó mhaoin). I bhfocail eile, ní mór gan ioncam talmhaíochta a mheas mar ioncam feirmeoirí. Thairis sin, baineann tomhas sin an ioncaim leis an ioncam arna ghiniúint le gníomhaíochtaí talmhaíochta (mar aon le gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha) i gcaitheamh tréimhse chuntasaíochta áirithe, cé nach bhfaighfear na hioncaim chomhfhreagracha go dtí dáta níos déanaí i gcásanna áirithe. Dá bhrí sin, ní hé sin an t‑ioncam a fhaightear go héifeachtach i gcúrsa na tréimhse cuntasaíochta í féin.

B.CÓIREÁIL IONCAIM Ó AONAID ARNA nEAGRÚ AR BHONN CORPARÁIDEACH

5.09.Is iad dílseánachtaí aonair (nó gabháltais teaghlaigh) an fhoirm aonad talmhaíochta is coitianta san Aontas . Mar sin féin, dfhéadfadh aonaid táirgthe talmhaíochta áirithe a bheith eagraithe ar bhonn corparáideach agus a bheith i bhfoirm ghnáthchuideachtaí ( is é sin le rá tá a leagan amach comhchosúil le leagan amach na gcuideachtaí atá in earnálacha eile den gheilleagar) nó i bhfoirm chuideachtaí ag a bhfuil saintréithe níos sonraí (amhail, mar shampla, i gcás feirmeora a chruthaíonn, ar chúiseanna cánach, cuideachta shonrach ar leithligh le haghaidh chuid tráchtála de ghníomhaíocht eacnamaíoch  an fheirmeora , nó grúpa feirmeoirí a chuireann comhlachas ar bun agus é daidhm aige talamh agus saothar a chomhthiomsú faoi chuimsiú cineálacha áirithe comharchumann).

5.10.Dá réir sin, tá glanioncam fiontraíocht an tionscail talmhaíochta comhdhéanta de na trí chomhpháirt seo a leanas:

ioncam fiontraíoch measctha na ndílseánachtaí aonair (fiontair neamhchorpraithe),

ioncam fiontraíoch (foirfe) díreach gnáth‑chuideachtaí,

ioncam fiontraíoch measctha na gcuideachtaí a bhaineann leis an tionscal talmhaíochta go sonrach.

Leagtar amach na trí chomhpháirt sin sa chairt faoi  phointe  5.11.

5.11.Le hioncam fiontraíoch díreach, ní mór aon chúiteamh dfhostaithe a eisiamh mar aon le haon chíos arna íoc roimh dháileadh na mbrabús. I gcás fhormhór na gcuideachtaí a bhaineann leis an talmhaíocht go sonrach, áfach, is deacair luach saothair na scairshealbhóirí le haghaidh ionchuir ó thalamh agus ó luach saothair a dheighilt ó dháileadh na mbrabús. Dá bhrí sin, moltar gur cheart tagairt dioncam measctha le haghaidh an chineáil aonaid talmhaíochta sin leis an tslat tomhais chun ioncam fiontraíoch ó thalmhaíocht a thomhas,  is é sin le rá gur cheart an cúiteamh dfhostaithe is scairshealbhóirí as a gcuid oibre áireamh mar aon le cíosa. Dá bhrí sin, níor cheart luach saothair agus cíosa a asbhaint de ríomh an ioncaim fhiontraíoch i gcás na gcuideachtaí sonrach sin. Chun an t‑ioncam fiontraíochta a ríomh, comhshamhlaítear iad do ghrúpa dílseánachtaí aonair iad dá réir sin. Ar an taobh eile, i gcás gnáth‑chuideachtaí, ní mór an t‑idirdhealú idir luach saothair agus dáileadh brabúis a dhéanamh go soiléir.

C.NA TÁSCAIRÍ IONCAIM TALMHAÍOCHTA A SHAINMHÍNIÚ

5.12.Dfhéadfaí cur síos ar na trí tháscaire ioncaim talmhaíochta mar a leanas:

táscaire A: innéacs fhíorioncam ó fhachtóirí sa talmhaíocht de réir AWU

Comhfhreagraíonn an tslat tomhais sin don fhíorioncam ó fhachtóirí talmhaíochta in aghaidh AWU iomláin 47 .

táscaire B: innéacs an fhíor‑ghlanioncaim fhiontraíoch ó thalmhaíocht, in aghaidh AWU neamhthuarastail

Leis an táscaire sin, cuirtear na hathruithe ar an nglanioncam fiontraíocht le himeacht ama, in aghaidh an AWU neamhthuarastail, i láthair. Arna thiontú i bhfoirm innéacs i gcás gach Ballstáit, soláthraíonn sé faisnéis faoi threochtaí seachas faoi leibhéil ioncaim. Is é an táscaire is úsáidí é sna tíortha sin ina n‑eagraítear an talmhaíocht i bhfoirm dílseánachtaí aonair. Ar an taobh eile, i bhfianaise ‘gnáth’‑chuideachtaí a bheith ann agus a ghineann ioncam fiontraíocht le saothar go heisiach, déantar rómheastachán ar tháscaire B i gcomparáid le coincheap d’ioncam aonarach. D’fhéadfadh an míbhuntáiste sin comparáid idir leibhéil ioncaim idir na Ballstáit a chosc má bhíonn cion na ‘ngnáth’‑chuideachtaí an‑difriúil,

táscaire C: glanioncam fiontraíoch ó thalmhaíocht

Cuirtear an comhiomlán ioncaim sin i láthair mar dhearbhluach 48 (nó i bhfoirm innéacs i dtéarmaí réadacha). Fágann sé go bhfuiltear in ann ioncam an tionscail talmhaíochta idir na Ballstáit a chur i gcomparáid le himeacht ama.

D.COMHIOMLÁNÚ TÁSCAIRÍ IONCAIM LE hAGHAIDH AN AONTAIS

5.13.Is féidir innéacsanna agus rátaí athraithe a ríomh i gcás an Aontais ina iomláine mar mheáin ualaithe na n‑innéacsanna nó rátaí athraithe náisiúnta, nó go díreach ar bhonn chomhiomláin an Aontais arna bhfáil trí shonraí náisiúnta a thiontú in euro nó i gcaighdeáin chumhachta ceannaigh (CCC). Sa dá chas, ní mór bonnbhliain a roghnú; is í sin an bhliain a úsáidtear chun na sciartha a áirítear ó na  Ballstáit  éagsúla i ríomh mheáin an Chomhphobail, nó an bhliain ar úsáideadh a rátaí malairte chun na comhiomláin a ríomh.

5.14.Úsáidtear modhanna atá beagán difriúil agus bonnbhlianta atá beagán difriúil de réir cé acu arb anailís iad na ríomhanna ar threocht ghearrthéarmach (athruithe i mbliain n i gcomparáid le bliain n‑1) nó ar threocht fhadtéarmach (ó 1980 go bliain n i gcoitinne).

5.15.I gcás na hanailíse ar threocht ghearrthéarmach, déantar rátaí an athraithe ar na táscairí barúlacha nó ar tháscairí fhíorioncaim an Aontais i gcás bhliain n i gcomparáid le bliain n‑1 a ríomh mar mheáin ualaithe rátaí comhfhreagracha an athraithe a mheastar sna Ballstáit, agus na comhéifeachtaí ualaithe á ríomh ar bhonn na gcomhiomlán ioncaim i gcás bhliain n‑1, arna n‑athrú go euro ag rátaí malairte bhliain n‑1; baineann na comhéifeachtaí sin le gach comhiomlán go sonrach agus sin go nádúrtha. Is cosúil gurb é an modh sin atá bunaithe ar bhliain n‑1 an modh is iomchuí i gcás anailís ghearrthéarmach, agus is é an modh is comhsheasmhaí leis an modh a úsáideann Ballstáit aonaracha.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.8(b) (oiriúnaithe)

5.16.    I gcás anailís ar an treocht fhadtéarmach, déantar innéacsanna agus rátaí an athraithe ar na táscairí ioncaim i gcás an Aontais a ríomh ar bhonn chomhiomláin an Aontais arna sloinneadh in euro ag rátaí malairte seasta: i gcás luachanna arna sloinneadh i dtéarmaí réadacha ( is é sin le rá tar éis éifeacht an ardaithe mheánaigh ar phraghsanna a asbhaint), tá na díbhoilsceoirí a úsáidtear bunaithe ar bhonnbhliain sheasta freisin.

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

E.DÍBHOILSCIÚ TÁSCAIRÍ IONCAIM

5.17.I gcás gach Ballstáit, faightear innéacsanna agus athruithe i dtéarmaí réadacha luachanna na dtáscairí ioncaim trí na sonraí ainmniúla comhfhreagracha a dhíbhoilsciú le hinnéacs praghsanna intuigthe OTI.

5.18.Tosca tábhachtacha amhail an iontaofacht agus an inchomparáideacht, is pointí iad atá i bhfabhar an díbhoilsceoir sin a úsáid. Innéacs intuigthe praghsanna OTI, is táscaire praghais ginearálta é le haghaidh na n‑earraí, na dtáirgí agus na seirbhísí uile sa gheilleagar tríd síos. Tagann an t‑innéacs praghsanna úsáidí críochnaitheacha san áireamh mar dhílbhoilsceoir freisin. Murab ionann agus innéacs praghsanna OTI, cuirtear éifeacht na trádála seachtraí san áireamh go comhionann agus go díreach leis, agus dá réir sin, léirítear aon athrú ar phraghsanna na n‑allmhairí ( mar shampla gluaiseachtaí i bpraghas an fhuinnimh) níos tapúla agus níos soiléire. Dá ainneoin sin, chun an inchomparáideacht le staitisticí eile a thiomsaíonn an Coimisiún Eorpach a choimirciú, cinneadh gan díbhoilsceoir nua a thabhairt isteach.

5.19.Comhiomláin fíorioncaim i gcás an Aontais ina iomláine, faightear iad i dtosach báire trí na luachanna barúlacha (ag praghsanna reatha) agus a thaifeadtar sna Ballstáit éagsúla a dhíbhoilsciú, innéacs praghsanna intuigthe OTI an Bhallstáit lena mbaineann a chur i bhfeidhm, agus iad a athrú go euro ansin (ag rátaí malairte 1995 i gcás anailís fhadtéarmach agus ag rátaí malairte bhliain n‑1 i gcás na treochta gearrthéarmaí, mar a léirítear thuas). Suimítear na torthaí dá réir sin chun na fíorluachanna a fháil i gcás an Aontais . Is ar bhonn na gcomhiomlán sin i dtéarmaí réadacha a ríomhtar na hinnéacsanna agus na rátaí athraithe i gcás an Aontais , rud a chiallaíonn nach mbíonn baint ag díbhoilsceoir an Aontais leis go sainráite riamh.

VI.CET A LUACHÁIL AG PRAGHSANNA TAIRISEACHA

A.TOMHAIS PRAGHSANNA AGUS MÉIDEANNA

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.9(a) (oiriúnaithe)

( féach CCE 2010, Caibidil 10)

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.9(b)

🡺2 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.1(a)

🡺3 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.9(c)

🡺4 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.9(d)

6.01.Chun anailís eacnamaíoch a dhéanamh, nuair a bhreathnaítear ar an mbealach a athraíonn luachanna, bíonn sé úsáideach idirdhealú a dhéanamh idir athruithe na luachanna sin de thoradh athruithe ar mhéid agus athruithe na luachanna sin de thoradh athruithe ar phraghas. 🡺1 In CCE 2010 (pointí 10.13 go 10.23) luaitear go soiléir nár cheart a áireamh i gcomhchuid an phraghais ach amháin athruithe a bhaineann le praghsanna agus gur cheart na hathruithe uile eile a áireamh i gcomhchuid an mhéid.🡸 Dá réir sin, difríocht sa cháilíocht idir táirgí (saintréithe fisiciúla, cineálacha asraoin mhiondíola, etc.), tá siad le cur san áireamh mar athruithe ar mhéid agus ní ar phraghas.

6.02.I gcás roinnt mhaith earraí agus seirbhísí, tá roinnt éagsúlachtaí ann atá difriúil ó thaobh na cáilíochta de. In 🡺2 CCE 2010 🡸 sainmhínítear roinnt tosca as a n‑eascraíonn difríochtaí sa cháilíocht, is í an toisc is tábhachtaí i gcás CET an toisc atá nasctha le saintréithe fisiciúla. Aithnítear leis sin, faoi chuimsiú an tsainmhínithe ar tháirge ar leith, go bhféadfadh difríochtaí fisiciúla a bheith ann lena dtugtar le tuiscint nach bhfuil na haonaid fhisiciúla ( mar shampla 1 tona amháin) comhionann ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha de. Baineann sampla de sin le 2 thona gránach a dhíoltar in 2 bhliain leantacha. I mbliain a haon, is de cháilíocht mhuilleoireachta é an grán uile, i mbliain a dó, is lú ná a leath atá de cháilíocht mhuilleoireachta, díoltar an fuílleach le haghaidh beatha ainmhithe. Ciallaíonn sé sin go bhfuil cáilíocht mheánach an ghráin tite. 🡺3 An difríocht eile sa cháilíocht, atá tábhachtach i gcás CET, is é aistriú maidir le díolacháin táirge idir dhá mhargadh lena mbaineann praghsanna difriúla,  mar shampla margadh intíre agus seachtrach, úsáid thionsclaíoch agus díolacháin le tomhaltóirí ( féach  CCE 2010, pointí 10.13 go 10.18). 🡸

6.03.Leis na táscairí maidir le méid agus praghas a úsáidtear chun sonraí a thiomsú ag praghsanna tairiseacha, ní mór athruithe ar cháilíocht a chur san áireamh. Dá bhrí sin, moltar go ndéantar obair agus na leibhéil is mó ó thaobh mionsonraí de i gceist chun go léireofar an tuairisc is grinne is féidir ar tháirgí bunúsacha atá iomlán aonfhoirmeach. Más aonfhoirmeach go hiomlán iad na táirgí bunúsacha, is féidir meastachán a dhéanamh ar athruithe ar mhéid ar bhonn athruithe ar an gcáilíocht.

6.04.Mar sin féin, is minic nach mbíonn faisnéis staidrimh ar fáil ach ar leibhéal níos comhiomlánaithe agus dá bhrí sin, ní bhaineann an fhaisnéis sin a thuilleadh le táirgí atá iomlán aonfhoirmeach go beacht. 🡺4 Sa chás sin, luaitear in CCE 2010 (pointe 10.32) gurbh fhearr an luach a dhíbhoilsciú le haghaidh na bliana reatha de réir innéacs praghsanna oiriúnach chun meastachán a dhéanamh ar athruithe ar mhéid (CCE 2010, pointe 10.01). 🡸

6.05.Toimhdítear maidir leis an leibhéal mionsonraí dá n‑úsáidtear an t‑innéacs gurb innéacs bunúsach atá ann (meastar go bhfuil an táirge faoi athbhreithniú aonfhoirmeach dá réir sin). In CET, comhfhreagraíonn an leibhéal bunúsach comhiomlánaithe ar a laghad don leibhéal is dí‑chomhiomlánaithe den ainmníocht laistigh den tábla tarchurtha sonraí. Is inmhianaithe leibhéal mionsonraí níos mó, áfach, chun innéacsanna praghsanna a thiomsú.

6.06.I gcás gach comhiomlán dearraí agus seirbhísí a léirítear sna cuntais, ní mó bearta praghais agus cainníochta a thógáil ionas gurb amhlaidh:

luachinnéacs = innéacs praghsanna × innéacs méideanna

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.9(e) (oiriúnaithe)

Ciallaíonn sé sin nach mór gach uile athrú ar luach sreafa áirithe a chur i leith athrú ar phraghas nó athrú ar mhéid nó meascán den dá cheann ( féach  CCE 2010, pointe 10.12).

🡻 138/2004

6.07.Miondealú córasach ar na hathruithe ar an luach reatha de réir chomhchodanna na n‑athruithe ar phraghas agus na n‑athruithe ar mhéid, tá sé srianta do shreafaí arb éard atá i gceist leo idirbhearta earraí agus seirbhísí agus eilimintí a bhaineann le luacháil na n‑idirbheart sin (aschur, tomhaltas idirmheánach, ídiú an chaipitil sheasta, oll-bhreisluach, breisluach glan, OFCS, athrú ar stoic, cánacha agus fóirdheontais ar tháirgí).

B.PRIONSABAIL AGUS MODHANNA CHUN CET A THIOMSÚ AG PRAGHSANNA TAIRISEACHA

1.An rogha foirmle innéacs

🡻 138/2004

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.9(g)

6.08.🡺1 I gcomhréir le CCE 2010 (pointe 10.20), in CET, tomhaistear athruithe ar mhéid trí úsáid a bhaint as innéacsanna de chineál Laspeyres agus tomhaistear athruithe ar phraghas trí úsáid a bhaint as innéacsanna de chineál Paasche. 🡸

Méid‑innéacs Laspeyres:

Innéacs praghsanna Paasche:

I gcás gach táirge bunúsach:

p0

:

is é sin an praghas arna thaifeadadh i mbonnbhliain 0,

pn

:

is é sin an praghas arna thaifeadadh i mbliain n,

q0

:

is é sin an chainníocht arna taifeadadh i mbonnbhliain 0,

qn

:

is é sin an chainníocht arna taifeadadh i mbliain n,

V0

:

is é sin an luach arna taifeadadh i mbonnbhliain 0: (V0 = p0q0).

2.Bonnbhliain

6.9.Tomhaistear athruithe ar mhéid trí úsáid a bhaint as innéacsanna de chineál Laspeyres: dá bhrí sin, ualaítear athruithe ar chainníochtaí na dtacar bunúsach de réir an luacha sa bhonnbhliain. Tomhaistear athruithe ar phraghas trí úsáid a bhaint as innéacsanna de chineál Paasche: dá bhrí sin, ualaítear athruithe ar phraghsanna an tacair bhunúsaigh de réir an luacha sa bhliain reatha ag na praghsanna i gcás na bonnbhliana.

6.10.Is í an bhonnbhliain an bhliain óna n‑úsáidtear na praghsanna chun an scéim ualúcháin a thiomsú.

6.11.Is é an bealach is beaichte chun athruithe ar mhéid a thomhas ó bhliain go 1 bhliain amháin dúsáid a bhaint as an bhonnbhliain is déanaí dá bhfuil ar fáil. Ráthaítear leis an gcur chuige sin go mbíonn ualuithe cuibheasach cothrom le dáta agus seachnaítear fadhbanna atá nasctha le táirgí a ualú nach dtáirgtear a thuilleadh agus le táirgí nua atá tagtha chun cinn. Is ar an gcúis sin a thomhaistear athruithe ar mhéid le CET trí úsáid a bhaint as na hualuithe le haghaidh na bliana roimhe.

3.Sraitheanna a chur i láthair i ndáil le bliain tagartha

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.9(h)

6.12.Is féidir leis an mbliain a úsáidtear chun sonraí a chur isteach agus a chur i láthair ag praghsanna tairiseacha a bheith difriúil ón mbonnbhliain; tugtar an bhliain tagartha uirthi sin. I dtacar innéacsanna, is í an bhliain tagartha an bhliain lena dtógtar luach 100.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.69(i) (oiriúnaithe)

6.13.    Faightear tacair innéacsanna méide i bpraghsanna bliana tagartha trí innéacsanna a ríomhtar i bpraghsanna na bliana roimhe a shlabhrú ( féach  CCE 2010, pointe 10.20).

🡻 138/2004

6.14.Tá sé tábhachtach nach mbeidh aon éifeacht ag athrú ar bhliain tagartha ar na hathruithe ar mhéid i leith na bliana roimhe. Is ar an gcúis sin a chuirtear sonraí CET i láthair i ndáil le bliain tagartha sheasta trí thagairt a chur le gach athróg ar leithligh an athuair, gan beann ar cibé acu is comhiomláin nó innéacsanna bunúsacha iad sin.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.9(j) (oiriúnaithe)

6.15.    Sampla:

Measaimis dhá tháirge bhunúsacha aonfhoirmeacha, A agus B. Tá na tacair seo a leanas bunaithe ar an struchtúr praghsanna le haghaidh na bliana roimhe:

n P n

n – n + 1

méid‑innéacs

n + 1 P n

n – n + 1

innéacs praghsanna

n + 1P n + 1

n + 1 – n + 2

méid‑innéacs

n + 2P n + 1

n + 2 – n + 1

innéacs praghsanna

n + 2P n + 2

100

105,0

105

110,0

115

102,0

117

108,0

126

B

300

110,0

330

95.0

314

90,0

283

105,0

297

Iomlán

400

108,8

435

98,6

429

93,2

400

105,8

423

Braithfidh na hinnéacsanna méide agus praghsanna i gcás an iomláin (A + B) ar an ualú a thugtar do gach táirge, A agus B.

Má shloinntear na tacair sin i ndáil le bliain tagartha sheasta ( mar shampla,  n), is é an t‑aon bhealach amháin chun na hinnéacsanna méide n/n‑1 céanna a choimeád na hinnéacsanna a shlabhrú ar leithligh. Fágann sé sin an tacar seo a leanas (bonnbhliain comhionann le 100 in n):

n

n + 1

n + 2

100

105,0

107,1

B

100

110,0

99,0

Iomlán

100

108,8

101,4

(101,4 = 108,8 * 93,2/100)

Is iad seo a leanas na luachanna ag praghsanna tairiseacha arna sloinneadh i ndáil le bliain tagartha n:

n

n + 1

n + 2

100

105

107,1

B

300

330

297,0

Iomlán

400

435

405,6

(405,6 = 400 * 101,4/100)

Dá thoradh sin, níl an cuntas suimitheach a thuilleadh. Na luachanna a shuimiú ag praghsanna tairiseacha le haghaidh A agus B, tugtar an tacar seo a leanas:

n

n + 1

n + 2

A + B

400

435

404,1

Seachas sa bhliain tar éis na bliana tagartha, ní suimitheach é an tacar atagartha.

🡻 138/2004

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.9(k)

6.16.🡺1 De réir CCE 2010 (pointe 10.23), foilsítear na sonraí praghsanna tairiseacha neamh‑shuimitheacha gan aon choigeartú 49 🡸 Is é sin an cur chuige a thógtar le CET freisin. Tá sé le míniú dúsáideoirí, áfach, nach táblaí suimitheacha iad na táblaí.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.9(l)

4.Breisluach a ríomh ag praghsanna bliana seasta

🡻 138/2004 (oiriúnaithe)

🡺1 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.9(m)

6.17.Is éard is breisluach ann an ítim chomhardaithe den chuntas táirgeachta. Mar sin, ní indéanta breisluach a dheighilt go bhfaighfear díreach comhchuid phraghais agus comhchuid mhéid. 🡺1 Is é an modh atá ceart go teoiriciúil chun breisluach a ríomh ag praghsanna bliana seasta, díbhoilsciú dúbailte a dhéanamh ( féach  CCE 2010, pointí 10.31  agus  10.32). 🡸

6.18.Oll‑bhreisluach arna shloinneadh i bpraghsanna na bliana roimhe, sainítear é dá bhrí sin mar an difríocht idir aschur arna thomhas i bpraghsanna na bliana roimhe agus in ídiú idirmheánach arna thomhas i bpraghsanna na bliana roimhe. Breisluach glan i bpraghsanna na bliana roimhe, sainítear é mar an difríocht idir oll‑bhreisluach arna chur leis i bpraghsanna na bliana roimhe agus in ídiú an chaipitil sheasta arna thomhas i bpraghsanna na bliana roimhe. Faightear an breisluach i bpraghsanna bliana tagartha seasta tríd an atagairt.

🡻 2019/280 Airt. 1 agus Iarscríbhinn I.9(n)

6.19.Sampla:

Tacar luachanna reatha agus luachanna i bpraghsanna na bliana roimhe (méideanna) a bhaineann le haschur agus le tomhaltas idirmheánach, leagtar amach thíos é:

n P n

n + 1 P n

n + 1 P n + 1

n + 2 P n + 1

n + 2 P n + 2

Aschur

150

160

170

180

200

Tomhaltas idirmheánach

40

30

35

40

45

Faightear an breisluach i dtéarmaí méide trí mhéid an tomhaltais idirmheánaigh a asbhaint de mhéid an aschuir. Díorthaítear an tacar seo a leanas:

n P n

n + 1 P n

n + 1 P n + 1

n + 2 P n + 1

n + 2 P n + 2

Oll‑bhreisluach

110

130

135

140

155

Ar an mbealach sin, faightear innéacsanna méideanna i bpraghsanna na bliana roimhe:

n + 1

n + 2

Oll‑bhreisluach

118,2

103,7

(118,2 = 130/110 * 100) (103,7 = 140/135 * 100)

Díorthaítear an t‑oll‑bhreisluach a bhaineann le bliain ar leith i bpraghsanna bhliain n (praghsanna bliana seasta) tríd an luach reatha ar n a iolrú faoi innéacs shlabhra na méideanna.

VA n + 1 (i bpraghsanna n) = 110 * 1 182 = 130

VA n + 2 (i bpraghsanna n) = 110 * 1 182 * 1 037 = 135.

🡻 138/2004

5.Cánacha agus fóirdheontais ar tháirgí a mhiondealú i gcomhchodanna an mhéid agus an phraghais

6.20.Le miondealú na luachálacha ag bunphraghas ina gcomhchodanna méide agus praghais, tuigtear go mbaineann an miondealú sin freisin leis na cánacha agus fóirdheontais ar tháirgí. Is í an rogha seo a leanas a dhéantar in CET:

6.21.Tá méid‑innéacs an fhóirdheontais (nó na cánach) ar tháirge mar an gcéanna le méid‑innéacs an aschuir ag an bpraghas don táirgeoir. Sa chás sin, tá méid‑innéacs an aschuir mar an gcéanna cibé acu a shloinntear sa phraghas don táirgeoir nó sa bhunphraghas.

6.22.Baineann buntáiste eile leis an réiteach sin: tá an méid‑innéacs neamhspleách ar an modh luachála. Dá dheasca sin, tá an léirmhíniú ar na hinnéacsanna praghais agus ar na hinnéacsanna méid‑praghais simplí: i gcás táirge bunúsach atá iomlán aonfhoirmeach agus sin go beacht, is comhionann an méid‑innéacs leis an innéacs cainníochta; léiríonn an t‑innéacs praghsanna an t‑athrú ar an mbunphraghas meánach.

6.23.Sampla:

I gcás táirge ar leith, luach an aschuir ag an bpraghas don táirgeoirí i mbliain n, sin é 1 000; luach an aschuir i mbliain n+1, sin 900. Méid‑innéacs an aschuir, sin 102.

Is táirge fóirdheonaithe é an táirge sin. Luach an fhóirdheontais le haghaidh bhliain n, sin 100; luach an fhóirdheontais le haghaidh bhliain n+1, sin 150.

Déantar miondealú ar mhéid/phraghas an fhóirdheontais ar an mbealach seo a leanas:

Luach n

n+1/n méid-innéacs

Méid n+1

n+1/n innéacs praghsanna

Luach n+1

As ag praghsanna don táirgeoir

1 000

102,0

1 020

88,2

900

Fóirdheontais ar tháirgí

100

102,0

102

147,0

150

Aschur ag bunphraghsanna

1 100

102,0

1 122

93,6

1 050

Tá méid‑innéacs an fhóirdheontais mar an gcéanna le méid‑innéacs an aschuir ag an bpraghas don táirgeoir.

🡻 2022/590 Airt. 1.4 agus Iarscríbhinn I.6 (oiriúnaithe)

VII.CUNTAIS EACNAMAÍOCHTA RÉIGIÚNACHA NA TALMHAÍOCHTA (CERT)

A.PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

1.Réamhrá

7.01.Tá ról tábhachtach ag na cuntais réigiúnacha maidir le beartais réigiúnacha a fhoirmliú, a chur chun feidhme agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Táscairí staidrimh réigiúnacha oibiachtúla, iontaofa, comhsheasmhacha, comhleanúnacha, inchomparáide, ábhartha agus comhchuibhithe, is bunchloch láidir iad sin le haghaidh beartais a bhfuil sé mar aidhm acu éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta a laghdú idir réigiúin an Aontais.

7.02.Is oiriúnú ar CET ar an leibhéal réigiúnach iad CERT.

7.03.Cuimsítear an tacar céanna cuntas le CET agus a chuimsítear i gcuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta, ach is as fadhbanna coincheapúla agus fadhbanna tomhais a thagann tacar cuntas le haghaidh réigiúin atá níos teoranta ó thaobh raon feidhme de agus a bhfuil níos lú mionsonraí acu i gcomparáid le CET ar an leibhéal náisiúnta.

7.04.Mar chuntais réigiúnacha, tiomsófar CERT ar bhonn sonraí réigiúnacha a bhaileofar go díreach, agus sonraí náisiúnta lena ngabhann miondealuithe réigiúnacha bunaithe ar thoimhdí. Ní foláir toimhdí a dhéanamh i dtiomsú na gcuntas réigiúnach nuair atá faisnéis réigiúnach atá iomlán, tráthúil agus iontaofa go leor in easnamh. Tugtar le fios leis sin nach léirítear roinnt difríochtaí idir na réigiúin sna cuntais réigiúnacha (CCE 2010, pointe 13.08).

2.An geilleagar réigiúnach, an chríoch réigiúnach

7.05.Le haon chuntais réigiúnacha a thiomsaítear, is cuma má dhéantar tagairt iontu do thionscail nó dearnálacha institiúideacha, bíonn gá le sainmhíniú géar ar an ngeilleagar réigiúnach agus ar an gcríoch réigiúnach. Go teoiriciúil, le tionscal na talmhaíochta i réigiún cumhdaítear na haonaid (na gabháltais talmhaíochta) atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí talmhaíochta ( féach pointí  1.60 go 1.65) ar an gcríoch réigiúnach.

7.06.Tá geilleagar réigiúnach tíre mar chuid de gheilleagar iomlán na tíre sin. Déantar an geilleagar iomlán a shainiú i dtéarmaí aonad agus earnálacha institiúideacha. Cuimsítear leis na haonaid institiúideacha uile a bhfuil lárionad príomhleasa eacnamaíoch aige i gcríoch eacnamaíoch tíre. Ní bhíonn an chríoch eacnamaíoch i gcomhthráth go beacht leis an gcríoch tíreolaíoch ( féach pointe  7.08). Déantar críoch eacnamaíoch tíre a roinnt i gcríocha réigiúnacha agus sa chríoch sheachréigiúnach (CCE 2010, pointe 13.09).

7.07.Is éard atá sa chríoch réigiúnach, mar a shainmhínitear in CCE 2010, an chuid sin de chríoch eacnamaíoch tíre atá sannta go díreach do réigiún. Tá saorchriosanna, trádstórais atá faoi bhannaí agus monarchana atá faoi rialú custaim, ceangailte leis na réigiúin ina bhfuil siad suite.

7.08.Níl an scaradh críche sin comhsheasmhach go hiomlán, áfach, le coincheap na críche eacnamaíche náisiúnta mar a úsáidtear iad sna cuntais náisiúnta. Tá an chríoch sheachréigiúnach comhdhéanta de chodanna de chríoch eacnamaíoch tíre nach féidir a cheangal le réigiún aonair, agus atá eisiata ó CERT,  is é sin le rá:

(a)an taerspás náisiúnta, uiscí críochacha agus an scairbh ilchríochach atá in uiscí idirnáisiúnta, a bhfuil cearta eisiacha ag an tír ina leith;

(b)iamhchríocha laistigh den chríoch,  is é sin le rá críocha geografacha sa chuid eile den domhan atá á núsáid, faoi chonarthaí idirnáisiúnta nó faoi chomhaontuithe idir stáit, ag gníomhaireachtaí rialtais ghinearálta na tíre (ambasáidí, consalachtaí, bunáiteanna míleata, bunáiteanna eolaíochta, etc.);

(c)fosuithe ola, gáis nádúrtha, etc., in uiscí idirnáisiúnta lasmuigh de scairbh ilchríochach na tíre, arna saothrú ag aonaid atá cónaitheach sa chríoch.

7.09.Soláthraíonn aicmiú na hAinmníochta Aonad Críochach le haghaidh Staidrimh (NUTS) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 miondealú aonair, uilíoch de chríoch eacnamaíoch an Aontais. Le CERT, éilítear staidreamh ar leibhéal NUTS 2 arna bhunú faoi na socruithe reatha faoin Rialachán sin. Chun críocha náisiúnta, féadfar cuntais réigiúnacha a thiomsú freisin ar leibhéal réigiúnach níos mionsonraithe, eadhon ar leibhéal NUTS 3 i gcás inarb infheidhme (CCE 2010, pointe 13.12).

3.An bun-aonad i dtiomsú CERT

7.10.Is APGanna áitiúla iad na haonaid a úsáideann an tionscal le haghaidh na gcuntas náisiúnta. Is é APG áitiúil an fhoirm inbhreathnaithe den aonad táirgthe.

7.11.Leis an gcur chuige staidrimh (tionscal) glactar le haonad inbhreathnaithe fiú má chiallaíonn sé sin go nimítear ón ngníomhaíocht aonair. Mar a tharla le SNA 2008, roghnaítear an cur chuige staidrimh in CCE 2010 agus tacaítear le APG áitiúil ionas go mbeidh an tionscal in ann na cuntais náisiúnta a thiomsú. Sainmhínítear leo, dá bhrí sin, an taonad céanna le haghaidh na dtionscal is cuma cé acu atá cumhdaithe ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta.

7.12.Amhail CET, le CERT úsáidtear an gabháltas talmhaíochta – curtha in oiriúint ag teacht le coinbhinsiúin áirithe chun na cuspóirí lena mbaineann a chomhlíonadh – mar an bun-aonad do thionscal na talmhaíochta. Tá dhá chúis ríthábhachtacha ann a ndéantar an rogha sin. Ar lámh amháin, is éard atá san aonad gabháltas talmhaíochta APG áitiúil le haghaidh na talmhaíochta ( féach pointí  1.09 go 1.17), atá sainmhínithe mar an chuid sin APG lena dtagraítear don leibhéal áitiúil. Is é APG áitiúil an taonad is oiriúnaí freisin do thionscal na talmhaíochta, fiú má áirítear gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta leis, nach féidir a thaispeáint ar leithligh ó na gníomhaíochtaí talmhaíochta ( féach pointí  1.15. agus 1.16,  agus  1.25. go 1.32.).

7.13.Ach an gabháltas talmhaíochta a úsáid mar an bun-aonad ciallaíonn sé sin go náirítear gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta na ngabháltas talmhaíochta sin i CERT ( féach pointe  7.12). Ós rud é gurb é aidhm CET giniúint ioncaim ó ghníomhaíocht eacnamaíoch talmhaíochta a thomhas, tuairisc a thabhairt air agus é a anailísiú, déantar aonaid a tháirgeann gníomhaíocht fóillíochta amháin a eisiamh ( mar shampla gairdíní cistine agus beostoc príobháideach a thógáil). I gcodarsnacht leis sin, áirítear aonaid a bhíonn ag gabháil dfheirmeoireacht chothaitheach in CET ( féach pointe  1.24).

7.14.Is é an gabháltas talmhaíochta an taonad tagartha le haghaidh suirbhéanna staidrimh a bhaineann leis an talmhaíocht, cibé acu suirbhéanna náisiúnta nó réigiúnacha. Tá sé de bhuntáiste aige sin go bhféadfar meastóireachtaí daschur i dtéarmaí cainníochtúla a bhunú go díreach ar na córais staidrimh chun limistéir, torthaí, méideanna tréada, etc., a thomhas. Cruthaítear comhsheasmhacht chuntasaíochta níos fearr freisin de bharr rogha an ghabháltais talmhaíochta.

4.Modhanna chun CERT a thiomsú

7.15.Moltar in CCE 2010, pointí 13.24 go 13.32) dhá mhodh, á gcur i bhfeidhm ar na tionscail nó ar na hearnálacha institiúideacha: na modhanna ón mbun aníos agus ón mbarr anuas. Baineann modhanna ón mbun aníos leis na sonraí a bhailiú ar leibhéal na naonad (APGanna áitiúla, aonaid institiúideacha) agus iad a shuimiú ansin chun luach réigiúnach na gcomhiomlán difriúil a fháil. Leis an modh ó bharr anuas déantar na luachanna réigiúnacha a atógáil tríd an bhfigiúr náisiúnta a mhiondealú, ag úsáid táscaire a léiríonn chomh gar agus is féidir dáileadh réigiúnach na hathróige lena mbaineann. Is féidir an dá mhodh sin a chónascadh ar bhealaí éagsúla, teaglaim dá dtagraítear in CCE mar meascán de na modhanna ó bhun aníos agus ó bharr anuas. Seachnófar, áfach, an fhaisnéis chéanna a bhailiú níos mó ná uair amháin, agus ar an gcaoi sin, iomarcaíocht a chruthú sa tuairisciú sonraí. Tugtar tosaíocht do na modhanna ó bhun aníos, cé go bhfeictear i gcuid mhaith cásanna go núsáidtear go hiarbhír meascán de mhodhanna ó bhun aníos agus ó bharr anuas. Leagfar amach go hiomlán trédhearcach mionsonraí an mhodha agus na bhfoinsí sonracha sna tuarascálacha cáilíochta, ag léiriú cé acu sonraí réigiúnacha a bailíodh go díreach agus cé acu sonraí atá bunaithe ar shonraí náisiúnta le haicmithe réigiúnacha bunaithe ar bhonn tuisceana.

5.Coincheapa an chónaithe agus na críche

7.16.Dfhéadfadh idirbhearta eacnamaíocha fiontar agus teaghlach teorainneacha réigiúnacha a thrasnú. Féadfaidh fiontair feidhmiú freisin i níos mó ná réigiún amháin, ag suíomhanna buana nó ar bhonn sealadach,  mar shampla,  féadfaidh feirmeacha móra tabhairt faoi obair i réigiúin éagsúla. Dá bhrí sin, tá gá le prionsabal soiléir chun cuidiú leis na Ballstáit an ghníomhaíocht idir-réigiúnach sin a leithdháileadh go comhsheasmhach ar réigiún.

7.17.Tá cuntais réigiúnacha na dtionscal bunaithe ar chritéir chónaithe an aonaid táirgthe. Tagraíonn gach tionscal ar an leibhéal réigiúnach don ghrúpa APGanna áitiúla sa phríomhghníomhaíocht eacnamaíoch céanna nó comhchosúil, a bhfuil a lárionad leasa eacnamaíoch acu sa chríoch réigiúnach sin. Níos minice ná a mhalairt, bíonn baint ag an lárionad leasa sin le suíomh fadtéarmach sonrach sa réigiún, cosúil leis na haonaid institiúideacha lena mbaineann APGanna áitiúla.

7.18.Tá roinnt gnéithe ar leith ag baint leis na cuntais réigiúnacha, áfach. I gcás gníomhaíochtaí áirithe, ní bhíonn sé éasca i gcónaí an réigiún a shainmhíniú mar limistéar sonrach. Cruthaítear fadhb leis an gcaidreamh a bhíonn idir suíomh na ceannoifige agus suíomh fisiciúil an ghabháltais talmhaíochta, toisc go bhféadfadh ceannoifig i réigiún eile fachtóirí maidir le táirgeadh talmhaíochta a bhainistiú. Maidir le CERT, tá sé tábhachtach an dá aonán a roinnt, agus ar an gcúis sin ní mór gabháltas talmhaíochta a shannadh don réigiún san áit ina bhfuil a fhachtóirí táirgeachta lonnaithe agus ní don réigiún ina bhfuil a cheanncheathrú suite. Dfhéadfadh cúpla aonad eascairt as ceannoifig amháin dá bhrí sin de réir bhrí CERT,  is é sin le rá an oiread aonad agus atá réigiúin chónaithe le haghaidh APGanna áitiúla atá i bhfad ón réigiún ina bhfuil an cheannoifig.

7.19.Coincheap malartach, nach gcuirtear i bhfeidhm go ginearálta sna cuntais náisiúnta agus réigiúnacha, a bheadh i gcoincheap a bheadh go hiomlán críochach. Tugtar le fios leis an gcoincheap sin go leithdháiltear gníomhaíochtaí don chríoch ina dtarlaíonn siad go hiarbhír, is cuma cá bhfuil cónaí ar na haonaid atá ag gabháil don ghníomhaíocht.

7.20.Cé go dtugtar tosaíocht don chur chuige cónaithe nuair atá idirbhearta daonaid chónaitheacha á leithdháileadh ar bhonn réigiúnach, foráiltear le CCE 2010 do roinnt spáis theoranta chun an cur chuige críochach a chur i bhfeidhm (ESA 2010, pointe 13.21). Tarlaíonn sé sin i gcás ina gcruthaítear aonaid bharúlacha le haghaidh talaimh agus foirgneamh sa réigiún nó sa tír ina bhfuil an talamh nó na foirgnimh lonnaithe.

7.21.Sa chás hipitéiseach nach bhfuil ach gníomhaíochtaí laistigh dá gcríoch réigiúnach ag aonaid atá cónaitheach i réigiún, tagann coincheap an chónaithe le coincheap na críche. Tá sé sin amhlaidh freisin maidir leis an leithdháileadh réigiúnach bunaithe ar aonaid bharúlacha a chruthaítear le haghaidh talaimh agus foirgneamh agus le haghaidh fiontair neamhchorpraithe i dtíortha nó i réigiúin eile atá difriúil le réigiún cónaitheach an úinéara.

6.Tionscal na talmhaíochta agus aonaid shaintréitheacha

7.22.Tá APGanna uile cuimsithe sa tionscal, lena ndéantar gníomhaíocht eacnamaíoch chomhionann nó chomhchosúil ( féach pointe  1.59). Le tionscal na talmhaíochta, mar a thugtar tuairisc air in CET, comhfhreagraítear, i bprionsabal, do Rannán 01 in Athbhreithniú NACE 2, agus taispeántar na difríochtaí i  bpointí  1.62 go 1.65. Sainmhínítear raon feidhme CERT ar bhonn an liosta de ghníomhaíochtaí saintréitheacha a tarraingíodh suas do CET. Tá roinnt difríochtaí idir tionscal na talmhaíochta in CET, agus dá bharr sin in CERT, agus sa tionscal a bunaíodh le haghaidh chreat lárnach na gcuntas náisiúnta ( féach pointe  1.90).

B.IDIRBHEARTA I dTÁIRGÍ

7.23.Cruthaítear roinnt fadhbanna sonracha nuair a bhíonn an taschur talmhaíochta á luacháil. Baineann na cinn is tábhachtaí le táirgí séasúracha, táirgeadh beostoic agus uainiú na niontrálacha sna cuntais. Le modheolaíocht CET, cuirtear rialacha beachta chun cinn lena rialaítear conas ba cheart éifeachtaí stórála táirgí séasúracha a chur san áireamh, conas a dhéanfar aschur beostoic a thomhas agus conas a dhéanfar táirgí ar a bhfuil obair idir lámha á déanamh a thaifeadadh. Déanfar na prionsabail sin a chomhlíonadh le linn do CERT a bheith á dtiomsú. Leis sin áfach, ní chuirtear oiriúnuithe áirithe ar an leibhéal réigiúnach as an áireamh, mar shampla i gcás táirgeadh beostoic. Ba cheart a thabhairt chun suntais gur gá iomlán na luachála réigiúnaí a bheith comhionann le luachálacha CET.

1.Aschur

(a)Aschur a thomhas

7.24.In CERT, léirítear le haschur réigiúin gach táirge atá laistigh de raon feidhme CET a tháirgtear leis na haonaid go léir den tionscal talmhaíochta thar an tréimhse cuntasaíochta sa réigiún sin, cibé acu atá siad beartaithe i gcomhair margaíochta lasmuigh den tionscal, le díol le gabháltais talmhaíochta eile nó, i gcásanna áirithe, le húsáid ag an ngabháltas talmhaíochta céanna. Dá dhroim sin:

(a)déanfar aon táirge talmhaíochta lena bhfágtar gabháltas talmhaíochta sa réigiún a thaifeadadh mar chuid daschur an réigiúin, gan beann ar a cheann scríbe nó ar an aonad a bhíonn á cheannach;

(b)déanfar táirgí talmhaíochta áirithe lena núsáidtear an gabháltas talmhaíochta céanna mar thomhaltas idirmheánach a áireamh in aischur an réigiúin ( féach pointe  2.056).

7.25.Tógann próiseas táirgthe beostoic cúpla bliain go ginearálta. Nuair a dhéantar beostoc a luacháil, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir ainmhithe a aicmítear mar shócmhainní seasta (ainmhithe pórúcháin agus ainmhithe tarraingthe, ba bainne, etc.) agus iad sin a aicmítear mar stoic (ainmhithe atá beartaithe go príomha i gcomhair feola). Dá réir sin, dfhonn comhaireamh dúbailte a sheachaint, láimhseáiltear idirbhearta a bhaineann le hainmhithe idir gabháltais talmhaíochta (a nglactar leo mar dhíolacháin dhearfacha maidir leis na gabháltais talmhaíochta a dhíolann an beostoc agus mar dhíolacháin dhiúltacha le haghaidh na gabháltas talmhaíochta a bhíonn ag ceannach), mar a leagtar amach thíos;

(a)déantar idirbhearta idir gabháltais talmhaíochta sa réigiún céanna ina bhfuil ainmhithe a aicmítear mar shócmhainní seasta a chéile a chealú, seachas costas a bhaineann le haistriú úinéireachta 50 ; ní chuirtear isteach iad mar dhíolacháin na ngabháltas talmhaíochta agus dá bhrí sin ní áirítear iad in aschur an réigiúin lena mbaineann;

(b)láimhseáiltear ainmhithe a aicmítear mar stoc, agus atá faoi réir idirbhirt idir réigiúin mar dhíolacháin dhearfacha (mar aon le honnmhairí) don réigiún tionscnaimh agus láimhseáiltear ainmhithe ó réigiúin eile mar dhíolacháin dhiúltacha (mar aon le hallmhairí) 51 ;

(c)nuair a bhaineann na costais maidir le haistriú úinéireachta (iompar, corrlaigh thrádála, etc.) le trádáil ainmhithe a aicmítear mar stoc, déantar iad a asbhaint ón aschur; tarlaíonn sé sin go huathoibríoch nuair a bhíonn ceannacháin ó ghabháltais talmhaíochta i réigiúin eile i gceist, toisc go mbíonn na costais mar chuid de dhíolacháin dhiúltacha, cé nach mór coigeartú a dhéanamh i ndíolacháin, agus in aschur dá réir sin, i gcás trádála in ainmhithe idir gabháltais talmhaíochta sa réigiún céanna.

(b)An taschur a luacháil

7.26.Déanfar an taschur a luacháil ag bunphraghsanna ( féach pointe  2.082),  is é sin le rá lena náirítear fóirdheontais ar tháirgí, lúide cánacha ar tháirgí. Ciallaíonn an modh ríofa sin go gcaithfear cánacha agus fóirdheontais ar tháirgí a mhiondealú de réir réigiúin.

2.Tomhaltas idirmheánach

(a)Sainmhíniú

7.27.Is éard atá i dtomhaltas idirmheánach na hearraí (seachas sócmhainní seasta) agus seirbhísí margaidh arna dtomhailt i rith an phróisis táirgthe chun earraí eile a tháirgeadh ( féach pointí  2.097 go 2.110).

7.28.Le linn do CERT a bheith á dtiomsú, áirítear leis an tomhaltas idirmheánach:

(a)táirgí talmhaíochta a ceannaíodh lena dtomhailt le linn an phróisis táirgthe ó ghabháltais talmhaíochta eile (cibé acu sa réigiún céanna nó i réigiún eile);

(b)táirgí áirithe a úsáidtear mar thomhaltas idir aonaid agus a chuirtear isteach mar aschur ( féach pointí  2.054 go 2.058 agus 7.24).

7.29.Sa chás áirithe a bhaineann le FISIM caitear leo sna cuntais réigiúnacha ar an mbealach céanna agus a chaitear leo sna cuntais náisiúnta. Má tá an meastachán ar stoic iasachtaí agus éarlaisí ar fáil de réir réigiúin, is féidir an modh ón mbun aníos a úsáid. Ní bhíonn meastacháin ar stoic iasachtaí agus éarlaisí ar fáil de réir réigiúin de ghnáth, áfach. I gcás inarb amhlaidh, déantar an leithdháileadh ar sheirbhísí idirghabhála airgeadais arna dtomhas go hindíreach leis an dara modh is fearr: úsáidtear oll-aschur réigiúnach nó oll-bhreisluach de réir tionscail mar tháscairí dáileacháin (ESA 2010, pointe 13.40).

(b)Tomhaltas idirmheánach a luacháil

7.30.Déanfar na táirgí agus na seirbhísí uile a úsáidtear le haghaidh tomhaltas idirmheánach a luacháil ag praghas an cheannaitheora (gan CBL in-asbhainte san áireamh) ( féach pointí  2.109 go 2.115).

3.Ollfhoirmiú caipitil

7.31.Déantar ollfhoirmiú caipitil i gcomhair talmhaíochta a fhoroinnt iontu seo a leanas:

(a)ollfhoirmiú caipitil sheasta;

(b)athruithe ar fhardail.

(a)Ollfhoirmiú caipitil sheasta

7.32.Bíonn foirmiú caipitil sheasta sa talmhaíocht aon uair a fhaigheann sealbhóir sócmhainní seasta nó aon uair a tháirgeann sé sócmhainní seasta atá beartaithe lena núsáid ar feadh tréimhse breis agus 1 bhliain amháin mar mhodh táirgeachta sa phróiseas táirgthe talmhaíochta. Tagraíonn na critéir leithdháilte chun ollfhoirmiú caipitil sheasta a thaifeadadh do thionscail úsáideoirí agus ní don tionscal lena mbaineann an túinéir dlíthiúil.

7.33.Leithdháiltear sócmhainní seasta faoi úinéireacht aonaid ilréigiúnaigh ar APGanna áitiúla ina núsáidtear iad. Déantar na sócmhainní seasta a úsáidtear faoi léas oibriúcháin a thaifeadadh i réigiún úinéir na sócmhainní, agus déantar na sócmhainní seasta a úsáidtear faoi léas airgeadais a thaifeadadh i réigiún an úsáideora (CCE 2010, pointe 13.33).

7.34.Déantar sócmhainní nua atá á náireamh i gcaipiteal seasta a iontráil comhlán,  is é sin le rá gan ídiú an chaipitil sheasta sin a asbhaint. Sa bhreis air sin, ríomhtar ídiú an chaipitil sheasta go ginearálta ar na sócmhainní sin. Faightear glanfhoirmiú caipitil trí ídiú sócmhainní seasta a asbhaint ó ollfhoirmiú caipitil.

7.35.Is féidir le haonaid táirgthe sócmhainní a dhíol le chéile,  mar shampla innealra athláimhe. Nuair a bhogtar sócmhainní idir tionscail agus réigiúin, aireofar an praghas iomlán in ollfhoirmiú caipitil sheasta i dtionscal nó i réigiún amháin agus déanfar an praghas a fhaightear a asbhaint ó ollfhoirmiú caipitil sheasta sa tionscal nó sa réigiún eile. Déanann an faighteoir na costais a bhaineann le haistriú úinéireachta na sócmhainní, amhail táillí dlí ar dhíolacháin talaimh agus foirgneamh reatha, a chomhaireamh mar ollfhoirmiú caipitil sheasta bhreise, fiú amháin má íocann an díoltóir roinnt de na costais.

7.36.Ní mór ollfhoirmiú caipitil sheasta le haghaidh beostoc réigiúin a thiomsú i gcomhréir le CEC 2010 ( féach pointí  3.124 go 3.138) agus ( pointí  2.149 go 2.161 den Iarscríbhinn seo. Tá ollfhoirmiú caipitil sheasta do bheostoc coibhéiseach leis an difríocht idir éadálacha beostoic i rith na bliana (fás nádúrtha agus ceannacháin lasmuigh den réigiún lena náirítear allmhairí), lena náirítear iad siúd a eascraíonn as táirgeadh féinchuntais, agus diúscairtí beostoic (lena mharú, díolacháin chuig réigiúin eile, lena náirítear onnmhairí, nó aon úsáid deiridh eile). Nuair a dhéantar na réigiúin go léir a chomhiomlánú, tá sé tábhachtach a chinntiú go gcealaíonn sreafaí idir-réigiúnacha a chéile (gan na costais a bhaineann le haistriú úinéireachta san áireamh) ionas go mbeidh suim ollfhoirmithe caipitil seasta réigiúnacha go léir mar an gcéanna le ollfhoirmiú caipitil sheasta i ndáil leis na cuntais náisiúnta talmhaíochta. Nuair a úsáidtear an modh ón mbun aníos, bíonn feidhm ag an méid seo a leanas: is ollfhoirmiú caipitil sheasta diúltach iad díolacháin ainmhithe le gabháltais talmhaíochta i réigiúin eile cé gur ollfhoirmiú caipitil sheasta dearfach iad na ceannacháin ó réigiúin eile. I gcás ríomh ollfhoirmiú caipitil sheasta do bheostoc réigiún, féadfar an modh indíreach arna mholadh a úsáid ( féach pointe  2.156).

(b)Athruithe ar fhardail

7.37.Cuimsítear sna fardail na sócmhainní go léir nach bhfuil mar chuid den chaipiteal seasta agus atá á sealbhú go sealadach, ag tráth ar leith, ag aonaid táirgthe. Déantar idirdhealú idir dhá chineál fardal: fardail ionchuir agus fardail aschuir ( féach pointe  2.172).

7.38.I gcás ainmhithe a aicmítear mar fhardail, áirítear leis an trádáil a chuirfear san áireamh nuair a bheidh athruithe ar fhardail á ríomh díolacháin le réigiúin eile agus ceannacháin ó réigiúin eile chomh maith le hallmhairí agus onnmhairí.

CIDIRBHEARTA DÁILEACHÁIN AGUS SREAFAÍ EILE

7.39.Mínítear leis na deacrachtaí praiticiúla a bhaineann le faisnéis iontaofa réigiúnach a fháil maidir le hidirbhearta dáileacháin i gcásanna áirithe, go háirithe nuair a dhéanann aonaid gníomhaíochtaí i níos mó ná réigiún amháin, nó nuair nach limistéar atá sainmhínithe go soiléir é an réigiún ina ndéantar gníomhaíochtaí áirithe i gcónaí, an chúis nach gcumhdaítear in CCE ach cuntais réigiúnacha thionscal na talmhaíochta amháin i dtaca le roinnt comhiomlán: breisluach, fóirdheontais, cánacha, cúiteamh dfhostaithe, cíosanna agus ioncam eile, ús agus ollfhoirmiú caipitil sheasta.

1.Rialacha ginearálta

7.40.Déantar na hidirbhearta dáileacháin a thaifeadadh ar bhonn fabhruithe,  is é sin le rá ag an tráth a dhéantar luach eacnamaíoch, méid dlite nó éileamh a chruthú, a aistriú nó a chealú nó nuair nach ann dó níos mó, agus ní nuair a dhéantar an íocaíocht go hiarbhír. Cuirtear an prionsabal taifeadta sin (bunaithe ar chearta agus ar oibleagáidí) i bhfeidhm maidir le gach sreabhadh, gan beann ar cibé an sreafaí airgid iad, nó ar tharla siad idir aonaid nó laistigh daonad aonair.

7.41.Nuair nach féidir an dáta ar a fhaightear an téileamh (fiachas) a chinneadh go beacht, áfach, féadfar an dáta íocaíochta nó comhfhogasú inghlactha eile den bhunús fabhraithe a úsáid ( féach pointe  3.007).

2.Breisluach

(a)Rialacha ginearálta

7.42.Cruthaítear breisluach de bharr gníomhaíocht táirgthe geilleagair nó ceann dá chuid tionscal i rith tréimhse ar leith, agus is í an ítim chomhardaithe den chuntas táirgthe í. Is ionann é agus an difríocht idir luach an aschuir agus luach an tomhaltais idirmheánaigh. Is príomh-ítim é chun táirgiúlacht geilleagair nó tionscail a thomhas ( féach pointe  3.013) nó táirgiúlacht réigiúin nó tionscail laistigh de réigiún.

(b)Breisluach a luacháil

7.43.Féadfar breisluach a iontráil ar bhonn comhlán (oll-bhreisluach ag bunphraghsanna) nó glan (breisluach glan ag bunphraghsanna),  is é sin le rá sula ndéantar tomhaltas an chaipitil sheasta a asbhaint nó ina dhiaidh sin. Ag teacht leis an modh chun aschur (bunphraghas) agus tomhaltas idirmheánach a luacháil (praghsanna na gceannaitheoirí), déantar an breisluach a thomhas ag na bunphraghsanna ( féach pointe  3.013).

7.44.Ciallaíonn an úsáid a bhaintear as bunphraghsanna nach mór na cánacha ar tháirgí agus ar fhóirdheontais ar tháirgí a shannadh dearraí agus do sheirbhísí sonracha, agus ansin caithfear iad a leithdháileadh i measc na réigiún.

7.45.Ach cánacha eile ar tháirgeadh a asbhaint ón mbreisluach ag na bunphraghsanna, agus fóirdheontais eile a chur ar an táirgeadh, faightear an breisluach ag costas fachtóra. Is éard é an breisluach glan ag costas fachtóra ioncam na bhfachtóirí táirgthe ( féach pointe  3.014).

3.Úsáid caipitil sheasta

7.46.In CERT, i gcás earraí agus seirbhísí lena gcomhdhéantar caipiteal seasta an ghabháltais talmhaíochta (amhail plandálacha a mbíonn táirgí athuaire mar thoradh orthu, innealra agus foirgnimh, feabhsuithe móra ar thalamh, bogearraí, na costais a ghabhann le haistriú úinéireachta ar shócmhainní neamhtháirgthe) baineann caitheamh agus cuimilt agus seandacht dóibh mar mhodhanna táirgthe sa phróiseas táirgthe. Déantar caitheamh agus cuimilt agus seandacht den sórt sin a thomhas mar ídiú an chaipitil sheasta. Cosúil le CET, ní dhéanfar ídiú an chaipitil sheasta a ríomh le haghaidh ainmhithe táirgthe.

4.Fóirdheontais

7.47.Cuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm in CERT agus a chuirtear in CET: déantar sreafaí a aicmítear mar fhóirdheontais oibriúcháin in CET a aicmiú ar an mbealach céanna in CERT, agus láimhseáiltear sreafaí i bhfoirm aistrithe caipitil ar an gcaoi chéanna.

5.Cánacha

7.48.Cuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm in CERT agus a chuirtear in CET: déantar an cineál difriúil cánacha a aicmiú ar an mbealach céanna in CERT agus a dhéantar iad a aicmiú in CET.

6.Cúiteamh dfhostaithe

7.49.Maidir le táirgeoirí, déantar cúiteamh dfhostaithe a leithdháileadh ar APGanna áitiúla ina bhfuil na daoine fostaithe. I gcás nach bhfuil na sonraí sin ar fáil, déantar cúiteamh dfhostaithe a leithdháileadh mar an dara modh is fearr, bunaithe ar na huaireanta a oibríodh. Mura bhfuil cúiteamh dfhostaithe ná uaireanta an chloig a oibríodh ar fáil, úsáidtear an líon fostaithe de réir APG áitiúil ( féach  CCE 2010, pointe 13.42).

7.Glanbharrachas oibriúcháin

7.50.Faightear glanbharrachas oibriúcháin ón mbreisluach glan ag na bunphraghsanna tríd an gcúiteamh dfhostaithe agus cánacha eile ar tháirgeadh a asbhaint agus fóirdheontais eile ar tháirgeadh a chur leis.

8.Ús, cíosanna

7.51.Cuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm in CERT agus a chuirtear in CET: déantar sreafaí a aicmítear mar ús, cíosanna in CET a aicmiú ar an mbealach céanna in CERT.

9.Ioncam fiontraíoch ó thalmhaíocht: rialacha ginearálta maidir le ríomh

7.52.Déantar ioncam ó mhaoin atá iníoctha go díreach a eascraíonn as gníomhaíochtaí talmhaíochta agus gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta,  is é sin le rá ús a íoctar ar iasachtaí a thógtar amach maidir leis na gníomhaíochtaí sin, lena náirítear chun talamh talmhaíochta a cheannach, agus cíosanna a íoctar le húinéirí talún, a asbhaint ó bharrachas oibriúcháin ( féach pointí  3.070 go 3.087).

D.SRACFHÉACHAINT AR CHUR CHUN FEIDHME

1.Réamhrá

7.53.Tá sé mar aidhm leis an Roinn seo roinnt gnéithe den mhodheolaíocht a léiriú, go háirithe an rogha gabháltais talmhaíochta talmhaíochta agus an tomhas a dhéantar ar aschur.

7.54.Is é an gabháltas talmhaíochta an taonad tagartha a úsáidtear le haghaidh suirbhéanna staidrimh maidir leis an talmhaíocht, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fo-náisiúnta. Is buntáiste mór é sin do CERT toisc go gciallaíonn sé gur féidir luacháil na gcainníochtaí aschuir a bheith bunaithe go díreach ar chórais staidrimh chun limistéir talún, táirgeacht, méideanna tréada etc. a thomhas. Ach an gabháltas talmhaíochta a roghnú freisin, tá sé de bhuntáiste aige sin gur féidir na cuntais a bheith níos comhsheasmhaí. Baineann aschur agus costais, go deimhin, le tacair aonad chomhionanna, fiú má bhíonn éagsúlacht idir na modhanna eachtarshuímh ó fhoinse amháin go chéile. Ar deireadh, ach an gabháltas talmhaíochta a roghnú, mar aon leis na coincheapa maidir le gníomhaíochtaí agus aonaid shaintréitheacha, seachnaítear an gá coigeartuithe a dhéanamh a dfhéadfadh a bheith conspóideach, a dfhéadfadh a bheith amhlaidh i gcás gairdíní cistine agus tógáil beostoic phríobháidigh nach leis an sealbhóir é. Fágann an gnás sin go mbíonn sé níos éasca comparáidí a dhéanamh idir tíortha. Go deimhin, beidh an nasc le sonraí staidrimh i gcainníochtaí fisiceacha, atá ríthábhachtach don talmhaíocht agus lena ráthaítear go mbeidh na toisí ar iontrálacha cuntasaíochta comhsheasmhach toisc go bhfuil coigeartuithe nó ceartúcháin seach-staidrimh srianta dá bhrí sin, rudaí ar ndóigh lena simplítear agus lena gcuirtear feabhas ar na ríomhanna. Tá na gnéithe sin comhsheasmhach freisin leis an aidhm maidir le tosaíocht a thabhairt don chur chuige ó bhun aníos in CERT.

2.An talmhaíocht réigiúnach a shainmhíniú

7.55.Maidir le gach réigiún, is éard atá i dtionscal na talmhaíochta na gabháltais talmhaíochta ar fad a bhfuil a gcuid fachtóirí táirgthe lonnaithe sa réigiún. Leis an bprionsabal sin, atá comhsheasmhach leis an gcoincheap maidir le háit chónaithe na naonad táirgthe, féadfar roinnt fadhbanna a chruthú: leis an staidreamh talmhaíochta, sainmhínítear suíomh na ngabháltas talmhaíochta de ghnáth de réir a gceanncheathrún agus ní díreach de réir shuíomh na bhfachtóirí táirgthe. Ní hionann an dá shuíomh sin i gcónaí agus is dócha go dtarlóidh an feiniméan sin níos minice de réir mar a éiríonn gabháltais talmhaíochta níos mó. Nuair a thiomsaítear CERT, dá bhrí sin, déanfar roinnt gabháltas talmhaíochta a athaicmiú idir réigiúin agus fiú, i roinnt cásanna, iad a roinnt. Seans go mbeidh sé sin sách deacair a dhéanamh i gcleachtas, agus má bhíonn, bfhéidir go mbfhearr an suíomh céanna a choimeád le haghaidh na ngabháltas talmhaíochta agus atá sna suirbhéanna staidrimh. Tá an moladh sin, áfach, ag brath ar dhá choinníoll: ar an gcéad dul síos, ní mór an modh lena ndéanfar an suíomh a shainmhíniú a bheith comhionann le haghaidh na réigiún go léir sa tír agus ansin ní mór na hiontrálacha cuntasaíochta go léir a luacháil ó fhoinsí lena núsáidtear na rialacha céanna chun suíomh na ngabháltas talmhaíochta a shainmhíniú.

3.Aschur talmhaíochta a thomhas

7.56.Áirítear le haschur talmhaíochta táirgí barr áirithe lena núsáidtear an gabháltas talmhaíochta céanna arís i bhfoirm tomhaltais idirmheánaigh; baineann sé sin go príomha le táirgí le haghaidh beatha ainmhithe. I gcás na mbarr curaíochta go háirithe, féadfar aschur réigiúnach a chinneadh go minic ar bhonn na gcainníochtaí a bhaintear i ngach réigiún, a dtugtar luach dóibh ansin trí phraghsanna. Sa chás sin, déantar an taschur go léir a luacháil, cibé acu atá sé beartaithe i gcomhair margaíochta lasmuigh den tionscal, le díol le gabháltais talmhaíochta eile nó le húsáid ag an ngabháltas talmhaíochta céanna. Faightear aschur gach réigiúin go díreach dá réir sin, ag teacht leis an gcoincheap arna ghlacadh in CET agus CERT. Dfhéadfaí na praghsanna faoina ndéantar luacháil ar aschur trína gcruthaítear tomhaltas idir aonaid a bhunú ar shonraí réigiúnacha freisin, ag comhfhreagairt do na praghsanna ag a ndéantar aschur a mhargú. Mar sin féin, de dheasa easpa sonraí maidir le praghsanna réigiúnacha cruthaítear fadhb ghinearálta fad a bhaineann sé le haschur a luacháil, idir aschur (réigiúnach) a mhargaítear agus aschur atá mar chuid den tomhaltas idir aonaid. Dá réir sin, ardaíonn an luacháil CERT ar tháirgí atá mar chuid den tomhaltas idir aonaid na deacrachtaí céanna leis an luacháil a dhéantar ar tháirgí a mhargaítear. Ar ndóigh, is ceist dhifriúil ar fad é nuair nach féidir na cainníochtaí a luacháil ar an leibhéal réigiúnach. Sa chás sin, is é an modh ó bharr anuas bunaithe ar luachálacha ar an leibhéal náisiúnta an taon cheann is féidir a úsáid 52 .

7.57.A mhéid a bhaineann le hainmhithe, cibé acu a naicmítear iad mar fhardail nó mar chaipiteal seasta, déanfar na pointí seo a leanas a chur san áireamh:

luachálacha ar an leibhéal réigiúnach maidir le hathruithe ar fhardail agus in ollfhoirmiú caipitil sheasta a bhaineann le hainmhithe, agus gur comhpháirteanna den mhodh indíreach maidir le haschur a ríomh iad an dá shreabhadh sin go hiarbhír;

luachálacha trádála ainmhithe idir réigiúin, ar comhpháirt í an trádáil sin den mhodh indíreach maidir le haschur a ríomh;

an miondealú idir réigiúin sreafaí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin ainmhithe;

an láimhseáil iomchuí ar chostais a bhaineann le haistriú úinéireachta;

an modh maidir le CERT a choigeartú in aghaidh CET.

7.58.I gcásanna áirithe, is féidir an modh indíreach maidir le haschur ainmhithe a ríomh a bheith ródheacair ar an leibhéal réigiúnach. I gcásanna den sórt sin, is fearr an taschur a ríomh ar bhonn múnla ina núsáidtear sonraí fisiceacha agus ansin na luachanna a choigeartú leo sin in CET.

4.Gníomhaíochtaí tánaisteacha neamh-thalmhaíochta doscartha

7.59.Tá bealaí éagsúla ann chun gníomhaíochtaí tánaisteacha neamh-thalmhaíochta doscartha a ionchorprú in CERT, ag brath ar an gcineál gníomhaíochta. Tá roinnt de na gníomhaíochtaí tánaisteacha sin comhchruinnithe go mór ar an leibhéal réigiúnach, mar shampla, próiseáil táirgí talmhaíochta. Sa chás sin, is féidir le luachálacha aschuir cainníochtaí agus praghsanna araon a bheith ag brath ar shonraí staidrimh áitiúla. I gcás an aschuir sin, tá na luachanna in CET mar an gcéanna de facto leo sin in CERT. Dfhéadfadh cásanna eile, áfach, a bheith níos deacra. Mar shampla, dfhéadfadh sé nach bhfuil aon fhoinse réigiúnach ann le haghaidh roinnt gníomhaíochtaí, go háirithe mura bhfuil siad comhchruinnithe i réigiúin ar leith ón tús. I gcás gníomhaíochtaí eile, soláthraítear sonraí réigiúnacha trí shuirbhéanna staidrimh nó trí fhaisnéis na gcuntas micr-eacnamaíoch (mar shampla an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme) ach níl aon ráthaíocht ann go bhfuil siad sin ionadaíoch ar bhonn réigiúnach. Ina theannta sin, dfhéadfadh na sonraí a bheith sean gan aon fhoinsí ar fáil lena dtabhairt chun dáta ar bhealach iontaofa. Ar deireadh, uaireanta ní bhíonn táscairí cáilíochtúla ar fáil ar an leibhéal réigiúnach. I ngach ceann de na cásanna sin, is iad luachanna CET an túsphointe do CERT agus ní mór an modh ó bharr anuas a úsáid go minic.

5.Tomhaltas idirmheánach

7.60.Áirítear le tomhaltas idirmheánach in CERT táirgí talmhaíochta lena núsáidtear gabháltais talmhaíochta, cibé acu iad sin a thrádáiltear go díreach idir sealbhóirí sa réigiún céanna nó i réigiúin dhifriúla nó lena nathraítear úinéireacht trí idirghabhálaithe a dfhéadfadh a bheith nó gan a bheith ina núinéirí ar na táirgí sula ndéantar iad a athdhíol. Thairis sin, déantar roinnt táirgí talmhaíochta de thomhaltas idir aonaid a iontráil freisin mar thomhaltas idirmheánach, go bunúsach barra áirithe a úsáidtear mar bheatha ainmhithe. Ní dhéanfar aon cheannacháin ainmhithe, fiú iad sin a allmhairítear, a iontráil mar thomhaltas idirmheánach.

7.61.Is é an chéad mhodh maidir le tomhaltas idirmheánach táirgí talmhaíochta a ríomh ar an leibhéal réigiúnach an difríocht idir aschur CERT agus an chuid sin den aschur atá beartaithe an tionscal a fhágáil a ríomh, ar bhonn táirge ar tháirge 53 . Mar sin féin, ní léiriú iomlán cruinn é ar thomhaltas idirmheánach táirgí talmhaíochta i ngach réigiún, toisc cé go náirítear táirgí talmhaíochta atá beartaithe le haghaidh tomhaltas idirmheánach ag gabháltais talmhaíochta i réigiúin eile, ní áirítear táirgí talmhaíochta a thagann ó ghabháltais talmhaíochta i réigiúin eile. Ní mór an tomhaltas idirmheánach a choigeartú, dá bhrí sin, ar aon dul leis na luachanna in CET.

7.62.Tá modh ríofa eile indéanta freisin, ag úsáid an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme mar fhoinse faisnéise. Leis an bhfoinse sin bítear in ann luacháil a dhéanamh ar thomhaltas idirmheánach táirgí talmhaíochta, is cuma cé acu a dtagann siad ó dhíolacháin lena ndéantar gabháltais talmhaíochta eile nó ó fhoinsí amhail allmhairí. Mar sin féin, ní chumhdaítear sa Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme ar an mbealach céanna na táirgí lena núsáidtear an gabháltas talmhaíochta céanna mar thomhaltas idirmheánach, agus dá bhrí sin tá gá le ceartúcháin. Ar an gcaoi chéanna, dá bhrí sin, ní mór tomhaltas idirmheánach a choigeartú ag teacht leis na luachanna in CET.

_____________

🡻 2022/590 Airt. 1.5 agus Iarscríbhinn II

IARSCRÍBHINN II

CLÁR UM THARCHUR SONRAÍ

Maidir le gach ceann de na hítimí aschuir (ítimí 01 go 18, lena n‑áirítear fo-ítimí), déanfar an luach ag na bunphraghsanna chomh maith lena chomhpháirteanna (an luach ag praghsanna na dtáirgeoirí, fóirdheontais ar tháirgí agus cánacha ar tháirgí) a tharchur.

Déanfar na sonraí maidir leis an gcuntas táirgeachta agus maidir leis an ollfhoirmiú caipitil sheasta a tharchur ag na praghsanna reatha agus ag praghsanna na bliana roimhe sin araon.

Sloinnfear na luachanna uile i milliúin aonad den airgeadra náisiúnta. Sloinnfear ionchur saothair in 1 000 aonad oibre bliantúil.

Soláthrófar na sonraí le haghaidh chuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta (‘CERT’) ag leibhéal NUTS 2 agus a tharchur ag praghsanna reatha amháin.

1.Cuntas táirgeachta

Tarchur a bhaineann leis an mbliain tagartha n

Mír

Liosta athróg

a

b

c

d

Samhain

bliain n (meastacháin CET)

Márta

bliain n+ 1 (meastacháin CET)

Meán

Fómhair bliain n+ 1 (sonraí CET)

Meán

Fómhair bliain n+ +2 (sonraí CERT)

01

GRÁNAIGH (lena n‑áirítear síolta)

X

X

X

X

01.1

Cruithneacht agus speilt

X

X

X

X

01.1/1

Cruithneacht agus speilt bhog

X

X

01.1/2

Cruithneacht chrua (dúram)

X

X

01.2

Seagal agus maislín

X

X

X

X

01.3

Eorna

X

X

X

X

01.4

Coirce agus meascáin de ghránaigh shamhraidh

X

X

X

X

01.5

Grán buí

X

X

X

X

01.6

Rís

X

X

X

X

01.7

Gránaigh eile

X

X

X

X

02

BARRA TIONSCLAÍOCHA

X

X

X

X

02.1

Síolta ola agus torthaí olúla (lena n‑áirítear síolta)

X

X

X

X

02.1/1

Síolta ráibe agus ráibe tornapa

X

X

02.1/2

Lus na gréine

X

X

02.1/3

Soighe

X

X

02.1/4

Táirgí olúla eile

X

X

02.2

Barra próitéine (lena n‑áirítear síolta)

X

X

X

X

02.3

Tobac amh

X

X

X

X

02.4

Biatas siúcra

X

X

X

X

02.5

Barra tionsclaíocha eile

X

X

X

X

02.5/1

Plandaí snáithíneacha

X

02.5/2

Leannlusanna

X

02.5/3

Barra tionsclaíocha eile: eile

X

03

PLANDAÍ FORÁISTE

X

X

X

X

03.1

Grán buí farae

X

X

03.2

Meacain farae (lena n‑áirítear biatas foráiste)

X

X

03.3

Plandaí foráiste eile

X

X

04

TÁIRGÍ GLASRAÍ AGUS GAIRNEOIREACHTA

X

X

X

X

04.1

Glasraí úra

X

X

X

X

04.1/1

Cóilis

X

04.1/2

Trátaí

X

04.1/3

Glasraí úra eile

X

04.2

Plandaí agus bláthanna

X

X

X

X

04.2/1

Plandaí plandlainne

X

04.2/2

Plandaí agus bláthanna ornáideacha (lena n‑áirítear crainn Nollag)

X

04.2/3

Plandálacha

X

05

PRÁTAÍ (lena n‑áirítear síolta)

X

X

X

X

06

TORTHAÍ

X

X

X

X

06.1

Torthaí úra

X

X

X

X

06.1/1

Úlla milseoige

X

06.1/2

Piorraí milseoige

X

06.1/3

Péitseoga

X

06.1/4

Torthaí úra eile

X

06.2

Torthaí citris

X

X

X

X

06.2/1

Oráistí milse

X

06.2/2

Mandairíní

X

06.2/3

Líomóidí

X

06.2/4

Torthaí citris eile

X

06.3

Torthaí trópaiceacha

X

X

X

X

06.4

Fíonchaora

X

X

X

X

06.4/1

Fíonchaora milseoige

X

06.4/2

Fíonchaora eile

X

06.5

Ológa

X

X

X

X

06.5/1

Ológa boird

X

06.5/2

Ológa eile

X

07

FÍON

X

X

X

X

07.1

Fíon boird

X

07.2

Fíon ar ardchaighdeán

X

08

OLA OLÓIGE

X

X

X

X

09

TÁIRGÍ BARR EILE

X

X

X

X

09.1

Ábhair glasraí a úsáidtear go príomha do thrilseánú

X

09.2

Síolta

X

09.3

Táirgí barr eile: eile

X

10

ASCHUR BARR (01 GO 09)

X

X

X

X

11

AINMHITHE

X

X

X

X

11.1

Eallach

X

X

X

X

11.2

Muca

X

X

X

X

11.3

Eachaithe

X

X

X

X

11.4

Caoirigh agus gabhair

X

X

X

X

11.5

Éanlaith chlóis

X

X

X

X

11.6

Ainmhithe eile

X

X

X

X

12

TÁIRGÍ AINMHITHE

X

X

X

X

12.1

Bainne

X

X

X

X

12.2

Uibheacha

X

X

X

X

12.3

Táirgí ainmhithe eile

X

X

X

X

12.3/1

Amh-olann

X

12.3/2

Cocúin seiriceáin

X

12.3/3

Táirgí ainmhithe eile: eile

X

13

ASCHUR AINMHITHE (11 +12)

X

X

X

X

14

ASCHUR EARRAÍ TALMHAÍOCHTA (10+13)

X

X

X

X

15

ASCHUR SEIRBHÍSÍ TALMHAÍOCHTA

X

X

X

X

15.1

Seribhísí talmhaíochta

X

15.2

Cuóta bainne ar cíos

X

16

ASCHUR TALMHAÍOCHTA (14+15)

X

X

X

X

17

GNÍOMHAÍOCHTAÍ TÁNAISTEACHA NEAMHTHALMHAÍOCHTA (DOSCARTHA)

X

X

X

X

17.1

Próiseáil táirgí talmhaíochta

X

X

X

X

17.2

Gníomhaíochtaí tánaisteacha doscartha eile (earraí agus seirbhísí)

X

X

X

X

18

ASCHUR THIONSCAL NA TALMHAÍOCHTA (16+17)

X

X

X

X

19

TOMHALTAS IDIRMHEÁNACH IOMLÁN

X

X

X

X

19.01

Fardal síolta agus plandála

X

X

X

X

19.02

Fuinneamh; bealaí

X

X

X

X

19.02/1

leictreachas

X

19.02/2

gás

X

19.02/3

breoslaí agus tiomántáin eile

X

19.02/4

eile

X

19.03

Leasaithigh agus feabhsaitheoirí ithreach

X

X

X

X

19.04

Táirgí cosanta plandaí agus lotnaidicídí

X

X

X

X

19.05

Costais tréidliachta

X

X

X

X

19.06

Beatha ainmhithe

X

X

X

X

19.06/1

beatha arna soláthar ag gabháltais talmhaíochta eile

X

X

X

X

19.06/2

beatha a cheannaítear ó áit lasmuigh de thionscal na talmhaíochta

X

X

X

X

19.06/3

beatha arna táirgeadh agus arna hídiú ag an ngabháltas talmhaíochta céanna

X

X

X

X

19.07

Cothabháil ábhar

X

X

X

X

19.08

Cothabháil foirgneamh

X

X

X

X

19.09

Seirbhísí talmhaíochta

X

X

X

X

19.10

Seirbhísí idirghabhála airgeadais arna dtomhas go hindíreach (FISIM)

X

X

X

X

19.11

Earraí agus seirbhísí eile

X

X

X

X

20

OLL-BHREISLUACH AG BUNPHRAGHSANNA (18-19)

X

X

X

X

21

TOMHALTAS CAIPITIL SHEASTA

X

X

X

X

21.1

Trealamh

X

21.2

Foirgnimh

X

21.3

Plandálacha

X

21.4

Eile

X

22

GLANBHREISLUACH AG BUNPHRAGHSANNA (20-21)

X

X

X

X

2.Giniúint an chuntais ioncaim

Tarchur a bhaineann leis an mbliain tagartha n

Mír

Liosta athróg

a

b

c

d

Samhain

bliain n (meastacháin CET)

Márta

bliain n+ 1 (meastacháin CET)

Meán

Fómhair bliain n+ 1(sonraí CET)

Meán

Fómhair bliain n+ +2 (sonraí CERT)

23

CÚITEAMH D’FHOSTAITHE

X

X

X

X

24

CÁNACHA EILE AR THÁIRGEADH

X

X

X

X

25

FÓIRDHEONTAIS EILE AR THÁIRGEADH

X

X

X

X

26

IONCAM FACHTÓRA (22-24+ 25)

X

X

X

X

27

BARRACHAS OIBRIÚCHÁIN / IONCAM MEASCTHA (22-23-24+ 25)

X

X

X

X

3.Cuntas ioncaim fiontraíochta

Tarchur a bhaineann leis an mbliain tagartha n

Mír

Liosta athróg

a

b

c

d

Samhain

bliain n (meastacháin CET)

Márta

bliain n+ 1 (meastacháin CET)

Meán

Fómhair bliain n+ 1 (sonraí CET)

Meán

Fómhai bliain n+ +2 (sonraí CERT)

28

CÍOSANNA AGUS MUIRIR CHÍOSA EILE EASTÁIT RÉADAIGH ATÁ LE hÍOC

X

X

X

X

29

ÚS INÍOCTHA

X

X

X

X

30

ÚS INFHAIGHTE

X

X

X

X

31

IONCAM FIONTRAÍOCHTA (27-28-29+30)

X

X

X

X

4.Gnéithe den chuntas caipitil

Tarchur a bhaineann leis an mbliain tagartha n

Mír

Liosta athróg

a

b

c

d

Samhain

bliain n (meastacháin CET)

Márta

bliain n+ 1 (meastacháin CET)

Meán

Fómhair bliain n+ 1 (sonraí CET)

Meán

Fómhair bliain n+ +2 (sonraí CERT)

32

OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA I dTÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA

X

X

32.1

Ollfhoirmiú caipitil sheasta i bplandálacha

X

32.2

Ollfhoirmiú caipitil sheasta in ainmhithe

X

33

OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA I dTÁIRGÍ NEAMHTHALMHAÍOCHTA

X

X

33.1

OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA IN ÁBHAIR

X

33.2

OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA I bhFOIRGNIMH

X

33.3

OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA EILE

X

34

OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA (GAN CBL IN-ASBHAINTE SAN ÁIREAMH) (32+33)

X

X

35

GLANFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA (GAN CBL IN-ASBHAINTE SAN ÁIREAMH) (3421)

X

X

36

ATHRUITHE AR FHARDAIL

X

X

37

AISTRITHE CAIPIITL

X

X

37.1

Deontais infheistíochta

X

37.2

Aistrithe caipitil eile

X

5.Ionchur saothair talmhaíochta

Tarchur a bhaineann leis an mbliain tagartha n

Mír

Liosta athróg

a

b

c

Samhain

bliain n (meastacháin CET)

Márta

bliain n+ 1 (meastacháin CET)

Meán

Fómhair bliain n+ 1 (sonraí CET)

38

IONCHUR SAOTHAIR TALMHAÍOCHTA IOMLÁN

X

X

X

38.1

Ionchur saohtair talmhaíochta neamh-thuarastail

X

X

X

38.2

Ionchur saohtair talmhaíochta tuarastail

X

X

X

_____________

🡹 

IARSCRÍBHINN III

An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 33, 5.2.2004, lch.1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2004/138/oj )

Rialachán (AE) Uimh. 306/2005 ón gCoimisiún
(IO L 52, 25.2.2005, lch. 9, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2005/306/oj )

Rialachán (AE) Uimh. 909/2006 ón gCoimisiún
(IO
L 168, 21.6.2006, lch. 14, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2006/909/oj )

Rialachán (AE) Uimh. 212/2008 ón gCoimisiún
(IO
L 65, 8.3.2008, lch. 5, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2008/212/oj )

Rialachán (AE) Uimh. 1137/2008 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 311, 21.11.2008, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1137/oj )

Níl ach pointe 5.5 den Iarscríbhinn

Rialachán (AE) Uimh. 1350/2013 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 351, 21.12.2013, lch. 1
, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1350/oj )

Níl ach pointe 2 den Iarscríbhinn

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/280 ón gCoimisiún
(IO L 47, 19.2.2019, lch. 7
, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/280/oj )

Rialachán (AE) 2022/590 ó
Pharlaimint
 na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 114, 12.4.2022, lch. 1
, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2022/590/oj )

_____________

IARSCRÍBHINN IV

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 138/2004

An Rialachán seo

Airteagail 1, 2 agus 3

Airteagail 1, 2 agus 3

Airteagal 3a

Airteagal 4

Airteagal 3B

Airteagal 5

Airteagal 4

Airteagal 6

Airteagal 4a

Airteagal 7

Airteagal 4b

Airteagal 8

Airteagal 5

Airteagal 9

Iarscríbhinn I agus II

Iarscríbhinn I agus II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

_____________

(1)    An Córas Eorpach Cuntas Náisiúnta agus Réigiúnach san Aontas Eorpach — CCE 2010, Lucsamburg 2013.
(2)    System of National Accounts [Córas na gCuntas Náisiúnta], 2008. Foilseachán comhpháirteach leis na Náisiúin Aontaithe, an Coimisiún Eorpach, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ECFE agus an Banc Domhanda.
(3)    Ba cheart a thabhairt le fios, cé go dtugtar tosaíocht do APGanna áitiúla in CCE  2010 , gurb é an t‑aonad táirgthe aonchineálaigh (UHP) an t‑aonad is fearr a oireann d’anailísí ar an bpróiseas táirgthe. Úsáidtear an t‑aonad sin chun anailís a dhéanamh ar ionchuir agus aschuir, ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé go beacht do chineál gníomhaíochta. Roinntear aonaid institiúideacha dá réir sin ina liacht UHPanna agus a bhfuil de ghníomhaíochtaí ann (seachas gníomhaíochtaí coimhdeacha). Trí na UHPanna sin a ghrúpáil is féidir an geilleagar a mhiondealú ina bhrainsí ‘íona’ (aonchineálacha).Ní féidir, mar riail, UHP a bhreathnú go díreach. Dá bhrí sin, ní féidir cuntais brainsí aonchineálacha a thiomsú ar bhonn grúpaí UHPanna.Le CCE, tugtar tuairisc ar mhodh chun na cuntais sin a thiomsú.Is é atá i gceist leis táirgeadh tánaisteach agus costais chomhfhreagracha brainsí gníomhaíochta a chur i leith na mbrainsí aonchineálacha iomchuí (CCE 2010, 2.153-2.156, 9.52 go 9.63).
(4)    Is aonaid bheaga iad sin a tháirgeann le haghaidh a dtomhaltais féin, ní le haghaidh díola, a dhéanann gníomhaíochtaí talmhaíochta gan bheith ag brath go heacnamaíoch ar na gníomhaíochtaí sin.
(5)    Tabhair faoi deara áfach go mbreithnítear roinnt gníomhaíochtaí tánaisteacha a bheith doscartha ón ngníomhaíocht talmhaíochta i gcónaí,  mar shampla,  e.g. foirgnimh nó aonaid tithíochta a ligean ar cíos.
(6)    🡺1 ISIC Ath. 4 🡸: Rangúchán tionsclaíoch caighdeánach idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe i dtaca le gach gníomhaíocht eacnamaíoch.
(7)    Féach freisin na Nótaí míniúcháin: Eurostat: NACE Ath. 2, Aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas Eorpach, Téama 2, Sraith E, Lucsamburg, 2007.
(8)    Ní chloítear ansin leis an riail ghinearálta toisc go bhfaightear, sna cásanna speisialta sin, cuid mhór de na síolta ó ghnáth‑aschur na buainte comhfhreagraí gránaigh, olashíl, bairr próitéine nó prátaí, agus i gcásanna eile táirgtear ar ghabháltais speisialaithe iad.
(9)    Féach na Treoirlínte réamhráiteacha a ghabhann le NACE Ath. 2: Aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas Eorpach, Téama 2, Sraith E, Lucsamburg, 2007.
(10)    Is é is táirge tánaisteach ann táirge atá nasctha go teicniúil le táirgeadh táirgí eile. Dfhéadfadh sé a bheith ina tháirge tánaisteach eisiach i gcás ina mbeidh sé nasctha le táirgí eile den ghrúpa céanna agus nach dtáirgtear ach sa ghrúpa sin go heisiach é, nó dfhéadfadh sé a bheith ina ghnáth‑tháirge tánaisteach i gcás ina mbeidh sé nasctha le táirgí eile ach nach mbaineann a tháirgeadh le grúpa amháin.
(11)    Is leis an gcomharchumann an trealamh agus an t‑innealra, murab ionann agus na córais roinnte innealra, cás inar maoin de chuid na ngabháltas aonair de ghnáth iad.
(12)    Féach pointí 2.029, 2.030 agus 2.031 chun faisnéis maidir leis an tráth a thaifeadtar stoic a fháil.
(13)    FAO (1996) System of economic accounts for food and agriculture, Na Náisiúin Aontaithe, An Róimh.
(14)    Déantar aschur i gcás na n‑ainmhithe sin a ríomh trí earraí caipitiúla seasta arna dtáirgeadh ar bhonn féinchuntais (= iontrálacha lúide diúscairtí sócmhainní) a chur le díolacháin (= diúscairtí).
(15)    Agus trádáil á luacháil, áirítear na costais a ghabhann le haistriú úinéireachta (corrlaigh thrádála agus costais iompair) i luach na héadála. I gcás trádáil idir gabháltais chónaitheacha, fritháiríonn díolacháin agus ceannacháin a chéile ach amháin na costais iompair, a láimhseáiltear i ríomh an aschuir mar dhíolachán diúltach.
(16)    Tá láimhseáil chomhionann infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta ar de chineál stoc iad.
(17)    Is amhlaidh sin go ginearálta i gcás ina gcuirtear an táirgeadh chun cinn de bharr chaiteachas an fhostóra, agus i gcásanna áirithe nach féidir sin a dhéanamh in éagmais an chaiteachais sin.
(18)    Leasing differs from simple hiring in that the risks and advantages of ownership in leasing are transferred de facto, but not de jure, from the lessor to the lessee (the user of the asset). The ESA  2010  takes account of the economic situation of leasing by considering, for its recording, that the lessor provides a credit to the lessee which allows the latter to purchase a durable good and to become its de facto owner. Leasing is thus regarded as a special form of investment financing.
(19)    Mar iarmhairt dhíreach an mhodha sin, na costais atá bainteach le trádáil i mbeostoc atá ina sócmhainní seasta idir aonaid, ba cheart iad a thaifeadadh faoi OFCS an fhaighteora.
(20)    Sa chás sin, tagann gníomhaíocht leagtha na plandála agus díolacháin an adhmaid faoi ghníomhaíocht foraoiseachta.
(21)    Ba cheart a thabhairt ar aird maidir leis an gcostas a bhaineann le seirbhís an ghrafa agus a dfhéadfadh cuideachta ghrafa a shonrascadh, gur tomhaltas idirmheánach seirbhíse atá sa chostas sin.
(22)    Láimhseáil dhíolacháin an bheostoic le haghaidh a mharaithe ( is é sin le rá,  ag seamlais nó ag an bhfeirmeoir, lena n‑áirítear na díolacháin uile le haonaid neamhthalmhaíochta le haghaidh úsáidí eacnamaíocha seachas marú) mar dhiúscairtí sócmhainní seasta, is simpliú an nós imeachta cuntasaíochta atá ann chun diúscairt sócmhainní seasta, a bhfuil a n‑úsáid eacnamaíoch athraithe, a thaifeadadh. Is éard a dhéantar i bhfírinne le beostoc atá ina sócmhainn sheasta iad a thiontú ina stoic trí shreabhadh a thaifeadadh dar teideal athrú eile ar mhéid ( féach pointe  2.136) a iontráiltear sa chuntas athruithe eile ar mhéid na sócmhainní. Ní dhíoltar iad ach amháin i bhfoirm stoc, agus is é aistarraingt ó stoic atá sa díolachán ansin seachas diúscairt sócmhainní.
(23)    Sa mhéid a tharla an díol agus an ceannach sa tréimhse chuntasaíochta chéanna. Ina mhalairt de chás, taifeadtar diúscairt (le haghaidh na tréimhse inar tharla an díolachán) agus éadáil (le haghaidh na tréimhse inar tharla an ceannach).
(24)    Lena n‑áirítear maruithe chun críche tomhaltais deiridh dhílis nó le haghaidh íocaíocht chomhchineáil.
(25)    Ní thaifeadtar an trádáil i mbeostoc síolrúcháin idir feirmeoirí sna cuntais. Is amhlaidh an cás freisin má dhéantar an trádáil trí ghníomhairí (má tharla an ceannach agus an díol sa tréimhse chéanna). Mar sin féin, an costas chun úinéireacht a aistriú (seirbhísí gníomhairí, corrlaigh thrádála, costais iompair, etc), ní mór iad a áireamh i luach OFCS i gcás an bheostoic.
(26)    In CCN 2008 (10.94), murab ionann agus CCE 2010 (3.140), meastar gur cheart ídiú an chaipitil sheasta a ríomh i gcás an bheostoic.
(27)    Féadfar úsáid a bhaint as aon mhodh eile a bhfaightear torthaí coibhéiseacha dá thoradh.
(28)    Comhfhreagraíonn an asbhaint sin don chás teoiriciúil ina dtaifeadtar allmhairí ainmhithe táirgiúla mar OFCS. Sa chleachtas, na hainmhithe uile arna n‑allmhairiú ag an tionscal talmhaíochta, láimhseáiltear mar athruithe ar stoic iad ( féach pointe  2.205).
(29)    Le hathruithe eile ar mhéid, tuigtear i gcoitinne gur stoic earraí atá iontu a scriosadh tar éis teagmhais eisceachtúla (amhail tubaistí nádúrtha). Áirítear caillteanais reatha in aistarraingtí ó stoic.
(30)    Baintear úsáid as an miondealú ar aschur de réir díolachán (agus úsáidí eile) agus athruithe stoic.
(31)    Dfhéadfaí toradh comhchosúil a fháil trí dhíolacháin a thaifeadadh ar bhonn leathbhliantúil agus aschur bhliain tagartha n a ríomh trí dhíolacháin an dara leath de bhliain n a chur le díolacháin an chéad leath de bhliain n + 1.
(32)    Ní mór gan íocaíochtaí a áireamh sa chatagóir sin arb íocaíochtaí iad a dhéantar le leas an fhostóra go príomha. Tá na híocaíochtaí sin ina gcuid den tomhaltas idirmheánach ( féach pointe  2.108 (e)).
(33)    Aschur an bhrainse talmhaíochta atá i dtáirgí talmhaíochta a sholáthraítear dfhostaithe.
(34)    Láimhseáiltear seirbhísí cóiríochta mar ghníomhaíocht neamhthalmhaíochta indeighilte, agus is éard a fhágann sé sin nach mbíonn siad le feiceáil ach mar chúiteamh dfhostaithe agus i bhfoirm asbhainte de bharrachas oibriúcháin an tionscail talmhaíochta. Dá mbeidís ina ngníomhaíocht neamhthalmhaíochta dhoscartha, dhéanfaí iad a thaifeadadh mar chomhpháirt den táirgeadh agus mar fhoirm chúitimh dfhostaithe.
(35)    Comhfhreagraíonn siad go háirithe do phá agus do thuarastail a leanann fostóirí dá n‑íoc ar bhonn sealadach lena bhfostaithe i gcás breoiteachta, máithreachais, timpistí ag an áit oibre, easláine nó iomarcaíochta, a mhéid is féidir na méideanna lena mbaineann a shainaithint ar leithligh.
(36)    Is é an láimhdeachas an ítim inchánach is tábhachtaí. Tiomsaíonn Ballstáit uile an Aontais cáin láimhdeachais i bhfoirm CBL. Tá rátaí na cánach sin éagsúil ó Bhallstát go chéile agus go deimhin laistigh de Bhallstáit aonaracha. I gcoitinne, tá táirgí talmhaíochta faoi réir ráta cánach atá níos ísle ná an ráta caighdeánach.
(37)    Dfhéadfadh an ráta céatadáin a bheith éagsúil de réir an chineáil táirge agus bhealach an dáileacháin.
(38)    Na héagsúlachtaí idir na Ballstáit sna córais CBL atá á n‑oibriú acu, eascraíonn cásanna astu uaireanta inarb amhlaidh nach féidir CBL atá íoctha ag feirmeoirí ar a gceannacháin a aisghabháil ná a chúiteamh. Is éard a bhíonn i gceist le híocaíochtaí CBL den sórt sin (i) CBL neamh‑incheadaithe,  is é sin le rá,  CBL a íoctar ar cheannacháin nach bhféadfaidh feirmeoirí, gan beann ar an gcóras a bhfuil siad faoina réir, a asbhaint den CBL a dhéantar a shonrascadh ar dhíolacháin agus nach bhfuil aon chúiteamh ann ina leith; (ii) agus/nó CBL seachas an CBL sin a luaitear faoi (i), a íoctar ar cheannacháin nach dtugtar cúiteamh iomlán tríd an bpraghas díola ná trí aisíocaíocht dfheirmeoirí atá faoi réir an chórais ar ráta comhréidh.
(39)    Ar fhóirdheontais ar tháirgí talmhaíochta a íoctar le táirgeoirí talmhaíochta, áirítear aon fhóirdheontas i bhfoirm íocaíochta easnaimh le sealbhóirí ( is é sin le rá,  i gcásanna ina n‑íocann an rialtas ginearálta le táirgeoirí táirgí talmhaíochta an difríocht idir na meánphraghsanna margaidh agus praghsanna ráthaíochta na dtáirgí talmhaíochta).
(40)    Sampla tábhachtach is ea fóirdheontais a íoctar le cuideachtaí árachais neamhshaoil lena gcuirtear é ar a gcumas do na cuideachtaí sin préimheanna níos ísle (ollphréimheanna) a mhuirearú ar shealbhóirí na bpolasaithe árachais ( mar shampla,  fiontair thalmhaíochta a thógann árachas chun rioscaí a chumhdach amhail damáiste de thoradh clocha sneachta, seaca etc.). Toisc gur fóirdheontais ar tháirgí iad na fóirdheontais sin, arb é an tseirbhís árachais é an táirge, ní thaifeadtar i gcuntas giniúna ioncaim shealbhóir an pholasaí (agus dá réir sin ní thaifeadtar iad, sa sampla thuas, in CET). Mar sin féin, a mhéid a laghdaíonn na fóirdheontais sin costais na seirbhísí árachais (do shealbhóir an pholasaí árachais), léirítear a n‑éifeacht sa chuntas táirgeachta (le luach tomhaltais idirmheánaigh níos ísle,  féach pointe  2.108(g)) de chuid shealbhóir an pholasaí árachais.
(41)    Nuair atá dhá chuspóir i gceist le deontas, mar atá amúchadh an fhéich a mhaoiniú agus an t‑ús air a íoc, agus nuair nach féidir é a chionroinnt ar an dá eilimint, déantar an deontas iomlán a láimhseáil mar dheontas infheistíochta.
(42)    Comhfhreagraíonn ús infhaighte do Cuntais infhála eile (F.8) sa chuntas airgeadais.
(43)    Tabhair faoi deara nach bhfuil cíosanna a fhaightear ábhartha i leith CET mar gheall ar úsáid choincheap an tionscail talmhaíochta ( féach pointe  1.44).
(44)    In 🡺3 CCE 2010 🡸 moltar go bhfuil an méid iomlán le taifeadadh mar chíos ar thalamh má mheastar go bhfuil luach na talún níos airde ná luach an fhoirgnimh atá air, agus, ina mhalairt de chás, mar chíos ar fhoirgnimh.
(45)    Foráil a áireamh maidir le caillteanais earraí caipitiúla seasta de thoradh damáiste timpisteach, ar damáiste é sin is féidir na hearraí sin a chur faoi árachas ina aghaidh. Is é luach na nglanphréimheanna a íoctar i leith earraí caipitiúla seasta árachaithe luach na bhforálacha sin atá le taifeadadh.
(46)    Ús arna fháil ag aonaid talmhaíochta arna n‑eagrú mar chuideachtaí agus é sin amháin.
(47)    Chun obair pháirtaimseartha agus shéasúrach a chur san áireamh, tomhaistear fostaíocht talmhaíochta nó athruithe ina leith sin in AWUnna (féach Caibidil IV chun tuilleadh mionsonraí a fháil). Déantar idirdhealú idir AWUnna tuarastail agus neamhthuarastail, a dhéanann AWUnna iomlána in éineacht le chéile.
(48)    Comhfhreagraíonn tomhas sin an ioncaim do thomhas a bhí ann roimhe, is é sin glanioncam ó ghníomhaíocht talmhaíochta teaghlaigh i gcás dílseánachtaí aonair.
(49)    Ní fhágann sé sin nach féidir go dtarlódh sé go measfadh tiomsaitheoirí, i gcásanna áirithe, gur fearr deireadh a chur le neamhréireachtaí dfhonn comhsheasmhacht ghinearálta na sonraí a fheabhsú.
(50)    A fhad go dtarlaíonn na díolacháin agus na ceannacháin chomhfhreagracha sa tréimhse chuntasaíochta chéanna.
(51)    Ní dhéanfar ceannach ainmhí a thaifeadadh riamh mar thomhaltas idirmheánach (go bunúsach, is éadáil oibre idir lámha atá i gceist leis,  féach pointe  2.067) agus ní féidir an ríomh a dhéantar ar aschur ainmhí a ríomh ach go hindíreach amháin, ar bhonn na ndíolachán, an ollfhoirmithe caipitil sheasta agus athruithe ar stoc.
(52)    I gcomhréir leis an modh a úsáidtear, déanfar an tomhaltas idir aonaid a choigeartú do luachanna CET.
(53)    Eisiater táirgí talmhaíochta allmhairithe (seachas ainmhithe).
Top