AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,29.2.2024
COM(2024) 100 final
2024/0060(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear
Rialacháin (AE) 2021/522,
(AE) 2021/1057,
(AE) 2021/1060,
(AE) 2021/1139,
(AE) 2021/1229,
agus
(AE) 2021/1755 a mhéid a bhaineann leis na hathruithe ar mhéideanna na gcistí le haghaidh cláir agus cistí áirithe
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•
Forais agus cuspóirí an togra
An 20 Meitheamh 2023, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) arb é is aidhm dó buiséad fadtéarmach an Aontais a threisiú chun athléimneacht agus ceannaireacht an Aontais a mhéadú sna tosaíochtaí agus sna riachtanais is práinní, go háirithe tacaíocht an Aontais don Úcráin a neartú.
An 29 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 le toiliú Pharlaimint na hEorpa don athbhreithniú meántéarma ar CAI.
Áirítear san athbhreithniú ar CAI méaduithe ar acmhainní do roinnt clár de chuid an Aontais. Chun tionchar an athbhreithnithe ar CAI ar bhuiséid náisiúnta a mhaolú, cúiteofar na méaduithe sin go páirteach trí ath-imlonnuithe agus trí aththosaíochtaí laistigh de bhuiséad an Aontais. EUR 21 bhilliún atá sa ghlanmhéadú ar chistiú do thosaíochtaí nua go dtí deireadh an Creat Airgeadais Ilbhliantúil seo.
Chuige sin, is gá na huasteorainneacha caiteachais a mhodhnú, mar aon le leasuithe, i gcásanna áirithe, ar fhorálacha buiséadacha na ngníomhartha reachtacha lena mbunaítear na cláir agus na hionstraimí lena mbaineann, i gcomhréir le forálacha phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 a mhéid a bhaineann le forálacha airgeadais a ionchorprú i ngníomhartha reachtacha.
Ní mór na Rialacháin (AE) a leanas a leasú toisc go dtéann na laghduithe iomchuí ar imchlúdaigh airgeadais na gclár thar an tsolúbthacht faoin gComhaontú Idirinstitiúideach sin.
–Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,
–Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,
–Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,
–Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,
–Rialachán (AE) 2021/1229 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,
–Rialachán (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,
‑Ina theannta sin, tá leasú comhthreomhar ann lena méadaítear imchlúdach airgeadais na hIonstraime um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (BMVI), nach náirítear sa togra seo mar gheall ar na rialacha vótála éagsúla.
Tá géarghá le cistiú iomchuí a sholáthar don Aontas agus deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil d’ullmhúcháin dhréachtbhuiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2025, agus don chlársceidealú airgeadais do na blianta 2026 agus 2027. Dá bhrí sin, iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle a áirithiú go nglacfar go pras é trí úsáid a bhaint as nós imeachta maidir le glacadh práinneach.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra bunaithe ar Airteagal 43(2), Airteagal 164, Airteagal 168(5), Airteagal 175 agus Airteagal 177 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), arb iad na bunúis dlí ábhartha iad d’fhorálacha sonracha na Rialachán atá le leasú.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tá an togra seo i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, toisc nach ndéanann sé difear ach amháin d’fhorálacha buiséadacha na Rialachán atá le leasú, seachas dá raon feidhme, dá chuspóir ná dá mhodh seachadta.
•Comhréireacht
Urramaítear leis an togra seo prionsabal na comhréireachta, ós rud é go bhfuil sé teoranta d’athruithe a bhfuil géarghá leo chun éifeacht a thabhairt don leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093.
•An rogha ionstraime
Ba cheart na rialacháin atá liostaithe thuas a leasú le Rialachán chun éifeacht a thabhairt don leasú ar Rialachán 2020/2093 ón gComhairle. Is é is aidhm do na leasuithe uile is gá (seachas an ceann a ghabhann leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí) a áireamh i dtogra reachtach aonair próiseas comhleanúnach caibidlíochta a áirithiú chomh maith lena ghlacadh ag an reachtóir mar ábhar práinne a éascú.
3.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Áirítear sa leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 treisiú ar roinnt clár agus tosaíochtaí, a ndéantar a dtionchar ar bhuiséid náisiúnta a mhaolú trí chistí a ath-imlonnú ó shraith de chláir de chuid an Aontais. Is é is aidhm don togra seo na hath-imscartha sin a chur chun feidhme.
Faoi Cheannteideal 2a, is é an toradh a bheidh ar an togra seo laghdú EUR 75 000 000 i bpraghsanna reatha (EUR 64 020 145 i bpraghsanna 2018) ar na hacmhainní a leithdháiltear d’Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúin, laghdú EUR 55 000 000 i bpraghsanna reatha (EUR 46 929 686 i bpraghsanna 2018) ar an Tionscnamh Uirbeach Eorpach, laghdú EUR 65 000 000 i bpraghsanna reatha (EUR 55 473 996 i bpraghsanna 2018) ar Chomhar Trasnáisiúnta CSE+. Ina theannta sin, beifear in ann an méid a úsáidtear mar chúnamh teicniúil a laghdú ar thionscnamh ón gCoimisiún; meastar gurb é EUR 210 000 000 i bpraghsanna reatha (EUR 178 656 655 i bpraghsanna 2018) don tréimhse 2025-2027 an laghdú.
Faoi Cheannteideal 2b, tá sé beartaithe laghdú EUR 1 000 000 000 a dhéanamh ar mhéid EU4Health i bpraghsanna reatha (EUR 845 000 000 i bpraghsanna 2018) don tréimhse 2025-2027 ón gcoigeartú clárshonrach a shainítear in Airteagal 5 agus in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle.
Faoi Cheannteideal 3, tá sé beartaithe laghdú EUR 150 000 000 a dhéanamh ar na hacmhainní a leithdháiltear ar an tSaoráid Iasachta don Earnáil Phoiblí. Déanfar laghdú EUR 105 000 000 ar acmhainní bainistíochta díreacha agus indíreacha an Chiste Eorpaigh Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) don tréimhse 2025-2027.
Maidir le hionstraimí speisialta, tá sé beartaithe laghdú EUR 584 264 090 a dhéanamh ar na hacmhainní a leithdháiltear go sealadach ar Chúlchiste Coigeartaithe Brexit.
Sloinntear na laghduithe thuas i bpraghsanna reatha agus socraítear leis teorainn ar mhéideanna na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas atá le cur san áireamh sna buiséid bhliantúla do na blianta 2025, 2026 agus 2027.
4.EILIMINTÍ EILE
Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe éifeachtaí a thabhairt don athbhreithniú meántéarma ar CAI, agus ní hé is aidhm dóibh aon mhodhnú a dhéanamh i leith oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe an Rialacháin a bhfuil sé beartaithe iad a leasú.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tá an togra teoranta do leasuithe spriocdhírithe a thabhairt isteach ar Rialacháin atá ann cheana. Is é is aidhm dó éifeacht a thabhairt don athbhreithniú meántéarma ar CAI, de bhreis ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093.
Moltar na hathruithe seo a leanas:
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/522 chun an leithdháileadh breise ar an imchlúdach airgeadais don chlár EU4Health a choigeartú trí laghdú EUR 1 000 000 000 i bpraghsanna reatha, agus go háirithe:
–I mír 2 d’Airteagal 5, déantar an coigeartú clárshonrach dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán CAI, arna shloinneadh i bpraghsanna 2018, a laghdú ó EUR 2 900 000 000 go dtí EUR 2 055 000 000.
Leasú ar Rialachán (AE) 2021/1057 chun laghdú EUR 65 000 000 i bpraghsanna reatha (EUR 55 473 996 i bpraghsanna 2018) a dhéanamh ar imchlúdach airgeadais chláir um chomhar trasnáisiúnta Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), agus go háirithe:
–In Airteagal 5, mír 2, déantar laghdú EUR 55 473 996 i bpraghsanna 2018 ar an leithdháileadh tosaigh EUR 175 000 000 i bpraghsanna 2018 don chuid de Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) a bhaineann le Comhar Trasnáisiúnta.
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1060 chun laghdú EUR 75 000 000 i bpraghsanna reatha (EUR 64 020 145 i bpraghsanna 2018) a dhéanamh ar imchlúdaigh airgeadais Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúin (I3), laghdú EUR 55 000 000 i bpraghsanna reatha (EUR 46 929 686 i bpraghsanna 2018) a dhéanamh ar an Tionscnamh Uirbeach Eorpach, laghdú EUR 65 000 000 i bpraghsanna reatha (EUR 55 473 996 i bpraghsanna 2018) a dhéanamh ar Chláir um Chomhar Trasnáisiúnta CSE+ agus chun an ráta cúnaimh theicniúil comhfhreagrach a choigeartú. Go sonrach:
–In Airteagal 109, leasaítear mír 3 chun an leithdháileadh le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún a shocrú mar leithdháileadh suas le 0,35 % de na hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach chun go bhféadfar ciorruithe a dhéanamh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.
–In Airteagal 110(1), leasaítear pointe (f) chun laghdú EUR 75 000 000 i bpraghsanna reatha a dhéanamh ar an leithdháileadh le haghaidh infheistíochtaí nuálaíochta idir-réigiúnacha, leasaítear mír 4 chun laghdú EUR 55 000 000 i bpraghsanna reatha a dhéanamh ar an leithdháileadh don Tionscnamh Uirbeach Eorpach, agus leasaítear mír 5 chun laghdú EUR 65 000 000 i bpraghsanna reatha a dhéanamh ar an leithdháileadh don Chomhar Trasnáisiúnta faoi CSE+.
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1139 chun laghdú EUR 105 000 000 i bpraghsanna reatha a dhéanamh ar imchlúdach airgeadais CEMID faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, go háirithe:
–In Airteagal 7, leasaítear mír 1 chun an t‑imchlúdach airgeadais le haghaidh bainistíocht dhíreach agus indíreach faoi CEMID a shocrú ag EUR 692 000 000 i bpraghsanna reatha.
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1229 chun laghdú EUR 150 000 000 i bpraghsanna reatha a dhéanamh ar na hacmhainní ó bhuiséad an Aontais don tSaoráid Iasachta don Earnáil Phoiblí agus chun na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh na bliana 2025-2027 a shocrú go nialas, go háirithe:
–In Airteagal 5, leasaítear fomhír (a) de mhír 1 ionas go laghdófar na hacmhainní ó bhuiséad an Aontais ó EUR 250 000 000 go EUR 100 000 000 i bpraghsanna reatha.
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1755 chun laghdú EUR 584 264 090 a dhéanamh ar an leithdháileadh sealadach a bheidh fágtha agus ar fáil in 2025 i bpraghsanna reatha agus go háirithe:
–In Airteagal 4, leasaítear mír 2 chun laghdú EUR 584 264 090 a dhéanamh ar na hacmhainní uasta. Leasaítear pointe (b) den chéad fhomhír de mhír 3 chun an laghdú sin a léiriú.
2024/0060 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear
Rialacháin (AE) 2021/522,
(AE) 2021/1057,
(AE) 2021/1060,
(AE) 2021/1139,
(AE) 2021/1229,
agus
(AE) 2021/1755 a mhéid a bhaineann leis na hathruithe ar mhéideanna na gcistí le haghaidh cláir agus cistí áirithe
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2), Airteagal 164, Airteagal 168(1), Airteagal 175 agus Airteagal 177(1), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Ó glacadh Rialacháin (AE) 2021/522, (AE) 2021/1057, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/1139, (AE) 2021/1229 agus (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tharla imeachtaí geopholaitiúla nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo mar gheall ar chogadh foghach neamhdhleathach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, an ghéarchéim fuinnimh a lean as sin agus an t‑ardú tobann gaolmhar ar bhoilsciú agus ar rátaí úis. Tá éigeandálaí nua ann de bharr na bhforbairtí geopholaitiúla agus eacnamaíocha sin ar cheart aghaidh a thabhairt orthu chun tosaíochtaí agus riachtanais chomhroinnte an Aontais a bhaint amach. Agus na solúbthachtaí buiséadacha teoranta agus na teorainneacha a baineadh amach trí dheiseanna ath-imlonnaithe á gcur san áireamh, ba ghá an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (‘CAI’) a atreisiú don tréimhse 2024-2027 chun foráil a dhéanamh don chistiú is riachtanaí chun freagairt do dhúshláin phráinneacha choiteanna.
(2)Tar éis an togra ón gCoimisiún le haghaidh athbhreithniú spriocdhírithe ar CAI 2021-2027, leasaíodh Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle le Rialachán 224/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024.
(3)Chun éifeacht a thabhairt don athbhreithniú ar CAI, ba cheart rialacháin earnáilsonracha áirithe a leasú, i dteannta Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093.
(4)Ba cheart laghdú a dhéanamh ar an leithdháileadh breise ar an gclár EU4Health faoi Rialachán (AE) 2021/522 a eascraíonn as an gcoigeartú clárshonrach dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093.
(5)Ba cheart an leithdháileadh tosaigh don chuid de Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) maidir le Comhar Trasnáisiúnta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1057 a laghdú.
(6)Ba cheart an leithdháileadh don Tionscnamh Uirbeach Eorpach, d’Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha agus don chuid de CSE+ maidir le Comhar Trasnáisiúnta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1060 a laghdú agus ba cheart an uasteorainn do chúnamh teicniúil a choigeartú dá réir.
(7)Ba cheart an t‑imchlúdach airgeadais le haghaidh bainistíocht dhíreach agus indíreach faoi Rialachán (AE) 2021/1139 a laghdú.
(8)Ba cheart méid iomlán chomhpháirt deontais na Saoráide Iasachta don Earnáil Phoiblí atá le maoiniú ó bhuiséad an Aontais do thréimhse CAI 2021-2027 i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 a laghdú.
(9)Ba cheart acmhainní uasta Chúlchiste Coigeartaithe Brexit dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1755 a laghdú.
(10)Ba cheart na himchlúdaigh airgeadais fhoriomlána a leagtar amach i Rialacháin (AE) 2021/1057, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1139 a léamh i bhfianaise na laghduithe a dhéantar leis an Rialachán seo ar chodanna de na cláir sin.
(11)Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (AE) Uimh. 2021/522, (AE) 2021/1057, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/1139, (AE) 2021/1229 agus (AE) 2021/1755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú dá réir sin.
(12)I bhfianaise an ghá phráinnigh an cistiú iomchuí a chur ar fáil don Aontas, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 a agairt maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.
(13)I bhfianaise na práinne atá leis an maoiniú iomchuí a sholáthar don Aontas, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 2021/522, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Mar thoradh ar an gcoigeartú Clárshonrach dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle, déanfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a mhéadú trí leithdháileadh breise EUR 2 055 000 000 i bpraghsanna 2018 mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.’
* Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11, ELI:
http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj
).’.
Airteagal 2
In Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 2021/1057, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2:
‘2. EUR 87 319 331 844 i bpraghsanna 2018 a bheidh sa chuid sin den imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte chun rannchuidiú leis an sprioc arb í infheistíocht le haghaidh post agus fáis i mBallstáit agus i réigiúin dá tagraítear in Airteagal 5(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/1060, agus de sin leithdháilfear EUR 119 526 004 i bpraghsanna 2018 do chomhar trasnáisiúnta chun dlús a chur le haistriú réiteach nuálach agus uas-scálú na réiteach nuálach sin a éascú, dá dtagraítear in Airteagal 25, pointe (i), den Rialachán seo, agus leithdháilfear EUR 472 980 447, i bpraghsanna 2018, ina chistiú breise do na réigiúin is forimeallaí arna sainaithint in Airteagal 349 CFAE agus do na réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhlíonann na critéir atá leagtar síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 maidir le forálacha speisialta do Chuspóir 6 faoi chuimsiú na gCistí Struchtúracha san Fhionlainn, san Iorua agus sa tSualainn a ghabhann leis an nGníomh Aontachais 1994’.
Airteagal 3
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 mar a leanas:
(1)In Airteagal 109, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Déanfar 0,35 % de na hacmhainní foriomlána dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, tar éis an tacaíocht leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa dá dtagraítear in Airteagal 110(3) a asbhaint, a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.’;
(2) Leasaítear Airteagal 110 mar a leanas:
(a)
i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):
‘(f)
0,1 % (i.e. EUR 435 979 855 ar an iomlán i bpraghsanna 2018) le haghaidh infheistíochtaí nuálaíochta idir-réigiúnacha’;
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 agus mhír 5:
‘4. Déanfar EUR 353 070 314, i bpraghsanna 2018, de na hacmhainní do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a leithdháileadh ar an Tionscnamh Uirbeach Eorpach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach ag an gCoimisiún.
5. Déanfar EUR 119 526 004 i bpraghsanna 2018 d’acmhainní CSE+ do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis a leithdháileadh le haghaidh comhar trasnáisiúnta a thacaíonn le réitigh nuálacha faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach.’
Airteagal 4
Leasaítear Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/1139 mar seo a leanas, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. EUR 692 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh sa chuid den imchlúdach airgeadais atá faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, mar a shonraítear i dTeideal III.’.
Airteagal 5
In Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/1229, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) acmhainní ó bhuiséad an Aontais, méid arb ionann é agus EUR 100 000 000 i bpraghsanna reatha, agus’
Airteagal 6
Leasaítear Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2021/1755 mar seo a leanas:
(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Is é EUR 4 886 170 910 i bpraghsanna reatha a bheidh sna hacmhainní uasta don Chúlchiste.’;
(2)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3, pointe (b):
‘(b) cuirfear aon mhéid atá fós leithdháilte go sealadach ar fáil in 2025 i gcomhréir le hAirteagal 12.’.
Airteagal 7
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
Ábhar
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
Ina theannta sin, tá leasú comhthreomhar ann lena méadaítear imchlúdach airgeadais na hIonstraime um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (BMVI), nach n‑áirítear sa togra seo mar gheall ar na rialacha vótála éagsúla.
Tá géarghá le cistiú iomchuí a sholáthar don Aontas agus deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil d’ullmhúcháin dhréachtbhuiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2025, agus don chlársceidealú airgeadais do na blianta 2026 agus 2027. Dá bhrí sin, iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle a áirithiú go nglacfar go pras é trí úsáid a bhaint as nós imeachta maidir le glacadh práinneach.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
•Comhréireacht
•An rogha ionstraime
3.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
4.EILIMINTÍ EILE
Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe éifeachtaí a thabhairt don athbhreithniú meántéarma ar CAI, agus ní hé is aidhm dóibh aon mhodhnú a dhéanamh i leith oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe an Rialacháin a bhfuil sé beartaithe iad a leasú.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
1.4.2.Cuspóirí sonracha
1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
1.4.4.Táscairí feidhmíochta
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
1.5.2. Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/522, (AE) 2021/1057, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/1139, (AE) 2021/1229, agus (AE) 2021/1755 a mhéid a bhaineann leis na hathruithe ar mhéideanna cistí le haghaidh cláir agus cistí áirithe
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
05 Forbairt Réigiúnach agus Comhtháthú
06 Téarnamh agus Athléimneacht
07 Infheistíocht i nDaoine, Comhtháthú Sóisialta agus Luachanna
08 An Talmhaíocht agus Beartas Muirí
16 Caiteachas lasmuigh d'uasteorainneacha bliantúla a leagtar amach sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (Airteagal 16 02 03 Cúlchiste Coigeartaithe Brexit)
30 Cúlchistí (Airteagal 30 04 03 Cúlchiste Coigeartaithe Brexit)
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:
◻ beart nua
◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
◻ síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
An 29 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 tar éis athbhreithniú/athbhreithniú meántéarma Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027.
Áirítear san athbhreithniú ar CAI méaduithe ar acmhainní do roinnt clár de chuid an Aontais. Chun tionchar an athbhreithnithe ar CAI ar bhuiséid náisiúnta a mhaolú, cúiteofar na méaduithe sin go páirteach trí ath-imlonnuithe agus trí aththosaíochtaí laistigh de bhuiséad an Aontais. EUR 21 bhilliún atá sa ghlanmhéadú ar chistiú do thosaíochtaí nua go dtí deireadh an Creat Airgeadais Ilbhliantúil seo.
Chuige sin, is gá na huasteorainneacha caiteachais a mhodhnú, mar aon le leasuithe, i gcásanna áirithe, ar fhorálacha buiséadacha na ngníomhartha reachtacha lena mbunaítear na cláir agus na hionstraimí lena mbaineann, i gcomhréir le forálacha phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 a mhéid a bhaineann le forálacha airgeadais a ionchorprú i ngníomhartha reachtacha.
Maidir le ranna 1.4, 1.5 agus 1.6, tá faisnéis faoi na cuspóirí ginearálta le fáil i dtograí reachtacha ábhartha na gclár:
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte (COM/2020/405 final). Rannchuidíonn Clár EU4Health leis na príomhchuspóirí seo a leanas:
a)
an tsláinte san Aontas a fheabhsú agus a chothú chun ualach na ngalar teagmhálach agus neamhtheagmhálach a laghdú, trí thacú le cur chun cinn na sláinte agus le galair a chosc, trí neamhionannais sláinte a laghdú, trí stíleanna maireachtála sláintiúla a chothú agus trí rochtain ar chúram sláinte a chur chun cinn;
b)
daoine san Aontas a chosaint ó bhagairtí tromchúiseacha sláinte trasteorann agus neartú a dhéanamh ar fhreagrúlacht córas sláinte agus ar chomhordú i measc na mBallstát chun déileáil le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte;
(c) feabhas a chur ar infhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht táirgí íocshláinte agus feistí leighis, agus táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, san Aontas, agus tacú le nuálaíocht maidir leis na táirgí sin;
(d) córais sláinte a neartú trí fheabhas a chur ar a n‑athléimneacht agus ar a n‑éifeachtúlacht acmhainne.
Togra le haghaidh Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin, agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, (COM(2018) 375 final). Áirítear sa togra seo leithdháiltí sonracha le haghaidh an Tionscnaimh Uirbigh Eorpaigh, na nInfheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha, Comhar Trasnáisiúnta CSE+ agus uasteorainn le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir (COM(2020) 453 final). An tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí a bunaíodh faoin togra seo, is í an tríú colún den Sásra um Aistriú Cóir í. Tacóidh sí le hinfheistíochtaí poiblí, trí choinníollacha iasachtaithe fabhracha. Rachaidh na hinfheistíochtaí sin chun tairbhe na gcríoch is mó a ndéanfaidh an t‑aistriú aeráide difear diúltach dóibh, faoi mar a shainaithnítear iad sna pleananna críochacha um aistriú cóir chun críocha an Chiste um Aistriú Cóir.
Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (COM(2020) 854 final). Leis an gCúlchiste arna bhunú faoin Rialachán seo, cuirfear tacaíocht ar fáil do na Ballstáit, do réigiúin agus d'earnálacha, go háirithe na cinn is mó atá buailte ag na hiarmhairtí díobhálacha a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, agus sa tslí sin chun an tionchar ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhaolú. Leis an gCúlchiste, cuirfear ranníocaíochtaí airgeadais ar fáil chun an caiteachas poiblí breise arna thabhú ag na Ballstáit a chumhdach ina iomláine nó i bpáirt, go háirithe iad siúd is mó atá ag brath ar thrádáil agus ar chaidreamh eacnamaíoch leis an Ríocht Aontaithe, le haghaidh bearta a bhaineann go díreach leis an tarraingt siar.
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM/2018/390 final). Is é is cuspóir don togra seo CEMID a bhunú don tréimhse 2021-2027. Ba cheart é a bheith mar aidhm leis an gciste sin cistiú ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt don Comhbheartas Iascaigh (CBI), do bheartas muirí an Aontais agus do ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais i dtaca le rialachas aigéan. Is áis thábhachtach é CEMID le haghaidh iascaigh inbhuanaithe agus chaomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara, le haghaidh na slándála bia trí bhíthin earraí bia mara a sholáthar, le haghaidh fás geilleagair ghoirm inbhuanaithe agus le haghaidh farraigí agus aigéin atá sláintiúil, sábháilte, slán, glan agus a bhainistítear go hinbhuanaithe.
1.4.2.Cuspóirí sonracha
1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
·Leis an togra le haghaidh leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/522, déanfar laghdú EUR 1 000 000 000 i bpraghsanna reatha (EUR 845 000 000 i bpraghsanna 2018) ar an gcoigeartú clárshonrach a shainmhínítear in Airteagal 5 agus in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle don tréimhse 2025-2027. Déanfar measúnú ar na hiarmhairtí ar na bearta a chuirfear chun feidhme faoin gclár le linn ullmhú an chláir oibre bhliantúil.
·Leis an togra le haghaidh leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1229, déanfar laghdú EUR 150 000 000 i bpraghsanna reatha ar mhéid iomlán chomhpháirt deontais na saoráide iasachta don earnáil phoiblí atá le maoiniú ó bhuiséad an Aontais do thréimhse CAI 2021-2027.
·Leis an togra le haghaidh leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar laghdú EUR 55 mhilliún i bpraghsanna reatha ar an leithdháileadh don Tionscnamh Uirbeach Eorpach, laghdú EUR 75 mhilliún i bpraghsanna reatha i gcás na nInfheistíochtaí Nuálaíochta Idir-Réigiúnacha, laghdú EUR 65 mhilliún i bpraghsanna reatha i gcás Chomhar Trasnáisiúnta CSE+ agus laghdú EUR 210 milliún i bpraghsanna reatha ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.
·Leis an togra ar leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1755 déanfar laghdú EUR 584 264 090 i bpraghsanna reatha ar leithdháileadh sealadach BAR a bheidh fágtha agus ar fáil in 2025.
·Leis an togra le haghaidh an leasaithe ar Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2021/1139, déanfar laghdú EUR 105 000 000 i bpraghsanna reatha don tréimhse 2025-2027 ar an leithdháileadh le haghaidh CEMID arna chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach.
1.4.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
1.5.2. Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Is é is aidhm don togra na forálacha buiséadacha a ailíniú leis na gníomhartha reachtacha lena mbunaítear na cláir agus na hionstraimí lena mbaineann leis an athbhreithniú ar Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 mar a leagtar amach sa leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle a ghlac an Chomhairle an 29 Feabhra 2024.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh
◻ tréimhse theoranta
–X
i bhfeidhm ó 2024 go 2027
–◻
Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
◻ tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
–X ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–X
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
X Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;
–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
–◻BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;
–◻ comhlachtaí dlí poiblí;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V CAE, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’.
Nótaí
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.
Is féidir faisnéis a fháil sna Ráitis Airgeadais Reachtacha maidir le tograí reachtacha ábhartha na gclár (Féach 1.4.1.)
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Is féidir faisnéis a fháil sna Ráitis Airgeadais Reachtacha maidir le tograí reachtacha ábhartha na gclár (Féach 1.4.1.)
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Saghas
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
|
ó thríú tíortha eile
|
ioncam sannta eile
|
Ceannteideal 2b
Teideal 6 Téarnamh agus Athléimneacht
|
06.010501 Caiteachas tacaíochta don Chlár EU4Health
06.0601 Clár EU4Health
|
Neamhdhifreáilte/
Difreáilte
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
NÍL
|
Ceannteideal 2 a
Teideal 05 Forbairt agus Comhtháthú Réigiúnach
|
05 02 01.08 Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha
05 02 02 ERDF — Cúnamh teicniúil oibríochtúil
05 02 03 An Tionscnamh Uirbeach Eorpach
05 03 02 An Ciste Comhtháthaithe — Cúnamh teicniúil oibríochtúil
|
Difreáilte
|
Líon
|
Líon
|
Líon
|
Líon
|
Ceannteideal 2 a
Teideal 07: Infheistíocht i nDaoine, Comhtháthú Sóisialta agus Luachanna
|
07 02 01.05 Comhar trasnáisiúnta
07 02 02 sraith CSE+ faoi bhainistíocht chomhroinnte — cúnamh teicniúil oibríochtúil
|
Difreáilte
|
Líon
|
Líon
|
Líon
|
Líon
|
Ceannteideal 3
Teideal 08: Beartas Talmhaíochta agus Muirí
|
08 04 An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) — Caiteachas oibríochtúil faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach
|
Difreáilte
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
Ceannteideal 3
Teideal 09: An Comhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide
|
09 04 01 Saoráid Iasachta don Earnáil Phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir (JTM)
|
Difreáilte
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
Sásraí dlúthpháirtíochta laistigh agus lasmuigh den Aontas (Ionstraimí speisialta)
Teideal 16: Caiteachas lasmuigh de na huasteorainneacha bliantúla a leagtar amach sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil
|
16 02 03 Cúlchiste Coigeartaithe Brexit
|
Difreáilte
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
Sásraí dlúthpháirtíochta laistigh agus lasmuigh den Aontas (Ionstraimí speisialta)
Teideal 30: Cúlchistí
|
30 04 03 Cúlchiste Coigeartaithe Brexit
|
Difreáilte
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
Uimhir
|
Ceannteidil 2a, 2b, agus 3
Caiteachas lasmuigh de na huasteorainneacha bliantúla a leagtar amach sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (Sásraí dlúthpháirtíochta laistigh agus lasmuigh den Aontas (Ionstraimí speisialta)
|
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
I ndiaidh 2027
|
IOMLÁN
|
• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
|
|
|
05.0201.08 Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha
|
Gealltanais
|
|
|
-25,000
|
-25,000
|
-25,000
|
|
-75,000
|
|
Íocaíochtaí
|
|
|
-8,250
|
-9,750
|
-12,000
|
-45,000
|
-75,000
|
05.0202 CFRE — Cúnamh teicniúil oibríochtúil
|
Gealltanais
|
|
|
-31,150
|
-42,500
|
-58,100
|
|
-131,750
|
|
Íocaíochtaí
|
|
|
-14,493
|
-17,128
|
-21,080
|
-79,050
|
-131,750
|
05.0203 05 02 03 Tionscnamh Uirbeach Eorpach
|
Gealltanais
|
|
|
-18,300
|
-17,300
|
-19,400
|
|
-55,000
|
|
Íocaíochtaí
|
|
|
-6,050
|
-7,150
|
-8,800
|
-33,000
|
-55,000
|
05.0302 An Ciste Comhtháthaithe — Cúnamh teicniúil oibríochtúil
|
Gealltanais
|
|
|
-5,250
|
-7,500
|
-10,500
|
|
-23,250
|
|
Íocaíochtaí
|
|
|
-2,558
|
-3,023
|
-3,720
|
-13,950
|
-23,250
|
06.010501 Caiteachas tacaíochta le haghaidh Chlár EU4Health agus
06.0601 Clár EU4Health
|
Gealltanais
|
|
|
-189,871
|
-193,585
|
-616,544
|
|
-1 000,000
|
|
Íocaíochtaí
|
|
|
pm
|
pm
|
pm
|
pm
|
-1 000,000
|
07.0201.05 Comhar trasnáisiúnta
|
Gealltanais
|
|
|
-21,400
|
-21,600
|
-22,000
|
|
-65,000
|
|
Íocaíochtaí
|
|
|
-7,150
|
-8,450
|
-10,400
|
-39,000
|
-65,000
|
07.0202 Sraith CSE+ faoi bhainistíocht roinnte — Cúnamh teicniúil oibríochtúil
|
Gealltanais
|
|
|
-16,700
|
-18,300
|
-20,000
|
|
-55,000
|
|
Íocaíochtaí
|
|
|
-6,050
|
-7,150
|
-8,800
|
-33,000
|
-55,000
|
08 04 An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) caiteachas oibríochtúil faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach
|
Gealltanais
|
|
|
-36,000
|
-33,000
|
-36,000
|
|
-105,000
|
|
Íocaíochtaí
|
|
|
-8,792
|
-10,278
|
-17,873
|
-68,057
|
-105,000
|
09 04 01 Saoráid Iasachta don Earnáil Phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir (JTM)
|
Gealltanais
|
|
|
-50,000
|
-50,000
|
-50,000
|
|
-150,000
|
|
Íocaíochtaí
|
|
|
-10,000
|
-60,000
|
-54,000
|
-26,000
|
-150,000
|
30 04 03 Cúlchiste Coigeartaithe Brexit
16 02 03 Cúlchiste Coigeartaithe Brexit
|
Gealltanais
|
|
|
-584,264
|
|
|
|
-584,264
|
|
Íocaíochtaí
|
|
|
-584,264
|
|
|
|
-584,264
|
IOMLÁN na leithreasuithe
|
Gealltanais
|
|
|
-977,935
|
-408,785
|
-857,544
|
0
|
-2 244 264
|
|
Íocaíochtaí
|
|
|
-647,607
|
-122,929
|
-136,673
|
-337,057
|
-2 244 266
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
7
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
Measfar na hiarmhairtí ar chaiteachas riaracháin i gcreat an nós imeachta bhuiséidigh bhliantúil.
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
Ard-Stiúrthóireacht: <…….>
|
• Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN AS <…….>
|
Leithreasuithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
⇩
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
ASCHUIR
|
|
Saghas
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1…
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁIN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
Áiríodh san Athbhreithniú Meántéarma ar CAI laghduithe ar imchlúdaigh bhuiséadacha áirithe, mar a chuirtear i láthair sa ghníomh seo, agus méaduithe suntasacha ar imchlúdaigh eile freisin. Ní bheidh aon tionchar ag glanéifeacht na leasuithe sin ar chostais riaracháin ná ar acmhainní an Choimisiúin. Sa chomhthéacs sin, leanfaidh an Coimisiún d’úsáid éifeachtach agus éifeachtúil a chuid acmhainní daonna a lorg, agus an prionsabal maidir le soláthar cobhsaí foirne á chur san áireamh, trí mheasúnú leanúnach a dhéanamh ar dheiseanna ath-imlonnaithe inmheánacha.
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain N+2
|
Bliain N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
|
|
|
|
|
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (in aonad de Choibhéis Lánaimseartha: FTE)
|
20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
|
|
|
|
|
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 xx yy zz
|
- sa cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- i dtoscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 12 (AC, INT, SNE – Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
|
Pearsanra seachtrach
|
|
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–X
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).
–Eascraíonn an togra seo as an gcomhaontú maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.
–◻
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.
–◻
is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–◻
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
–◻
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Iomlán
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–◻
Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
–◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–◻
ar acmhainní dílse
–◻
ar ioncam eile
–má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin ◻
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).