Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024IE4410

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Dea-chleachtas don idirphlé sibhialta san Aontas ar mhaithe leis na próisis rannpháirtíochta (tuairim féintionscnaimh)

EESC 2024/04410

IO C, C/2025/5141, 28.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5141/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5141/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5141

28.10.2025

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Dea-chleachtas don idirphlé sibhialta san Aontas ar mhaithe leis na próisis rannpháirtíochta

(tuairim féintionscnaimh)

(C/2025/5141)

Rapóirtéir:

Arnaud SCHWARTZ

Comhairleoir

Matteo VESPA (comhairleoir an rapóirtéara, Grúpa III)

Ruairí FITZGERALD (Comhairleoir, Grúpa II)

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

19.9.2024

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

An rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

Dé hAoine an 27.6.2025

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

16.7.2025

Seisiún iomlánach Uimh.

598

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

183/3/5

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Bíonn eagraíochtaí na sochaí sibhialta ag obair gan staonadh chun rannpháirtíocht na saoránach agus an tsaoránacht ghníomhach a chur chun cinn, an t-idirphlé sibhialta a chothú, an fód a sheasamh ar son chearta an duine agus cleachtais dhaonlathacha a chur chun cinn. Is an-luachmhar go deo an obair sin chun cur le neart, athléimneacht agus dlisteanacht an Aontais (1).

1.2.

Cuireann Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) in iúl gur cheart an ról sonrach atá ag eagraíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta a aithint agus a urramú go hiomlán i struchtúir agus i bpróisis an idirphlé shóisialta, agus é á chur san áireamh san am céanna gur próiseas ar leith é an t-idirphlé sibhialta lena mbaineann grúpa níos leithne geallsealbhóirí agus réimse níos leithne ábhar. Ba cheart an t-idirdhealú sin a dhéanamh freisin maidir leis an tacaíocht fothaithe acmhainneachta a thugtar do na comhpháirtithe sóisialta agus an tacaíocht chéanna a thugtar don tsochaí shibhialta i gcoitinne (2).

1.3.

I gcomhthéacs géarchéimeanna follasacha geopholaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus éiceolaíocha, anuas ar na dúshláin dhigiteacha atá rompu, tá CESE ag tathant ar institiúidí an Aontais gníomhú i ndáil leis na tograí a thíolaic an Coiste roimhe seo maidir leis an idirphlé sóisialta agus leis an idirphlé sibhialta agus maidir le conas saoránaigh aonair a rannpháirtiú sa daonlathas i gcoitinne.

1.4.

Ar a mhuin sin, iarrann CESE ar institiúidí an Aontais leas a bhaint as na gnéithe comhlántacha a chuirtear ar fáil leis an idirphlé sóisialta, gnéithe atá leagtha amach sa tuairim féintionscnaimh seo.

1.5.

Ar bhonn an ghealltanais ón gCoimisiún Eorpach dlús a chur lena rannpháirtíocht le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, tá sé beartaithe ag CESE oibriú i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún d’fhonn ardán sochaí sibhialta a chruthú, a rialú agus a fheidhmiú go tráthrialta.

1.6.

I ndáil leis sin, tá CESE ag moladh gurb é féin a dhéanfadh an t-ardán sin a óstáil ina cháil mar chomhlacht comhairleach an Aontais, cáil atá bunaithe ar na Conarthaí. Ar an gcomhlacht sin tá ionadaithe ó eagraíochtaí fostóirí, eagraíochtaí oibrithe agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, sin agus ó áras na sochaí sibhialta eagraithe. Cruthaíodh grúpa tiomnaithe ad hoc ar a bhfuil comhaltaí CESE chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar rannpháirtíocht CESE san ardán.

1.7.

Ach tacaíocht a fháil ó institiúidí eile an Aontais, d’fhéadfadh CESE feidhmiú mar mhol agus mar chaomhnóir le haghaidh rannpháirtíocht phoiblí agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe, lena méadófaí tionchar na gcomhairliúchán leanúnach a eagraíonn an Coimisiún agus institiúidí eile agus lena mbaileofaí ionchur faoina thuairimí go córasach óna chomhaltaí agus ó shochaí shibhialta eagraithe na hEorpa ar bhonn níos ginearálta maidir le príomhthosaíochtaí agus príomhbheartais ar chlár oibre polaitiúil na hEorpa (3).

1.8.

Thairis sin, cuireann CESE i bhfios go láidir go gcuireann a thograí leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE), leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus leis an tuarascáil chríochnaitheach ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa an 9 Bealtaine 2022, ina n-iarrtar go sainráite go bhfeabhsófaí ról institiúideach CESE agus go gcumhachtófaí é mar éascaitheoir ar ghníomhaíochtaí daonlathais rannpháirtíochta, amhail idirphlé struchtúrtha leis an tsochaí shibhialta.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Tá ról tábhachtach ag an tsochaí shibhialta eagraithe maidir le rannpháirtíocht an réimse leathain daoine aonair agus grúpaí sochaíocha ina n-iomláine sa chinnteoireacht dhaonlathach a éascú agus a mianta a chur in iúl. Is cuid ríthábhachtach de dhaonlathas na hEorpa í rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, mar réamhriachtanas do dhlisteanacht bheartais an Aontais agus mar uirlis chun a áirithiú go bhfreagraíonn beartais agus dlíthe arna dtarraingt suas ar an leibhéal Eorpach do chásanna agus do riachtanais an uile dhuine a mbíonn tionchar ag na beartais sin orthu. Is príomhuirlis é an t-idirphlé idir na hinstitiúidí agus an tsochaí shibhialta chun muinín an phobail sa daonlathas a chothú.

2.2.

Mar chomhlacht comhairleach a dtugtar sainordú dó le CFAE (4), tá saineolas sonrach ag CESE agus is fóram uathúil buan é don idirphlé sibhialta, fóram ina moltar réitigh ar bhonn comhthola idir ionadaithe na bhfostóirí, na n-oibrithe agus eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta nach iad (5).. Tá sainordú ag na comhaltaí óna n-eagraíochtaí féin (6) agus déanann siad ionadaíocht ar thart ar 90 milliún duine ó gach cúlra.

2.3.

Le blianta móra anuas, tá CESE ag rannchuidiú le forbairt an idirphlé shibhialta (7), rud a áiríodh ina dhiaidh sin in Airteagal 11(1) agus (2) de Chonradh Liospóin. Thug CESE dá aire (8) ar na mallaibh gur iarr Sochaí Shibhialta na hEorpa go gcuirfí bonn níos foirmiúla agus níos struchtúrtha faoi chreat idirphlé shibhialta an Aontais (9).

2.4.

Chomh maith leis sin, d’iarr CESE ar institiúidí an Aontais a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le straitéis a fhorbairt don tsochaí shibhialta (10), maille le plean gníomhaíochta soiléir a chruthú. Arna iarraidh sin d’Uachtaránacht na Beilge, d’fhiosraigh CESE le déanaí conas an t-idirphlé sibhialta a neartú, lena n-áirítear na gnéithe a d’fhéadfaí a áireamh i gcreat chun an t-idirphlé sin a dhéanamh níos fabhraí do rannpháirtíocht dhíreach na saoránach agus don idirphlé le comhlachtaí idirmheánacha, ar an leibhéal Eorpach agus ar leibhéal na mBallstát araon (11).

2.5.

Ag tógáil ar an obair a rinne CESE roimhe seo ar an ábhar seo (12), leagtar amach sa tuairim seo na príomhthréithe a bhaineann le creat níos fabhraí don idirphlé sibhialta ar leibhéal an Aontais bunaithe ar CFAE agus ar dhea-chleachtais.

3.   Cuspóir an idirphlé shibhialta

3.1.

Is éard ba cheart a bheith san idirphlé sibhialta idirghníomhaíocht bhuan, struchtúrtha, chomhionann agus fhóinteach idir na hinstitiúidí agus an tsochaí shibhialta eagraithe, arb é is aidhm dó beartais chuí a chruthú a chuirfear chun feidhme agus a ndéanfar meastóireacht orthu ina dhiaidh sin.

3.2.

Ag tógáil ar na moltaí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, agus mar atá luaite sa tuairim ó CESE maidir leis na painéil saoránach (13), is gá ról speisialta CESE mar chaomhnóir institiúideach nósanna imeachta comhairliúcháin na sochaí sibhialta a chur i dtábhacht agus feabhas a chur air.

3.3.

Ina theannta sin, ba cheart an t-idirphlé sibhialta a bheith cuimsitheach, trédhearcach agus dírithe ar thorthaí, rud a d’éascódh malartú nithiúil faisnéise, saineolais agus taithí, chomh maith le deis a thabhairt aiseolas a chur ar fáil. Chuige sin, ní mór réitigh agus comhpháirtíochtaí buana idir na húdaráis phoiblí agus an tsochaí shibhialta eagraithe a chomhchruthú. Ba cheart an t-idirphlé sin a dhéanamh ar gach leibhéal agus ag gach céim de thimthriall na cinnteoireachta polaitiúla — ó shocrú an chláir oibre go leagan amach na seasamh agus na dtosaíochtaí, céim na meastóireachtaí san áireamh. Leis an idirphlé sibhialta, ba cheart a áirithiú go gcuirfear riachtanais na ndaoine sin dá ndéantar difear san áireamh i gcinntí beartais, go háirithe grúpaí leochaileacha agus na daoine is imeallaithe, agus a rannpháirtíocht a áirithiú sa phróiseas ceaptha beartas mar aon le héifeachtacht na mbeart a ghlactar.

3.4.

Ba cheart eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar leibhéal an Aontais a bheith rannpháirteach i gcónaí san idirphlé sibhialta ar leibhéal an Aontais. Bhunaigh CESE an Grúpa Idirchaidrimh in 2004 — rud a leag sampla síos d’institiúidí an Aontais — chun creat a chur ar fáil don idirphlé agus don chomhar idir CESE agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na líonraí Eorpacha. Bíonn an Grúpa i dteagmháil leo maidir le saincheisteanna trasearnálacha a bhaineann leis an leas coiteann. Leis an nGrúpa, cuirtear struchtúr institiúideach uathúil ar fáil do bhrateagraíochtaí shochaí shibhialta na hEorpa (14), rud a chumasaíonn an t-idirphlé sibhialta agus a chuireann an daonlathas rannpháirtíochta chun cinn. Is cainéal é trínar féidir leis an tsochaí shibhialta eagraithe atá rannpháirteach sa Ghrúpa Idirchaidrimh clár oibre agus próisis chinnteoireachta an Aontais a phlé agus tionchar a imirt orthu (rud dá bhforáiltear faoi Airteagal 11 CAE) (15).

3.5.

Tá oibleagáid dhlíthiúil ar institiúidí an Aontais Airteagal 11 CAE a chur chun feidhme go leanúnach agus go héifeachtach ar leibhéal an Aontais (16), mar a cuireadh i dtábhacht freisin sa pháipéar machnaimh ón nGrúpa Idirchaidrimh le déanaí dar teideal A European Strategy for Civil Society (17). Ceanglaítear go dlíthiúil le hAirteagal 11 CAE ar institiúidí an Aontais idirphlé oscailte, trédhearcach, tráthrialta a choimeád ar bun le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta. Mar sin féin, tá easpa treoirlínte ann maidir leis an gcaoi ar féidir leis an tsochaí shibhialta páirt a ghlacadh san idirphlé fóinteach sin le hinstitiúidí an Aontais (18).

3.6.

Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach caighdeáin áirithe a chur i bhfeidhm ar fud institiúidí an Aontais chun go mbeidh Airteagal 11 CAE éifeachtach. Ba cheart saincheisteanna a chumhdach leis an méid sin, amhail brí an idirphlé shibhialta, na torthaí ar a bhfuil sé dírithe, rialtacht agus uainiú na ngníomhaíochtaí, comhroinnt an chláir oibre beartais agus na dtosaíochtaí beartais, grúpaí leochaileacha a dhéanamh rannpháirteach, agus aiseolas agus torthaí. Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil fíoracmhainneacht ag an straitéis sin bearta beartais na hEorpa a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr i saol laethúil na saoránach. Ina theannta sin, d’fhéadfadh beartais níos spriocdhírithe agus níos éifeachtaí a bheith mar thoradh ar fheabhas ar chur chun feidhme Airteagal 11 CAE, agus d’fhéadfaí feabhas a chur freisin ar rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe i bpróiseas ceaptha beartais an Aontais, mar aon le ról CESE a neartú ag an am céanna (19).

3.7.

Ba cheart rannpháirtithe san idirphlé sibhialta a bheith ina n-ionadaithe arna roghnú ag an tsochaí shibhialta eagraithe Go stairiúil, d’eagraigh eagraíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha na sochaí sibhialta iad féin ina líonraí bunaithe ar bhallraíocht agus ina mbrateagraíochtaí de chuid an Aontais ionas gurbh acmhainn dóibh idirghníomhú le hinstitiúidí an Aontais. Thacaigh Parlaimint na hEorpa, agus ansin an Coimisiún Eorpach trí bhíthin na gclár cistiúcháin éagsúil, leis an gcomhar trasnáisiúnta sin chun rannpháirtíocht dhaonlathach agus rialachas feabhsaithe a áirithiú, rud ba chuidiú chun an bhearna idir na saoránaigh agus institiúidí an Aontais a dhúnadh agus chun leasanna príobháideacha a chothromú.

3.8.

Ní eisiatar leis an idirphlé sibhialta rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe i bhfóraim chomhairliúcháin agus ceaptha beartas in éineacht le gníomhaithe tábhachtacha eile, amhail meithleacha machnaimh, institiúidí taighde agus eagraíochtaí geallsealbhóirí eile. Leis an idirphlé sibhialta, ba cheart na cleachtais atá ann faoi láthair maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí a chomhlánú, cleachtais atá leagtha amach sa chreat um Rialáil Níos Fearr, seachas iad a ionadú, agus ba cheart ionchur a sholáthar leis chun trédhearcacht, aiseolas agus obair leantach a fheabhsú.

3.9.

Iarrann CESE an athuair (20) go mbeadh straitéis um idirphlé sibhialta ann a mbeadh plean gníomhaíochta mar thoradh uirthi. Sa tuairim uaidh An t-idirphlé sibhialta agus an daonlathas rannpháirtíochta san Aontas a neartú, mhol sé go n-áireofaí colún sa straitéis mar chuid den Phacáiste Eorpach maidir le Cosaint an Daonlathais. Tá an iarraidh sin bailí i gcónaí agus ba cheart í a áireamh sa togra atá ar na bacáin maidir le Sciath Eorpach don Daonlathas. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an straitéis féachaint le comhaontú idirinstitiúideach a bhaint amach i measc institiúidí an Aontais, comhaontú ina leagtar amach gníomhaíochtaí áirithe agus na hacmhainní gaolmhara atá le húsáid, mar atá iarrtha ag Grúpa III de CESE agus ag roinnt líonraí, eagraíochtaí agus ionadaithe de chuid na sochaí sibhialta (21). D’fhéadfadh CESE é sin a éascú agus d’fhéadfadh líonraí na sochaí sibhialta ar leibhéal an Aontais a bheith rannpháirteach ann. Céim thosaigh a bheadh sa straitéis sin chun ról na sochaí sibhialta a neartú agus chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an idirphlé sibhialta (22).

3.10.

Tugann CESE dá aire go bhfuil gealltanas tugtha ag an gCoimisiún dlús a chur leis an rannpháirtíocht leis an tsochaí shibhialta maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus saincheisteanna gaolmhara, ardán don tsochaí shibhialta a thógáil chun tacú le hidirphlé sibhialta níos córasaí, sin agus obair a dhéanamh chun cosaint na sochaí sibhialta, na ngníomhaithe agus chosantóirí chearta an duine a neartú ina gcuid oibre (23).

3.11.

Ós comhlacht comhairleach de chuid an Aontais é CESE, comhlacht dá dtugtar sainordú leis na Conarthaí agus atá comhdhéanta d’ionadaithe ó eagraíochtaí na bhfostóirí, eagraíochtaí na n-oibrithe agus eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta, tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún an institiúid óstach a dhéanamh de féin, rud a d’éascódh bunú, oibriú agus rialachas ardán na sochaí sibhialta, agus acmhainní breise iomchuí a thabhairt dó mar thacaíocht chun na críche sin.

3.12.

Mar atá curtha in iúl cheana ag CESE, ba cheart an ról sonrach atá ag eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta a aithint agus a urramú go hiomlán agus a chur chun cinn i struchtúir agus i bpróisis an idirphlé shóisialta, á chur san áireamh san am céanna gur próiseas ar leith é an t-idirphlé sibhialta lena mbaineann grúpa níos leithne geallsealbhóirí agus réimse níos leithne ábhar (24). De thairbhe pléití nó aon ghníomhaíocht maidir leis an idirphlé sibhialta, ardán na sochaí sibhialta san áireamh, níor cheart dochar a dhéanamh don idirphlé sóisialta ná do ról ná sainchumais na gcomhpháirtithe sóisialta, ná iad a shárú ná cur isteach orthu, mar a shainítear sna Conarthaí. Ba cheart an t-idirphlé sóisialta a threisiú agus níor cheart dochar a dhéanamh dó.

4.   An bealach a réiteach do chreat atá níos fabhraí don idirphlé sibhialta ar leibhéal an Aontais

4.1.

Maidir le creat an Aontais um idirphlé sibhialta atá ann faoi láthair, sainaithníodh (25) go gcuimsíonn sé an ghné ‘ingearach’ (idirphlé sibhialta earnáilsonrach idir eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus a gcomhpháirtithe laistigh de na húdaráis reachtacha agus feidhmiúcháin maidir le beartais shonracha) agus an ghné ‘thrasnaí’ (idirphlé struchtúrtha agus tráthrialta idir institiúidí an Aontais nó a macasamhlacha náisiúnta agus an tsochaí shibhialta maidir le forbairt an Aontais agus a bheartais thrasearnálacha). Baineann idirphlé sibhialta an Aontais le réimsí beartais sonracha agus le treoirlínte maidir le beartais ghinearálta agus pholaitiúla, cuir i gcás clár oibre bliantúil an Choimisiúin Eorpaigh.

4.2.

I ndáil leis sin agus d’fhonn cuidiú le hinstitiúidí an Aontais creat Eorpach a chruthú i gcomhar leis an tsochaí shibhialta eagraithe, creat a bheidh níos fabhraí don idirphlé sibhialta ar leibhéal an Aontais, tarraingíonn CESE aird institiúidí an Aontais ar an dea-chleachtas náisiúnta seo a leanas, agus cuireann sé próisis rannpháirtíochta rathúla i dtábhacht:

4.2.1.

Sa Fhrainc, is údarás neamhspleách é an Coimisiún Náisiúnta um Dhíospóireacht Phoiblí (CNDP) (26) a chosnaíonn ceart an phobail chun faisnéise, mar aon lena rannpháirtíocht i bhforbairt tionscadal agus beartas poiblí a bhfuil tionchar acu ar an gcomhshaol. A bhuí leis an idirghabháil a dhéanann sé ón gcéim is luaithe, nuair a cheistíonn sé fios fátha cinntí, is féidir leis tionchar a imirt ar chinntí.

4.2.2.

San Iodáil, cumhdaítear in Airteagal 118 de Bhunreacht na hIodáile ceart tionscnaimh neamhspleách na saoránach ar mhaithe le leas an phobail, ceart a chuirtear ar comhchéim le hinstitiúidí poiblí. Léirítear prionsabal na coimhdeachta i rialacháin áitiúla maidir le riarachán comhroinnte, cé go bhfuil cur i bhfeidhm an phrionsabail fós casta agus faoi réir léirmhínithe athraitheacha (27).

4.2.3.

In Éirinn, déanann an Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialach (NESC) (28) anailís ar shaincheisteanna maidir le beartais straitéiseacha a bhaineann le forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil agus tuairiscíonn sí an t-eolas don rialtas. Tá NESC bunaithe ar chúig cholún den chomhpháirtíocht shóisialta: ceardchumainn, gnólachtaí agus eagraíochtaí fostóirí, eagraíochtaí talmhaíochta agus feirmeoireachta, an earnáil pobail agus dheonach, sin agus an comhshaol.

4.2.4.

Sa Laitvia, tá an t-idirphlé sibhialta á struchtúrú le Meabhrán Comhair (29) a síníodh in 2005 idir an rialtas agus os cionn 500 eagraíocht. Tá ról lárnach comhordúcháin ag an idirphlé sibhialta anois, lena mbaineann meithleacha, deiseanna eadrána agus tairseach atá tiomnaithe do chinntí poiblí. Glacann eagraíochtaí na sochaí sibhialta páirt freisin i bhfóram parlaiminteach bliantúil, laethanta oscailte agus ullmhú na tuarascála maidir le gnóthaí eachtracha agus Eorpacha. Tá na doiciméid uile le fáil ar líne agus is minic a bhíonn cruinnithe hibrideacha ar siúl i dtreo gurbh fhusa d’ionadaithe ó na réigiúin a bheith páirteach iontu.

4.2.5.

San Ísiltír, is í an Chomhairle Aeráide (30) an comhlacht comhairleach a bhí freagrach as an gComhaontú Náisiúnta Aeráide a fhorbairt sa tréimhse 2018-2019. Leis an gcomhlacht sin, tugadh ionadaithe ó na hearnálacha eacnamaíocha, ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ó na húdaráis áitiúla le chéile faoi cheannaireacht an rialtais. Leagtar béim sa chomhaontú, a cuireadh i láthair in 2019, ar dho-aisathraitheacht an aistrithe fuinnimh agus ar an ngá atá le tiomantas láidir polaitiúil.

4.2.6.

Sa tSualainn (31), tá an comhar idir an rialtas agus an tsochaí shibhialta bunaithe ar ardáin idirphlé agus ar chomhpháirtíochtaí straitéiseacha atá dírithe ar rannpháirtíocht na saoránach a neartú i gceapadh beartas poiblí. Tá ról láidir ann maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna ón leibhéal aonair go dtí an leibhéal áitiúil agus náisiúnta.

5.   Cúrsaí eagrúcháin laistigh de gach institiúid de chuid an Aontais

5.1.

A bhuí le ról comhairleach CESE is acmhainn do shochaí shibhialta na hEorpa páirt a ghlacadh i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh, rud a thacaíonn leis an tionscadal Eorpach agus a chuidíonn le muinín an phobail as an Eoraip a mhéadú (32).

5.2.

Ba cheart an t-idirphlé sibhialta a eagrú i gcomhar leis na trí phríomhinstitiúid de chuid an Aontais de réir a struchtúr agus a n-aidhmeanna féin. Seo thíos cuid de na bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh.

5.3.

Parlaimint na hEorpa — sa bhreis ar Leas-Uachtarán a cheapadh a mbeadh sé de chúram air nó uirthi idirphlé struchtúrtha a eagrú leis an tsochaí shibhialta, d’fhéadfaí pointí fócais a bhunú le haghaidh idirphlé sibhialta i rúnaíocht gach Coiste Pharlaimintigh, lena n-áirítear idirphlé bliantúil le heagraíochtaí ionadaíocha sna Coistí sin agus idirphlé bliantúil leis an tsochaí shibhialta eagraithe maidir le príomh-shaincheisteanna a phléitear sa Pharlaimint, chun tacú le hidirghníomhaíocht idir rapóirtéirí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

5.4.

An Coimisiún Eorpach — ba cheart an méid seo a leanas a bhunú: treoirlínte le haghaidh idirphlé sibhialta laistigh de na hArd-Stiúrthóireachtaí éagsúla; grúpa idirsheirbhíse maidir le hidirphlé sibhialta le comhaltaí ó Ard-Stiúrthóireachtaí éagsúla; cúrsaí oiliúna maidir le hidirphlé sibhialta; agus, mar a moladh roimhe seo, ardán sochaí sibhialta arna óstáil ag CESE. I ndáil leis sin, chinn Biúró CESE i mí Aibreáin 2025 grúpa tiomnaithe de chomhaltaí CESE a chur ar bun chun go bhféadfaí cur le rannpháirtíocht CESE san ardán.

5.5.

An Chomhairle — ba cheart don Chomhairle athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a n-eagraíonn sí comhairliúcháin chórasacha leis an tsochaí shibhialta eagraithe maidir lena cuid oibre reachtaí agus beartais. Mar chuid de na comhairliúcháin sin, d’fhéadfaí cuireadh a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta freastal ar chruinnithe a gcuid meithleacha. Ina theannta sin, d’fhéadfadh uachtaránachtaí rothlacha na Comhairle cruinnithe a eagrú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir leis na tosaíochtaí atá acu (33).

6.   Idirphlé sibhialta agus CESE

6.1.

Ós comhlacht comhairleach é CESE atá comhdhéanta d’ionadaithe na bhfostóirí, na n-oibrithe agus eagraíochtaí na sochaí shibhialta, is príomhghníomhaí é maidir leis an idirphlé sibhialta a chosaint agus a chur chun cinn.

6.2.

Leanfar de na cleachtais atá ann faoi láthair maidir le rannpháirtíocht shochaí shibhialta an Aontais in obair CESE, go háirithe an Grúpa Idirchaidrimh, eagrú éisteachtaí leis an tsochaí shibhialta eagraithe, rannchuidiú le dréachtú tuairimí ó CESE, promhadh na hóige, cuireadh a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta labhairt ag na seisiúin iomlánacha, agus Seachtain bhliantúil na Sochaí Sibhialta.

6.3.

Mar obair leantach ar an Treochlár a glacadh ag Fóram na nEagraíochtaí Neamhrialtasacha a reáchtáladh i Ríge in 2015, dhréachtaigh Grúpa Idirchaidrimh CESE plean gníomhaíochta in 2018 chun Airteagal 11(1) agus Airteagal 11(2) den Chonradh a chur chun feidhme. Bhí Faireachlann Eorpach um Idirphlé Sibhialta a bhunú ar cheann de na tograí a rinneadh. Tugann CESE an iarraidh sin dá aire go cuí (34).

6.4.

Ar deireadh, athdhearbhaíonn CESE an iarraidh a rinneadh sa Tuairim uaidh An t-idirphlé sibhialta agus an daonlathas rannpháirtíochta san Aontas a neartú ar straitéis don idirphlé sibhialta as a n-eascródh plean gníomhaíochta lena bhféadfaí colún a áireamh mar chuid den togra le haghaidh Sciath Eorpach don Daonlathas.

An Bhruiséil, an 16 Iúil 2025.

Uachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)   Ionchur CESE i gClár Oibre 2025 an Choimisiúin Eorpaigh: https://www.eesc.europa.eu/en/documents/resolution/european-economic-and-social-committee-contribution-2025-european-commission-work-programme-all-languages.

(2)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach (COM(2023) 38 final — 2023/0012 (NLE)) agus maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún An t-idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach: leas a bhaint as a chumas iomlán chun aistrithe córa a bhainistiú (COM(2023) 40 final) ( IO C 228, 29.6.2023, lch. 87, pointe 1.7.

(3)   Grúpa Idirchaidrimh CESE, Páipéar Machnaimh maidir le Timthriall Idirphlé 2024: A European Strategy for Civil Society : https://www.eesc.europa.eu/sites/default/files/2025-01/reflection_paper_on_a_european_strategy_for_civil_society_fin_eesc-2024-04653-00-00-info-edi.pdf.

(4)  Airteagal 300-304 CFAE.

(5)  Airteagal 300(2) CFAE.

(6)   IO C 349, 29.9.2023, pointe 4.5 agus Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An t-idirphlé sibhialta agus an daonlathas rannpháirtíochta san Aontas a neartú: conair chun tosaigh (tústuairim arna hiarraidh d’Uachtaránacht na Beilge) ( IO C, C/2024/2481, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2481/oj), pointe 1.8.

(7)   Coimre 2020 ó CESE maidir leis an daonlathas rannpháirtíochta: https://www.eesc.europa.eu/en/our-work/publications-other-work/publications/participatory-democracy-success-story-written-eesc.

(8)   IO C, C/2024/2481, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2481/oj, pointe 3.8.

(9)   Litir oscailte ó Shochaí Shibhialta na hEorpa chuig Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, 2022: https://www.eesc.europa.eu/en/our-work/publications-other-work/publications/participatory-democracy-success-story-written-eesc. Ní chuirtear na comhpháirtithe sóisialta san áireamh inti.

(10)   Ionchur CESE i gclár oibre 2025 an Choimisiúin Eorpaigh, pointe 6.7: https://www.eesc.europa.eu/en/documents/resolution/european-economic-and-social-committee-contribution-2025-european-commission-work-programme-all-languages.

(11)   IO C, C/2024/2481, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2481/oj.

(12)  Go sonrach IO C, C/2024/2481, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2481/oj, Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Cosaint an Daonlathais (COM(2023) 630 final) — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1024/2012 agus (AE) 2018/1724 a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe a leagtar síos le Treoir (AE) XXXX/XXXX (COM(2023) 636 final) — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ceanglais chomhchuibhithe sa mhargadh inmheánach maidir le trédhearcacht na hionadaíochta leasa a dhéantar thar ceann tríú tíortha agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (COM(2023) 637 final) ( IO C, C/2024/4061, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4061/oj, IO C 349, 29.9.2023, lch. 69), IO C 228, 29.6.2023, lch. 87.

(13)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Conas is féidir cúrsaí a phlé leis an spriocphobal agus éifeacht a bhaint as torthaí na hoibre a dhéanann na Painéil Saoránach? (tuairim féintionscnaimh) (IO C 349, 29.9.2023, lch. 69) agus Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Míchothromaíochtaí sa chosaint shóisialta i gcoitinne agus go háirithe i gcás cineálacha nua oibre agus oibrithe neamhthipiciúla (tuairim féintionscaimh) ( IO C, C/2025/106, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/106/oj), pointe 5.9.

(14)  Ní áirítear leis sin eagraíochtaí comhpháirtíochtaí sóisialta na hEorpa: Civil society organisations / Sociétés civiles organisées, EESC: https://www.eesc.europa.eu/en/sections-other-bodies/other/liaison-group/organisation/civil-society-organisations-societes-civiles-organisees.

(15)   IO C, C/2024/2481, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2481/oj, pointe 2.4.

(16)   IO C, C/2024/2481, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2481/oj, pointe 5.3.

(17)   https://www.eesc.europa.eu/ga/news-media/news/civil-society-organisations-call-eu-civil-society-strategy.

(18)  An Grúpa Idirchaidrimh, Páipéar Machnaimh maidir le Timthriall Idirphlé 2024: A European Strategy for Civil Society.

(19)   IO C, C/2024/2481, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2481/oj, pointe 1.9.

(20)   IO C, C/2024/2481, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2481/oj, pointe 1.5.

(21)   https://www.eesc.europa.eu/sites/default/files/2024-01/OpenLetter_EN_updated.pdf.

(22)   IO C, C/2024/2481, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2481/oj, pointe 1.5.

(23)   Litir mhisin ón gCoimisinéir McGrath: https://commission.europa.eu/document/download/27636865-211e-46fe-97fb-582b514c78f9_en?filename=mission-letter-mcgrath.pdf.

(24)   IO C, C/2024/2481, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2481/oj, pointe 1.4.

(25)  Féach, mar shampla, Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An t-idirphlé sibhialta agus an daonlathas rannpháirtíochta san Aontas a neartú: conair chun tosaigh (tústuairim arna hiarraidh d’Uachtaránacht na Beilge) ( IO C, C/2024/2481, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2481/oj), pointe 3.5.

(26)   www.debatpublic.fr.

(27)   www.labsus.org/2024/03/unutopia-realizzata-dieci-anni-dopo.

(28)   www.ihrec.ie.

(29)   www.icnl.org/wp-content/uploads/Latvia_memo.pdf.

(30)   www.klimaatakkoord.nl.

(31)   www.nodsverige.se/english/.

(32)   Suirbhé Eorabharaiméadair nua ina léirítear an leibhéal muiníne is mó riamh as an Aontas Eorpach le blianta beaga anuas: https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_24_6126.

(33)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An t-idirphlé sibhialta agus an daonlathas rannpháirtíochta san Aontas a neartú: conair chun tosaigh (tústuairim arna hiarraidh d’Uachtaránacht na Beilge) ( IO C, C/2024/2481, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2481/oj23.4.2024).

(34)   IO C, C/2024/2481, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2481/oj, pointe 1.11.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5141/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top