EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024PC0220

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2024

COM/2024/220 final

An Bhruiséil,4.6.2024

COM(2024) 220 final

2024/0123(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2024


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Baineann an togra le Cinneadh ón gComhairle maidir leis an dara tráthchuid de na ranníocaíochtaí airgeadais leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta (‘CEF’) in 2024.

Bainistítear an 11ú CEF agus cistí eile CEF atá fós oscailte (an 9ú agus an 10ú CEF) faoin tacar rialacha seo a leanas:

(a)An Comhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad le chéile i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh an chúnaimh airgeadais ar Thíortha agus ar Chríocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis 1 (‘Comhaontú Inmheánach’ an 11ú CEF);

(b)Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta 2 (‘Rialachán Airgeadais an 11ú CEF’).

(c)Cinneadh (AE) 2020/2233 ón gComhairle a bhaineann le gealltanas na gcistí a eascraíonn ó athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, 10ú agus 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta 3 ;

(d)Cinneadh (AE) 2022/1223 ón gComhairle 4 a bhaineann le leithdháileadh cistí saortha ó thionscadail faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta chun críche gníomhaíochtaí maoinithe lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéim na slándála bia agus ar an turraing eacnamaíoch i dtíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Is éard atá sna doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) gealltanais ilbhliantúla ó na páirtithe chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do chisteán CEF. Déantar foráil i Rialachán Airgeadais an 11ú CEF maidir le ranníocaíochtaí tráthrialta atá le déanamh ag na páirtithe le cisteán CEF in aghaidh gealltanais airgeadais réamhchinntithe. Is de bharr Cinntí teicniúla ón gComhairle a dhéantar na ranníocaíochtaí tráthrialta, agus cuirtear san áireamh sna Cinntí sin cur chun feidhme na ngealltanas airgeadais a cinneadh cheana.

Dá bhrí sin, níl roinnt ceannteideal sa mheabhrán míniúcháin infheidhme maidir le glaonna ar ranníocaíochtaí tráthrialta amhail an ceann seo.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

I gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán Airgeadais an 11ú CEF, ní mór don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin togra seo tráth nach déanaí ná 21 lá féilire tar éis don Choimisiún Eorpach, ag feidhmiú dó thar ceann an Aontais Eorpaigh, an togra seo a chur i láthair.    

2024/0123 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2024

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad le chéile i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh an chúnaimh airgeadais ar Thíortha agus ar Chríocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis 5 , agus go háirithe Airteagal 7(2) i gcomhar le hAirteagal 14(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle 6 an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 7 , agus go háirithe Airteagal 19(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, tá an Banc Eorpach Infheistíochta (‘BEI’) le meastacháin nuashonraithe ar ghealltanais agus ar íocaíochtaí faoi na hionstraimí a bhainistíonn sé a sheoladh chuig an gCoimisiún.

(2)I gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, tá an Coimisiún le togra a chur i láthair faoin 15 Meitheamh 2024 lena sonrófar méid an dara tráthchuid den ranníocaíocht le haghaidh 2024.

(3)De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, le glaonna ar ranníocaíochtaí ídeofar ar dtús na méideanna dá bhforáiltear sna Cistí Eorpacha Forbraíochta (‘CEF’) a bhí ann roimh an gCiste is deireanaí. Dá bhrí sin, ba cheart glao ar chistí a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) 2018/1877, le haghaidh BEI agus le haghaidh an Choimisiúin.

(4)De bhun Airteagal 152 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an comhaontú um tharraingt siar’), tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) chun leanúint de bheith ina páirtí in CEF go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. Mar sin féin, de bhun Airteagal 153 den chomhaontú um tharraingt siar, níl sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 11ú CEF, i gcás ina ndearnadh na cistí sin a shaoradh tar éis an 31 Nollaig 2020, nó faoi CEFanna roimhe sin, le hathúsáid.

(5)Le Cinneadh (AE) 2023/2586 ón gComhairle 8 , socraítear méid bliantúil na ranníocaíochta atá le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2024 ag EUR 1 200 000 000 9 le haghaidh an Choimisiúin agus ag EUR 300 000 000 le haghaidh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.

(6)Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Socraítear leis seo ag EUR 500 000 000 méid na ranníocaíochtaí atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2024. Déanfar é a roinnt ina EUR 400 000 000 don Choimisiún, agus ina EUR 100 000 000 do BEI.

Airteagal 2

Déanfaidh na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta ranníocaíochtaí aonair an Chiste Eorpaigh Forbraíochta a íoc leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2024, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.



Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 210, 6.8.2013, lch. 1
(2)    IO L 307, 3.12.2018, lgh. 1-21
(3)    IO L 437, 28.12.2020, lgh. 188-191
(4)    IO L 188, 15.7.2022, lch. 147
(5)    IO L 210, 6.8.2013, lch. 1
(6)    IO L 307, 3.12.2018, lch. 1
(7)    IO L 58, 3.3.2015, lgh. 17-38
(8)    CINNEADH (AE) 2023/2586 ÓN gCOMHAIRLE an 13 Samhain 2023 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an ciste sin a mhaoiniú, lena sonraítear an uasteorainn le haghaidh 2025, an méid bliantúil le haghaidh 2024, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2024 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2026 agus 2027
(9)    Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (IO L 307, 3.12.2018, lch. 1), Airteagal 20(5): ‘I gcás ina gcuirtear ús diúltach i bhfeidhm maidir leis an gcuntas dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, ar a dhéanaí ar dháta íoctha gach tráthchoda dá dtagraítear in Airteagal 19, méid a chur chun sochair don chuntas, méid a chomhfhreagraíonn do mhéid an úis dhiúltaigh sin a cuireadh i bhfeidhm go dtí an chéad lá den mhí roimh íoc na tráthchoda.’
Top

An Bhruiséil,4.6.2024

COM(2024) 220 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an dara tráthchuid le haghaidh 2024














IARSCRÍBHINN

An dara tráthchuid de Ranníocaíochtaí CEF le haghaidh 2024 (EUR)

BALLSTÁIT & AN RÍOCHT AONTAITHE

Scála 11ú CEF %

2ú tráthchuid 2024 (EUR)

Iomlán

An Coimisiún

BEI

11ú CEF

11ú CEF

AN BHEILG

3,24927

12 997 080

3 249 270

16 246 350

AN BHULGÁIR

0,21853

874 120

218 530

1 092 650

AN tSEICIA

0,79745

3 189 800

797 450

3 987 250

AN DANMHAIRG

1,98045

7 921 800

1 980 450

9 902 250

AN GHEARMÁIN

20,57980

82 319 200

20 579 800

102 899 000

AN EASTÓIN

0,08635

345 400

86 350

431 750

ÉIRE

0,94006

3 760 240

940 060

4 700 300

AN GHRÉIG

1,50735

6 029 400

1 507 350

7 536 750

AN SPÁINN

7,93248

31 729 920

7 932 480

39 662 400

AN FHRAINC

17,81269

71 250 760

17 812 690

89 063 450

AN CHRÓIT

0,22518

900 720

225 180

1 125 900

AN IODÁIL

12,53009

50 120 360

12 530 090

62 650 450

AN CHIPIR

0,11162

446 480

111 620

558 100

AN LAITVIA

0,11612

464 480

116 120

580 600

AN LIOTUÁIN

0,18077

723 080

180 770

903 850

LUCSAMBURG

0,25509

1 020 360

255 090

1 275 450

AN UNGÁIR

0,61456

2 458 240

614 560

3 072 800

MÁLTA

0,03801

152 040

38 010

190 050

AN ÍSILTÍR

4,77678

19 107 120

4 776 780

23 883 900

AN OSTAIR

2,39757

9 590 280

2 397 570

11 987 850

AN PHOLAINN

2,00734

8 029 360

2 007 340

10 036 700

AN PHORTAINGÉIL

1,19679

4 787 160

1 196 790

5 983 950

AN RÓMÁIN

0,71815

2 872 600

718 150

3 590 750

AN tSLÓIVÉIN

0,22452

898 080

224 520

1 122 600

AN tSLÓVAIC

0,37616

1 504 640

376 160

1 880 800

AN FHIONLAINN

1,50909

6 036 360

1 509 090

7 545 450

AN tSUALAINN

2,93911

11 756 440

2 939 110

14 695 550

AN RÍOCHT AONTAITHE*

14,67862

58 714 480

14 678 620

73 393 100

IOMLÁN – AE-27 & AN RÍOCHT AONTAITHE

100,00

400 000 000

100 000 000

500 000 000

* De bhun Airteagal 153 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, d’iarr an Ríocht Aontaithe go foirmiúil i mí an Mhárta 2023 go ndéanfadh an Coimisiún a sciar atá fágtha aici de chúlchistí an 10ú agus an 11ú CEF a aisíoc trí ghlanáireamh a dhéanamh ar ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe atá fágtha. Cuirfear an socrú glanáirimh sin san áireamh sna treoracha íocaíochta faoi seach.

Top