AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 26.11.2024
COM(2024) 729 final
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Cróite
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024DC0729
Recommendation for a COUNCIL RECOMMENDATION endorsing the national medium-term fiscal-structural plan of Croatia
Moladh le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Cróite
Moladh le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Cróite
COM/2024/729 final
AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 26.11.2024
COM(2024) 729 final
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Cróite
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Cróite
MOLADH ÓN gCOIMISIÚN LE hAGHAIDH
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Cróite
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263, agus go háirithe Airteagal 17 de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún,
De bharr an mhéid seo a leanas:
BREITHNITHE GINEARÁLTA
Tháinig creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe de chuid an Aontais i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach 1 , mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme 2 , agus le Treoir 2011/85/AE leasaithe ón gComhairle maidir le creataí buiséadacha na mBallstát 3 , is príomhghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm don chreat inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú trí bhíthin athchóirithe agus infheistíochtaí. Leis an gcreat, cuirtear úinéireacht náisiúnta chun cinn agus dírítear ar an meántéarma, i gcomhcheangal le forfheidhmiú éifeachtach comhleanúnach na rialacha.
Na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, tá siad i gcroílár an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Tá na pleananna le dhá chuspóir a bhaint amach: i) faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, a áirithiú go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar an t‑easnamh rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma agus go gcoinneofar ag an leibhéal sin é, agus ii) a áirithiú go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Chuige sin, ní mór gealltanas meántéarmach i leith conair 4 ghlanchaiteachais a chur isteach i ngach plean, lena mbunaítear go héifeachtach sriantacht buiséid ar feadh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 nó 5 bliana (ag brath ar an ngnáth‑théarma reachtach i mBallstát). Ina theannta sin, tá míniú le tabhairt sa phlean ar an gcaoi a n‑áiritheoidh an Ballstát go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena n‑áirítear na moltaí sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, más infheidhme), agus ar an gcaoi a dtabharfaidh an Ballstát aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Leis an tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, cumhdaítear tréimhse 4 bliana, tréimhse a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263.
Tar éis thíolacadh an phlean, tá an Coimisiún lena mheas an gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.
Tá an Chomhairle, ar mholadh a fháil di ón gCoimisiún, le moladh a ghlacadh ina leagtar amach conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, formhuiniú a dhéanamh ar an tsraith gealltanas um athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh.
BREITHNITHE MAIDIR LE PLEAN STRUCHTÚRACH FIOSCACH MEÁNTÉARMACH NÁISIÚNTA NA CRÓITE
An 14 Samhain 2024, rinne an Chróit a plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta a thíolacadh don Chomhairle agus don Choimisiún. Rinneadh an tíolacadh tar éis síneadh a chur leis an sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2024/1263, mar a comhaontaíodh leis an gCoimisiún. Bhí moill ar thíolacadh an phlean toisc gur ghá a áirithiú go raibh an plean fioscach‑struchtúrach meántéarmach agus an dréachtphlean buiséadach comhlántach agus comhsheasmhach le Buiséad Náisiúnta 2025-2027 a bhí le glacadh an 14 Samhain 2024, agus leas iomlán á bhaint as na sonraí a eisíodh leis an athbhreithniú staidrimh tagarmhairc. An 21 Samhain 2024, thíolaic an Chróit aguisín chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gconair fáis um ghlanchaiteachas atá sa phlean ar mhaithe le cur chuige coimeádach a chur i bhfeidhm sa phleanáil beartais fhioscaigh (ó thaobh caiteachais de) i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin agus ar mhaithe lena áirithiú go bhfanfaidh an fiachas rialtais ghinearálta réamh‑mheasta ar leibhéil stuama go hinchreidte.
An próiseas sular tíolacadh an plean
Sular tíolacadh a plean, d’iarr an Chróit faisnéis theicniúil 5 , a chuir an Coimisiún ar fáil an 21 Meitheamh 2024, agus a d’fhoilsigh sé an 14 Samhain 6 . San fhaisnéis theicniúil, léirítear leibhéal an chomhardaithe phríomha struchtúraigh in 2028 is gá chun a áirithiú go gcoinneofar an t‑easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI sa mheántéarma agus go bhfanfaidh an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun 60 % de OTI sa mheántéarma, in éagmais beart buiséadach breise tar éis na tréimhse coigeartúcháin 4 bliana. Sainmhínítear an meántéarma mar an tréimhse 10 mbliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin. Ullmhaíodh agus tarchuireadh an fhaisnéis theicniúil chuig an mBallstát sa dá chás seo a leanas: cás lena n‑áirítear comhsheasmhacht leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh 7 , i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2024/126, agus cás gan an choimirce sin.
Leagtar amach san fhaisnéis theicniúil le haghaidh na Cróite, gur cheart, chun na rialacha fioscacha is infheidhme a chomhlíonadh le linn na tréimhse coigeartúcháin 4 bliana, agus bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin, gur cheart -0,4 % de OTI ar a laghad a bheith sa chomhardú príomha struchtúrach ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028); cás gan an choimirce athléimneachta easnaimh), mar a léirítear sa tábla seo a leanas. Mar eolas, agus an choimirce athléimneachta easnaimh á cur san áireamh freisin, ba cheart -0,4 % de OTI ar a laghad a bheith sa chomhardú príomha struchtúrach ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028). Mar sin féin, ní ceanglas é an choimirce athléimneachta easnaimh le haghaidh na Cróite, tír atá incháilithe d’fhaisnéis theicniúil.
Tábla 1: Faisnéis theicniúil arna soláthar ag an gCoimisiún don Chróit
|
Bliain deiridh na tréimhse coigeartúcháin |
2028 |
|
Luach íosta an chomhardaithe phríomha struchtúraigh (% de OTI), an cás gan an choimirce athléimneachta easnaimh |
-0,4 % |
|
Le haghaidh faisnéise amháin: Luach íosta an chomhardaithe phríomha struchtúraigh (% de OTI), an cás leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh |
-0,4 % |
Foinse: Ríomhanna an Choimisiúin.
I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh an Chróit agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil ó mhí Mheán Fómhair go mí na Samhna 2024. Rinneadh breithniú san idirphlé teicniúil ar an bhfaisnéis theicniúil a sholáthair an Coimisiún, agus díríodh ar phlé a dhéanamh ar an athchóiriú cánach a thiocfaidh i bhfeidhm in 2025 agus ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe a thabhairt i gcrích lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus do thosaíochtaí coiteanna an Aontais maidir leis an aistriú cóir glas agus digiteach, an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh agus méadú na gcumas cosanta.
I mí na Samhna 2024, i gcomhréir le hAirteagal 11(3) agus le hAirteagal 36(1), pointe (c) de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh an Chróit i mbun próiseas comhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta, le comhpháirtithe sóisialta agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile. Pléadh an plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta ag an gComhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta, comhairle a bhfuil ceardchumainn, comhlachas na bhfostóirí agus ionadaithe an rialtais ina gcomhaltaí di.
Thug an Coimisiún um Beartas Fioscach tuairim maidir leis an réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch agus na toimhdí maicreacnamaíocha atá mar bhonn taca faoin gconair ghlanchaiteachais ilbhliantúil. Tháinig an Coimisiún um Beartas Fioscach ar an gconclúid gur leormhaith méideanna réamh‑mheasta na rátaí fáis iarbhír OTI, an díbhoilsceora intuigthe OTI agus an innéacs praghsanna náisiúnta agus go bhfuil na réamh‑mheastacháin mhaicreacnamaíocha mórán mar an gcéanna nó beagán níos dearfaí ná na réamh‑mheastacháin atá ar fáil faoi láthair ó na hinstitiúidí ábhartha eile. D’fhormhuinigh an Coimisiún um Beartas Fioscach na réamh‑mheastacháin mhaicreacnamaíocha le haghaidh na tréimhse suas le 2028 a d’ullmhaigh an Aireacht Airgeadais agus thug sé le fios go bhfuil na réamh‑mheastacháin laistigh de raon atá inghlactha agus go dtugann siad bunús maith le haghaidh an plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta a tharraingt suas.
Próisis ghaolmhara eile
Thíolaic an Chróit a Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025 an 14 Samhain 2024. Ghlac an Coimisiún tuairim maidir leis an Dréachtphlean Buiséadach sin an [26 Samhain] 8 .
An 21 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha faoi bhráid na Cróite i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh 9 .
ACHOIMRE AR AN bPLEAN AGUS MEASÚNÚ AN CHOIMISIÚIN AIR
I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean mar a leanas:
Comhthéacs: An staid mhaicreacnamaíoch fhioscach agus an t‑ionchas maicreacnamaíoch fioscach
Tháinig fás 3,3 % ar ghníomhaíocht eacnamaíoch sa Chróit in 2023, rud a bhí spreagtha ag na comhpháirteanna OTI uile seachas fardail, agus tháinig na rannchuidithe dearfacha is mó ón infheistíocht agus ó thomhaltas teaghlaigh. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh fás 3,6 % ar an ngeilleagar in 2024, a bhuí leis an éilimh intíre atá ag méadú, tomhaltas teaghlaigh agus infheistíocht go príomha, agus le rannchuidiú diúltach ó ghlan‑onnmhairí. Meastar go dtiocfaidh méadú 3,3 % ar OTI iarbhír in 2025, de réir mar a mhaolóidh fás an éilimh intíre. Meastar go dtiocfaidh méadú 2,9 % ar OTI iarbhír in 2026, de réir mar a leanfaidh an t‑éileamh intíre de bheith ag maolú agus de réir mar a éireoidh rannchuidiú na nglan‑onnmhairí neodrach. I gcaitheamh na tréimhse réamhaisnéise, meastar go dtiocfaidh méadú 4,2 % ar fhás OTI féideartha sa Chróit in 2024, go dtiocfaidh méadú 3,6 % air in 2025 agus go dtiocfaidh méadú 3,3 % air in 2026, rud atá spreagtha ag carnadh caipitil, táirgiúlacht na bhfachtóirí uile agus rannchuidiú luchta saothair. Beidh laghdú suntasach ar rannchuidiú an luchta saothair i dtreo 2026 ós rud é gur ag laghdú atá an daonra in aois oibre, d’ainneoin rátaí rannpháirtíochta saothair níos airde. Ba é 6,1 % an ráta dífhostaíochta in 2023, agus réamh‑mheasann an Coimisiún gurb é 5,1 % a bheidh ann in 2024 agus 4,7 % in 2025 agus 4,6 % in 2026. Réamh‑mheastar go dtiocfaidh laghdú ar an mboilsciú (díbhoilsceoir OTI) ó 11,7 % in 2023 go 6,6 % in 2024, agus go sroichfidh sé 3,2 % in 2025 agus 2,1 % in 2026.
Maidir le forbairtí fioscacha, in 2023 is é a bhí in easnamh rialtais ghinearálta na Cróite 0,9 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún, sroichfidh sé 2,1 % de OTI in 2024 agus fanfaidh sé ag 2,1 % de OTI in 2025 agus, ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, laghdóidh sé go 1,9 % in 2026. Ní chuimsítear go fóill i Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach dréachtbhuiséad na Cróite le haghaidh 2025 a mhol an rialtas don pharlaimint náisiúnta i mí na Samhna. Cuimsítear an Creat Buiséadach le haghaidh na tréimhse 2025-2027 a ghlac an rialtas an 31 Deireadh Fómhair, áfach, sa réamhaisnéis ón gCoimisiún. Ba é 61,8 % de OTI an fiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2023. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go laghdóidh an cóimheas fiachais go 57,3 % de OTI ag deireadh 2024. Réamh‑mheastar go dtiocfaidh laghdú air go 56,0 % de OTI ag deireadh 2025 agus tá coinne leis go bhfanfaidh an cóimheas ag 56,0 % ag deireadh 2026. Sa réamhaisnéis fhioscach ón gCoimisiún, ní bhreithnítear na gealltanais bheartais sna pleananna meántéarmacha a bheith ina ngealltanais go dtí go mbeidh bearta nithiúla beartais mar bhonn taca leo, bearta a dhéanfar a fhógairt go hinchreidte agus a shonrú go leormhaith.
Conair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha atá sa phlean
Le plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Cróite, cumhdaítear an tréimhse 2025-2028 agus cuirtear coigeartú fioscach i láthair i gcaitheamh tréimhse 4 bliana.
Tá an fhaisnéis uile a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean.
Leis an bplean, arna chomhlánú leis an aguisín, tugtar gealltanas i leith na conaire glanchaiteachais a léirítear i dTábla 2, rud a chomhfhreagraíonn do mheánfhás glanchaiteachais 4,8 % go dtí 2028.
Tá an fhaisnéis theicniúil (ag glacadh leis go bhfuil conair coigeartúcháin línigh ann) comhsheasmhach le meánfhás glanchaiteachais 4,0 % i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin (2025-2028). Tuairiscítear go n‑eascraíonn comhardú príomha struchtúrach -0,2 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028) as an gconair ghlanchaiteachais ar tugadh gealltanas ina leith sa phlean 10 . Is airde sin ná íosleibhéal an chomhardaithe phríomha struchtúraigh -0,4 % de OTI in 2028 a chuir an Coimisiún ar fáil san fhaisnéis theicniúil an 21 Meitheamh 2024 11 .
Toimhdítear sa phlean go laghdóidh fás OTI féideartha go 2,5 % in 2028 (ó 4,5 % in 2024). Ina theannta sin, meastar sa phlean go laghdóidh ráta fáis an díbhoilsceora OTI go 2,2 % in 2028 (ó 6,7 % in 2024).
Tábla 2: An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí i bplean na Cróite
|
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
Meánfhás i gcaitheamh thréimhse bhailíochta an phlean 2025-2028 |
|
|
Fás glanchaiteachais
|
18,6 |
6,4 |
4,9 |
4,1 |
3,7 |
4,8 |
|
Fás glanchaiteachais
|
18,6 |
26,2 |
32,3 |
37,8 |
42,9 |
neamhbhainteach |
|
Fás OTI féideartha ( %) |
4,5 |
4,0 |
3,5 |
2,9 |
2,5 |
3,2 |
|
Boilsciú (fás díbhoilsceora OTI) ( %) |
6,7 |
3,7 |
2,6 |
2,4 |
2,2 |
2,7 |
Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Cróite agus ríomhanna an Choimisiúin
Na himpleachtaí atá ag gealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le fiachas rialtais ghinearálta
An chonair ghlanchaiteachais a bhfuil gealltanas tugtha ina leith sa phlean agus na toimhdí bunúsacha, dá dtiocfadh na nithe sin chun cinn, laghdódh fiachas rialtais ghinearálta de réir a chéile ó 57,3 % de OTI in 2024 go 53,1 % ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin in 2028 de réir an phlean, mar a léirítear sa tábla seo a leanas. Sa mheántéarma, meastar go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar an gcóimheas idir fiachas rialtais ghinearálta agus OTI agus go sroichfidh sé 49 % in 2038. Cé nach léiríonn na figiúirí sin an t‑aguisín a tíolacadh an 21 Samhain, le cur chuige coimeádach an aguisín i leith na conaire glanchaiteachais áirithítear go bhfanfaidh an fiachas rialtais ghinearálta réamh‑mheasta ar leibhéil stuama go hinchreidte.
Tábla 3: Forbairtí maidir le fiachas rialtais ghinearálta agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean na Cróite
|
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
2038 |
|
|
Fiachas rialtais (% de OTI) |
61,8 |
57,3 |
55,8 |
54,9 |
54,1 |
53,1 |
49,0 |
|
Comhardú rialtais (% de OTI) |
-0,9 |
-2,1 |
-2,3 |
-1,9 |
-1,8 |
-1,5 |
-1,4 |
Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Cróite
Dá bhrí sin, de réir an phlean, d’fhanfadh an fiachas rialtais ghinearálta faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 60 % de OTI, sa mheántéarma.
Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir le fiachas mar a leagtar amach in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.
Na himpleachtaí atá ag gealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir leis an gcomhardú rialtais ghinearálta
Ar bhonn chonair ghlanchaiteachais agus thoimhdí an phlean, mhéadódh an t‑easnamh rialtais ghinearálta ó 2,1 % de OTI in 2024 go 2,3 % in 2025 agus laghdódh sé de réir a chéile go 1,5 % in 2028. Cé nach léiríonn na figiúirí sin an t‑aguisín a tíolacadh an 21 Samhain 2024, le cur chuige coimeádach an aguisín i leith na conaire glanchaiteachais áirithítear go gcoinneofar an t‑easnamh rialtais ghinearálta réamh‑mheasta faoi bhun 3 % de OTI sa mheántéarma.
Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní sháródh an comhardú rialtais ghinearálta an luach tagartha 3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2028).
Ina theannta sin, sna 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (i.e. go dtí 2038), ní sháródh an t‑easnamh rialtais 3 % de OTI.
Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh mar a leagtar amach in Airteagal 6(b) agus in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.
Toimhdí maicreacnamaíocha an phlean
Tá an plean bunaithe ar shraith toimhdí atá éagsúil leis na toimhdí ón gCoimisiún a tarchuireadh chuig an gCróit an 21 Meitheamh. Go háirithe, úsáidtear toimhdí éagsúla sa phlean le haghaidh ceithre athróg, mar atá: an túsphointe (comhardú príomha struchtúrach), fás OTI féideartha, fás díbhoilsceora OTI, ráta úis intuigthe ainmniúil. Is gá measúnú cúramach a dhéanamh ar na difríochtaí sin sna toimhdí, go háirithe ós rud é gur airde an meánfhás glanchaiteachais sa phlean ná mar a tugadh le fios leis an bhfaisnéis theicniúil. Tugtar measúnú thíos ar na difríochtaí sna toimhdí.
Liostaítear thíos na difríochtaí sna toimhdí a bhfuil an tionchar is mó acu ar an meánfhás glanchaiteachais, mar aon le measúnú ar gach difríocht a bhreithnítear ina haonar.
Sa phlean, úsáidtear sonraí níos cothroime le dáta agus toimhdítear túsphointe níos fearr i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin a tarchuireadh an 21 Meitheamh. Sa réamhthreoir, ba é -2 % de OTI an comhardú príomha struchtúrach le haghaidh 2024, ach toimhdítear -1,5 % de OTI sa phlean, mar a bhí i Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach. Is é is cúis leis an gcomhardú príomha struchtúrach níos airde athbhreithniú suntasach ar na sonraí a eisíodh tar éis an réamhthreoir a bheith tarchurtha. Rannchuidíonn sin le meánfhás glanchaiteachais is airde i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. Meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.
Toimhdítear sa phlean go laghdóidh fás OTI féideartha de réir a chéile ón 4,5 % atá tuartha le haghaidh 2024 go 2,5 % faoi 2028 agus go maolóidh sé a thuilleadh go 1,6 % faoi 2038, rud a fhágann gurb é 3,2 % an meánráta le haghaidh na tréimhse coigeartúcháin. I réamhthreoir an Choimisiúin, réamh‑mheastar go dtiocfaidh méadú 2,6 % ar an meán ar an aschur féideartha i gcaitheamh na tréimhse céanna. Sa phlean, toimhdítear an fás féideartha céanna tar éis na tréimhse coigeartúcháin agus a bhí sa réamhthreoir. I Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, is é 2,9 % an meánfhás féideartha i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin, rud a léiríonn na nuashonruithe sonraí agus na toimhdí nua ó bhí Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ann. An difríocht idir an plean agus an réamhthreoir le linn na tréimhse coigeartúcháin, ní thugann na sonraí athbhreithnithe agus na toimhdí nua údar léi ach go páirteach. An difríocht atá fágtha, baineann sí den chuid is mó le toimhde sa phlean maidir le fás ard fostaíochta. Ar an iomlán, rannchuidíonn sin le meánfhás glanchaiteachais is airde i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. Dá réir sin, meastar nach bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.
Toimhdítear sa phlean go sroichfidh an díbhoilsceoir OTI 6,7 % in 2024, 3,7 % in 2025, 2,6 % in 2026, 2,4 % in 2027 agus 2,2 % in 2028. I réamhthreoir an Choimisiúin, is é 5,5 % an díbhoilsceoir OTI a thoimhdítear le haghaidh 2024, agus réamh‑mheastar go laghdóidh sé go 2,2 % in 2025 agus 2026, agus go méadóidh sé beagán go 2,3 % in 2027 agus 2028. I Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, toimhdítear díbhoilsceoir OTI níos airde le haghaidh 2024 agus 2025 ná mar a dhéantar sa réamhthreoir: de réir Réamhaisnéis an Fhómhair is ag 6,6 % agus 3,2 % a bheidh sé. Léiríonn na rátaí sin na nuashonruithe sonraí agus na toimhdí nua a rinneadh ó bhí Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ann. Réamh‑mheasann an Coimisiún go sroichfidh an díbhoilsceoir OTI 2,1 % in 2026. Dá bhrí sin, tá an díbhoilsceoir OTI a thoimhdítear sa phlean 0.5 pointe céatadáin níos airde ná toimhdí an Choimisiúin le haghaidh 2025 agus 2026 araon, rud a léiríonn díbhoilsceoirí tomhaltais phríobháidigh agus phoiblí níos airde. Rannchuidíonn sin le meánfhás glanchaiteachais is airde i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. Dá réir sin, meastar nach bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.
Toimhdítear sa phlean go sroichfidh rátaí úis intuigthe ainmniúla 2,9 % in 2024 agus go laghdóidh siad de réir a chéile go 2,6 % in 2028. Rannchuidíonn sin le meánfhás glanchaiteachais is airde i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. I réamhthreoir an Choimisiúin, toimhdíodh gur ag 2,8 % a bheadh rátaí úis intuigthe ainmniúla in 2024 agus go méadóidís de réir a chéile go 3,1 % in 2028. Na rátaí úis ainmniúla intuigthe ísle atá sa phlean, is léiriú iad ar rátaí úis níos ísle an mhargaidh tar éis do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa ábhartha rátáil chreidmheasa na Cróite a uasghrádú. Ar an iomlán, meastar go dtugann úsáid sonraí margaidh níos déanaí údar cuí le toimhde an phlean.
Ar an iomlán, na difríochtaí uile sna toimhdí nuair a ghlactar le chéile iad,, d’fhéadfaidís a bheith ina gcúis le meánfhás glanchaiteachais sa phlean atá i bhfad níos airde ná an meánfhás glanchaiteachais a thugtar le fios san fhaisnéis theicniúil. Cuimsítear conair ghlanchaiteachais níos stuama, áfach, i bplean na Cróite arna chomhlánú leis an aguisín, conair as a n‑eascraíonn meánfhás glanchaiteachais a sháraíonn an meánfhás glanchaiteachais a thugtar le fios san fhaisnéis theicniúil; níl i gceist leis an sárú sin ámh ach méid is féidir a mhíniú le difríochtaí i dtoimhdí a mheastar a bhfuil údar cuí leo.
Cuirfidh an Coimisiún an measúnú thuas ar thoimhdí an phlean san áireamh i measúnuithe a dhéanfar amach anseo ar chomhlíontacht leis an gconair ghlanchaiteachais.
Straitéis fhioscach an phlean
De réir na straitéise fioscaí táscaí sa phlean, tá na gealltanais maidir le glanchaiteachas le tabhairt i gcrích trí bhíthin smacht ar chaiteachas agus méaduithe lánroghnacha ar ioncam araon. Chun na spriocanna fioscacha a bhaint amach, luaitear sa phlean go mbeidh fás teoranta ar chatagóirí caiteachais áirithe atá faoi rialú an rialtais (e.g.: meastar go laghdóidh caiteachas ar chúiteamh d’fhostaithe ó 13,0 % de OTI in 2025 go 12,6 % in 2028). De réir an phlean, bearta lánroghnacha ioncaim atá nasctha leis an athchóiriú cánach a thiocfaidh i bhfeidhm in 2025, tá siad le hioncam breise a thabhairt isteach i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin ar fad arb ionann é agus 0,4 % de OTI. An tráth chéanna, tá bearta ann freisin a mhéadaíonn an caiteachas rialtais a bhaineann le hathchóiriú na bpinsean a chur chun feidhme (lena méadaítear foirmle innéacsaithe na bpinsean) agus le bearta beartais shóisialta nua a chur chun feidhme ar nós tithíocht inacmhainne.
Tá sonraíocht na mbeart beartais atá le glacadh le deimhniú nó le coigeartú agus le cainníochtú sna buiséid bhliantúla. An tráth céanna, tá rioscaí ann do chur chun feidhme na straitéise fioscaí táscaí sa phlean a eascraíonn as rioscaí do na toimhdí maicreacnamaíocha atá mar bhonn taca leis an bplean, as moilleanna ar an bpróiseas soláthair phoiblí a d’fhéadfadh moill a chur ar infheistíochtaí, agus as céimeanna breise ar gcúl i gcur chun feidhme na n‑athchóirithe struchtúracha.
Leis an Dréachtphlean Buiséadach le haghaidh 2025, sonraítear na gníomhaíochtaí beartais trína mbainfear amach an gealltanas glanchaiteachais le haghaidh 2025 12 .
Athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais
Tugtar tuairisc sa phlean ar chuspóirí beartais a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí chun freagairt do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe na moltaí tírshonracha, agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais. Tá 290 athchóiriú agus beart infheistíochta i gceist sa phlean. Faigheann 209 díobh sin tacaíocht airgeadais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus is bearta nua-aitheanta agus bearta faoi chláir eile de chuid an Aontais iad 81 díobh, lena n‑áirítear an beartas comhtháthaithe. Ar an iomlán, cuireadh bearta an phlean téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta in oiriúint chun rannchuidiú leis na moltaí tírshonracha atá ann cheana a chur chun feidhme. Na bearta nua a cuireadh leis an bplean meántéarmach, rannchuidíonn siad a thuilleadh le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha a eisíodh sna blianta roimhe seo agus na moltaí tírshonracha nua a eisíodh in 2024.
Maidir leis tosaíocht choiteann an aistrithe chóir ghlais agus dhigitigh, lena n‑áirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, cuimsítear sraith beart sa phlean chun tacú le haeráidneodracht agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide. Chun dlús a chur leis na hiarrachtaí i dtreo sprioc 2030 agus i dtreo chur chun feidhme an Phlean Chomhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, bunófar creat pleanála chun an Straitéis Forbartha Ísealcharbóin a chur chun feidhme, lena n‑áirítear togra le haghaidh spriocanna ceangailteacha earnálacha um laghdú astaíochtaí i gcás na n‑earnálacha is deacra a dhícharbónú agus na struchtúir is gá a chur ar bun chun an Ciste Aeráide Sóisialta a rolladh amach. Chun athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a neartú, glacfar Plean Gníomhaíochta in éineacht le táscairí ar mhaithe le dlús a chur le cur chun feidhme na Straitéise um an Oiriúnú don Athrú Aeráide. Baineann na gníomhaíochtaí sin le moltaí tírshonracha 2023 maidir le hionsú éifeachtach chistí an Aontais agus le moladh tírshonrach 2023 maidir le spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Tá bearta den phlean téarnaimh agus athléimneachta sa phlean lena dtacaítear le neartú a dhéanamh ar an riarachán poiblí, na breithiúna agus sócmhainní an stáit trí phróisis riaracháin agus bhreithiúnacha a dhigitiú agus a shimpliú, trí bhonneagar TFC an stáit a fheabhsú, trí líonra na seirbhísí digiteacha a fhairsingiú agus tríd an rochtain atá ag teaghlaigh ar leathanbhanda agus 5G a leathnú. Athchóirithe agus infheistíochtaí i mbonneagar TFC stáit agus i seirbhísí digiteacha, baineann siad le moltaí tírshonracha 2020 maidir le rochtain mhéadaithe ar bhonneagar digiteach agus ar sheirbhísí digiteacha, sealbhú scileanna a chur chun cinn, agus éifeachtúlacht agus inniúlacht an riaracháin phoiblí a mhéadú chun tionscadail agus beartais phoiblí a dhearadh agus a chur chun feidhme ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal áitiúil. Cuimsítear sa phlean bearta sa bhreis ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta arb é is aidhm dóibh cibearshlándáil a fheabhsú, seirbhísí poiblí a dhigitiú a thuilleadh agus bainistiú sonraí laistigh den riarachán poiblí a neartú. Baineann na bearta sin leis na moltaí tírshonracha ó 2019 agus 2020 atá nasctha leis an gcumarsáid leictreonach sna cúirteanna a fheabhsú, le héifeachtúlacht na mbreithiúna a fheabhsú agus le rochtain ar bhonneagar digiteach agus ar sheirbhísí digiteacha a mhéadú. Ina theannta sin, cuimsítear athchóirithe tábhachtacha sa phlean chun feabhas a chur ar tharraingteacht gairmeacha taighde sa réimse TFC, athchóirithe a bhaineann le moltaí tírshonracha 2019 agus 2020 maidir le rochtain mhéadaithe ar bhonneagar digiteach agus ar sheirbhísí digiteacha mar aon le hinfheistíocht a dhíriú ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach. Cuimsítear sraith beart den phlean téarnaimh agus athléimneachta sa phlean freisin in earnáil an iompair, lena dtugtar aghaidh, inter alia, ar mholtaí tírshonracha maidir le rochtain ar bhonneagar digiteach agus ar sheirbhísí digiteacha a mhéadú, an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chothú, an t‑éileamh ar fhuinneamh agus an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú san iompar, agus réitigh iompair inbhuanaithe a chur chun cinn. Thairis sin, cuimsítear bearta sa phlean i ndáil le fuinneamh agus athchóiriú foirgneamh tar éis crith talún, forbairt líonra sonraí seismeolaíocha, úsáid chiorclach dramhaíola foirgníochta ó fhoirgnimh a bhfuil stádas maoine cultúir acu, agus forbairt straitéisí um athnuachan uirbeach glas a fhorbairt, bearta lena dtugtar aghaidh ar mholtaí tírshonracha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, an t‑aistriú glas, spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus leanúint de chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
Maidir le tosaíocht choiteann na hathléimneachta sóisialta agus eacnamaíche, lena n‑áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, cuimsítear athchóiriú cuimsitheach ar an gcóras oideachais sa phlean arb é is aidhm dó rochtain ar oideachas agus cúram luath‑óige agus ar ardoideachas a leathnú, sin agus cáilíocht an bhunoideachais agus an ardoideachais a fheabhsú, lena n‑áirítear trí theagasc aon seala amháin a thabhairt isteach agus tríd an aistriú chuig scolaíocht lae iomláin sa bhunoideachas a ullmhú. Baineann an t‑athchóiriú ar an gcóras oideachais le moladh tírshonrach 2019 maidir le feabhas a chur ar rochtain ar oideachas agus oiliúint, ar cháilíocht oideachais agus oiliúna agus ar ábharthacht an oideachais agus na hoiliúna i margadh an tsaothair, le moladh tírshonrach 2020 maidir le sealbhú scileanna a chur chun cinn, le moladh tírshonrach 2024 maidir le ganntanais scileanna a laghdú trí bhunscileanna a neartú agus trí uas‑sciliú agus athsciliú a fheabhsú, agus leis na moltaí tírshonracha ó 2023 agus 2024 maidir le leanúint de chur chun feidhme seasta an phlean téarnaimh agus athléimneachta. Cuimsítear athchóirithe tábhachtacha ar mhargadh an tsaothair sa phlean freisin chun feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil agus chun fostaíocht a mhéadú trí inrochtaineacht agus cáilíocht an ghairmoideachais agus na foghlama aosaí a fheabhsú, trí bheartais ghníomhacha spriocdhírithe i ndáil le margadh an tsaothair a sholáthar, agus tríd an gcóras cuimsiúcháin agus faireacháin a neartú i gcás grúpaí leochaileacha. Baineann na hathchóirithe sin le moltaí tírshonracha 2019 agus 2020 maidir le bearta agus institiúidí mhargadh an tsaothair a neartú, an comhar le seirbhísí sóisialta a fheabhsú, agus leordhóthanacht na sochar dífhostaíochta agus na sochar ráthaithe íosta a fheabhsú. I réimse na hathléimneachta sóisialta, cuimsítear athchóiriú ar an gcóras pinsin sa phlean chun leordhóthanacht na bpinsean a mhéadú, mar aon le hathchóirithe cuimsitheacha ar an gcóras leasa shóisialta arb é is aidhm dóibh baol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta do ghrúpaí leochaileacha a laghdú trí shochair shóisialta a chomhtháthú agus trí cháilíocht, rochtain agus infhaighteacht na seirbhísí sóisialta pobalbhunaithe dí‑institiúidithe a fheabhsú, go háirithe cúram fadtéarmach. Baineann na hathchóirithe leasa shóisialta sin le moladh tírshonrach 2019 maidir le sochair shóisialta a chomhdhlúthú agus an tionchar atá acu ar laghdú na bochtaineachta a fheabhsú, le moladh tírshonrach 2020 maidir le feabhas a chur ar leordhóthanacht na sochar dífhostaíochta agus na sochar ráthaithe íosta, agus le moladh tírshonrach 2024 maidir le ganntanais saothair agus scileanna a laghdú trí rochtain ar chúram fadtéarmach foirmiúil a éascú sa bhaile agus sa phobal. Tá bearta iomadúla sa phlean freisin lena gcosnaítear leanaí atá i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta faoi chuimsiú na Ráthaíochta Eorpaí do Leanaí. Ina theannta sin, cuimsítear bearta sa phlean chun feidhmíocht agus iomaíochas an taighde phoiblí, na forbartha poiblí agus na nuálaíochta poiblí a fheabhsú a thuilleadh trí ilroinnt institiúidí taighde poiblí agus institiúidí ardoideachais a laghdú, sin agus deontais a chur ar fáil do thionscadail taighde faoi chreat cláir nua, i gcomhréir le moltaí tírshonracha 2019 maidir le beartas eacnamaíoch a bhaineann le hinfheistíocht a dhíriú ar thaighde agus ar nuálaíocht agus maidir le feabhas a chur ar inniúlachtaí na n‑údarás náisiúnta tionscadail agus beartais phoiblí a dhearadh, le moladh tírshonrach 2020 maidir le héifeachtúlacht agus inniúlacht an riaracháin phoiblí a mhéadú i dtaobh tionscadail phoiblí a dhearadh agus a chur chun feidhme, agus le moltaí tírshonracha 2024 maidir le leanúint de chur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta agus maidir le hiomaíochas a fheabhsú trí aghaidh a thabhairt ar ilroinnt mhór na n‑institiúidí taighde poiblí. Ina theannta sin, cuimsítear athchóirithe sa phlean chun feabhas a chur ar fheidhmiú an riaracháin phoiblí trí fheabhas a chur ar inniúlachtaí na seirbhíseach poiblí, i gcomhréir le moladh tírshonrach 2020 maidir le héifeachtúlacht agus inniúlacht an riaracháin phoiblí a mhéadú i dtaobh tionscadail phoiblí a dhearadh agus a chur chun feidhme, le moltaí tírshonracha 2022 agus 2024 maidir le leanúint de chur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta, agus le moladh tírshonrach 2024 maidir le ganntanais scileanna a laghdú. Thairis sin, sa phlean cuimsítear bearta den phlean téarnaimh agus athléimneachta faoi athchóiriú comhpháirteanna foirgneamh, lena ndírítear ar fhorbairt scileanna le haghaidh athchóiriú fuinnimh agus atógáil tar éis crith talún agus lena dtugtar isteach cláir foghlama aosaí nua um fhoirgníocht d’oibrithe neamh‑AE, rud a bhaineann leis na moltaí tírshonracha maidir le sealbhú scileanna le haghaidh an aistrithe ghlais a chur chun cinn, ionsú éifeachtach cistí a áirithiú agus leanúint de chur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta.
Maidir le tosaíocht choiteann na slándála fuinnimh, cuimsítear príomhinfheistíochtaí sa phlean a bhaineann leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta arb é is aidhm dóibh líonraí leictreachais a uasghrádú, acmhainneacht athghásaithe gáis nádúrtha leachtaithe a mhéadú, agus bonneagar iompair gáis trasteorann a leathnú. Ina theannta sin, ionchorpraítear bearta ann lena dtacaítear le glacadh foinsí fuinnimh in‑athnuaite, le hathchóiriú fuinnimh ar fhoirgnimh, le héifeachtúlacht fuinnimh sa tionsclaíocht, agus le hiompar inbhuanaithe astaíochtaí nialasacha, agus aghaidh á tabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh san am céanna. Baineann na bearta sin leis na moltaí tírshonracha seo a leanas: moltaí tírshonracha 2019 maidir le beartas infheistíochta a dhíriú ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite agus ar bhonneagar comhshaoil, moladh tírshonrach 2020 maidir le hinfheistíocht a dhíriú ar aistrithe glasa agus aistrithe digiteacha, go háirithe a mhéid a bhaineann le bonneagar comhshaoil agus le táirgeadh agus úsáid fuinnimh atá glan agus éifeachtúil, moltaí tírshonracha 2022 maidir le hallmhairí breoslaí iontaise a éagsúlú agus spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus maidir le dlús a chur le húsáid foinsí fuinnimh in‑athnuaite, moltaí tírshonracha 2022, 2023 agus 2024 maidir le leanúint de chur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta, agus moladh tírshonrach 2023 maidir leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí dhlús a chur le húsáid fuinnimh in‑athnuaite.
Maidir le tosaíocht choiteann na gcumas cosanta, ní chuimsítear mionsonraí sa phlean faoi na hinfheistíochtaí ná na hathchóirithe lena dtugtar aghaidh ar an tosaíocht choiteann sin.
Ina theannta sin, cuimsítear bearta beartais eile sa phlean a théann níos faide ná tosaíochtaí coiteanna an Aontais, lena n‑áirítear bearta chun bainistiú sócmhainní stáit a fheabhsú trí líon na bhfiontar faoi úinéireacht stáit a laghdú, trí rialachas na bhfiontar sin a fheabhsú, lena n‑áirítear trí chaighdeáin náisiúnta a ailíniú le dea-chleachtais idirnáisiúnta, agus trí inniúlacht daoine a neartú chun faireachán a dhéanamh ar rialachas corparáideach i bhfiontair faoi úinéireacht stáit. Baineann na bearta sin le moladh tírshonrach 2019 chun rialachas corparáideach na bhfiontar faoi úinéireacht stáit a fheabhsú agus chun dlús a chur le díol na bhfiontar faoi úinéireacht stáit agus na sócmhainní neamhghníomhacha. Ina theannta sin, sa phlean cuimsítear léirscaoileadh na margaí seirbhísí, faoiseamh don ualach riaracháin agus fioscach, agus neartú na tacaíochta d’fhás gnólachtaí nuathionscanta. Baineann na bearta sin le moladh tírshonrach 2019 maidir le rialáil iomarcach ar mhargadh na dtáirgí agus na seirbhísí agus maidir leis na muirir pharaifhioscacha is troime a laghdú; agus le moltaí tírshonracha 2020 maidir le muirir pharaifhioscacha agus srianta rialála ar mhargaí na n‑earraí agus na seirbhísí a laghdú a thuilleadh agus maidir le hinfheistíocht phríobháideach a chur chun cinn d’fhonn téarnamh eacnamaíoch a chothú. Cuimsítear bearta sa phlean freisin amhail iasachtaí agus fóirdheontais ráta úis a thabhairt do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, tacú le tionscadail i bhfiontair mheánchaipitlithe agus i bhfiontair mhóra, agus infheistíocht a dhéanamh in ionstraimí cothromais agus cuasachothromais, bearta a bhaineann le moladh tírshonrach 2020 maidir le bearta chun leachtacht a sholáthar d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide a choinneáil ar bun agus le moladh tírshonrach 2024 maidir le dlús a chur le hinfheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó chistí an Aontais. Cuimsítear bearta chun feidhmiú níos éifeachtúla na margaí caipitil a chothú freisin, i gcomhréir le moladh tírshonrach 2024 maidir le rochtain ar fhoinsí éagsúla cistiúcháin a mhéadú agus margaí caipitil a chur chun cinn, agus le moltaí eile níos túisce ná é. San áireamh sa phlean freisin tá bearta den phlean téarnaimh agus athléimneachta i ndáil le calafoirt a nuachóiriú agus feithiclí agus bonneagar atá go hiomlán uathrialaitheach agus leictreach a oiriúnú do riachtanais paisinéirí faoi mhíchumas, ar bearta eile iad lena dtugtar aghaidh ar mholadh tírshonrach 2020 maidir le rochtain ar bhonneagar digiteach agus ar sheirbhísí digiteacha a mhéadú. Thairis sin, san áireamh sa phlean tá bearta den phlean téarnaimh agus athléimneachta i ndáil le hathchóiriú fuinnimh ar fhoirgnimh a bhfuil stádas maoine cultúir acu, comhtháthú sonraí seismeacha i mbunachair sonraí saineolaithe um pleananna spásúla, agus glacadh treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm samhla le haghaidh faireachán a dhéanamh ar thomhaltas fuinnimh i bhfoirgnimh ilteaghaisí, lena dtugtar aghaidh, inter alia, ar mholadh tírshonrach 2020 maidir le rochtain ar bhonneagar digiteach agus ar sheirbhísí digiteacha a mhéadú. Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag an bplean athléimneacht an chórais sláinte a neartú trí rochtain ar sheirbhísí a leathnú trí bhíthin samhlacha nuálacha, infheistíocht i dtrealamh agus bonneagar atá ar thús cadhnaíochta, agus digitiú na conaire leighis, agus cáilíocht an chúraim á feabhsú san am céanna trí bhíthin treoirlínte cliniciúla comhchuibhithe agus sainoiliúintí. Is é is aidhm do na hiarrachtaí sin aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin sláinte, amhail oinceolaíocht agus liostaí feithimh, agus feabhas á chur san am céanna ar bhainistiú dramhaíola agus acmhainní laistigh de shaoráidí sláinte, agus ar an gcaoi sin tacú le moltaí tírshonracha 2020 maidir le feabhas a chur ar athléimneacht an chórais sláinte agus maidir le dáileadh cothrom cúraim sláinte agus an r-shláinte a chur chun cinn, agus le moladh tírshonrach 2021 maidir le hathchóirithe fioscacha ar mhaithe le cúram sláinte inbhuanaithe. Na gnéithe a bhaineann le hoiliúint, tá siad nasctha le moladh tírshonrach 2020 maidir le sealbhú scileanna a chur chun cinn freisin. Lasmuigh den phlean téarnaimh agus athléimneachta, tá bearta á gcur chun feidhme ag an gCróit lena n‑áirítear forbairt na r-shláinte, cúram maolaitheach, agus measúnú ar theicneolaíocht sláinte, chomh maith le stíleanna maireachtála sláintiúla agus cosc galar a chur chun cinn.
Cuirtear faisnéis ar fáil sa phlean maidir leis an gcomhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, an chomhlántacht, le cistí an bheartais comhtháthaithe agus le plean téarnaimh agus athléimneachta na Cróite. Na hinfheistíochtaí faoin mbeartas comhtháthaithe atá dírithe ar acmhainneachtaí taighde agus nuálaíochta a neartú, tá siad comhlántach le hinfheistíochtaí agus athchóirithe faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar fheidhmíocht earnáil an taighde phoiblí agus ar aschur nuálaíochta fiontar. Na hinfheistíochtaí i saoráidí oideachais lena gcumhdaítear gach leibhéal oideachais, tá siad ag comhlánú infheistíochtaí a bhaineann leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus ag rannchuidiú le rochtain ar oideachas agus cúram luath‑óige agus ar ardoideachas a leathnú agus le cáilíocht an bhunoideachais a fheabhsú.
Tugtar forléargas sa phlean ar riachtanais infheistíochta poiblí na Cróite a bhaineann le tosaíochtaí coiteanna an Aontais, cé is moite den 4ú tosaíocht a bhaineann le méadú na gcumas cosanta. Is é is aidhm don phlean rannchuidiú lena bheith ag freastal ar riachtanais infheistíochta poiblí na Cróite, ar riachtanais iad a bhaineann le tosaíochtaí coiteanna an Aontais. Maidir leis an gcéad tosaíocht choiteann a bhaineann leis an aistriú cóir, glas agus digiteach, lena n‑áirítear comhlíonadh an Dlí Aeráide Eorpaigh, tugtar tuairisc sa phlean ar na riachtanais infheistíochta le haghaidh 79 mbeart. Baineann na bearta, i measc nithe eile, le hinfheistíocht ghlas agus infheistíocht hidrigine, éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh glan a chur chun cinn, infheistíochtaí in iompar uirbeach agus iarnróid atá inbhuanaithe, an córas riaracháin phoiblí agus an córas ceartais a dhigitiú, agus tacaíocht a thabhairt don taighde agus don fhorbairt agus iad a chur chun cinn. I gcás na tosaíochta atá nasctha leis an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, lena n‑áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, tugtar tuairisc sa phlean ar na riachtanais infheistíochta le haghaidh 24 bheart. Baineann na riachtanais sin, i measc nithe eile, le bearta lena bhfeabhsaítear an rochtain ar thithíocht inacmhainne, cláir foghlama aosaí, dearbháin le haghaidh athscilithe agus uas‑scilithe, beartais ghníomhacha i ndáil le margadh an tsaothair, meánscoileanna, bunscoileanna agus saoráidí oideachais agus cúraim luath‑óige a thógáil agus a uasghrádú, lena n‑áirítear chun an t‑aistriú chuig aon seal amháin i mbunscoileanna a chur i gcrích, agus bearta athbheochana déimeagrafaí chun tacú le teaghlaigh a bhfuil leanaí acu agus chun an dídhaonrú a chosc. Maidir leis an tosaíocht atá nasctha le slándáil fuinnimh, tugtar tuairisc sa phlean ar na riachtanais infheistíochta le haghaidh 15 bheart a bhaineann, i measc nithe eile, le héifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú trí athchóiriú foirgneamh, le fuinneamh glan a chur chun cinn trí acmhainneacht táirgeachta hidrigine agus stáisiúin luchtaithe a fhorbairt, agus leis an eangach tarchurtha leictreachais a uasghrádú.
Conclúid mheasúnú an Choimisiúin
Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíonann plean na Cróite ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.
CONCLÚID FHORIOMLÁN
I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais mar a leagtar amach sa phlean í a mholadh don Chróit.
AG MOLADH LEIS SEO go ndéanfadh an Chróit
A áirithiú nach sáróidh an fás glanchaiteachais na huasmhéideanna a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo.
Thairis sin, iarrann an Chomhairle ar an gCróit a áirithiú go dtabharfar i gcrích athchóirithe agus infheistíochtaí a chomhfhreagraíonn do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha, agus go dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais.
IARSCRÍBHINN I
Uasrátaí fáis an ghlanchaiteachais
(rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)
an Chróit
|
Blianta |
2025 |
2026 |
2027 |
2028 |
|
|
Rátaí fáis (%) |
Bliantúil |
6,4 |
4,9 |
4,1 |
3,7 |
|
Carnach (*) |
26,2 |
32,3 |
37,8 |
42,9 |
|
(*) Ríomhtar na rátaí fáis carnacha trí tagairt don bhonnbhliain 2023.