AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,19.2.2024
COM(2024) 78 final
2024/0042(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 231ú seisiún de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) a mhéid a bhaineann leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn 13 — Aircraft Accident and Incident Investigation (Imscrúdú Tionóiscí agus Teagmhas Aerárthaí)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Is leis an méid seo a leanas a bhaineann an togra:
(i) an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 231ú seisiún de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) maidir le Leasú 19 atá beartaithe ar Iarscríbhinn 13 — Aircraft Accident and Incident Investigation (Imscrúdú Tionóiscí agus Teagmhas Aerárthaí)
(ii) an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais tar éis do ICAO glacadh Leasú 19 ar Iarscríbhinn 13 — Aircraft Accident and Incident Investigation (Imscrúdú Tionóiscí agus Teagmhas Aerárthaí) den Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta a fhógairt i Litreacha Stáit faoi seach, lena n-iarrtar ar a Stáit chonarthacha fógra a thabhairt maidir le haon difríocht, nó fógra a thabhairt maidir le comhlíonadh na mbeart a ghlacfar.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta
Is é is aidhm don Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’) rialú a dhéanamh ar an aeriompar idirnáisiúnta. An 4 Aibreán 1947 a tháinig Coinbhinsiún Chicago i bhfeidhm, agus is leis a bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.
Tá Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh ina bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chicago.
2.2.An Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta
Is gníomhaíocht speisialaithe de chuid na Náisiún Aontaithe í an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta. Tá sé d’aidhm agus de chuspóir ag an Eagraíocht prionsabail agus teicnící na haerloingseoireachta idirnáisiúnta a fhorbairt, agus pleanáil agus forbairt an aeriompair idirnáisiúnta a chothú.
Is comhlacht buan de chuid ICAO í Comhairle ICAO, comhlacht a mbíonn 36 stát chonarthacha ina gcomhaltaí ann, agus is é Comhthionól ICAO a thoghann na Stáit chonarthacha sin le haghaidh tréimhse 3 bliana. Tá ionadaithe ó shé Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh ar Chomhairle ICAO le haghaidh na tréimhse 2022-2025.
I measc na bhfeidhmeanna éigeantacha atá ar Chomhairle ICAO, feidhmeanna a liostaítear in Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, tá glacadh na gcaighdeán agus na gcleachtas molta (SARPanna) idirnáisiúnta, dhá rud a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
De bhun Airteagal 90 de Choinbhinsiún Chicago, tiocfaidh aon Iarscríbhinn den sórt sin nó aon leasú ar Iarscríbhinn i bhfeidhm laistigh de 3 mhí tar éis í a thíolacadh do Stáit chonarthacha ICAO, nó ag deireadh cibé tréimhse ama is faide a fhorordóidh Comhairle ICAO, mura rud é go gcláraíonn tromlach de Stáit chonarthacha ICAO a míshástacht idir an dá linn.
Tar éis ghlacadh na mbeart sin, ní mór do Stáit ICAO na bearta sin a chomhlíonadh nó fógra míshástachta nó fógra faoi aon difríocht a bheidh ann leis na bearta sin thabhairt, sula dtagann siad i bhfeidhm agus sula mbíonn siad ceangailteach ó thaobh dlí de.
De bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, más dofheidhmithe d’aon Stát aon chaighdeán nó aon nós imeachta idirnáisiúnta den sórt sin a chomhlíonadh go hiomlán, nó a rialacháin nó a chleachtais féin a chur i gcomhréir go hiomlán i leith aon chaighdeán nó aon nós imeachta idirnáisiúnta den sórt sin, nó má mheasann sé gur riachtanach rialacháin nó cleachtais a ghlacadh atá éagsúil ar aon dóigh leis na rialacháin nó na cleachtais arna mbunú le caighdeán idirnáisiúnta, tabharfaidh an Stát sin fógra láithreach do ICAO maidir leis na difríochtaí idir a chleachtas féin agus an cleachtas arna bhunú leis an gcaighdeán idirnáisiúnta.
2.3.Gníomhartha ICAO atáthar a bheartú agus an gaol atá acu le rialacha an Aontais atá ann cheana
Le linn an 231ú seisiún de chuid Chomhairle ICAO nó le linn aon seisiún ina dhiaidh sin, meastar go ndéanfaidh sí a meas ar an méid seo a leanas agus go nglacfaidh sí é:
–Tá Leasú 19 ar Iarscríbhinn 13 Aircraft Accident and Incident Investigation (Imscrúdú Tionóiscí agus Teagmhas Aerárthaí) dá dtagraítear i Litir Stáit AN 6/1.2-22/85 ag eascairt as an bplé ag an séú cruinniú den Phainéal um Imscrúdú Tionóiscí (AIGP/6). Baineann sé le himscrúdaithe a bhaineann le haerárthaí gan foireann, faisnéis imscrúdaithe a scaoileadh, úsáid an Chórais Dhomhanda um Ghuais agus um Shábháilteacht Aerloingseoireachta , tréimhse chomhairliúcháin na tuarascála deiridh a laghdú, chomh maith leis an oibleagáid an tuarascáil a fhoilsiú i bhformáid leictreonach.
–Is féidir tionchar a bheith ag an leasú thuasluaite ar dhlí an Aontais Eorpaigh mar a mhínítear sna mionsonraí thíos.
Cumhdaítear an méid seo a leanas leis an Leasú atá beartaithe:
–maidir leis na himscrúduithe a bhaineann le haerárthaí gan foireann: chun idirdhealú a dhéanamh idir aerárthaí le foireann agus aerárthaí cianrialaithe , soiléireofar in Iarscríbhinn 13 cé na cineálacha tarluithe aerárthaí le foireann a sainordaítear a n-imscrúdú. Leis an leasú moltar, ina theannta sin, na príomhghnéithe a bhaineann le tarluithe na n-aerárthaí le foireann a shoiléiriú in Iarscríbhinn 13, príomhghnéithe ar cheart don imscrúdaitheoir i bhfeighil rochtain a bheith aige orthu le linn imscrúduithe.
–i ndáil leis an treoraíocht le haghaidh údaráis imscrúdaitheacha: moltar leis an leasú go gcuimhneofaí ar fhaisnéis a scaoileadh go luath in imscrúduithe ar thimpistí agus teagmhais a tharraingíonn aird mhór an phobail, de réir mar is iomchuí, agus ansin ar bhealach níos foirmiúla trí réamhthuarascáil scríofa níos déanaí.
–maidir le taifeadtaí a thagann as na taifeadáin bhuana atá feistithe ar an aerárthach a chur ar fáil don imscrúdú: Leis an leasú seo sainordaítear na taifeadtaí sin a chur ar fáil gan mhoill agus áirithítear nach gcuirfidh ar fáil iad gan toiliú an Stáit atá i bhfeighil an imscrúdaithe.
–maidir leis an tréimhse chomhairliúcháin le haghaidh na ndréacht-tuarascálacha deiridh: Leis an leasú seo moltar an tréimhse chomhairliúcháin atá ann faoi láthair a laghdú go tríocha lá agus an fhéidearthacht a bheith ann síneadh a chur leis go seasca lá.
–Ar deireadh, moltar leis an leasú seo feasacht a mhúscailt faoi leabharlann leictreonach le haghaidh na dtuarascálacha deiridh agus rogha thosaíochta a thabhairt isteach go gcuirfí tuarascálacha deiridh faoi bhráid ICAO i bhformaid leictreonach.
Tá sé beartaithe go dtiocfaidh an leasú i bhfeidhm ón 28 Samhain 2024, ach amháin i gcás forálacha a bhaineann le himscrúduithe maidir le haerárthaí gan foireann, forálacha a thiocfaidh i bhfeidhm an 26 Samhain 2026.
Tá an chuid is mó de na leasuithe atá beartaithe i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 996/2010, ach d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le roinnt coigeartuithe ag leibhéal chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 996/2010. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le nósanna imeachta oibre Údaráis an Aontais Eorpaigh um Imscrúdú Sábháilteachta a fhorlíonadh nó a leasú go háirithe. Sonraítear in Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, an creat reachtach de chuid an Aontais atá ann faoi láthair, go leanfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta na caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta idirnáisiúnta, rud a dhéanfaidh comhlíonadh Iarscríbhinn 13 a áirithiú.
Ullmhaíodh an measúnú thuas ar bhonn rannchuidiú a fuarthas ón Líonra Eorpach d’Údaráis um Imscrúdú Sábháilteachta na hEitlíochta Sibhialta. Bunaítear an Líonra le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE) 996/2010 ar a bhfuil ceannairí na nÚdarás um Imscrúdú Sábháilteachta i ngach Ballstát agus/nó, i gcás údarás ilmhódach, ceannaire a bhrainse eitlíochta, nó a ionadaithe. Tá sé de dhualgas ar an Líonra Eorpach d'Údaráis um Imscrúdú Sábháilteachta na hEitlíochta Sibhialta, i measc dualgais eile, moltaí a ullmhú agus comhairle a thabhairt d’institiúidí an Aontais i ndáil le gach gné d’fhorbairt agus de chur chun feidhme beartas agus rialacha an Aontais a bhaineann le himscrúduithe sábháilteachta agus maidir le tionóiscí agus teagmhais a chosc.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
3.1.Na Leasuithe atá beartaithe agus an gaol atá acu le rialacha an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair
Leasú 19 ar Iarscríbhinn 13
Leis an leasú atá beartaithe dá dtagraítear i Litir Stáit AN 6/1.2-22/85, cumhdaítear forálacha Rialachán (AE) 996/2010 agus tá sé i gcomhréir le dlí an Aontais.
Tagann ábhar na leasuithe atá beartaithe faoi inniúlacht eisiach an Aontais de bhun an choir dheireanaigh d’Airteagal 3(2) CFAE.
Leis an leasú atá beartaithe chuirfí le feabhsú sábháilteachta eitlíochta trí ardleibhéal éifeachtúlachta, luais agus cáilíochta in imscrúduithe sábháilteachta san eitlíocht shibhialta a áirithiú, agus é mar chuspóir aonair acu tionóiscí agus teagmhais amach anseo a chosc gan milleán nó dliteanas a shannadh. Aithníonn an tAontas gur gá imscrúduithe ar thionóiscí agus teagmhais a fheabhsú, foilsiú a thuarascálacha san áireamh, trí roinnt athruithe a thabhairt isteach ar Iarscríbhinn 13 – Aircraft Accident and Incident Investigation (Imscrúdú Tionóiscí agus Teagmhas Aerárthaí).
Tá dhá chuspóir ag na hathruithe atá beartaithe: Ar thaobh, chun cuidiú le húdaráis na mBallstát um imscrúdú sábháilteachta ina n-imscrúduithe trí na cineálacha tarluithe RPA atá le himscrúdú a shainaithint, agus trí shonraí a chur ar fáil gan mhoill ó thaifeadáin bhuana atá suiteáilte ar aerárthaí, faoi réir cead a fháil ón Stát imscrúdaithe. Thairis sin, aithnítear sa leasú go bhfuil coinne ag an bpobal agus ag na meáin go mór leis, agus dá bhrí sin gur gá faisnéis a sholáthar níos tapúla le linn imscrúduithe ar thimpistí agus teagmhais a tharraingíonn aird mhór an phobail, chomh maith leis na tuarascálacha deiridh a scaipeadh i bhfoirm leictreonach. Ar deireadh, ba cheart go gcuideodh úsáid teicneolaíochtaí nua an tréimhse chomhairliúcháin a laghdú, rud a chuirfeadh dlús le foilsiú na tuarascála deiridh agus na moltaí sábháilteachta atá inti (más ann dóibh), rud a rachadh chun tairbhe sábháilteachta eitlíochta dá bharr sin.
Sonraítear in Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, an creat reachtach de chuid an Aontais atá ann faoi láthair, go leanfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta na caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta idirnáisiúnta, rud a dhéanfaidh comhlíonadh Iarscríbhinn 13 a áirithiú. Ní airítear go bhfuil gá le Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 a leasú nó gníomh reachtach nua a ghlacadh. Is féidir cur chun feidhme ceart Leasú 19 atá beartaithe ar Iarscríbhinn 13 a bhaint amach trí nósanna imeachta oibre na n-údarás um imscrúdú sábháilteachta atá ann faoi láthair a chur in oiriúint.
Ionadaithe Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh mar chomhaltaí agus breathnóirí den Líonra Eorpach d’Údaráis um Imscrúdú Sábháilteachta na hEitlíochta Sibhialta WG 7 atá i bhfeighil ar bharúlacha SIAnna a mhéid a bhaineann le Litreacha Stáit ICAO maidir le himscrúduithe sábháilteachta, chuir siad le forbairt an togra a bhaineann le Leasú 19.
Dá bhrí sin, is é an seasamh atá beartaithe atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh tacaíocht a thabhairt don leasú sin.
Dá bhrí sin, ar choinníoll go nglacfaidh Comhairle ICAO, gan aon athrú suntasach, Leasú 19 ar Iarscríbhinn 13 – Aircraft Accident and Incident Investigation (Imscrúdú Tionóiscí agus Teagmhas Aerárthaí) Choinbhinsiún Chicago atá beartaithe, is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, gan fógra míshástachta a thabhairt ach na bearta arna nglacadh a chomhlíonadh mar fhreagra ar Litir Stáit ICAO faoi seach. I gcás ina n-imeodh reachtaíocht an Aontais ó chaighdeáin nuaghlactha ICAO tar éis dáta atá beartaithe do chur i bhfeidhm na gcaighdeán sin, ba cheart do na Ballstáit seasamh an Aontais maidir leis na difríochtaí leis na Caighdeáin áirithe sin a chur in iúl do ICAO, ar bhonn doiciméad ullmhúcháin a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle chun é a phlé agus a fhormheas, in am trátha, agus lena leagtar amach na difríochtaí mionsonraithe le haghaidh an ama is gá chun an cur chun feidhme a thabhairt chun críche.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE gan beann ar cé acu atá an tAontas ina chomhalta den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú, nó nach bhfuil.
Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach‘ a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’. Mar a mhínítear thuas, tagann an leasú atá beartaithe faoi dhlí an Aontais (i.e. Rialachán (AE) Uimh. 996/2010)
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht í Comhairle ICAO a bunaíodh trí chomhaontú, mar atá an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’).
I gcomhréir le hAirteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, glacann Comhairle ICAO na caighdeáin agus na cleachtais mholta idirnáisiúnta, mar a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Bíonn éifeachtaí dlíthiúla leis na gníomhartha sin. Go deimhin, a luaithe a ghlacann ICAO caighdeáin agus cleachtais mholta agus a thagann siad i bhfeidhm, bíonn siad ina gceangail ar gach Stát Conarthach ICAO de bhun Airteagal 90(a) de Choinbhinsiún Chicago. lena bhforáiltear an méid seo a leanas: “Tá gá le vóta dhá thrian ón gComhairle ag cruinniú a thionólfar chun na críche sin chun go nglacfaidh an Chomhairle na hIarscríbhinní a thuairiscítear in Airteagal 54, fomhír I), agus ansin cuirfidh an Chomhairle é faoi bhráid gach Stáit chonarthaigh. Tiocfaidh aon Iarscríbhinn den sórt sin nó aon leasú ar Iarscríbhinn i bhfeidhm laistigh de thrí mhí tar éis í a thíolacadh do Stáit chonarthacha, nó ag deireadh cibé tréimhse ama is faide a fhorordóidh an Chomhairle , mura rud é go gcláraíonn tromlach de na Stáit chonarthacha a míshástacht leis an gComhairle idir an dá linn. Mar a mhínítear thuas, d’fhéadfadh an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn 13 tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíocht an Aontais. Mar sin, leis an leasú ba ghá na nósanna imeachta oibre atá ann faoi láthair a chur in oiriúint, is iad sin nósanna imeachta oibre na n-údarás um imscrúdú sábháilteachta a rialaítear le Rialachán (AE) Uimh. 996/2010. .
Leis na gníomhartha atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an Chinnidh atá beartaithe maidir leis an seasamh i leith na bhfógraí sin.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna sin nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh a glacadh leis an gcomhbheartas iompair.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 100(2) CFAE an bunús dlí substainteach le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is é Airteagal 100(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, an bunús dlí atá leis an gCinneadh ón gComhairle atáthar a bheartú.
2024/0042 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 231ú seisiún de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) a mhéid a bhaineann leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn 13 — Aircraft Accident and Incident Investigation (Imscrúdú Tionóiscí agus Teagmhas Aerárthaí)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’) lena rialaítear aeriompar idirnáisiúnta, i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) leis.
(2)Is Stáit Chonarthacha i gCoinbhinsiún Chicago iad na Ballstáit agus is comhaltaí de chuid ICAO iad, agus tá stádas breathnóra ag an Aontas i gcomhlachtaí áirithe de chuid ICAO. Tá ionadaithe ó shé Bhallstát i gComhairle ICAO.
(3)De bhun Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, féadfaidh Comhairle ICAO Caighdeáin agus Cleachtais Mholta (‘SARPanna’) idirnáisiúnta a ghlacadh, agus iad a ainmniú mar Iarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
(4)Tá Comhairle ICAO, ag a 231ú seisiún, chun glacadh le Leasú 19 ar Iarscríbhinn 13 – Aircraft Accident and Incident Investigation (Imscrúdú Tionóiscí agus Teagmhas Aerárthaí) a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
(5)Is é an príomhchuspóir atá ag Leasú 19 ar Iarscríbhinn 13 – Aircraft Accident and Incident Investigation (Imscrúdú Tionóiscí agus Teagmhas Aerárthaí) a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú trí ardleibhéal éifeachtúlachta, luais agus cáilíochta in imscrúduithe sábháilteachta san eitlíocht shibhialta a áirithiú.
(6)Is é is aidhm do na hathruithe atá beartaithe na cuspóirí seo a bhaint amach trí chuidiú le húdaráis na mBallstát um imscrúdú sábháilteachta ina n-imscrúduithe ar aerárthaí cianrialaithe, agus trí shonraí a chur ar fáil gan mhoill ó thaifeadáin atá suiteáilte ar aerárthaí. Aithnítear leis an leasú seo go bhfuil coinne ag an bpobal agus ag na meáin go mór go gcoimeádfaí ar an eolas iad agus, dá bhrí sin, tá forálacha ann maidir le faisnéis fhíriciúil thráthúil a sholáthar le linn imscrúduithe sábháilteachta. Thairis sin, d’fhéadfadh úsáid teicneolaíochtaí nua giorrú na tréimhse comhairliúcháin a éascú, agus dlús a chur le foilsiú na tuarascála deiridh dá bhrí sin. Ar deireadh, cuideoidh seoladh na dtuarascálacha deiridh i bhformaid leictreonach lena n-uaslódáil isteach i mbunachar sonraí lárnach ICAO.
(7) Chuir an Líonra Eorpach d’Údaráis um Imscrúdú Sábháilteachta na hEitlíochta Sibhialta a bunaíodh le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 le forbairt an togra a bhaineann le Leasú 19, agus ceann de na dualgais atá aige is ea comhairle a thabhairt institiúidí de chuid an Aontais maidir le gnéithe uile den fhorbairt agus de chur chun feidhme bheartais agus rialacha an Aontais maidir le himscrúduithe sábháilteachta agus maidir le tionóiscí agus theagmhais a chosc.
(8)Is iomchuí an seasamh a leagan síos atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Comhairle ICAO mar beidh Leasú 19 ar Iarscríbhinn 13 – Aircraft Accident and Incident Investigation (Imscrúdú Tionóiscí agus Teagmhas Aerárthaí) a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 90(a) de Choinbhinsiún Chicago agus d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a bheith aige ar dhlí an Aontais, Rialachán (AE) 996/2010 go háirithe.
(9)Le linn an 231ú Chomhairle ICAO nó le linn aon seisiúin ina dhiaidh maidir le glacadh Leasú 19 atá beartaithe ar Iarscríbhinn 13 – Aircraft Accident and Incident Investigation (Imscrúdú Tionóiscí agus Teagmhas Aerárthaí) a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, ba cheart gurb é seasamh an Aontais tacaíocht a thabhairt do na leasuithe sin ina n-iomláine agus iad a chomhlíonadh.
(10)De bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, más dofheidhmithe d’aon Stát aon chaighdeán nó aon nós imeachta idirnáisiúnta den sórt sin a chomhlíonadh ar gach slí, nó a rialacháin nó a chleachtais féin a chur i gcomhréir go hiomlán le haon chaighdeán nó aon nós imeachta idirnáisiúnta den sórt sin, nó má mheasann sé é a bheith riachtanach rialacháin nó cleachtais a ghlacadh atá éagsúil ar aon bhealach leis na rialacháin nó na cleachtais arna mbunú le caighdeán idirnáisiúnta, tabharfaidh an Stát sin fógra láithreach do ICAO maidir leis na difríochtaí idir a chleachtas féin agus an cleachtas arna bhunú leis an gcaighdeán idirnáisiúnta.
(11)De bhun Airteagal 90 de Choinbhinsiún Chicago, tiocfaidh aon Iarscríbhinn den sórt sin nó aon leasú ar Iarscríbhinn i bhfeidhm laistigh de 3 mhí tar éis í a thíolacadh do Stáit chonarthacha ICAO, nó ag deireadh cibé tréimhse ama is faide a fhorordóidh Comhairle ICAO, mura rud é go gcláraíonn tromlach de Stáit chonarthacha ICAO a míshástacht idir an dá linn.
(12)Tar éis do Chomhairle ICAO Leasú 19 ar Iarscríbhinn 13 – Aircraft Accident and Incident Investigation (Imscrúdú Tionóiscí agus Teagmhas Aerárthaí) a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago a ghlacadh, rud a bheidh le fógairt ag Ardrúnaí ICAO trí nós imeachta Litreach Stáit ICAO, ba cheart don Aontas an seasamh a bheith aige gan míshástacht a chlárú agus na leasuithe a chomhlíonadh. I gcás ina mbeadh reachtaíocht an Aontais ar neamhréir leis na SARPanna nuaghlactha tar éis dáta atá beartaithe na SARPanna sin a chur i bhfeidhm, ba cheart difríocht idir na SARPanna áirithe sin a chur in iúl do ICAO. Ba cheart seasamh an Aontais i leith na difríochta sin a bheith bunaithe ar dhoiciméad i scríbhinn a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle chun é a phlé agus a fhormheas.
(13)Ba cheart do Bhallstáit uile an Aontais an seasamh sin a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(1)Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 231ú seisiún de Chomhairle ICAO, nó ag aon cheann de na seisiúin ina dhiaidh sin, tacú leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn 13, – Aircraft Accident and Incident Investigation (Imscrúdú Tionóiscí agus Teagmhas Aerárthaí) a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago ina n-iomláine.
(2)Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, gan míshástacht a chlárú, agus fógra a thabhairt faoi chomhlíonadh an bhirt glactha mar fhreagra ar an Litir Stáit ICAO ábhartha, ar choinníoll go nglacfaidh Comhairle ICAO, gan aon athrú suntasach, an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn 13, – Aircraft Accident and Incident Investigation (Imscrúdú Tionóiscí agus Teagmhas Aerárthaí) a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago dá dtagraítear in mír 1. I gcás ina mbeadh reachtaíocht an Aontais ar neamhréir leis na SARPanna nuaghlactha tar éis an dáta atá beartaithe chun na SARPanna sin a chur i bhfeidhm, cuirfear difríocht leis na SARPanna áirithe sin in iúl do ICAO i gcomhréir le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago.
I gcás ina bhfuil aon difríocht idir reachtaíocht an Aontais agus na caighdeáin in Iarscríbhinn 13 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, cuirfidh an Coimisiún doiciméad ullmhúcháin faoi bhráid na Comhairle chun é a phlé agus a fhormheas, doiciméad lena leagtar amach seasamh an Aontais maidir leis na difríochtaí mionsonraithe a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid ICAO thar ceann an Aontais, in am trátha agus ar a laghad 2 mhí roimh aon sprioc-am a leagfaidh ICAO amach maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí.
Airteagal 2
Is iad Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de Chomhairle ICAO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, a chuirfidh in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(1).
Déanfaidh Ballstáit uile an Aontais an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.
Airteagal 3
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán