AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.1.2024
COM(2024) 33 final
2024/0011(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2005/44/CE maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal
{SEC(2024) 38 final} - {SWD(2024) 15 final} - {SWD(2024) 16 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá fad breis agus 42 286 chiliméadar (km) in uiscebhealaí intíre an Aontais agus tá siad ríthábhachtach chun calafoirt, cathracha agus lárionaid thionsclaíocha a nascadh. Tá fad 13 000 km sa ghréasán uiscebhealaí idirnasctha ann agus cumhdaíonn sé 13 Bhallstát agus freastalaíonn sé ar bhreis agus 250 calafort intíre TEN‑T sa ghréasán tras‑Eorpach iompair. I dtéarmaí méideanna iompair ar leibhéal an Aontais, tá ról tábhachtach ag an iompar uiscebhealaí intíre (IWT) sa chóras iompair Eorpach foriomlán d’ainneoin a mhéid a bheith cuíosach beag. In 2020, iompraíodh 131,7 billiún tona‑ciliméadar (tkm) de lasta trí uiscí intíre, arbh é sin 4,1 % den chion módach i dtéarmaí lasta (ba é 54,9 % é an t‑iompar de bhóthar, 29,1 % an t‑iompar d’fharraige, agus 11,9 % an t‑iompar d’iarnród. Ó thaobh lasta tirim de (táirgí talmhaíochta, mian, miotail, ábhair thógála, gual, etc.), ba é 59,8 % de mhéid an iompair uiscebhealaí intíre é sin in 2020, agus ó thaobh lasta leachtach de (ceimiceáin agus táirgí peitriliam), ba é sin 28,1 % agus ba é coimeádáin 12,1 % de.
De réir meáchain, láimhseáiltear 0,9 % d’allmhairí agus d’onnmhairí iomlána leis an iompar uiscebhealaí intíre san Aontas. Mar gheall ar a bhfuil i gceist leis, is gréasán é an t‑iompar uiscebhealaí intíre atá teoranta agus dírithe go geografach, ach dá ainneoin sin, cuireann sé rogha mhalartach thábhachtach ar fáil ar an iompar de bhóthar nó d’iarnród i gcás na réigiún i gcúlchríoch an Aontais is cóngaraí d’uiscebhealaí intíre. Dá bhrí sin, is le modhanna iompair ar tír is mó a bhíonn an t‑iompar uiscebhealaí intíre in iomaíocht – agus is minic a aicmítear é in éineacht leis na modhanna sin, agus ní chumhdaítear leis ach 6 % den trácht lasta a ghluaistear ar tír agus 0,01 % den trácht paisinéirí intíre. Braitheann forbairt na gníomhaíochta uiscebhealaí intíre go mór ar na nithe seo: (i) an gheografaíocht (suíomh na n‑aibhneacha); (ii) na cineálacha earraí a iompraítear nó is féidir a iompar; (ii) suíomh na láithreán táirgthe agus tomhaltais i ndáil leis an ngréasán uiscebhealaí intíre; agus (iv) infhaighteacht an bhonneagair trasloingsithe.
Is éard atá i seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) ardseirbhísí agus ardfheidhmiúlachtaí lena dtagraítear do ghnéithe a bhaineann le trácht nó le hiompar go príomha. Is éard atá i seirbhísí a bhaineann le trácht Seirbhís Faisnéise Seolbhealaí, Faisnéis Tráchta, Bainistíocht Tráchta, agus Faireachán Tráchta agus Laghdú Timpistí; is éard atá i seirbhísí a bhaineann le hiompar pleanáil turas, bainistíocht calafort agus críochfort, bainistíocht lasta agus flíteanna, staidreamh, agus muirir bhonneagair uiscebhealaí intíre.
Tacaíonn seirbhísí faisnéise tráchta abhann leis an mbainistíocht tráchta agus iompair sa loingseoireacht intíre. Tá sé d’aidhm ag na seirbhísí rannchuidiú leis na nithe seo: (i) próiseas iompair sábháilte agus éifeachtúil; agus (ii) go mbainfear an oiread úsáide as uiscebhealaí intíre agus is féidir. Cuireadh tús leis an bpróiseas reachtach chun seirbhísí faisnéise tráchta abhann a rialáil ar leibhéal an Aontais in 2005 nuair a glacadh an Treoir maidir le Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann (Treoir 2005/44/CE). Leis an Treoir leagtar creat síos um imlonnú agus úsáid seirbhísí faisnéise tráchta abhann oscailte, idir-inoibritheacha agus comhchuibhithe a bhfuil sé d’aidhm acu méadú a dhéanamh ar shábháilteacht agus éifeachtúlacht an iompair uiscebhealaí intíre san Aontas, agus ar neamhdhíobhálacht an iompair sin don chomhshaol. An tráth céanna, bhí an Treoir beartaithe chun comhéadain idir an t‑iompar uiscebhealaí intíre agus modhanna iompair eile a éascú (i.e. an t‑iompar ilmhodhach). Laistigh de chreat an Aontais, leagtar amach an méid seo a leanas leis an Treoir: (i) na ceanglais ghinearálta maidir leis an mbealach ar cheart do na Ballstáit seirbhísí faisnéise tráchta abhann a chur ar bun; (ii) na réimsí inar gá caighdeáin a fhorbairt; agus (iii) na prionsabail atá le leanúint. Is é an Coimisiún a fhorbraíonn na treoirlínte agus na sonraíochtaí teicniúla iarbhír agus is trí reachtaíocht thánaisteach a ghlactar iad.
Rinne an Coimisiún meastóireacht ex post ar an Treoir, lenar léiríodh go raibh tionchar dearfach aici ó thaobh seirbhísí faisnéise tráchta abhann a chomhchuibhiú. Mar sin féin, suíodh leis an meastóireacht freisin go bhféadfaí feabhsuithe a dhéanamh fós. Is amhlaidh é sin mar gheall ar na nithe seo a leanas, agus cur chun feidhme na Treorach á mheas: (i) níl an leibhéal cur chun feidhme ná aibíochta céanna sroichte ag teicneolaíochtaí na seirbhísí faisnéise tráchta abhann uile; agus (ii) níl úsáid iomlán ná an oiread úsáid bainte as na teicneolaíochtaí seirbhísí faisnéise tráchta abhann uile sna tíortha agus na conairí abhann uile. Thairis sin, bhí ról suntasach ag nuashonrú mall na gcaighdeán i bhforbairt mhall na seirbhísí faisnéise tráchta abhann. Is amhlaidh é sin toisc, sa chomhthéacs atá ann faoi láthair, go bhfuil forbairt na gcaighdeán bunaithe ar ionchur ó shaineolaithe ó na Ballstáit ar bhealach fadálach nach bhfuil ró‑chomhordaithe, sula mbeidh leagan nua réidh le glacadh faoi ghníomh cur chun feidhme. Léiríonn an taithí go mbíonn idir 5 bliana agus 12 bhliain i gceist sula mbíonn na caighdeáin ullmhaithe agus tugtha isteach san earnáil. Fágann sé sin go laghdaítear éifeachtúlacht na n‑oibreoirí iompair uiscebhealaí intíre agus go mbíonn siad ag baint úsáid as seanchaighdeáin agus seanteicneolaíocht. Le tuarascáil DINA (2017), scrúdaíodh imthosca a bhain leis an digiteáil agus lena dtionchar ar iomaíochas na hearnála i gcomparáid le modhanna iompair eile agus sainaithníodh seirbhísí faisnéise tráchta abhann mar rud a bhféadfadh ról tábhachtach a bheith acu san iompar uiscebhealaí intíre. Dá réir sin, mura ndéantar seirbhísí faisnéise tráchta abhann a imlonnú i gceart, is féidir leo bac a chur ar acmhainneacht iomaíochais earnáil an iompair uiscebhealaí intíre.
Thairis sin, leis an gComhaontú Glas don Eoraip cuirtear de cheangal ar na modhanna iompair uile, an t‑iompar uiscebhealaí intíre san áireamh, rannchuidiú le sprioc an Aontais a bhaint amach go mbeidh sé ina gheilleagar aeráidneodrach agus go gcosnófar an comhshaol. I gcás an iompair uiscebhealaí intíre, is éard a chiallaíonn sé sin freisin, iad a chomhtháthú ar bhealach níos fearr le modhanna iompair difriúla chun slabhra lóistíochta idirmhodhach, rianúil a chruthú. Chonacthas forbairtí i modhanna eile san earnáil iompair cheana féin. Mar shampla, glacadh forálacha dlíthiúla le haghaidh uirlisí digiteacha a bhaineann le lasta agus tugadh isteach iad in 2019 i gcás EMSWe agus in 2020 i gcás eFTI. Mar sin féin, is ar shábháilteacht na loingseoireachta a díríodh an Treoir maidir le Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann go dtí seo, gan comhtháthú an iompair uiscebhealaí intíre i slabhraí soláthair ilmhodhacha a chumasú. Ina theannta sin, tá malartú éifeachtúil na faisnéise thar theorainneacha idir údaráis tábhachtach ar mhaithe le córas iompair éifeachtúil. D’ainneoin feabhas a bheith curtha ar chomhar na mBallstát le himeacht ama, níl na tuarascálacha uile a úsáidtear san iompar uiscebhealaí intíre digitithe. Agus fiú i gcás ina bhfuil na tuarascálacha sin digitithe, baineann na Ballstáit úsáid as feidhmchláir tuairiscithe dhifriúla nach bhfuil comhoiriúnach le chéile. Ciallaíonn sé sin nár sainaithníodh aon laghdú substaintiúil le blianta beaga anuas ar an líon tuarascálacha leictreonacha long a cuireadh isteach an athuair ag teorainneacha. Thairis sin, ní dhéantar foráil leis an Treoir maidir le Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann i dtaca le hoibleagáid sonraí pearsanta a mhalartú trí na seirbhísí sin faoi láthair. Mar sin féin, tá údair imní curtha in iúl ag páirtithe leasmhara áirithe, na hoibreoirí soithí go háirithe, faoi rúndacht na faisnéise ar shuíomh na soithí, agus d’fhág sé sin go bhfuil drogall ar na Ballstáit faisnéis seirbhísí faisnéise tráchta abhann a chomhroinnt. Léiríonn an sampla sin gur cosúil nach eol do na Ballstáit ná do na páirtithe leasmhara a fhairsinge a dhéantar nó a d’fhéadfaí sonraí pearsanta a mhalartú go dleathach trí sheirbhísí faisnéise tráchta abhann – agus cé na críocha ar chucu a bhféadfaí déanamh amhlaidh. Ar deireadh, leis an meastóireacht (ar a raibh tionchar go páirteach ag easpa shuntasach sonraí a bheith le fáil), ní rabhthas in ann tionchar seirbhísí faisnéise tráchta abhann ar an inbhuanaitheacht ná ar aistriú córa iompair don earnáil a shainaithint.
Dá bhrí sin, is é an phríomhfhadhb atá ann imlonnú ilroinnte mall na seirbhísí faisnéise tráchta abhann, rud a chuireann bac ar iomaíochas agus sábháilteacht na hearnála, agus a choinníonn siar a rannchuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.
Toisc go bhfuil an t‑iompar uiscebhealaí intíre comhchruinnithe ar uiscebhealaí inseolta, na fadhbanna a leagtar amach sna míreanna roimhe, is sna huiscebhealaí ina bhfuil seirbhísí faisnéise tráchta abhann tugtha isteach agus á gcur i bhfeidhm amháin atá na fadhbanna céanna ag tarlú. Dá bhrí sin, is fadhbanna iontach speisialaithe iad atá dírithe ar limistéir gheografacha áirithe go príomha. Nuair a bheidh méid na hearnála á meas, beidh méid na bhfadhbanna a bhaineann léi teoranta mar gheall air sin in aon chomparáid leis an gcuid eile den earnáil iompair.
Chuige sin, tá sé d’aidhm ag an tionscnamh aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a shainaithnítear. Is é an cuspóir ginearálta a bhaineann le leasú a dhéanamh ar an Treoir creat éifeachtúil a sholáthar um imlonnú agus úsáid seirbhísí faisnéise tráchta abhann. Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha:
–infhaighteacht sonraí seirbhísí faisnéise tráchta abhann agus caighdeán comhchuibhithe a áirithiú;
–comhtháthú an iompair uiscebhealaí intíre sa slabhra ilmhodhach a éascú;
–glacadh agus idir‑inoibritheacht níos mó i leith réitigh dhigiteacha a áirithiú, agus aghaidh a thabhairt ar údair imní ó thaobh na cosanta sonraí de.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an réasúnaíocht chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann idirnasctha le príomhchuspóirí an bheartais atá ag an Aontas faoi láthair, mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Tar éis na straitéise cuimsithí um an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste, lena leagtar síos garsprioc go ndéanfar méadú 25 % ar an iompar ar uiscebhealaí intíre agus ar loingseoireacht ghearrthurais faoi 2030, agus go ndéanfar méadú 50 % air faoi 2050, thug an Coimisiún Eorpach plean gníomhaíochta NAIADES III i láthair i mí an Mheithimh 2021, plean ina raibh 35 phointe, chun borradh a chur faoi ról an iompair uiscebhealaí intíre inár gcórais soghluaisteachta agus lóistíochta. Is iad seo a leanas na príomhchuspóirí: (i) tuilleadh lasta a aistriú ar aibhneacha agus canálacha na hEorpa; agus (ii) an t‑aistriú chuig báirsí astaíochtaí nialasacha a éascú faoi 2050. Tá sé sin i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, atá ar son gur cheart cuid shubstaintiúil den lasta intíre a iompraítear ar bhóithre inniu a aistriú chuig na hiarnróid agus chuig uiscebhealaí intíre. Léiríonn Teachtaireacht NAIADES III gur cheart ról tábhachtach a bheith ag seirbhísí faisnéise tráchta abhann sa bheartas sin mar fhoinse sonraí lena gcuirtear leis an spás Eorpach sonraí gluaisteachta a bheidh ann amach anseo, rud a éascóidh an t‑iompar uiscebhealaí intíre a chomhtháthú i slabhraí gluaisteachta ilmhodhaí agus lóistíochta.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra seo comhsheasmhach le gníomhartha reachtacha atá i réimse an iompair uiscebhealaí intíre cheana mar aon le gníomhartha dlí maidir leis an iompar i gcoitinne – agus tá an togra comhlántach leo freisin. Ar leibhéal straitéiseach, tá sé i comhsheasmhach leis an Rialachán TEN‑T lena ndéileáiltear, i measc a thosaíochtaí, leis na nithe seo a leanas: (i) teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (amhail feidhmchláir TF, lena n‑áirítear seirbhísí faisnéise tráchta abhann, a chur chun feidhme); agus (ii) gnéithe ilmhodhacha, amhail bonneagar na gcalafort intíre a nascadh le bonneagar lasta iarnróid agus bonneagar an iompair de bhóthar. Ina theannta sin, tá cistiú á sholáthar le clár na Saoráide um Chónascadh na hEorpa, faoi TEN‑T, chun seirbhísí faisnéise tráchta abhann a fhorbairt. An cur chuige a mbaintear úsáid as sna roghanna beartais uile ina leith sin, ní dúbláil ná forbairt uirlisí digiteacha forluiteacha le haghaidh modhanna agus feidhmiúlachtaí iompair atá i gceist, ach ina áit sin, naisc le huirlisí atá ann cheana a chumasú agus feabhas a chur orthu (trí fhaisnéis iomchuí a mhalartú), rud a fhágann go mbainfear an úsáid is fearr as córais atá ann cheana.
Leis an Rialachán maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (eFTI), leagadh creat dlíthiúil síos lena gcuirtear ar a gcumas do ghnólachtaí faisnéis a chomhroinnt i bhformáid leictreonach le húdaráis forfheidhmithe (i.e. ar mhaithe le hearraí a iompar de bhóthar, d’iarnród, d’uiscebhealaí intíre agus d’aer san Aontas Eorpach). Ní chuirtear d’oibleagáid ar oibreoirí faisnéis rialála a chur ar fáil d’údarás inniúil go leictreonach. Mar sin féin, i gcás ina roghnaíonn siad an fhaisnéis sin a chur ar fáil go leictreonach, ní mór dóibh an tacar ceanglas a leagtar síos i Rialachán eFTI a leanúint. Faoi láthair, is teoranta an idirghníomhaíocht atá ann idir seirbhísí faisnéise tráchta abhann agus eFTI, cé go bhfuil sineirgí féideartha ann a d’fhéadfaí a bhaint amach trí ardáin eFTI a úsáid chun an fhaisnéis lasta a éilíonn seirbhísí faisnéise tráchta abhann a mhalartú.
Leis an Rialachán nua maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha (AFIR) tugtar spriocanna isteach le haghaidh an tsoláthair leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt uiscebhealaí intíre. Cuirtear de cheangal ar na Ballstáit leis an Rialachán freisin creataí beartais náisiúnta a tharraingt suas ina mbeidh tionscnaimh atá beartaithe chun bonneagar le haghaidh breoslaí malartacha, amhail le haghaidh hidrigine agus leictreachais, a imlonnú san iompar uiscebhealaí intíre. Is féidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann AFIR a chomhlánú tríd an malartú faisnéise a éascú: (i) idir soithí agus calafoirt intíre atá feistithe le haghaidh na mbreoslaí malartacha sin; agus go háirithe (ii) faoi infhaighteacht fíor-ama an bhonneagair. D’fhéadfadh sé sin tacú le glacadh na mbreoslaí sin ag earnáil an iompair uiscebhealaí intíre.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí chun reachtaíocht an Aontais a bhaineann le comhbheartas iompair a ghlacadh. Laistigh den chreat dlíthiúil sin, déanann an tAontas foráil maidir le teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a imlonnú ar bhonn comhchuibhithe agus comhordaithe ar uiscebhealaí intíre, ar teicneolaíochtaí iad a chuidíonn le méadú a dhéanamh ar shábháilteacht agus éifeachtúlacht an iompair d’uiscebhealaí intíre seachas a bheith ag brath ar ghníomhaíocht neamhchomhordaithe ó Bhallstáit aonaracha amháin.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
An riachtanas le gníomhaíocht ón Aontas, aithníodh é tráth a glacadh an Treoir maidir le Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann, nuair a bhí na seirbhísí sin á bhforbairt ar rátaí difriúla, le teicneolaíochtaí agus feidhmchláir dhifriúla ar fud na hEorpa, rud a d’fhág go raibh bacainní ar thurais trasteorann á gcruthú. Dá réir sin, in éagmais gníomhaíocht ón Aontas, is dócha go mbeadh difríochtaí i leibhéal agus i gcineál na seirbhísí faisnéise tráchta abhann a sholáthrófaí idir na Ballstáit, nó sna cineálacha cur chuige a ghabhann le tionscnaimh ar leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal abhann (i.e. ar leibhéal na gCoimisiún Abhann). Is é is dócha go bhfágfadh sé sin go mbeadh ilroinnt idir na réigiúin, toisc go mbeadh gach Coimisiún Abhann ag díriú ar a réitigh féin a chur i bhfeidhm, cur chuige a dtabharfaí bacainní ar an gcómhargadh isteach dá réir agus a bheadh ina chéim siar i dtéarmaí an chomhchuibhithe ar leibhéal conaire.
Is iad na Ballstáit ar a mbeidh tionchar díreach na Ballstáit sin atá faoi raon feidhme na Treorach, agus go sonrach, na Ballstáit ag a bhfuil uiscebhealaí inseolta lena mbaineann tábhacht ó thaobh TEN‑T de.
•Comhréireacht
Ullmhaíodh an togra chun aghaidh a thabhairt ar thorthaí an chleachta meastóireachta a luaitear thíos. Rinne an Coimisiún measúnú tionchair freisin chun bearta malartacha a shainaithint, a mheasúnú agus a mheas chun na cuspóirí céanna a bhaint amach.
Is é is cuspóir don togra an creat um sholáthar seirbhísí faisnéise tráchta abhann a thabhairt cothrom le dáta. Bainfear é sin amach trí na nithe seo a leanas a dhéanamh: (i) feabhas a chur ar chomhchuibhiú agus ar thabhairt isteach na sonraíochtaí teicniúla; (ii) malartú faisnéise ó sheirbhísí faisnéise tráchta abhann a éascú agus a leathnú idir úsáideoirí; agus (iii) raon feidhme na Treorach a dhíriú ar na huiscebhealaí inseolta lena mbaineann tábhacht ó thaobh TEN‑T de. Ní thugtar aon chostas ar ghnólachtaí isteach, agus is cosúil go bhfuil na costais bhreise do riaracháin náisiúnta teoranta, go háirithe agus iad á gcur i gcomparáid leis na tairbhí ó ualaí laghdaithe le haghaidh oibreoirí soithí agus na tionchair dhearfacha ón aistriú córa iompair lena bhfuil coinne.
•An rogha ionstraime
Ós rud é nach n‑éilítear leis an togra ach roinnt leasuithe a dhéanamh ar Threoir 2004/44/CE, is é Treoir leasaitheach an ionstraim dlí is iomchuí.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
15 bliana tar éis ghlacadh Threoir 2005/44/CE maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre san Aontas, rinne an Coimisiún meastóireacht ex post. Ba é ba chuspóir don mheastóireacht ex post sin tacú le haon chinneadh eile a bhainfeadh le creat reachtach a fhorbairt sa réimse beartais sin, lena n‑áirítear athbhreithniú féideartha ar an Treoir atá i bhfeidhm faoi láthair. Na torthaí ba thábhachtaí a tháinig as an meastóireacht, bhain siad le méid an chomhchuibhithe, méid atá difriúil ó theicneolaíocht seirbhísí faisnéise tráchta abhann go chéile, toisc nach mbaintear an oiread úsáide céanna astu sna tíortha agus sna conairí abhann uile. Thángthas ar an gconclúid leis an meastóireacht freisin nach raibh aon léiriú ann go raibh athrú córa iompair ag tarlú i dtreo na loingseoireachta intíre mar gheall ar an Treoir maidir le Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann. Thairis sin, léiríodh leis an meastóireacht go raibh an Treoir maidir le Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann agus a gníomhartha cur chun feidhme fós ábhartha, ach nach raibh príomhfhócas na Treorach ar shábháilteacht na loingseoireachta sách ailínithe le riachtanais na hearnála a thuilleadh. Go sonrach, suíodh leis an meastóireacht nach dtugtar aghaidh leis an Treoir maidir le Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann ar an ngá le feabhas a chur ar éifeachtúlacht an iompair uiscebhealaí intíre agus ar chomhtháthú an iompair sin i slabhraí soláthair ilmhodhacha. Ina theannta sin, suíodh leis an meastóireacht nach dtugtar aghaidh go leordhóthanach leis an Treoir maidir le Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann ar dhúshláin theicneolaíocha nua ná ar an digiteáil bhreise atá le déanamh san earnáil. Rinneadh na torthaí uile sin a mheas agus chuathas i ngleic leo sa phróiseas measúnaithe tionchair.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
I gcás an mheasúnaithe tionchair, bailíodh ionchur ó pháirtithe leasmhara trí mhodhanna éagsúla, lena n‑áirítear measúnú ar thionchar tionscanta, comhairliúchán poiblí oscailte agus comhairliúcháin spriocdhírithe a rinne conraitheoir seachtrach trí cheistneoirí ar líne, suirbhéanna spriocdhírithe, agallaimh, cruinnithe agus ceardlanna. Lorgaíodh ionchur cáilíochtúil (tuairimí, barúlacha, moltaí) agus faisnéis chainníochtúil (sonraí agus staidreamh) araon.
Áiríodh ar na páirtithe leasmhara: rannpháirtithe ó na húdaráis náisiúnta; úsáideoirí seirbhísí faisnéise tráchta abhann; monaróirí trealaimh seirbhísí faisnéise tráchta abhann; FBManna; eagraíochtaí idirnáisiúnta; comhlachais earnála; comhlachais ghairmiúla ar leibhéal Eorpach; údaráis na mBallstát; agus scipéirí (i.e. na grúpaí ábhartha uile a bhfuil leas dílsithe acu i seirbhísí faisnéise tráchta abhann).
•Saineolas a bhailiú agus a úsáid
Thug an Coimisiún faoi staidéar meastóireachta (meastóireacht ex post ar Threoir 2005/44/CE maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre san Aontas) chun tacú leis an meastóireacht ar dhoiciméad inmheánach oibre agus lena chruthú. Cuireadh tús leis an obair sin i mí Eanáir 2019 agus tugadh chun críche í i mí Eanáir 2020.
•Measúnú tionchair
Tá an togra bunaithe ar thorthaí ó mheasúnú tionchair a raibh staidéar tacaíochta a rinne comhairleoir seachtrach a bhfuil eolas sonrach aige sa réimse sin mar bhonn eolais faoi.
Rinneadh trí rogha beartais a dhearadh agus a mheasúnú chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna agus ar spreagthaí na bhfadhbanna a sainaithníodh tríd an measúnú tionchair. Tá bearta éagsúla sna trí rogha beartais uile chun cuidiú le cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach, cé go bhfuil leibhéal difriúil éifeachtachta agus éifeachtúlachta ag gach rogha beartais.
Le rogha beartais A, tugtar isteach nuashonrú teoranta ar an Treoir, gan athrú a dhéanamh ar raon feidhme na Treorach agus trí fhéachaint le haghaidh a thabhairt ar bhuneasnaimh na Treorach a sainaithníodh. Bunstruchtúr foriomlán na seirbhísí faisnéise tráchta abhann, a mhéid a bhaineann leis na heilimintí teicneolaíochta agus leis an mbealach a malartaítear faisnéis idir páirtithe leasmhara, d’fhanfadh sé mórán mar a chéile faoin rogha sin. Treoirlínte léirmhínitheacha maidir le caighdeáin agus a gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit, tá ról tábhachtach acu mar bheart neamhrialála sa rogha beartais sin, chun feabhas a chur ar an gcomhchuibhiú. Eilimint thábhachtach nua a thugtar isteach leis an rogha sin is ea an cinneadh ról i bhforbairt na gcaighdeán a thabhairt don Choiste Eorpach um ullmhú caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre (CESNI). Chun feabhas a chur ar cháilíocht bhunsonraí seirbhísí faisnéise tráchta abhann, ceanglaítear ar na Ballstáit méadú a dhéanamh ar a mhinice a sholáthraíonn siad nuashonruithe don Chóras Bainistíochta Sonraí Tagartha Eorpach (ERDMS). Ní mór do na Ballstáit sásra um láimhseáil gearán a chur ar bun d’úsáideoirí seirbhísí faisnéise tráchta abhann freisin chun fadhbanna a bhaineann le cur chun feidhme na seirbhísí a thuairisciú (agus beidh ar na Ballstáit tuairisciú ar an sásra sin don Choimisiún Eorpach ar bhonn bliantúil). Ar deireadh, beidh ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar a mhéid a bhaineann sonraí pearsanta leis na seirbhísí agus a áirithiú go ndéanfar na sonraí sin a phróiseáil ar an mbealach iomchuí.
Le rogha B, coinnítear roinnt beart ó rogha beartais A, amhail an sásra um láimhseáil gearán, an ceanglas chun sonraí ERDMS a thabhairt cothrom le dáta, rannpháirtíocht CESNI, agus an soiléiriú maidir le sonraí pearsanta. Mar sin féin, téitear níos faide le rogha beartais B i dtaca le tacú le seirbhísí faisnéise tráchta abhann a fhorbairt trí athrú tábhachtach a thabhairt isteach in ailtireacht na seirbhísí, toisc go mbeadh sé ina cheanglas leis an rogha beartais sin nód lárnach a chruthú chun faisnéis a mhalartú agus seirbhísí a sholáthar (an tArdán um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann). Dá bhrí sin, ní dhéanfaí faisnéis a mhalartú idir na húsáideoirí difriúla go díreach a thuilleadh (amhail an t‑oibreoir soithigh le calafoirt intíre) ach dhéanfaí í a mhalartú trí ardáin agus feidhmiúlachtaí an Ardáin um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann. Caighdeáin nua maidir leis an loingseoireacht agus pleanáil turas, atá ar iarraidh faoi láthair, thabharfaí isteach faoin rogha sin iad, rud a d’fhágfadh go soláthrófaí faisnéis bhreise d’oibreoirí soithí. Bheadh ról níos suntasaí ag malartú na faisnéise faoin rogha sin freisin. Faoin rogha sin, tuairisciú na faisnéise lasta trí eFTI, bheadh sé éigeantach d’oibreoirí soithí anois, agus bheadh sé de rogha acu freisin faisnéis oibríochtúil a mhalartú le calafoirt intíre go leictreonach freisin. D’fhéadfaí faisnéis oibríochtúil a mhalartú le modhanna iompair eile freisin. Dhéanfaí seirbhísí faisnéise tráchta abhann a dhíriú ar na huiscebhealaí is tábhachtaí freisin, toisc go mbeadh a raon feidhme ag teacht le raon feidhme uiscebhealaí TEN‑T.
Is é rogha C an rogha beartais is uaillmhianaí, toisc go leathnófaí léi a bhfuil i gceist leis an rogha roimhe trí dhá bheart éigeantacha, mar atá: (i) an ceanglas ar oibreoirí soithí a bpleananna turais a thuairisciú go leictreonach; agus (ii) an ceanglas chun sonraí a mhalartú le calafoirt intíre, rud lena dtabharfaí isteach, dá réir sin, creat nua um bainistíocht tráchta agus um fhorbairtí teicniúla amhail an digiteáil agus an t‑uathoibriú.
Sainaithnítear rogha beartais B mar an rogha beartais ab fhearr, ós rud é gur léi a thugtar an chothromaíocht is fearr idir na cuspóirí nach mór a ghnóthú, méid comhréireachta na hidirghabhála, na costais agus na tairbhí a thabhófaí, agus a éasca a bheadh sé an rogha a chur chun feidhme. Cé go léiríonn rogha beartais C na glantairbhí is airde, is leis an rogha sin a bhaineann an leibhéal costas is airde an tráth céanna. Tá na costais iomlána i gcás rogha C 434 % níos airde ná costais rogha B, cé nach bhfuil na tairbhí iomlána ach 107 % níos airde i gcás rogha C i gcomparáid le rogha B. Thairis sin, áirithítear le rogha B go dtugtar aghaidh ar na cuspóirí sonracha ar bhealach níos céimnithí agus níos éifeachtúla, rud lena mbaineann cóimheas níos fearr idir tairbhí agus costas ná rogha B (4,8 versus 1,9), agus a fhágann gur féidir le húdaráis agus oibreoirí aistriú go rianúil (i ngeall ar líon níos lú de bhearta éigeantacha).
Meastar gur EUR 450,4 milliún na tairbhí iomlána a eascróidh as an rogha beartais ab fhearr, arna shloinneadh mar luach láithreach le haghaidh thréimhse iomlán 2025-2050 i gcoibhneas leis an mbunlíne. Tá coinne leis freisin go mbeidh tairbhí indíreacha don tsochaí de thoradh na rogha sin, i dtéarmaí coigilteas i gcostais sheachtracha, a mheastar gur EUR 311 mhilliún a bheidh i gceist leo arna shloinneadh mar luach láithreach i gcaitheamh 2025-2050 i gcoibhneas leis an mbunlíne. Is é an úsáid níos mó a bhainfí as an iompar uiscebhealaí intíre agus an t‑aistriú ar shiúl ón iompar de bhóthar a spreagann na tairbhí sin. Maidir leis na costais, meastar gur EUR 356,7 milliún na glantairbhí i gcás na rogha beartais ab fhearr, arna shloinneadh mar luach láithreach i gcaitheamh 2025-2050 i gcoibhneas leis an mbunlíne.
Tá tuarascáil ar an measúnú tionchair ag gabháil leis an togra seo, agus cuireadh dréacht faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB) i mí Lúnasa 2023. D’eisigh RSB tuairim dhearfach ina leith, agus rinneadh athbhreithniú ar an tuarascáil ar an measúnú tionchair i gcomhréir le moltaí an Bhoird. Tugtar aghaidh ar na barúlacha ón mBord sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an togra reachtach seo.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Tá an tionscnamh seo ina chuid de Chlár Oibre 2023 an Choimisiúin faoi Iarscríbhinn II (tionscnaimh REFIT), faoin gceannteideal ‘Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach’. Baineann gné REFIT leis an tionscnamh i dtéarmaí an malartú faisnéise a shimpliú agus a chomhchuibhiú trí sheirbhísí faisnéise tráchta abhann. Leis an tionscnamh, laghdófar an t‑ualach riaracháin d’oibreoirí soithí trí laghdú a dhéanamh ar an ngá le faisnéis lasta a athchlárú mar aon leis an ngá le faisnéis lasta a thuairisciú do chalafoirt. Trí fheabhas a chur ar chomhchuibhiú fhaisnéis seirbhísí faisnéise tráchta abhann – agus trí mhalartú na faisnéise sin a éascú – meastar go mbeidh EUR 28,5 milliún de choigilteas costas riaracháin ann d’oibreoirí soithí de thoradh na rogha beartais ab fhearr, arna shloinneadh mar luach láithreach le haghaidh thréimhse iomlán 2025-2050 i gcoibhneas leis an gcás bunlíne. Thairis sin, trí laghdú a dhéanamh ar an iarracht is gá d’oibreoirí soithí a dhéanamh chun an fhaisnéis a theastaíonn chun críocha pleanála turas agus na loingseoireachta a fháil, tá coinne leis go ndéanfar laghdú EUR 72,1 milliún ar chostais an choigeartaithe d’oibreoirí soithí, arna shloinneadh mar luach láithreach le haghaidh thréimhse iomlán 2025-2050 i gcoibhneas leis an gcás bunlíne. Ina theannta sin, thairbheodh soláthraithe seirbhísí bogearraí Seirbhísí faisnéise tráchta abhann de rochtain ar níos mó sonraí lena mbaineann cáilíocht níos fearr, agus meastar gur EUR 8,1 milliún an coigilteas costas coigeartaithe, arna shloinneadh mar luach láithreach i gcaitheamh 2025-2050 i gcoibhneas leis an gcás bunlíne.
•Cearta bunúsacha
Rinneadh measúnú ar na roghanna beartais chun a chinneadh cé acu a bheadh nó nach mbeadh tionchar acu ar chearta bunúsacha agus/nó ar chóir chomhionann shaoránaigh an Aontais. Is é an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an túsphointe chun measúnú a dhéanamh ar chearta bunúsacha. Rinneadh measúnú ar na roghanna beartais uile maidir le hionstraim ábhartha an Aontais, agus thángthas ar an gconclúid go seasann na trí rogha uile go hiomlán le cearta daonna agus bunúsacha, agus nach mbeadh aon tionchar diúltach ag aon cheann de na roghanna ar na cearta sin. Tá sé sin go hiomlán i gcomhréir le reachtaíocht is infheidhme, rud lena méadaítear an tsoiléireacht dhlíthiúil d’úsáideoirí seirbhísí faisnéise tráchta abhann dá réir sin.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon iarmhairt ag an togra maidir le buiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Sainaithníodh socruithe iomchuí faireacháin agus tuairiscithe. Leis an sásra gearán a thugtar isteach ar leibhéal na mBallstát, beifear in ann dúshláin a d’fhéadfadh a bheith i gceist le cur i bhfeidhm na Treorach a shainaithint ‘ón mbun aníos’ agus é sin a dhéanamh go luath. Cuirfear é de cheangal ar na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún gach bliain agus faisnéis a sholáthar faoi réimsí gearán agus bearta ceartúcháin. Ina theannta sin, leis an Ardán um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann, is é sin an uirlis dhigiteach le haghaidh malartuithe leis na seirbhísí sin, beidh sé indéanta staidreamh a bhailiú lena mbeifear in ann faireachán a dhéanamh ar úsáid na seirbhísí céanna. Táscairí sonracha a mbeidh faireachán le déanamh orthu, forbrófar iad in éineacht leis an bhforbairt bhreise ar shonraíochtaí teicniúla le haghaidh an ardáin. Thairis sin, le faisnéis ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí cheana féin (Eurostat) – nó ó shuirbhéanna ad hoc agus ó chomhairliúcháin le saineolaithe na hearnála – soláthrófar faisnéis faoi thionchair oibríochtúla na Treorach agus faoina tionchair ar an margadh.
I bhfianaise go mbraitheann an tionscnamh ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta tánaistí (caighdeáin theicniúla), tá sé tábhachtach go gceadófar tráthchlár leordhóthanach chun an reachtaíocht thánaisteach sin a fhorbairt agus a thabhairt isteach. Dá bhrí sin, 7 mbliana tar éis dheireadh dháta chur chun feidhme na reachtaíochta, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh lena fhíorú a mhéid a baineadh amach cuspóirí an tionscnaimh.
•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
Níl gá le doiciméid mhíniúcháin óir go bhfuil sé d’aidhm ag an togra an córas atá ann cheana a shimpliú agus a shoiléiriú.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Is é Airteagal 1 den Treoir leasaitheach an phríomhchuid di agus tá leasuithe ar roinnt mhaith forálacha i dTreoir 2005/44/CE ann.
Leagtar amach thíos na hathruithe substainteacha ar an Treoir.
Ábhar agus raon feidhme
I bpointe 1, déantar Airteagal 1 a ionadú chun tagairtí atá as dáta a bhaint. I bpointe 2, Airteagal 2, leasaítear mír 1 chun raon feidhme na Treorach a oiriúnú agus é a dhíriú ar uiscebhealaí intíre na mBallstát atá ina gcuid den Ghréasán Tras‑Eorpach Iompair.
Sainmhínithe
Le pointe 3, tugtar sainmhínithe isteach lena léirítear eilimintí nua a thugtar isteach leis an Treoir seo, agus sainmhínithe a bhaineann go háirithe le córais agus ardáin leictreonacha a mbaintear úsáid astu san earnáil iompair.
Seirbhísí faisnéise tráchta abhann a chur ar bun agus treoirlínte agus sonraíochtaí teicniúla
Cuirtear pointe 4 in ionad Airteagal 4 chun an bealach a soláthrófar seirbhísí faoi sheirbhísí faisnéise tráchta abhann a thabhairt cothrom le dáta mar aon leis an gcineál seirbhísí a sholáthrófar. Faoi mhír 3, láidrítear agus beachtaítear an ceanglas atá ar na Ballstáit sonraí maidir leis an loingseoireacht agus pleanáil turas a sholáthar, agus tugtar ceanglas nua isteach faisnéis a sholáthar do ERDMS chun feabhas a chur ar cháilíocht fhoriomlán agus ar thráthúlacht na faisnéise a sholáthraítear d’úsáideoirí seirbhísí faisnéise tráchta abhann. Ina theannta sin, chun feabhas a chur ar mhalartú faisnéise agus ilmhodhacht an iompair uiscebhealaí intíre, tugtar ceanglais isteach maidir le faisnéis a mhalartú le córais agus ardáin eile a mbaintear úsáid astu san earnáil iompair (lena n‑áirítear le haghaidh EMSWe, eFTI, córais pobail calafoirt agus córais bonneagair uiscebhealaí intíre chliste).
Thairis sin, leagtar síos le mír 6 an struchtúr le haghaidh ailtireacht dhigiteach seirbhísí faisnéise tráchta abhann, trí ardán digiteach aonair a leagan síos (an tArdán um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann) ina chnámh dhroma dhigiteach ó thaobh na seirbhísí a sholáthar, trínar cheart na seirbhísí uile den sórt sin a fhorbairt agus a sholáthar. Tugtar de chumhacht don Choimisiún cinneadh a dhéanamh faoi shonraíochtaí teicniúla agus feidhmiúla an Ardáin um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann trí ghníomhartha cur chun feidhme.
Cuirtear pointe 5 in ionad Airteagal 5 agus baintear eilimintí atá as dáta leis agus tugtar sonraíochtaí teicniúla nua isteach leis is gá do na Ballstáit a chur i bhfeidhm chun soláthar na seirbhísí mar a cheanglaítear le hAirteagal 4 a áirithiú.
Údaráis inniúla agus gearáin a láimhseáil
Cuirtear pointe 6 in ionad Airteagal 8 chun údaráis inniúla a thabhairt isteach maidir leis an Ardán um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann a oibriú agus maidir le gearáin a láimhseáil. Le pointe 7 tugtar Airteagal 8(a) nua isteach lena dtugtar tuairisc ar ról agus ar phríomheilimintí an nós imeachta ba cheart a leanúint i láimhseáil na ngearán. Tá na Ballstáit freagrach as an nós imeachta sin a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus cuirtear de cheangal orthu tuairisciú ar a fheidhmíocht don Choimisiún Eorpach go tráthrialta. Leis sin, dhéanfaí foráil maidir le faireachán feabhsaithe agus le saincheisteanna maidir le cur chun feidhme na Treorach a láimhseáil níos tapúla.
Rialacha maidir le príobháideachas, slándáil agus athúsáid faisnéise
Cuirtear pointe 8 in ionad Airteagal 9, lena dtugtar na ceanglais maidir le príobháideachas, slándáil agus athúsáid faisnéise cothrom le dáta. Baintear forálacha atá as dáta le pointe 8 freisin.
Nós imeachta um leasú agus an tarmligean a fheidhmiú
Cuirtear pointe 9 in ionad Airteagal 10 maidir leis an nós imeachta um leasú, agus déantar foráil i mír 1 maidir le gníomh tarmligthe chun na híoscheanglais maidir le sonraí in Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta. Déantar foráil le mír 2 go leasóidh an Coimisiún Iarscríbhinn III chun an leagan is déanaí de ES‑RIS a thabhairt isteach trí ghníomh tarmligthe toisc go bhfuil na caighdeáin is gá um sheirbhísí faisnéise tráchta abhann ina ndlúthchuid den Treoir anois – ach gan bheith ina gcuid fhíor‑riachtanach – faoi réir coinníollacha. Le mír 3, tugtar de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn III a leasú trí ghníomh tarmligthe i gcás nach féidir tacar coinníollacha a chomhlíonadh.
Cuirtear pointí 10 agus 11 in ionad mhíreanna 2 agus 6 d’Airteagal 10(a) chun eilimintí atá as dáta a thabhairt cothrom le dáta.
Cuirtear pointe 12 in ionad Airteagal 11, agus leis sin baintear forálacha atá as dáta agus bunaítear an Coiste um Iompar ar Uiscebhealaí Intíre i gcáil coiste ábhartha de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Le pointe 13, scriostar míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 12 toisc go bhfuil forálacha sonracha maidir le trasuí iontu atá as dáta, toisc go bhfuil taithí leordhóthanach ann ar chur chun feidhme na seirbhísí faisnéise tráchta abhann agus gurb iad na huiscebhealaí is tábhachtaí is raon feidhme don Treoir leasaithe anois.
Le pointe 14 cuirtear isteach Airteagal 12a lena dtugtar isteach forálacha faireacháin maidir le cur chun feidhme na Treorach.
Cuirtear pointe 15 in ionad Iarscríbhinn I de Threoir 2005/44/CE lena n‑áirítear nuashonruithe ar na híoscheanglais maidir le sonraí.
Cuirtear pointe 16 in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2005/44/CE, chun prionsabail shonraíochtaí teicniúla maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann a thabhairt cothrom le dáta agus a chuíchóiriú.
Le pointe 17, cuirtear isteach Iarscríbhinn III nua ina bhfuil an tagairt do ES‑RIS.
Forálacha eile
Le hAirteagal 2 den Treoir leasaithe, leagtar síos an oibleagáid maidir le trasuí.
Le hAirteagal 3 den Treoir leasaithe, leagtar síos teacht i bhfeidhm na Treorach seo.
Le hAirteagal 4 den Treoir leasaithe leagtar síos na seolaithe.
Iarscríbhinní
Le hIarscríbhinn I leagtar amach na híoscheanglais maidir le sonraí a bheidh le soláthar maidir leis an loingseoireacht agus pleanáil turas. Le hIarscríbhinn II leagtar síos na prionsabail maidir le sonraíochtaí teicniúla na seirbhísí faisnéise tráchta abhann a fhorbairt. Le hIarscríbhinn III leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla is infheidhme maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann.
2024/0011 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2005/44/CE maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Treoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle bunaítear creat um imlonnú agus úsáid seirbhísí faisnéise tráchta abhann (‘RIS’) comhchuibhithe san Aontas. Le himlonnú seirbhísí faisnéise tráchta abhann ar uiscebhealaí intíre, tacaítear le sábháilteacht agus éifeachtúlacht an iompair d’uiscebhealaí intíre, agus ar deireadh, le hinbhuanaitheacht an iompair sin, trí mhéadú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na n‑oibríochtaí uiscebhealaí intíre.
(2)Ó tháinig Treoir 2005/44/CE i bhfeidhm, thairbhigh earnáil na n‑uiscebhealaí intíre de sholáthar seirbhísí faisnéise tráchta abhann comhchuibhithe. Mar sin féin, tá éagsúlacht idir na Ballstáit maidir le leibhéal an chomhchuibhithe, agus cruthaíodh gurbh fhadálach é an próiseas chun na sonraíochtaí ba ghá a thabhairt isteach. An tráth céanna, leis an gComhaontú Glas don Eoraip éilítear forbairt bhreise ar shoghluaisteacht ilmhodhach nasctha agus uathoibrithe, agus ba cheart seirbhísí faisnéise tráchta abhann a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua sin. Thairis sin, leis an Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste beartaítear athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2005/44/CE, i measc bhearta na Straitéise, chun an cuspóir a bhaint amach go gcuirfear chun cinn cruthú córais iompair a bheidh cliste i ndáiríre, mar aon le leithdháileadh éifeachtúil acmhainne agus bainistíocht tráchta. Léirítear le plean gníomhaíochta NAIADES III, chun tacú leis an gcuspóir go mbeidh uiscebhealaí intíre ina gcuid de chóras rianúil de sheirbhísí faisnéise tráchta abhann comhchuibhithe faoi 2030, go mbeadh sé d’aidhm ag athbhreithnithe ar an gcreat dlíthiúil um na seirbhísí sin cuidiú le bearnaí atá ann cheana le modhanna iompair eile, ó thaobh an chomhchuibhithe agus na hidir‑inoibritheachta de, a dhúnadh, agus rannchuidiú le feabhas a chur ar infhaighteacht sonraí, athúsáid agus idir‑inoibritheacht na gcóras digiteach, i gcomhréir leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí. Ba cheart na hathruithe agus na forbairtí sin chomh maith leis an taithí a fuarthas trí chur chun feidhme Threoir 2005/44/CE a chur san áireamh agus seirbhísí faisnéise tráchta abhann á n‑oiriúnú.
(3)Ar mhaithe le cur chuige comhleanúnach a ghlacadh i leith na hidir‑inoibritheachta in earnáil na seirbhíse poiblí, nuair a bheidh an tArdán um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann agus réitigh eile i raon feidhme an ghnímh seo á gcur chun feidhme, maidir leis na prionsabail a leagtar síos leis an gCreat Eorpach Idir-inoibritheachta (EIF) is déanaí, arna sainordú le hAirteagal 6 den togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta maidir le hardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach), ba cheart na prionsabail sin a leanúint.
(4)Le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 leagtar síos ceanglais maidir leis an ngréasán tras‑Eorpach iompair (‘TEN‑T’) a fhorbairt chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach, agus tá sé d’aidhm ag an Rialachán a áirithiú go mbeidh na seirbhísí ardcháilíochta céanna ar fáil agus comhoiriúnach le córais na modhanna iompair eile ar feadh an ghréasáin sin.
(5)I bhfianaise gur de chineál idirnáisiúnta tromlach na dturas a dhéanann soithí intíre, ba cheart seirbhísí faisnéise tráchta abhann a dhíriú ar na huiscebhealaí intíre sin atá ina gcuid de TEN‑T agus dá réir sin, lena mbaineann fíorthábhacht don Aontas agus ní díreach na huiscebhealaí sin a bhaineann le gréasán idirnasctha. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann leanúint de na ceanglais maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann a leathnú, ar bhonn deonach, chun codanna dá ngréasán uiscebhealaí intíre a chuimsiú cé is moite de na huiscebhealaí sin a áirítear in TEN‑T chun sainiúlachtaí náisiúnta a chur san áireamh.
(6)Léirigh an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm Threoir 2005/44/CE go bhfuil sé tábhachtach na sonraíochtaí teicniúla a láidriú, arb iad na sonraíochtaí teicniúla sin a bhaineann le sonraí faoi loingseoireacht agus pleanáil turas a sholáthar, chun feabhas a chur ar cháilíocht agus tráthúlacht na faisnéise a sholáthraítear d’úsáideoirí seirbhísí faisnéise tráchta abhann. Sa Chóras Bainistíochta Sonraí Tagartha Eorpach (‘ERDMS’) tá faisnéis a bhfuil gá leis ar mhaithe le feidhmiú cuí na seirbhísí faisnéise tráchta abhann agus is é an Coimisiún a chuir an córas ar bun agus a oibríonn é. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit tacú le hoibriú ERDMS trí na sonraí uile dá gceanglaítear a sholáthar go tráthúil agus athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh orthu de réir mar is gá ar bhonn bliantúil ar a laghad.
(7)Le faisnéis chruinn atá cothrom le dáta maidir leis an mbail atá ar an seolbhealach agus ar phointí sonracha, amhail droichid, loic agus calafoirt intíre, a bheith ar fáil d’úsáideoirí seirbhísí faisnéise tráchta abhann le linn na loingseoireachta, ba cheart feabhas a chur ar éifeachtúlacht fhoriomlán na hearnála uiscebhealaí intíre. Dá bhrí sin ba cheart a chuimsiú le seirbhísí faisnéise tráchta abhann malartuithe sonraí, a bheidh cothrom le dáta, le córais bainistíochta leath‑uathoibrithe agus lán‑uathoibrithe um chórais bhonneagair amhail loic agus droichid inaistrithe, mar aon le córais pobail calafoirt na gcalafort intíre.
(8)Chun go mbeifear in ann idirnascadh a dhéanamh idir Seirbhísí faisnéise tráchta abhann agus an slabhra lóistíochta, tá sé tábhachtach go gcomhroinnfear faisnéis, ní hamháin idir úsáideoirí an iompair uiscebhealaí intíre, ach le córais agus feidhmchláir modhanna iompair eile freisin. Leis na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta (‘MNSW’) laistigh den timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí (‘EMSWe’) ba cheart an tuairisciú comhchuibhithe long a chumasú ar fud an Aontais. Le malartú na faisnéise a bhaineann le trácht, amhail amanna teachta agus imeachta, d’áiritheofaí idir‑inoibritheacht, ilmhodhacht, agus comhtháthú rianúil an iompair uiscebhealaí intíre leis an slabhra lóistíochta foriomlán. An fhaisnéis leictreonach faoi iompar lastais (‘eFTI’), ba cheart í a bheith mar bhunús le malartú na faisnéise lasta idir úsáideoirí seirbhísí faisnéise tráchta abhann i gcás ina bhfuil gá. Nuair is gá, leis na seirbhísí sin ba cheart naisc a chruthú le córais agus ardáin modhanna iompair eile agus faisnéis a mhalartú leo.
(9)Malartú na faisnéise idir soithí uiscebhealaí intíre agus calafoirt intíre, maidir le hinfhaighteacht suiteálacha calafoirt, amanna oibriúcháin, nó faisnéis faoi shoithí agus lasta. mar shampla, ní i gcónaí a bhíonn an malartú sin chomh maith agus a d’fhéadfadh sé a bheith, rud ag a bhfuil tionchar ar éifeachtúlacht na n‑oibríochtaí iompair uiscebhealaí intíre. Baineann tábhacht ar leith le faisnéis faoi infhaighteacht bonneagair breosla mhalartaigh i gcalafoirt i dtaca le feidhmíocht chomhshaoil na hearnála a chur chun cinn. Chun malartú na faisnéise sin a shimpliú agus a chuíchóiriú agus chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fhoriomlán na hearnála, tá sé tábhachtach go mbeidh malartuithe den sórt sin ina gcuid de sheirbhísí faisnéise tráchta abhann agus go bhforbrófar na sonraíochtaí teicniúla is gá.
(10)Le hardán digiteach aonair a úsáid le haghaidh seirbhísí faisnéise tráchta abhann, ba cheart soláthairtí na seirbhísí sin a chuíchóiriú, feabhas a chur ar an éifeachtúlacht in oibríochtaí an iompair uiscebhealaí intíre agus laghdú a dhéanamh ar an ualach le haghaidh soláthraithe agus úsáideoirí seirbhísí faisnéise tráchta abhann. Leis an ardán sin (‘an tArdán um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann’) ba cheart tacú le seirbhísí ábhartha, ba cheart an t‑ardán féin a bheith ina phointe lárnach chun faisnéis seirbhísí faisnéise tráchta abhann a mhalartú laistigh den earnáil uiscebhealaí intíre agus le modhanna iompair eile chomh maith, agus dá bhrí sin, is é, thar aon rud eile, ba cheart a bheith ina chnámh droma dhigiteach ó thaobh na seirbhísí sin a sholáthar san Aontas. Ba cheart do na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a ainmniú a bheidh freagrach as an Ardán um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann a oibriú. Rialtóirí atá sna húdaráis sin chun an tArdán um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann a oibriú.
(11)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Ardán um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann a thabhairt isteach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an creat a leagan síos maidir leis an ardán a fhorbairt agus a fheidhmiú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(12)Chun a áirithiú go gcuirfear Treoir 2005/44/CE i bhfeidhm go cuí agus go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil nós imeachta éifeachtach ann chun gearáin a láimhseáil. Ba cheart d’údaráis na mBallstát dul i gcomhar le chéile agus gearáin á láimhseáil a bhfuil eilimintí trasteorann leo (mar shampla, caighdeáin neamhréireacha maidir le faisnéis soithí a thuairisciú), toisc go mbíonn turais idirnáisiúnta i gceist i 75 % d’oibríochtaí ar uiscebhealaí intíre. Trí anailís a dhéanamh ar ábhar na ngearán, mar aon lena minicíocht agus an bealach a réitítear iad agus a thráthúla a dhéantar amhlaidh, is féidir é a bheith indéanta a mhéid a chomhlíontar forálacha na Treorach a shainaithint, rud a thacóidh, dá réir sin, leis an bhfaireachán ar chur chun feidhme, trí réimsí inar féidir feabhas a chur ar an gcur chun feidhme a thabhairt le fios. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go mbaileoidh agus go dtuairisceoidh na Ballstáit an fhaisnéis sin don Choimisiún ar bhonn bliantúil. Aon láimhseáil gearán a dhéantar faoin treoir seo, ba cheart í a bheith gan dochar d’inniúlacht na n‑údarás maoirseachta faoi dhlíthe an Aontais agus na mBallstát, lena n‑áirítear Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725.
(13)Ba cheart forbairt na sonraíochtaí teicniúla tacar prionsabal a leanúint (go háirithe, na prionsabail a chuimsítear in Iarscríbhinn II) chun cur chun feidhme ceart comhchuibhithe fhorálacha Threoir 2005/44/CE a áirithiú. Leis na prionsabail sin ba cheart na príomheilimintí a leagan amach ba cheart a bheith i ngach comhpháirt de sheirbhísí faisnéise tráchta abhann.
(14)Leis na ceanglais agus sonraíochtaí teicniúla chun críoch seirbhísí faisnéise tráchta abhann, ba cheart a áirithiú go háirithe gur féidir sonraí uile na seirbhísí sin a phróiseáil i gcomhréir le córas cuimsitheach cearta‑bhunaithe um rialú rochtana a sholáthraíonn feidhmiúlachtaí sannta, agus i gcomhréir le córas den sórt sin amháin, a áirithiú gur féidir rochtain láithreach a bheith ag na húdaráis inniúla uile ar na sonraí sin i gcomhréir lena n‑inniúlachtaí rialála féin, go gcuirfear bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun feidhme chun a áirithiú gur féidir próiseáil na sonraí pearsanta trí mheán leictreonach a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena n‑áirítear chun cosaint a thabhairt ar sháruithe i ndáil le sonraí pearsanta agus gur féidir próiseáil na faisnéise tráchtála íogaire a dhéanamh ar bhealach lena n‑urramaítear rúndacht na faisnéise sin.
(15)Chun an loingseoireacht shábháilte is fearr a áirithiú i leith soithí in uiscebhealaí intíre, ba cheart do na Ballstáit a bheith ar an eolas faoi shuíomh na soithí uiscebhealaí intíre uile lena n‑áirítear trí úsáid a bhaint as sonraí ó chórais aitheantais uathoibríoch (‘AIS’). Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a bhaineann le seirbhísí faisnéise tráchta abhann a mhalartú freisin chun éifeachtúlacht na seirbhísí sin a mhéadú agus na ceanglais maidir le tuairisciú a laghdú. I gcás nach féidir faisnéis a bhaineann le seirbhísí faisnéise tráchta abhann a tharchur agus a mhalartú chun na gcríoch sin gan sonraí pearsanta a phróiseáil, ba cheart do na Ballstáit dlíthiúlacht phróiseáil na sonraí pearsanta sin a áirithiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.
(16)Chun a áirithiú go soláthrófar d’úsáideoirí seirbhísí faisnéise tráchta abhann an fhaisnéis is gá a bhaineann leis an loingseoireacht agus pleanáil turas, agus an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar na híoscheanglais maidir le sonraí a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/44/CE.
(17)I gcás ina dtabharfar údar cuí leis le hanailís iomchuí agus in éagmais caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus cothrom le dáta chun sábháilteacht na loingseoireachta a áirithiú, nó i gcás inarb amhlaidh mar gheall ar athruithe ar phróiseas cinnteoireachta an Choiste Eorpaigh um ullmhú caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre (CESNI) nó mar gheall ar thoradh an phróisis cinnteoireachta sin go ndéanfaí dochar do leasanna an Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2005/44/CE chun sonraíochtaí teicniúla iomchuí a sholáthar le haghaidhmaidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2005/44/CE agus an aidhm ann leasanna an Aontais a choimirciú.
(18)Léiríonn an taithí a fuarthas ó chur chun feidhme Threoir 2005/44/CE gurbh fhadálach é an tréimhse chun na sonraíochtaí teicniúla a thabhairt isteach agus a thabhairt cothrom le dáta, fadálacht ag a raibh tionchar ar fheidhmíocht na hearnála. Dá bhrí sin tá sé tábhachtach athrú a dhéanamh ar an bpróiseas lena dtugtar sonraíochtaí teicniúla isteach.
(19)Tugadh próiseas den sórt sin isteach le Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle bunaithe ar shonraíochtaí teicniúla a d’fhorbair CESNI. Gníomhaíonn CESNI faoi choimirce an Lárchoimisiúin um Loingseoireacht ar an Réin (‘LCLR’), tá sé oscailte do shaineolaithe ó na Ballstáit uile, agus tá sé freagrach as na caighdeáin theicniúla a tharraingt suas i réimse an iompair uiscebhealaí intíre. Léirigh taithí go bhfuil ceanglais theicniúla maidir le soithí loingseoireachta intíre forbartha agus tugtha cothrom le dáta ag CESNI ar bhealach eagraithe agus tráthúil. Agus saineolas CESNI á chur san áireamh, mar aon leis an taithí ó chur chun feidhme Threoir (AE) 2016/1629, ba cheart cur chuige comhchosúil a chur i bhfeidhm i gcás Threoir 2005/44/CE.
(20)Chun ardleibhéal sábháilteachta agus éifeachtúlachta sa loingseoireacht intíre a áirithiú, chun a áirithiú go soláthrófar seirbhísí faisnéise tráchta abhann agus chun dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil agus forbairtí eile san earnáil a chur san áireamh, an tagairt do na sonraíochtaí teicniúla is infheidhme maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann, is é sin an Caighdeán Eorpach maidir le Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann (ES‑RIS), ar choinníoll go mbeidh sí i gcomhréir le prionsabail Iarscríbhinn II, ba cheart an tagairt sin a bheith ina dlúthchuid de Threoir 2005/44/CE, ach gan bheith ina cuid fhíor‑riachtanach, agus ba cheart í a choimeád cothrom le dáta. Dá bhrí sin, ba cheart a tharmligean chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2005/44/CE i bhfianaise an tagairt don leagan is déanaí de chaighdeán ES‑RIS a thabhairt cothrom le dáta agus i bhfianaise dáta chur i bhfeidhm an Chaighdeáin a leagan síos.
(21)Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe, agus bíonn rochtain chórasach ag a saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(22)An Coiste um dheimhnithe máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d’uiscebhealach intíre dá dtagraítear in Airteagal 11 de Threoir 2005/44/CE, cuireadh deireadh leis. Ina áit, an Coiste um Iompar ar Uiscebhealaí Intíre, ag a bhfuil saineolas ar chaighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla san earnáil uiscebhealaí intíre, tá sé ábhartha chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i leith seirbhísí faisnéise tráchta abhann. Thairis sin, leis an Treoir seo tugtar leasuithe isteach ar Airteagal 5 agus Airteagal 12 de Threoir 2005/44/CE a bhaineann leis an nós imeachta coiste is gá a léiriú in airteagal nuashonraithe. Dá bhrí sin ba cheart Airteagal 11 de Threoir 2005/44/CE a leasú chun na hathruithe sin a léiriú.
(23)Chun críoch rialála níos fearr agus an tsimpliúcháin, ba cheart é a bheith indéanta tagairt a dhéanamh i dTreoir 2005/44/CE do chaighdeáin idirnáisiúnta gan macasamhla díobh a chruthú i gcreat dlíthiúil an Aontais.
(24)Tá seirbhísí faisnéise tráchta abhann bunaithe san Aontas ó bhí 2005 ann agus tá taithí nach beag cruinnithe ag na Ballstáit ar na seirbhísí sin a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Thairis sin, na sonraíochtaí teicniúla is gá le haghaidh fheidhmiú na seirbhísí faisnéise tráchta abhann, áirítear iad in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2005/44/CE. Maidir leis sin, ba cheart Airteagal 12(2) de Threoir 2005/44/CE a scriosadh. Ina theannta sin, trí leasú a dhéanamh ar raon feidhme Threoir 2005/44/CE chun díriú ar TEN‑T, is infheidhme an ceanglas chun seirbhísí faisnéise tráchta abhann a chur chun feidhme ar na huiscebhealaí is tábhachtaí, rud lena gcruthófar gréasán iompair iontaofa. Dá réir sin, ba cheart Airteagal 12(3) de Threoir 2005/44/CE a scriosadh.
(25)I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá agus is iomchuí go leagfar síos rialacha maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann a bhunú, a oibriú agus maidir lena sonraíochtaí teicniúla, chun an bunchuspóir a ghnóthú go mbunófar creat um sholáthar seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) san Aontas. Ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
(26)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug sé tuairim an [XX XX 2024].
(27)Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2005/44/CE a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2005/44/CE
Leasaítear Treoir 2005/44/CE mar a leanas:
(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:
‘Airteagal 1
Ábhar
1.Leis an Treoir seo bunaítear creat le haghaidh imlonnú agus úsáid seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe san Aontas chun tacú leis an iompar uiscebhealaí intíre d’fhonn sábháilteacht, éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht an iompair sin a fheabhsú agus comhéadain le modhanna iompair eile a éascú.
2.Leis an Treoir seo bunaítear creat le haghaidh ceanglais theicniúla, sonraíochtaí teicniúla agus coinníollacha teicniúla a bhunú agus a fhorbairt a thuilleadh chun seirbhísí faisnéise tráchta abhann oscailte, idir-inoibritheacha agus comhchuibhithe a áirithiú ar uiscebhealaí intíre an Aontais agus chun leanúnachas le seirbhísí bainistíochta tráchta a bhaineann le modhanna eile a áirithiú, go háirithe seirbhísí bainistíochta agus faisnéise tráchta soithí muirí.’
(2)in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann a chur chun feidhme agus a oibriú ar uiscebhealaí intíre agus i gcalafoirt intíre uile na mBallstát atá ina gcuid den ghréasán tras‑Eorpach iompair, mar a shonraítear agus a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.’
(3)in Airteagal 3, cuirtear na pointí (ha) go (hi) seo a leanas isteach:
‘(ha)ciallaíonn ‘gréasán tras‑Eorpach iompair’ (TEN‑T) uiscebhealaí intíre mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 1315/2013;
(hb)ciallaíonn ‘faisnéis leictreonach faoi iompar lastais’ (eFTI) faisnéis leictreonach faoi iompar lastais mar a shainmhínítear in Airteagal 3(4) de Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(hc)ciallaíonn ‘timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí’ (‘EMSWe’) timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(hd)ciallaíonn ‘Ionad Ilfhreastail Muirí Náisiúnta’ Ionad Ilfhreastail Muirí Náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3) de Rialachán (AE) 2019/1239;
(he)ciallaíonn ‘Córas Bainistíochta Sonraí Tagartha Eorpach’ (ERDMS) stóras (leabharlann) atá ina phointe rochtana aonair le haghaidh sonraí tagartha agus liostaí cód a bhaineann feidhmchláir TF úsáid astu san iompar uiscebhealaí intíre arna oibriú ag an gCoimisiún;
(hf) ciallaíonn ‘Córas Pobail Calafoirt’ ardán leictreonach chun faisnéis a mhalartú idir páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha chun próisis rianúla calafoirt agus lóistíochta a áirithiú;
(hg) ciallaíonn ‘córas bonneagair uiscebhealaí intíre cliste’ ardán leictreonach a thacaíonn le bainistíocht leath‑uathoibrithe agus lán‑uathoibrithe bhonneagar an iompair uiscebhealaí intíre i loic agus droichid inaistrithe in TEN‑T, arna oibriú ag údaráis phoiblí um bainistiú uiscebhealaí;
(hh) ciallaíonn ‘Ardán um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann’ ardán leictreonach atá ina phointe rochtana aonair arb í faisnéis náisiúnta na seirbhísí faisnéise tráchta abhann is foinse dó agus lena soláthraítear Seirbhísí Faisnéise Iompair, Tráchta, Bonneagair agus Seolbhealaí, lena n‑áirítear pleanáil iompair agus bealaí, d’úsáideoirí seirbhísí faisnéise tráchta abhann agus a úsáidtear ar mhaithe leis an tuairisciú leictreonach de réir phrionsabal ‘na haonuaire’;
(hi) ciallaíonn ‘calafoirt intíre’ calafort uiscebhealaigh intíre de chroíghréasán TEN‑T nó de ghréasán cuimsitheach TEN‑T, mar a dhéantar a liostú agus a chatagóiriú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013.’
(4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:
‘Airteagal 4
Seirbhísí faisnéise tráchta abhann a bhunú
1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun seirbhísí faisnéise tráchta abhann a chur chun feidhme ar uiscebhealaí intíre agus calafoirt intíre atá faoi raon feidhme na Treorach seo.
2.Forbróidh na Ballstáit seirbhísí faisnéise tráchta abhann ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh feidhmchlár na seirbhísí éifeachtúil, inleathnaithe agus idir-inoibritheach chun gur féidir leis idirghníomhú le feidhmchláir eile seirbhísí faisnéise tráchta abhann agus le córais le haghaidh modhanna iompair eile, agus comhéadain a sholáthar do chórais bainistíochta iompair agus gníomhaíochtaí tráchtála an tráth céanna freisin.
3.Chun seirbhísí faisnéise tráchta abhann a bhunú, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)a áirithiú go soláthrófar na sonraí ábhartha uile d’úsáideoirí seirbhísí faisnéise tráchta abhann ar sonraí iad a bhaineann leis an loingseoireacht agus pleanáil turas ar uiscebhealaí intíre. Beidh na sonraí sin, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I, cothrom le dáta agus soláthrófar iad i bhformáid leictreonach choiteann inrochtana ar a laghad;
(b)a áirithiú go mbeidh cairteacha leictreonacha loingseoireachta atá oiriúnach chun críocha na loingseoireachta ar fáil d’úsáideoirí seirbhísí faisnéise tráchta abhann le haghaidh na n‑uiscebhealaí intíre uile dá gcuid atá in TEN‑T;
(c)a mhéid a cheanglaítear an tuairisciú long de réir rialacháin náisiúnta nó rialacháin idirnáisiúnta, é a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla tuarascálacha leictreonacha long de na sonraí a cheanglaítear a fháil ó longa. San iompar trasteorann, tarchuirfear an fhaisnéis sin chuig údaráis inniúla na tíre comharsanaí agus cuirfear i gcrích aon tarchur den sórt sin sula dtiocfaidh na soithí chun na teorann;
(d)a áirithiú, maidir le fógraí do scipéirí, lena n‑áirítear maidir leis an leibhéal uisce (nó uasdoimhneacht snámha incheadaithe) agus tuarascálacha oighir i dtaca lena n‑uiscebhealaí intíre, go soláthrófar na fógraí sin mar theachtaireachtaí caighdeánaithe, ionchódaithe agus in‑íoslódáilte. Beidh sa teachtaireacht chaighdeánaithe an fhaisnéis is gá le haghaidh na loingseoireachta sábháilte ar a laghad. Beidh na fógraí do scipéirí cothrom le dáta agus soláthrófar iad i bhformáid leictreonach choiteann inrochtana ar a laghad;
(e)a áirithiú go ndéanfar ERDMS a choimeád cothrom le dáta trí na sonraí uile is gá a sholáthar gan mhoill agus athbhreithniú a dhéanamh orthu uair sa bhliain ar a laghad;
(f)a áirithiú go ndéanfar ar a laghad faisnéis a bhaineann le trácht a mhalartú idir seirbhísí faisnéise tráchta abhann agus timpeallachtaí leictreonacha malartaithe faisnéise arna mbunú le dlí an Aontais agus a mbaintear úsáid astu i modhanna iompair eile, lena n‑áirítear trí Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta laistigh de EMSWe;
(g)a áirithiú, maidir le faisnéis a bhaineann le hearraí contúirteacha, mar a cheanglaítear de bhun Chaibidil 5.4 de Chuid 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha ar Uiscebhealaí Intíre (ADN), arna thabhairt i gcrích sa Ghinéiv an 26 Bealtaine 2000, dá dtagraítear i Roinn III.1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis inniúla ar ardán eFTI, trí nasc leictreonach uathúil sainaitheanta dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2020/1056;
(h)a áirithiú go ndéanfar faisnéis a mhalartú idir seirbhísí faisnéise tráchta abhann agus córais pobail calafoirt na gcalafort intíre, lena n‑áirítear, i measc faisnéis eile, faisnéis cothrom le dáta maidir le hinfhaighteacht na mbeart, agus bonneagair breosla mhalartaigh, agus go háirithe na suiteálacha sin a cheanglaítear de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(i)a áirithiú go ndéanfar faisnéis a mhalartú idir seirbhísí faisnéise tráchta abhann agus córais bonneagair uiscebhealaí intíre chliste eile chun trácht abhann a bhainistiú.
Déanfar na hoibleagáidí dá dtagraítear sa mhír seo a chomhlíonadh i gcomhréir leis na ceanglais agus na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II.
4.Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lárionaid seirbhísí faisnéise tráchta abhann a bhunú de réir riachtanais réigiúnacha.
5.Déanfaidh na Ballstáit Ardán aonair um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann, lena soláthraítear sonraí a bhaineann le seolbhealaí, bonneagar, trácht agus iompar, a chruthú, a oibriú, a úsáid agus a choinneáil ar bun. Beidh an tArdán um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann inrochtana le haghaidh úsáideoirí uile na seirbhísí sin agus is é an príomhardán a bheidh ann chun faisnéis a bhaineann leis na seirbhísí a mhalartú. Beidh comhéadain ann le haghaidh naisc le córais modhanna eile iompair agus calafort intíre. Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as an Ardán um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann a oibriú.
6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena leagfar síos na saintréithe, róil agus nósanna imeachta oibríochtúla le haghaidh an Ardáin um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann agus lena sainaithneofar a eintiteas oibriúcháin, bunaithe ar na prionsabail le haghaidh sonraíochtaí teicniúla na seirbhísí sin a leagtar amach i bpointe 7 d’Iarscríbhinn II, chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme ar bhonn aonfhoirmeach ar fud an Aontais. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
7.Chun úsáid a bhaint as na córais aitheantais uathoibríoch (‘AIS’), beidh feidhm ag an socrú réigiúnach a bhaineann leis an tseirbhís radaiteileafóin ar uiscebhealaí intíre a tugadh i gcrích in Basel an 6 Aibreán 2000 faoi chuimsiú rialacháin raidió an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (IRCS).
8.Déanfaidh na Ballstáit, más iomchuí i gcomhar leis an Aontas, máistrí báid, oibreoirí, gníomhairí nó úinéirí soithí a sheolann ar a n‑uiscebhealaí intíre agus seoltóirí nó úinéirí earraí arna n‑iompar ar bord na soithí sin, a spreagadh chun leas iomlán a bhaint as na seirbhísí a chuirtear ar fáil faoin Treoir seo.
9.Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun idir‑inoibritheacht, iontaofacht agus sábháilteacht na seirbhísí faisnéise tráchta abhann a fhíorú.’
(5)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:
‘Airteagal 5
Sonraíochtaí teicniúla
1.Chun tacú le seirbhísí faisnéise tráchta abhann agus chun idir‑inoibritheacht na seirbhísí sin a áirithiú mar a cheanglaítear le hAirteagal 4(2), beidh feidhm ag na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn III i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus cumhdófar leis na sonraíochtaí sin na réimsí seo a leanas go háirithe:
(a)córas taispeána cairteacha leictreonacha agus faisnéise um loingseoireacht intíre (ECDIS Intíre);
(b)tuairisciú leictreonach long;
(c)fógraí do scipéirí;
(d)córais rianaithe agus lorgaireachta soithí;
(e)comhoiriúnacht an trealaimh is gá chun úsáid a bhaint as seirbhísí faisnéise tráchta abhann;
(f)oibriú an Ardáin um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann;
(g)idirnascadh agus malartú faisnéise le bunachair sonraí an Aontais (ERDMS);
(h)idirnascadh agus malartú faisnéise le hardáin TF modhanna iompair eile, lena n‑áirítear eFTI agus EMSWe ar a laghad;
(i)idirnascadh agus malartú faisnéise le córais bainistíochta calafoirt agus le córais bonneagair uiscebhealaí intíre chliste;
(j)forálacha maidir leis an loingseoireacht, agus pleanáil turas.’
(6)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:
‘Airteagal 8
Údaráis inniúla
Ainmneoidh na Ballstáit údaráis inniúla maidir leis an Ardán um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann a chur i bhfeidhm, sonraí a mhalartú go hidirnáisiúnta, an tArdán um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann a oibriú agus gearáin ó úsáideoirí na seirbhísí sin a láimhseáil. Tabharfar fógra faoi na húdaráis sin don Choimisiún faoin … [1 bhliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]’
(7)Cuirtear an tAirteagal 8a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 8a
Gearáin a láimhseáil
1.Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh nós imeachta éifeachtach i bhfeidhm chun gearáin a eascraíonn as cur i bhfeidhm na Treorach seo a láimhseáil.
2.Déanfar gearáin a láimhseáil ar bhealach lena seachnófar coinbhleachtaí leasa, agus a bheidh neamhspleách go feidhmiúil ar aon údarás inniúil maidir leis na seirbhísí faisnéise tráchta abhann a chur i bhfeidhm, sonraí a mhalartú go hidirnáisiúnta agus an tArdán um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann a oibriú. Láimhseálfar gearáin ar bhealach neamhchlaonta agus trédhearcach agus urramófar go cuí an ceart chun gnó a dhéanamh go neamhshrianta.
3.Déanfar gearáin a chomhdú sa Bhallstát ar ina uiscebhealaí nó ina chalafoirt intíre a d’eascair an chúis leis an ngearán. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear úsáideoirí na seirbhísí faisnéise tráchta abhann agus páirtithe leasmhara ábhartha eile ar an eolas maidir leis an áit a bhféadfaidís gearán a dhéanamh agus an chaoi a bhféadfaidís déanamh amhlaidh, agus cé hiad na húdaráis atá freagrach as gearáin a láimhseáil.
4.Rachaidh na húdaráis atá freagrach as gearáin a láimhseáil i gcomhar chun críoch gearán de chineál trasteorann.
5.Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis atá freagrach as gearáin a láimhseáil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, é a chur de cheangal ar údaráis inniúla maidir le cur i bhfeidhm seirbhísí faisnéise tráchta abhann agus sonraí a mhalartú go hidirnáisiúnta, agus de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí faisnéise tráchta abhann, bainisteoirí bonneagair agus oibreoirí calafort intíre faisnéis atá ábhartha do ghearán a sholáthar dóibh.
6.Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis atá freagrach as gearáin a láimhseáil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cinntí a ghlacadh ag a mbeidh éifeacht cheangailteach, faoi réir athbhreithniú breithiúnach, i gcás inarb infheidhme.
7.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin nós imeachta chun gearáin a láimhseáil faoin … [1 bhliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus, dá éis sin, faoi aon athrú ar an bhfaisnéis sin. Déanfaidh an Coimisiún faisnéis den sórt sin a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta ar a shuíomh gréasáin.
8.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas ar bhonn bliantúil faoi líon agus faoi chineál na ngearán arna bhfáil na húdaráis atá freagrach as gearáin a láimhseáil, faoin líon gníomhaíochtaí ceartúcháin arna ndéanamh, agus faoin am a bhí de dhíth chun gearáin a réiteach.’
(8)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:
‘Airteagal 9
Rialacha maidir le príobháideachas agus slándáil faisnéise
Déanfaidh na Ballstáit na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme chun faisnéis agus taifid seirbhísí faisnéise tráchta abhann a chosaint ar theagmhais gan choinne nó mí‑úsáid, lena n‑áirítear rochtain míchuí, athrú nó caillteanas agus chun rúndacht na faisnéis tráchtála agus na faisnéise íogaire eile a mhalartaítear de bhun na Treorach seo a áirithiú.’
(9)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:
‘Airteagal 10
Nós imeachta um leasú
1.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10a chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I, trí na híoscheanglais maidir le sonraí a thabhairt cothrom le dáta agus a athbhreithniú, agus an taithí a fhaightear ó chur i bhfeidhm na Treorach seo á chur san áireamh. mar aon leis an dul chun cinn teicniúil i dtaca le teicneolaíochtaí agus feidhmchláir seirbhísí faisnéise tráchta abhann a fhorbairt.
2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10a chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn III tríd an tagairt don leagan is déanaí de ES‑RIS a thabhairt cothrom le dáta, más iomchuí i bhfianaise na gcritéar a shainítear i mír 3, agus i gcomhréir le prionsabail Iarscríbhinn II, agus chun dáta a chur i bhfeidhm a leagan síos.
3.In éagmais sonraíochtaí teicniúla ábhartha agus cothrom le dáta, nó i gcás nach gcomhlíonann sonraíochtaí teicniúla arna bhforbairt ag CESNI aon cheanglas is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II, nó i gcás inarb amhlaidh mar gheall ar athruithe ar phróiseas cinnteoireachta CESNI nó ar eilimintí eile den chaighdeán go ndéanfaí dochar do leasanna an Aontais, agus i gcás ina dtabharfar údar cuí leis le hanailís iomchuí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10a chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn III chun sonraíochtaí teicniúla iomchuí a sholáthar bunaithe ar na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn II.’
(10)In Airteagal 10a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón [dáta teacht i bhfeidhm]. Tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.’
(11)In Airteagal 10a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun an Airteagail seo i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa.’
(12)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:
‘Airteagal 11
Nós imeachta coiste
1.Tabharfaidh an Coiste um Iompar ar Uiscebhealaí Intíre cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheidh sa Choiste sin.
2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.’
(13)in Airteagal 12, scriostar míreanna 2 agus 3.
(14)Cuirtear an tAirteagal 12a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 12a
Faireachán
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur ar bhun na seirbhísí faisnéise tráchta abhann san Aontas agus tuairisceoidh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin … [5 bliana tar éis an dáta teacht i bhfeidhm].’
(15)Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/44/CE.
(16)Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2005/44/CE.
(17)Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo isteach mar Iarscríbhinn III.
Airteagal 2
Trasuí
1.Na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit atá faoi raon feidhme na Treorach seo iad a thabhairt i bhfeidhm faoin … [1 bhliain amháin tar éis an teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
2.Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
3.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit ag a bhfuil uiscebhealaí intíre atá faoi raon feidhme Airteagal 2 de Threoir 2005/44/CE a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán