Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024PC0029

    Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1173 a mhéid a bhaineann le tionscnamh EuroHPC le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta chun borradh a chur faoi cheannaireacht na hEorpa san Intleacht Shaorga iontaofa

    COM/2024/29 final

    An Bhruiséil,16.2.2024

    COM(2024) 29 final/2

    2024/0016(NLE)

    CORRIGENDUM
    This document corrects COM(2024)29 final of 24.1.2024
    Concerns all languages versions
    Change of interinstitutional acronym
    The text shall read as follows:

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1173 a mhéid a bhaineann le tionscnamh EuroHPC le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta chun borradh a chur faoi cheannaireacht na hEorpa san Intleacht Shaorga iontaofa


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Le Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle 1 , lena naisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 ón gComhairle 2 , bunaítear an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach agus leagtar amach a mhisean agus a chuspóirí. Is é misean an Chomhghnóthais seirbhís sár-ríomhaireachta agus ríomhaireachta candamaí agus éiceachóras bonneagar sonraí den chéad scoth a bheidh cónasctha, slán agus hipearnasctha a fhorbairt, a chur chun úsáide, a leathnú agus a chothú san Aontas; tacú le forbairt agus glacadh córas sár-ríomhaireachta nuálach agus iomaíoch atá dírithe ar éileamh agus faoi stiúir an úsáideora bunaithe ar shlabhra soláthair lena náiritheofar infhaighteacht comhpháirteanna, teicneolaíochtaí agus eolas, teorainn a chur leis an riosca bristí, forbairt raon leathan feidhmchlár a bheidh barrfheabhsaithe le haghaidh na gcóras sin a chumasú; agus an úsáid a bhainfear as an mbonneagar sár-ríomhaireachta sin a leathnú amach chuig líon mór úsáideoirí poiblí agus príobháideacha, chomh maith le tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus le forbairt príomhscileanna le haghaidh eolaíocht agus earnáil tionsclaíochta na hEorpa.

    In Aitheasc ar Staid an Aontais 2023 ón Uachtarán Ursula von der Leyen 3 , d’fhógair sí tionscnamh nua chun acmhainneacht sár-ríomhaireachta an Aontais a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha san intleacht shaorga (IS) iontaofa chun oiliúint a chur ar a samhlacha. Éilíonn na samhlacha sin méideanna móra cumhachta ríomhaireachta chun na bunsamhlacha is forbartha a oiliúint agus a mhionchoigeartú chun acmhainneacht iomlán IS a scaoileadh, ceanglas nach féidir a chomhlíonadh ach amháin le sár-ríomhaireacht.

    Ós rud é go bhfuil an acmhainneacht sár-ríomhaireachta den chéad scoth is cumhachtaí ag an Aontas le fáil i saoráidí an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh (EuroHPC) (an ‘Comhghnóthas’), is iad na saoráidí sin is gá a chur ar fáil chun an tionscnamh sin a fhíorú. Dá réir sin, tá sé beartaithe cuspóir breise a thabhairt isteach don Chomhghnóthas, cuspóir lena gcumhdófar an rannchuidiú arna dhéanamh ag sár-ríomhairí le tionscnamh IS nua seo de chuid an Aontais.

    Leis an gcuspóir nua sin, beidh an Comhghnóthas in ann tacú le forbairt bhreise a dhéanamh ar éiceachóras nuathionscanta agus taighde intleachta saorga atá an-iomaíoch agus nuálach san Eoraip, lena n‑áirítear forbairt agus glacadh réiteach IS Eorpach, trí mhonarchana intleachta saorga a fheidhmiú. Is éard a bheidh ann sár-ríomhairí tiomnaithe IS a chur in úsáid agus a oibriú arna gcomhshuíomh le lárionaid mhóra sonraí nó atá nasctha le lárionaid sonraí trí líonraí fíor-ardluais, rud a fheabhsóidh feidhmíocht na sár-ríomhairí sin trína gcumas IS a uasghrádú go rialta; agus, seirbhísí sár-ríomhaireachta tiomnaithe atá dírithe ar IS a sholáthar chun tacú le tionscnamh agus éiceachóras taighde IS chun oiliúint agus forbairt ar mhórscála a chur ar fáil do shamhlacha agus córais IS ilchuspóireacha, iontaofa agus eiticiúla, agus do phobail úsáideoirí IS chun feidhmchláir IS atá ag teacht chun cinn a fhorbairt, a bhailíochtú agus a reáchtáil, go háirithe i réimsí na sláinte agus an chúraim, an athraithe aeráide, na róbataice, agus na tiomána nasctha agus uathoibrithe. Cothófar leis freisin díorma forbartha tallainne chun gníomhaíochtaí ardoideachais, oiliúna, scileanna agus athscilithe a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara ábhartha IS. Leis na Monarchana IS, bunófar sineirgí ar leibhéal an Aontais agus oibreoidh siad i gcomhar le tionscnaimh ábhartha eile de chuid an Aontais maidir le IS agus déanfaidh siad na tionscnaimh sin a chónascadh, amhail an tArdán Eorpach um Intleacht Shaorga ar éileamh, Saoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta IS, Lárionaid Inniúlachta EuroHPC, Lárionaid Barr Feabhais EuroHPC, agus aon tionscnamh Eorpach eile atá ag teacht chun cinn maidir le IS. Cuirfidh na hathruithe sin ar a chumas don Chomhghnóthas cumhacht ríomhaireachta saincheaptha agus seirbhísí ríomhaireachta saincheaptha a thairiscint chun oiliúint agus forbairt agus glacadh IS ar mhórscála a chothú san Aontas, rud nach ndéantar foráil shonrach sa Rialachán reatha ina leith.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Is é cuspóir an togra seo raon feidhme Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 a leathnú chun é a chur ar a chumas don Aontas freagairt d’fhorbairtí teicneolaíochta nua agus do riachtanais straitéiseacha, is é sin bogearraí agus bonneagair IS a fhorbairt, agus an gá atá le teicneolaíochtaí sár-ríomhaireachta a oscailt do ghnólachtaí nuathionscanta.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an togra sin i gcomhréir go hiomlán le beartais eile de chuid an Aontais, go háirithe na beartais sin a achtaíodh faoi thosaíocht an Choimisiúin ‘Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach’.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is é Airteagal 187 agus an chéad mhír d’Airteagal 188 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an Rialacháin leasaithe atá beartaithe.

    Coimhdeacht

    Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta a mhéid nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais.

    Comhlíonann Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle prionsabal na coimhdeachta ós rud é nach féidir leis na Ballstáit a chuspóirí, is iad sin cumais taighde agus nuálaíochta a neartú, sár-ríomhairí agus ríomhairí candamacha a fháil, agus rochtain ar ríomhaireacht ardfheidhmíochta, ríomhaireacht chandamach agus bonneagar sonraí ar fud an Aontais trí bhíthin Comhghnóthas, nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a bhaint amach go leordhóthanach, agus, de bharr dúbailt neamhriachtanach a sheachaint, mais chriticiúil a choinneáil agus a áirithiú go núsáidfear maoiniú poiblí ar bhealach barrmhaith, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.

    Tá méadú as cuimse ar an leibhéal infheistíochta a theastaíonn chun fanacht iomaíoch ar fud an domhain ag gabháil leis an bhfás ar thábhacht HPC don eolaíocht, don earnáil phoiblí agus don earnáil phríobháideach le blianta beaga anuas. Is measa fós é sin de dheasca an borradh a tháinig le déanaí ar chostas na luasairí atá fíor-riachtanach chun leanúint de bheith iomaíoch ar an scála domhanda chun samhlacha móra IS a fhorbairt agus a oiliúint. Mar thoradh air sin, aithnítear go forleathan go rachadh soláthar bonneagair chomhroinnte agus úsáid choiteann na gcumas atá ann cheana chun tairbhe do phobal Eorpach IS i ngach Ballstát. Áirítear leis sin na Ballstáit a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu bonneagair ríomhaireachta ardfheidhmíochta náisiúnta atá neamhspleách a chruthú agus, san am céanna, is féidir leo rannchuidiú go mór le cumais ríomhaireachta ardfheidhmíochta ar leibhéal an Aontais.

    Cuirfidh an leasú atá beartaithe ar a chumas don Chomhghnóthas acmhainneacht sár-ríomhaireachta a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha nuálacha, chun forbairt, tástáil agus bailíochtú réitigh IS a chothú, chun oiliúint agus forbairt mhórscála samhlacha agus córais IS ilfheidhmeacha, iontaofa agus eiticiúla a chumasú, agus ar an gcaoi sin iomaíochas agus bonn tionsclaíoch na hEorpa in IS a neartú. Is le comhghníomhaíocht den chineál sin ar leibhéal an Aontais, agus leis sin amháin, is féidir slándáil eacnamaíoch agus ceannasacht theicneolaíoch an Aontais a fheabhsú agus uirlisí agus cumhachtaí rialála an Aontais a ghiaráil chun rialacha agus caighdeáin dhomhanda a mhúnlú in IS, agus, an tráth céanna, rannchuidiú go mór le glacadh IS i dtionscal, i dtaighde agus i seirbhísí poiblí na hEorpa.

    Comhréireacht

    Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ós rud é gurb é atá ann creat comhair éifeachtach a oireann do réimsí idirghabhála uile an tionscnaimh sin, nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun na fadhbanna a sainaithníodh a réiteach agus go bhfuil sé comhréireach lena chuspóirí.

    An rogha ionstraime

    Éilítear Rialachán ón gComhairle chun Comhghnóthas ina mbíonn an tAontas rannpháirteach a chruthú agus a oibriú, a bhfuil leasú á mholadh ina leith anois.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Neamhbhainteach. Is leasú é seo ar Rialachán atá ann cheana, dá bhrí sin, ní dhearnadh aon mheastóireacht ex post, comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara, ná measúnú tionchair.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ní bheidh gá le hacmhainní breise ó bhuiséad an Aontais, ach baineann na bearta atá beartaithe le hath-imlonnú na n‑acmhainní atá ar fáil sa Chomhghnóthas.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Leis an leasú ar an Rialachán, méadaítear a raon feidhme chun cuspóir breise a thabhairt isteachmaidir leis na sé chuspóir atá ag an gComhghnóthas cheana: monarchana IS a fhorbairt agus a oibriú chun tacú le héiceachóras IS atá an-iomaíoch agus nuálach a fhorbairt a thuilleadh san Aontas. Is é is aidhm do chuimsiú an chuspóra sin aghaidh a thabhairt ar na breithnithe agus na ceanglais uathúla a bhaineann le himscaradh agus oibriú córas ríomhaireachtúil a bhfuil gá leo chun samhlacha IS ar mhórscála a fhorbairt, a oiliúint agus a reáchtáil. Ba cheart a shoiléiriú go dtugtar isteach leis an leasú athrú amháin: monarchana IS a áireamh faoi raon feidhme an Rialacháin.

    Is freagairt é sin ar na forbairtí móra teicneolaíochta agus rialála i réimse IS a tharla ó tháinig an Rialachán bunaidh i bhfeidhm in 2021.

    Ní dhéanann an leasú difear d’oibleagáidí na mBallstát atá rannpháirteach sa Chomhghnóthas prionsabail Státchabhrach a chomhlíonadh. Tá forálacha i ndáil leis sin i Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle cheana féin: sonraítear in Aithris (59) ann gur cheart aon chistiú ó chláir de chuid an Aontais a bheith comhsheasmhach le prionsabail Státchabhrach chun éifeachtacht an chaiteachais phoiblí a áirithiú agus chun cosc a chur ar shaobhadh sa mhargadh; sonraítear faoi Airteagal 7 ann gur cheart na ranníocaíochtaí ó na Ballstáit lena dtairbhithe a bheith gan dochar do na rialacha maidir leis an Státchabhair.

    I bhfianaise na bhforbairtí sin, leis an bpointe nua 3b d’Airteagal 2 3b atá beartaithe cuirtear i láthair an sainmhíniú ar shár-ríomhaire tiomnaithe IS agus cuirtear i láthair i bpointe 3c den Airteagal sin an sainmhíniú ar mhonarcha IS. Leasaítear pointe 9 d’Airteagal 2 chun sár-ríomhairí tiomnaithe IS a áireamh mar chatagóir eile de shár-ríomhairí EuroHPC. Le pointe nua d’Airteagal 3(2) cuirtear i láthair cuspóir nua an Chomhghnóthais Monarchana IS a fhorbairt agus a oibriú chun tacú le héiceachóras IS atá an-iomaíoch agus nuálach a fhorbairt a thuilleadh san Aontas, agus cuirtear pointe h nua isteach in Airteagal 4(1) lena sainmhínítear colúin ghníomhaíochta nua atá dírithe ar IS de chuid an Chomhghnóthais. Leasaítear Airteagal 9(5), pointe g, Airteagal 10(2) pointe (1), Airteagal 16(1) agus Airteagal 17(1) freisin ina leith sin.

    Le hAirteagal 12a nua cumhdaítear forálacha maidir le fáil agus úinéireacht sár-ríomhairí tiomnaithe IS ag an gComhghnóthas. Leagtar amach in Airteagal 16(1b) agus Airteagal 16(2b) an chaoi a n‑úsáidfear na sár-ríomhairí sin, agus a gcoinníollacha rochtana.

    Cuirtear Airteagal 15 in oiriúint chun níos mó solúbthachta a sholáthar chun sár-ríomhairí EuroHPC atá ann cheana a uasghrádú, lena n‑áirítear d’fhonn feabhas a chur ar a gcumais IS. Bhí sé i gceist le hAirteagal 15 EuroHPC bunaidh uasghrádú tráthúil na sár-ríomhairí a cheadú chun a gcumais nó a saolré oibríochtúil a leathnú. Leagtar síos leis sin teorainneacha soiléire chun an infheistíocht tosaíochta a choinneáil chun sár-ríomhairí nua a fháil. Mar sin féin, tharla sé, leis an teorainn sin, nár ceadaíodh an leas is mó a bhaint as na sár-ríomhairí EuroHPC atá ann cheana d’fhonn an toradh ar infheistíocht a uasmhéadú. Bhí moill suas le 2 bhliain ar imscaradh an bhonneagair sár-ríomhaireachta EuroHPC de dheasca ghéarchéim COVID, go háirithe mar gheall ar ghanntanas na micreaphróiseálaithe. Ós rud é nach bhfuil deireadh a saolré oibríochtúil bainte amach ag na sár-ríomhairí EuroHPC tá sé i bhfad níos éifeachtaí ó thaobh costais de cumais na sár-ríomhairí EuroHPC atá ann cheana a uasghrádú seachas sár-ríomhairí nua d’fheidhmíocht ríomhaireachta leordhóthanach a fháil.




    2024/0016 (NLE)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1173 a mhéid a bhaineann le tionscnamh EuroHPC le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta chun borradh a chur faoi cheannaireacht na hEorpa san Intleacht Shaorga iontaofa

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 187 agus Airteagal 188, an chéad mhír de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 4 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 5 ,

    Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (an ‘Gníomh um an Intleacht Shaorga’) feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a leagan síos go háirithe maidir forbairt, margú agus úsáid na hintleachta saorga i gcomhréir le luachanna an Aontais.

    (2)Ó bhí 2021 ann, nuair a glacadh Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle 7 , tá dul chun cinn teicniúil ollmhór déanta i réimse na hintleachta saorga (IS) agus tá sé ina réimse an-straitéiseach agus iomaíoch ar fud an domhain. Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí chun tacú leis an nuálaíocht fhreagrach in IS iontaofa, agus san am céanna rianta cosanta a leagan síos agus rialachas éifeachtach a fhorbairt.

    (3)An 13 Meán Fómhair 2023, mar chuid de chur chuige cuimsitheach chun tacú le nuálaíocht fhreagrach in IS, d’fhógair an Coimisiún tionscnamh straitéiseach nua chun acmhainneacht ríomhaireachta ardfheidhmíochta an Aontais a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha nuálacha in IS iontaofa chun a samhlacha a oiliúint. Comhlánaíonn sé sin obair maidir le rianta cosanta le haghaidh IS trí Rialachán (AE) 2024/..., lena mbunaítear struchtúir rialachais, agus lena dtacaítear leis an nuálaíocht tríd an bPlean Comhordaithe um an Intleacht Shaorga.  

    (4)Ós rud é go bhfuil an acmhainneacht sár-ríomhaireachta den chéad scoth is cumhachtaí ag an Aontas le fáil i saoráidí an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh (EuroHPC) (an ‘Comhghnóthas’), is iad na saoráidí sin ba cheart a chur ar fáil chun tionscnamh an Choimisiúin a fhíorú. Dá réir sin, is gá cuspóir breise a thabhairt isteach leis na sé chuspóir de chuid an Chomhghnóthais atá ann cheana, cuspóir lena gcumhdófaí an rannchuidiú arna dhéanamh ag sár-ríomhairí le tionscnamh IS nua an Aontais.

    (5)Leis an gcuspóir nua, bheadh an Comhghnóthas in ann gníomhaíochtaí a dhéanamh sna réimsí a bhaineann le sár-ríomhairí tiomnaithe IS nó codanna de shár-ríomhairí a fháil agus a oibriú chun meaisínfhoghlaim thapa agus oiliúint ar bhunsamhlacha móra IS a chumasú. Ba cheart cead a bheith ag an gComhghnóthas freisin modh rochtana nua ar a acmhainní ríomhaireachta a chruthú do ghnólachtaí nuathionscanta IS agus don phobal eolaíochta i gcoitinne atá gníomhach in IS agus feidhmeanna tiomnaithe IS a fhorbairt a bheidh optamaithe chun rith ar a shár-ríomhairí. Chuirfí na hathruithe sin ar a chumas don Chomhghnóthas cumhacht ríomhaireachta saincheaptha agus seirbhísí ríomhaireachta saincheaptha a thairiscint chun oiliúint agus forbairt agus glacadh IS ar mhórscála a chothú san Aontas, rud nach bhfuil indéanta faoin Rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair.

    (6)Chun dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le dáta chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga, ba cheart feidhm a bheith aige gan moill mhíchuí.

    (7)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2021/1173 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1173 mar a leanas:

    (1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)cuirtear pointí (3 a) agus (3b) seo a leanas isteach:

    ‘(3b) ciallaíonn ‘Sár-ríomhaire tiomnaithe don intleacht shaorga’ sár-ríomhaire a dheartar go príomha chun oiliúint a chur ar shamhlacha mórscála intleachta saorga ilchuspóireacha agus feidhmeanna intleachta saorga atá ag teacht chun cinn;

    (3c) ciallaíonn ‘Monarcha na hIntleachta Saorga’ eintiteas láraithe nó dáilte a sholáthraíonn bonneagar seirbhísí sár-ríomhaireachta Intleachta Saorga atá comhdhéanta de shár-ríomhaire atá tiomnaithe don Intleacht Shaorga nó cuid de shár-ríomhaire, lárionad gaolmhar sonraí, rochtain thiomnaithe agus seirbhísí sár-ríomhaire atá dírithe ar an intleacht shaorga agus tallann a mhealladh agus a chomhthiomsú chun na hinniúlachtaí is gá a sholáthar chun na sár-ríomhairí le haghaidh na hIntleachta Saorga a úsáid;’;

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (9):

    ‘(9) ciallaíonn ‘sár-ríomhaire EuroHPC’ aon chóras ríomhaireachta atá faoi úinéireacht iomlán an Chomhghnóthais nó atá faoi chomhúinéireacht le Stáit Rannpháirteacha eile nó le cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha, ar féidir leis a bheith ina shár-ríomhaire clasaiceach (sár-ríomhaire ardleibhéil, sár-ríomhaire de ghrád tionsclaíoch, sár-ríomhaire tiomnaithe don Intleacht Shaorga nó sár-ríomhaire lár-raoin), ina ríomhaire clasaiceach-candamach hibrideach, ina ríomhaire candamach nó ina ionsamhlóir candamach;’;

    (2)in Airteagal 3(2), cuirtear isteach an pointe (h) seo a leanas:

    ‘(h) Monarchana Intleachta Saorga a fhorbairt agus a oibriú chun tacú le héiceachóras Intleachta Saorga atá an-iomaíoch agus nuálach a fhorbairt a thuilleadh san Aontas’;

    (3)in Airteagal 4(1), cuirtear isteach an pointe (h) seo a leanas:

    ‘(h) colún Monarcha na hIntleachta Saorga le haghaidh Intleacht Shaorga iontaofa eiticiúil, lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí chun bonneagar seirbhísí sár-ríomhaireachta atá dírithe ar an Intleacht Shaorga a sholáthar, arb é is aidhm dó cumais agus scileanna nuálaíochta éiceachóras na hIntleachta Saorga a fhorbairt a thuilleadh; áireofar leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

    (i)fáil agus oibriú sár-ríomhairí atá tiomnaithe don Intleacht Shaorga arna gcomhshuíomh le lárionaid mhóra sonraí nó atá nasctha le lárionaid sonraí trí líonraí fíor-ardluais;

    (ii)sár-ríomhairí EuroHPC atá ann cheana a bhfuil cumas Intleachta Saorga acu a uasghrádú;

    (iii)rochtain a sholáthar ar na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga nó ar na sár-ríomhairí EuroHPC arna nuasghrádú leis an Intleacht Shaorga, lena náirítear a núsáid a leathnú chuig líon mór úsáideoirí poiblí agus príobháideacha, lena náirítear gnólachtaí nuathionscanta agus fiontair bheaga agus mheánmhéide;

    (iv)lárionaid seirbhísí sár-ríomhaireachta láraithe nó dáilte atá dírithe ar an Intleacht Shaorga a oibriú chun tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus taighde Intleachta Shaorga agus le héiceachóras nuálach lena soláthraítear tacaíocht algartamach, tacú le samhlacha agus córais oiliúna Intleachta Saorga a fhorbairt a thuilleadh, a chur faoi oiliúint, a thástáil, a mheas agus a bhailíochtú, agus tacú le forbairt feidhmeanna Intleachta Saorga ar mhórscála atá ag teacht chun cinn i réimsí straitéiseacha amhail an tsláinte agus cúram sláinte, an tathrú aeráide, róbataic, nó tiomáint nasctha nó uathoibrithe.

    (v)saoráidí clársceidealaithe atá fabhrach don sár-ríomhaire a oibriú, lena náirítear chun feidhmeanna Intleachta Saorga a chomhthreorú chun an úsáid is fearr a bhaint as cumais sár-ríomhaireachta;

    vi)seirbhísí sár-ríomhaireachta eile lena gcumasaítear an Intleacht Shaorga a oibriú;

    (vii) tallann a mhealladh, a chomhthiomsú agus a chur faoi oiliúint chun a ninniúlachtaí agus a scileanna a fhorbairt maidir le sár-ríomhairí EuroHPC don Intleacht Shaorga;

    ‑‑(viii) idirghníomhú le Monarchana Intleachta Saorga eile, rochtain ar a seirbhísí a chur ar fáil ar fud na hEorpa agus comhoibriú le Lárionaid Inniúlachtaí agus Lárionaid Bar Feabhais EuroHPC, agus le tionscnaimh ábhartha Intleachta Saorga de chuid an Aontais, amhail moil na ngnólachtaí nuathionscanta, na hIntleachta Saorga agus na néiceachóras sonraí, Saoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta na hIntleachta Saorga, an tardán lárnach Eorpach um an Intleacht Shaorga, na Moil Nuálaíochta Digití atá dírithe ar an Intleacht Shaorga, Institiúid Eorpach na bPobal Eolais agus Nuálaíochta Teicneolaíochta a bhaineann leis an Intleacht Shaorga, bonneagair thaighde Eorpacha ábhartha agus tionscnaimh ghaolmhara eile.

    (4)in Airteagal 9(5), cuirtear an pointe (g) seo a leanas leis:

    ‘(g) i gcás na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga, beidh feidhm ag na critéir roghnúcháin bhreise seo a leanas maidir leis na heintitis óstacha:

    (i)gaireacht le lárionad sonraí bunaithe;

    (ii)fís, pleananna agus cumas an eintitis óstaigh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an tionscnaimh agus éiceachóras taighde agus nuálaíochta na hIntleachta Saorga agus phobal úsáideoirí na hIntleachta Saorga agus seirbhís tacaíochta láraithe nó dáilte sár-ríomhaireachta atá dírithe ar an Intleacht shaorga a chur ar fáil;

    (iii)cáilíocht agus ábharthacht na taithí agus an tsaineolais atá ar fáil ag an bhfoireann atá beartaithe agus a bheadh i gceannas ar thimpeallacht thacúil na seirbhíse sár-ríomhaireachta atá dírithe ar an Intleacht Shaorga;

    (iv) pleananna le haghaidh idirghníomhaíochta agus comhair le Monarchana Intleachta Saorga eile, le Lárionaid Inniúlachta EuroHPC agus le Lárionaid Bar Feabhais EuroHPC agus le gníomhaíochtaí ábhartha Intleachta Saorga amhail moil ghnólachtaí nuathionscanta na hIntleachta Saorga, éiceachórais na hIntleachta Saorga agus na sonraí, Saoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta na hIntleachta Saorga, agus tardán lárnach Eorpach maidir leis an Intleacht Shaorga, na Moil Nuálaíochta Digití atá dírithe ar an Intleacht Shaorga agus tionscnaimh ghaolmhara eile;

    (v) cumais atá ann cheana agus pleananna amach anseo de chuid an eintitis óstaigh chun rannchuidiú le forbairt na díorma tallainne’;

    (5)in Airteagal 9, cuirtear an mhír (6a) seo a leanas leis:

    (6a) Maidir le sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga dá dtagraítear in Airteagal 12a, cruthóidh an teintiteas óstach ionad ilfhreastail do na gnólachtaí nuathionscanta agus d’úsáideoirí eile chun rochtain ar a sheirbhísí tacaíochta a éascú.

    (6)in Airteagal 10(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):

    ‑‑‘(l) na coinníollacha sonracha is infheidhme nuair a oibríonn an teintiteas óstach sár-ríomhaire EuroHPC le húsáid san earnáil tionsclaíochta, nó nuair a oibríonn an teintiteas óstach sár-ríomhaire tiomnaithe don Intleacht Shaorga.’;

    (7)cuirtear isteach an tAirteagal 12a seo a leanas:

    Airteagal 12a

    Fáil agus úinéireacht sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga

    1.Gheobhaidh an Comhghnóthas sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga agus is é a bheidh ina úinéir orthu.

    2.Cumhdóidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) suas le 50 % de na costais fála móide suas le 50 % de chostais oibriúcháin na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga.

    Costas iomlán úinéireachta na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga a bheidh fágtha, cumhdóidh an Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t‑eintiteas óstach lonnaithe nó ag na Stáit Rannpháirteacha sa chuibhreannas óstach an costas sin, costas a fhéadfar a fhorlíonadh leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6.

    3.Beidh roghnú sholáthróir an tsár-ríomhaire tiomnaithe don Intleacht Shaorga bunaithe ar shonraíochtaí tairisceana a bheidh bunaithe ar an éileamh, a chuirfidh san áireamh riachtanais an úsáideora agus sonraíochtaí ghinearálta an chórais arna sholáthar ag an eintiteas óstála roghnaithe ina iarratas ar an nglao ar léiriú spéise. Tabharfar aghaidh sa roghnú freisin ar shlándáil an tslabhra soláthair.

    4.Féadfaidh an Comhghnóthas feidhmiú mar chéad úsáideoir sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí a fhorbraítear go príomha san Aontas.

    5.Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh sa chlár oibre, má tá údar cuí leis ar chúiseanna slándála, coinníoll a leagan síos do rannpháirtíocht soláthróirí agus na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga á bhfáil i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE) 2021/694, nó chun rannpháirtíocht soláthróirí a theorannú ar chúiseanna slándála nó gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le huathriail straitéiseach an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 18(4) den Rialachán sin.

    6.Beidh na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga lonnaithe in eintiteas óstach sár-ríomhaire EuroHPC atá lonnaithe san Aontas.

    7.Gan dochar d’fhoirceannadh an Chomhghnóthais, dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de na Reachtanna, 4 bliana ar a thúisce tar éis tástáil inghlacthachta rathúil an tsár-ríomhaire tiomnaithe don Intleacht Shaorga arna shuiteáil in eintiteas óstach, féadfar úinéireacht an tsár-ríomhaire tiomnaithe don Intleacht Shaorga a aistriú chuig an eintiteas óstach sin, é a dhíol le heintiteas eile nó a dhíchoimisiúnú ar chinneadh an Bhoird Rialaithe agus i gcomhréir leis an gcomhaontú óstach. I gcás aistriú úinéireachta sár-ríomhaire tiomnaithe don Intleacht Shaorga, déanfaidh an teintiteas óstach luach iarmharach an tsár-ríomhaire a aistrítear a aisíoc leis an gComhghnóthas. Mura ndéantar aon aistriú úinéireachta chuig an eintiteas óstach ach má chinntear é a dhíchoimisiúnú, roinnfear na costais ábhartha go cothrom idir an Comhghnóthas agus an teintiteas óstach. Ní bheidh dliteanas ar an gComhghnóthas maidir le haon chostas a thabhófar tar éis úinéireacht an tsár-ríomhaire tiomnaithe don Intleacht Shaorga a aistriú nó tar éis a dhíolta nó a dhíchoimisiúnaithe.’

    (8)Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1. Féadfaidh an Comhghnóthas glao ar léirithe spéise a sheoladh chun na sár-ríomhairí EuroHPC a bhfuil sé ina úinéir nó ina chomhúinéir orthu a uasghrádú, chun leibhéal feidhmíochta an tsár-ríomhaire a ardú gar don eacsascálú, nó chun cumais Intleachta saorga an tsár-ríomhaire a mhéadú, nó chun feidhmíocht oibríochtúil an tsár-ríomhaire a mhéadú ar bhealach ar bith eile, lena n‑áirítear luasairí candamacha.’; scriostar mír 2;

    (b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5. Beidh céatadán ranníocaíocht airgeadais an Aontais le haghaidh chostais fála an uasghrádaithe mar an gcéanna leis an gcéatadán de ranníocaíocht airgeadais an Aontais don sár-ríomhaire EuroHPC bunaidh, arna dhímheas thar shaolré ionchasach an tsár-ríomhaire bunaidh. Beidh céatadán ranníocaíocht airgeadais an Aontais le haghaidh chostais oibríochtúla bhreise an uasghrádaithe mar an gcéanna leis an gcéatadán de ranníocaíocht airgeadais an Aontais don sár-ríomhaire EuroHPC bunaidh.’;

    (9)Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

    (a)cuirtear an mhír 1b seo a leanas isteach:

    ‘1b. Úsáidfear na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga agus na sár-ríomhairí EuroHPC arna n‑uasghrádú le haghaidh cumais na hIntleachta Saorga go príomha chun samhlacha oiliúna mórscála ilchuspóireacha intleachta saorga agus feidhmeanna intleachta saorga atá ag teacht chun cinn a fhorbairt, a thástáil, a mheas agus a bhailíochtú, chomh maith le forbairt bhreise a dhéanamh ar réitigh intleachta saorga san Aontas a éilíonn Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus algartaim mhórscála intleachta saorga a fhorghníomhú chun fadhbanna eolaíochta a réiteach.’;

    (b)cuirtear an mhír 2b seo a leanas isteach:

    ‘2b. Saineoidh an Bord Rialaithe coinníollacha speisialta rochtana do na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga agus do shár-ríomhairí EuroHPC arna n‑uasghrádú le haghaidh cumais intleachta saorga i gcomhréir le hAirteagal 17 agus riachtanais shonracha éiceachóras nuathionscanta agus taighde na hintleachta saorga á gcur san áireamh. Áireofar leis sin rochtain thiomnaithe ar ghnólachtaí nuathionscanta. Ní bheidh ach tograí chun samhlacha, córais agus feidhmeanna intleachta saorga iontaofa eiticiúil a fhorbairt atá i gcomhréir le luachanna an Aontais incháilithe le haghaidh rochtana.’

    (10)Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1. Beidh an sciar d’aga rochtana an Aontais ar gach sár-ríomhaire EuroHPC ardleibhéil, candamach, agus tiomnaithe don Intleacht Shaorga i gcomhréir dhíreach leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) le costas iomlán úinéireachta an tsár-ríomhaire EuroHPC, agus dá bhrí sin ní rachaidh sé thar 50 % d’aga rochtana iomlán an tsár-ríomhaire EuroHPC.’

       Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 (IO L 256, 19.7.2021, lch. 3).
    (2)    Rialachán (AE) 2018/1488 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (IO L 252, 8.10.2018, lch. 1).
    (3)    https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/speech_23_4426
    (4)    IO C , lch. .
    (5)    Tuairim an.., IO C, lch.
    (6)    Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (An Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus lena leasaítear gníomhartha áirithe reachtacha de chuid an Aontais (IO L ...).
    (7)    Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 (IO L 256, 19.7.2021, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1173/oj ).
    Top