AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.5.2024
COM(2024) 217 final
2024/0119(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 16ú cruinniú de chuid Choiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le moladh agus dréachtchonclúidí atá dírithe chuig cúig Stát is Páirtithe a ghlacadh i ndáil leis an gCoinbhinsiún sin a chur chun feidhme ag na Stáit sin, i ndáil le hábhair ábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 16ú cruinniú de chuid Choiste na bPáirtithe (‘CoP’) i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’ nó ‘an Coinbhinsiún’) an 31 Bealtaine 2024, maidir le dréachtmholadh agus ceithre dhréachtchonclúid atá dírithe chuig cúig Stát is Páirtithe i ndáil leis an gCoinbhinsiún a chur chun feidhme a ghlacadh mar atá beartaithe.
2.Comhthéacs an togra
2.1.Coinbhinsiún Iostanbúl
Is é is aidhm do Choinbhinsiún Iostanbúl sraith rialacha cuimsitheacha agus comhchuibhithe a leagan síos chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac san Eoraip agus níos faide i gcéin. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2014.
Shínigh an tAontas an Coinbhinsiún i mí an Mheithimh 2017, agus thug sé i gcrích an nós imeachta aontachais agus dhá ionstraim formheasa á dtaisceadh aige an 28 Meitheamh 2023, lenar tionscnaíodh teacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin don Aontas Eorpach an 1 Deireadh Fómhair 2023. D’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoina inniúlacht eisiach, is é sin maidir le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais agus i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement. Shínigh Ballstáit uile an Aontais an Coinbhinsiún ach níl an Coinbhinsiún daingnithe ach ag 22 Bhallstát.
2.2.Coiste na bPáirtithe
Ionadaithe na bPáirtithe sa Choinbhinsiún atá Coiste na bPáirtithe. Ní mór do na páirtithe saineolaithe den chéim is airde is féidir a ainmniú, mar ionadaithe dá gcuid, i réimse chosc agus chomhrac an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh. Liostaítear na cúraimí a thugtar do CoP i Riail 1 dá Rialacha Nós Imeachta. An 1 Deireadh Fómhair 2023, rinneadh Páirtí i gCoinbhinsiún Iostanbúl den Aontas agus, dá bhrí sin, rinneadh comhalta de CoP de (Airteagal 67(1) den Choinbhinsiún).
2.3.Sásra faireacháin Choinbhinsiún Iostanbúl
Cuirtear sásra faireacháin ar bun le Coinbhinsiún Iostanbúl chun a áirithiú go gcuirfidh na Páirtithe forálacha an Choinbhinsiúin chun feidhme go héifeachtach. Is é is cuspóir don chuid sin measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear forálacha an Choinbhinsiúin i bhfeidhm agus treoraíocht a thabhairt do pháirtithe. Tá dhá chomhlacht ar leith sa sásra faireacháin sin ach bíonn siad ag obair i gcomhar le chéile: sainchomhlacht neamhspleách (an Grúpa Saineolaithe um Ghníomhaíocht in aghaidh Foréigean ar Mhná agus Foréigean Baile ‘GREVIO’), agus CoP.
Is grúpa saineolaithe neamhspleách neamhchlaonta é GREVIO maidir le gníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean baile a bhfuil sé de chúram air faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Choinbhinsiún Iostanbúl de réir tíre, i gcomhréir le hAirteagal 66(1) den Choinbhinsiún. Is é atá in GREVIO 15 chomhalta arna roghnú as measc náisiúnaigh na bPáirtithe agus arna dtoghadh ag CoP le haghaidh téarma oifige 4 bliana, téarma a fhéadfar a athnuachan uair amháin.
Tugtar tuairisc ar an nós imeachta faireacháin in Airteagal 68 den Choinbhinsiún. Go hachomair, ní mór do gach Páirtí tuarascáil a chur isteach bunaithe ar cheistneoir arna ullmhú ag GREVIO, maidir le bearta reachtacha agus bearta eile lena dtugtar éifeacht d’fhorálacha an Choinbhinsiúin. Ar bhonn na faisnéise sin, chomh maith le faisnéis a fhaightear ón tsochaí shibhialta, ó chomhlachtaí conartha eile, ó chomhlachtaí eile de chuid Chomhairle na hEorpa agus ó chuairteanna ar thíortha, ullmhaíonn GREVIO dréacht-tuarascáil maidir leis na bearta a rinne an Páirtí lena mbaineann chun forálacha an Choinbhinsiúin a chur chun feidhme agus tugann sé moltaí agus tograí maidir leis an gcaoi a bhféadfaidh an Páirtí fadhbanna sainaitheanta a láimhseáil. Tar éis deis a thabhairt don Pháirtí barúil a thabhairt ar an tuarascáil, glacfaidh GREVIO a thuarascáil chríochnaitheach. Tá conclúidí sa tuarascáil ina leagtar béim ar na bearta atá le déanamh ag an bPáirtí lena mbaineann chun an Coinbhinsiún a chur chun feidhme.
Ar bhonn thuarascálacha GREVIO agus a chonclúidí, féadfaidh CoP, i gcomhréir le hAirteagal 68(12) den Choinbhinsiún, moltaí a ghlacadh a bheidh dírithe chuig an bPáirtí lena mbaineann maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin agus dáta a shocrú chun faisnéis a chur isteach maidir lena gcur chun feidhme. Ar bhonn na forála sin, de réir na nósanna imeachta comhaontaithe, glacann CoP moltaí a dhéanfaidh idirdhealú idir na gníomhaíochtaí sin a mheasann sé gur cheart don Pháirtí lena mbaineann a dhéanamh a luaithe is féidir, agus ceanglas ann tuairisc a thabhairt dó maidir leis na bearta a rinneadh ina leith sin laistigh de thréimhse 3 bliana, agus na bearta sin a mheasann CoP a d’fhéadfaí a fhágáil ar leibhéal tánaisteach, cé go bhfuil siad tábhachtach. Ag deireadh na tréimhse 3 bliana, ní mór don Pháirtí tuairisc a thabhairt do CoP maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na mbeart sin. Ar bhonn na faisnéise sin, agus aon fhaisnéis bhreise a fhaightear ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, ón tsochaí shibhialta agus ó institiúidí náisiúnta chun cearta an duine a chosaint, glacfaidh CoP conclúidí maidir le cur chun feidhme na moltaí i ndáil le gach Páirtí faoi athbhreithniú, arna n-ullmhú ag Rúnaíocht an Choinbhinsiúin. Go dtí seo, ba é an cleachtas a bhí ag CoP moltaí agus conclúidí a ghlacadh ar bhonn comhthola ag a chruinnithe a thionólfar arna iarraidh sin, dhá uair sa bhliain de ghnáth.
2.4.Na gníomhartha atá beartaithe ag Coiste na bPáirtithe
An 31 Bealtaine 2024, le linn an 16ú cruinniú dá chuid, foráiltear go ndéanfaidh CoP an dréachtmholadh agus na dréachtchonclúidí seo a leanas a ghlacadh (‘na gníomhartha atá beartaithe’ nó ‘an dréachtmholadh agus na dréachtchonclúidí’):
–Moladh maidir le cur chun feidhme Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac ag Lichtinstéin [IC-CP(2024)1-prov];
–Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith Andóra arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2024)2-prov];
–Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Beilge arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2024)3-prov];
–Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith Mhálta arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2024)4-prov]; agus
–Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Spáinne arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2024)5-prov].
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Tá na gníomhartha atá beartaithe dírithe chuig cúig Stát is Páirtithe agus áirítear iontu moltaí maidir le bearta atá le déanamh chun Coinbhinsiún Iostanbúl a chur chun feidhme chomh maith le conclúidí maidir le moltaí roimhe seo a bheith á gcur chun feidhme ag na Stáit is Páirtithe. Baineann siad le cur chun feidhme fhorálacha an Choinbhinsiúin a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, mar shampla, ábhair a bhaineann le cosaint íospartach agus tacaíocht d’íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh, chomh maith le forálacha an Choinbhinsiúin maidir le tearmann agus non-refoulement. Cumhdaítear na hábhair sin le acquis an Aontais, go háirithe an Treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac, an Treoir maidir le Cearta Íospartach, an Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn agus an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha. Tagann siad faoi inniúlacht eisiach an Aontais a mhéid a d’fhéadfadh forálacha ábhartha an Choinbhinsiúin difear a dhéanamh do na comhrialacha nó a raon feidhme a athrú de réir bhrí Airteagal 3(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i CoP i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement a bhunú, ós rud é go bhféadfadh na gníomhartha atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar dhlí an Aontais sa mhéid go bhféadfaidís difear a dhéanamh do léirmhíniú fhorálacha ábhartha an Choinbhinsiúin amach anseo.
Tá an dréachtmholadh agus na dréachtchonclúidí maidir le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais i gcomhréir le cuspóirí agus beartais an Aontais i réimsí an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, an tearmainn agus an non-refoulement agus ní ábhar imní iad maidir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe nach gcuirfidh an tAontas i gcoinne ghlacadh an dréachtmholta agus na ndréachtchonclúidí ag an 16ú cruinniú de CoP.
4.An bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) CFAE déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é CoP a cuireadh ar bun le Coinbhinsiún Iostanbúl. Na gníomhartha atá beartaithe a iarrtar ar CoP a ghlacadh, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. D’fhéadfadh na gníomhartha atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar dhlí an Aontais, toisc go bhféadfaidís difear a dhéanamh do léirmhíniú fhorálacha ábhartha Choinbhinsiún Iostanbúl amach anseo. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe ar ina leith a ghlacfar seasamh thar ceann an Aontais. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí aige an tráth céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna ann, atá i ndlúthnasc do-scartha le chéile gan aon cheann acu a bheith teagmhasach maidir leis an gceann eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na bunúis chomhfhreagracha dlí éagsúla a áireamh sa bhunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
A mhéid a bhaineann leis an mbunús dlí substainteach, d’aontaigh an tAontas le Coinbhinsiún Iostanbúl a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoina inniúlacht eisiach, is é sin maidir le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais agus maidir le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement. Roinneadh aontachas an Aontais le Coinbhinsiún Iostanbúl ina dhá chinneadh ar leith ón gComhairle chun seasamh speisialta na Danmhairge agus na hÉireann a chur san áireamh maidir le Teideal V CFAE. Dá bhrí sin, tá an cinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CoP le roinnt ina dhá chinneadh, nuair a bhaineann na moltaí nó na conclúidí ábhartha leis an dá ábhar.
Leis na gníomhartha atá beartaithe saothraítear cuspóirí agus tá comhpháirteanna iontu i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla (Airteagal 82(2) agus Airteagal 84 CFAE), agus i réimse an tearmainn agus an non-refoulement (Airteagail 78(2) CFAE). Tá nasc doscartha eatarthu gan ceann amháin a bheith teagmhasach maidir leis an gceann eile. Dá bhrí sin, is iad na forálacha seo a leanas an bunús dlí substainteach le haghaidh an chinnidh atá beartaithe: Airteagal 78(2), Airteagal 82(2) agus Airteagal 84.
4.3.Conclúid
Is iad Airteagal 78(2), Airteagal 82(2) agus Airteagal 84, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, ba cheart a bheith ina mbunús dlí le haghaidh an chinnidh atáthar a mholadh.
Togra le haghaidh
2024/0119 (NLE)
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 16ú cruinniú de chuid Choiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le moladh agus dréachtchonclúidí atá dírithe chuig cúig Stát is Páirtithe a ghlacadh i ndáil leis an gCoinbhinsiún sin a chur chun feidhme ag na Stáit sin, i ndáil le hábhair ábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2), Airteagal 82(2) agus Airteagal 84, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Thug an tAontas Eorpach Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘an Coinbhinsiún’) chun críche le Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais, agus le Cinneadh (AE)
2023/1076
ón gComhairle, i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus non-refoulement, agus tháinig sé i bhfeidhm i leith an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2023.
(2)I gcomhréir le hAirteagal 66(1) den Choinbhinsiún, cuireadh de chúram ar an nGrúpa Saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean baile (‘GREVIO’) faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin ag a Pháirtithe. De bhun Airteagal 68(11) den Choinbhinsiún, tá GREVIO lena thuarascálacha agus a chonclúidí a ghlacadh maidir leis na bearta arna ndéanamh ag an bPáirtí lena mbaineann chun forálacha an Choinbhinsiúin a chur chun feidhme.
(3)Féadfaidh Coiste na bPáirtithe sa Choinbhinsiún moltaí atá dírithe chuig an bPáirtí lena mbaineann a ghlacadh, i gcomhréir Airteagal 68(12) den Choinbhinsiún. Tá na moltaí bunaithe ar thuarascálacha GREVIO agus déantar idirdhealú iontu idir na gníomhaíochtaí sin a mheasann Coiste na bPáirtithe gur cheart don Pháirtí a dhéanamh a luaithe is féidir, agus ceanglas ann tuairisc a thabhairt dó maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh ina leith sin laistigh de thréimhse 3 bliana, agus na cinn sin a mheasann Coiste na bPáirtithe a d’fhéadfaí a fhágáil ar leibhéal tánaisteach, cé go bhfuil siad tábhachtach. Ag deireadh na tréimhse 3 bliana, ní mór don Páirtí tuairisc a thabhairt do Choiste na bPáirtithe maidir leis na gníomhartha a rinneadh, laistigh de 10 réimse shonracha den Choinbhinsiún. Ar bhonn na faisnéise sin, agus aon fhaisnéis bhreise a fhaightear ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, ón tsochaí shibhialta agus ó institiúidí náisiúnta chun cearta an duine a chosaint, tá Coiste na bPáirtithe le conclúidí a ghlacadh maidir le cur chun feidhme na moltaí, arna n-ullmhú ag Rúnaíocht an Choiste.
(4)Tá coinne leis go nglacfaidh Coiste na bPáirtithe, le linn an 16ú cruinniú a bheidh aige an 31 Bealtaine 2024, an dréachtmholadh seo a leanas agus ceithre dhréachtchonclúid, maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin ag cúig Stát is Páirtithe (an dréachtmholadh agus na dréachtchonclúidí):
–Moladh maidir le cur chun feidhme Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac ag Lichtinstéin [IC-CP(2024)1-prov];
–Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith Andóra arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2024)2-prov];
–Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Beilge arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2024)3-prov];
–Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith Mhálta arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2024)4-prov]; agus
–Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Spáinne arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2024)5-prov].
(5)Baineann an dréachtmholadh agus na dréachtchonclúidí le cur chun feidhme fhorálacha an Choinbhinsiúin a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, mar shampla, ábhair a bhaineann le híospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh a chosaint agus le tacaíocht a thabhairt dóibh, chomh maith le forálacha an Choinbhinsiúin maidir le tearmann agus non-refoulement. Cumhdaítear na hábhair sin le acquis an Aontais, go háirithe Treoir .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac], Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Rialachán lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE] agus Treoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i CoP i ndáil le hábhair a bhaineann le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais a bhunú, ós rud é go bhféadfadh na gníomhartha atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar dhlí an Aontais sa mhéid go bhféadfaidís difear a dhéanamh do léirmhíniú fhorálacha ábhartha an Choinbhinsiúin amach anseo.
(6)Maidir le Lichtinstéin, áirítear sa dréachtmholadh maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin an gá atá le sainmhínithe ábhartha a ghlacadh agus a ailíniú leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 3 den Choinbhinsiún), gach iarracht a dhéanamh comhionannas inscne a bhaint amach, lena n-áirítear trí bhearta a dhéanamh ina leith sin, agus aghaidh a thabhairt ar chearta agus ar riachtanais grúpaí atá neamhchosanta ar idirdhealú trasnach nó atá i mbaol idirdhealaithe thrasnaigh (Airteagal 4 den Choinbhinsiún), straitéis chuimsitheach nó plean gníomhaíochta cuimsitheach a fhorbairt chun gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún a chosc agus a chomhrac (Airteagal 7 den Choinbhinsiún), cistiú a áirithiú d’eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta (Airteagal 8 den Choinbhinsiún), acmhainní daonna agus airgeadais a leithdháileadh ar chomhlachtaí comhordúcháin (Airteagal 10 den Choinbhinsiún), córais bailithe sonraí a chomhchuibhiú agus suirbhéanna daonrabhunaithe a dhéanamh go rialta ar gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 11 den Choinbhinsiún), líne chabhrach theileafóin thiomnaithe shaor in aisce ar fud an stáit a áirithiú (Airteagal 24 den Choinbhinsiún) agus úsáid a bhaint as orduithe urchoisc póilíneachta chun cosaint íospartach a áirithiú (Airteagal 52 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na moltaí maidir leis na hábhair sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh an mholta atá dírithe chuig Lichtinstéin.
(7)Maidir le hAndóra, áirítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin an gá atá lena áirithiú go bhfaighidh na páirtithe leasmhara ábhartha acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais (Airteagal 8 agus Airteagal 25 den Choinbhinsiún), chun cur chuige comhordaithe agus trasearnálach a áirithiú chun foréigean in aghaidh na mban a chosc agus a chomhrac (Airteagal 7 den Choinbhinsiún), chun bailiú sonraí maidir le foréigean in aghaidh na mban a áirithiú (Airteagal 11 den Choinbhinsiún), chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh ar orduithe urchoisc éigeandála i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 52 den Choinbhinsiún) agus ceanglais an Choinbhinsiúin maidir le stádas cónaithe íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban a chomhlíonadh (Airteagal 59 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na conclúidí maidir leis na hábhair sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimsí an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh na gconclúidí atá dírithe chuig Andóra.
(8)Maidir leis an mBeilg, áirítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin an gá atá lena áirithiú go mbaileofar sonraí maidir le foréigean in aghaidh na mban (Airteagal 11 den Choinbhinsiún), an gá atá lena áirithiú go bhfaighidh sainseirbhísí tacaíochta cistiú ar bhealach lena n-áiritheofar a seirbhísí leanúnacha (Airteagail 8 agus 25 den Choinbhinsiún) agus an gá atá lena áirithiú go gcuirfidh na húdaráis inniúla ábhartha saincheisteanna a bhaineann le foréigean in aghaidh na mban san áireamh agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le cearta coimeádta agus cuairte (Airteagal 31 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na conclúidí maidir leis na hábhair sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh na gconclúidí atá dírithe chuig an mBeilg.
(9)Maidir le Málta, áirítear sna dréachtchonclúidí maidir leis an gCoinbhinsiún a chur chun feidhme an gá atá leis an gcomhar le gníomhaithe neamhrialtasacha a neartú, lena n-áirítear iad siúd a sholáthraíonn sainseirbhísí tacaíochta, agus a áirithiú go mbeidh siad rannpháirteach i gceapadh na mbeartas ábhartha ar bhonn éifeachtach (Airteagal 7 den Choinbhinsiún), chun a áirithiú go mbaileofar sonraí go cuimsitheach i ndáil le gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 11 den Choinbhinsiún), roinnt gníomhaíochtaí a dhéanamh i réimse na gceart coimeádta agus cuairte chun sábháilteacht na n-íospartach agus a leanaí a áirithiú (Airteagal 31 den Choinbhinsiún) agus chun a áirithiú go mbeidh an reachtaíocht i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún a mhéid a bhaineann le horduithe urchoisc éigeandála agus le horduithe cosanta (Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na conclúidí maidir leis na hábhair sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh na gconclúidí atá dírithe chuig Málta.
(10)Maidir leis an Spáinn, áirítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin an gá atá le comhchuibhiú a dhéanamh ar leibhéal na tacaíochta agus na cosanta d’íospartaigh ar mná iad ar fud na tíre (Airteagal 7, Airteagal 10 agus Airteagal 25 den Choinbhinsiún), aghaidh a thabhairt ar riachtanais chosanta na mban atá neamhchosanta ar chineálacha trasnacha idirdhealaithe (Airteagal 4 den Choinbhinsiún), tacú le heagraíochtaí neamhrialtasacha um chearta na mban, lena n-áirítear ó thaobh airgeadais de (Airteagal 9 den Choinbhinsiún) agus rochtain thapa na mban atá ag lorg tearmainn ar an nós imeachta tearmainn agus ar chóiríocht shábháilte agus a áirithiú chomh maith go ndéanfar mná atá ag lorg tearmainn a bhfuil cosaint de dhíth orthu a bhrath (Airteagal 60 agus Airteagal 61 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na conclúidí maidir leis na hábhair sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimsí an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh na conclúide atá dírithe chuig an Spáinn.
(11)Níl Éire faoi cheangal ag Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle agus, dá bhrí sin, níl sí rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo.
(12)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 16ú cruinniú de Choiste na bPáirtithe, arna bhunú faoi Airteagal 67 den Choinbhinsiún, nach ndéanfar agóid i gcoinne ghlacadh na ngníomhartha seo a leanas:
(1)Moladh maidir le cur chun feidhme Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac ag Lichtinstéin [IC-CP(2024)1-prov];
(2)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith Andóra arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2024)2-prov];
(3)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Beilge arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2024)3-prov];
(4)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith Mhálta arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2024)4-prov]; agus
(5)Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Spáinne arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe [IC-CP(2024)5-prov].
Airteagal 2
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán