This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024HB0003
Recommendation of the European Central Bank of 29 January 2024 to the Council of the European Union on the external auditors of Banque centrale du Luxembourg (ECB/2024/3)
Moladh ón mBanc Ceannais Eorpach an 29 Eanáir 2024 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maider le hiniúchóirí seachtracha Banque centrale du Luxembourg (BCE/2024/3)
Moladh ón mBanc Ceannais Eorpach an 29 Eanáir 2024 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maider le hiniúchóirí seachtracha Banque centrale du Luxembourg (BCE/2024/3)
ECB/2024/3
IO C, C/2024/1363, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1363/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/1363 |
6.2.2024 |
MOLADH ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 29 Eanáir 2024
do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maider le hiniúchóirí seachtracha Banque centrale du Luxembourg (BCE/2024/3)
(C/2024/1363)
TÁ COMHLAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 27.1 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Déanann iniúchóirí seachtracha neamhspleácha atá molta ag Comhairle Rialaithe BCE agus a fhormheasann Comhairle an Aontais Eorpaigh iniúchadh ar chuntais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus ar chuntais bhainc ceannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu. |
(2) |
Tiocfaidh deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha reatha Banque centrale du Luxembourg, Ernst & Young S.A, tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2023. Dá bhrí sin, is gá iniúchóirí seachtracha a cheapadh don bhliain airgeadais 2024. |
(3) |
Roghnaigh Banque centrale du Luxembourg KPMG Audit S. à r.l. mar iniúchóirí seachtracha do na blianta airgeadais 2024 go 2028, |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
Moltar go gceapfaí KPMG Audit S. à r.l. mar iniúchóirí seachtracha ar Banque centrale du Luxembourg do na blianta airgeadais 2024 go dtí 2028.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 29 Eanáir 2024.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1363/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)