Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024M11574

    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Case M.11574 - L CATTERTON / KIKO) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

    PUB/2024/590

    IO C, C/2024/3985, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3985/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3985/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/3985

    24.6.2024

    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

    (Case M.11574 - L CATTERTON / KIKO)

    Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    (C/2024/3985)

    1.   

    An 13 Meitheamh 2024 fuair an Coimisiún fógra faoi chomhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

    Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

    L Catterton Management Limited (‘L Catterton’, na Stáit Aontaithe),

    KIKO S.p.A. (‘KIKO’, an Iodáil).

    Gheobhaidh L Catterton rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar KIKO ina iomláine.

    Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

    2.   

    Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

    Is gnólacht infheistíochta atá dírithe ar thomhaltóirí é L Catterton, a n-oibríonn a chuideachtaí punainne sa ghnó miondíola agus bialainne, sa ghnó bia agus dí, agus i ngnólachtaí eile seirbhísí tomhaltóirí agus táirgí tomhaltóirí lena n-áirítear táirgeadh agus díol éadaí agus oiriúintí faisin, cosmaidí agus táirgí cumhráin ar fud na cruinne ach go príomha sna Stáit Aontaithe,

    Cuireann KIKO réimse leathan cosmaidí ar fáil ar fud an domhain (lena n-áirítear smideadh agus oiriúintí a bhaineann le smideadh), cúram craicinn, cúram coirp, cúram gréine agus, le déanaí, táirgí agus cumhráin cúraim gruaige, ach go príomha san Aontas Eorpach, go háirithe san Iodáil.

    3.   

    Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

    De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

    4.   

    Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

    Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

    M.11574 - L CATTERTON / KIKO

    Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

    R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

    Seoladh poist:

    European Commission

    Directorate-General for Competition

    Merger Registry

    1049 Bruxelles/Brussel

    BELGIQUE/BELGIË


    (1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

    (2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3985/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top