This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024DP0176
P9_TA(2024)0176 – Amendments to Parliament’s Rules of Procedure implementing the parliamentary reform Parliament 2024 – European Parliament decision of 10 April 2024 on amendments to Parliament’s Rules of Procedure implementing the parliamentary reform Parliament 2024 (2024/2000(REG))
P9_TA(2024)0176 — Leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte lena gcuirtear chun feidhme an t-athchóiriú parlaiminteach Parlaimint 2024 — Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 ar leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte lena gcuirtear chun feidhme an t-athchóiriú parlaiminteach Parlaimint 2024 (2024/2000(REG))
P9_TA(2024)0176 — Leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte lena gcuirtear chun feidhme an t-athchóiriú parlaiminteach Parlaimint 2024 — Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 ar leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte lena gcuirtear chun feidhme an t-athchóiriú parlaiminteach Parlaimint 2024 (2024/2000(REG))
IO C, C/2025/1280, 13.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1280/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1280 |
13.3.2025 |
P9_TA(2024)0176
Leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte lena gcuirtear chun feidhme an t-athchóiriú parlaiminteach ‘Parlaimint 2024’
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 ar leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte lena gcuirtear chun feidhme an t-athchóiriú parlaiminteach ‘Parlaimint 2024’ (2024/2000(REG))
(C/2025/1280)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint do litir óna hUachtarán an 31 Eanáir 2024, |
|
— |
ag féachaint do Rialacha 236 agus 237 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGC ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 19 Aibreán 1995 maidir leis na rialacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa (1), |
|
— |
ag féachaint don togra uaithi le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis na rialacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa agus lena n-aisghairfear Cinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGC ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (2), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0158/2024), |
|
1. |
á chinneadh a cuid Rialacha Nós Imeachta a leasú de réir mar a léirítear anseo thíos; |
|
2. |
á chinneadh go dtiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm an 16 Iúil 2024; á chinneadh, áfach, go mbeidh feidhm ag na leasuithe lena dtugtar cumhacht do Comhdháil na nUachtarán agus don Bhiúró bearta cur chun feidhme a ghlacadh ón dáta a ghlacfar an cinneadh sin; |
|
3. |
á chinneadh go mbeidh feidhm ag socruithe idirthréimhseacha maidir le nósanna imeachta reachtacha nár ghlac an Pharlaimint seasamh ina leith roimh dheireadh pháirtseisiún deireanach an téarma pharlaimintigh sin agus ar cuireadh Riail 56, Riail 57 nó Riail 58 i bhfeidhm ina leith; sainordú a thabhairt do Chomhdháil na nUachtarán na socruithe idirthréimhseacha sin a leagan síos de bhun Riail 240, ar bhonn moladh ó Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí; á chinneadh, maidir leis na nósanna imeachta reachtacha ar ina leith a cuireadh Riail 57 i bhfeidhm agus ar glacadh tuarascáil an choiste fhreagraigh ina leith roimh dheireadh an pháirtseisiúin dheireanaigh sin, go leanfaidh Riail 57 d’fheidhm a bheith aici go dtí go nglacfar an gníomh dlí atá beartaithe; |
|
4. |
á chur i bhfáth, agus iarrthóirí á n-ainmniú agus á dtoghadh ag an Uachtarán, ag na Leas-Uachtaráin agus ag na Caestóirí, go bhfuil freagracht chomhchoiteann ar ghrúpaí polaitiúla as iarrthóirí a chur chun cinn a urramaíonn an chothromaíocht inscne; |
|
5. |
á ghealladh dul i ngleic leis an gCoimisiún chun tús a chur le hathbhreithniú ar Chreat-Chomhaontú an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach (3) i bhfianaise an athchóirithe pharlaimintigh ‘Parlaimint 2024’ agus á chur in iúl gur geal léi gur thionscain Uachtarán na Parlaiminte na chéad chéimeanna le Uachtarán an Choimisiúin chuige sin; |
|
6. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún mar eolas. |
Leasú 1
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 25 – mír 9
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
9. Is é an Biúró an t–údarás a bheidh freagrach as údarú a thabhairt maidir le cruinnithe nó misin coistí in áiteanna seachas na gnátháiteanna oibre, maidir le héisteachtaí agus maidir le haistir staidéir agus cuairteanna faisnéise ag rapóirtéirí . |
9. Is é an Biúró an t-údarás a bheidh freagrach as caiteachas ar éisteachtaí a údarú. |
|
I gcás ina n-údaraítear cruinnithe nó misin den sórt sin, cinnfear na socruithe teanga ar bhonn an Chóid Iompair um Ilteangachas arna ghlacadh ag an mBiúró. Beidh feidhm ag an riail chéanna maidir le toscaireachtaí. |
|
Leasú 2
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 27 – mír 7
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
7. Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán tograí don Pharlaimint maidir le comhdhéanamh agus inniúlacht na gcoistí, na gcoistí fiosrúcháin, na gcoistí parlaiminteacha comhpháirteacha agus na mbuantoscaireachtaí. Beidh Comhdháil na nUachtarán freagrach as toscaireachtaí ad hoc a údarú . |
7. Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán tograí don Pharlaimint maidir le comhdhéanamh agus inniúlacht na gcoistí, na gcoistí speisialta, na gcoistí fiosrúcháin, na gcoistí parlaiminteacha comhpháirteacha agus na mbuantoscaireachtaí idirpharlaiminteacha. Is í Comhdháil na nUachtarán an t-údarás a bheidh freagrach as a mholadh don Pharlaimint go mbunófar coistí reachtacha sealadacha i gcomhréir le Riail 207a . |
Leasú 3
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 27 – mír 7 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
7a. Is í Comhdháil na nUachtarán an t-údarás a bheidh freagrach as misin amach ó na gnáthionaid oibre agus cruinnithe idirpharlaiminteacha a údarú. |
Leasú 4
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 42
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
Riail 42 |
|
|
Comhréireacht airgeadais a fhíorú |
scriosta |
|
1. II gcás ina bhfuil impleachtaí airgeadais ag gabháil le togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí, suífidh an Pharlaimint an bhfuil acmhainní dóthanacha airgeadais á soláthar. |
|
|
2. Déanfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar a sheiceáil go bhfuil aon togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí comhréireach ó thaobh airgeadais leis an rialachán maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil. |
|
|
3. I gcás ina leasóidh an coiste atá freagrach as an ábhar dearlaic airgeadais an ghnímh atá á bhreithniú aige, iarrfaidh sé tuairim an choiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha. |
|
|
4. Ina theannta sin, féadfaidh an coiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha, ar a thionscnamh féin, ceisteanna a ardú freisin, ar ceisteanna iad a bhaineann le c–omhréireacht airgeadais tograí le haghaidh gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé an coiste atá freagrach as an ábhar ar an eolas go cuí. |
|
|
5. Má chinneann an coiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha comhréireacht airgeadais an togra a dhíospóid, tuairisceoidh sé a chuid conclúidí don Pharlaimint sula vótálfaidh an Pharlaimint ar an togra. |
|
Leasú 5
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 47 – mír 1 – fomhíreanna 1a agus 1b (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
Léireofar sa rún ón bParlaimint bunús dlí iomchuí an togra. |
|
|
Breithneoidh an Pharlaimint impleachtaí airgeadais, más ann, an togra. |
Leasú 6
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 47 – mír 2 – fomhír 3
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
Cuirfear an togra faoi bhráid an Uachtaráin agus fíoróidh an tUachtarán an bhfuil na ceanglais dhlíthiúla á gcomhlíonadh. Féadfaidh an tUachtarán an togra a tharchur chuig an gcoiste atá freagrach as an bhfíorú sin chun tuairim maidir le hoiriúnacht a bhunúis dlí a fháil uaidh. Má dhearbhaíonn an tUachtarán an togra a bheith inghlactha, fógróidh an tUachtarán sa suí iomlánach é agus tarchuirfidh sé nó sí chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar é. |
Cuirfear an togra faoi bhráid an Uachtaráin agus fíoróidh an tUachtarán an bhfuil na ceanglais dhlíthiúla á gcomhlíonadh. Féadfaidh an tUachtarán an togra a tharchur chuig an gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla chun tuairim maidir le hoiriúnacht a bhunúis dlí a fháil uaidh , agus seachadfar an tuairim sin gan mhoill mhíchuí . Má dhearbhaíonn an tUachtarán an togra a bheith inghlactha, fógróidh an tUachtarán sa suí iomlánach é agus tarchuirfidh sé nó sí chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar é. |
Leasú 7
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 47 – mír 2 – fomhír 6a
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an gcoiste atá freagrach as an ábhar tuarascáil féintionscnaimh a tharraingt suas ar an togra i gcomhréir le Riail 54 agus nach mbeidh an tUachtarán tar éis í a tharchur chuig an gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla chun tuairim a fháil ar oiriúnacht an bhunúis dlí, iarrfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar tuairim den sórt sin ar an gcoiste sin, agus tabharfar an tuairim sin gan mhoill mhíchuí. |
Leasú 8
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 47 – mír 3
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
3. Léireoidh an rún ón bParlaimint an bunús dlí cuí agus beidh moltaí ina theannta a bhaineann lena bhfuil sna tograí a éilítear. |
3. Féadfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar togra den sórt sin a chur síos ar a thionscnamh féin freisin. Iarrfaidh sé tuairim ar oiriúnacht an bhunúis dlí ar an gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla, agus tabharfar an tuairim sin gan mhoill mhíchuí. |
Leasú 9
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 47 – mír 4
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
4. I gcás ina mbeidh impleachtaí airgeadais ag togra, léireoidh an Pharlaimint conas is féidir acmhainní dóthanacha airgeadais a sholáthar . |
4. Féadfaidh an coiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha tuairim ar impleachtaí féideartha airgeadais an togra a thabhairt don choiste atá freagrach as an ábhar . Tabharfaidh sé tuairim den sórt sin má iarrann an coiste atá freagrach as an ábhar amhlaidh. Déanfar tuairim den sórt sin a thabhairt gan moill mhíchuí. |
Leasú 10
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 47 – mír 4 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
4a. Beidh moltaí i dteannta an rúin ón bParlaimint a bhaineann lena bhfuil sa togra iarrtha. |
Leasú 11
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 47 – mír 4 b (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
4b. Tabharfar aird na Comhairle agus an Choimisiúin ar an rún ón bParlaimint d’fhonn é a áireamh go féideartha sa dearbhú comhpháirteach maidir le clársceidealú idirinstitiúideach bliantúil dá dtagraítear i Riail 38(2). |
Leasú 12
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 47 – mír 5 – fomhíreanna 1a agus 1b (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
Ar dhul in éag do sprioc-am trí mhí dá bhforáiltear i mír 16, an tríú fomhír, den Chreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach agus i mír 10 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, féadfar a iarraidh ar an gCoimisiún ráiteas a dhéanamh sa suí iomlánach, de bhun Riail 132, chun an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí leantacha atá beartaithe aige a dhéanamh. |
|
|
Mura gcuirtear ráiteas den sórt sin ar chlár oibre an chéad pháirtseisiúin nó an dara páirtseisiún tar éis don sprioc-am dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo dul in éag, tabharfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar cuireadh don Choimisinéir atá freagrach an fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a chur ar fáil ag ceann de na cruinnithe a bheidh aige amach anseo. |
Leasú 13
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 47 – mír 6
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
6. Déanfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí faireachán rialta an gcomhlíonann an Coimisiún mír 10 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ar dá réir atá an Coimisiún le freagairt d’iarrataí ar thograí a chur isteach laistigh de thrí mhí trí chumarsáid ar leith a ghlacadh ina luafar na gníomhaíochtaí leantacha beartaithe atá le déanamh. Tuairisceoidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí go rialta ar thorthaí an fhaireacháin sin do Chomhdháil na nUachtarán. |
6. Déanfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí faireachán rialta agus tuairisc a thabhairt do Chomhdháil na nUachtarán i dtaobh an bhfuil mír 16, an tríú fomhír, den Chreat-Chomhaontú agus mír 10 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr á gcomhlíonadh ag an gCoimisiún ar dá réir atá an Coimisiún le freagairt d’iarrataí ar thograí a chur isteach laistigh de thrí mhí trí chumarsáid ar leith a ghlacadh ina luafar na gníomhaíochtaí leantacha beartaithe atá le déanamh. |
Leasú 14
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 48 – teideal
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
Gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a bhreithniú |
Tarchur gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí agus ceisteanna inniúlachta |
Leasú 15
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 48 – mír 1
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
1. Déanfaidh an tUachtarán tograí le haghaidh gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a gheofar ó institiúidí eile nó ó na Ballstáit a tharchur chuig an gcoiste freagrach lena mbreithniú. Cuirfear na coistí eile ar an eolas faoin tarchur ag an am céanna. |
1. Déanfaidh an tUachtarán tograí le haghaidh gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a gheofar ó institiúidí eile nó ó na Ballstáit a tharchur chun an choiste atá freagrach nó chun na coistí atá freagrach de bhun Riail 58 lena mbreithniú. Féadfaidh an tUachtarán, an tráth sin, tograí a tharchur chun coiste amháin nó níos mó chun go ndéanfaidh siad tuairim a dhréachtú de bhun Riail 56. Cuirfear na coistí agus na grúpaí polaitiúla eile ar an eolas faoin tarchur ag an am céanna. |
Leasú 16
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 48 – mír 1 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
1a. Laistigh de dhá sheachtain ón tarchur, féadfaidh coiste nó grúpa polaitiúil agóid a dhéanamh i gcoinne tharchur an Uachtaráin chun an choiste nó na coistí atá freagrach. I gcás den sórt sin, déanfaidh an coiste nó an grúpa polaitiúil sin réasúnú mionsonraithe i scríbhinn agus rogha réasúnaithe bunaithe ar Iarscríbhinn VI a chur ar fáil seachtain amháin ar a laghad roimh an gcéad chruinniú eile de Chomhdháil na nUachtarán. |
|
|
Féadfaidh Comhdháil na nUachtarán moladh ar an ábhar a iarraidh ar Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí. Glacfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí nó a Cathaoirleachan moladh sin ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aici. Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh i dtaobh an tarchuir deiridh ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aici ar choinníoll go mbeidh a moladh tarcurtha ag Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí seachtain amháin roimhe sin ar a laghad. |
|
|
Mura ndéanfaidh aon choiste nó grúpa polaitiúil agóid i gcoinne tharchur an Uachtaráin chun an choiste nó na coistí atá freagrach laistigh den teorainn ama a leagtar síos sa chéad fhomhír, tarchur críochnaitheach a bheidh i dtarchur an Uachtaráin. |
Leasú 17
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 48 – mír 2
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
2. I gcásanna amhrais, féadfaidh an tUachtarán, sula bhfógrófar tarchur sa Pharlaimint chun an choiste fhreagraigh, ceist a bhaineann le hinniúlacht a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán . Glacfaidh Comhdháil na nUachtarán a cinneadh ar bhonn moladh ó Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, nó ó chathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, i gcomhréir le Riail 211(2) . |
2. I gcásanna amhrais, féadfaidh an tUachtarán, roimh an tarchur dá bhforáiltear i mír 1, moladh maidir le ceist na hinniúlachta a iarraidh ar Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí . Glacfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí nó a Cathaoirleach an moladh sin ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aici. Tar éis an moladh a fháil, déanfaidh an tUachtarán an tarchur. Cuirfear na grúpaí polaitiúla ar an eolas faoin tarchur ag an am céanna. Laistigh de dhá sheachtain ón tarchur, féadfaidh grúpa polaitiúil agóid a dhéanamh i gcoinne tharchur an Uachtaráin chun an choiste nó na coistí atá freagrach. I gcás den sórt sin, déanfaidh an grúpa sin réasúnú mionsonraithe i scríbhinn agus rogha réasúnaithe bunaithe ar Iarscríbhinn VI a chur ar fáil dhá sheachtain ar a laghad roimh an gcéad chruinniú eile de Chomhdháil na nUachtarán. Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh i dtaobh an tarchuir ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aici . |
|
|
Mura ndéanfaidh aon ghrúpa polaitiúil agóid i gcoinne tharchur an Uachtaráin chun an choiste nó na coistí atá freagrach laistigh den teorainn ama a leagtar síos sa chéad fhomhír, tarchur críochnaitheach a bheidh i dtarchur an Uachtaráin. |
Leasú 18
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 48 – mír 2 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
2a. Laistigh de 2 sheachtain ón tarchur, féadfaidh coiste nach mbeidh an togra le haghaidh tuairim tarchurtha chuige ag an Uachtarán de bhun mhír 1 údarú a iarraidh ar Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí tuairim den sórt sin a tharraingt suas. Beidh an iarraidh sin bunaithe ar ráiteas i scríbhinn ar na cúiseanna lena dtugtar údar maith go dtagann an t-ábhar den chuid is mó faoina inniúlacht de bhun Iarscríbhinn VI. Déanfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí nó a Cathaoirleach cinneadh ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aici agus cuirfidh sí an tUachtarán ar an eolas faoi. |
Leasú 19
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 48 – mír 3
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
3. Fógróidh an tUachtarán an tarchur sa Pharlaimint tar éis an togra a fháil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh agus, ach amháin i gcásanna iarrataí ar chur i bhfeidhm an nós imeachta práinne de bhun Riail 163, i gcás inarb ábhartha, tar éis aon choinbhleacht inniúlachta idir coistí a bheith socraithe i gcomhréir le Riail 211(2) . A luaithe a fhógrófar sa Pharlaimint é, poibleofar an tarchur ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte. |
3. Fógróidh an tUachtarán an tarchur sa Pharlaimint tar éis an togra a fháil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh agus, ach amháin i gcásanna iarrataí ar chur i bhfeidhm an nós imeachta práinne de bhun Riail 163, i gcás inarb ábhartha, tar éis aon cheist inniúlachta idir coistí a bheith socraithe. A luaithe a fhógrófar sa Pharlaimint é, poibleofar an tarchur ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte. |
Leasú 20
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 48 – mír 4
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
4. Féadfaidh an coiste freagrach, am ar bith, a chinneadh rapóirtéir a cheapadh chun céim ullmhúcháin togra a leanúint. Tabharfaidh sé aird ar leith ar é sin a dhéanamh ina liostófar an togra i gClár Oibre an Choimisiúin. |
scriosta |
Leasú 21
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 48 – mír 5
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
5. I gcás foráil de na Rialacha Nós Imeachta a bhaineann leis an dara léamh agus leis an tríú léamh a bheith ar neamhréir le haon fhoráil eile de na Rialacha, beidh forlámhas ag an bhforáil a bhaineann leis an dara léamh agus leis an tríú léamh. |
scriosta |
Leasú 22
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 48 – mír 5 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
5a. Chun críche na spriocdhátaí a luaitear sa Riail se, ní dhéanfar seachtainí nach mbeidh gníomhaíochtaí parlaiminteacha ar siúl lena linn agus seachtainí a chuirfear i leataobh le haghaidh gníomhaíochtaí parlaiminteacha seachtracha a chur san áireamh. |
Leasú 23
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 49 – mír 1
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
Féadfaidh an coiste freagrach nó na coistí freagracha luasghéarú nósanna imeachta reachtacha i gcomhar leis an gComhairle agus leis an gCoimisiúin maidir le tograí sonracha, a roghnaítear go háirithe as measc na gceann sin a shainaithnítear mar thosaíochtaí sa chomhdhearbhú maidir le cláreagrú idirinstitiúideach bliantúil de bhun Riail 38(2), a chomhaontú. |
Déanfaidh an coiste freagrach nó na coistí freagracha luasghéarú nósanna imeachta reachtacha i gcomhar leis an gComhairle agus leis an gCoimisiúin maidir le tograí sonracha, a roghnaítear go háirithe as measc na gceann sin a shainaithnítear mar thosaíochtaí sa chomhdhearbhú maidir le cláreagrú idirinstitiúideach bliantúil de bhun Riail 38(2), a chomhaontú. |
Leasú 24
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 49 – mír 1 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
Déanfar nósanna imeachta reachtacha brostaithe a chur i gcrích ar bhonn tuarascála ón gcoiste nó ó na coistí atá freagrach. Chuige sin, féadfar tosaíocht a thabhairt do cheisteanna a ndéileálfar leo i gcomhréir le nósanna imeachta reachtacha brostaithe ar na míreanna eile ar an gclár oibre. |
Leasú 25
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 51 – mír 2
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
2. Tar éis cinneadh a ghlacadh ar an nós imeachta a bheidh le leanúint, agus mura bhfuil feidhm ag an nós imeachta simplithe faoi Riail 52, déanfaidh an coiste rapóirtéir ar an togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí a cheapadh as measc a chomhaltaí nó a bhuanchomhaltaí ionaid mura mbeidh sé sin déanta cheana ar bhonn Riail 48(4) . |
2. Tar éis cinneadh a ghlacadh ar an nós imeachta a bheidh le leanúint, agus ar choinníoll nach bhfuil feidhm ag an nós imeachta simplithe faoi Riail 52, déanfaidh an coiste rapóirtéir ar an togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí a cheapadh as measc a chomhaltaí nó a bhuanchomhaltaí ionaid. |
|
|
Féadfaidh an coiste atá freagrach cinneadh a dhéanamh, ina theannta sin, rapóirtéir a cheapadh chun céim ullmhúcháin togra a leanúint. Tabharfaidh sé aird ar leith ar é sin a dhéanamh i gcás ina liostófar an togra i gClár Oibre an Choimisiúin. |
Leasú 26
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 52 – mír 2
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
2. Mar mhalairt air sin, féadfaidh an Cathaoirleach a mholadh go ndréachtóidh an Cathaoirleach nó an rapóirtéir sraith leasuithe ina léirítear plé an choiste . Mura gcuirfidh comhaltaí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an meántairseach ar a laghad sa choiste ina aghaidh, measfar gur formheasadh an nós imeachta beartaithe agus seolfar na leasuithe sin chun comhaltaí an choiste . |
2. Mar mhalairt air sin, féadfaidh an Cathaoirleach a mholadh go socrófar sprioc-am chun leasuithe a chur síos gan dréacht-tuarascáil a bheith tarraingthe suas ar dtús . Mura gcuirfidh comhaltaí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an meántairseach ar a laghad sa choiste ina aghaidh, measfar gur formheasadh an nós imeachta beartaithe. |
|
Mura gcuirfidh comhaltaí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an meántairseach ar a laghad sa choiste in aghaidh na leasuithe sin laistigh de theorainn ama réamhshocraithe nach giorra ná 10 lá oibre ó dháta seolta na leasuithe, measfar an tuarascáil a bheith glactha ag an gcoiste. Sa chás sin, cuirfear an dréachtrún reachtach agus na leasuithe faoi bhráid na Parlaiminte gan díospóireacht de bhun an dara fomhír de Riail 159(1) agus Riail 159(2) agus (4) . |
Déanfar vótáil ar na leasuithe a chuirtear síos ag an gcruinniú is luaithe is féidir den choiste tar éis sprioc-am na leasuithe a bheith rite, agus cuirfear dréachtrún reachtach agus leasuithe faoi bhráid na Parlaiminte ina dhiaidh sin . |
|
Má chuireann comhaltaí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an meántairseach ar a laghad sa choiste in aghaidh na leasuithe, déanfar vótáil ar na leasuithe ag an gcéad chruinniú eile den choiste. |
|
Leasú 27
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 53 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
Riail 53 a |
|
|
Comhrapóirtéireacht |
|
|
1. Go heisceachtúil, gan dochar do Riail 51(2) agus ar iarraidh ón gcoiste atá freagrach, féadfaidh Comhdháil na nUachtarán ceapachán triúr comhrapóirtéirí ar a mhéid a údarú. Mar riail ghinearálta, is ó ghrúpaí polaitiúla éagsúla a thiocfaidh na comhrapóirtéirí. |
|
|
2. Ní údarófar ceapachán na gcomhrapóirtéirí faoi mhír 1 i gcás tuarascálacha arna dtarraingt suas ag coistí i gcomhpháirt faoi Riail 58, i gcomhair tuairimí de bhun Riail 56 nó i gcomhair tuarascálacha féintionscnaimh, ach amháin tuarascálacha féintionscnaimh, de chineál buiséadach nó institiúideach. |
Leasú 28
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 54 – mír 4
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
4. Déanfar tairiscintí i gcomhair rún arna gcur faoi bhráid na Parlaiminte a scrúdú faoin nós imeachta um thíolacadh gairid a leagtar amach i Riail 160. Ní bheidh leasuithe ar na tairiscintí sin i gcomhair rún agus iarrataí ar vótáil dheighilte nó vótáil ar leithligh inghlactha lena mbreithniú i suí iomlánach ach amháin má chuireann an rapóirtéir síos iad d’fhonn faisnéis nua a chur i gcuntas nó má chuireann an deichiú cuid ar a laghad d’Fheisirí na Parlaiminte síos iad. Féadfaidh grúpaí polaitiúla tairiscintí malartacha i gcomhair rún a chur síos i gcomhréir le Riail 181(3). Beidh feidhm ag Riail 190 maidir le tairiscint an choiste i gcomhair rúin agus leasuithe air sin. Beidh feidhm ag Riail 190 freisin maidir leis an vótáil aonair ar thairiscintí malartacha i gcomhair rún. |
4. Déanfar tairiscintí i gcomhair rún arna gcur faoi bhráid na Parlaiminte a scrúdú faoin nós imeachta um thíolacadh gairid a leagtar amach i Riail 160 nó a chur isteach go díreach le haghaidh vóta sa suí iomlánach . Ní bheidh leasuithe ar na tairiscintí sin i gcomhair rún agus iarrataí ar vótáil dheighilte nó vótáil ar leithligh inghlactha lena mbreithniú i suí iomlánach ach amháin má chuireann an rapóirtéir síos iad d’fhonn faisnéis nua a chur i gcuntas nó má chuireann an deichiú cuid ar a laghad d’Fheisirí na Parlaiminte síos iad. Féadfaidh grúpaí polaitiúla tairiscintí malartacha i gcomhair rún a chur síos i gcomhréir le Riail 181(3). Beidh feidhm ag Riail 190 maidir le tairiscint an choiste i gcomhair rúin agus leasuithe air sin. Beidh feidhm ag Riail 190 freisin maidir leis an vótáil aonair ar thairiscintí malartacha i gcomhair rún. |
Leasú 29
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 54 – mír 5
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
5. Ní bheidh feidhm ag mír 4 i gcás ina gcáilíonn ábhar na tuarascála le haghaidh díospóireacht lárnach i suí iomlánach, i gcás ina dtarraingítear suas an tuarascáil de bhun an chirt tionscnaimh dá dtagraítear i Riail 46 nó i Riail 47, nó i gcás ina mbeidh an tuarascáil údaraithe mar thuarascáil straitéiseach (18). |
5. Ní bheidh feidhm ag mír 4 i gcás ina gcáilíonn ábhar na tuarascála le haghaidh díospóireacht lárnach i suí iomlánach, i gcás ina dtarraingítear suas an tuarascáil de bhun an chirt tionscnaimh dá dtagraítear i Riail 46 nó i Riail 47, i gcás ina mbeidh an tuarascáil údaraithe mar thuarascáil straitéiseach nó mar thuarascáil cur chun feidhme nó le haghaidh tuarascálacha bliantúla gníomhaíochta agus faireacháin atá liostaithe sna forálacha cur chun feidhme arna leagan síos ag Comhdháil na nUachtarán . |
|
|
Leasú 30
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 54 – mír 5 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
5a. Féadfaidh Cathaoirligh na gcoistí comhaontuithe a dhéanamh le Cathaoirligh coistí eile maidir le tuarascáil féintionscnaimh nó tuarascáil neamhreachtaíochta a leithdháileadh ar choiste áirithe. |
|
|
Má thagann ceist inniúlachta chun cinn i measc dhá bhuanchoiste nó níos mó, scrúdóidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí an t-ábhar. Mura dtiocfaidh na coistí sin ar aon chomhaontú, eiseoidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí nó a Cathaoirleach moladh. Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh ar bhonn an mholta sin ag a cruinniú is luaithe is féidir agus, ar a dhéanaí, laistigh de shé seachtaine tar éis a tharchuir. Más rud é nach ndéanann Comhdháil na nUachtarán cinneadh laistigh den tréimhse sin, measfar go bhfuil an moladh formheasta. |
Leasú 31
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 56 – mír 1 – fomhír 1
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
1. Más rud é gur mian leis an gcoiste ar tarchuireadh ábhar chuige i dtosach barúlacha coiste eile a chloisteáil, nó más mian le coiste eile a chuid barúlacha a chur in iúl don choiste ar tarchuireadh ábhar chuige i dtosach, féadfaidh na coistí sin a iarraidh ar an Uachtarán, i gcomhréir le Riail 210(2), coiste amháin a ainmniú mar an gcoiste freagrach agus an coiste eile a ainmniú mar an gcoiste a thugann tuairim. |
1. Féadfar a údarú do choistí tuairim a tharraingt suas de bhun Riail 48 nó Riail 54 má thagann ábhar go mór faoina n-inniúlacht de bhun Iarscríbhinn VI (18a). |
|
|
Leasú 32
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 56 – mír 1 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
1a. Tá Cathaoirligh agus rapóirtéirí an choiste atá freagrach agus aon choiste a thugann tuairim faoi cheangal ag prionsabal an dea-chomhair agus an chomhair dhílis. Coimeádfaidh rapóirtéirí na gcoistí sin a chéile ar an eolas agus féachfaidh siad le teacht ar chomhaontú faoi na téacsanna a chinnfidh siad a chur mar thogra chun a gcoistí agus faoina seasamh maidir le leasuithe. |
Leasú 33
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 56 – mír 2
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
2. I gcás ina mbainfidh togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí leis an tuairim, is é a bheidh sa tuairim ná leasuithe ar an téacs a tarchuireadh chuig an gcoiste mar aon le réasúnuithe gearra, más cuí. Beidh a n-údar freagrach as na réasúnuithe sin agus ní dhéanfar vótáil orthu. Más gá, féadfaidh an coiste a thugann tuairim réasúnú gearr don tuairim ina hiomláine a thíolacadh i scríbhinn. Beidh an rapóirtéir don tuairim freagrach as an réasúnú gearr i scríbhinn sin. |
2. I gcás ina mbainfidh togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí leis an tuairim, is é a bheidh sa tuairim ná leasuithe ar an téacs a tarchuireadh chuig an gcoiste mar aon le réasúnuithe gearra, más cuí. Beidh a n-údar freagrach as na réasúnuithe sin agus ní dhéanfar vótáil orthu. Más gá, féadfaidh an coiste a thugann tuairim réasúnú gearr don tuairim ina hiomláine a thíolacadh i scríbhinn. Beidh an rapóirtéir don tuairim freagrach as an réasúnú gearr i scríbhinn sin. |
|
|
Socróidh an coiste freagrach tréimhse ama réasúnach ar laistigh di nach mór do na coistí a thugann tuairim an tuairim sin a thabhairt ionas go bhféadfaidh an coiste freagrach í a chur i gcuntas. Déanfaidh an coiste atá freagrach aon athruithe ar an tráthchlár fógartha a chur in iúl do na coistí a thugann tuairim, mar aon leis an réasúnú don athrú sin. Ní thiocfaidh an coiste freagrach ar a chuid conclúidí críochnaitheacha sula mbeidh an sprioc-am sin imithe in éag. |
|
I gcás nach mbainfidh togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí leis an tuairim, is é a bheidh sa tuairim ná moltaí i ndáil le codanna den tairiscint i gcomhair rúin arna gcur isteach ag an gcoiste freagrach. |
2a. I gcás nach mbainfidh togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí leis an tuairim, is é a bheidh sa tuairim ná leasuithe ar dhréacht-tuarascáil an choiste atá freagrach. Tabharfaidh an tráthchlár arna shocrú ag an gcoiste atá freagrach dóthain ama don choistí a thugann tuairim chun sprioc-am sonrach a shocrú chun a leasuithe a chur ar fáil agus chun a gcuid oibre a chríochnú. |
|
Déanfaidh an coiste freagrach vótáil ar na leasuithe nó ar na moltaí sin . |
2b. Déanfaidh an coiste freagrach vótáil ar leasuithe na gcoistí sin a thugann tuairim . Féadfaidh an coiste sin a thugann tuairim leasuithe ó choiste a thugann tuairim agus nach nglacann an coiste atá freagrach, iad a chur síos go díreach lena mbreithniú ag an bParlaimint, seachas i gcás tuairim de bhun Riail 93, Riail 118 agus Iarscríbhinn V. |
|
Ní dhéileálfaidh na tuairimí ach amháin leis na nithe sin a thagann faoi réimsí freagrachta an choiste a thugann tuairim. |
2c. Ní dhéileálfaidh na tuairimí ach amháin leis na nithe sin a thagann faoi réimsí inniúlachta an choiste a thugann tuairim. Ní bheidh leasuithe nach dtagann faoi réimsí inniúlachta an choiste sin a thugann tuairim inghlactha. |
Leasú 34
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 56 – mír 3
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
3. Socróidh an coiste freagrach tréimhse ama ar laistigh di nach mór don choiste a thugann tuairim an tuairim sin a thabhairt ionas go bhféadfaidh an coiste freagrach í a chur i gcuntas. Déanfaidh an coiste freagrach aon athruithe ar an tráthchlár fógartha a chur in iúl don choiste/do na coistí a thugann tuairim. Ní thiocfaidh an coiste freagrach ar a chuid conclúidí críochnaitheacha sula mbeidh an teorainn ama sin imithe in éag. |
scriosta |
Leasú 35
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 56 – mír 4
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
4. Ina ionad sin, féadfaidh an coiste a thugann tuairim a chinneadh go dtíolacfar a sheasamh i bhfoirm leasuithe a chuirfear síos go díreach sa choiste freagrach tar éis a nglactha. Cuirfidh an Cathaoirleach nó an rapóirtéir thar ceann an choiste a thugann tuairim na leasuithe sin síos. |
scriosta |
Leasú 36
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 56 – mír 5
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
5. Cuirfidh an coiste a thugann tuairim síos na leasuithe dá dtagraítear i mír 3a laistigh den teorainn ama i gcomhair leasuithe atá leagtha síos ag an gcoiste freagrach. |
scriosta |
Leasú 37
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 56 – mír 6
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
6. Déanfar gach tuairim agus leasú a ghlacann an coiste a thugann tuairim a chur i gceangal le tuarascáil an choiste fhreagraigh. |
6. Déanfar gach tuairim a ghlacann na coistí a thugann tuairim a chur i gceangal le tuarascáil an choiste atá freagrach. |
Leasú 38
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 56 – mír 7
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
7. Ní féidir le coistí a thugann tuairim de réir bhrí na Rialach seo leasuithe a chur síos lena mbreithniú ag an bParlaimint. |
scriosta |
Leasú 39
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 56 – mír 8
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
8. Iarrfar ar Chathaoirleach agus ar rapóirtéir an choiste a thugann tuairim páirt a ghlacadh i gcáil chomhairleach i gcruinnithe den choiste freagrach , sa mhéid go mbaineann na cruinnithe sin leis an ábhar is díol spéise comhchoitinne dóibh . |
8. Iarrfar ar Chathaoirleach agus ar rapóirtéir an choiste a thugann tuairim páirt a ghlacadh i gcáil chomhairleach i gcruinnithe den choiste freagrach. Iarrfar ar rapóirtéir an choiste a thugann tuairim chomh maith i gcáil chomhairleach chun scáthchruinnithe agus cruinnithe ullmhúcháin a thionólfar faoi chuimsiú na gcaibidlíochtaí idirinstitiúideacha. Maidir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir le céim an chéad léimh. |
Leasú 40
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 56 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
Riail 56a |
|
|
Measúnú buiséadach ar thograí le haghaidh gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí agus a bhfuil impleachtaí buiséadacha leo |
|
|
1. Gan dochar do chur i bhfeidhm Riail 48, i gcás ina bhfuil impleachtaí do bhuiséad an Aontais ag togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí, déanfaidh an tUachtarán an togra sin a tharchur chun an choiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha. Eiseoidh an coiste sin measúnú buiséadach ar an togra ansin má mheasann sé gurb iomchuí sin nó má iarrann an coiste atá freagrach as an ábhar amhlaidh. Ní dochar an mhír seo don fhéidearthacht go n-údarófaí don choiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha tuairimí a chur isteach de bhun Riail 56 nó gníomhú i gcomhpháirt le coiste amháin nó níos mó de bhun Riail 58. |
|
|
2. Socróidh an coiste atá freagrach as an ábhar teorainn ama ar laistigh di a bheidh an measúnú buiséadach le cur ar fáil. Déanfar aon athruithe ar an tráthchlár fógartha a chur in iúl don choiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha. Ní ghlacfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar a thuarascáil sula mbeidh an sprioc-am sin dulta in éag. |
|
|
3. Sa mheasúnú buiséadach, scrúdóidh an coiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha an ndéanann an togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí foráil maidir le hacmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna, agus déanfaidh sé meastóireacht ar thionchar féideartha an mhaoinithe atá beartaithe ar chláir nó ar bheartais eile de chuid an Aontais. Cinnfidh sé chomh maith an bhfuil an togra ag luí leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil, leis an gcóras acmhainní dílse agus leis an gcomhaontú idirinstitiúideach comhfhreagrach, chomh maith leis na prionsabail bhuiséadacha mar a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais. I gcás inarb infheidhme, cinnfidh an coiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha an bhfuil an togra ag luí le seasamh na Parlaiminte maidir le haon togra chun an creat sin, an córas sin, an comhaontú sin nó na prionsabail sin a leasú nó a ionadú. |
|
|
4. Is é a bheidh sa mheasúnú buiséadach meastóireacht ar ghnéithe an togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí dá dtagraítear i mír 3. Féadfaidh leasuithe ar an togra sin a bheith sa mheasúnú buiséadach, i gcás inarb iomchuí, lena gcumhdaítear go heisiach na gnéithe sin dá dtagraítear i mír 3. Ní hinghlactha leasuithe ar na gnéithe sin arna ndéanamh ag an gcoiste atá freagrach as an ábhar. Déanfar an measúnú buiséadach, lena n-áirítear na leasuithe, a chomhtháthú sa tuarascáil sa cháil sin. |
|
|
5. I gcás ina soláthrófar measúnú buiséadach, comhoibreoidh an coiste atá freagrach as an ábhar agus an coiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha le linn an nós imeachta chun comhsheasmhacht iomlán idir cuspóirí beartais agus buiséadacha a áirithiú. Chuige sin, tabharfaidh siad cuireadh do rapóirtéirí a chéile chun a bpléití laistigh den Pharlaimint a bhaineann leis an togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí, lena n-áirítear na cruinnithe idir na rapóirtéirí agus na scáthrapóirtéirí. |
|
|
6. I gcás ina gcuirfear measúnú buiséadach ar fáil, beidh an rapóirtéir ón gcoiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha curtha san áireamh san fhoireann chaibidlíochta dá dtagraítear i Riail 74(1) maidir leis na gnéithe dá dtagraítear i mír 3. I gcás nach gcuirfear measúnú buiséadach ar fáil, féadfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar a iarraidh ar an gcoiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha cúnamh a thabhairt don fhoireann chaibidlíochta dá dtagraítear i Riail 74(1) i ndáil leis na gnéithe dá dtagraítear i mír 3 ag aon chéim de na caibidlíochtaí idirinstitiúideacha. |
Leasú 41
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 57
|
An téacs atá ann |
Leasú |
||
|
Riail 57 |
scriosta |
||
|
Nós imeachta coiste comhlachaithe |
|
||
|
1. I gcás ina ndéanfar ceist inniúlachta a tharchur chuig Comhdháil na nUachtarán de bhun Riail 211, agus go measann Comhdháil na nUachtarán, ar bhonn Iarscríbhinn VI, go dtagann an t-ábhar, ar bhonn comhionann beagnach, faoi réim inniúlacht dhá choiste nó níos mó nó go dtagann codanna éagsúla den ábhar faoi réim inniúlacht dhá choiste nó níos mó, beidh feidhm ag Riail 56 agus na forálacha breise seo a leanas ag gabháil léi: |
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
|
||
|
Maidir le cinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán chun an nós imeachta coiste comhlachaithe a chur i bhfeidhm, tá feidhm aige ag gach céim den nós imeachta i dtrácht. |
|
||
|
Is é an coiste ceannais a fheidhmíonn na cearta a ghabhann le stádas mar ‘coiste freagrach’. Le linn na cearta sin a fheidhmiú, ní mór don choiste ceannais aird chuí a thabhairt ar shainchumais an choiste chomhlachaithe. Go háirithe, ní mór don choiste ceannais an oibleagáid a chomhlíonadh a bhaineann le hurramú phrionsabal an chomhair dhílis i dtaca leis an tráthchlár agus ní mór dó urraim a thabhairt do cheart an choiste chomhlachaithe chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na leasuithe a chuirtear isteach i suí iomlánach agus a thagann faoi réim a inniúlachta eisiataí. |
|
||
|
2. Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos sa Riail seo maidir leis na moltaí a bheidh le glacadh ag an gcoiste freagrach faoi Riail 105. |
|
||
|
|
(Tá feidhm ag an leasú seo síos tríd an téacs: scriostar tagairtí do Riail 57 déantar athruithe mar thoradh air sin síos tríd na Rialacha Nós Imeachta) |
Leasú 42
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 58 – mír 1
|
An téacs atá ann |
Leasú |
||
|
1. Nuair a tharchuirtear ceist inniúlachta chuici de bhun Riail 211, féadfaidh Comhdháil na nUachtarán a chinneadh go ndéanfar an nós imeachta le haghaidh cruinnithe comhpháirteacha de chuid coistí a chur i bhfeidhm , ar choinníoll: |
1. I gcás ina dtagann ábhar faoi réim inniúlacht dhá choiste nó thrí choiste, gan inniúlacht aon cheann díobh a bheith i réim, féadfar an nós imeachta le haghaidh cruinnithe comhpháirteacha de chuid choistí agus vótáil chomhpháirteach a chur i bhfeidhm de bhun Riail 48 nó Riail 54 . Ceapfaidh gach coiste rapóirtéir amháin. |
||
|
|
||
|
|
Leasú 43
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 58 – mír 2
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
2. Sa chás sin, déanfaidh na rapóirtéirí faoi seach dréacht-tuarascáil aonair a tharraingt suas, agus déanfaidh na coistí lena mbaineann, faoi chomhchathaoirleacht Chathaoirligh na gcoistí, an dréacht-tuarascáil sin a scrúdú agus déanfaidh siad vótáil uirthi. |
2. Sa chás sin, déanfaidh na rapóirtéirí faoi seach dréacht-tuarascáil aonair a tharraingt suas, agus déanfaidh na coistí lena mbaineann, faoi chomhchathaoirleacht Chathaoirligh na gcoistí, an dréacht-tuarascáil sin a scrúdú agus déanfaidh siad vótáil uirthi. I gcás chathaoirleacht na gcruinnithe, déanfaidh Cathaoirligh na gcoistí lena mbaineann sealaíocht le chéile, mura gcomhaontófar a mhalairt idir na Cathaoirligh. |
|
Ag gach céim den nós imeachta, ní fhéadfaidh na coistí lena mbaineann na cearta a ghabhann le stádas an choiste fhreagraigh a fheidhmiú ach amháin nuair atáthar ag gníomhú i gcomhpháirt. Féadfaidh na coistí rannpháirteacha meithleacha a chur ar bun chun na cruinnithe agus na vótálacha a ullmhú. |
Ag gach céim den nós imeachta, ní fhéadfaidh na coistí lena mbaineann na cearta a ghabhann le stádas an choiste fhreagraigh a fheidhmiú ach amháin nuair atáthar ag gníomhú i gcomhpháirt. Féadfaidh na coistí rannpháirteacha meithleacha a chur ar bun chun na cruinnithe agus na vótálacha a ullmhú. Chun córaim, tromlaigh agus tairseacha a ríomh, measfar gur coiste aonair iad na coistí uile lena mbaineann. |
Leasú 44
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 58 – mír 3
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
3. Ag céim an dara léamh den ghnáthnós imeachta reachtach, déanfar an seasamh ón gComhairle a bhreithniú ag cruinniú comhpháirteach de chuid na gcoistí lena mbaineann agus, i gcás nach dtagann Cathaoirligh na gcoistí sin ar chomhaontú ina leith, seolfar an cruinniú sin ar an gCéadaoin sa chéad seachtain atá curtha ar leataobh le haghaidh cruinnithe comhlachtaí parlaiminte tar éis an seasamh ón gComhairle a chur in iúl don Pharlaimint. I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú maidir le cruinniú eile a thionól, déanfaidh Cathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí an cruinniú sin a thionól. Maidir leis an vótáil ar an moladh le haghaidh dara léamh, déanfar í ag cruinniú comhpháirteach ar bhonn téacs chomhpháirtigh arna dhréachtú ag rapóirtéirí faoi seach na gcoistí lena mbaineann nó, d'éagmais téacs chomhpháirtigh, ar bhonn na leasuithe a bheidh curtha síos sna coistí lena mbaineann. |
3. Ag céim an dara léamh den ghnáthnós imeachta reachtach, déanfar an seasamh ón gComhairle a bhreithniú ag cruinniú comhpháirteach de chuid na gcoistí lena mbaineann . Mura dtagann Cathaoirligh na gcoistí sin ar chomhaontú ina leith, seolfar an cruinniú comhpháirteach ar an gCéadaoin sa chéad seachtain atá curtha ar leataobh le haghaidh cruinnithe comhlachtaí parlaiminteacha tar éis an seasamh ón gComhairle a chur in iúl don Pharlaimint. I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú maidir le cruinniú eile a thionól, déanfaidh Cathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí an cruinniú sin a thionól. Maidir leis an vótáil ar an moladh le haghaidh dara léamh, déanfar í ag cruinniú comhpháirteach ar bhonn téacs chomhpháirtigh arna dhréachtú ag rapóirtéirí faoi seach na gcoistí lena mbaineann nó, d'éagmais téacs chomhpháirtigh, ar bhonn na leasuithe a bheidh curtha síos sna coistí lena mbaineann. |
Leasú 45
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 71 – mír 2 – fomhír 1
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
Fógrófar cinntí maidir le dul i mbun caibidlíochta ag tús an pháirtseisiúin tar éis a nglactha sa choiste. Faoi dheireadh an lae tar éis na fógartha sa Pharlaimint, féadfaidh Feisirí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an mheántairseach ar a laghad a iarraidh i scríbhinn go ndéanfaí vótáil ar chinneadh de chuid coiste dul i mbun caibidlíochta. Ansin rachaidh an Pharlaimint ar aghaidh leis an vótáil sin le linn an pháirtseisiúin chéanna. |
Fógrófar cinntí maidir le dul i mbun caibidlíochta ag tús an pháirtseisiúin tar éis a nglactha sa choiste. Faoi dheireadh an lae tar éis na fógartha sa Pharlaimint, féadfaidh Feisirí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an mheántairseach ar a laghad , nó coiste a bhfuil tuairim eisithe aige de bhun Riail 56, a iarraidh i scríbhinn go ndéanfaí vótáil ar chinneadh de chuid coiste dul i mbun caibidlíochta. Ansin rachaidh an Pharlaimint ar aghaidh leis an vótáil sin le linn an pháirtseisiúin chéanna. |
Leasú 46
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 71 – mír 2 – fomhír 2
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
Mura bhfaightear iarraidh den sórt sin sula dtéann an sprioc-am a leagtar síos sa chéad fhomhír in éag, cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl don Pharlaimint. Má dhéantar iarraidh, féadfaidh an tUachtarán, díreach roimh an vótáil, cead cainte a thabhairt do chainteoir amháin atá i bhfabhar chinneadh an choiste dul i mbun caibidlíochta agus do chainteoir amháin atá i gcoinne an chinnidh sin . Féadfaidh gach cainteoir ráiteas nach faide ná dhá nóiméad a thabhairt. |
Mura bhfaightear iarraidh den sórt sin sula dtéann an sprioc-am a leagtar síos sa chéad fhomhír in éag, cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl don Pharlaimint. Má dhéantar iarraidh, féadfaidh an tUachtarán, díreach roimh an vótáil, cead cainte a thabhairt do chainteoir amháin ó gach grúpa polaitiúil chun labhairt ar chinneadh an choiste dul i mbun caibidlíochta. Féadfaidh gach cainteoir ráiteas nach faide ná nóiméad amháin a thabhairt. |
Leasú 47
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 74 – mír 1
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
1. Beidh foireann caibidlíochta na Parlaiminte faoi stiúir an rapóirtéara agus beidh Cathaoirleach an choiste atá freagrach nó Leas-Chathaoirleach arna ainmniú ag an gCathaoirleach a bheidh i gceannas uirthi. Is é a bheidh ann, ar a laghad, na scáth-rapóirtéirí ó gach grúpa polaitiúil ar mian leis bheith páirteach sa chaibidlíocht. |
1. Beidh foireann caibidlíochta na Parlaiminte faoi stiúir an rapóirtéara agus beidh Cathaoirleach an choiste atá freagrach nó Leas-Chathaoirleach arna ainmniú ag an gCathaoirleach, nach féidir a bheith ina scáth-rapóirtéir don tuarascáil lena mbaineann, i gceannas uirthi. Mura féidir leis an gCathaoirleach ná le Leas-Chathaoirleach freastal ar chruinniú caibidlíochta sonrach leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún (‘cruinniú tríthaobhach’), cuirfidh an Cathaoirleach in iúl don Uachtarán sula dtionólfar an cruinniú go mbeidh an rapóirtéir i gceannas ar an bhfoireann caibidlíochta ag an gcruinniú tríthaobhach sin, ar bhonn eisceachtúil. |
|
|
Gan dochar do Riail 56a, beidh an fhoireann caibidlíochta comhdhéanta den scáth-rapóirtéir ó gach grúpa polaitiúil ar mian leis bheith páirteach sa chaibidlíocht. Mura féidir le scáthrapóirtéir freastal ar chruinniú tríthaobhach sonrach, féadfaidh a ghrúpa polaitiúil Feisire eile a cheapadh chun teacht in ionad an scáthrapóirtéara. |
Leasú 48
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 74 – mír 2
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
2. Maidir le haon doiciméad a bhfuil sé beartaithe é a phlé i gcruinniú leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún (‘cruinniú tríthaobhach’) , scaipfear é ar an bhfoireann caibidlíochta 48 n-uaire an chloig ar a laghad, nó i gcásanna práinne 24 huaire an chloig ar a laghad roimh an gcruinniú tríthaobhach sin. |
2. Maidir le haon doiciméad a bhfuil sé beartaithe é a phlé i gcruinniú tríthaobhach , scaipfear ar an bhfoireann caibidlíochta é 48 n-uaire an chloig ar a laghad, nó i gcásanna práinne, 24 huaire an chloig ar a laghad roimh an gcruinniú tríthaobhach sin. |
Leasú 49
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 74 – mír 5
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
5. I gcás easaontú idir na coistí lena mbaineann faoi Rialacha 57 agus 58 , déanfaidh Cathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí na rialacha mionsonraithe maidir le caibidlíochtaí a oscailt agus seoladh caibidlíochtaí den sórt sin a chinneadh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sna Rialacha sin. |
5. I gcás easaontais a bhaineann le caibidlíochtaí a oscailt agus le seoladh caibidlíochtaí idir na coistí lena mbaineann faoi Riail 58 , déanfaidh Cathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí na rialacha mionsonraithe maidir le caibidlíochtaí den sórt sin a chinneadh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i Riail 58 . |
Leasú 50
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Teideal XII – Caibidil 3 – Roinn 4 a (nua) – teideal
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
ROINN 4A |
|
|
COINBHLEACHT RIALACHA |
Leasú 51
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 78 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
Riail 78a |
|
|
Coinbhleacht rialacha |
|
|
I gcás foráil de na Rialacha Nós Imeachta a bhaineann leis an dara léamh agus leis an tríú léamh a bheith ar neamhréir le haon fhoráil eile de na Rialacha, beidh forlámhas ag an bhforáil a bhaineann leis an dara léamh agus leis an tríú léamh. |
Leasú 52
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 94 – mír 3 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
3a. Beidh leasuithe a bhaineann le treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin faoi réir measúnú infhorghníomhaitheachta roimh ré ag an gCoimisiún, i gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir leis an smacht buiséadach, ar chomhar in ábhair bhuiséadacha agus ar bhainistíocht fhónta airgeadais. Déanfar treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin atá beartaithe agus atá nasctha go díreach le tuarascálacha atá á dtarraingt suas, nó le tograí arna nglacadh, i gcomhréir le Riail 47, a sheoladh chuig an gCoimisiún chun críocha faisnéise. |
|
|
Déanfaidh an coiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha an nós imeachta agus an tráthchlár don mheasúnú infhorghníomhaitheachta a leagan síos do gach bliain. Fágfaidh an nós imeachta agus an tráthchlár sin dóthain ama chun leasuithe ar sheasamh na Comhairle maidir leis an dréachtbhuiséad a ullmhú. Ní dhéanfaidh an coiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin atá beartaithe a sheoladh chuig an gCoimisiún i gcás ina bhfuil tacaíocht ó choiste, ó ghrúpa polaitiúil nó ó Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad ag na tograí sin. |
Leasú 53
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 94 – mír 4
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
4. Déanfaidh an coiste freagrach vótáil ar na leasuithe sula bpléitear sa Pharlaimint iad. |
4. Déanfaidh an coiste freagrach vótáil ar na leasuithe buiséadacha uile sula bpléifear sa Pharlaimint iad. Tabharfar tús áite sa vótáil do leasuithe a bhaineann le treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin atá beartaithe agus atá nasctha go díreach le tuarascálacha atá á dtarraingt suas, nó le tograí arna nglacadh i gcomhréir le Riail 47. |
Leasú 54
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 99 – léiriú (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
Áirítear le hurscaoileadh don Choimisiún ionstraimí nach bhfuil maoinithe go traidisiúnta, ionstraimí seachbhuiséid agus ionstraimí hibrideacha feidhmíochtbhunaithe. Ós rud é go n-éilítear creat rialaithe speisialta leis na hionstraimí sin, ní mór baint chórasach a bheith ag an gcoiste freagrach a mhéid a bhaineann leis an urscaoileadh le breithniú na n-ionstraimí sin i gcomhréir le Riail 56. |
Leasú 55
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 113 – teideal
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
Breithniú a dhéanamh faoin nós imeachta coiste comhlachaithe nó faoin nós imeachta comhchoiste |
Breithniú faoin nós imeachta comhchoiste |
Leasú 56
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 113 – mír 1
|
An téacs atá ann |
Leasú |
||
|
1. Má ghlacann an Pharlaimint an gníomh reachtach bunúsach faoin nós imeachta dá bhforáiltear i Riail 57, beidh feidhm ag na forálacha breise seo a leanas maidir le breithniú a dhéanamh ar ghníomhartha tarmligthe agus dréachtghníomhartha agus dréachtbhearta cur chun feidhme: |
scriosta |
||
|
|
||
|
|
||
|
|
Leasú 57
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 118 – mír 1
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
1. Féadfaidh an coiste freagrach dréachtmholtaí don Chomhairle, don Choimisiún, nó do Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a tharraingt suas maidir le hábhair faoi Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (gníomhaíocht sheachtrach an Aontais), nó i gcásanna nach ndearnadh comhaontú idirnáisiúnta a thagann faoi réim raon feidhme Riail 114 a tharchur chuig an bParlaimint nó nár cuireadh an méid sin in iúl don Pharlaimint faoi Riail 115. |
1. I gcomhréir le Riail 54, míreanna 1 agus 2, féadfaidh an coiste freagrach dréachtmholtaí don Chomhairle, don Choimisiún, nó do Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a tharraingt suas maidir le hábhair faoi Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (gníomhaíocht sheachtrach an Aontais), nó i gcásanna nach ndearnadh comhaontú idirnáisiúnta a thagann faoi réim raon feidhme Riail 114 a tharchur chuig an bParlaimint nó nár cuireadh an méid sin in iúl don Pharlaimint faoi Riail 115. |
Leasú 58
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 118 – mír 3
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
3. Le linn an nós imeachta maidir le glacadh na ndréachtmholtaí sin ag céim an choiste, beidh sé riachtanach vótáil a dhéanamh ar théacs i scríbhinn. |
3. Le linn an nós imeachta maidir le glacadh na ndréachtmholtaí sin ag céim an choiste, beidh sé riachtanach vótáil a dhéanamh ar théacs i scríbhinn. Féadfaidh coistí eile tuairim a thabhairt don choiste freagrach i gcomhréir le Riail 56. |
Leasú 59
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 118 – mír 6
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
6. Measfar moltaí a bheith arna nglacadh mura rud é, roimh thús an pháirtseisiúin, go dtíolacann grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad agóid i scríbhinn. I gcás ina dtíolactar agóid den sórt sin, cuirfear moltaí an choiste san áireamh i gclár oibre an pháirtseisiúin chéanna. Déanfar díospóireacht ar mholtaí den sórt sin, agus déanfar vótáil ar aon leasú arna chur síos ag grúpa polaitiúil nó ag Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad. |
6. Measfar moltaí a bheith arna nglacadh mura rud é, roimh thús an pháirtseisiúin, go dtíolacann grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad agóid i scríbhinn. I gcás ina dtíolactar agóid den sórt sin, cuirfear moltaí an choiste san áireamh i gclár oibre an pháirtseisiúin chéanna. Féadfar díospóireacht a dhéanamh ar mholtaí den sórt sin, agus déanfar vótáil ar aon leasú arna chur síos ag grúpa polaitiúil nó ag Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad. |
Leasú 60
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 123 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
||
|
|
Riail 123a |
||
|
|
Comhoibriú le coistí nó i gcomhthéacs éisteachtaí grinnscrúdaithe speisialta |
||
|
|
Beifear ag súil go gcomhoibreoidh ionadaí ó institiúid nó ó chomhlacht de chuid an Aontais agus aon duine eile i gcás iarrataí ar fhreastal ar chruinnithe coistí agus ar éisteachtaí grinnscrúdaithe speisialta chomh maith le doiciméid ábhartha a sholáthar do na coistí agus le haghaidh éisteachtaí den sórt sin. I gcás easpa comhair, féadfaidh coiste nó Cathaoirleach éisteachta grinnscrúdaithe speisialta a iarraidh ar an Uachtarán beart a dhéanamh. Cinnfidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le Comhdháil na nUachtarán, an gcuirfear ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas i bhfeidhm: |
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
Leasú 61
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Teideal III – teideal
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE |
CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS COMHLACHTAÍ EILE AGUS CUNTASACHT PHOLAITIÚIL |
Leasú 62
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 125 – mír 1
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
1. Déanfaidh an tUachtarán a iarraidh ar Uachtarán toghaí an Choimisiúin, i gcomhréir le treoirlínte polaitiúla an Uachtaráin thoghaí, a chur in iúl don Pharlaimint an chaoi a ndéanfar freagrachtaí (cúraimí) a leithdháileadh i gColáiste na gCoimisinéirí atá beartaithe. |
1. Déanfaidh an tUachtarán a iarraidh ar Uachtarán toghaí an Choimisiúin, i gcomhréir le treoirlínte polaitiúla an Uachtaráin thoghaí, struchtúr pleanáilte an Choimisiúin nua a chur in iúl don Pharlaimint mar aon leis an gcaoi a ndéanfar freagrachtaí (cúraimí) a leithdháileadh i gColáiste nua na gCoimisinéirí atá beartaithe agus saincheisteanna cothrománacha eile, go háirithe cothromaíocht insnce sa Choláiste sin. |
Leasú 63
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 125 – mír 3
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
3. Is iad na coistí a stiúrfaidh na héisteachtaí. Ar bhonn eisceachtúil, féadfar éisteacht a reáchtáil i bhformáid dhifriúil i gcás ina bhfuil freagrachtaí ag an gCoimisinéir ainmnithe ar freagrachtaí cothrománacha iad a bhformhór, ar choinníoll go mbeidh na coistí freagracha páirteach in éisteacht den sórt sin. |
3. Is iad na coistí a stiúrfaidh na héisteachtaí deimhniúcháin . Ar bhonn eisceachtúil, féadfar éisteacht deimhniúcháin a reáchtáil i bhformáid dhifriúil i gcás ina bhfuil freagrachtaí ag an gCoimisinéir ainmnithe ar freagrachtaí cothrománacha iad a bhformhór, ar choinníoll go mbeidh na coistí freagracha páirteach in éisteacht deimhniúcháin den sórt sin |
|
Tionólfar na héisteachtaí go poiblí. |
Tionólfar na héisteachtaí deimhniúcháin go poiblí. |
|
|
(Tá feidhm ag an leasú seo síos tríd an téacs: cuirtear ‘éisteachtaí deimhniúcháin’ in ionad ‘éisteachtaí’ síos tríd Riail 125 agus Iarscríbhinn VII) |
Leasú 64
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 133 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
Riail 133a |
|
|
Ráitis lena mínítear úsáid Airteagal 122 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh mar bhunús dlí |
|
|
1. Nuair a bheidh sé beartaithe ag an gCoimisiún togra le haghaidh gníomh dlí atá bunaithe ar Airteagal 122 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a ghlacadh, iarrfaidh an tUachtarán ar Uachtarán an Choimisiúin ráiteas a dhéanamh don Pharlaimint ina míneofar na cúiseanna atá leis an mbunús dlí sin a roghnú, agus ina dtabharfar cuntas ar phríomhchuspóirí agus ar phríomhghnéithe an togra. Déanfar an ráiteas sula nglacfaidh an Coimisiún an togra go foirmiúil. Ina éagmais sin, cuirfear san áireamh é i ndréachtchlár oibre an chéad pháirtseisiúin tar éis don Choimisiún an togra a ghlacadh, mura rud é go gcinnfidh Comhdháil na nUachtarán a mhalairt. Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh i dtaobh an mbeidh díospóireacht ann i ndiaidh an ráitis. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 132(2) go (8) a bhaineann le tairiscintí i gcomhair rúin a chur síos agus le vótáil a dhéanamh orthu. |
|
|
I gcás nach gcuirtear ráiteas den sórt sin ar chlár oibre an chéad pháirtseisiúin tar éis ghlacadh an togra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar cuireadh don Choimisinéir atá freagrach an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír a sholáthar ag ceann de na cruinnithe a bheidh aige amach anseo. |
|
|
2. Déanfaidh an tUachtarán an togra a tharchur chuig an gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla chun an bunús dlí a fhíorú. Má chinneann an coiste sin bailíocht, nó oiriúnacht an bhunúis dlí a cheistiú, déanfaidh sé a chonclúidí a thuairisciú don Pharlaimint, ó bhéal más gá. Beidh feidhm ag Riail 149(3) go (5). |
|
|
3. Nuair a bheidh impleachtaí suntasacha féideartha do bhuiséad an Aontais ag togra le haghaidh gníomh dlíthiúil atá bunaithe ar Airteagal 122 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, iarrfaidh an Pharlaimint go dtionscnófar an nós imeachta um ghrinnscrúdú buiséadach dá bhforáiltear sa dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (27a) . |
|
|
Maidir le toscaireacht na Parlaiminte chuig an gComhchoiste dá bhforáiltear sa dearbhú comhpháirteach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh sí comhdhéanta d’aon chomhalta amháin dá coiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha ó gach grúpa polaitiúil agus d’aon chomhalta amháin ó aon choiste atá freagrach as an ábhar. |
|
|
4. Trí mhí ar a luaithe tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh dhlíthiúil atá bunaithe ar Airteagal 122 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ag eatraimh iomchuí ina dhiaidh sin, tabharfaidh an tUachtarán cuireadh don Choimisinéir atá freagrach ráiteas a dhéanamh chun na Parlaiminte ina tuairiscítear ar chur chun feidhme an ghnímh dhlíthiúil lena mbaineann agus ar an ngá a fhorálacha a choinneáil i bhfianaise cheanglais na gConarthaí. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na nósanna imeachta a leagtar síos i mír 1. |
|
|
Leasú 65
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Teideal IV – Caibidil 3 – teideal
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
CEISTEANNA PARLAIMINTEACHA |
ÉISTEACHTAÍ GRINNSCRÚDAITHE SPEISIALTA AGUS CEISTEANNA PARLAIMINTEACHA |
Leasú 66
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 135 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
Riail 135a |
|
|
Éisteachtaí grinnscrúdaithe speisialta |
|
|
1. Chun Coimisinéir amháin nó níos mó, a cheistiú maidir le saincheist a bhfuil mórthábhacht pholaitiúil ag baint léi, féadfaidh Comhdháil na nUachtarán, ar thogra ón Uachtarán, ó choiste nó ó Fheisirí nó ó ghrúpa polaitiúil nó ó ghrúpaí polaitiúla a shroicheann an mheántairseach ar a laghad, éisteacht ghrinnscrúdaithe speisialta a thionól ar ghearrfhógra. |
|
|
2. Cinnfidh Comhdháil na nUachtarán líon na bhFeisirí a bheidh le ceapadh le haghaidh éisteacht ghrinnscrúdaithe speisialta ar leith ag na grúpaí polaitiúla agus ag na Feisirí neamhcheangailte. I gcás inarb ábhartha, áiritheoidh na grúpaí polaitiúla go ndéanfar ionadaíocht chuí ar na coistí lena mbaineann. |
|
|
3. Is é an tUachtarán, nó trí thoscaireacht, duine de na Leas-Uachtaráin, a dhéanfaidh cathaoirleacht ar éisteacht ghrinnscrúdaithe speisialta. Beidh sé go hiomlán poiblí mura gcinnfidh Comhdháil na nUachtarán a mhalairt. |
|
|
4. Caithfear leis an am labhartha a leithdháiltear ar ghrúpa polaitiúil mar bhloc. Dáilfidh gach grúpa polaitiúil an t-am labhartha laistigh dá bhloc idir na comhaltaí sin dá chuid a bheidh rannpháirteach san éisteacht. Ní chaithfear leis an am labhartha a leithdháiltear ar Fheisirí neamhcheangailte mar bhloc. |
|
|
5. Tar éis thabhairt i gcrích na héisteachta grinnscrúdaithe speisialta, féadfaidh an Cathaoirleach moltaí i scríbhinn a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán thar ceann na bhFeisirí a ghlac páirt san éisteacht. |
Leasú 67
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 137 – mír 1
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
1. Féadfar Tráth na gCeisteanna a sheoladh le Coimisinéirí ag gach páirtseisiún ar feadh tréimhse suas le tuairim is 90 nóiméad ar théama amháin nó níos mó, ar téamaí iad a chinnfidh Comhdháil na nUachtarán aon mhí amháin roimh an bpáirtseisiún, agus ar a dhéanaí an Déardaoin roimh an bpáirtseisiún ábhartha. |
1. Féadfar Tráth na gCeisteanna a sheoladh le Coimisinéir amháin nó níos mó ag gach páirtseisiún ar feadh tréimhse suas le tuairim is 90 nóiméad ar théama amháin nó níos mó, ar téamaí iad a chinnfidh Comhdháil na nUachtarán aon mhí amháin roimh an bpáirtseisiún, agus ar a dhéanaí an Déardaoin roimh an bpáirtseisiún ábhartha. Na Coimisinéirí a dtabharfaidh Comhdháil na nUachtarán cuireadh dóibh a bheith rannpháirteach i dTráth na gCeisteanna, beidh cúraimí acu a bhaineann leis an téama nó leis na téamaí a gcuirfear ceisteanna ina dtaobh orthu. |
Leasú 68
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 137 – mír 2
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
2. Na Coimisinéirí a dtabharfaidh Comhdháil na nUachtarán cuireadh dóibh a bheith rannpháirteach, beidh cúraimí acu a bhaineann leis an téama nó leis na téamaí a gcuirfear ceisteanna ina dtaobh ar na Coimisinéirí. Beirt in aghaidh an pháirtseisiúin an teorainn a bheidh le líon na gCoimisinéirí a dtabharfar cuireadh dóibh. Mar sin féin, féadfar cuireadh a thabhairt do thríú Coimisinéir, ag brath ar an téama nó na téamaí a roghnaítear do Thráth na gCeisteanna. |
scriosta |
Leasú 69
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 137 – mír 2 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
2a. Mar riail ghinearálta, uair amháin in aghaidh an pháirtseisiúin, seolfar seisiún grinnscrúdaithe speisialta le hUachtarán an Choimisiúin nó le Coimisinéirí roghnaithe gan téama réamhshainithe. |
Leasú 70
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 137 – mír 3
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
3. Féadfar Tráth na gCeisteanna a thionól freisin, faoi na téarmaí atá leagtha síos i mír 1, le hUachtarán na Comhairle Eorpaí, le hUachtaránacht na Comhairle, le hUachtarán an Choimisiúin, le Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus le hUachtarán an Ghrúpa Euro. |
3. Féadfar Tráth na gCeisteanna a thionól freisin, faoi na téarmaí atá leagtha síos i mír 1, le hUachtarán na Comhairle Eorpaí, le hUachtaránacht na Comhairle, le hUachtarán an Choimisiúin, le coláiste na gCoimisinéirí ina iomláine nó le catagóirí sonracha Coimisinéirí, le Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála , le hUachtarán an Ghrúpa Euro, agus le hionadaithe ábhartha eile de chuid institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais . |
Leasú 72
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 137 – mír 6a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
6a. Ní bheidh suíocháin réamh-leithdháilte ag na comhaltaí agus spreagfar iad chun suí ag tosach an Dlísheomra. |
Leasú 73
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 150 – mír 3
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
3. Féadfaidh coiste dul i mbun cainteanna díreacha leis na parlaimintí náisiúnta ar leibhéal coiste, ach sin laistigh de theorainneacha na leithreasaí buiséadacha a bheidh curtha i leataobh chun na críche sin. D’fhéadfadh cineálacha cuí comhair réamhreachtaigh agus iar-reachtaigh a bheith i gceist leis sin. |
3. Féadfaidh coiste dul i mbun cainteanna díreacha leis na parlaimintí náisiúnta ar leibhéal coiste, ach sin laistigh de theorainneacha na leithreasaí buiséadacha a bheidh curtha i leataobh chun na críche sin. D’fhéadfadh cineálacha cuí comhair réamhreachtaigh agus iar-reachtaigh a bheith i gceist leis sin , lena n-áirítear grinnscrúdú ar chur chun feidhme dhlí an Aontais agus bheartais an Aontais . |
Leasú 74
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 154 – mír 4 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
4a. Féadfaidh Comhdháil na nUachtarán a chinneadh, maidir le togra ó choiste nó ó Fheisirí nó ó ghrúpa polaitiúil nó ó ghrúpaí a shroicheann an tairseach ard ar a laghad, páirtseisiúin ad hoc a thionól ar ábhair a bhfuil tábhacht shuntasach pholaitiúil ag baint leo. I gcásanna den sórt sin ní fhéadfaidh aon seisiún vótála a bheith ann. |
|
|
Tar éis chinneadh Chomhdháil na nUachtarán, comórfaidh an tUachtarán an Pharlaimint. |
Leasú 75
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 158 – mír 1
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
1. Ag tús gach páirtseisiúin, déanfaidh an Pharlaimint a clár oibre a ghlacadh. Féadfaidh coiste, grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad leasuithe ar an dréachtchlár oibre deiridh a mholadh. Ní mór aon tograí den sórt sin a bheith faighte ag an Uachtarán uair an chloig ar a laghad sula gcuirfear tús leis an bpáirtseisiún. Féadfaidh an tUachtarán cead cainte a thabhairt don té a dhéanann an tairiscint agus do chainteoir amháin i bhfabhar na tairisceana agus do chainteoir amháin ina coinne ar feadh tréimhse nach faide ná nóiméad amháin i ngach cás. |
1. Ag tús gach páirtseisiúin, déanfaidh an Pharlaimint a clár oibre a ghlacadh. Féadfaidh coiste, grúpa polaitiúil nó an deichiú cuid ar a laghad d’Fheisirí leasú amháin ar an dréachtchlár oibre críochnaitheach a mholadh mar fhreagairt ar imeachtaí nó ar fhorbairtí polaitiúla nua a tháinig chun cinn tar éis ghlacadh an dréachtchláir oibre chríochnaithigh. Ní mór aon leasuithe den sórt sin a bheith faighte ag an Uachtarán uair an chloig ar a laghad sula gcuirfear tús leis an bpáirtseisiún. Féadfaidh an tUachtarán cead cainte a thabhairt don té a dhéanann an tairiscint agus do chainteoir amháin i bhfabhar na tairisceana agus do chainteoir amháin ina coinne ar feadh tréimhse nach faide ná nóiméad amháin i ngach cás. |
Leasú 76
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 160 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
Riail 160a |
|
|
Díospóireachtaí ar ábhair shonracha a bhfuil leas ag an Aontas Eorpach iontu - ráitis na Parlaiminte |
|
|
1. Féadfaidh an Pharlaimint díospóireachtaí a chur ar an gclár oibre ar ábhair shonracha a bhfuil leas ag an Aontas Eorpach iontu, i gcomhréir le Riail 157 agus Riail 158. |
|
|
2. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 132(2) go (8) a bhaineann le tairiscintí i gcomhair rúin a chur síos agus le vótáil a dhéanamh orthu. |
Leasú 77
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 163 – mír 1
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
1. Maidir le hiarraidh go ndéileálfar mar ábhar práinneach le díospóireacht ar thogra a cuireadh faoi bhráid na Parlaiminte de bhun Riail 48(1), féadfaidh an tUachtarán, coiste, grúpa polaitiúil, Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, an Coimisiún nó an Chomhairle an iarraidh sin a dhéanamh chun na Parlaiminte. Déanfar iarrataí den sórt sin i scríbhinn agus tabharfar cúiseanna mar thacaíocht léi. |
1. Maidir le hiarraidh go ndéanfar cinneadh go práinneach faoi thogra a cuireadh faoi bhráid na Parlaiminte de bhun Riail 48(1) de bharr forbairtí gan choinne , féadfaidh an tUachtarán, coiste, grúpa polaitiúil, Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, an Coimisiún nó an Chomhairle an iarraidh sin a dhéanamh chun na Parlaiminte. Déanfar iarrataí den sórt sin i scríbhinn agus tabharfar cúiseanna mar thacaíocht léi. I gcás iarrataí arna ndéanamh ag an gCoimisiún nó ag an gComhairle, beidh bonn cirt mionsonraithe le gach togra sa ráiteas ar chúiseanna agus, i gcás inarb iomchuí, léiriú beacht ar na spriocdhátaí is gá de réir dlí le haghaidh ghlacadh nó theacht i bhfeidhm an gnímh bheartaithe atá ceangailteach ó thaobh dlí. |
Leasú 78
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 163 – mír 2
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
2. A luaithe a bheidh iarraidh ar dhíospóireacht phráinneach faighte ag an Uachtarán, fógrófar an méid sin sa Pharlaimint. Déanfar an vótáil ar an iarraidh ag tús an tsuí a bheidh ann i ndiaidh an tsuí a ndearnadh an fógra lena linn, ar choinníoll go mbeifear tar éis an togra lena mbaineann an iarraidh a dháileadh ar na Feisirí sna teangacha oifigiúla. I gcás roinnt iarrataí a bheith ann ar dhíospóireacht phráinneach ar an ábhar céanna, beidh feidhm ag formheas na hiarrata, nó ag diúltú don iarraidh, ar dhíospóireacht phráinneach i gcás iarrataí go léir den sórt sin ar an ábhar céanna . |
2. Déanfar iarrataí ar chinneadh práinneach a fhógairt sa Pharlaimint a luaithe is féidir tar éis don Uachtarán iad a fháil . Déanfar an vótáil ar an iarraidh ag tús an tsuí a bheidh ann i ndiaidh an tsuí a ndearnadh an fógra lena linn, ar choinníoll go mbeifear tar éis an togra lena mbaineann an iarraidh a dháileadh ar na Feisirí sna teangacha oifigiúla. I gcás roinnt iarrataí a bheith ann ar chinneadh práinneach ar an ábhar céanna, beidh feidhm ag formheas na hiarrata, nó ag diúltú don iarraidh, ar chinneadh práinneach i gcás iarrataí go léir den sórt sin. |
Leasú 79
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 163 – mír 3
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
3. Roimh an vótáil, ní fhéadfar éisteacht a thabhairt ach amháin don té a dhéanfaidh an tairiscint, agus do chainteoir amháin ina coinne, agus do Chathaoirleach nó do rapóirtéir an choiste fhreagraigh, nó don bheirt acu. Ní fhéadfaidh aon duine de na cainteoirí sin labhairt ar feadh tréimhse níos faide ná trí nóiméad. |
3. Roimh an vótáil ar an iarraidh ar chinneadh práinneach , ní fhéadfar éisteacht a thabhairt ach amháin don té a dhéanfaidh an tairiscint, agus do chainteoir amháin ina coinne, agus do Chathaoirleach nó do rapóirtéir an choiste fhreagraigh, nó don bheirt acu. Ní fhéadfaidh aon duine de na cainteoirí sin labhairt ar feadh tréimhse níos faide ná trí nóiméad. |
Leasú 80
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 163 – mír 4
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
4. Maidir le ceisteanna a bhfuiltear chun déileáil leo tríd an nós imeachta i gcás práinne , tabharfar tosaíocht dóibh ar na míreanna eile ar an gclár oibre. Cinnfidh an tUachtarán an t-am don díospóireacht agus don vótáil. |
4. I gcás ina bhformheasfar an iarraidh ar chinneadh práinneach, tabharfar tosaíocht don mhír ar mhíreanna eile ar an gclár oibre. Cinnfidh an tUachtarán an t-am don díospóireacht , i gcás inarb iomchuí, agus an t-am don vótáil. |
Leasú 81
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 163 – mír 5
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
5. Féadfar nós imeachta práinneach a sheoladh d'uireasa tuarascála nó, go heisceachtúil, ar bhonn tuarascála ó bhéal ón gcoiste freagrach. |
5. Déanfaidh an Pharlaimint an cinneadh práinneach ar an togra ar bhonn tuarascála ón gcoiste freagrach i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme de ghnáth agus aird chuí á tabhairt ar phráinn an ábhair. Sa chás sin, tabharfar tosaíocht don scrúdú ar an togra ar mhíreanna eile ar chlár oibre an choiste agus déanfaidh an coiste freagrach, más caoithiúil, an nós imeachta simplithe a chur i bhfeidhm de bhun Riail 52. |
|
I gcás ina n-úsáidtear nós imeachta práinneach agus ina dtarlaíonn caibidlíocht idirinstitiúideach, ní bheidh feidhm ag Rialacha 70 agus 71. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 74. |
|
Leasú 82
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 163 – mír 5 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
5a. Arna iarraidh sin don Uachtarán, do ch0iste, do ghrúpa polaitiúil nó d’Fheisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad, féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh go heisceachtúil an cinneadh práinneach ar an togra a dhéanamh gan tuarascáil nó ar bhonn tuarascála ó bhéal ón gcoiste freagrach. I gcásanna den sórt sin, má tharlaíonn caibidlíochtaí idirinstitiúideacha, ní bheidh feidhm ag Riail 70 ná ag Riail 71 agus beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 74. |
Leasú 83
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 167 – mír 4
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
4. Ag cruinnithe coiste agus toscaireachta a sheoltar in áit eile seachas sa ghnátháit oibre, soláthrófar ateangaireacht ó theangacha agus go dtí teangacha na gcomhaltaí a dheimhníonn go mbeidh siad i láthair ag an gcruinniú. Féadfar, ar bhonn eisceachtúil, na socruithe sin a dhéanamh níos solúbtha. Glacfaidh an Biúró na forálacha riachtanacha. |
4. Le linn misean in áit eile seachas sa ghnátháit oibre, soláthrófar ateangaireacht ó theangacha agus go dtí teangacha na gcomhaltaí a dheimhníonn go mbeidh siad i láthair ag an gcruinniú. Cinnfear na socruithe sin ar bhonn an Chóid Iompair maidir le hilteangachas agus, ar bhonn eisceachtúil, féadfar iad a dhéanamh níos solúbtha. Glacfaidh an Biúró na forálacha riachtanacha. |
Leasú 84
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 171 – teideal
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
Leithdháileadh ama labhartha agus liosta na gcainteoirí |
Am labhartha a leithdháileadh |
Leasú 85
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 171 – mír 3 – fomhír 1
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
3. Cainteoirí a bhfuil a n-idirghabhálacha beartaithe ar liosta na gcainteoirí, labhróidh siad ón rostram láir. Féadfaidh cainteoirí faoi mhíchumas labhairt óna n-áiteanna féin más fearr leo. |
3. Cainteoirí a bhfuil a n-idirghabhálacha beartaithe ar liosta na gcainteoirí, labhróidh siad ón rostram láir , ach amháin má chinneann an tUachtarán a mhalairt . Féadfaidh cainteoirí faoi mhíchumas labhairt óna n-áiteanna féin más fearr leo. |
Leasú 86
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 171 – mír 4
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
4. Féadfaidh an tUachtarán liosta cainteoirí a tharraingt suas don chéad chuid de dhíospóireacht ar leith, ar liosta é ina mbeidh babhta amháin nó níos mó de chainteoirí ó gach grúpa polaitiúil ar mian leo labhairt, in ord mhéid coibhneasta na ngrúpaí polaitiúla sin. |
4. Féadfaidh an tUachtarán liosta cainteoirí a tharraingt suas don chéad chuid de dhíospóireacht ar leith, ar liosta é ina mbeidh babhta amháin nó níos mó de chainteoirí ó gach grúpa polaitiúil ar mian leo labhairt, in ord mhéid coibhneasta na ngrúpaí polaitiúla sin. Déanfar an t-am labhartha a leithdháileadh ar na grúpaí polaitiúla i gcoibhneas le líon iomlán a gcomhaltaí. |
Leasú 87
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Airteagal 171 – mír 5 – pointe c
|
An téacs atá ann |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 88
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 171 – mír 7
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
7. Ní dhéanfar an chuid eile den am i gcomhair díospóireachta a leithdháileadh go sonrach roimh ré. Ina ionad sin, féadfaidh an tUachtarán glaoch ar Fheisirí chun labhairt gan níos mó ná aon nóiméad amháin a cheadú i gcoitinne. Áiritheoidh an tUachtarán, a mhéid is féidir, go dtugtar éisteacht i ndiaidh a chéile do chainteoirí a bhfuil tuairimí polaitiúla éagsúla acu agus a thagann ó Bhallstáit éagsúla. |
7. Ní dhéanfar an chuid eile den am i gcomhair díospóireachta a leithdháileadh go sonrach roimh ré. Ina ionad sin, féadfaidh an tUachtarán glaoch ar Fheisirí chun labhairt gan níos mó ná aon nóiméad amháin a cheadú i gcoitinne. Áiritheoidh an tUachtarán, a mhéid is féidir, go dtugtar éisteacht i ndiaidh a chéile do chainteoirí a bhfuil tuairimí polaitiúla éagsúla acu agus a thagann ó Bhallstáit éagsúla. Déanfar an t-am labhartha a leithdháileadh ar chainteoirí ó ghrúpaí polaitiúla i gcoibhneas le líon iomlán a gcomhaltaí. Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán an méid ama a bheidh fágtha do gach díospóireacht a chinneadh. |
Leasú 89
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 171 – mír 8 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
8a. Mar riail ghinearálta, beidh Feisirí i láthair don díospóireacht ina mbeidh siad sceidealta chun labhairt nó inar mian leo labhairt. |
Leasú 90
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 171 – mír 9
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
9. Féadfaidh an tUachtarán cead cainte a thabhairt d’Fheisirí a léiríonn, trí chárta gorm a ardú, gur mian leo ceist nach mairfidh níos faide ná leath nóiméid a chur ar Fheisire eile le linn óráid an Fheisire sin agus a bhaineann lena bhfuil ráite ag an bhFeisire sin. Ní dhéanfaidh an tUachtarán amhlaidh ach amháin má aontaíonn an cainteoir leis an gceist agus más deimhin leis an Uachtarán nach leanfaidh cur isteach ar an díospóireacht as sin nó, trí iliomad ceisteanna a bheith á gcur trí chártaí gorma a ardú, nach mbeidh míchothromaíocht mhór ann idir cleamhnachtaí ghrúpa polaitiúil na bhFeisirí atá ag labhairt sa díospóireacht sin. An Feisire a ardóidh an cárta gorm agus an cainteoir, ní ón ngrúpa polaitiúil céanna a bheidh siad, agus ní bheidh an bheirt acu ina bhFeisirí neamhcheangailte. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa dara habairt, arna gcur i bhfeidhm mutatis mutandis, féadfaidh an tUachtarán a cheadú don Fheisire a chuir ceist den sórt sin freagra a thabhairt ar fhreagra an chainteora ar feadh tréimhse nach faide ná leath nóiméid. Féadfaidh an cainteoir ansin obair leantach a dhéanamh ar an bhfreagairt sin. |
9. Féadfaidh an tUachtarán cead cainte a thabhairt d’Fheisirí a léiríonn, trí chárta gorm a ardú nó trí uirlis leictreonach a úsáid , gur mian leo ceist nach mairfidh níos faide ná leath nóiméid a chur ar Fheisire eile le linn óráid an Fheisire sin agus a bhaineann lena bhfuil ráite ag an bhFeisire sin. Ní dhéanfaidh an tUachtarán amhlaidh ach amháin má aontaíonn an cainteoir leis an gceist agus más deimhin leis an Uachtarán nach leanfaidh cur isteach ar an díospóireacht as sin nó, trí iliomad ceisteanna a bheith á gcur trí chártaí gorma a ardú, nach mbeidh míchothromaíocht mhór ann idir cleamhnachtaí ghrúpa polaitiúil na bhFeisirí atá ag labhairt sa díospóireacht sin. An Feisire a ardóidh an cárta gorm agus an cainteoir, ní ón ngrúpa polaitiúil céanna a bheidh siad, agus ní bheidh an bheirt acu ina bhFeisirí neamhcheangailte. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa dara habairt, arna gcur i bhfeidhm mutatis mutandis, féadfaidh an tUachtarán a cheadú don Fheisire a chuir ceist den sórt sin freagra a thabhairt ar fhreagra an chainteora ar feadh tréimhse nach faide ná leath nóiméid. Féadfaidh an cainteoir ansin obair leantach a dhéanamh ar an bhfreagairt sin. |
Leasú 91
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 207 – mír -1 (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
-1. Féadfaidh Feisirí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an tairseach ard ar a laghad a iarraidh, tráth ar bith, ar Chomhdháil na nUachtarán a mholadh don Pharlaimint coiste speisialta a chur ar bun. |
Leasú 92
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 207 – mír -1 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
-1a. Sula ndéanfaidh sí cinneadh ar iarraidh den sórt sin, féadfaidh Comhdháil na nUachtarán moladh ó Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí a lorg. |
Leasú 93
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 207 a (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
|
Riail 207a |
|
|
Costí reachtacha sealadacha |
|
|
1. I gcás ina dtiocfaidh sé as an nós imeachta i Riail 48 nó Riail 54 go dtagann ábhar faoi réim inniúlacht níos mó ná trí choiste, gan inniúlacht aon choiste atá i réim, féadfaidh Comhdháil na nUachtarán, mar rogha dheiridh, ar bhonn molta ó Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, a mholadh don Pharlaimint coiste reachtach sealadach a chur ar bun chun déileáil le togra sonrach le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí nó le haghaidh doiciméad straitéiseach réamhreachtach. Léireofar sa mholadh ó Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí na coistí atá freagrach as grinnscrúdú a dhéanamh ar chur chun feidhme na reachtaíochta. |
|
|
2. Is í an Pharlaimint a chinnfidh líon comhaltaí coiste reachtaigh shealadaigh, bunaithe ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán. Tosóidh a téarma oifige ó dháta a chruinnithe bunaidh go dtí go nglacfar an gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí, gan dochar don ghá atá le gníomhaíochtaí grinnscrúdaithe. I gcás doiciméad straitéiseach réamhreachtach, rithfidh a théarma oifige ó dháta a chruinnithe bhunaitheaigh go dtí go nglacfar an tuarascáil sa suí iomlánach. |
|
|
Is iad na grúpaí polaitiúla agus na Feisirí neamhcheangailte a cheapfaidh comhaltaí de choiste reachtach sealadach, agus bainfear leas, i bprionsabal, as comhaltaí na gcoistí lena mbaineann. Cinnfidh Comhdháil na nUachtarán an bhfuil rapóirtéir amháin nó níos mó le ceapadh an tráth céanna a dhéanfar an togra chun an coiste a chur ar bun. |
|
|
3. Ní údarófar do choistí eile tuairimí a thabhairt do choistí reachtacha sealadacha de bhun Riail 56. |
|
|
4. Ní bheidh an ceart ag coistí reachtacha sealadacha tuairimí a thabhairt do choistí eile. |
Leasú 94
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 208 – mír 10
|
An téacs atá ann |
Leasú |
||
|
10. In áit ina dtugann sáruithe líomhnaithe nó drochriarachán líomhnaithe i gcur chun feidhme dhlí an Aontais le fios go bhféadfadh comhlacht nó údarás de Bhallstát a bheith freagrach, féadfaidh an coiste fiosrúcháin a iarraidh ar pharlaimint an Bhallstáit lena mbaineann comhoibriú leis an bhfiosrúchán. |
10. Ar iarratas ón gcoiste fiosrúcháin, déanfaidh an tUachtarán iarrataí ar dhoiciméid agus ar fhinnéithe fianaise a sholáthar, i gcomhréir le Cinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGC. Beidh feidhm ag Riail 123a i gcás ina ndiúltaítear iarraidh ar dhoiciméid nó ar fhinné fianaise a sholáthar gan údar maith a bheith leis. |
||
|
|
Féadfaidh coistí fiosrúcháin, i gcomhréir le Cinneadh 95/167/CE Euratom, CEGC agus leis na Rialacha Nós Imeachta seo na nithe seo a leanas a dhéanamh: |
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
Féadfaidh an tUachtarán cuireadh a thabhairt do na finnéithe fianaise a thabhairt faoi mhionn. Ní bheidh aon oibleagáid ar aon duine fianaise a thabhairt faoi mhionn, ach déanfar nóta foirmiúil i gcás ina ndiúltóidh finné fianaise a thabhairt faoi mhionn. |
Leasuithe 147 agus 148
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 209 - mír 2
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
2. Léireoidh comhdhéanamh na gcoistí, a mhéid is féidir, comhdhéanamh na Parlaiminte. Ní mór do dháileadh shuíocháin na gcoistí i measc na ngrúpaí polaitiúla a bheith comhionann leis an tslánuimhir is gaire os cionn an ríomha chomhréirigh nó leis an tslánuimhir is gaire faoin ríomh comhréireach. |
2. Léireoidh comhdhéanamh na gcoistí, a mhéid is féidir, comhdhéanamh na Parlaiminte. Ní mór do dháileadh shuíocháin na gcoistí i measc na ngrúpaí polaitiúla a bheith comhionann leis an tslánuimhir is gaire os cionn an ríomha chomhréirigh nó leis an tslánuimhir is gaire faoin ríomh comhréireach. |
|
|
Agus comhdhéanamh gach coiste á chinneadh, ba cheart do ghrúpaí polaitiúla a ndícheall a dhéanamh ionadaíocht chothrom inscne a bhaint amach. |
|
I gcás nach mbeidh aon chomhaontú i measc na ngrúpaí polaitiúla ar a ualach comhréireach laistigh de choiste sonrach amháin nó níos mó, is í Comhdháil na nUachtarán a dhéanfaidh an cinneadh. |
I gcás nach mbeidh aon chomhaontú i measc na ngrúpaí polaitiúla ar a n-ualach comhréireach nó a n-ionadaíocht inscne laistigh de choiste sonrach amháin nó níos mó, is í Comhdháil na nUachtarán a dhéanfaidh an cinneadh. |
Leasú 95
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 211
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
Riail 211 |
scriosta |
|
Ceisteanna inniúlachta |
|
|
1. Más rud é go ndearbhaíonn buanchoiste ina leith féin nach bhfuil sé inniúil ar mhír áirithe a bhreithniú, nó más rud é go dtagann coinbhleacht chun cinn maidir le hinniúlacht dhá bhuanchoiste nó níos mó, tíolacfar ceist na hinniúlachta chuig Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí laistigh de dhá sheachtain ón tráth a dhéantar an tarchur chuig coiste dá bhforáiltear i Riail 48(1). Ní dhéanfar seachtainí nach mbeidh gníomhaíochtaí parlaiminteacha ar siúl lena linn agus seachtainí a chuirfear i leataobh le haghaidh gníomhaíochtaí parlaiminteacha seachtracha a chur san áireamh chun críocha an spriocdháta sin. |
|
|
2. Ag an dara cruinniú a bheidh aici, ar a dhéanaí, nuair a bheidh an sprioc-am a leagtar síos i mír 1 thart, déanfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí nó a Cathaoirleach moladh a éisiúint. Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh ar bhonn an mholta sin laistigh de shé seachtaine tar éis a tharchuir. Más rud é nach ndéanann Comhdháil na nUachtarán cinneadh laistigh den tréimhse sin, measfar go bhfuil an moladh formheasta. |
|
|
3. Féadfaidh Cathaoirligh coistí comhaontú a dhéanamh le Cathaoirligh coistí eile maidir le mír a shannadh do choiste ar leith, ach sin faoi réir nós imeachta le haghaidh coistí comhlachaithe a údarú faoi Riail 57, más gá sin. |
|
|
|
(Tá feidhm ag an leasú seo síos tríd an téacs: tagairtí do Riail 211 a scriosadh agus athruithe a dhéanamh mar thoradh air sin ar fud na Rialacha Nós Imeachta) |
Leasú 96
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 222 – mír 1 – pointe a
|
An téacs atá ann |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 97
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn VII – Airteagal -1 (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
||
|
|
Airteagal -1 |
||
|
|
Struchtúr agus eagrú chúraimí an Choimisiúin |
||
|
|
De bhun Riail 125, roimh na héisteachtaí daingniúcháin, iarrfaidh an tUachtarán ar Uachtarán toghaí an Choimisiúin Comhdháil na nUachtarán a chur ar an eolas faoi na nithe seo a leanas: |
||
|
|
|
||
|
|
|
||
|
|
|
Leasú 98
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn 3 – Airteagal 1 – mír 3
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
3. Féadfaidh an Pharlaimint aon fhaisnéis a lorg atá ábhartha maidir le teacht ar chinneadh faoi inniúlacht na gCoimisinéirí ainmnithe. Beidh sí ag súil go ndéanfar nochtadh iomlán faisnéise i ndáil lena gcuid leasanna airgeadais. Déanfar dearbhuithe leasanna na gCoimisinéirí ainmnithe a chur chuig an gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla chun grinnscrúdú a dhéanamh orthu. |
3. Féadfaidh an Pharlaimint aon fhaisnéis a lorg atá ábhartha maidir le teacht ar chinneadh faoi inniúlacht na gCoimisinéirí ainmnithe. Bíonn an Pharlaimint ag súil go ndéanfaidh na Coimisinéirí ainmnithe nochtadh iomlán faisnéise i ndáil lena gcuid leasanna airgeadais. Déanfar dearbhuithe leasanna na gCoimisinéirí ainmnithe a chur chuig an gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla chun grinnscrúdú a dhéanamh orthu. |
Leasú 99
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn VII – Airteagal 2 (nua)
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
Scrúdú a dhéanamh ar dhearbhú leasanna airgeadais |
Scrúdú a dhéanamh ar dhearbhú leasanna |
Leasú 100
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn VII – Airteagal 2 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
3. Cuirfear na treoirlínte seo a leanas i bhfeidhm nuair a dhéanfaidh an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla grinnscrúdú ar na dearbhuithe leasanna airgeadais : |
3. Cuirfear na treoirlínte seo a leanas i bhfeidhm nuair a dhéanfaidh an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla grinnscrúdú ar na dearbhuithe leasanna: |
Leasú 101
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn VII – Airteagal 2 – mír 3 – pointe a
|
An téacs atá ann |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 102
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn VII – Airteagal 2 – mír 3 – pointe b
|
An téacs atá ann |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 103
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn VII – Airteagal 2 – mír 3 – pointe c
|
An téacs atá ann |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 104
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn VII – Airteagal 3 – mír 2
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
2. Ar mholadh ó Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, eagróidh Comhdháil na nUachtarán agus na héisteachtaí. Beidh Cathaoirleach agus comhordaitheoirí gach coiste ar leith freagrach as na socruithe mionsonraithe. Féadfar rapóirtéirí a cheapadh. |
2. Eagróidh Comhdháil na nUachtarán na héisteachtaí daingniúcháin bunaithe ar mholadh ó Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, ina sonrófar an leithdháileadh beartaithe freagrachtaí ar choistí chomh maith le fad molta gach éisteacht daingniúcháin aonair . Beidh Cathaoirleach agus comhordaitheoirí gach coiste ar leith freagrach as na socruithe mionsonraithe. |
Leasú 105
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn VII – Airteagal 3 – mír 3
|
An téacs atá ann |
Leasú |
||||
|
3. Déanfar socruithe iomchuí chun na coistí ábhartha a bheith rannpháirteach freisin i gcás réimsí freagrachta measctha a bheith ann . Tá trí rogha ann: |
3. Déanfar socruithe iomchuí chun na freagrachtaí maidir le héisteacht deimhniúcháin a leithdháileadh ar choistí . Tá dhá rogha ann: |
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|
Leasú 106
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn VII – Airteagal 3 – mír 5
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
5. Cuirfidh na coistí ceisteanna i scríbhinn faoi bhráid na gCoimisinéirí ainmnithe in am trátha roimh na héisteachtaí. Déanfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí dhá cheist chomhchoiteanna a dhréachtú do gach Coimisinéir ainmnithe, saincheisteanna inniúlachta ginearálta, tiomantas don Eoraip agus neamhspleáchas pearsanta a bheidh i gceist sa chéad cheann , agus bainistiú an chúraim agus comhar leis an bParlaimint a bheidh i gceist sa dara ceann . Déanfaidh an coiste freagrach cúig cheist eile a thíolacadh ; ní cheadófar fo-cheisteanna. I gcás coistí comhpháirteacha , tabharfar de cheart do gach ceann acu trí cheist a thíolacadh. |
5. Cuirfidh na coistí ceisteanna i scríbhinn faoi bhráid na gCoimisinéirí ainmnithe in am trátha roimh na héisteachtaí daingniúcháin . Déanfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí dhá cheist chomhchoiteanna a dhréachtú do gach Coimisinéir ainmnithe, a mbainfidh an chéad cheann acu le saincheisteanna inniúlachta ginearálta, tiomantas don Eoraip agus neamhspleáchas pearsanta, agus a mbainfidh an dara ceann acu le bainistiú an chúraim agus comhar leis an bParlaimint. Déanfaidh an coiste freagrach cúig cheist eile a thíolacadh. I gcás ina dtabharfaidh dhá choiste nó níos mó éisteacht go comhpháirteach don Choimisnéir ainmnithe , beidh sé de cheart ag gach ceann acu trí cheist a thíolacadh. Beidh sé de cheart ag gach coiste ar tugadh cuireadh dó ceist amháin a chur isteach. Ní cheadófar fo-cheisteanna. |
|
Foilseofar curriculum vitae na gCoimisinéirí ainmnithe agus a gcuid freagraí ar na ceisteanna i scríbhinn ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte roimh an éisteacht. |
Foilseofar curriculum vitae na gCoimisinéirí ainmnithe agus a gcuid freagraí ar na ceisteanna i scríbhinn ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte roimh an éisteacht daingniúcháin . |
Leasú 107
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn VII – Airteagal 3 – mír 6
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
6. Leagfar amach go mairfidh gach éisteacht trí huaire an chloig . Seolfar na héisteachtaí faoi chúinsí agus faoi choinníollacha ina mbeidh deis chomhionann agus chothrom ag na Coimisinéirí ainmnithe iad féin a chur in iúl agus a gcuid tuairimí a chur i láthair. |
6. Seolfar na héisteachtaí daingniúcháin faoi chúinsí agus faoi choinníollacha ina mbeidh deis chothrom ag na Coimisinéirí ainmnithe iad féin a chur in iúl agus a gcuid tuairimí a chur i láthair. I bprionsabal, beidh sé beartaithe go mairfidh na héisteachtaí daingniúcháin trí uair an chloig. I gcás na gCoimisinéirí ainmnithe, áfach, a bhfuil cúraimí an-mhór nó casta orthu agus a bhfuil níos mó ná coiste amháin páirteach iontu, féadfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí a mholadh go mairfidh an éisteacht daingniúcháin suas le ceithre huaire an chloig. Maidir le fad molta na héisteachta daingniúcháin, tabharfar aird chuí ar líon na gcoistí ar tugadh cuireadh dóibh chun go mbeidh gach duine dá gCathaoirligh in ann ceist amháin a chur. |
Leasú 108
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn VII – Airteagal 3 – mír 7
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
7. Iarrfar ar na Coimisinéirí ainmnithe ráiteas tosaigh ó bhéal a dhéanamh nach mairfidh níos faide ná 15 nóiméad. Déanfar suas le 25 ceist, grúpáilte le chéile de réir téama aon uair is féidir sin, a chur i rith na héisteachta. Féadfar ceist leantach amháin a chur láithreach laistigh den tréimhse ama leithdháilte. Déanfar formhór an ama labhartha a leithdháileadh ar ghrúpaí polaitiúla, mutatis mutandis i gcomhréir le Riail 171. Is é a bheidh mar aidhm ag na héisteachtaí ná comhrá polaitiúil iolraíoch a fhorbairt idir na Coimisinéirí ainmnithe agus na Feisirí. Roimh dheireadh na héisteachta, tabharfar an deis do na Coimisinéirí ainmnithe ráiteas deiridh gairid a dhéanamh. |
7. Iarrfar ar na Coimisinéirí ainmnithe ráiteas tosaigh ó bhéal a dhéanamh, nach mairfidh níos faide ná 15 nóiméad. Déanfar formhór an ama labhartha a leithdháileadh ar ghrúpaí polaitiúla, mutatis mutandis i gcomhréir le Riail 171. Caithfear leis an am labhartha a leithdháiltear ar ghrúpa polaitiúil mar bhloc, faoi réir an ghá formáid chomhchuibhithe aonair a choinneáil do gach éisteacht deimhniúcháin aonair. Is faoin ngrúpa polaitiúil a bheidh sé an t-am sin a dháileadh ar a chuid Feisirí a bheidh rannpháirteach san éisteacht. Ní chaithfear leis an am labhartha a leithdháiltear ar Fheisirí neamhcheangailte mar bhloc. Tabharfar dhá oiread ama, ar an meán, don Choimisinéir ainmnithe dá fhreagra nó dá freagra agus don am a thugtar don cheist. Is é a bheidh mar aidhm ag na héisteachtaí daingniúcháin ná comhrá polaitiúil iolraíoch a fhorbairt idir na Coimisinéirí ainmnithe agus na Feisirí. Roimh dheireadh na héisteachta daingniúcháin , tabharfar an deis do na Coimisinéirí ainmnithe ráiteas deiridh gairid a dhéanamh. |
Leasú 109
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn VII – Airteagal 3 – mír 8
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
8. Beidh tarchur closamhairc beo ann do na héisteachtaí a chuirfear ar fáil saor in aisce don phobal agus do na meáin . Déanfar taifeadadh innéacsaithe de na héisteachtaí a chur ar fáil don phobal laistigh de 24 huaire an chloig. |
8. Déanfear tarchur closamhairc beo ann de na héisteachtaí daingniúcháin a chur ar fáil saor in aisce don phobal agus do na meáin. Déanfar taifeadadh innéacsaithe de na héisteachtaí daingniúcháin a chur ar fáil don phobal laistigh de 24 huaire an chloig. |
Leasú 110
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn VII – Airteagal 4 – mír 1
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
1. Tiocfaidh an Cathaoirleach agus na comhordaitheoirí le chéile gan mhoill tar éis na héisteachta chun meastóireacht a dhéanamh ar na Coimisinéirí ainmnithe ar leithligh. Seolfar na cruinnithe sin i seomra iata. Iarrfar ar na comhordaitheoirí a rá, dar leo , an bhfuil na Coimisinéirí ainmnithe cáilithe chun bheith ina gcomhaltaí den choláiste agus chun na dualgais áirithe atá sannta dóibh a chomhlíonadh. Déanfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí múnla pro forma a dhearadh chun cabhrú leis an meastóireacht. |
1. Tiocfaidh an Cathaoirleach agus na comhordaitheoirí le chéile gan mhoill tar éis na héisteachta daingniúcháin chun meastóireacht a dhéanamh ar na Coimisinéirí ainmnithe ar leithligh. Seolfar na cruinnithe sin i seomra iata. Iarrfar ar Chathaoirligh na gcoistí ar tugadh cuireadh dóibh páirt a ghlacadh sna cruinnithe meastóireachta. Iarrfar ar chomhordaitheoirí an choiste fhreagraigh a rá an bhfuil, ina dtuairimí faoi seach , na Coimisinéirí ainmnithe cáilithe chun bheith ina gcomhaltaí den Choláiste agus chun na dualgais áirithe a sannadh dóibh a chomhlíonadh. Déanfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí múnla pro forma a dhearadh chun cabhrú leis an meastóireacht. |
Leasú 111
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn VII – Airteagal 4 – mír 2
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
2. I gcás coistí comhpháirteacha , gníomhóidh Cathaoirleach agus comhordaitheoirí na gcoistí lena mbaineann go comhpháirteach i rith an nós imeachta. |
2. I gcás ina dtabharfaidh dhá coistí nó níos mó éisteacht go comhpháirteach don Choimisnéir ainmnithe , gníomhóidh Cathaoirleach agus comhordaitheoirí na gcoistí lena mbaineann go comhpháirteach i rith an nós imeachta , lena n-áirítear trí chomhchruinnithe meastóireachta a reáchtáil . |
Leasú 112
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn VII – Airteagal 4 – mír 3
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
3. Beidh litir mheastóireachta aonair ann do gach Coimisinéir ainmnithe. Cuirfear san áireamh tuairimí na gcoistí uile a mbeidh baint acu leis an éisteacht . |
3. Beidh litir mheastóireachta aonair ann do gach Coimisinéir ainmnithe. Déanfar tuairimí na gcoistí ar tugadh cuireadh dóibh, arna nglacadh ag comhordaitheoirí a dhéanann ionadaíocht do thromlach simplí de chomhaltaí an choiste a bhaineann le grúpa polaitiúil, a chur i gceangal leis an litir mheastóireachta . |
Leasú 113
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn VII – Airteagal 4 – mír 4 – pointe c
|
An téacs atá ann |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 114
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn VII – Airteagal 4 – mír 4 – pointe d
|
An téacs atá ann |
Leasú |
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|
Chun críocha na chéad fhomhíre, an chéad fhleasc, ní cheadófar focheisteanna agus ní bheidh sé de cheart ag coistí ar tugadh cuireadh dóibh ceisteanna breise i scríbhinn a thíolacadh. |
||||
|
|
Ní fhéadfar ach sraith amháin de cheisteanna breise i scríbhinn agus éisteacht daingniúcháin atosaithe amháin a iarraidh mar chuid de mheastóireacht an Choimisinéara ainmnithe. |
||||
|
|
Déanfar ceisteanna breise i scríbhinn agus freagraí an Choimisinéara ainmnithe a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte. |
Leasú 115
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn VII – Airteagal 4 – mír 4 – pointe e
|
An téacs atá ann |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 116
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn VII – Airteagal 4 – mír 4 – pointe f
|
An téacs atá ann |
Leasú |
||||
|
|
(1) IO L 113, 19.5.1995, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1995/167/oj
(2) Téacsanna a ghlactar an 23 Bealtaine 2012 (IO C 264 E, 13.9.2013, lch. 41) agus an 16 Aibreán 2014 (IO C 443, 22.12.2017, lch. 39).
(3) IO L 304, 20.11.2010, lch. 47.
(18) Féach an cinneadh ábhartha ó Chomhdháil na nUachtarán.
(18a) Tá feidhm fós ag forálacha eile na Rialacha Nós Imeachta seo a bhaineann le tuairimí agus measúnuithe ar ábhair chothrománacha chomh maith le tuairimí ar ábhair bhuiséadacha agus urscaoilte.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1280/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)