Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024PC0132

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le dálaí oibre oiliúnaithe a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú agus maidir le gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac (‘An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna’)

COM/2024/132 final

An Bhruiséil,20.3.2024

COM(2024) 132 final

2024/0068(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le dálaí oibre oiliúnaithe a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú agus maidir le gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac (‘An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna’)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{COM(2024) 133 final} - {SEC(2024) 97 final} - {SWD(2024) 66 final} - {SWD(2024) 67 final} - {SWD(2024) 68 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ina Treoirlínte Polaitiúla 1 , chuir an tUachtarán von der Leyen i dtábhacht an gá atá le geilleagar sóisialta margaidh na hEorpa a neartú agus ‘fás a chothú lena gcruthófar poist ardcháilíochta, go mór mór do dhaoine óga’.

Tá an dífhostaíocht i measc na hóige fós ina dúshlán leanúnach san Aontas, agus an ráta dífhostaíochta i measc na hóige dhá oiread níos airde ná an ráta foriomlán dífhostaíochta 2 . Dúshlán ar leith is ea níos mó daoine óga a ghníomhachtú nach bhfuil fostaithe ná in oideachas ná faoi oiliúint (NEETanna) agus a bhfuil bacainní sonracha rompu a chuireann bac ar a rannpháirtíocht i margadh an tsaothair. Dá bhrí sin, leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 3 an sprioc chun ráta na ndaoine óga idir 15 agus 29 mbliana d’aois ar NEETanna iad a laghdú ó 12.6 % (2019) go 9 % faoi 2030 trí fheabhas a chur ar a nionchais fostaíochta.

Is féidir le tréimhsí oiliúna deis a thabhairt do dhaoine óga taithí phraiticiúil agus ghairmiúil a fháil, feabhas a chur ar a gcuid scileanna agus ar an gcaoi sin a rochtain ar an margadh saothair a éascú. Tugann siad deis d’fhostóirí a bhfoireann a mhealladh, a oiliúint agus a choinneáil. Mar sin féin, braitheann an luach atá le tréimhse oiliúna ar a cáilíocht. Teastaíonn dálaí oibre cothroma agus trédhearcacha agus ábhar foghlama leormhaith le haghaidh tréimhse oiliúna ardcháilíochta. Thairis sin, is féidir le tréimhsí oiliúna cuimsitheacha cuidiú maidir le deiseanna a sholáthar do chách chun rochtain a fháil ar an margadh saothair, lena n‑áirítear daoine óga atá i staideanna leochaileacha.

De réir meastachán bunaithe ar shonraí an tSuirbhé Eorpaigh ar an bhFórsa Saothair (SFS an Aontais), tá 3.1 milliún oiliúnaí san Aontas (sonraí 2019) as a níoctar 1.6 milliún oiliúnaí agus nach níoctar 1.5 milliún díobh. Tá méadú ag teacht ar an líon oiliúnaithe san Aontas a ghlacann páirt i dtréimhsí oiliúna trasteorann (21 % de na hoiliúnaithe in 2023 i gcomparáid le 9 % in 2013) 4 , rud a léiríonn go bhféadfadh tréimhsí oiliúna cur le soghluaisteacht chothrom an lucht saothair san Aontas. Léirítear sna meastacháin freisin go ndearna thart ar 370 000 oiliúnaí ar íocaíocht 5 tréimhse oiliúna ar feadh tréimhse fhada (níos faide ná 6 mhí) in 2019, lena náirítear tréimhsí oiliúna a rinneadh ceann i ndiaidh a chéile/arís leis an bhfostóir céanna. Astu sin, rinne thart ar 100 000 oiliúnaí tréimhse oiliúna ar feadh tréimhse fhada lenar bhain droch-ábhar foghlama 6 .

Is pointe tagartha tábhachtach é Moladh 2014 ón gComhairle maidir le Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna (QFT) chun a chinneadh cad is tréimhse oiliúna ardcháilíochta ann. Leagtar amach ann treoirlínte maidir le tréimhsí oiliúna lasmuigh de churaclaim oideachais agus d’oiliúint ghairmiúil shainordaitheach.

Ina mheastóireacht in 2023 ar an Moladh sin ón gComhairle 7 , fuair an Coimisiún tásca go raibh tionchar dearfach ag Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna san Aontas. Dheimhnigh sí freisin go leanann tréimhsí oiliúna de bheith ina gconair thábhachtach do dhaoine óga chun dul isteach sa mhargadh saothair. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tréimhsí oiliúna ardcháilíochta a bheith ina ndeiseanna úsáideacha uas-scilithe agus/nó athscilithe do dhaoine d’aon aois chun scileanna praiticiúla a shealbhú le linn na hoibre chun a ngairm a chur i dtreo nua.

Mar sin féin, cuireadh i dtábhacht sa mheastóireacht freisin réimsí a d’fhéadfaí a neartú agus a fheabhsú a thuilleadh. Mar shampla, moladh inti prionsabail cháilíochta a chomhtháthú níos fearr sa reachtaíocht náisiúnta, go háirithe i gcás tréimhsí oiliúna margaidh oscailte (OMTanna), monatóireacht agus forfheidhmiú níos láidre chun cur i bhfeidhm na bprionsabal cáilíochta ar an láthair a áirithiú agus feasacht a mhéadú i measc na bpáirtithe leasmhara éagsúla. Cuireadh i dtábhacht freisin an gá atá le tacaíocht níos láidre d’fhostóirí, mar shampla, trí thacaíocht airgeadais agus treoraíocht phraiticiúil. Thairis sin, cuireadh i dtábhacht sa mheastóireacht gur cheart dlús a chur leis na hiarrachtaí chun faisnéis níos nithiúla agus níos praiticiúla a sholáthar do dhaoine óga maidir le tréimhsí oiliúna trasteorann. Sainaithníodh ann freisin critéir cháilíochta bhreise, amhail pá cothrom agus cosaint shóisialta, rialacha maidir le tréimhsí oiliúna cianda/hibrideacha, aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar riachtanais grúpaí atá i staideanna leochaileacha, agus tacaíocht neartaithe d’oiliúnaithe le linn na tréimhse oiliúna agus ina diaidh. Thairis sin, tugadh faoi deara sa mheastóireacht go bhféadfaí raon feidhme an Chreata Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna a leathnú ó thréimhsí oiliúna margaidh oscailte agus ó thréimhsí oiliúna atá mar chuid de bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair (ALMP) chun tréimhsí oiliúna eile a chumhdach freisin, amhail na cinn sin atá mar chuid de churaclaim fhoirmiúla oideachais agus oiliúna.

D’iarr páirtithe leasmhara éagsúla ar an gCoimisiún feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna:

·Cuimsítear sa tuarascáil ar thoradh críochnaitheach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa 8 an iarraidh go n‑áiritheofaí, maidir le tréimhsí oiliúna agus poist do dhaoine óga, comhlíonadh caighdeán cáilíochta, lena náirítear caighdeáin maidir le pá, agus go gcuirfí cosc trí ionstraim dlí ar intéirneachtaí gan íocaíocht ar an margadh saothair agus lasmuigh den oideachas foirmiúil.

·Ina Thuairim ‘An Chóir Chomhionann do Dhaoine Óga i Margadh an tSaothair’ an 15 Meitheamh 2023 9 , thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) dá aire gur cheart go dtairgfeadh tréimhsí oiliúna ábhar foghlama ardcháilíochta agus dálaí oibre leormhaithe, agus nár cheart iad a chur in ionad gnáthphoist ná a bheith mar réamhchoinníoll le haghaidh socrúchán fostaíochta. 

·I dTuairim Choiste na Réigiún, ‘Tacaíocht Fostaíochta don Óige: Nasc leis an bhFostaíocht don Chéad Ghlúin Eile – Ráthaíocht don Óige a Threisiú’ an 5 Feabhra 2021 10 , measann sé gur cheart na tréimhsí oiliúna agus na printíseachtaí a bheith ann chun taithí foghlama a sholáthar do dhaoine go príomha, rud a fhéadfaidh cuidiú leo cinneadh a dhéanamh maidir lena ngairm amach anseo agus a scileanna a fhorbairt chun rochtain a fháil ar fhostaíocht bhuan. 

Go háirithe, ghlac Parlaimint na hEorpa rún an 14 Meitheamh 2023 bunaithe ar Airteagal 225 CFAE 11 inar iarradh ar an gCoimisiún Moladh 2014 ón gComhairle a thabhairt cothrom le dáta agus a neartú agus ionstraim reachtach níos láidre a dhéanamh de. D’iarr sí freisin ar an gCoimisiún íoschaighdeáin cháilíochta a áirithiú le haghaidh tréimhsí oiliúna, lena náirítear pá.

Sa chomhthéacs sin, d’fhógair an Coimisiún go dtabharfaí cothrom le dáta an Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna i gClár Oibre 2023 an Choimisiúin 12 , chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna lena náirítear pá cothrom agus rochtain ar chosaint shóisialta, mar chuid dá rannpháirtíocht chun Plean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus chun spriocanna 2030 an Aontais a bhaint amach i réimsí na fostaíochta, na scileanna agus laghdú na bochtaineachta.

Léirítear leis an togra seo le haghaidh treorach an gealltanas polaitiúil a cuireadh in iúl i dTreoirlínte Polaitiúla an Uachtaráin von der Leyen chun freagra a thabhairt ar rúin ó Pharlaimint na hEorpa atá bunaithe ar Airteagal 225 CFAE le togra reachtach, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na comhréireachta, na coimhdeachta agus na reachtóireachta níos fearr. De bhrí na bprionsabal sin agus na dteorainneacha dlíthiúla le gníomhaíocht an Aontais a leagtar síos sna Conarthaí, dírítear sa togra le haghaidh treorach ar thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit dálaí oibre oiliúnaithe a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú agus dul i ngleic le gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna.

Tá feidhm ag an treoir atá beartaithe maidir le hoiliúnaithe a bhfuil caidreamh fostaíochta acu mar a shainmhínítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sna Ballstáit agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, gan beann ar chineál na tréimhse oiliúna. Comhlánaítear an treoir atá beartaithe le togra le haghaidh Moladh neartaithe ón gComhairle 13 , a bhfuil feidhm aige maidir le gach oiliúnaí agus lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna níos leithne cáilíochta agus cuimsitheachta, lena náirítear rochtain ar chosaint shóisialta. Níl feidhm ag an Moladh ón gComhairle atá beartaithe maidir le hoiliúnaithe ar oibrithe iad ach amháin a mhéid nach bhfuil forálacha coibhéiseacha nó níos fabhraí leagtha síos i ndlí an Aontais.

Leis an togra le haghaidh treorach, tugtar aghaidh ar dhá chás mhíchuí neamhdhleathacha a sainaithníodh i ngach cineál tréimhse oiliúna san Aontas:

·I gcás ina núsáidtear tréimhsí oiliúna chun na críche a beartaíodh dóibh, is é sin deis a thabhairt d’oiliúnaithe taithí phraiticiúil agus ghairmiúil a fháil, feabhas a chur ar a gcuid scileanna agus rochtain a fháil ar an margadh saothair, ach nach gcomhlíonann siad reachtaíocht an Aontais nó an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme, is tréimhsí oiliúna neamhchomhlíontacha iad. Sna cásanna sin, ní theachtann oiliúnaithe na cearta go léir a bhfuil siad ina dteideal. Mar a léirítear sa tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis seo, fuarthas fianaise ar neamhchomhlíontacht ar fud an Aontais. Ina theannta sin, ní móide go ndéantar tuairisciú leormhaith ar neamhchomhlíontacht toisc a chasta atá na cuir chuige rialála sna Ballstáit, toisc go bhfuil forfheidhmiú lag ann maidir leo go ginearálta agus toisc na mbacainní sonracha a chuireann cosc ar oiliúnaithe caingean dlí a thionscnamh nó gearáin a dhéanamh (e.g. fad gearr conarthaí; an gá atá le staid níos cobhsaí a bhaint amach sa mhargadh saothair; spleáchas ar an bhfostóir, bíodh sé ann dáiríre nó bíodh dearcadh ann go bhfuil sé ann; an faitíos go mbeidh drochiarmhairtí ann mar gheall ar chaingean dlí a thionscnamh nó gearán a dhéanamh; nó easpa cainéal tuairiscithe nó rochtain ar ionadaíocht).

·I gcás nach núsáidtear tréimhsí oiliúna airbheartaithe chun na críche atá beartaithe dóibh agus cuirtear iad in ionad poist do ghnáthfhostaithe, is gnáthchaidreamh fostaíochta iad atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna. Sna cásanna sin, téann soláthraithe tréimhsí oiliúna timpeall ar dhlí an Aontais nó ar an dlí náisiúnta agus ar chomhaontuithe comhchoiteanna a bhfuil feidhm acu maidir le gnáthoibrithe.

Déantar dochar do dhálaí oibre oiliúnaithe agus gnáthoibrithe le húsáid mhíchuí neamhdhleathach tréimhsí oiliúna agus déantar díobháil don chothroime shóisialta. Is féidir leis freisin éagothroime iomaíochta a chruthú idir soláthraithe tréimhsí oiliúna, rud atá ina fhadhb do ghnólachtaí, lena n‑áirítear do chuideachtaí beaga agus meánmhéide (FBManna). Is beart laghdaithe costas d’fhostóirí é úsáid a bhaint as tréimhsí oiliúna neamhchomhlíontacha nó as gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna, rud a chruthaíonn buntáiste iomaíoch éagórach i gcomparáid le fostóirí comhlíontacha. Socruithe neamhdhleathacha maidir le tréimhsí oiliúna, go háirithe gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna, is ualach iad freisin ar an ioncam poiblí mar gheall ar chaillteanas ranníocaíochtaí slándála sóisialta agus íocaíochtaí cánach atá dlite.

Bunaithe ar thorthaí na meastóireachta ar an gCreat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna, ar bhailiú breise fianaise, agus ar chomhairliúchán dhá chéim le comhpháirtithe sóisialta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 154 CFAE, is é is aidhm don treoir atá beartaithe na cuspóirí sonracha seo a leanas a bhaint amach.

Dálaí oibre na n‑oiliúnaithe a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú

Leis an treoir atá beartaithe, leagtar síos prionsabal an neamh-idirdhealaithe lena áirithiú, maidir le dálaí oibre (lena n‑áirítear pá), nach gcaitear le hoiliúnaithe ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna le hoibrithe inchomparáide sa bhunaíocht chéanna, ach amháin má tá údar le cóir éagsúil ar fhorais oibiachtúla. Tá roinnt forálacha sa treoir atá beartaithe lena gcuidítear le hoiliúnaithe a gcearta a chosaint mar ‘oibrithe’. Mar shampla, áirithítear léi go bhféadfaidh ionadaithe oibrithe dul i mbun nósanna imeachta chun cearta oiliúnaithe a fhorfheidhmiú. Tugtar isteach léi an oibleagáid ar na Ballstáit bealaí a bhunú d’oiliúnaithe chun míchleachtas agus drochdhálaí oibre a thuairisciú.

Gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac

Leis an treoir atá beartaithe, ceanglaítear ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le seiceálacha agus iniúchtaí éifeachtacha arna ndéanamh ag údaráis inniúla chun gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a bhrath agus chun gníomhaíocht forfheidhmithe a dhéanamh. Chun a chinneadh an gnáthchaidreamh fostaíochta é tréimhse oiliúna atá faoi bhréagriocht tréimhse oiliúna, bheadh ar na húdaráis inniúla sraith gnéithe táscacha arna leagan amach ar leibhéal an Aontais a mheas ina measúnuithe foriomlána. Chun an measúnú sin a éascú, ní mór d’fhostóirí rochtain a thabhairt do na húdaráis inniúla ar fhaisnéis áirithe, lena n‑áirítear líon, fad agus coinníollacha oibre na dtréimhsí oiliúna. Ceanglaítear ar na Ballstáit freisin teorainn a leagan síos lena léirítear fad iomarcach tréimhse oiliúna agus tréimhsí oiliúna a athdhéantar leis an bhfostóir céanna, lena n‑áirítear tréimhsí oiliúna a dhéantar ceann i ndiaidh a chéile. Cuideoidh sé sin le húdaráis náisiúnta gnáthchaidrimh fostaíochta a d’fhéadfadh a bheith faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a aithint. Ina theannta sin, leis an treoir atá beartaithe, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh fostóirí feabhas ar thrédhearcacht trí fhaisnéis maidir leis na cúraimí agus na dálaí oibre a bhfuiltear ag súil leo, lena n‑áirítear pá, cosaint shóisialta, gnéithe foghlama agus oiliúna a chur san áireamh i bhfógraí folúntais agus i bhfógraí faoi thréimhsí oiliúna.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Mar chuid den Bhliain Eorpach um Scileanna, tá sé leagtha amach ag an Aontas meon a chur chun cinn ina bhfuil uas-sciliú agus athsciliú ar an ngnáthchleachtas. Má dhúntar bearnaí scileanna agus má thugtar aghaidh ar neamhréir scileanna ar fud an Aontais, cuirfear borradh faoin iomaíochas, go háirithe i gcás micrifhiontar agus fiontair bheaga agus meánmhéide trí riachtanais na bhfostóirí a chur in oiriúint ar bhealach níos fearr do scileanna agus do mhianta daoine. Cuideoidh rochtain chomhionann ar fhorbairt scileanna agus ar fhoghlaim obairbhunaithe chun neamhionannais a laghdú, go háirithe trí dhaoine a chumhachtú chun páirt iomlán a ghlacadh sa gheilleagar agus sa tsochaí. Leanann an Bhliain Eorpach um Scileanna Bliain Eorpach na hÓige, inar cuireadh i dtábhacht an gá atá le spreagadh breise a sholáthar do chruthú deiseanna fostaíochta ardcháilíochta do dhaoine óga i gcomhréir leis an aon sprioc déag don óige atá i Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 14 . Ina Theachtaireacht maidir le Bliain Eorpach na hÓige 2022, gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé a chreat cáilíochta le haghaidh tréimhsí oiliúna a thabhairt cothrom le dáta in 2024 chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna lena náirítear pá cothrom agus rochtain ar chosaint shóisialta 15 .

Le pacáiste Tacaíochta um Fhostaíocht don Óige ón gCoimisiún 16 ó mhí Iúil 2020, rinneadh Moltaí maidir le Nasc leis an bhFostaíocht — Ráthaíocht don Óige a Threisiú 17 agus creat Eorpach nuachóirithe um ghairmoideachas agus ghairmoiliúint, ar ghlac an Chomhairle an dá cheann acu 18 . Moltar leis an bpacáiste tacaíochta go sonrach go gcomhlíonfadh tairiscintí ar thréimhsí oiliúna na híoschaighdeáin a leagtar amach sa Chreat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna. Leagtar amach leis an gcreat nuachóirithe príomhphrionsabail chun a áirithiú go gcuirfear an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint in oiriúint go tapa do riachtanais an mhargaidh saothair agus go soláthróidh sé deiseanna foghlama ardcháilíochta do dhaoine óga agus do dhaoine fásta. Cuirtear béim láidir leis ar dheiseanna níos fearr don fhoghlaim obairbhunaithe agus ar dhearbhú cáilíochta níos fearr.

Ar an mbealach céanna le tréimhsí oiliúna, is conair thábhachtach iad printíseachtaí chun aistrithe chuig an margadh saothair a éascú. Leis an bPacáiste Tacaíochta um Fhostaíocht don Aos Óg, tugadh spreagadh athnuaite do phrintíseachtaí, lena náirítear tríd an gComhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí 19 .

Bhí sé d’aidhm ag na tionscnaimh sin feabhas a chur ar cháilíocht agus ar éifeachtacht bhearta an Aontais chun fostaíocht don óige a chur chun cinn agus faigheann siad tacaíocht ó mhaoiniú ón Aontas. Cuirtear chun feidhme leo, i measc nithe eile, an chéad phrionsabal agus an ceathrú prionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Leagtar síos leis na prionsabail sin an ceart chun ‘oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil atá ar ardcháilíocht agus cuimsitheach’ agus an ceart atá ag daoine óga ‘oideachas leanúnach, printíseacht, tréimhse oiliúna nó tairiscint mhaith poist a fháil laistigh de cheithre mhí tar éis dóibh bheith dífhostaithe nó an t‑oideachas a fhágáil’.

Le acquis saothair agus sóisialta an Aontais, leagtar síos íoschaighdeáin trí roinnt ionstraimí dlí. Is é is aidhm do na forálacha forfheidhmithe a chuimsítear sa togra seo le haghaidh treorach a áirithiú go mbeidh na cearta sin ag oiliúnaithe ar oibrithe iad. Tá ábharthacht ar leith ag baint leis na hionstraimí dlí seo a leanas ar leibhéal an Aontais do na hoiliúnaithe sin:

Leis an Treoir maidir le dálaí oibre trédhearcacha intuartha, 20  déantar foráil maidir le bearta chun dálaí oibre cuí a áirithiú do dhaoine a oibríonn i gcaidreamh oibre neamhchaighdeánach. Cuimsítear leis sin an ceart chun faisnéis mhionsonraithe a fháil i scríbhinn maidir le gnéithe bunúsacha a gcuid oibre. Tá na híoschaighdeáin a leagtar amach sa Treoir ábhartha go háirithe d’oiliúnaithe, i bhfianaise fad teoranta a bhíonn i gceist leis an gcaidreamh fostaíochta de ghnáth agus a staid leochaileach ar an margadh saothair.

Is é is aidhm don Treoir maidir le hObair Téarma Shocraithe 21 feabhas a chur ar cháilíocht na hoibre téarma shocraithe trína áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal an neamh-idirdhealaithe i gcás oibrithe ar théarma seasta (lena náirítear oiliúnaithe) vis-à-vis buanoibrithe inchomparáide. Bunaítear leis creat dlíthiúil chun cosc a chur ar mhí-úsáid a eascraíonn as úsáid conarthaí nó caidrimh fostaíochta ar théarma seasta i ndiaidh a chéile. Áirithítear leis freisin go mbeidh rochtain ag oibrithe ar théarma seasta ar dheiseanna oiliúna iomchuí agus ar fhaisnéis faoi fholúntais laistigh den ghnóthas d’fhonn post buan a bhaint amach.

Leis an Treoir maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas, 22 cruthaítear creat chun feabhas a chur ar leordhóthanacht an phá íosta sna Ballstáit a bhfuil pá íosta reachtúil acu. Tá sé d’aidhm aige freisin cómhargáil a chur chun cinn sna Ballstáit uile, agus feabhas á chur ag an am céanna ar rochtain éifeachtach oibrithe ar chearta maidir le cosaint pá íosta, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa dlí náisiúnta agus/nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna. Foráiltear leis go náiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gceadóidh na Ballstáit rátaí éagsúla pá íosta reachtúil le haghaidh grúpaí sonracha oibrithe, go nurramófar leis na hathruithe sin ar phá íosta reachtúil prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta.

Leagtar síos sa Treoir Réime um Shláinte agus Sábháilteacht Cheirde (OSH) 23 na príomhphrionsabail chun feabhsuithe ar an tsláinte agus ar an tsábháilteacht ag an obair a spreagadh. Ráthaítear leis íoscheanglais maidir le sábháilteacht agus sláinte ar fud an Aontais. Deimhnítear leis an Treoir Réime, a mhéid a bhaineann le hionad oibre slán, go bhfuil feidhm ag na rialacha céanna maidir le hoibrithe agus le hoiliúnaithe agus tá treoracha breise ag gabháil léi lena ndírítear ar ghnéithe sonracha den tsábháilteacht agus den tsláinte ag an obair.

Leis an Treoir ón gComhairle lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, 24 leagtar síos creat ginearálta chun idirdhealú ar fhorais reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó gnéaschlaonta a chomhrac a mhéid a bhaineann le fostaíocht agus slí bheatha. Cuirtear toirmeasc leis go háirithe faoi idirdhealú a dhéanamh ar oiliúnaithe óga mar gheall ar a naois.

Sa Mholadh ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe 25 moltar do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag oibrithe (lena náirítear oiliúnaithe ar oibrithe iad) agus ag daoine féinfhostaithe araon ar chosaint shóisialta éifeachtach agus leormhaith. Cumhdaítear sa Mholadh seo sochair dífhostaíochta, breoiteachta agus cúraim sláinte, máithreachais agus atharthachta, easláine, seanaoise agus marthanóirí agus sochair i dtaca le tionóiscí ag an obair agus galair cheirde.

Sa Mholadh ón gComhairle maidir le Creat Eorpach le haghaidh Printíseachtaí Ardcháilíochta agus Éifeachtacha (EFQEA), 26 leagtar amach 14 chritéar chun printíseachtaí ardcháilíochta agus éifeachtacha a shainiú, lena náirithítear forbairt scileanna a bhaineann le poist agus forbairt phearsanta printíseach. Cuirtear san áireamh ann éagsúlacht na gcóras gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET) ar fud an Aontais. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh printísigh a chumhdaítear leis an gCreat teacht faoi raon feidhme na Treorach seo freisin, a mhéid a thagann na printísigh faoin gcoincheap ‘oibrí’ mar a shainmhínítear leis an dlí, le comhaontuithe comhchoiteanna nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm sna Ballstáit, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le beartais an Aontais le déanaí arb é is aidhm dóibh daoine a chumhachtú trí oideachas, oiliúint agus scileanna. Féachtar leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip 27 iomaíochas inbhuanaithe an Aontais a neartú, cothroime shóisialta a áirithiú agus tacú le hathléimneacht daoine óga.

Tá an togra comhsheasmhach freisin leis an togra le haghaidh Moladh ón gComhairle dar teideal ‘An Eoraip ag Bogadh’ — deiseanna soghluaisteachta foghlama do chách an 15 Samhain 2023 28 . Is é is aidhm dó sin deiseanna foghlama ar fud an Aontais a dhéanamh níos inrochtana do gach duine óg, lena náirítear daoine óga ar lú na deiseanna atá acu, amhail daoine faoi mhíchumas. Cuirtear chun cinn leis freisin tarraingteacht an Aontais mar cheann scríbe foghlama do dhaoine tréitheacha ó lasmuigh den Aontas.

Tá infheistíochtaí airgeadais in uas-sciliú agus in athsciliú i gcroílár Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (STA), an Chiste um Aistriú Cóir, Erasmus+ agus an Chláir don Eoraip Dhigiteach. Faigheann forbairt scileanna tacaíocht freisin ó infheistíochtaí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) i mbonneagar agus i dtrealamh oideachais agus oiliúna.

Tá an tionscnamh seo freisin ar cheann de na gníomhaíochtaí a leagtar amach i bplean gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le ganntanais scileanna agus saothair san Aontas 29 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 153(2)(b) CFAE, lena bhforáiltear go nglacfar treoracha ina leagtar síos ceanglais íosta maidir le, inter alia, ‘dálaí oibre’ faoi mar a leagtar amach in Airteagal 153(1)(b) CFAE, agus, ag an am céanna, staonadh ó shrianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur a bheadh ina mbac ar bhunú nó ar fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide. Ós rud é nach bhfuil bearta ann lena ndéantar difear go díreach don leibhéal pá, urramaítear leis go hiomlán na teorainneacha a fhorchuirtear ar ghníomhaíocht an Aontais le hAirteagal 153(5) CFAE.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Chuidigh Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna 2014 leis na Ballstáit athruithe beartais agus reachtacha a chur chun feidhme, go háirithe sna Ballstáit sin nach bhfuil córais chomh forbartha céanna acu. Mar sin féin, tá dúshláin mhóra fós sna Ballstáit go léir maidir le húsáid na dtréimhsí oiliúna, a gcáilíocht agus rochtain orthu. Tionscnamh de chuid an Aontais, féadfaidh sé cuidiú chun iarrachtaí na mBallstát a chomhordú agus a dhíriú ar bhearta lena bhféadfar aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sonracha a sainaithníodh i ngach cineál tréimhse oiliúna. Is le gníomhaíocht de chuid an Aontais amháin is féidir rialacha comhchoiteanna a leagan síos chun creat comhsheasmhach prionsabal agus íoschaighdeán a chruthú ar fud na mBallstát uile. Leis an tionscnamh, thacófaí le cóineasú sóisialta aníos na mBallstát agus le forfheidhmiú níos fearr na gceart saothair atá ann cheana, rud a rannchuideodh le cothrom na Féinne níos fearr d’oiliúnaithe agus do sholáthraithe tréimhsí oiliúna san Aontas.

Níor ghá go mbeadh an leibhéal céanna cosanta i dtéarmaí trédhearcachta agus intuarthachta ag gníomhaíocht a dhéantar ag na Ballstát amháin mar fhreagairt ar an ngá atá le dálaí oibre oiliúnaithe a fhorfheidhmiú agus gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac agus go mbeadh an baol ann go méadófaí éagsúlachtaí idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, ní mór dul i ngleic leis na dúshláin a sainaithníodh ar leibhéal an Aontais.

Tá an treoir atá beartaithe bunaithe ar chomhchuibhiú íosta na gcóras náisiúnta lena n‑urramaítear discréid na mBallstát caighdeáin níos airde a leagan síos agus lena soláthraítear an deis an cúram a chur ar chomhpháirtithe sóisialta an treoir atá beartaithe a chur chun feidhme. I gcomhréir le hAirteagal 153(2)(b) CFAE, tacóidh sí le gníomhaíochtaí na mBallstát agus comhlánóidh sí iad trí cheanglais íosta maidir le cur chun feidhme de réir a chéile.

Comhréireacht

Leagtar síos íoscheanglais leis an togra seo, rud a áirithíonn go gcoinneofar an méid idirghabhála is lú is gá chun cuspóirí an togra a bhaint amach. Na Ballstáit sin a bhfuil forálacha níos fabhraí i bhfeidhm acu cheana féin ná na forálacha a chuirtear chun cinn sa togra seo, ní bheidh orthu iad a athrú ná a laghdú. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh freisin dul níos faide ná na híoschaighdeáin a leagtar amach. Tá na costais a bhaineann leis an togra seo réasúnta agus tá údar leo i bhfianaise an chuspóra forfheidhmiú dálaí oibre na n‑oiliúnaithe a neartú.

Urramaítear prionsabal na comhréireachta agus cuirtear méid agus cineál na bhfadhbanna sainaitheanta san áireamh. Mar shampla, ní mór d’fhostóirí faisnéis faoi thréimhsí oiliúna a sholáthar do na húdaráis arna iarraidh sin dóibh amháin. Sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an tionscnamh seo, rinneadh measúnú ar na roghanna beartais agus rinneadh comparáid eatarthu maidir lena gcomhréireacht i gcomparáid leis an mbonnlíne. Leis an rogha thosaíochta, is féidir leis na Ballstáit modh agus cineál na hidirghabhála a shainiú chun na cuspóirí a bhaint amach. Dá bhrí sin, ní théann sé thar ar gá chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh agus chun na cuspóirí sonracha a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Foráiltear go sainráite le hAirteagal 153(2)(b) in éineacht le 153(1)(b) CFAE gurb iad treoracha an ionstraim dlí atá le húsáid chun íoscheanglais a bhunú maidir le dálaí oibre atá le cur chun feidhme de réir a chéile ag na Ballstáit.

3.TORTHAÍ MEASTÓIREACHTAÍ EX POST, COMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinneadh meastóireacht 30 ar Mholadh 2014 ón gComhairle maidir le Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna in 2022-2023. Cé go leanann tréimhsí oiliúna de bheith ina gconair thábhachtach do dhaoine óga chun dul isteach sa mhargadh saothair, dfhéadfaí feabhas a chur ar chur chun feidhme phrionsabail an Chreata Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna ar an láthair, mar aon le monatóireacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar an reachtaíocht náisiúnta ábhartha lena rialaítear tréimhsí oiliúna. Mheas grúpaí éagsúla páirtithe leasmhara go raibh gá le cearta oiliúnaithe maidir le pá agus cosaint shóisialta a neartú a thuilleadh.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinneadh gníomhaíochtaí comhairliúcháin sonracha in 2022 mar chuid de mheastóireacht 2023 an Choimisiúin ar an gCreat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna 31 , go háirithe trí shuirbhé comhairliúcháin phoiblí. Cuimsíodh sa mheastóireacht freisin comhairliúcháin spriocdhírithe le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha atá freagrach as beartais oideachais, oiliúna agus fostaíochta, comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe oideachais agus oiliúna, saineolaithe acadúla atá ag obair ar shaincheisteanna a bhaineann leis an margadh saothair, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine óga, oiliúnaithe óga (iaroiliúnaithe, oiliúnaithe atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo) agus páirtithe leasmhara eile ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach. Chun teagmháil a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara sin uile, baineadh úsáid as gníomhaíochtaí agus modhanna comhairliúcháin éagsúla, amhail agallaimh, cruinnithe comhairliúcháin spriocdhírithe, suirbhé spriocdhírithe faoi oiliúnaithe agus cás-staidéir.

Rinneadh comhairliúchán dhá chéim le comhpháirtithe sóisialta an Aontais faoi Airteagal 154 CFAE le haghaidh an togra seo. Le linn na chéad chéime, a bhí ar siúl idir an 11 Iúil agus an 15 Meán Fómhair 2023, chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe sóisialta maidir leis an ngá atá le gníomhaíocht an Aontais agus an treo ina ndíreofaí an ghníomhaíocht sin 32 . Le linn na dara céime, idir an 28 Meán Fómhair agus an 9 Samhain 2023, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le comhpháirtithe sóisialta faoi na cuspóirí maidir le gníomhaíocht an Aontais agus na conairí dlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith ann di 33 . Dfháiltigh na ceardchumainn roimh rún an Choimisiúin an Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna a thabhairt cothrom le dáta. Mheas siad, cé go raibh prionsabail an Chreata Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna fós ábhartha, go raibh gá le cosaint cheangailteach le haghaidh oiliúnaithe (i bhfoirm treorach) chun cúiteamh, dálaí oibre agus cosaint shóisialta chóir a áirithiú. Ba cheart go náiritheofaí leis an treoir seo rochtain ar na cearta uile atá ag gnáthoibrithe faoi reachtaíocht an Aontais atá ann cheana. Chuir na ceardchumainn i dtábhacht go láidir gurb é an príomhchuspóir nach mór a bheith ag gníomhaíocht an Aontais íoschaighdeáin cheangailteacha a leagan síos le haghaidh tréimhsí oiliúna san Aontas agus cothrom na Féinne a chruthú lena ndíspreagtar mí-úsáid. Measann fostóirí go bhfuil prionsabail an Chreata Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna 2014 fós ábhartha. Ina dtuairim, ba cheart béim níos láidre a leagan ar a chur chun feidhme agus ar fhaireachán a dhéanamh air, ach dar leo, le Moladh athbhreithnithe ón gComhairle, bheadh an chothromaíocht cheart ann idir íoschaighdeáin a chur chun cinn agus solúbthacht a chaomhnú. Tacaíonn fostóirí leis na cuspóirí chun aghaidh a thabhairt ar an úsáid mhíchuí a bhaintear as tréimhsí oiliúna, chun feabhas a chur ar a gcáilíocht agus chun rochtain orthu a chothú. Cuireann fostóirí an easpa sonraí i dtábhacht freisin, go háirithe sonraí maidir le tréimhsí oiliúna sa mhargadh oscailte, agus an nasc idir pá agus cáilíocht na dtréimhsí oiliúna. Ní raibh aon chomhaontú i measc na gcomhpháirtithe sóisialta chun dul i mbun caibidlíochta chun comhaontú a thabhairt i gcrích ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 155 CFAE.

Thairis sin, mar chuid den staidéar ina ndéantar iniúchadh ar an gcomhthéacs, ar na dúshláin agus ar na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le cáilíocht na dtréimhsí oiliúna san Aontas, rinneadh suirbhé ar líne le páirtithe leasmhara náisiúnta. Bhí sé d’aidhm aige sin faisnéis a bhailiú faoi na cleachtais atá ann faoi láthair ag gnólachtaí maidir le tréimhsí oiliúna agus dea-chleachtais a chuirtear chun feidhme sna Ballstáit agus a dtionchar ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna a shainaithint. Bhí an suirbhé ar siúl ón 15 Meitheamh go dtí an 8 Meán Fómhair 2023 agus bhí sé dírithe ar údaráis phoiblí náisiúnta, ar chomhlachais ghnó/fostóirí náisiúnta, ar ghnólachtaí aonair, ar cheardchumainn náisiúnta, ar eagraíochtaí náisiúnta don óige, ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ar institiúidí oideachais. Rinneadh agallaimh spriocdhírithe le páirtithe leasmhara ar leibhéal an Aontais freisin.

Rinne an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (AS EMPL), an Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna (AS GROW), Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (EISMEA) suirbhé tiomnaithe ‘Painéal FBM’ idir an 12 Deireadh Fómhair agus an 9 Samhain 2023, suirbhé ar thacaigh an Líonra Fiontar Eorpach leis.

Sa suirbhé flais-Eorabharaiméadair (523) 34 féachadh ar dhearcthaí daoine óga maidir lena lánpháirtiú sa mhargadh saothair, agus díríodh go háirithe ar thréimhsí oiliúna. Idir an 15 agus an 24 Márta 2023, rinneadh suirbhé ar líne ar 26 334 duine idir 18 agus 35 bliana d’aois ó na Ballstáit uile.

Bailiú agus úsáid saineolais

Baintear leas sa treoir atá beartaithe as roinnt staidéar a rinneadh chun bonn taca a chur leis an anailís ar an tionscnamh:

·staidéar a coimisiúnaíodh ó shaineolaithe seachtracha, ar úsáideadh na réamhthorthaí: ‘Study exploring the context, challenges and possible solution in relation to the quality of traineeships in the EU’ [Staidéar lena scrúdaítear an comhthéacs, na dúshláin agus an réiteach a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le cáilíocht na dtréimhsí oiliúna san Aontas Eorpach] ó chuibhreannas Ernst & Young (EY), Lárionad Staidéir ar Bheartas na hEorpa (CEPS) agus Fianaise Oscailte (le teacht)

·staidéar seachtrach a thacaíonn leis an meastóireacht ar an gCreat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna, Tuarascáil Chríochnaitheach, Eanáir 2023 35 ;

·suirbhé flais‑Eorabharaiméadair maidir leis an dearcadh atá ag daoine óga maidir lena nimeascadh sa mhargadh saothair, agus díríodh go háirithe ar thréimhsí oiliúna 36 ;

Cuireadh san áireamh freisin rún féintionscnaimh reachtach 2023 ó Pharlaimint na hEorpa maidir le tréimhsí oiliúna ardcháilíochta san Aontas, i gcomhar leis an Measúnú Breisluacha Eorpaigh ábhartha ar sheirbhís taighde na Parlaiminte 37 .

Measúnú tionchair

I gcomhréir lena bheartas maidir le Rialáil Níos Fearr, rinne an Coimisiún measúnú tionchair 38 . Leis sin, tugadh anailís struchtúrtha ar na fadhbanna beartais, ar na cuspóirí beartais comhfhreagracha agus ar na roghanna beartais comhfhreagracha agus rinneadh measúnú ar a dtionchar. Breithníodh leis coimhdeacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas agus comhréireacht na roghanna a sainaithníodh agus conas monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar an tionscnamh amach anseo. Tacaíodh leis an obair sin le comhairliúchán struchtúrtha sa Choimisiún trí ghrúpa stiúrtha idirsheirbhíse 39 agus leis an ‘Staidéar ina scrúdaítear an comhthéacs, na dúshláin agus an réiteach a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le cáilíocht na dtréimhsí oiliúna san Aontas’ dá dtagraítear thuas.

Sainaithníodh trí fhadhb sa mheasúnú tionchair: (1) úsáid mhíchuí a bheith á baint as tréimhsí oiliúna ag soláthraithe tréimhsí oiliúna, (2) droch-cháilíocht na dtréimhsí oiliúna agus (3) rochtain mhíchothrom ar thréimhsí oiliúna. Rinneadh scrúdú sa mheasúnú tionchair ar thrí rogha beartais, ina ndearnadh bearta reachtacha agus neamhreachtacha araon a thabhairt le chéile chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí an tionscnaimh i dtéarmaí cearta is infheidhme oiliúnaithe a fhorfheidhmiú, cosc a chur ar úsáid mhíchuí na dtréimhsí oiliúna, dálaí oibre cothroma a áirithiú, an t‑ábhar foghlama a fheabhsú, agus feabhas a chur ar an rochtain ar thréimhsí oiliúna agus ar chuimsitheacht na dtréimhsí oiliúna. Cuireadh san áireamh sa mheasúnú ar thionchar na roghanna freisin na hiarmhairtí neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na roghanna beartais éagsúla, lena n‑áirítear maidir le tréimhsí oiliúna a thairiscint.

Is é an rogha beartais ab fhearr a sainaithníodh sa mheasúnú tionchair pacáiste ina bhfuil treoir a bhaineann le hoiliúnaithe ar oibrithe iad faoi dhlí an Aontais agus moladh cothrom le dáta ón gComhairle lena gcumhdaítear gach oiliúnaí. Meastar go dtabharfaidh an pacáiste sin sochair shóisialta d’oiliúnaithe trí thréimhsí oiliúna míchuí agus droch-cháilíochta a laghdú trí chóir chomhionann, pá níos cothroime agus cosaint shóisialta, agus trí rochtain ar thréimhsí oiliúna a fheabhsú, go háirithe do dhaoine i staideanna leochaileacha, lena n‑áirítear daoine faoi mhíchumas, iad siúd a bhfuil cónaí orthu i réigiúin thuaithe, iargúlta agus is forimeallaí, iad siúd a bhfuil cúlra socheacnamaíoch agus/nó imirceach faoi mhíbhuntáiste acu, iad siúd ón bpobal Romach, agus iad siúd a bhfuil gnóthachtáil oideachais níos ísle acu. Meastar go mbeidh sochair eacnamaíocha do sholáthraithe tréimhsí oiliúna mar thoradh ar an rogha beartais ab fhearr, amhail iomaíocht mhargaidh níos cothroime, gnóthachain táirgiúlachta agus iomaíochais mar gheall ar lucht saothair níos oilte agus níos éagsúla agus costais chuardaigh, mheaitseála agus earcaíochta níos ísle. Maidir le costais a bhaineann leis an rogha beartais ab fhearr, baineann siad sin le méadú a d’fhéadfadh a bheith ann ar chostais saothair, ar chostais choigeartaithe agus ar chostais a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar a nósanna imeachta riaracháin nó breithiúnacha. Meastar go dtairbheoidh buiséid agus riaracháin náisiúnta d’fháltais mhéadaithe chánach agus slándála sóisialta agus de chaiteachas laghdaithe ar chosaint shóisialta agus ar ghníomhachtú.

Pléadh an measúnú tionchair ar dtús le Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an Choimisiúin an 13 Nollaig 2023. An 1 Feabhra 2024, cuireadh Tuarascáil athbhreithnithe ar an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird. An 22 Feabhra 2024, d’eisigh an Bord tuairim dhearfach, faoi réir agús 40 . Tugadh aghaidh ina dhiaidh sin ar na barúlacha a bhí fágtha, trí theorainneacha na sonraí a úsáideadh a shonrú a thuilleadh, tríd an bplé maidir le saincheisteanna chothrom na Féinne agus iomaíochta a neartú agus trí shoiléirithe spriocdhírithe breise a sholáthar maidir leis an tuairisc agus measúnú ar na roghanna beartais.

Cearta bunúsacha

Cosnaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh raon leathan de chearta fostaíochta. Tá cuspóirí an togra seo i gcomhréir leis an gCairt. Trí phrionsabal an neamh-idirdhealaithe i leith oiliúnaithe a chumhdach agus trí bhearta a sholáthar chun gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac, neartódh an togra Airteagal 31 maidir le dálaí oibre cothroma agus córa agus Airteagal 32 maidir le daoine óga ag an obair a chosaint, lena sonraítear nach mór daoine óga a ligtear isteach chun na hoibre a chosaint ar dhúshaothrú eacnamaíoch

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon acmhainn bhreise ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh de dhíth ar an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Socruithe monatóireachta, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá sé beartaithe go ndéanfaidh na Ballstáit an treoir atá beartaithe a thrasuí 2 bhliain tar éis a glactha agus na bearta náisiúnta trasuite a chur in iúl don Choimisiún tríd an mBunachar Sonraí MNE (Bearta Náisiúnta um Fhorghníomhú). I gcomhréir le hAirteagal 153(3) CFAE, féadfaidh siad an trasuí a chur faoi chúram na gcomhpháirtithe sóisialta trí chomhaontuithe comhchoiteanna. Tá an Coimisiún réidh chun tacaíocht theicniúil a sholáthar do na Ballstáit chun an treoir atá beartaithe a chur chun feidhme.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme na treorach atá beartaithe 5 bliana tar éis sprioc-am an trasuí agus leasuithe reachtacha a mholadh, i gcás inarb iomchuí. Déanfar faireachán ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach le sraith príomhtháscairí a bhaineann leis na cuspóirí beartais. Sonraítear na táscairí sin agus na foinsí sonraí gaolmhara in Iarscríbhinn 15 den mheasúnú tionchair. Beidh an creat faireacháin faoi réir tuilleadh coigeartuithe bunaithe ar na ceanglais dhlíthiúla agus cur chun feidhme deiridh agus ar an amlíne.

Doiciméid mhíniúcháin

D’fhéadfadh na Ballstáit ionstraimí dlí éagsúla a úsáid chun an treoir atá beartaithe a thrasuí, agus sin an fáth a bhfuil údar lena iarraidh ar na Ballstáit doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra faoina mbearta trasuite. Ba cheart go míneofaí iontu sin an gaol idir comhpháirteanna den treoir atá beartaithe agus codanna comhfhreagracha na nionstraimí náisiúnta trasuite, i gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 41 .

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Caibidil I – Forálacha coiteanna

Airteagal 1 – Ábhar

Leagtar amach san fhoráil seo ábhar na Treorach, is é sin creat coiteann prionsabal agus beart a leagan síos chun dálaí oibre na n‑oiliúnaithe a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú agus chun gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac.

Airteagal 2 — Sainmhínithe

Sainmhínítear leis an bhforáil seo roinnt téarmaí agus coincheap is gá chun forálacha na Treorach a léirmhíniú (‘tréimhse oiliúna’, ‘oiliúnaí’, ‘gnáthchaidreamh fostaíochta’ agus ‘gnáthfhostaí’).

Caibidil II — Cóir chomhionann

Airteagal 3 — Prionsabal an neamh-idirdhealaithe

Cumhdaítear le hAirteagal 3 prionsabal an neamh-idirdhealaithe maidir le hoiliúnaithe. Ceanglaítear leis ar na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm chun a áirithiú nach ndéanfar idirdhealú ar oiliúnaithe maidir lena ndálaí oibre, lena n‑áirítear pá. Mar sin féin, d’fhéadfadh forais oibiachtúla, amhail cúraimí éagsúla, freagrachtaí níos ísle, déine oibre nó ualach na gné foghlama agus oiliúna a bheith ina n‑údar le cóir éagsúil.

Tá feidhm ag an bhforáil sin sa bhreis ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a leagtar síos sa Treoir maidir le hObair Téarma Shocraithe, lena ndéantar foráil maidir le cóir chomhionann d’oibrithe ar théarma seasta a bhfuil buanoibrithe inchomparáide acu sa bhunaíocht chéanna ach amháin má tá údar le cóir éagsúil ar fhorais oibiachtúla. Tá gá leis an bhforáil bhreise sa Treoir, ar thaobh amháin, ós rud é go gceadaítear do na Ballstáit leis an Treoir maidir le hObair Téarma Shocraithe oiliúnaithe áirithe a eisiamh óna raon feidhme agus, ar an taobh eile, a áirithiú gur féidir le hoibrithe ar théarma seasta atá i bpost inchomparáide feidhmiú mar chomparáideoirí freisin.

Caibidil III — Gnáthchaidrimh fostaíochta faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna

Airteagal 4 — Bearta chun gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac

Leis an bhforáil sin, ceanglaítear ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun feiniméan na ngnáthchaidreamh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac. Ní mór do na Ballstáit forálacha a chur i bhfeidhm maidir le rialuithe agus iniúchtaí éifeachtacha ag údaráis inniúla chun cásanna a bhrath ina mbíonn leibhéil níos ísle cosanta d’oibrithe, lena n‑áirítear dálaí oibre agus pá, mar thoradh ar ghnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna, agus chun gníomhaíocht a dhéanamh sna cásanna sin.

Airteagal 5 — Measúnú ar ghnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna

Ceanglaítear leis an airteagal seo ar údaráis inniúla measúnú foriomlán a dhéanamh ar na gnéithe fíorasacha ábhartha uile agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil gnáthchaidreamh fostaíochta faoi bhréagriocht tréimhse oiliúna. Ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú sin gnéithe éagsúla amhail fad, comhpháirt shuntasach foghlama agus oiliúna, leibhéil choibhéiseacha cúraimí agus freagrachtaí agus cibé an bhfuil nó nach bhfuil taithí oibre roimhe sin ag teastáil ón bhfostóir le haghaidh na tréimhse oiliúna.

Sonraítear ann freisin oibleagáid faisnéise d’fhostóirí i leith údarás inniúil chun cuidiú leis na húdaráis sin an measúnú a dhéanamh. Níl feidhm ag an oibleagáid sin ach amháin arna iarraidh sin do na húdaráis. Ní mór faisnéis a sholáthar maidir le líon agus fad na dtréimhsí oiliúna, dálaí oibre (lena n‑áirítear pá), comhpháirteanna foghlama agus oiliúna agus fógraí maidir le folúntais i dtréimhsí oiliúna.

Ina theannta sin, sonraítear ann nach mór do na Ballstáit teorainn a leagan síos le haghaidh fad iomarcach tréimhsí oiliúna chun críche an mheasúnaithe agus leagtar síos ann rialacha maidir le hinneachar fógraí folúntais le haghaidh tréimhsí oiliúna.

Caibidil IV — Forfheidhmiú agus bearta tacaíochta

Airteagal 6 — Dlí ábhartha an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú

Le hAirteagal 6 ceanglaítear ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun dlí an Aontais is infheidhme maidir le hoibrithe i ndáil le hoiliúnaithe a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú.

Airteagal 7 – An ceart chun sásaimh

Leis an bhforáil seo, ceanglaítear ar na Ballstáit rochtain a sholáthar ar shásra éifeachtach neamhchlaonta um réiteach díospóidí agus ar cheart chun sásaimh, lena n‑áirítear cúiteamh leordhóthanach, má sháraítear cearta oiliúnaí faoin Treoir nó faoi dhlí eile an Aontais is infheidhme maidir le hoiliúnaithe.

Airteagal 8 — Nósanna imeachta thar ceann oiliúnaithe nó chun tacú leo

Leis an airteagal seo, cuirtear ar chumas ionadaithe na n‑oibrithe a bheith rannpháirteach thar ceann oiliúnaí amháin nó níos mó, nó chun tacú leo, in imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin chun cearta oiliúnaithe a fhorfheidhmiú, ar choinníoll go gcomhaontaíonn an t‑oiliúnaí nó na hoiliúnaithe. Ba cheart go gcuideodh sé sin le hoiliúnaithe bacainní a bhaineann le costais nó le nósanna imeachta a shárú.

Airteagal 9 — Cosaint ar chóir dhíobhálach agus ar iarmhairtí díobhálacha

Sonraítear leis an bhforáil seo go gcosnófar oiliúnaithe agus a n‑ionadaithe ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí díobhálacha, go háirithe maidir le dífhostú nó a choibhéis, chun na cearta dá bhforáiltear faoin Treoir a fheidhmiú. Sonraítear leis freisin an ceart atá ag oiliúnaithe, má mheasann siad gur dífhostaíodh iad mar gheall ar a gcearta a fheidhmiú faoin Treoir, a iarraidh ar an bhfostóir forais chuí-réasúnaithe leis an dífhostú a sholáthar. Má chuireann oiliúnaí fíorais i láthair lena léirítear dífhostú as a chearta a fheidhmiú faoin Treoir, leis an bhforáil cuirtear an t‑ualach ar an bhfostóir a chruthú go raibh an dífhostú nó bearta coibhéiseacha bunaithe ar fhorais eile.

Airteagal 10 – Pionóis

Leis an airteagal seo, ceanglaítear ar na Ballstáit foráil a dhéanamh do phionóis éifeachtacha chomhréireachta agus athchomhairleacha maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí faoin Treoir.

Caibidil V — Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 11 — Neamh-chúlchéimniú agus forálacha níos fabhraí

Soiléirítear leis an Airteagal seo nár cheart aon fhoráil sa Treoir a léirmhíniú chun an chosaint a thugtar d’oibrithe le hionstraimí eile a laghdú agus nach foras bailí í an Treoir chun an leibhéal ginearálta cosanta a thugtar d’oibrithe, lena n‑áirítear oiliúnaithe, a ísliú. Ceadaítear leis freisin do na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach atá níos fabhraí d’oibrithe nó cur i bhfeidhm comhaontuithe comhchoiteanna atá níos fabhraí d’oibrithe a spreagadh nó a cheadú.

Airteagal 12 — Trasuí agus cur chun feidhme

Leagtar amach leis an bhforáil seo an uastréimhse atá ag na Ballstáit chun an Treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta agus na téacsanna ábhartha a chur in iúl don Choimisiún. Tá an tréimhse sin socraithe ag 2 bhliain tar éis an dáta teacht i bhfeidhm. Thairis sin, cuirtear i dtábhacht leis nach mór do na Ballstáit rannpháirtíocht leormhaith na gcomhpháirtithe sóisialta a áirithiú agus féadfaidh siad cur chun feidhme na Treorach a chur de chúram orthu.

Airteagal 13 – Tuairisciú agus athbhreithniú

Leis an airteagal seo, ceanglaítear ar na Ballstáit an fhaisnéis is gá chun tuarascáil a dhréachtú maidir le cur chun feidhme na Treorach, lena n‑áirítear sonraí maidir le tréimhsí oiliúna, a chur faoi bhráid an Choimisiúin 5 bliana tar éis a teacht i bhfeidhm. Ceanglaítear leis ar an gCoimisiún freisin an tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus togra reachtach ag gabháil léi más gá.

Airteagail 14 agus 15 — Teacht i bhfeidhm agus seolaithe

Sonraítear leis na forálacha seo go dtiocfaidh an Treoir i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe san Iris Oifigiúil agus go ndírítear ar na Ballstáit í.

2024/0068 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le dálaí oibre oiliúnaithe a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú agus maidir le gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac (‘An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna’)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153(2) pointe (b), i gcomhar le hAirteagal 153(1), pointe (b), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 42 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 43 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I mí an Mhárta 2014, ghlac an Chomhairle leis an Moladh maidir le Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna (‘Moladh 2014’) chun caighdeáin cháilíochta uile-Aontais a sholáthar le haghaidh tréimhsí oiliúna. Moltar leis 21 phrionsabal le haghaidh tréimhsí oiliúna chun feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna, go háirithe chun ábhar ardcháilíochta foghlama agus oiliúna agus dálaí oibre leormhaithe a áirithiú chun tacú le haistrithe ón oideachas go dtí an obair agus chun infhostaitheacht na noiliúnaithe a mhéadú. Cumhdaítear gach tréimhse oiliúna le Moladh 2014 seachas iad siúd atá mar chuid de churaclaim an oideachais fhoirmiúil agus na hoiliúna foirmiúla agus iad siúd a rialaítear faoin dlí náisiúnta agus a bhfuil sé ina cheanglas sainordaitheach é iad a thabhairt chun críche chun rochtain a fháil ar ghairm shonrach.

(2)Sa Mholadh ón gComhairle maidir le Creat Eorpach le haghaidh Printíseachtaí Ardcháilíochta agus Éifeachtacha, 44 tá 14 chritéar le haghaidh printíseachtaí ardcháilíochta agus éifeachtacha arb é is aidhm dóibh a áirithiú go mbeidh scéimeanna printíseachta freagrúil do riachtanais an mhargaidh saothair agus go soláthrófar leo sochair d’fhoghlaimeoirí agus d’fhostóirí araon. Cuimsítear leo sin critéir le haghaidh dálaí foghlama agus oibre agus critéir maidir le coinníollacha creata.

(3)Is é is aidhm don Ráthaíocht threisithe don Óige 45 a áirithiú go bhfaighidh daoine óga faoi bhun 30 bliain d’aois tairiscint mhaith fostaíochta, oideachas leanúnach, printíseacht nó tréimhse oiliúna laistigh de 4 mhí tar éis dóibh a bheith dífhostaithe nó an toideachas a fhágáil. Is pointe tagartha tábhachtach é Moladh 2014 chun cáilíocht na dtairiscintí tréimhsí oiliúna faoin Ráthaíocht threisithe don Aos Óg a thomhas.

(4)Tá ganntanas saothair ann i go leor gairmeacha agus ar gach leibhéal scileanna. Meastar go rachaidh sin i méid leis an laghdú atá tuartha ar an daonra in aois oibre agus leis an éileamh atá ag méadú ar roinnt gairmeacha atá ábhartha don aistriú glas agus digiteach. Le rannpháirtíocht níos ísle daoine óga sa mhargadh saothair, cuirtear leis na ganntanais sin. D’fhéadfadh tréimhsí oiliúna ardcháilíochta a bheith ina gconair úsáideach uas-scilithe agus/nó athscilithe do dhaoine d’aon aois chun scileanna praiticiúla a fháil sa phost chun dul isteach sa mhargadh saothair nó chun a ngairm a thabhairt i dtreo nua.

‑‑Le tréimhsí oiliúna, cuideofar le daoine óga taithí phraiticiúil agus ghairmiúil a fháil, a ninfhostaitheacht a fheabhsú, agus a naistriú chuig fostaíocht sheasmhach a éascú. Dá réir sin, is conair thábhachtach iad na tréimhsí oiliúna chuig an margadh saothair. I gcás fostóirí, tugann tréimhsí oiliúna deiseanna chun daoine óga a mhealladh, a oiliúint agus a choinneáil. Is féidir leo an costas a bhaineann le baill foirne oilte a chuardach agus a earcú a laghdú, nuair a thairgtear gnáthphost d’oiliúnaithe tar éis a dtréimhse oiliúna. Mar sin féin, ní féidir é sin a bhaint amach ach amháin má bhíonn tréimhsí oiliúna ar ardcháilíocht agus má chuirtear dálaí oibre cuibhiúla ar fáil leo.

(6)Tá dúshláin ann fós maidir le húsáid mhíchuí tréimhsí oiliúna, lena náirítear cásanna ina mbíonn gnáthphoist d’fhostaithe faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna, rud a fhágann go bhfuil a gcearta iomlána faoi dhlí an Aontais, faoin dlí náisiúnta agus faoi chomhaontuithe comhchoiteanna á gceilt ar na hoibrithe sin agus go bhfuil an baol ann go sáinneofar iad i ndálaí oibre forbhásacha. Mar gheall ar chaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna, saobhtar an iomaíocht idir cuideachtaí trí fostóirí comhlíontacha a chur faoi mhíbhuntáiste, bíonn dul timpeall ar oibleagáidí fioscacha agus slándála sóisialta fostóirí agus cuirtear in ionad poist bhuana iad. I gcásanna eile, seans nach gcomhlíonfadh fostóirí ‘fíoroiliúnaithe’ na ceanglais uile a eascraíonn as dlí an Aontais, as dlí, comhaontuithe comhchoiteanna nó cleachtas náisiúnta, rud a bhainfeadh a gcearta iomlána díobh.

(7)Ina theannta sin, is lú seans go ndéanfaidh oiliúnaithe a gcearta a chosaint mar gheall ar a staid leochaileach sa mhargadh saothair. Tá easpa, castacht nó éagsúlacht na gcreataí rialála le haghaidh tréimhsí oiliúna i mBallstáit éagsúla mar aon le forfheidhmiú neamhleor na reachtaíochta náisiúnta agus an easpa inniúlachta maidir le rialuithe agus iniúchtaí, mar aon le heaspa soiléireachta maidir leis an údarás atá freagrach as rialú agus forfheidhmiú, i measc na bpríomhthosca as a neascraíonn úsáid mhíchuí na dtréimhsí oiliúna.

(8)Ar bhonn na fianaise atá ann, tá sciar mór oiliúnaithe faoi réir dálaí oibre nach bhfuil chomh fabhrach céanna i gcomparáid le gnáthfhostaithe, lena náirítear dálaí maidir le huaireanta oibre, teidlíochtaí saoire, agus rochtain ar threalamh mar aon le pá.

(9)Ar leibhéal an Aontais, soláthraítear leis na hionstraimí dlí atá ann cheana creat chun oibrithe a chosaint, lena náirítear na treoracha maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha 46 , pá íosta leormhaith 47 , am oibre 48 , sláinte agus sábháilteacht ag an obair 49 , comhionannas agus neamh-idirdhealú 50 , cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí 51 , faisnéis agus comhairliúcháin le fostaithe 52 , obair ar théarma seasta 53 , obair pháirtaimseartha 54 , postú oibrithe 55 agus maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach. 56 . Tá feidhm iomlán ag an gcreat dlíthiúil seo maidir le hoiliúnaithe a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu mar a shainmhínítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh. Cuimsítear freisin le creat dlíthiúil an Aontais moltaí maidir le cáilíocht na dtréimhsí oiliúna 57 agus na bprintíseachtaí 58 agus maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe 59 .

(10)Ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, 60  cuireadh togra chun cinn maidir lena áirithiú go gcloífidh intéirneachtaí agus poist daoine óga le caighdeáin cháilíochta, lena náirítear caighdeáin maidir le pá agus cosc a chur ar intéirneachtaí neamhíoctha ar an margadh saothair agus lasmuigh den oideachas foirmiúil.

(11)I mí an Mheithimh, ghlac Parlaimint na hEorpa rún de bhun Airteagal 225 CFAE ina raibh moltaí don Choimisiún maidir le tréimhsí oiliúna ardcháilíochta ( 61 ). Ina rún, d’iarr sí ar an gCoimisiún Creat Cáilíochta 2014 a thabhairt cothrom le dáta agus a neartú agus ionstraim reachtach níos láidre a dhéanamh de. Ina theannta sin, d’iarr sí ar an gCoimisiún prionsabail bhreise a chuimsiú i gcreat cáilíochta nuashonraithe le haghaidh tréimhsí oiliúna. Go sonrach, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún ‘treoir a mholadh maidir le tréimhsí oiliúna i margadh oscailte an tsaothair, tréimhsí oiliúna i gcomhthéacs beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair agus tréimhsí oiliúna ar cuid éigeantach den oiliúint ghairmiúil iad, chun íoschaighdeáin cháilíochta a áirithiú, lena náirítear rialacha maidir le tréimhse na dtréimhsí oiliúna, rochtain ar chosaint shóisialta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta chomh maith le luach saothair lena náirithítear caighdeán maireachtála cuibhiúil chun cleachtais dhúshaothraithe a sheachaint’.

(12)Rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais faoi Airteagal 154 CFAE maidir leis an ngá, na cuspóirí agus na conairí dlíthiúla le haghaidh gníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh a chuirfeadh tuilleadh feabhais ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna. Ní raibh aon chomhaontú i measc na gcomhpháirtithe sóisialta chun dul i mbun caibidlíochta maidir leis na hábhair sin. Tá sé tábhachtach, áfach, gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais sa réimse seo tríd an gcreat atá ann faoi láthair maidir le tréimhsí oiliúna a oiriúnú agus torthaí an chomhairliúcháin leis na comhpháirtithe sóisialta á gcur san áireamh ag an am céanna.

(13)Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go forleathan le páirtithe leasmhara, lena náirítear oiliúnaithe agus eagraíochtaí óige, soláthraithe tréimhsí oiliúna, údaráis phoiblí náisiúnta, institiúidí oideachais, agus saineolaithe ón saol acadúil.

(14)Le hAirteagal 153(2), i gcomhar le (1)(b) CFAE, cumhachtaítear Parlaimint na hEorpa agus an Comhairle Treoracha a ghlacadh lena leagtar síos íoscheanglais maidir le dálaí oibre d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 151 CFAE a bhaint amach, mar atá, fostaíocht a chur chun cinn agus dálaí maireachtála agus oibre feabhsaithe.

(15)I bhfianaise na ndúshlán leanúnach maidir le húsáid mhíchuí tréimhsí oiliúna san Aontas, tá gá le tuilleadh gníomhaíochta chun gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac agus chun a áirithiú go ndéanfar dlí ábhartha an Aontais agus an dlí ábhartha náisiúnta is infheidhme maidir le hoibrithe a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go hiomlán i ndáil le hoiliúnaithe. Leis an Treoir seo, tugtar aghaidh ar na dúshláin sin trí íoscheanglais a leagan síos chun dálaí oibre oiliúnaithe san Aontas a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú agus chun caidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac, trí chreat comhchoiteann prionsabal agus beart a bhunú is gá chun cóir chomhionann a áirithiú agus chun dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le hoibrithe a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí.

(16)Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le hoiliúnaithe san Aontas a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu mar a shainmhínítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas, ar conradh é atá i bhfeidhm sna Ballstáit, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh. Ina cásdlí, tá critéir bunaithe ag an gCúirt Bhreithiúnais chun stádas oibrí a chinneadh, critéir a bheidh bunaithe ar anailís cás ar chás.

(17)Tá éagsúlacht mhór ó Bhallstát go chéile maidir le cláir foghlama obairbhunaithe a thagann faoin sainmhíniú ar thréimhse oiliúna. Dá bhrí sin, féadfaidh printíseachtaí teacht faoi raon feidhme na Treorach seo, a mhéid a thagann printísigh faoin gcoincheap ‘oibrí’ mar a shainmhínítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sna cleachtais atá i bhfeidhm sna Ballstáit, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh.

(18)Tá feidhm ag Caibidil III den Treoir maidir le gnáthfhostaithe atá aicmithe go bréagach mar oiliúnaithe, i.e. nuair a aicmíonn fostóirí gnáthchaidreamh fostaíochta mar thréimhse oiliúna nach caidreamh fostaíochta é, nó mar thréimhse oiliúna nach ionann é agus caidreamh fostaíochta, ach leibhéal pá níos ísle nó dálaí oibre eile a bheith ag gabháil leo ná mar a bheadh gnáthfhostaithe i dteideal a fháil faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, faoi chomhaontuithe comhchoiteanna nó faoi chleachtas.

(19)Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir tréimhsí oiliúna ar caidrimh fostaíochta iad agus gnáthchaidrimh fostaíochta sa mhéid is go bhfuil teorainn ama leo, go gcuimsítear leo comhpháirt mhór foghlama agus oiliúna agus go dtugtar fúthu chun taithí phraiticiúil agus ghairmiúil a fháil d’fhonn infhostaitheacht a fheabhsú agus aistriú chuig fostaíocht a éascú nó rochtain a fháil ar ghairm.

(20)Tá prionsabal an neamh-idirdhealaithe oiriúnach chun mí-úsáid tréimhsí oiliúna a chomhrac, amhail dálaí oibre nach bhfuil chomh fabhrach céanna nó pá níos ísle a thabhairt d’oiliúnaithe i gcomparáid le gnáthfhostaithe gan údar iomchuí, agus chun inbhuanaitheacht na dtréimhsí oiliúna a áirithiú mar chonair i dtreo deiseanna fostaíochta cobhsaí. Is féidir leis freisin cuidiú le tréimhsí oiliúna a dhéanamh níos inrochtana do ghrúpaí oibrithe atá i staid leochaileach.

(21)Is gá, dá bhrí sin, prionsabal an neamh-idirdhealaithe a leagan síos d’oiliúnaithe ar cheart feidhm a bheith aige sa bhreis ar Chlásal 4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 i dtaca leis an gcreatchomhaontú maidir le hobair théarma shocraithe a thug CEC, Cónaidhm na nGnóthas Eorpach agus SGI Europe i gcrích, lena bhforáiltear, i leith coinníollacha fostaíochta, nach gcaithfear le hoibrithe ar théarma socraithe ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna le hoibrithe buana inchomparáide toisc conradh ar théarma seasta nó caidreamh ar théarma seasta a bheith acu mura bhfuil údar le cóir éagsúil ar fhorais oibiachtúla. Is ‘oibrithe ar théarma seasta’ de réir bhrí na Treorach sin na hoiliúnaithe a bhfuil caidreamh fostaíochta acu. Mar sin féin, leis an gclásal atá ann maidir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe, ní cheadaítear comparáid a dhéanamh le hoibrithe eile ar théarma seasta. Thairis sin, le Clásal 2 (2) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin, ceadaítear do na Ballstáit cineálacha áirithe oibrithe a eisiamh óna raon feidhme, lena náirítear caidrimh ghairmoiliúna tosaigh agus scéimeanna printíseachta nó conarthaí fostaíochta agus caidrimh fostaíochta a tugadh i gcrích faoi chuimsiú clár oiliúna, clár imeasctha agus clár athoiliúna gairme poiblí sonrach nó a fhaigheann tacaíocht phoiblí. Ina theannta sin, ní aithnítear leis an staid thar a bheith leochaileach ina bhfuil oiliúnaithe. Dá bhrí sin, is gá a ráthú go mbeidh feidhm ag prionsabal na córa comhionainne i gcomparáid le gnáthfhostaithe maidir le gach oiliúnaí a bhfuil caidreamh fostaíochta acu.

(22)Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i leith dálaí oibre lena náirítear pá, nach gcaitear le hoiliúnaithe ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna le gnáthfhostaithe inchomparáide sa bhunaíocht chéanna, mura rud é go bhfuil údar le cóir éagsúil ar fhorais oibiachtúla. Ní féidir gurb ionann a bheith i d’oiliúnaí agus foras le haghaidh cóir nach bhfuil chomh fabhrach céanna i gcomparáid le gnáthfhostaithe sa bhunaíocht chéanna. An tráth céanna, d’fhéadfadh cúraimí éagsúla, freagrachtaí níos ísle nó déine oibre i ndáil le gnáthfhostaithe inchomparáide a bheith ina bhforas oibiachtúil le haghaidh cóir éagsúil, i gcás inarb ábhartha, maidir leis an gcoinníoll fostaíochta atá i gceist. Ba cheart méid na córa éagsúla, áfach, a bheith comhréireach leis na forais sin.

(23)Chun prionsabal an neamh-idirdhealaithe a chur i bhfeidhm, ní mór gnáthfhostaí inchomparáide atá ag gabháil d’obair nó do ghairm den chineál céanna nó de chineál comhchosúil leis an oiliúnaí a shainaithint, agus aird chuí á tabhairt ar cháilíochtaí agus ar scileanna.

(24)Ba cheart bearta iomchuí a bheith i bhfeidhm ag na Ballstáit chun gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac arb é is éifeacht dóibh leibhéil níos ísle cosanta a dheonú, lena náirítear dálaí oibre agus pá, ná mar a bheadh an toibrí lena mbaineann i dteideal a fháil faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, faoi chomhaontuithe comhchoiteanna nó faoi chleachtas.

(25)Is gá rialuithe agus iniúchtaí éifeachtacha arna ndéanamh ag údaráis inniúla a áirithiú toisc go bhfuil siad fíor-riachtanach chun cearta oiliúnaithe a chosaint agus chun gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac. Ba cheart iad a dhíriú ar ionadú gnáthfhostaíochta trí thréimhsí oiliúna faoi bhréagriocht a sheachaint agus chun cearta oibrithe a chosaint.

(26)Ba cheart an measúnú chun a chinneadh an bhfuil gnáthchaidreamh fostaíochta faoi bhréagriocht tréimhse oiliúna a bheith bunaithe ar na himthosca fíorasacha agus ní ar ainmniú foirmiúil an chaidrimh chonarthaigh. Chun a chinneadh an bhfuil gnáthchaidreamh fostaíochta faoi bhréagriocht tréimhse oiliúna, ba cheart do na húdaráis inniúla measúnú foriomlán a dhéanamh ar na fíorais ábhartha uile. Chun an measúnú a éascú d’údaráis inniúla, ba cheart príomhghnéithe a leagan amach lena bhféadfaí idirdhealú a dhéanamh idir gnáthchaidreamh fostaíochta agus tréimhse oiliúna faoi bhréagriocht. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar na gnéithe sin ar bhonn cás ar chás, agus aird chuí á tabhairt ar imthosca gach cáis shonraigh. Dá bhrí sin, tá na gnéithe dá dtagraítear táscach agus neamh-uileghabhálach agus ní gá tairseach shonrach a chomhlíonadh.

(27)Tá seans ann, i gcás ina néilítear taithí oibre roimhe sin le haghaidh tréimhse oiliúna sa réimse céanna gníomhaíochta nó i réimse comhchosúil gníomhaíochta, nach léireofaí gnáthchaidreamh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhse oiliúna má sholáthraíonn an fostóir bonn cirt amhail tréimhse choibhéiseach taithí oibre roimhe sin a bheith ina rogha ar chéim a bheith aige i réimse gníomhaíochta nó saineolais áirithe.

(28)Nuair a dhéanann na húdaráis inniúla a nanailís ar na fíorais ábhartha chun a chinneadh an ann do ghnáthchaidreamh fostaíochta faoi bhréagriocht tréimhse oiliúna, d’fhéadfadh sé nach mbeadh rochtain éasca acu i gcónaí ar an bhfaisnéis is gá chun an anailís sin a dhéanamh. Chun é a chur ar chumas na núdarás inniúil a gcúraimí a dhéanamh, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar fhostóirí an fhaisnéis is gá atá faoina rialú a sholáthar dóibh arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla.

(29)Ba cheart bearta iomchuí a bheith i bhfeidhm ag na Ballstáit chun measúnú a éascú lena chinneadh an bhfuil tréimhse oiliúna airbheartaithe ina tréimhse oiliúna dáiríre. Ba cheart go gcuimseofaí leis sin teorainn ama lena léirítear fad iomarcach tréimhse oiliúna agus tréimhsí oiliúna a athdhéantar, lena náirítear tréimhsí oiliúna a dhéantar ceann i ndiaidh a chéile, leis an bhfostóir céanna. I bprionsabal, níor cheart d’uasfhad réasúnta tréimhsí oiliúna a bheith níos faide ná 6 mhí, mar a leagtar síos i Moladh 2014. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir údar a bheith le tréimhse níos faide má tá sé bunaithe ar fhorais oibiachtúla. D’fhéadfadh tréimhsí oiliúna ar ceanglas sainordaitheach é iad a chur i gcrích chun rochtain a fháil ar ghairm shonrach, i gcás ina bhfuil gá le taithí níos faide ar thréimhsí oiliúna mar gheall ar an gconair chun an teolas, na hinniúlachtaí agus an taithí is gá a fháil a bheith ina samplaí d’eisceachtaí den sórt sin. I gcás tréimhsí oiliúna áirithe atá mar chuid de bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a bhfuil sé d’aidhm acu daoine atá i staid leochaileach a imeascadh, d’fhéadfaí tairbhiú do thréimhse níos faide freisin. D’fhéadfadh tréimhse níos faide a bheith i gceist le roinnt tréimhsí oiliúna atá mar chuid de churaclaim oideachais fhoirmiúil nó gairmoideachais agus gairmoiliúna ar chúiseanna a bhaineann leis na curaclaim. 

(30)D’fhéadfaí an oibleagáid atá ar fhostóirí faisnéis a chuimsiú maidir leis na cúraimí a bhfuiltear ag súil leo, na dálaí oibre, lena náirítear pá, cosaint shóisialta, gnéithe foghlama agus oiliúna sna fógraí folúntais agus sna fógráin le haghaidh tréimhsí oiliúna a chomhlíonadh trí nasc a chur isteach chuig suíomh gréasáin ar a bhfuil an fhaisnéis sin.

(31)Sa bhreis ar an Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit cur chun feidhme agus forfheidhmiú iomlán na gceart a chumhdaítear in acquis an Aontais is infheidhme maidir le hoiliúnaithe a bhfuil caidreamh fostaíochta acu a áirithiú.

(32)Forbraíodh córas forleathan forálacha forfheidhmiúcháin le haghaidh an acquis sóisialta san Aontas in ionstraimí dlí a rinneadh le déanaí, amhail Treoir (AE) 2019/1152 agus Treoir (AE) 2023/970 62 . Ba cheart forálacha den sórt sin a chuimsiú sa Treoir seo chun cuidiú le forfheidhmiú agus cosaint éifeachtach chearta na noiliúnaithe a eascraíonn as an Treoir seo agus as dlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hoibrithe a áirithiú.

(33)Ba cheart rochtain a bheith ag oiliúnaithe ar réiteach díospóidí éifeachtach neamhchlaonta agus ar cheart chun sásaimh, lena náirítear cúiteamh leormhaith. Ba cheart oiliúnaithe a chur ar an eolas faoi na sásraí sásaimh chun a gceart chun sásaimh a fheidhmiú. Ag féachaint do chineál bunúsach an chirt chun cosaint dlí éifeachtach a fháil, ba cheart go leanfadh oiliúnaithe de chosaint den sórt sin a bheith acu fiú tar éis dheireadh na tréimhse oiliúna as a neascraíonn sárú líomhnaithe ar chearta faoin Treoir seo agus faoi dhlí ábhartha eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hoibrithe.

(34)Chun leibhéal cosanta níos éifeachtaí a sholáthar d’oiliúnaithe, ba cheart d’ionadaithe oibrithe a bheith in ann dul i mbun imeachtaí chun aon cheann de na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo nó as dlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hoibrithe a chosaint thar ceann oiliúnaí amháin nó níos mó ná oiliúnaí amháin.

(35)Ba cheart cosaint bhreithiúnach agus riaracháin leormhaith a sholáthar d’oiliúnaithe ar aon chóir dhíobhálach agus ar aon iarmhairt dhíobhálach mar fhreagairt ar aon ghearán a chuirtear faoi bhráid an fhostóra nó mar thoradh ar aon imeacht a thionscnaítear chun comhlíonadh na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo nó i ndlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hoibrithe a fhorfheidhmiú. Go háirithe, ba cheart oiliúnaithe a chosaint ar dhífhostú nó ar a choibhéis agus ar gach ullmhúchán chun oibrithe a dhífhostú nó ar a choibhéis chun na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo nó i ndlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hoibrithe a fheidhmiú.

(36)Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha i gcásanna ina sáraítear na cearta dá bhforáiltear i raon feidhme na Treorach seo. Is féidir a áireamh ar phionóis pionóis riaracháin agus airgeadais, amhail fíneálacha nó cúiteamh a íoc, mar aon le cineálacha eile pionós.

(37)Leis an Treoir seo, leagtar síos ceanglais íosta, sa chaoi nach ndéantar aon athrú ar shaincheart na mBallstát forálacha níos fabhraí a thabhairt isteach agus a choinneáil. Ba cheart go mbeadh feidhm fós ag cearta a fuarthas faoin gcreat reachtúil atá ann cheana, mura dtugtar forálacha níos fabhraí isteach leis an Treoir seo.

(38)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, mar atá, dálaí oibre oiliúnaithe a fhorfheidhmiú agus gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac, a ghnóthú go leormhaith agus, de bharr a bhfairsinge agus a néifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(39)Agus an Treoir seo á cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó shrianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla nach bhfuil gá leo a fhorchur, go háirithe má chuireann siad sin bac ar bhunú agus ar fhorbairt micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide. Moltar do na Ballstáit, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag a mbearta trasuite ar na fiontair sin chun a áirithiú nach ndéanfar difear díréireach dóibh, agus aird ar leith á tabhairt ar mhicrifhiontair agus ar an ualach riaracháin, torthaí na measúnuithe sin a fhoilsiú, agus tacaíocht a sholáthar do na fiontair sin de réir mar is gá.

(40)Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcás ina niarrann na comhpháirtithe sóisialta go comhpháirteach é sin a dhéanamh agus ar choinníoll go ndéanann na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh siad na torthaí arna lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí. Ba cheart dóibh freisin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, bearta leormhaithe a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach go héifeachtach agus chun an t‑idirphlé sóisialta a chur chun cinn agus a fheabhsú d’fhonn forálacha na Treorach seo a chur chun feidhme.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Caibidil I
Forálacha coiteanna

Airteagal 1
Ábhar

Leis an Treoir seo, leagtar síos creat coiteann prionsabal agus beart chun dálaí oibre na n‑oiliúnaithe a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú agus chun gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhse oiliúna a chomhrac.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn tréimhse oiliúna’ tréimhse theoranta cleachtais oibre lena gcuimsítear comhpháirt mhór foghlama agus oiliúna, a dhéantar chun taithí phraiticiúil agus ghairmiúil a fháil d’fhonn infhostaitheacht a fheabhsú agus aistriú chuig gnáthchaidreamh fostaíochta a éascú nó rochtain a fháil ar ghairm;

(b)ciallaíonn ‘oiliúnaí’ aon duine ag a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta mar a shainmhínítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh;

(c)ciallaíonn ‘gnáthchaidreamh fostaíochta’ aon chaidreamh fostaíochta nach tréimhse oiliúna é;

(d)ciallaíonn ‘gnáthfhostaí’ aon duine atá i ngnáthchaidreamh fostaíochta.

Caibidil II
Cóir chomhionann

Airteagal 3
Prionsabal an neamh-idirdhealaithe

Áiritheoidh na Ballstáit, i leith dálaí oibre lena n‑áirítear pá, nach gcaitear le hoiliúnaithe ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna le gnáthfhostaithe inchomparáide sa bhunaíocht chéanna, mura rud é go bhfuil údar le cóir éagsúil ar fhorais oibiachtúla, amhail cúraimí éagsúla, freagrachtaí níos ísle, déine oibre nó ualach na comhpháirte foghlama agus oiliúna.

I gcás nach bhfuil aon ghnáthfhostaí inchomparáide sa bhunaíocht chéanna, déanfar an chomparáid faoi threoir an chomhaontaithe chomhchoitinn is infheidhme, nó i gcás nach bhfuil aon chomhaontú comhchoiteann is infheidhme ann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas.

Caibidil III
Gnáthchaidrimh fostaíochta faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna

Airteagal 4
Bearta chun gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac

Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le rialuithe agus iniúchtaí éifeachtacha arna ndéanamh ag údaráis inniúla chun cleachtais a bhrath agus chun bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh in aghaidh cleachtais i gcás ina ndéantar gnáthchaidreamh fostaíochta a cheilt mar thréimhse oiliúna arb é is éifeacht dó leibhéil níos ísle cosanta a dheonú, lena n‑áirítear dálaí oibre agus pá, ná mar a bheadh an t‑oibrí lena mbaineann i dteideal a fháil faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, faoi chomhaontuithe comhchoiteanna nó faoin gcleachtas.

Airteagal 5
Measúnú ar ghnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna

1.Chun a chinneadh an gnáthchaidreamh fostaíochta atá i dtréimhse oiliúna airbheartaithe, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú foriomlán ar na gnéithe fíorasacha ábhartha uile. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin, i measc nithe eile, na gnéithe táscacha seo a leanas:

(a)gné mhór foghlama nó oiliúna a bheith in easnamh sa tréimhse oiliúna airbheartaithe;

(b)fad iomarcach na tréimhse oiliúna airbheartaithe nó tréimhsí oiliúna iomadúla agus/nó tréimhsí oiliúna airbheartaithe a dhéanann an duine céanna ceann i ndiaidh a chéile leis an bhfostóir céanna;

(c)leibhéil choibhéiseacha cúraimí, freagrachtaí agus déine oibre d’oiliúnaithe airbheartaithe agus do ghnáthfhostaithe ag poist inchomparáide leis an bhfostóir céanna;

(d)an ceanglas maidir le taithí oibre roimhe sin d’iarrthóirí ar thréimhsí oiliúna sa réimse céanna gníomhaíochta nó i réimse comhchosúil gníomhaíochta gan údar cuí;

(e)cóimheas ard de thréimhsí oiliúna airbheartaithe i gcomparáid le gnáthchaidrimh fostaíochta leis an bhfostóir céanna;

(f)líon mór oiliúnaithe airbheartaithe leis an bhfostóir céanna a raibh dhá thréimhse oiliúna nó níos mó curtha i gcrích acu nó a raibh gnáthchaidreamh fostaíochta acu sa réimse céanna gníomhaíochta nó i réimse comhchosúil gníomhaíochta, sular ghlac siad leis an tréimhse oiliúna airbheartaithe.

2.Chun é a chur ar chumas na núdarás inniúil an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, déanfaidh an fostóir, arna iarraidh sin, an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar do na húdaráis sin:

(a)an líon tréimhsí oiliúna agus gnáthchaidreamh fostaíochta

(b)fad na dtréimhsí oiliúna;

(c)dálaí oibre, lena náirítear pá, cúraimí agus freagrachtaí na noiliúnaithe airbheartaithe agus na ngnáthfhostaithe ag poist inchomparáide;

(d)na tuairiscí ar chomhpháirteanna foghlama agus oiliúna na dtréimhsí oiliúna;

(e)fógraí folúntais le haghaidh tréimhsí oiliúna.

3.Chun an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a éascú, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)teorainn ama a shainiú lena léireofar fad iomarcach tréimhse oiliúna agus tréimhsí oiliúna a athdhéantar, lena náirítear tréimhsí oiliúna a dhéantar ceann i ndiaidh a chéile, leis an bhfostóir céanna;

(b)ceangal a chur ar fhostóirí faisnéis a chuimsiú maidir leis na cúraimí a bhfuiltear ag súil leo, na dálaí oibre, lena náirítear pá, cosaint shóisialta, gnéithe foghlama agus oiliúna sna fógraí folúntais agus sna fógráin le haghaidh tréimhsí oiliúna.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ón teorainn ama i bpointe (a) i gcásanna ina bhfuil údar le fad níos faide ar fhorais oibiachtúla.

Caibidil IV
Forfheidhmiú agus bearta tacaíochta

Airteagal 6
Dlí ábhartha an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú

Déanfaidh na Ballstáit bearta éifeachtacha chun a áirithiú go ndéanfar dlí ábhartha uile an Aontais is infheidhme maidir le hoibrithe a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go hiomlán i ndáil le hoiliúnaithe. Déanfaidh siad na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)a áirithiú go mbeidh faisnéis faoi chearta oiliúnaithe ar fáil go poiblí ar bhealach soiléir, cuimsitheach agus a bhfuil rochtain éasca air;

(b)treoraíocht a fhorbairt d’fhostóirí oiliúnaithe maidir leis an gcreat dlíthiúil le haghaidh tréimhsí oiliúna, lena náirítear gnéithe ábhartha de dhlí an tsaothair agus den chosaint shóisialta;

(c)foráil a dhéanamh maidir le rialuithe agus iniúchtaí éifeachtacha arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla chun dlí ábhartha an tsaothair a fhorfheidhmiú i ndáil le hoiliúnaithe;

(d)a áirithiú go gcuirfear na hacmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais is gá ar fáil do na húdaráis inniúla chun rialuithe agus iniúchtaí éifeachtacha a dhéanamh agus go mbeidh an inniúlacht acu pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur;

(e)cumas na núdarás inniúil a fhorbairt, go háirithe trí oiliúint agus trí threoraíocht, chun díriú go réamhghníomhach ar fhostóirí neamhchomhlíontacha agus iad a shaothrú;

(f)bealaí a áirithiú d’oiliúnaithe, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, chun míchleachtas agus drochdhálaí oibre a thuairisciú, agus faisnéis a sholáthar ar na bealaí sin

Airteagal 7
An ceart chun sásaimh

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag oiliúnaithe, lena n‑áirítear iad siúd a bhfuil deireadh tagtha lena gcaidreamh fostaíochta, ar réiteach díospóidí éifeachtach neamhchlaonta agus ar cheart chun sásaimh, lena n‑áirítear cúiteamh leordhóthanach, i gcás sáruithe ar a gcearta a eascraíonn as an Treoir seo nó as dlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hoibrithe.

Airteagal 8
Nósanna imeachta thar ceann oiliúnaithe nó chun tacú leo

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh ionadaithe oibrithe dul i mbun aon nós imeachta breithiúnach nó riaracháin ábhartha chun na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo nó as dlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hoibrithe a fhorfheidhmiú. Féadfaidh siad gníomhú thar ceann oiliúnaí amháin nó níos mó, nó tacú leo, i gcás sárú ar aon cheart nó oibleagáid a eascraíonn as an Treoir seo nó as dlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hoibrithe, le formheas an oiliúnaí sin nó na n‑oiliúnaithe sin.

Airteagal 9
Cosaint ar chóir dhíobhálach agus ar iarmhairtí díobhálacha

1.Tabharfaidh na Ballstáit isteach na bearta is gá chun oiliúnaithe agus a nionadaithe a chosaint ar aon chóir dhíobhálach a dhéanann fostóir agus ar aon iarmhairtí díobhálacha a eascraíonn as gearán a cuireadh faoi bhráid an fhostóra nó as aon imeacht a thionscnaítear chun comhlíonadh na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo nó i ndlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hoibrithe a fhorfheidhmiú.

2.Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun dífhostú oibrithe nó a choibhéis, agus gach ullmhúchán chun oibrithe a dhífhostú nó a choibhéis, a thoirmeasc ar an bhforas go ndearna siad na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo nó i ndlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hoibrithe a fheidhmiú.

3.Maidir le hoiliúnaithe a mheasann gur dífhostaíodh iad, nó go raibh siad faoi réir bearta a raibh an éifeacht choibhéiseach leo, ar an bhforas go ndearna siad na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo, nó i ndlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hoibrithe, a fheidhmiú, féadfaidh siad a iarraidh ar an bhfostóir forais chuí-réasúnaithe don dífhostú nó do na bearta coibhéiseacha a sholáthar. Déanfaidh an fostóir na forais sin a sholáthar i scríbhinn.

4.I gcás ina suífidh na hoiliúnaithe dá dtagraítear i mír 3, os comhair cúirte nó údarás nó comhlacht inniúil eile, fíorais as ar féidir a thoimhdiú go raibh dífhostú den sórt sin nó bearta coibhéiseacha ann, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur faoin bhfostóir a bheidh sé a chruthú go raibh an dífhostú nó bearta coibhéiseacha bunaithe ar fhorais seachas na forais dá dtagraítear i mír 2.

5.Ní bheidh sé de cheangal ar na Ballstáit mír 3 a chur i bhfeidhm maidir le himeachtaí ar faoin gcúirt nó faoin údarás nó comhlacht inniúil eile atá sé fíorais an cháis a imscrúdú.

6.Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir le himeachtaí coiriúla, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Bhallstát.

Airteagal 10
Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo nó ar na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana maidir leis na cearta a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Caibidil V
Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 11
Neamh-chúlchéimniú agus forálacha níos fabhraí

1.Ní fhorléireofar aon fhoráil sa Treoir seo mar fhoráil lena laghdófar an chosaint d’oibrithe a thugtar le hionstraimí eile de dhlí an Aontais, den dlí náisiúnta, de chomhaontuithe comhchoiteanna nó de chleachtas.

2.Ní bheidh cur chun feidhme na Treorach seo ina fhoras bailí chun leibhéal ginearálta na cosanta a thugtar cheana féin d’oibrithe, lena náirítear oiliúnaithe, a laghdú laistigh de na Ballstáit.

3.Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaincheart Ballstáit dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin atá níos fabhraí d’oibrithe a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach, nó spreagadh nó cead a thabhairt comhaontuithe comhchoiteanna atá níos fabhraí d’oibrithe a chur i bhfeidhm.

Airteagal 12
Trasuí agus cur chun feidhme

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin [2 bhliain tar éis an teacht i bhfeidhm]. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

2.Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear i mír 1, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

3.Déanfaidh na Ballstáit téacs bhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

4.Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus lena gcleachtas náisiúnta, bearta leormhaithe chun a áirithiú go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach go héifeachtach agus chun an tidirphlé sóisialta a chur chun cinn agus a fheabhsú d’fhonn an Treoir seo a chur chun feidhme.

5.Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcás ina niarrfaidh na comhpháirtithe sóisialta é sin go comhpháirteach agus ar choinníoll go ndéanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú gur féidir leo na torthaí atá á lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí.

Airteagal 13
Tuairisciú agus athbhreithniú

1.Faoin [5 bliana tar éis dháta an trasuí], cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún an fhaisnéis uile a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach seo atá riachtanach don Choimisiún chun tuarascáil a tharraingt suas. Cuimseofar san fhaisnéis sin sonraí maidir le tréimhsí oiliúna chun gur féidir monatóireacht agus measúnú cuí a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo.

2.Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí.

Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 15
Seolaithe

Dírítear an Treoir seo ar na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún eile 2019-2024. ‘I dtreo Aontas a fhéachann le níos mó a bhaint amach. An Clár oibre agamsa don Eoraip.’ Ar fáil ar líne .
(2)    Ba é 14.9 % an dífhostaíocht i measc na hóige (15-25 bliana) i mí Eanáir 2024, i gcomparáid le ráta dífhostaíochta ginearálta (20-64 bliana) de 6 % (Eurostat).
(3)     COM(2021) 102 final.
(4)     Flais-Eurobhairiméadar 523 (2964 / FL523).
(5)    Ní chuimsítear leis sin tréimhsí oiliúna atá sainordaitheach chun rochtain a fháil ar ghairm.
(6)    Ba cheart na huimhreacha sin a léirmhíniú go cúramach mar go bhfuil siad bunaithe ar thorthaí fhlais-Eorabharaiméadar 523 (an sciar d’oiliúnaithe a rinne tréimhsí oiliúna ar feadh tréimhse iomlán níos faide ná 6 mhí agus a dúirt freisin nár fhoghlaim siad rudaí úsáideacha ó thaobh gairme de) le chéile le sonraí SFS an Aontais maidir leis an líon oiliúnaithe ar íocaíocht.
(7)    Ar fáil ar líne .
(8)     Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Tuarascáil ar an toradh críochnaitheach. Bealtaine 2022.
(9)     Le fáil ar líne .  
(10)     Ar fáil ar líne .  
(11)     Ar fáil ar líne .  
(12)     COM(2022) 548 final .
(13)    COM(2024)133.
(14)     IO  C 456, 18.12.2018, lch. 1.
(15)    COM(2024) 1 final.
(16)    COM(2020) 276 final.
(17)    IO C 372, 4.11.2020, lgh. 1–9.
(18)    IO C 417, 2.12.2020, lgh. 1–16.
(19)     Ar fáil ar líne .
(20)    IO L 186, 11.7.2019, lgh. 105–121.
(21)    IO L 175, 10.7.1999, lgh. 43–48. Sonraítear i gClásal 2 den Treoir maidir le hObair Théarma Shocraithe go bhféadfaidh na Ballstáit, tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, foráil a dhéanamh nach mbeidh feidhm ag an Treoir maidir le caidrimh gairmoiliúna tosaigh agus scéimeanna printíseachta ná maidir le conarthaí fostaíochta agus caidrimh fostaíochta a tugadh i gcrích faoi chuimsiú clár oiliúna, clár imeasctha agus clár athoiliúna gairme poiblí sonrach nó a fhaigheann tacaíocht phoiblí.
(22)    IO L 275, 25.10.2022, lgh. 33–47.
(23)    IO L 183, 29.6.1989, lgh. 1–8.
(24)    IO L 303, 2.12.2000, lgh. 16–22.
(25)    IO C 387, 15.11.2019, lgh. 1–8.
(26)    IO C 153, 2.5.2018, lgh. 1–6.
(27)    COM(2020) 274 final.
(28)    COM(2023) 719 final. 2023/0405(NLE).
(29)    COM(2024)131.
(30)    An Coimisiún Eorpach (2023) Meastóireacht ar an Moladh ón gComhairle maidir le Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna ( SWD(2023) 9 final ).
(31)    Meastóireacht (2023) ón gCoimisiún ar Mholadh ón gComhairle mar le Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna ( SWD(2023) 9 final ).
(32)     Ar fáil ar líne .
(33)     Ar fáil ar líne .
(34)     Eorabharaiméadar: cuidíonn tréimhsí oiliúna le daoine óga a gcéad phost a fháil (europa.eu)
(35)     Ar fáil ar líne .  
(36)     Ar fáil ar líne .
(37)    Cáilíocht na dTréimhsí Oiliúna san Aontas Eorpach – measúnú ar bhreisluach Eorpach Ar fáil ar líne .
(38)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair (2024), A ghabhann leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre oiliúnaithe a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú agus maidir le caidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac agus an togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le Creat Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna, atá le teacht.
(39)    Lena náirítear an tSeirbhís Dlí, an SG, AS CNECT, AS EAC, JRC, AS COMM, AS GROW, AS JUST, AS REGIO agus AS AGRI.
(40)    An Bord um Ghrinnscrúdú Rialála, an 2ú Tuairim ‘Dearfach, faoi réir roinnt agús’ maidir leis an measúnú tionchair ar an gCreat Cáilíochta le haghaidh tréimhsí oiliúna an 28 Feabhra 2024 (le foilsiú).
(41)    IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(42)    IO C , , lch. .
(43)    IO C , , lch. .
(44)    Moladh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach le haghaidh Printíseachtaí Ardcháilíochta agus Éifeachtacha (IO C 153, 2.5.2018, lch. 1).
(45)    Moladh ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2020 on a Bridge to Jobs – Reinforcing the Youth Guarantee’ [Nasc leis an bhFostaíocht – Ráthaíocht don Óige a Threisiú] agus lena nionadaítear Moladh ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le Ráthaíocht don Óige 2020/C 372/01 a bhunú (IO C 372, 4.11.2020, lch. 1).
(46)    Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (IO L 186, 11.7.2019, lch. 105).
(47)    Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33).
(48)    Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).
(49)    Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).
(50)    I measc nithe eile: Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16).
(51)    Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil (IO L 188, 12.7.2019, lch. 79).
(52)    Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta chun fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo — Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hionadaíocht fostaithe (IO L 80, 23.3.2002, lch. 29).
(53)    Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 i dtaca leis an gcreatchomhaontú maidir le hobair théarma shocraithe a thug CEC, Cónaidhm na nGnóthas Eorpach agus SGI Europe i gcrích (IO L 175, 10.7.1999, lch. 43).
(54)    Treoir 97/81/CE ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir leis an gCreatChomhaontú maidir le hobair pháirtaimseartha a thug Cónaidhm na nGnóthas Eorpach, SGI Europe agus CEC i gcrích — Iarscríbhinn: Creatcomhaontú maidir le hobair pháirtaimseartha (IO L 14, 20.1.1998, lch. 9).
(55)    Treoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 173, 9.7.2018, lch. 16).
(56)    Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).
(57)    Moladh ón gComhairle an 10 Márta 2014 maidir le Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna (IO C 88, 27.3.2014, lch. 1).
(58)    Moladh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach le haghaidh Printíseachtaí Ardcháilíochta agus Éifeachtacha (IO C 153, 2.5.2018, lch. 1).
(59)    Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).
(60)     Tuarascáil ar an toradh deiridh — Bealtaine 2022 .
(61)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 le moltaí don Choimisiún maidir le tréimhsí oiliúna ardchaighdeáin san Aontas (2020/2005(INL)).
(62)    Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe, IO L 132, 17.5.2023, lch. 21.
Top