This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024M11458
Prior notification of a concentration (Case M.11458 – MEIF7 / INFRACAPITAL / LMI) – Candidate case for simplified procedure
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11458 — MEIF7 / INFRACAPITAL / LMI) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11458 — MEIF7 / INFRACAPITAL / LMI) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
PUB/2024/61
IO C, C/2024/1308, 5.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1308/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/1308 |
5.2.2024 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11458 — MEIF7 / INFRACAPITAL / LMI)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2024/1308)
1.
An 26 Eanáir 2024, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
Macquarie European Infrastructure Fund 7 SCSp, ag gníomhú dó tríd a chomhpháirtí ginearálta MEIF 7 Lucsamburg GP S.à r.l (“MEIF7”, Lucsamburg), |
— |
Trinity SLP 2 LP, fochuideachta de chuid M&G plc (‘Infracapital’, an Ríocht Aontaithe), agus |
— |
Last Mile Infrastructure (Holdings) Limited (‘LMI’, an Ríocht Aontaithe), |
Gheobhaidh MEIF7 agus Infracapital rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar LMI.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna agus urrús.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann agus an chomhfhiontair:
— |
Is ciste é MEIF7 atá á bhainistiú ag Macquarie Infrastructure and Real Assets (Europe) Limited, fochuideachta ar lánúinéireacht Macquarie Group Limited, atá gníomhach mar sholáthraí seirbhísí baincéireachta, airgeadais, comhairleacha, infheistíochta agus bainistíochta cistí, |
— |
Tá Infracapital gníomhach in infheistíocht bonneagair agus is fochuideachta de chuid M&G, plc, gnó coigiltis agus infheistíochtaí é, agus |
— |
Déanann LMI agus a fhochuideachtaí bonneagar fóntais ‘an mhíle deiridh’ a dhearadh, a thógáil, a shealbhú agus a oibriú, lena n-áirítear naisc leictreachais, gáis, uisce, fuíolluisce agus gáis, agus líonraí teasa in-athnuaite sa Ríocht Aontaithe. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11458 – MEIF7 / INFRACAPITAL / LMI
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1308/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)