Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024PC0039

Togra le haghaidh CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE lena n-údaraítear don tSualainn rátaí laghdaithe dleacht mháil a chur i bhfeidhm ar leictreachas arna ídiú ag teaghlaigh agus ag cuideachtaí in earnáil na seirbhíse atá lonnaithe i limistéir áirithe i dTuaisceart na Sualainne

COM/2024/39 final

An Bhruiséil,30.1.2024

COM(2024) 39 final

2024/0015(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear don tSualainn rátaí laghdaithe dleacht mháil a chur i bhfeidhm ar leictreachas arna ídiú ag teaghlaigh agus ag cuideachtaí in earnáil na seirbhíse atá lonnaithe i limistéir áirithe i dTuaisceart na Sualainne


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Rialaítear cánachas ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas san Aontas le Treoir 2003/96/CE ón gComhairle 1 (dá ngairtear an ‘Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh’ nó an ‘Treoir’ anseo feasta).

De bhun Airteagal 19(1) den Treoir, sa bhreis ar na forálacha a leagtar síos in Airteagail 5, 15 agus 17 di go háirithe, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, aon Bhallstát a údarú chun díolúintí nó laghduithe sa bhreis ó thaobh leibhéal an chánachais a thabhairt isteach i gcomhair breithnithe sonracha beartais.

Is é is aidhm don togra seo ceadú don tSualainn leanúint de ráta laghdaithe dleacht mháil a chur i bhfeidhm, laistigh de theorainneacha sainithe, ar fhuinneamh arna ídiú ag teaghlaigh agus ag cuideachtaí in earnáil na seirbhíse i limistéir áirithe i dTuaisceart na Sualainne. Is é is aidhm don bheart sin leigheas a fhorchur de bharr na gcostas níos airde téimh sna limistéir sin mar thoradh ar dhálaí aeráide sonracha an réigiúin.

Faoi láthair, údaraítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2409 ón gComhairle an 18 Nollaig 2017 2 don tSualainn ráta laghdaithe dleacht mháil a chur i bhfeidhm ar leictreachas arna ídiú ag teaghlaigh agus cuideachtaí in earnáil na seirbhíse i mbardais áirithe a liostaítear san iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh. Beidh an laghdú cánach i gcomhréir leis na costais téimh bhreise atá ann mar gheall ar an suíomh thuaidh, i gcomparáid leis an gcuid eile den tSualainn, agus tá an ráta laghdaithe i gcomhréir le ceanglais Threoir 2003/96/CE, go háirithe leis na híosleibhéil chánachais a leagtar síos in Airteagal 10 den Treoir sin. Rachaidh an túdarú sin in éag an 31 Nollaig 2023.

I litir dar dáta an 11 Aibreán 2023, chuir údaráis na Sualainne an Coimisiún ar an eolas go raibh sé beartaithe acu leanúint den ráta laghdaithe dleacht mháil sin a chur i bhfeidhm. Ní rachaidh an laghdú os cionn SEK 96 in aghaidh MWh (nó SEK 0.096/kWh), a chomhfhreagraíonn do thart ar EUR 8.8/MWh (nó EUR 0.0088/kWh) 3 . D’iarr an tSualainn go núdarófaí an laghdú ar feadh 4 bliana, i.e. go dtí an 31 Nollaig 2027, ar tréimhse í sin atá laistigh den uastréimhse a shonraítear in Airteagal 19(2) den Treoir.

Sholáthair an tSualainn faisnéis bhreise agus soiléirithe breise an 10 Deireadh Fómhair 2023.

Luaigh an tSualainn go bhfuil raon feidhme na hiarrata reatha ar mhaolú comhionann leis an iarraidh roimhe seo. Beidh feidhm leanúnach ag an laghdú cánach maidir le cumhacht leictreach arna ídiú chun críocha nach dtagann faoi réir na gcríoch seo a leanas: (i) gníomhaíochtaí tionsclaíocha, (ii) gníomhaíochtaí gairmiúla talmhaíochta nó foraoiseachta, (iii) gníomhaíochtaí gairmiúla dobharshaothraithe, (iv) leictreachas cois cladaigh, nó (v) traenacha nó modhanna iompair iarnróid eile, nó le haghaidh oibriú innill nó téamh innill a bhaineann go díreach le hídiú den sórt sin. Cé is moite den laghdú ar ídiú leictreachais cois cladaigh (a bhaineann tairbhe as laghdú a dheonaítear faoi Airteagal 19 den Treoir), baineann an t‑ídiú leictreachais do na gníomhaíochtaí sin tairbhe as féidearthachtaí eile le haghaidh laghduithe, ar féidearthachtaí iad a leagtar amach san Acht um Chánach Fuinnimh de chuid na Sualainne, agus ní dheonaítear iad faoi Airteagal 19 den Treoir dá bharr.

Thug an tSualainn údar leis an mbeart trí bhéim a leagan ar chuspóirí comhshaoil, mar aon le cuspóirí réigiúnacha agus cuspóirí beartais chomhtháthaithe. Chuir an tSualainn i bhfios go láidir go mbíonn rátaí dleachta máil náisiúnta maidir le leictreachas i bhfad níos mó ná na híosleibhéil chánachais a leagtar amach i dTreoir 2003/96/CE agus, dá bhrí sin, go gcuirtear dreasacht níos láidre don éifeachtúlacht fuinnimh ar fáil tríd an gcóras cánach ar an leibhéal náisiúnta i gcomparáid leis an dreasacht a cheanglaítear le híosrátaí an Aontais. Mar sin féin, dar le húdaráis na Sualainne, ní féidir an t‑ardleibhéal ginearálta cánachais sin a choinneáil ach amháin má thugtar laghdú cánach do na limistéir thuaidh, atá faoi mhíbhuntáiste iomaíoch mar gheall ar dhálaí aeráide. Ag an am céanna, mhaolódh an beart iarrtha na difríochtaí i gcostais téimh i gcodanna éagsúla den tír agus, ar an gcaoi sin, chuirfeadh sé le cuspóirí bheartais réigiúnacha agus chomhtháthaithe an Aontais.

Maidir leis an gcíneál míbhuntáiste a bheidh ann mar thoradh ar na difríochtaí aeráide, d’athdhearbhaigh údaráis na Sualainne an ráiteas a rinneadh san iarraidh a rinne siad roimhe seo ina ndúradh go bhfuil costais téimh 30 % níos airde, ar an meán, sna réigiúin thuaidh (leictreachais) 4 , ós rud é go maireann an tréimhse téimh sna limistéir sin 5 níos mó.

Léirítear i dTábla A thíos forbairt leibhéil infheidhme na cánach fuinnimh ar leictreachas.

Tábla A – Leibhéil na cánach fuinnimh ar leictreachas (2018-2023)

Bliain

Gnáthleibhéal

(öre/kWh)

Leibhéal laghdaithe

(öre/kWh)

2018

33.1

23.5

2019

34.7

25.1

2020

35.3

25.7

2021

35.6

26.0

2022

36.0

26.4

2023

39.2

29.6

Chun tionchar an laghdaithe cánach a léiriú, mhínigh údaráis na Sualainne gurb ionann an laghdú cánach agus 6% de lánchostas ríofa fuinnimh in aghaidh na bliana le haghaidh teach beag le téamh leictreach i dTuaisceart na Sualainne. Leis sin, bheadh meánchoigilt bhliantúil EUR 210 i gceist in aghaidh gach teaghlaigh ar ghnáthbhille leictreachais EUR 3363. Tá sciar de chostas iomlán an laghdaithe ag brath ar leibhéal phraghas miondíola an fhuinnimh. Luaigh údaráis na Sualainne freisin, ós rud é go raibh praghsanna sách ard ar an meán ann in 2022, go raibh an sciar den laghdú cánach mar chéatadán den chostas iomlán leictreachais le linn na bliana sin réasúnta íseal.

Ina theannta sin, chuir údaráis na Sualainne in iúl nach gcuireann an tSualainn díolúintí ná laghduithe i bhfeidhm maidir le leibhéal an chánachais ar leictreachas de réir bhrí Airteagal 15(1)(h) den Treoir.

Maidir leis an gcaillteanas ioncaim cánach a bheidh ann mar thoradh ar an laghdú go dtí SEK 96 in aghaidh Mwh, measann an tSualainn gurb ionann an caillteanas sin agus SEK 760 milliún (thart ar EUR 70 milliún) in aghaidh na bliana le haghaidh na tréimhse iarrtha 2024-2027.

(1)Oibriú an bhirt

Deonaítear an beart i bhfoirm ráta laghdaithe dleachta máil ar leictreachas. Cuirtear an ráta laghdaithe seo i bhfeidhm go díreach nuair a ghearrtar an cháin.

Ina leith sin, chuir an tSualainn i bhfios go láidir, fiú tar éis an laghdaithe cánach, go bhfuil na híosrátaí cánach a leagtar síos sa Treoir á gcomhlíonadh aici toisc go bhfuil an t‑ualach cánach thart ar 70 uair níos airde ná na híosrátaí cánachais maidir le húsáid ghnó (mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir), agus thart ar 35 uair níos airde ná na híosrátaí cánachais le haghaidh úsáid neamhghnó de réir na hIarscríbhinne céanna a ghabhann leis an Treoir.

(2)Raon feidhme

Tugadh an dleacht máil ar leictreachas isteach sa tSualainn in 1951. Íocann teaghlaigh agus cuideachtaí in earnáil na seirbhíse an ráta caighdeánach ar leictreachas, SEK 392 in aghaidh MWh (arna ríomh gach bliain), de ghnáth. Gearrtar cáin ar ráta níos ísle ar an leictreachas arna ídiú (i) sa tionscal monaraíochta agus sa talmhaíocht tráchtála, (ii) i ngníomhaíochtaí gairmiúla talmhaíochta, foraoiseachta nó dobharshaothraithe, (iii) mar leictreachas cois cladaigh, nó (iv) i dtraenacha nó i modhanna iompair iarnróid eile (nó le haghaidh oibriú innill nó téamh innill a bhaineann go díreach le hídiú den sórt sin) i gcomhréir leis na híosrátaí a leagtar amach sa Treoir.

Chuir údaráis na Sualainne in iúl gur tugadh isteach an difreáil gheografach ón 1 Iúil 1981 bunaithe ar shonraí oibiachtúla a bhaineann le meánteochtaí le linn na tréimhse téite. Ar an mbonn sin, tá feidhm ag ráta dleachta máil laghdaithe ar leictreachas 6 i mbardais uile chontaetha Norrbotten, Västerbotten agus Jämtland, agus i mbardais Sollefteå, Ånge, Örnsköldsvik, (i gcontae Västernorrland), Ljusdal (i gcontae Gävleborg), Malung-Sälen, Mora, Orsa, Älvdalen (i gcontae Dalarna) agus Torsby (i gcontae Värmland). Tá an beart seo teoranta do theaghlaigh agus cuideachtaí in earnáil na seirbhíse, a mbeadh feidhm ag ráta caighdeánach dleachta máil ar leictreachas ina leith (níos mó ná 10,000 tairbhí).

Dá bhrí sin, agus mar thoradh ar an mbeart, tá na dálaí céanna ag grúpaí íditheoirí leictreachais sna limistéir sin, i gcomparáid leis na dálaí atá ag na grúpaí íditheoirí céanna atá lonnaithe i ndeisceart na Sualainne.

(3)Argóintí údaráis na Sualainne maidir le tionchar an bhirt ar an margadh inmheánach

Measann údaráis na Sualainne nach ndéanfadh an beart difear d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Measann siad, cé go bhféadfadh tionchar a bheith ag an mbeart ar an trádáil idir na Ballstáit trí na costais a bhaineann le cuideachtaí in earnáil na seirbhíse a laghdú i réimsí áirithe i dtuaisceart na Sualainne, go mbeadh an tionchar sin fós teoranta toisc go n‑oibríonn formhór na gcuideachtaí in earnáil na seirbhíse laistigh de limistéar geografach teoranta de ghnáth.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Léitear Airteagal 19(1), an chéad fhomhír, den Treoir mar a leanas:

‘Sa bhreis ar na forálacha a leagtar amach sna hAirteagail roimhe seo, go háirithe in Airteagail 5, 15 agus 17, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, aon Bhallstát a údarú chun díolúintí nó laghduithe sa bhreis a thabhairt isteach i gcomhair breithnithe sonracha beartais.’

Maidir leis an mbeart atá beartaithe ag an tSualainn, tá sé i gceist leis an mbeart an ráta caighdeánach dleacht mháil ar an leictreachas arna ídiú ag teaghlaigh agus ag cuideachtaí in earnáil na seirbhíse a laghdú i limistéir áirithe i dtuaisceart na Sualainne.

Leagann údaráis na Sualainne béim ar dhá chuspóir de chuid an bhirt seo.

Ar an gcéad dul síos, léiríonn na húdaráis go bhfuil tionchar dearfach indíreach comhshaoil ag an ráta laghdaithe dleacht mháil trí chead a thabhairt don tSualainn ráta cánach níos airde a chur i bhfeidhm sna limistéir eile sa tír, ar ráta é ar a mbeadh laghdú ag teastáil murach sin mar gheall ar chás eisiach thuaisceart na Sualainne. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil ina ndlúthchuid de Threoir 2003/96/CE 7 cheana agus, dá bhrí sin, nach gcáilíonn siad mar bhreithnithe sonracha beartais. Mar sin féin, ní thugtar aghaidh leis an Treoir, ar bhealach ginearálta, ar riachtanais shonracha na réigiún ina bhfuil dálaí aeráide ar leith. Sa chomhthéacs sin, is féidir a mheas, dá bhrí sin, gur breithniú sonrach beartais é an aidhm maidir le rannchuidiú le leibhéal réasúnta ard cánachais a choinneáil ar bun, trí ráta laghdaithe, mura ndéantar amhlaidh, chun ualaí iomarcacha a sheachaint i réigiúin atá faoi réir na ndálaí sin.

Ar an dara dul síos, measann údaráis na Sualainne go ndéantar an laghdú agus na costais fhoriomlána téimh d’íditheoirí i limistéir áirithe i dTuaisceart na Sualainne a chomhfhogasú leis na costais a bhíonn ar íditheoirí i limistéir eile sa tír agus, dá bhrí sin, go mbaineann sé cuspóirí beartais réigiúnaigh agus comhtháthaithe amach. Maidir leis an bpointe sin, is féidir an t‑údarú iarrtha a mheas, de réir an chuspóra deiridh, mar údarú atá bunaithe ar bhreithnithe sonracha beartais.

Rialacha maidir le státchabhair

Déanann an laghdú cánach sealadach atá beartaithe ag údaráis na Sualainne na híosleibhéil ábhartha chánachais a urramú mar a leagtar síos in Airteagal 10 den Treoir.

Tá an togra seo gan dochar d’aon mheasúnú ar bheart na Sualainne faoi rialacha maidir leis an státchabhair. Thairis sin, ní dhéanann an togra le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle réamhbhreith ar oibleagáid an Bhallstáit comhlíonadh na rialacha maidir leis an státchabhair a áirithiú.

   Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Ní mór don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar gach iarraidh ar mhaolú faoi Airteagal 19 den Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, an gá atá le hiomaíocht chóir a áirithiú agus beartais sláinte, chomhshaoil, fuinnimh agus iompair an Aontais á gcur san áireamh.

Is é SEK 392 in aghaidh MWh 8 an ráta caighdeánach dleachta máil ar leictreachas is infheidhme maidir le teaghlaigh agus cuideachtaí in earnáil na seirbhíse sa tSualainn. Leis an laghdú atá beartaithe, is é SEK 296 in aghaidh MWh an bunráta is infheidhme i limistéir áirithe i dTuaisceart na Sualainne. Ós rud é go bhfuil na leibhéil chánachais ar leictreachas i bhfad os cionn na níosleibhéal i dTuaisceart na Sualainne agus sa chuid eile den tír araon, is féidir glacadh leis go bhféadfadh an laghdú cánach atá i gceist rannchuidiú go hindíreach le leibhéal foriomlán níos airde cosanta comhshaoil a bhaint amach ar an mbealach a ndéanann údaráis na Sualainne cur síos air.

Sa chomhthéacs sin, is é is aidhm don bheart na costais téimh níos airde a chúiteamh go páirteach sna limistéir ina bhfuil feidhm ag an ráta laghdaithe dleachta máil. De réir údaráis na Sualainne, d’fhág na dálaí aeráide sna limistéir sin ídiú leictreachais atá, ar an meán, níos airde ná an t‑ídiú sa chuid eile den tír, go príomha mar gheall ar thréimhse téimh níos faide.

Measann an tSualainn go bhfuil an beart comhoiriúnach do bheartais sláinte, chomhshaoil, fuinnimh, agus iompair an Aontais.

De réir na Sualainne, sna himthosca a thuairiscítear, is cosúil nach bhfuil drochthionchar ag an mbeart maidir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh ná maidir leis an ngá atá le hiomaíocht chóir a áirithiú. Go háirithe, mar gheall ar chineál iargúlta na limistéar ina bhfuil feidhm aige, agus toisc go bhfuil sé teoranta do theaghlaigh agus do chuideachtaí in earnáil na seirbhíse, níl údaráis na Sualainne ag súil leis go mbeidh saobhadh suntasach ar an iomaíocht nó go dtiocfaidh athruithe ar phatrúin trádála idir na Ballstáit mar thoradh air sin.

Ar deireadh, mheabhraigh an tSualainn go bhfuil laghdú cánach do na réimsí atá i gceist i bhfeidhm le tríocha bliain gan aon fhadhb maidir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh nó cuspóirí eile bheartas an Aontais eascairt as, a mhéid is eol don Choimisiún.

(4)Tréimhse chur i bhfeidhm an bhirt agus forbairt chreat an Aontais maidir le cánachas fuinnimh

Molann an Coimisiún go gcomhlíonfaidh an tréimhse cur i bhfeidhm (4 bliana) an tréimhse ama a cheadaítear le Treoir 2003/96/CE. Is cosúil gur iomchuí an tréimhse sin chun leibhéal leordhóthanach cinnteachta a áirithiú do na híditheoirí lena mbaineann.

Ina theannta sin, leanann an beart iarrtha na treoracha ón gCoimisiún a eascraíonn as an Teachtaireacht RePowerEU 9 ina gcuirtear i bhfios go láidir, agus béim á leagan ar theaghlaigh agus gnólachtaí leochaileacha, go niarrtar ar na Ballstáit bearta a ghlacadh lena ndreasaítear coigilteas fuinnimh agus lena laghdaítear ídiú breoslaí iontaise. I bhfianaise a fhaid agus na nimthosca geografacha agus aeráide, is cosúil go bhfuil an maolú iarrtha leordhóthanach agus comhréireach. Leis an mbeart, cuirtear san áireamh freisin an gá atá leis na cuspóirí sonracha beartais a liostaítear in Airteagal 19 den Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh, agus go háirithe beartas comhshaoil an Aontais, a chothromú leis an ngá chun inacmhainneacht fuinnimh a áirithiú do ghnólachtaí agus do theaghlaigh sna limistéir lena mbaineann sa tSualainn.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Níl réimse an chánachais indírigh a chumhdaítear le hAirteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ann féin faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh de réir bhrí Airteagal 3 den Chonradh.

Os a choinne sin, de bhun Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE, tugadh inniúlacht eisiach don Chomhairle, mar ábhar dlí thánaistigh, chun Ballstát a údarú díolúintí nó laghduithe sa bhreis a thabhairt isteach de réir bhrí na forála sin. Dá bhrí sin, ní féidir leis na Ballstáit iad féin a chur in ionad na Comhairle. Mar thoradh air sin, níl prionsabal na coimhdeachta infheidhme maidir leis an gcinneadh cur chun feidhme seo.

Comhréireacht

Leis an togra seo urramaítear prionsabal na comhréireachta.

Ní théann an laghdú cánach seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir atá i gceist a bhaint amach.

Tá an laghdú cánach infheidhme le linn tréimhse teoranta 4 bliana.

An rogha ionstraime

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim atá beartaithe.

Ní dhéanann Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE foráil ach maidir leis an gcineál sin birt.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní cheanglaítear leis an mbeart aon mheastóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh a rinne an tSualainn agus baineann sé leis an mBallstát sin agus leis an mBallstát sin amháin. Dá bhrí sin, ní dhearnadh aon chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara.

Bailiú agus úsáid saineolais

Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.

Measúnú tionchair

Baineann an togra le húdarú a thabhairt do Bhallstát aonair ar a iarraidh féin agus ní cheanglaítear leis measúnú tionchair a dhéanamh.

Tugtar le fios san fhaisnéis a chuir an tSualainn ar fáil go mbeadh tionchar teoranta ag an mbeart ar ioncaim chánach agus go mbeadh an ráta dleacht mháil ar leictreachas i dTuaisceart na Sualainne fós os cionn an íosleibhéil chánachais a leagtar síos i dTreoir 2003/96/CE. Tá an tSualainn ag súil go mbeidh tionchar dearfach ag an mbeart ar an méid a baineadh amach maidir le beartais shóisialta agus comhtháthaithe na tíre.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní dhéanann an beart foráil maidir le simpliú.

Is é is toradh ar an iarraidh a rinne an tSualainn agus baineann sé leis an mBallstát sin amháin.

Cearta bunúsacha

Níl aon tionchar ag an mbeart ar chearta bunúsacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní chuireann an beart seo aon ualach airgeadais agus riaracháin ar an Aontas.

Dá bhrí sin, níl aon tionchar ag an togra seo ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Níl aon ghá le plean cur chun feidhme. Baineann an togra le húdarú maidir le laghdú cánach le haghaidh Ballstát aonair ar a iarraidh féin. Soláthraítear é le haghaidh tréimhse theoranta 4 bliana.

Beidh na rátaí cánach is infheidhme os cionn na n‑íosleibhéal cánachais a leagtar síos sa Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh (Airteagal 10)

Is féidir meastóireacht a dhéanamh ar an mbeart i gcás iarraidh ar athnuachan tar éis dul in éag na tréimhse bailíochta.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ní cheanglaítear leis an togra aon doiciméad míniúcháin a bheith ann maidir leis an trasuí.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Sonraítear le hAirteagal   go gceadófar don tSualainn leanúint de ráta laghdaithe dleacht máil a chur i bhfeidhm ar leictreachas i limistéir áirithe sa tuaisceart.

Maidir leis an leibhéal cánachais tar éis laghduithe, ní fhéadfar é ach a bheith faoi bhun an íosleibhéil AE a leagtar amach i dTreoir 2003/96/CE, agus bheadh feidhm ag an laghdú sin maidir le gach íditheoir leictreachais a íocann an ráta caighdeánach dleacht mháil i dTuaisceart na Sualainne.

Chuideodh an beart leis na réigiúin faoi mhíbhuntáiste costais níos airde leictreachais atá ann mar thoradh ar an aeráid fhuar a mhaolú.

Sonraítear in Airteagal 2 go ndeonaítear an t‑údarú a iarradh le héifeacht ón 1 Eanáir 2023 ar feadh 4 bliana mar a d’iarr an tSualainn, laistigh den uastréimhse 6 bliana a cheadaítear leis an Treoir.

2024/0015 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear don tSualainn rátaí laghdaithe dleacht mháil a chur i bhfeidhm ar leictreachas arna ídiú ag teaghlaigh agus ag cuideachtaí in earnáil na seirbhíse atá lonnaithe i limistéir áirithe i dTuaisceart na Sualainne

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Comhphobail maidir le cánachas ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas 10 , agus go háirithe Airteagal 19(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2409 11 ón gComhairle, údaraítear don tSualainn ráta laghdaithe dleacht mháil a chur i bhfeidhm, go dtí an 31 Nollaig 2023, ar leictreachas arna ídiú ag teaghlaigh agus ag cuideachtaí in earnáil na seirbhíse i limistéir áirithe i dTuaisceart na Sualainne de bhun Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE.

(2)I litir dar dáta an 11 Aibreán 2023, d’iarr an tSualainn údarú a fháil chun leanúint de ráta laghdaithe dleacht mháil a chur i bhfeidhm ar leictreachas arna ídiú ag na tairbhithe céanna ar feadh 4 bliana sa bhreis, is é sin ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027. Tá an laghdú le bheith teoranta do SEK 96 in aghaidh MWh. I litir dar dáta an 10 Deireadh Fómhair 2023, sheol an tSualainn faisnéis bhreise agus soiléirithe breise.

(3)Sna limistéir lena mbaineann, tá na costais téimh níos airde ar an meán ná mar atá na costais téimh sna limistéir eile sa tír mar gheall ar an tréimhse níos faide téimh. Dá bhrí sin, trí chostais an leictreachais a laghdú do theaghlaigh agus do chuideachtaí in earnáil na seirbhíse sna limistéir sin, laghdaítear an bhearna idir costais fhoriomlána téimh d’íditheoirí i dTuaisceart na Sualainne agus na costais sin a bhíonn ar íditheoirí sna limistéir eile sa tír. Dá bhrí sin, rannchuidíonn an beart le cuspóirí an bheartais réigiúnaigh agus chomhtháthaithe a bhaint amach. Níor cheart go rachadh an laghdú cánach thar a bhfuil riachtanach chun na costais bhreise téimh a chúiteamh do theaghlaigh agus do chuideachtaí in earnáil na seirbhíse i limistéir áirithe i dTuaisceart na Sualainne.

(4)Beidh na rátaí laghdaithe cánachais os cionn na níosrátaí a leagtar síos in Airteagal 10 de Threoir 2003/96/CE.

(5)I bhfianaise gur iargúlta na limistéir ina bhfuil feidhm ag na rátaí sin, agus ós rud é go bhfuil an laghdú cánach teoranta do theaghlaigh agus do chuideachtaí in earnáil na seirbhíse, gan dul thar na costais bhreise téimh i dTuaisceart na Sualainne, ní mheastar go bhfágfaidh an beart go mbeidh saobhadh suntasach san iomaíocht ná athruithe ar thrádáil idir na Ballstáit.

(6)Dá bhrí sin, tá an beart inghlactha maidir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus maidir leis an ngá atá le hiomaíocht chóir a áirithiú. Ina theannta sin, tá an beart i gcomhréir le beartais sláinte, chomhshaoil, fuinnimh agus iompair an Aontais.

(7)I gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Threoir 2003/96/CE, tá gach údarú a dheonaítear faoin bhforáil sin le bheith teoranta ó thaobh ama de. Chun leibhéal leordhóthanach cinnteachta a áirithiú do na híditheoirí lena mbaineann, ba cheart an túdarú a dheonú ar feadh tréimhse 4 bliana, mar a iarradh.

(8)Tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh feidhm ag an údarú a deonaíodh faoi Chinneadh (AE) 2017/2409 ionas nach gcruthófar folús idir dul in éag an Chinnidh sin agus dáta chur i bhfeidhm an Chinnidh seo.

(9)Ionas nach mbainfear an bonn d’fhorbairtí ginearálta a dhéanfar amach anseo ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana, is iomchuí a fhoráil gur cheart, i gcás ina ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 nó ar bhonn aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, córas modhnaithe ginearálta a thabhairt isteach le linn na tréimhse údaraithe a leagtar amach sa Chinneadh sin chun cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas nach ndéanfaí an túdarú a oiriúnú ina leith, scoirfeadh an túdarú d’fheidhm a bheith aige an lá a thiocfaidh na rialacha ginearálta sin chun bheith infheidhme.

(10)Tá an Cinneadh seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.Leis seo, údáraítear don tSualainn ráta laghdaithe dleacht mháil a chur i bhfeidhm ar leictreachas arna ídiú ag teaghlaigh agus ag cuideachtaí in earnáil na seirbhíse atá lonnaithe sna bardais a liostaítear san Iarscríbhinn.

Maidir leis an laghdú a bheidh ar leictreachas mar thoradh ar ráta dleachta máil caighdeánach náisiúnta, ní rachaidh sé thar a bhfuil riachtanach chun na costais téimh bhreise a bheidh ann i dtuaisceart na Sualainne a chúiteamh, i gcomparáid leis an gcuid eile den tSualainn, agus ní rachaidh sé thar SEK 96 in aghaidh MWh.

2.Ní mór do na rátaí laghdaithe ceanglais Threoir 2003/96/CE a chomhlíonadh, agus go háirithe na híosrátaí a leagtar síos in Airteagal 10 den Treoir sin.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Airteagal 3

Is chuig Ríocht na Sualainne a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail maidir le cánachas ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas, IO L 283, 31.10.2003, lch. 51.
(2)    IO L 342, 21.12.2017, lch. 10.
(3)    Bunaithe ar ráta malairte SEK/EUR an 3 Deireadh Fómhair 2022 (SEK 10.8743 = EUR 1). Féach, chuige sin, Airteagal 13(1) de Threoir 2003/96/CE agus IO C 331, 3.10.2017, lch. 3.
(4)    Roinntear an tSualainn ina 4 limistéar praghais (ón deisceart go dtí an tuaisceart): Malmö (SE4), Stockholm (SE3), Sundsvall (SE2) agus Luleå (SE1).
(5)    Réigiúin leictreachais SE1 agus SE2.
(6)    Cf. An tAcht um Cháin Fuinnimh (1994 :1776), Caibidil 11, Ranna 4, 9 agus 17.
(7)    Cf. go háirithe aithris (6) agus aithris (7).
(8)    Bunaithe ar Airteagal 5 de Threoir 2003/96/CE, féadfaidh Ballstáit rátaí difreáilte cánachais a chur i bhfeidhm idir úsáid gnó agus úsáid neamhghnó. Ar bhonn Airteagal 11(4) de Threoir 2003/96/CE, féadfaidh na Ballstáit raon feidhme an leibhéil laghdaithe cánachais d’úsáid gnó a theorannú. Bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir an tSualainn ar fáil, tá raon feidhme an ráta úsáide gnó le haghaidh leictreachais teoranta d’earnáil na monaraíochta. Dá bhrí sin, cuirtear an ráta cánach le haghaidh úsáid neamhghnó i bhfeidhm ar theaghlaigh agus ar chuideachtaí in earnáil na seirbhíse araon. Is é EUR 1 in aghaidh MWh íosleibhéal cánachais an Aontais le haghaidh úsáid neamhghnó
(9)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal REPowerEU: Gníomhaíocht chomhpháirteach Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe, (COM(2022) 108 final, 8.3.2022)
(10)    IO L 283, 31.10.2003, lch. 51.
(11)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2409 ón gComhairle an 18 Nollaig 2017 lena núdaraítear don tSualainn ráta laghdaithe dleacht mháil a chur i bhfeidhm ar leictreachas arna ídiú ag teaghlaigh agus ag cuideachtaí in earnála na seirbhíse atá lonnaithe i limistéir áirithe i dTuaisceart na Sualainne i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE (IO L 342, 21.12.2017, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2017/2409/oj).
Top

An Bhruiséil,30.1.2024

COM(2024) 39 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle

lena n‑údaraítear don tSualainn rátaí laghdaithe dleacht mháil a chur i bhfeidhm ar leictreachas arna ídiú ag teaghlaigh agus ag cuideachtaí in earnáil na seirbhíse atá lonnaithe i limistéir áirithe i dTuaisceart na Sualainne



IARSCRÍBHINN

Réigiúin

Bardais

Norrbottens län

Gach bardas

Västerbottens län

Gach bardas

Jämtlands län

Gach bardas

Västernorrlands län

Sollefteå, Ånge, Örnsköldsvik

Gävleborgs län

Ljusdal

Dalarnas län

Malung, Mora, Orsa, Älvdalen

Värmlands län

Torsby

Top