AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,19.6.2024
COM(2024) 598 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN
An Bheilg, an tSeicia, an Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Fhionlainn
Tuarascáil arna hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 126(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN
An Bheilg, an tSeicia, an Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Fhionlainn
Tuarascáil arna hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 126(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
1.Réamhrá
Le hAirteagal 126 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh leagtar síos an nós imeachta um easnamh iomarcach. Leagtar amach an nós imeachta sin a thuilleadh i Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach, agus soiléiriú a dhéanamh air, ar cuid é den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.
I gcomhréir le hAirteagal 126(3) CFAE, déantar measúnú sa tuarascáil seo ar staid fhioscach roinnt Ballstát i leith an chritéir easnaimh. Cuidíonn formáid na Tuarascála ‘Omnibus’ sin le hinchomparáideacht na gcásanna éagsúla, agus déantar cás gach Ballstáit a mheas ar a fhiúntas féin.
Tháinig Rialachán (AE) 2024/1264 lena leasaítear Rialachán (CE) 1467/97 i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Tá an Rialachán leasaitheach sin ina chuid de phacáiste i dteannta Rialachán (AE) 2024/1263 agus Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle. I dteannta a chéile, leis na trí ghníomh sin déantar athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais. Is iad cuspóirí an chreata athchóirithe inbhuanaitheacht an fhiachais náisiúnta agus fás inbhuanaithe cuimsitheach trí athchóirithe agus infheistíochtaí. Leis an gcreat freisin cuirtear úinéireacht náisiúnta chun cinn, agus dírítear níos mó ar an meántéarma, mar aon le forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí.
Leis an leasú reachtach ar Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, níor athraíodh ó bhonn an measúnú ar chomhlíonadh an chritéir easnaimh. Ar bhealaí éagsúla, rinneadh an measúnú ar chomhlíonadh an chritéir fiachais a mhodhnú go substaintiúil (féach thíos).
An tuarascáil seo, arb í an chéad tuarascáil í faoi Airteagal 126(3) CFAE tar éis an clásal éalaithe ginearálta a dhíghníomhachtú ag deireadh 2023, tá sí i gcomhréir le rialacha an chreata athchóirithe.
Na critéir easnaimh agus fiachais
Comhlíontar an critéar easnaimh mura sáraíonn an t‑easnamh rialtais ghinearálta le haghaidh na bliana roimhe sin (2023) agus an t‑easnamh atá beartaithe don bhliain reatha (2024) 3 % de OTI. Má sháraíonn ceachtar acu é sin, scrúdaíonn an Coimisiún an bhfuil laghdú mór agus leanúnach tagtha ar an gcóimheas easnaimh agus an dtagann sé gar don luach tagartha. Scrúdaíonn sé freisin an bhfuil an t‑easnamh atá de bhreis ar an luach tagartha eisceachtúil agus sealadach agus an bhfuil sé fós gar don luach tagartha (roinn 2). Déanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle tosca ábhartha a chur san áireamh sna céimeanna as a n‑eascraíonn an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann, i gcás i) nach sáraíonn an t‑ollfhiachas rialtais 60 % de OTI nó ii) go sáraíonn an fiachas 60 % de OTI, ach go bhfuil an t‑easnamh gar do 3 % de OTI agus go bhfuil an barrachas os a chionn sealadach (roinn 4).
De réir an Chonartha, comhlíontar an critéar fiachais mura sáraíonn an t‑ollfhiachas rialtais 60 % de OTI, ach amháin sa chás ina bhfuil an cóimheas ag laghdú go leordhóthanach agus go bhfuil sé ag teacht i ngiorracht don luach tagartha ar luas sásúil. De réir Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 (arna leasú), measfar go bhfuil an cóimheas idir fiachas agus OTI ag laghdú go leordhóthanach agus go bhfuil sé ag teacht i ngiorracht don luach tagartha ar luas sásúil má urramaíonn an Ballstát lena mbaineann a chonair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle faoi Rialachán (AE) 2024/1263. Ós rud é nach bhfuil conair ghlanchaiteachais socraithe ag an gComhairle do na Ballstáit go fóill, , ní féidir measúnú iomlán a dhéanamh ar an gcritéar fiachais ag an gcéim seo i gcomhréir le critéir an chreata nua.
Na príomhshonraí is bun agus is údar spreagtha leis an tuarascáil seo
Sa mheasúnú ar an gcritéar easnaimh, cuireann an Coimisiún cóimheas easnaimh iarbhír 2023 san áireamh bunaithe ar shonraí olltoraidh ar tugadh fógra ina leith ó Eurostat. Tá an cóimheas easnaimh atá beartaithe in 2024 bunaithe ar phleananna rialtais a tuairiscíodh do Eurostat i gcomhthéacs fhógra fioscach an earraigh 2024. Thairis sin, cuirtear Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún san áireamh freisin sa mheasúnú ar chomhlíonadh an chritéir easnaimh. Cuirtear an t‑easnamh rialtais i gcomparáid le caiteachas infheistíochta poiblí sa tuarascáil seo freisin agus cuirtear gach toisc ábhartha eile san áireamh inti, i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97.
Déantar measúnú sa tuarascáil seo ar chomhlíonadh an chritéir easnaimh i 12 Bhallstát: an Bheilg, an tSeicia, an Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Fhionlainn. Go sonrach (féach freisin Tábla 1):
-De réir na sonraí arna bhfoilsiú ag Eurostat an 22 Aibreán 2024, sháraigh an t‑easnamh rialtais ghinearálta in 2023 3 % de OTI i 10 mBallstát: an Bheilg, an tSeicia, an Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, Málta, an Pholainnagus an tSlóvaic. Leis na heasnaimh iarbhír le haghaidh 2023 os cionn 3 % de OTI, soláthraítear fianaise prima facie ar easnaimh iomarcacha i ngach ceann de na Ballstáit sin.
-Ina theannta sin, de réir fhógra fioscach an earraigh 2024, tá sé beartaithe ag an bhFionlainn agus ag an tSlóivéin go sáróidh a n‑easnaimh rialtais 3 % de OTI in 2024. Is fianaise prima facie ar easnaimh iomarcacha sa dá Bhallstát sin na heasnaimh sin atá beartaithe le haghaidh 2024. Ní dhéanann Eurostat easnaimh atá beartaithe a bhailíochtú agus tá éiginnteacht ag baint leo.
Mar a léiríodh thuas, ní féidir measúnú iomlán a dhéanamh ar an gcritéar fiachais ag an gcéim seo i gcomhréir le critéir an chreata nua. Sháraigh an cóimheas idir ollfhiachas rialtais agus OTI ag deireadh 2023 an luach tagartha 60 % i 13 Bhallstát: an Bheilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Ungáir, an Ostair, an Phortaingéil, an tSlóivéin agus an Fhionlainn (féach Tábla 3).
Comhthéacs eacnamaíoch na moltaí a rinneadh le déanaí maidir leis an mbeartas fioscach
Le linn na céime is géire den phaindéim, tháinig crapadh nach beag ar ghníomhaíocht eacnamaíoch san Aontas in 2020 (crapadh 5,6 %) ós rud é go ndearna bearta imshrianta difear mór don saol laethúil agus cuireadh srian breise ar ghníomhaíocht ghnó mar gheall ar scrogaill soláthair. Rinne geilleagar an Aontais téarnamh láidir le linn leathadh amach tapa vacsaíní, séasúr láidir turasóireachta samhraidh agus oiriúnú níos fearr do bhearta sláinte nach raibh chomh dian sin in 2021. Mar sin féin, tháinig méadú ar ghanntanais ábhar mar gheall ar an méadú sioncrónach domhanda ar ghníomhaíocht eacnamaíoch agus tháinig méadú ar phraghsanna fuinnimh cheana in 2021. Mhéadaigh na dúshláin roimh an bhfás a thuilleadh ansin nuair a thosaigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, rud a d’fhág go raibh borradh breise faoi phraghsanna fuinnimh chomh maith le méadú ar éiginnteacht. D’fhan geilleagar an Aontais athléimneach agus tháinig moilliú ar fhíorfhás OTI go 3,5 % in 2022 ó 6,0 % in 2021.
Le linn na tréimhse céanna, bhí forbairt ag teacht ar mholtaí maidir leis an mbeartas fioscach mar a ghlac an Chomhairle iad chun freagairt don chomhthéacs eacnamaíoch a bhí ag athrú. Mar gheall ar ghníomhaíocht beartais chomhordaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, maolaíodh an tionchar a bhí ag paindéim COVID-19 ar gheilleagair na mBallstát agus réitíodh an bealach chun téarnamh láidir a bhaint amach tar éis na paindéime in 2021 agus 2022. Bhí ról cinntitheach ag NextGenerationEU agus ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, arb í an mhír lárnach de, maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn, tacú le meon eacnamaíoch agus infheistíocht phríobháideach agus phoiblí a choinneáil ar bun. D’éirigh le geilleagar na hEorpa srian a chur leis an drochthionchar a bhí ag cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, agus an ghéarchéim fuinnimh á sárú aige a bhuí le héagsúlú tapa an tsoláthair agus laghdú suntasach ar thomhaltas gáis. Tríd an bplean REPowerEU, tá gealltanas tugtha ag na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí criticiúla a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh trí sholáthairtí fuinnimh a éagsúlú agus trí dhlús a chur le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite. In 2023, tháinig moill ar ghníomhaíocht eacnamaíoch san Aontas, agus an fás á choinneáil siar mar gheall ar ardchostas maireachtála, géarú airgeadaíochta, aistarraingt pháirteach na tacaíochta fioscaí agus laghdú ar an éileamh seachtrach. Le fás a bhí níos fearr ná mar a bhí coinne leis ag tús 2024 agus leis an laghdú leanúnach ar bhoilsciú, réitíodh an bealach chun gníomhaíocht a fhorleathnú de réir a chéile thar an tréimhse réamhaisnéise. Bunaithe ar réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar fíorfhás OTI san Aontas ag 1,0 % in 2024 agus go dtiocfaidh feabhas air go 1,6 % in 2025, fás arna spreagadh den chuid is mó ag an tomhaltas príobháideach mar gheall ar ghnóthachain fíorphá agus fostaíochta.
I bhfianaise dhíghníomhachtú an chlásail éalaithe ghinearálta ag deireadh 2023, bhí sé ina shaintréith den treoraíocht fhioscach a thug an Chomhairle le haghaidh 2024 gur cuireadh tús an athuair le moltaí tírshonracha difreáilte arna bhfoirmliú i dtéarmaí cainníochtúla. An 14 Iúil 2023, mhol an Chomhairle do na Ballstáit, nár réamh-mheasadh go mbeidh a gcuspóir buiséadach meántéarmach bainte amach acu, an glanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta in 2024 a theorannú do rátaí fáis difreáilte lena n‑áiritheofaí beartas fioscach stuama. Na Ballstáit a réamh-mheasadh go mbeidh a gcuspóir buiséadach meántéarmach bainte amach acu, moladh dóibh staid fhioscach fhónta a choinneáil ar bun in 2024, ach an méid sin gan teorainn chainníochtúil den sórt sin. Moladh do na Ballstáit uile clabhsúr a chur lena mbearta tacaíochta fuinnimh a luaithe is féidir in 2023 agus 2024 agus, mura mbeidh a gcuspóir buiséadach meántéarmach bainte amach acu, an coigilteas gaolmhar a úsáid chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Mhol an Chomhairle freisin gur cheart do na Ballstáit uile an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú agus ionsú éifeachtach cistí de chuid na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) agus cistí eile ón Aontas a áirithiú, go háirithe chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a chothú. I gcás na mBallstát sa limistéar euro, rinne an Coimisiún measúnú, agus chuir sé tuairimí ar fáil, maidir le dréachtphleananna buiséadacha na mBallstát i bhfianaise na Moltaí sin ón gComhairle.
In 2023, d’fhógair an Coimisiún roinnt uaireanta
go molfadh sé don Chomhairle tús a chur leis na nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh san earrach 2024, agus d’iarr sé ar na Ballstáit é sin a chur san áireamh agus a mbuiséid le haghaidh 2023 á bhforghníomhú acu agus a mbeartais fhioscacha á gcur i gcrích acu in 2024.
An 12 Aibreán 2024, sa Mholadh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, éilítear go ndéanfaidh Ballstáit an limistéir euro beartais fhioscacha chomhordaithe agus stuama a ghlacadh chun fiachas a choimeád ar leibhéal stuama nó chun cóimheasa fiachais a chur ar chonair inchreidte anuas – agus iad fós sofhreagrúil i bhfianaise na héiginnteachta atá ann faoi láthair – as a dtiocfaidh seasamh fioscach sriantach foriomlán sa limistéar euro. Moltar do na Ballstáit freisin bearta tacaíochta éigeandála a bhaineann le fuinneamh a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2024 agus an coigilteas gaolmhar a úsáid chun easnaimh a laghdú.
|
Tábla 1: Staid fhioscach na mBallstát i leith na luachanna tagartha easnaimh agus fiachais
|
|
|
Easnamh iarbhír
nach mó ná () / is mó ná ()
3 % de OTI in 2023
|
An t‑easnamh atá beartaithe
nach mó ná () /
/ is mó ná ()
3 % de OTI in 2024
|
Cóimheas fiachais
nach mó ná () / is mó ná () 60 % de OTI i ndeireadh 2023
|
|
an Bheilg
|
|
|
|
|
an tSeicia
|
|
|
|
|
an Eastóin
|
|
|
|
|
an Spáinn
|
|
|
|
|
an Fhrainc
|
|
|
|
|
an Iodáil
|
|
|
|
|
an Ungáir
|
|
|
|
|
Málta
|
|
|
|
|
an Pholainn
|
|
|
|
|
an tSlóivéin
|
|
|
|
|
an tSlóvaic
|
|
|
|
|
an Fhionlainn
|
|
|
|
|
Ballstáit nár áiríodh sa tuarascáil seo
|
|
|
an Bhulgáir
|
|
|
|
|
an Danmhairg
|
|
|
|
|
an Ghearmáin
|
|
|
|
|
Éire
|
|
|
|
|
an Ghréig
|
|
|
|
|
an Chróit
|
|
|
|
|
an Chipir
|
|
|
|
|
an Laitvia
|
|
|
|
|
an Liotuáin
|
|
|
|
|
Lucsamburg
|
|
|
|
|
an Ísiltír
|
|
|
|
|
an Ostair
|
|
|
|
|
an Phortaingéil
|
|
|
|
|
an Rómáin (*)
|
|
|
|
|
an tSualainn
|
|
|
|
|
Foinse: Eurostat (preaseisiúint an 22 Aibreán 2024 agus fógra fioscach an earraigh 2024) (*) Sa nós imeachta um easnamh iomarcach ó bhí 2020 ann.
|
|
|
2.Comhardú rialtais ghinearálta
Sháraighan Bheilg, an tSeicia, an Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, Málta, an Pholainnagus an tSlóvaic an luach tagartha easnaimh in 2023. Ina measc siúd, tá sé beartaithe ag an mBeilg, ag an bhFrainc, ag an Iodáil, ag an Ungáir, ag Málta, ag an bPolainn agus ag an tSlóvaic freisin go mbeidh a n‑easnaimh le haghaidh 2024 os cionn 3 % de OTI.
Bhí easnaimh rialtais faoi bhun an luacha tagartha in 2023 ag an tSlóivéin agus ag an bhFionlainn , ach tá na heasnaimh atá beartaithe acu le haghaidh 2024 os cionn 3 % de OTI.
Sna Ballstáit uile ar mhó a n‑easnaimh ná 3 % de OTI in 2023, seachas an Eastóin, bhí na heasnaimh rialtais os cionn an luacha tagartha agus ní raibh siad gar dó (féach Tábla 2). Maidir leis an Eastóin, bhí an t‑easnamh os cionn an luacha tagartha ach gar dó.
Maidir leis an bhFionlainn, bhí an t‑easnamh atá beartaithe le haghaidh 2024 os cionn 3 % de OTI agus gar dó. Maidir leis an tSlóivéin, bhí an t‑easnamh atá beartaithe le haghaidh 2024 ag 3,6 % de OTI, ach réamh-mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún go mbeidh an t‑easnamh ag 2,8 % de OTI agus, dá bhrí sin, faoi bhun an luacha tagartha 3 %. Dá bhrí sin, ní dheimhnítear an sárú atá beartaithe ar an luach tagartha in 2024 de réir bhrí Airteagal 126(3) CFAE i gcás na Slóivéine.
De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar go leanfaidh easnaimh rialtais sa Bheilg, san Eastóin, sa Fhrainc, san Iodáil, san Ungáir, i Málta, sa Pholainn agus sa tSlóvaic de bheith os cionn 3 % de OTI in 2024 agus in 2025 araon. Dá bhrí sin, meastar nach easnaimh shealadacha iad na heasnaimh a sháraíonn an luach tagartha maidir leis na Ballstáit sin. De mhalairt air sin, faoi láthair réamh-mheastar nach sáróidh na heasnaimh rialtais sa tSeicia, sa Spáinn agus sa tSlóivéin an luach tagartha in 2024 agus 2025, agus meastar gur easnaimh shealadacha a bheidh sna heasnaimh iomarcacha. Maidir leis an bhFionlainn, meastar go mbeidh an t‑easnamh rialtais os cionn an luacha tagartha in 2024 agus nach mbeidh sé os a chionn in 2025; dá bhrí sin, meastar gur easnamh sealadach a bheidh san easnamh iomarcach.
Rinneadh clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a dhíghníomhachtú ag deireadh 2023, mar a d’fhógair an Coimisiún roinnt uaireanta. Lean an clásal éalaithe ginearálta de bheith gníomhachtaithe le linn 2023, bunaithe ar mheasúnú ex ante an Choimisiúin ar na himthosca eacnamaíocha san Earrach 2022.
Go sonrach, fuarthas amach go raibh gá le gníomhachtú in 2023 mar gheall ar éiginnteacht mhéadaithe agus rioscaí láidre ar an taobh thíos don ionchas eacnamaíoch i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, méaduithe ar phraghsanna fuinnimh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus suaití leanúnacha sa slabhra soláthair. Tháinig geilleagar an Aontais slán as na suaití leanúnacha ar bhealach níos fearr ná mar a bhí coinne leis ar dtús a bhuí leis an bhfreagairt láidir chomhordaithe beartais as ar eascair éagsúlú tapa foinsí fuinnimh, chomh maith le margadh saothair athléimneach. Ina theannta sin, níor tháinig roinnt de na rioscaí ar an taobh thíos chun cinn. Mar thoradh air sin, in 2023, cuireadh deireadh de réir a chéile leis na bearta a glacadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta na bpraghsanna fuinnimh a mhaolú i bhformhór na mBallstát, mar a mhol an Chomhairle. Thairis sin, ní raibh costais na mbeart sealadach a bhain le paindéim COVID-19 ábhartha a thuilleadh ó thaobh na maicreacnamaíochta de. Bunaithe ar na breithnithe sin, ní féidir easnaimh de bhreis ar an luach tagartha in 2023 a cháiliú go ginearálta mar easnaimh de bharr imthosca eacnamaíochta eisceachtúla.
I gcás sonrach na hEastóine, is iad imthosca eacnamaíocha eisceachtúla is cúis go díreach leis an easnamh atá os cionn an luacha tagartha in 2023 agus, dá bhrí sin, meastar gur easnamh eisceachtúil é. Tháinig crapadh 0,5 % ar an ngeilleagar in 2022 agus crapadh 3,0 % eile air in 2023. Ar bhonn Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar go gcrapfaidh sé 0,5 % in 2024, rud a fhágfaidh go mbeidh cúlú eacnamaíoch 3 bliana ann.
Mar achoimre, tugann an anailís seo le fios nach bhfuil an critéar easnaimh á chomhlíonadh ag 12 Bhallstát sula mbreithnítear na tosca ábhartha: an Bheilg, an tSeicia, an Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Fhionlainn.
|
|
Tábla 2: Comhardú rialtais ghinearálta
|
|
|
Céatadán de OTI
|
|
|
2020
|
2021
|
2022
|
2023
|
Fógra fioscach 2024
|
2024
|
2025
|
|
an Bheilg
|
-9.0
|
-5.4
|
-3.6
|
-4.4
|
-4.4
|
-4.4
|
-4.7
|
|
an tSeicia
|
-5.8
|
-5.1
|
-3.2
|
-3.7
|
-2.3
|
-2.4
|
-1.9
|
|
an Eastóin
|
-5.4
|
-2.5
|
-1.0
|
-3.4
|
-2.9
|
-3.4
|
-4.3
|
|
an Spáinn
|
-10.1
|
-6.7
|
-4.7
|
-3.6
|
-3.0
|
-3.0
|
-2.8
|
|
an Fhrainc
|
-8.9
|
-6.6
|
-4.8
|
-5.5
|
-
|
-5.3
|
-5.0
|
|
an Iodáil
|
-9.4
|
-8.7
|
-8.6
|
-7.4
|
-4.3
|
-4.4
|
-4.7
|
|
an Ungáir
|
-7.6
|
-7.2
|
-6.2
|
-6.7
|
-4.5
|
-5.4
|
-4.5
|
|
Málta
|
-9.4
|
-7.6
|
-5.5
|
-4.9
|
-4.5
|
-4.3
|
-3.9
|
|
an Pholainn
|
-6.9
|
-1.8
|
-3.4
|
-5.1
|
-5.1
|
-5.4
|
-4.6
|
|
an tSlóivéin
|
-7.6
|
-4.6
|
-3.0
|
-2.5
|
-3.6
|
-2.8
|
-2.2
|
|
an tSlóvaic
|
-5.3
|
-5.2
|
-1.7
|
-4.9
|
-6.0
|
-5.9
|
-5.4
|
|
an Fhionlainn
|
-5.6
|
-2.8
|
-0.4
|
-2.7
|
-3.5
|
-3.4
|
-2.8
|
|
Ballstáit nár áiríodh sa tuarascáil seo
|
|
|
|
|
an Bhulgáir
|
-3.8
|
-3.9
|
-2.9
|
-1.9
|
-3.0
|
-2.8
|
-2.9
|
|
an Danmhairg
|
0.3
|
4.1
|
3.3
|
3.1
|
1.5
|
2.4
|
1.4
|
|
an Ghearmáin
|
-4.3
|
-3.6
|
-2.5
|
-2.5
|
-1.8
|
-1.6
|
-1.2
|
|
Éire
|
-5.0
|
-1.5
|
1.7
|
1.7
|
1.5
|
1.3
|
1.2
|
|
an Ghréig
|
-9.8
|
-7.0
|
-2.5
|
-1.6
|
-1.1
|
-1.2
|
-0.8
|
|
an Chróit
|
-7.2
|
-2.5
|
0.1
|
-0.7
|
-1.9
|
-2.6
|
-2.6
|
|
an Chipir
|
-5.7
|
-1.8
|
2.7
|
3.1
|
3.2
|
2.9
|
2.9
|
|
an Laitvia
|
-4.4
|
-7.2
|
-4.6
|
-2.2
|
-2.8
|
-2.8
|
-2.9
|
|
an Liotuáin
|
-6.5
|
-1.1
|
-0.6
|
-0.8
|
-2.9
|
-1.8
|
-2.2
|
|
Lucsamburg
|
-3.4
|
0.5
|
-0.3
|
-1.3
|
-1.2
|
-1.7
|
-1.9
|
|
an Ísiltír
|
-3.7
|
-2.2
|
-0.1
|
-0.3
|
-2.1
|
-2.0
|
-2.1
|
|
an Ostair
|
-8.0
|
-5.8
|
-3.3
|
-2.7
|
-2.9
|
-3.1
|
-2.9
|
|
an Phortaingéil
|
-5.8
|
-2.9
|
-0.3
|
1.2
|
0.2
|
0.4
|
0.5
|
|
an Rómáin (*)
|
-9.3
|
-7.2
|
-6.3
|
-6.6
|
-4.9
|
-6.9
|
-7.0
|
|
an tSualainn
|
-2.8
|
0.0
|
1.2
|
-0.6
|
-1.2
|
-1.4
|
-0.9
|
|
Foinse: Eurostat (sonraí ó 2020 go 2023 agus fógra fioscach 2024) agus Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún (sonraí le haghaidh 2024 agus 2025). (*) Sa nós imeachta um easnamh iomarcach ó bhí 2020 ann.
|
|
|
|
3.Ollfhiachas rialtais
I measc na mBallstát a phléitear sa Tuarascáil seo, ba mhó ná 60 % de OTI agus, dá bhrí sin, an luach tagartha, an t‑ollfhiachas rialtais i 7 mBallstát ag deireadh 2023: an Bheilg, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, an tSlóivéin agus an Fhionlainn (féach Tábla 3).
Thairis sin, maidir leis an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir agus an tSlóivéin, tháinig laghdú ar an gcóimheas idir ollfhiachas rialtais agus OTI in 2023 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin; de mhalairt air sin, bhí an cóimheas in 2023 níos airde ná mar a bhí sé in 2022 le haghaidh na Beilge agus na Fionlainne. I measc na mBallstát lena mbaineann an Tuarascáil seo agus bunaithe an Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú ar an gcóimheas idir fiachas agus OTI in 2024 agus 2025 araon le haghaidh na Seicia, na hEastóine, na Fraince, na hIodáile, Mhálta, na Polainne, na Slóvaice agus na Fionlainne i gcomparáid le 2023. De mhalairt air sin, maidir leis an Spáinn agus an tSlóivéin, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an gcóimheas idir ollfhiachas rialtais agus OTI in 2024 agus go dtiocfaidh laghdú breise air in 2025 i gcomparáid le 2023. Sa Bheilg, réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú beag ar an gcóimheas idir fiachas agus OTI in 2024 i gcomparáid le 2023 agus go dtiocfaidh méadú air ansin in 2025, ach i gcás na hUngáire meastar go dtiocfaidh méadú air ar dtús (in 2024 i gcomparáid le 2023) agus go dtiocfaidh laghdú air ansin in 2025, ach go bhfanfaidh sé níos airde ná mar a bhí sé in 2023.
|
|
Tábla 3: Ollfhiachas rialtais
|
|
|
Céatadán de OTI
|
|
|
2020
|
2021
|
2022
|
2023
|
Fógra fioscach 2024
|
2024
|
2025
|
|
an Bheilg
|
111.9
|
107.9
|
104.3
|
105.2
|
105.2
|
105.0
|
106.6
|
|
an tSeicia
|
37.7
|
42.0
|
44.2
|
44.0
|
45.5
|
45.2
|
45.5
|
|
an Eastóin
|
18.6
|
17.8
|
18.5
|
19.6
|
20.9
|
21.4
|
24.6
|
|
an Spáinn
|
120.3
|
116.8
|
111.6
|
107.7
|
105.6
|
105.5
|
104.8
|
|
an Fhrainc
|
114.9
|
113.0
|
111.9
|
110.6
|
-
|
112.4
|
113.8
|
|
an Iodáil
|
155.0
|
147.1
|
140.5
|
137.3
|
137.8
|
138.6
|
141.7
|
|
an Ungáir
|
79.3
|
76.7
|
74.1
|
73.5
|
73.2
|
74.3
|
73.8
|
|
Málta
|
52.2
|
53.9
|
51.6
|
50.4
|
54.2
|
52.0
|
52.6
|
|
an Pholainn
|
57.2
|
53.6
|
49.2
|
49.6
|
53.6
|
53.7
|
57.7
|
|
an tSlóivéin
|
79.6
|
74.4
|
72.5
|
69.2
|
68.6
|
68.1
|
66.4
|
|
an tSlóvaic
|
58.8
|
61.1
|
57.7
|
56.0
|
58.3
|
58.5
|
59.9
|
|
an Fhionlainn
|
74.7
|
72.6
|
73.5
|
75.8
|
79.1
|
80.5
|
82.4
|
|
Ballstáit nár áiríodh sa tuarascáil seo
|
|
|
|
|
an Bhulgáir
|
24.6
|
23.9
|
22.6
|
23.1
|
25.0
|
24.8
|
24.6
|
|
an Danmhairg
|
42.3
|
36.0
|
29.8
|
29.3
|
29.1
|
26.5
|
25.1
|
|
an Ghearmáin
|
68.8
|
69.0
|
66.1
|
63.6
|
64.0
|
62.9
|
62.2
|
|
Éire
|
58.1
|
54.4
|
44.4
|
43.7
|
41.4
|
42.5
|
41.3
|
|
an Ghréig
|
207.0
|
195.0
|
172.7
|
161.9
|
154.2
|
153.9
|
149.3
|
|
an Chróit
|
86.1
|
77.5
|
67.8
|
63.0
|
58.0
|
59.5
|
59.1
|
|
an Chipir
|
114.9
|
99.3
|
85.6
|
77.3
|
70.6
|
70.6
|
65.4
|
|
an Laitvia
|
42.7
|
44.4
|
41.8
|
43.6
|
41.0
|
44.5
|
46.3
|
|
an Liotuáin
|
46.2
|
43.4
|
38.1
|
38.3
|
39.8
|
38.9
|
41.6
|
|
Lucsamburg
|
24.6
|
24.5
|
24.7
|
25.7
|
27.2
|
27.1
|
28.5
|
|
an Ísiltír
|
54.7
|
51.7
|
50.1
|
46.5
|
46.8
|
47.1
|
48.4
|
|
an Ostair
|
82.9
|
82.5
|
78.4
|
77.8
|
77.5
|
77.7
|
77.8
|
|
an Phortaingéil
|
134.9
|
124.5
|
112.4
|
99.1
|
95.1
|
95.6
|
91.5
|
|
an Rómáin (*)
|
46.7
|
48.5
|
47.5
|
48.8
|
49.0
|
50.9
|
53.9
|
|
an tSualainn
|
40.2
|
36.7
|
33.2
|
31.2
|
31.8
|
32.0
|
31.3
|
|
Foinse: Eurostat (sonraí ó 2020 go 2023) agus Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún (sonraí le haghaidh 2024 agus 2025). (*) Sa nós imeachta um easnamh iomarcach ó bhí 2020 ann.
|
4.Tosca ábhartha agus anailís á déanamh ar chomhlíontacht leis na critéir easnaimh
Le hAirteagal 126(3) den Chonradh déantar foráil, le haghaidh gach Ballstáit, go ndéanfaidh an tuarascáil seo ‘a chur san áireamh freisin cé acu a sháraíonn nó nach sáraíonn an t‑easnamh rialtais caiteachas infheistíochta rialtais maille le gach toisc ábhartha eile lena n‑áirítear riocht eacnamaíoch agus buiséadach meántéarmach an Bhallstáit’.
Déantar na tosca sin a shoiléiriú a thuilleadh in Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 agus tagraíonn siad don mhéid seo a leanas:
a) an riocht fiachais meántéarmach, i.e. méid na ndúshlán fiachais náisiúnta, éabhlóid riocht fiachais an rialtais agus a mhaoiniú, agus na fachtóirí riosca gaolmhara, go háirithe an struchtúr aibíochta, ainmníocht airgeadra an fhiachais agus dliteanais theagmhasacha, lena n‑áirítear aon dliteanas intuigthe a bhaineann le haosú agus le fiachas príobháideach;
b) an riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear, go háirithe, méid an diallta iarbhír ón gconair ghlanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle, i dtéarmaí bliantúla agus carnacha arna dtomhas leis an gcuntas rialúcháin;
c) na forbairtí sa staid mheántéarmach eacnamaíoch, lena n‑áirítear acmhainneacht fáis, forbairtí boilscithe agus forbairtí timthriallacha i gcomparáid le toimhdí bunúsacha na conaire glanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle;
d) cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí lena n‑áirítear, go háirithe, beartais chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a sheachaint agus a cheartú agus beartais chun straitéis chomhchoiteann an Aontais um fhás agus um fhostaíocht a chur chun feidhme lena n‑áirítear na cinn atá á dtacú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus cáilíocht fhoriomlán an airgeadais phoiblí, go háirithe éifeachtacht na gcreataí buiséadacha náisiúnta,
e) an méadú ar infheistíocht an rialtais i réimse na cosanta, i gcás inarb infheidhme, agus am taifeadta an chaiteachais ar threalamh míleata á chur san áireamh freisin.
Ar bhealach níos sonraí, cuireadh an méadú ar infheistíocht rialtais i réimse na cosanta san áireamh i measc na dtosca ábhartha, mar thoradh ar an athchóiriú ar an gceart rialachais eacnamaíoch.
Déantar foráil in Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 freisin gur gá aird chuí a thabhairt ar ‘aon toisc eile atá, i dtuairim an Bhallstáit lena mbaineann, ábhartha chun measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar easnaimh agus fiachais agus ar tosca iad a bhfuil an Ballstát tar éis a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún’ sa tuarascáil seo.
Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(4), measfar gur príomhthoisc ghéaraitheach é dúshláin shubstaintiúla fiachais phoiblí a bheith ann.
A mhéid a bhaineann leis an measúnú ar chomhlíonadh an chritéir easnaimh, déantar foráil le hAirteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 gur féidir leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún na tosca ábhartha a chur san áireamh sna céimeanna as a dtiocfaidh an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann, ach sin sna cásanna seo a leanas amháin:
a)ní sháraíonn an cóimheas idir ollfhiachas rialtais agus OTI luach tagartha 60 %, nó
b)i gcás ina sáraíonn an cóimheas idir ollfhiachas rialtais agus OTI luach tagartha 60 %, comhlíontar coinníoll dúbailte – i.e. go bhfanann an t‑easnamh gar don luach tagartha agus gur farasbarr sealadach an farasbarr os cionn an luacha tagartha.
I measc na mBallstát a mheastar sa tuarascáil seo, ní sháraíonn an cóimheas idir fiachas agus OTI an luach tagartha 60 % de OTI sa tSeicia, san Eastóin, i Málta, sa Pholainn agus sa tSlóvaic. Dá bhrí sin, i gcás na gcúig Bhallstát sin, féadfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún tosca ábhartha a chur san áireamh sna céimeanna ina dhiaidh sin as a dtiocfaidh an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann (míreanna 4, 5 agus 6 d’Airteagal 126 CFAE).
Maidir leis na Ballstáit eile lena mbaineann an tuarascáil, sa Bheilg, sa Spáinn, sa Fhrainc, san Iodáil agus san Ungáir, sáraíonn an cóimheas idir fiachas agus OTI luach tagartha 60 % de OTI agus ní chomhlíontar an coinníoll dúbailte is gá chun tosca ábhartha a chur san áireamh (a ghaire atá sé agus a shealadaí atá sé). Dá bhrí sin, maidir leis na Ballstáit sin ní féidir tosca ábhartha a chur san áireamh sa Chomhairle agus sa Choimisiún maidir leis na céimeanna as a dtiocfaidh an cinneadh faoi easnamh iomarcach a bheith ann (míreanna 4,5 agus 6 d’Airteagal 126 CFAE). Ar an láimh eile, comhlíontar an coinníoll dúbailte maidir leis an tSlóivéin agus an Fhionlainn.
De réir an chleachtais sheanbhunaithe agus i gcomhréir le hAirteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, pléitear na tosca ábhartha anseo thíos fiú maidir leis na Ballstáit nach féidir leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún iad a chur san áireamh sna céimeanna ina dhiaidh sin as a dtiocfaidh an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann ar bhonn an chritéir easnaimh.
4.1.Tosca ábhartha tírshonracha
Bhí ar gheilleagar an Aontais dul i ngleic le sraith suaití móra le blianta beaga anuas. D’eascair suaitheadh domhanda ar thaobh an tsoláthair as géarchéim COVID-19 de réir mar a tháinig méadú bríomhar ar an éileamh le linn an téarnaimh láidir i ndiaidh na paindéime. Chuir cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine leis an mborradh atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh, borradh a thosaigh cheana in 2021, agus bhí éifeachtaí eacnamaíocha éagsúla ar fud na mBallstát ag brath ar a ghaire atá an Ballstát don réigiún atá i mbun cogaidh, ar struchtúr na margaí fuinnimh agus na mbealaí soláthair, chomh maith le struchtúr chaidreamh trádála Ballstáit. Brúdh boilsciú ICPT go rátaí dhá dhigit i mí Dheireadh Fómhair 2022 san Aontas, agus bhí an boilsciú i lár agus in oirthear na hEorpa níos airde. Ba é a bhí mar thoradh air sin meath géar ar chumhacht ceannaigh na dteaghlach agus athrú ar mheon na dtomhaltóirí. Bhí ról ag na tosca sin, sa bhreis ar thacaíocht COVID-19 agus bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála i bhforbairtí buiséadacha na mBallstát, mar shampla, trí shásraí um innéacsú uathoibríocha, caiteachas méadaithe ar shábháilteacht chosantach agus ar shábháilteacht teorann.
Níor tháinig aon bhorradh faoin ngníomhaíocht eacnamaíoch san Aontas in 2023, agus tháinig moilliú ar fhás OTI go 0,4 % in 2023 i bhfianaise éileamh intíre lag agus gan mórán tacaíochta ón timpeallacht sheachtrach. Le déanaí, chuir an choinbhleacht sa Mheánoirthear le rioscaí ar an taobh thíos don Aontas agus don gheilleagar domhanda, agus d’fhéadfadh iarmhairtí a bheith ann don Aontas agus don gheilleagar domhanda. An tráth céanna, tá an boilsciú ag laghdú i gcónaí, ó 9,2 % in 2022 go 6,4 % in 2023. Sa chéad ráithe de 2024, tháinig borradh faoin ngníomhaíocht eacnamaíoch san Aontas de réir mar a tháinig tuilleadh moille ar an mboilsciú.
Tháinig deireadh leis an titim ar easnamh rialtais an Aontais in 2023 de réir mar a lagaigh an ghníomhaíocht eacnamaíoch. Tar éis laghdú suntasach in 2021 agus 2022 ó leibhéil an-ard in 2020, tháinig méadú beag ar easnamh rialtais comhiomlán an Aontais go 3,5 % de OTI in 2023 agus réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú air go 3,0 % de OTI in 2024. Maidir leis na Ballstáit a áirítear sa tuarascáil seo, réamh-mheastar go mbeidh forbairtí easnaimh in 2024 níos éagsúla, ós rud é go dtuartar go dtiocfaidh méadú ar an gcóimheas easnaimh i gcomparáid le 2023 i gcás na Polainne, na Slóivéine, na Slóvaice agus na Fionlainne, go bhfanfaidh sé cobhsaí i gcás na Beilge agus na hEastóine, agus go dtiocfaidh laghdú air sa tSeicia, sa Spáinn, sa Fhrainc, san Iodáil, san Ungáir agus i Málta.
Ag deireadh 2023, bhí an cóimheas idir fiachas náisiúnta agus OTI ag 82,9 % (ó 84,8 % ag deireadh 2022), thart ar 9 bpointe céatadán níos ísle ná an bhuaic 92 % a taifeadadh ag deireadh 2020. Mar sin féin, tá sé fós thart ar 4 phointe céatadán os cionn an leibhéil a bhí ann roimh COVID-19. Réamh-mheastar go mbeidh an cóimheas fiachais cobhsaí in 2024. As measc na mBallstát a áirítear sa tuarascáil seo, níor tháinig laghdú ar an gcóimheas fiachais in 2023 maidir leis an mBeilg, an Eastóin, an Pholainn ná an Fhionlainn.
Tar éis forleathnú foriomlán a measadh a bheith thart ar 3,5 % de OTI le haghaidh 2020-22, tháinig seasamh fioscach an Aontais chun a bheith neodrach in 2023. Bhí an seasamh neodrach sin mar thoradh ar laghdú éigin ar chostas buiséadach na mbeart a bhaineann le fuinneamh, rud a thug le tuiscint rannchuidiú crapthach ó ghlanchaiteachas reatha príomhúil, a fritháiríodh leis an rannchuidiú forleathnaitheach arna soláthar ag infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta, caiteachas a mhaoinítear ag deontais STA agus cistí eile de chuid an Aontais, agus caiteachas caipitiúil eile. Réamh-mheastar go mbeidh staid fhioscach chrapthach ag an Aontas – beagán os cionn 0,5 % de OTI – in 2024, mar gheall, go príomha, ar an laghdú a mheastar a bheidh ann i bhfóirdheontais rialtais d’infheistíocht phríobháideach (caiteachas caipitiúil eile) agus mar gheall ar an deireadh atáthar á chur de réir a chéile, nach mór, le bearta a bhaineann le fuinneamh. Maidir le 2025, is léir ón réamhaisnéis gan athrú beartais go dtuartar staid fhioscach neodrach ag an Aontas. Mar sin féin, d’fhéadfadh staid fhioscach níos sriantaí a bheith ann mar thoradh ar an ngá le heasnaimh bhuiséid a laghdú agus cóimheasa fiachais a chur ar ais ar chonair laghdaitheach in 2025 ná mar a réamh-mheastar faoi láthair.
4.2.Tosca ábhartha tírshonracha
Soláthraítear measúnú ar na tosca ábhartha tírshonracha maidir le gach Ballstát sa roinn seo. Áirítear ar na tosca sin an t‑ionchas maicreacnamaíoch meántéarmach, an riocht buiséadach meántéarmach (lena n‑áirítear an infheistíocht phoiblí; féach Tábla 4), an riocht fiachais meántéarmach, cáilíocht fhoriomlán an airgeadais phoiblí, cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí (lena n‑áirítear beartais chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú agus chun straitéis choiteann an Aontais um fhás agus um fhostaíocht a chur chun feidhme, lena n‑áirítear iad siúd a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta), méadú ar infheistíocht phoiblí i réimse na cosanta, agus aon toisc ábhartha eile arna gcur chun tosaigh ag gach Ballstát.
Maidir leis an méadú ar infheistíocht phoiblí i réimse na cosanta, cuirtear san áireamh sa tuarascáil seo miondealú an chaiteachais phoiblí de réir Aicmiú Fheidhmeanna an Rialtais (COFOG), go háirithe ollfhoirmiú caipitil sheasta a úsáidtear chun críoch cosanta. Is sonraí oifigiúla iad sin a fhoilsíonn Eurostat agus cloíonn siad leis na gnáthnósanna taifeadta mar a úsáidtear freisin iad le haghaidh sonraí EDP ar tugadh fógra ina leith. Mar sin féin, bíonn aga moille ag baint le cur ar fáil shonraí COFOG agus níl siad ar fáil faoi láthair ach go dtí 2022. Sholáthair na Ballstáit faisnéis bhreise agus réamh-mheastacháin ar chaiteachas agus/nó ar infheistíocht i réimse na cosanta le haghaidh 2023 agus 2024 mar a chuirtear i láthair sna ranna tírshonracha.
Cé go dtagraíonn na ranna tírshonracha d’fhaisnéis thábhachtach faoin riocht maicreacnamaíoch meántéarmach ar áireamh sna ranna tírshonracha, lena n‑áirítear faisnéis maidir le rannchuidithe le fás, agus ar na riochtaí meántéarmacha buiséadacha agus fiachais, is féidir tuilleadh sonraí faoin ionchas maicreacnamaíoch agus fioscach a fháil i Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún. Tá tuilleadh faisnéise maidir leis na bearta buiséadacha, an staid fhioscach agus an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais i gcás gach Ballstáit a phléitear ina dhiaidh seo thíos san áireamh sa mholadh ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha, sóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha, agus i dTuarascálacha Tíre 2024.
|
Tábla 4: Infheistíocht phoiblí
|
|
Céatadán de OTI
|
|
|
2020
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
|
an Bheilg
|
2.8
|
2.8
|
2.7
|
2.9
|
3.1
|
2.9
|
|
an tSeicia
|
4.8
|
4.7
|
4.7
|
5.0
|
4.9
|
4.9
|
|
an Eastóin
|
5.7
|
5.6
|
5.1
|
6.3
|
7.0
|
6.9
|
|
an Spáinn
|
2.6
|
2.7
|
2.8
|
3.0
|
3.1
|
3.1
|
|
an Fhrainc
|
4.2
|
4.1
|
4.2
|
4.3
|
4.3
|
4.2
|
|
an Iodáil
|
2.6
|
2.9
|
2.7
|
3.2
|
3.2
|
3.5
|
|
an Ungáir
|
6.5
|
6.3
|
5.4
|
5.1
|
4.6
|
4.7
|
|
Málta
|
3.9
|
3.9
|
3.4
|
3.5
|
3.7
|
3.9
|
|
an Pholainn
|
4.5
|
4.1
|
3.8
|
5.0
|
5.1
|
5.4
|
|
an tSlóivéin
|
4.1
|
4.7
|
5.4
|
5.3
|
5.8
|
5.4
|
|
an tSlóvaic
|
3.4
|
3.1
|
3.1
|
4.7
|
4.1
|
4.5
|
|
an Fhionlainn
|
4.8
|
4.2
|
4.2
|
4.0
|
4.2
|
4.7
|
|
Ballstáit nár áiríodh sa tuarascáil seo
|
|
|
|
an Bhulgáir
|
3.3
|
2.7
|
2.3
|
3.5
|
2.5
|
3.5
|
|
an Danmhairg
|
3.6
|
3.2
|
3.1
|
3.2
|
3.3
|
3.3
|
|
an Ghearmáin
|
2.7
|
2.6
|
2.6
|
2.7
|
2.8
|
2.9
|
|
Éire
|
2.4
|
2.1
|
2.1
|
2.3
|
2.6
|
2.7
|
|
an Ghréig
|
3.1
|
3.6
|
3.7
|
3.9
|
4.4
|
4.3
|
|
an Chróit
|
5.5
|
4.6
|
3.7
|
5.4
|
5.5
|
5.6
|
|
an Chipir
|
2.8
|
2.6
|
2.6
|
3.5
|
3.6
|
3.7
|
|
an Laitvia
|
5.7
|
5.4
|
3.9
|
4.2
|
5.5
|
6.1
|
|
an Liotuáin
|
4.5
|
3.2
|
3.2
|
4.2
|
4.4
|
4.0
|
|
Lucsamburg
|
4.7
|
4.1
|
4.2
|
4.7
|
4.6
|
4.9
|
|
an Ísiltír
|
3.7
|
3.4
|
3.2
|
3.1
|
3.2
|
3.2
|
|
an Ostair
|
3.3
|
3.6
|
3.4
|
3.5
|
3.5
|
3.4
|
|
an Phortaingéil
|
2.3
|
2.6
|
2.4
|
2.5
|
3.1
|
3.4
|
|
an Rómáin (*)
|
4.6
|
4.2
|
4.4
|
5.3
|
5.2
|
4.8
|
|
an tSualainn
|
5.0
|
4.7
|
4.8
|
5.0
|
5.2
|
5.3
|
|
Foinse: Eurostat (sonraí ó 2020 go 2023) agus Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún (le haghaidh 2024 agus 2025). (*) Sa nós imeachta um easnamh iomarcach ó bhí 2020 ann.
|
4.2.1.Na Ballstáit ar féidir tosca ábhartha a chur san áireamh ina leith
an tSeicia
An riocht maicreacnamaíoch meántéarmach. Tháinig laghdú 5,5 % ar fhíor-OTI in 2020. Tar éis forleathnú 3,6 % in 2021, tháinig fás 2,4 % ar an bhfíor-OTI in 2022 agus chrap sé faoi 0,3 % in 2023. Meastar go dtiocfaidh méadú air faoi 1,2 % in 2024 agus 2,8 % in 2025. Is iad an tomhaltas príobháideach agus glan-onnmhairí go príomha is mó is cúis leis an bhfás in 2024.
An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht. Ó bhí 2020 ann, tá an t‑easnamh rialtais os cionn 3 % de OTI; tháinig laghdú air ó 5,1 % in 2021 go dtí 3,2 % de OTI in 2022, sular tháinig méadú air go 3,7 % in 2023. Réamh-mheastar go mbeidh sé ag 2,4 % agus 1,9 % de OTI in 2024 agus in 2025, faoi seach. D’fhan infheistíocht phoiblí ag 4,7 % de OTI in 2021 agus 2022, agus tháinig méadú air go 5,0 % in 2023, agus sin níos airde ná an t‑easnamh rialtais in 2022 agus 2023. In 2024 agus 2025, réamh-mheastar go bhfanfaidh infheistíocht phoiblí ag 4,9 % de OTI, méid atá fós níos mó ná an t‑easnamh rialtais sna blianta céanna.
In 2023, de réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach crapthach, faoi 0,9 % de OTI, i gcomhthéacs an bhoilscithe aird. Leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, soláthraíodh rannchuidiú crapthach 0,7 % de OTI leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin costas laghdaithe na mbeart tacaíochta éigeandála spriocdhírithe le haghaidh na dteaghlach is leochailí agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh faoi 0,1 % de OTI. Áirítear leis sin freisin costais níos airde chun cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (faoi 0,1 % de OTI). Mar achoimre, bhí fás réamh-mheasta an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta in 2023 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Is éard a bhí i gceist le caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 1,1 % de OTI in 2023. Is éard a bhí i gceist leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta 4,4 % de OTI in 2023, is é sin méadú 0,5 pointe céatadáin i gcomparáid le 2022. Mhaoinigh an tSeicia infheistíocht bhreise tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear infheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh agus suiteáil foinsí in-athnuaite fuinnimh, nuachóiriú agus sábháilteacht mhéadaithe na n‑iarnród agus ullmhú tionscadal le haghaidh leictriú, cosaint ar thuilte agus coinneáil uisce tailte agus bardas, tionscadail chuideachtaí na Seice arb é is aidhm dóibh tomhaltas uisce a laghdú agus réitigh chiorclacha a chur i bhfeidhm do ghnólachtaí, comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí sa taighde agus sa nuálaíocht, nó feistí digiteacha a sholáthar do scoileanna, a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.
Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, réamh-mheastar go mbeidh an staid fhioscach crapthach faoi 2,3 % de OTI in 2024. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú 1,1 % ar ghlanchaiteachas príomhúil na Seicia a mhaoinítear go náisiúnta in 2024, figiúr atá faoi bhun an uasráta fáis a mholtar. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 1,2 % de OTI a bhí i nglanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta fuinnimh in 2023, agus réamh-mheastar gurb é -0,2 % a bheidh ann in 2024, agus 0,0 % in 2025. Dá n‑úsáidfí an coigilteas gaolmhar chun an t‑easnamh rialtais a laghdú, mar a mhol an Chomhairle, thuigfí as na réamh-mheastacháin sin go mbeidh coigeartú fioscach 1,4 % de OTI ann in 2024, ach soláthraítear rannchuidiú crapthach ó ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta leis an staid fhioscach 2,2 % de OTI sa bhliain sin. Meastar go ndéanfar na bearta tacaíochta éigeandála fuinnimh a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2023 agus in 2024. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Thairis sin, meastar go n‑úsáidfear an coigilteas gaolmhar go hiomlán chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Tá sé sin i gcomhréir freisin leis an moladh ón gComhairle. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún, maidir le hinfheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta, réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú uirthi go 4,2 % de OTI in 2024 ó 4,4 % de OTI in 2023. Is é is cúis leis an laghdú sin deireadh chlárthréimhse 2014-2020 de chistí struchtúracha an Aontais, a raibh cistí ar fáil ina leith go dtí 2023. Agus an toisc bhreise sin á cur san áireamh, meastar go bhfuil an infheistíocht phoiblí in 2024 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Dá réir sin, maidir le caiteachas poiblí a mhaoinítear le hioncam ó chistí an Aontais, lena n‑áirítear deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go dtiocfaidh laghdú air go 1,0 % de OTI in 2024 ó 1,1 % de OTI in 2023. Is é is cúis leis an laghdú sin deireadh chlárthréimhse 2014-2020 de chistí struchtúracha an Aontais, a raibh cistí ar fáil ina leith go dtí 2023.
Dúshláin fiachais agus riocht fiachais meántéarmach. Mhéadaigh an t‑ollfhiachas rialtais ó 37,7 % de OTI ag deireadh 2020 go dtí 42 % ag deireadh 2021. Tháinig méadú breise air go 44,2 % de OTI ag deireadh 2022 sular tháinig laghdú beag air go 44,0 % in 2023. Réamh-mheastar gur 45,2 % agus 45,5 % de OTI a bheidh ann in 2024 agus in 2025, faoi seach.
Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí measartha ann sa mheántéarma. De réir an réamh-mheastacháin bhunlíne 10 mbliana, thiocfadh méadú beag ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais go dtí thart ar 48 % de OTI in 2034. Tá conair bhunlíne an fhiachais sách íogair do shuaití maicreacnamaíocha. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena n‑ionsamhlaítear raon mór suaití sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, tá dóchúlacht íseal ann go mbeadh an cóimheas fiachais in 2028 ní ba mhó ná mar a bhí sé in 2023.
Ní mór tosca eile a chur san áireamh chun measúnú foriomlán a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fiachais. Ar thaobh amháin, baineann tosca méadaithe riosca leis an méadú a tháinig le déanaí ar rátaí úis agus leis an sciar mór d’fhiachas gearrthéarmach. Ar an láimh eile, áirítear ar na tosca maolaithe rioscaí fadú na haibíochta fiachais le blianta beaga anuas, foinsí maoinithe a bheith sách cobhsaí (le bonn infheisteoirí mór éagsúlaithe) agus ainmniú airgeadra an fhiachais.
Thairis sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag athchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí faoi NextGenerationEU (NGEU)/an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: (STA), ach iad a bheith curtha chun feidhme go hiomlán, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn. Tá cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí a áirítear i bplean Téarnaimh agus Athléimneachta na Seicia faoi lán seoil ach tá iarrachtaí méadaithe ag teastáil chun é a chur i gcrích in am trátha.
Creat buiséadach náisiúnta. Déanann dhá chomhlacht atá bunaithe go dlíthiúil, an Chomhairle Fhioscach agus an Coiste um Réamhaisnéisí Buiséadacha, freagrachtaí na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha a chomhlíonadh. An tráth céanna, tá deis ann i gcónaí feabhas a chur ar rochtain na n‑institiúidí ar fhaisnéis agus ar chúraimí meastóireachta. De ghnáth lagaíonn roinnt cleachtas buiséadach sa tSeicia (mar shampla athruithe ar na paraiméadair atá mar bhonn taca leis na rialacha fioscacha agus úsáid eintiteas an Stáit lasmuigh den bhuiséad rialta) an creat fioscach.
Méadú ar infheistíocht rialtais i réimse na cosanta. Ar bhonn shonraí COFOG arna bhfoilsiú ag Eurostat, ba é a bhí i gcaiteachas poiblí ginearálta iomlán 1,0 % de OTI in 2022. As an méid sin, ba é a bhí in infheistíocht phoiblí i réimse na cosanta 0,2 % de OTI in 2022, rud a bhí 0,1 pointí céatadáin níos airde ná mar a bhí in 2019. De réir réamh-mheastacháin a chuir an tSeicia isteach, tháinig méadú 0,3 pointe céatadáin de OTI ar an gcaiteachas i réimse na cosanta in 2023 (ní sholáthraítear aon fhigiúr sonrach ar infheistíocht sa chosaint).
Imthosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh: Chuir an tSeicia i láthair go ndearna sí bearta comhdhlúthaithe in 2024 a raibh tionchar iomlán acu de thart ar 1,5 % de OTI. De réir na Seicia, ba cheart laghdú bliain ar bhliain ar an easnamh go 2,3 % de OTI a bheith mar thoradh ar na bearta sin, i.e. laghdú go maith faoi bhun 3 % de OTI in 2024.
an Eastóin
An riocht maicreacnamaíoch meántéarmach. Tháinig laghdú 1,0 % ar fhíor-OTI in 2020. Tar éis forleathnú 7,2 % in 2021, tháinig crapadh 0,5 % ar an bhfíor-OTI in 2022 agus chrap sé a thuilleadh in 2023 % (faoi 3,0 %). Meastar go gcrapfaidh sé 0,5 % in 2024, rud a fhágfaidh go mbeidh cúlú eacnamaíoch 3 bliana ann. Ó 2025 ar aghaidh agus ón am sin amháin, tuartar go mbeidh fás dearfach 3,1 % ann. Is é an laghdú ar thomhaltas príobháideach agus poiblí araon is mó is cúis leis an gcrapadh in 2024.
An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht. Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 5,4 % in 2020 go dtí 2,5 % de OTI in 2021 agus 1,0 % in 2022, sular mhéadaigh sé go 3,4 % de OTI in 2023, agus tuartar go mbeidh sé ansin in 2024 freisin. In 2025, meastar go méadóidh an fiachas go 4,3 % de OTI. Tar éis an mhéadaithe ar an infheistíocht rialtais go 5,7 % de OTI 2020, tháinig laghdú uirthi go 5,6 % de OTI in 2021 agus go 5,1 % in 2022, sular mhéadaigh sí go 6,3 % in 2023, agus é i gcónaí níos mó ná an fiachas rialtais sna blianta céanna. Réamh-mheastar go dtiocfaidh ardú breise air go 7,0 % de OTI in 2024 agus go dtiocfaidh laghdú beag air go 6,9 % in 2025, agus go bhfanfaidh sé níos mó ná an t‑easnamh rialtais sa dá bhliain.
In 2023, de réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach forleathnaitheach, faoi 1,6 % de OTI, i gcomhthéacs an bhoilscithe aird. Leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, soláthraíodh rannchuidiú forleathnaitheach 1,0 % de OTI leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin costas laghdaithe na mbeart tacaíochta éigeandála spriocdhírithe le haghaidh na dteaghlach is leochailí agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh faoi 0,1 % de OTI. Áirítear leis sin freisin costais níos airde chun cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,2 % de OTI). Dá bhrí sin, ní raibh rannchuidiú forleathnaitheach an ghlanchaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta in 2023 mar thoradh ar an tacaíocht do dhaoine a bhí ag teitheadh ón Úcráin ach go páirteach. Bhí an fás forleathnaitheach ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) á spreagadh ag caiteachas níos airde ar phá poiblí agus ar phinsin phoiblí mar aon le cláir chaiteachais bhuana bhreise le haghaidh cosanta, oideachais agus sochair linbh, nach raibh ag teacht le méaduithe comhréireacha ar thaobh an ioncaim. Mar achoimre, ní raibh fás an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta in 2023 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Is éard a bhí i gceist le caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 1,4 % de OTI in 2023. Is éard a bhí i gceist leis an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta 5,8 % de OTI in 2023, is é sin méadú 1,4 pointe céatadáin ó 2022 ar aghaidh. Mhaoinigh an Eastóin infheistíocht bhreise tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear infheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail seirbhísí imeachtaí agus tairseach dhigiteach le haghaidh fiontraithe, caipitliú an Chiste Ghlais (lena ndéantar infheistíochtaí i gcistí caipitil fiontair agus in infheistíochtaí cothromais i bhfiontair) agus neartú na heangaí leictreachais chun acmhainneacht táirgeachta fuinnimh in-athnuaite a mhéadú agus chun oiriúnú don athrú aeráide, rudaí a chistítear tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, réamh-mheastar go mbeidh an staid fhioscach neodrach den chuid is mó ag 0,1 % de OTI in 2024. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go mbeidh comhardú struchtúrach na hEastóine ag -0,7 % de OTI in 2024 (ó -1,3 % in 2023), agus ar an gcaoi sin cothrom le cuspóir buiséadach meántéarmach na tíre maidir le comhardú struchtúrach de -0,75 % de OTI. Dá bhrí sin, measúnaítear go bhfuil an Eastóin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 0,2 % de OTI in 2023 a bhí i nglanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta éigeandála fuinnimh, agus réamh-mheastar gurb é 0,0 % a bheidh ann in 2024 agus 2025. Meastar go ndéanfar na bearta tacaíochta éigeandála fuinnimh a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2023 agus in 2024. Tá sé sin i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún, maidir le hinfheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú uirthi go 6,3 % de OTI in 2024 ó 5,8 % de OTI in 2023. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle.
Dúshláin fiachais agus riocht fiachais meántéarmach. Tar éis laghdú ó 18,6 % de OTI ag deireadh 2020 go 17,8 % de OTI ag deireadh 2021, tháinig méadú ar ollfhiachas rialtais go 18,5 % de OTI ag deireadh 2022 agus go 19,6 % ag deireadh 2023. Réamh-mheastar go leanfar den treocht in airde, agus meastar go mbeidh an cóimheas idir fiachas agus OTI ag 21,4 % ag deireadh 2024 agus ag 24,6 % ag deireadh 2025.
Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí measartha ann sa mheántéarma. De réir an réamh-mheastacháin bhunlíne 10 mbliana, thiocfadh méadú ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais go dtí thart ar 27 % de OTI in 2034. Níl conair bhunlíne an fhiachais íogair do shuaití maicreacnamaíocha. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena n‑ionsamhlaítear raon mór suaití sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, tá dóchúlacht ard ann go mbeadh an cóimheas fiachais in 2028 ní ba mhó ná mar a bhí sé in 2023.
Ní mór tosca eile a chur san áireamh chun measúnú foriomlán a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fiachais. Ar láimh amháin, baineann tosca méadaithe riosca leis an méadú a tháinig le déanaí ar rátaí úis, le sciar an fhiachais ghearrthéarmaigh agus leis an sciar mór den fhiachas rialtais atá i seilbh neamhchónaitheoirí. Ar an láimh eile, áirítear ar na tosca maolaithe riosca na hollriachtanais mhaoinithe ísle agus an fíoras go bhfuil an t‑ollfhiachas rialtais foriomlán atá fós íseal ainmnithe go hiomlán in euro.
Thairis sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag athchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí faoi NextGenerationEU (NGEU)/an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: (STA), ach iad a bheith curtha chun feidhme go hiomlán, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn. Tá cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí a áirítear i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na hEastóine faoi lán seoil.
Creat buiséadach náisiúnta. Rinneadh athchóiriú cuimsitheach ar an gcreat fioscach náisiúnta in 2014, nuair a bunaíodh Comhairle Fhioscach na hEastóine. Is é riail na cothromaíochta struchtúraí bunchloch an chreata fhioscaigh náisiúnta. Rinneadh leasú air in 2017 agus 2024, agus leis an leasú is déanaí maolaíodh na rialacha agus ceadaíodh easnaimh struchtúracha suas le 1 % de OTI, fad is nach sáraíonn an leibhéal fiachais 30 % de OTI. Formhuiníonn Comhairle Fhioscach na hEastóine na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus fioscacha agus déanann sí measúnú ar chomhlíonadh riail an buiséid chomhardaithe.
Méadú ar infheistíocht rialtais i réimse na cosanta. Ar bhonn shonraí COFOG arna bhfoilsiú ag Eurostat, ba é a bhí i gcaiteachas poiblí ginearálta iomlán 2,2 % de OTI in 2022. As an méid sin, ba é a bhí in infheistíocht phoiblí i réimse na cosanta 0,7 % de OTI in 2022, rud a bhí 0,2 pointí céatadáin níos airde ná mar a bhí in 2019. De réir na réamh-mheastachán a sholáthair an Eastóin, thiocfadh méadú 0,45 % de OTI in 2023 agus thiocfadh méadú 0,44 % ar OTI in 2024 ar infheistíocht i réimse na cosanta.
Tosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh. An 17 Bealtaine 2024, sholáthair an Eastóin tosca ábhartha breise nár luadh thuas cheana. Baineann siad sin le crapadh láidir eacnamaíoch thart ar 3 % in 2023, agus le pleananna chun bearta buiséadacha breise a ghlacadh i bhfoirm ciorruithe caiteachais ar cheart dóibh an t‑easnamh a laghdú go dtí faoi bhun 3 % de OTI in 2024. Ina theannta sin, tar éis an litir ón Eastóin, chuir údaráis na hEastóine an Coimisiún ar an eolas gur chomhaontaigh an rialtas buiséad forlíontach le haghaidh 2024 (Gníomh Buiséid Bhreise Stát 2024 456 SE), agus chuir sé chuig an bParlaimint é an 5 Meitheamh 2024, agus ritheadh an chéad léamh sa Pharlaimint an 10 Meitheamh, ritheadh an dara léamh an 14 Meitheamh agus meastar go rithfear an tríú léamh an 19 Meitheamh. Meastar go laghdóidh an buiséad forlíontach sin an t‑easnamh ainmniúil faoi 0,4 % de OTI (ar ciorruithe buana caiteachais an chuid is mó díobh, ach lena n‑áirítear bearta méadaithe ioncaim freisin).
Málta
An riocht maicreacnamaíoch meántéarmach. Tháinig laghdú 8,2 % ar fhíor-OTI in 2020. Tar éis forleathnú 12,5 % in 2021, tháinig fás 5,6 % ar an bhfíor-OTI in 2021 agus tháinig fás 4,6 % air in 2023. Meastar go dtiocfaidh méadú air faoi 4,6 % in 2024 agus 4,3 % in 2025. Is iad an tomhaltas príobháideach agus glan-onnmhairí go príomha is mó is cúis leis an bhfás in 2024.
An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht. Ó bhí 2020 ann, tá an t‑easnamh rialtais os cionn 3 % de OTI; tháinig laghdú air ó 7,6 % in 2021 go 5,5 % de OTI in 2022 agus 4,9 % in 2023. Meastar go dtiocfadh laghdú breise air go 4,3 % agus 3,9 % de OTI in 2024 agus in 2025, faoi seach. Tar éis di a bheith ag 3,9 % de OTI in 2021, tháinig laghdú ar infheistíocht rialtais go dtí 3,4 % de OTI in 2022, agus tháinig méadú beag uirthi go 3,5 % in 2023. Réamh-mheastar go mbeidh sí ag 3,7 % de OTI in 2024 agus ag 3,9 % de OTI in 2025.
In 2023, de réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach crapthach, faoi 0,6 % de OTI, i gcomhthéacs an bhoilscithe aird. Leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, soláthraíodh rannchuidiú crapthach 1,6 % de OTI leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin costas méadaithe na mbeart tacaíochta éigeandála spriocdhírithe le haghaidh na dteaghlach is leochailí agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh níos lú ná 0,1 % de OTI. Bhí fás an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta in 2023 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Is éard a bhí i gceist le caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 0,9 % de OTI in 2023. Is éard a bhí i gceist leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta 2,6 % de OTI in 2023, is é sin méadú 0,1 pointe céatadáin i gcomparáid le 2022. Mhaoinigh Málta infheistíocht bhreise tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear infheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail athchóiriú foirgneamh príobháideach agus poiblí lena n‑áirítear ospidéil agus scoileanna, leictriú na hearnála iompair agus tionscadail a bhaineann le digitiú an riaracháin phoiblí agus na hearnála príobháidí, rudaí a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.
Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, réamh-mheastar go mbeidh an staid fhioscach crapthach faoi 1,3 % de OTI in 2024. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú 5,5 % ar ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta de chuid Mhálta in 2024, figiúr atá faoi bhun an uasráta fáis a mholtar. Mar sin féin, bhí glanchaiteachas in 2023 níos airde ná mar a bhí coinne leis tráth an mholta (faoi 0,8 % de OTI). Dá bhrí sin, ó rud é gur ceapadh an moladh le haghaidh 2024 mar ráta fáis, cuirtear an bhunéifeacht ó 2023 san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh freisin. I gcás ina raibh an glanchaiteachas in 2023 mar a bhí coinne leis tráth an mholta, bheadh ráta fáis an ghlanchaiteachais in 2024 os cionn an ráta fáis a mholtar, faoi 0,7 % de OTI. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil baol ann nach bhfuil an glanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta go hiomlán i gcomhréir leis an moladh. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 1,7 % de OTI in 2023 a bhí i nglanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta éigeandála fuinnimh, agus réamh-mheastar gurb é 2,0 % a bheidh ann in 2024 agus 1,0 % a bheidh ann in 2025. Ní mheastar go ndéanfar na bearta tacaíochta éigeandála fuinnimh a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2023 agus in 2024. Tá an baol ann nach bhfuil sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Dá bhrí sin, níl aon choigilteas gaolmhar le húsáid chun an t‑easnamh rialtais a laghdú mar a mhol an Chomhairle. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún, maidir le hinfheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú uirthi go 2,8 % de OTI in 2024 ó 2,6 % de OTI in 2023. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Dá réir sin, maidir le caiteachas poiblí a mhaoinítear le hioncam ó chistí an Aontais, lena n‑áirítear deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go bhfanfaidh sé cobhsaí ag 0,9 % de OTI in 2024.
Dúshláin fiachais agus riocht fiachais meántéarmach. Tháinig méadú ar an ollfhiachas rialtais ó 52,2 % de OTI ag deireadh 2020 go 53,9 % ag deireadh 2021, sular tháinig laghdú air go 51,6 % de OTI agus 50,4 % de OTI ag deireadh 2022 agus 2023 faoi seach. Réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú air go 52,0 % de OTI ag deireadh 2024 agus go 52,6 % ag deireadh 2025.
Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí measartha ann sa mheántéarma. De réir an réamh-mheastacháin bhunlíne 10 mbliana, thiocfadh méadú ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais go 56 % de OTI in 2034. Níl conair bhunlíne an fhiachais íogair do shuaití maicreacnamaíocha. De réir na réamh-mheastachán stocastach, lena n‑ionsamhlaítear raon mór suaití sealadacha a d’fhéadfadh a bheith ann d’athróga maicreacnamaíocha, tá íogaireacht mheánach fhoriomlán ann maidir leis na réamh-mheastacháin ar theagmhais shochreidte gan choinne.
Ní mór tosca eile a chur san áireamh chun measúnú foriomlán a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fiachais. Ar láimh amháin, baineann tosca méadaithe riosca leis an sciar ard d’fhiachas gearrthéarmach. Ar an láimh eile, áirítear ar na tosca maolaithe riosca an sciar ard d’fhiachas atá i seilbh intíre chomh maith leis an laghdú mór ar chóimheasa ollfhiachais agus ar chóimheasa glanfhiachais araon idir 2010 agus 2022.
Thairis sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag athchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí faoi NextGenerationEU (NGEU)/an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: (STA), ach iad a bheith curtha chun feidhme go hiomlán, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn. Tá cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí a áirítear i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta Mhálta faoi lán seoil.
Creat buiséadach náisiúnta. Is institiúid fhioscach neamhspléach bheag í Comhairle Chomhairleach Fhioscach Mhálta. Ceanglaítear leis an Acht um Fhreagracht Fhioscach, 2014, go mbeidh an buiséad rialtais ghinearálta i dtéarmaí struchtúracha comhardaithe nó i mbarrachas agus go gcoinnítear cóimheas fiachais an rialtais faoi bhun 60 %, nó go laghdaítear é má tá sé os a chionn sin. Leagtar amach i straitéis bhuiséadach mheántéarmach Mhálta cuspóirí fioscacha agus tosaíochtaí straitéiseacha agus spriocanna fioscacha táscacha, mar aon le tuairisc ar thoimhdí bunúsacha. Ar an iomlán, tá creat fioscach sách láidir ag Málta.
Méadú ar infheistíocht rialtais i réimse na cosanta. Ar bhonn shonraí COFOG arna bhfoilsiú ag Eurostat, ba é a bhí i gcaiteachas poiblí ginearálta iomlán 0,5 % de OTI in 2022. As an méid sin, 0,1 % de OTI in 2022 a bhí in infheistíocht phoiblí i réimse na cosanta, rud a bhí 0,1 % pointe céatadáin níos ísle ná mar a bhí sé in 2019.
Tosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh. An 16 Bealtaine 2024, sholáthair Málta toisc ábhartha bhreise amháin nár luadh thuas cheana, is é sin toisc a bhain le costais athstruchtúrú na haerlíne náisiúnta a measadh a bheith cothrom le 0,7 % de OTI in 2023.
an Pholainn
An riocht maicreacnamaíoch meántéarmach. Tháinig laghdú 2,0 % ar fhíor-OTI in 2020. Tar éis forleathnú 6,9 % in 2021, tháinig fás 5,6 % ar fhíor-OTI in 2022 agus fás 0,2 % ar fhíor-OTI in 2023. Meastar go dtiocfaidh méadú air faoi 2,8 % in 2024 agus 3,4 % in 2025. Is iad an tomhaltas príobháideach agus poiblí go príomha is mó is cúis leis an bhfás in 2024.
An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht. Tháinig méadú ar an easnamh rialtais ó 1,8 % in 2021 go 3,4 % de OTI in 2022 agus 5,1 % de OTI in 2023. Réamh-mheastar go mbeidh sé ag 5,4 % agus 4,6 % de OTI in 2024 agus in 2025, faoi seach. Tháinig laghdú ar infheistíocht phoiblí go 3,8 % in 2022 ó 4,1 % de OTI in 2021, sular mhéadaigh sí go 5,0 % in 2023. Réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú uirthi go 5,1 % de OTI in 2024 agus 5,4 % de OTI in 2025, agus go mbeidh sí níos mó ná an t‑easnamh rialtais in 2025.
In 2023, de réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach forleathnaitheach, faoi 0,8 % de OTI, i gcomhthéacs an bhoilscithe aird. Leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, soláthraíodh rannchuidiú neodrach den chuid is mó de 0,0 % de OTI leis an staid fhioscach, rud atá i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Bhí an rannchuidiú neodrach den chuid is mó ó chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta mar thoradh ar chostais níos ísle na mbeart tacaíochta éigeandála (spriocdhírithe agus neamhdhírithe) do theaghlaigh agus gnólachtaí mar fhreagairt ar arduithe ar phraghsanna fuinnimh (le 1,2 pointe céatadáin de OTI). Bhí méaduithe ar phá na hearnála poiblí agus ar phinsin i measc na bpríomhthiománaithe taobh thiar den fhás sa chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glanchaiteachas ar bhearta lánroghnacha ioncaim). Is éard a bhí i gceist le caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 1,5 % de OTI in 2023. Is éard a bhí i gceist leis an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta 3,8 % de OTI in 2023, is é sin méadú 0,8 pointe céatadáin ó 2022 ar aghaidh. Mhaoinigh an Pholainn infheistíocht bhreise tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, agus chaomhnaigh sí infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta. Mhaoinigh an Pholainn infheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail tacaíocht do na heangacha tarchurtha agus dáileacháin agus d’úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh, d’fheirmeacha gaoithe amach ón gcósta agus d’athchóiriú fuinneamhéifeachtúil foirgnimh agus don tsoghluaiseacht ghlas chliste, rudaí a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.
Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, réamh-mheastar go mbeidh an staid fhioscach forleathnaitheach, faoi 2,4 % de OTI, in 2024. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú 12,8 % ar ghlanchaiteachas príomhúil na Polainne a mhaoinítear go náisiúnta in 2024, figiúr atá os cionn an uasráta fáis a mholtar. Tá an baol ann nach bhfuil sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurbh é 0,6 % de OTI in 2023 a bhí i nglanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta éigeandála fuinnimh, agus réamh-mheastar gurb é 0,5 % a bheidh ann in 2024, agus níos lú ná 0,1 % in 2025. Dá n‑úsáidfí an coigilteas gaolmhar chun an t‑easnamh rialtais a laghdú, mar a mhol an Chomhairle, thuigfí as na réamh-mheastacháin sin go mbeidh coigeartú fioscach 0,2 % de OTI ann in 2024, i gcomparáid le rannchuidiú forleathnaitheach ó ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta leis an staid fhioscach de 2,0 % de OTI an bhliain sin. Ní mheastar go ndéanfar na bearta tacaíochta éigeandála fuinnimh a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2023 agus in 2024. Tá an baol ann nach bhfuil sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Thairis sin, ní mheastar go n‑úsáidfear an coigilteas gaolmhar chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Tá an baol ann freisin nach mbeidh sé sin i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún, maidir le hinfheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú uirthi go 4,0 % de OTI in 2024 ó 3,8 % de OTI in 2023. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Dá réir sin, maidir le caiteachas poiblí a mhaoinítear le hioncam ó chistí an Aontais, lena n‑áirítear deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go dtiocfaidh méadú air go 1,9 % de OTI in 2024 ó 1,5 % de OTI in 2023.
Dúshláin fiachais agus riocht fiachais meántéarmach. Tháinig laghdú ar an ollfhiachas rialtais ó 57,2 % de OTI ag deireadh 2020 go dtí 53,6 % ag deireadh 2021 agus go 49,2 % ag deireadh 2022. Tháinig méadú air go 49,6 % de OTI in 2023 agus réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú breise air go 53,7 % agus go 57,7 % de OTI ag deireadh 2024 agus 2025 faoi seach.
Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí arda ann sa mheántéarma. De réir na réamh-mheastachán bunlíne 10 mbliana, thiocfadh méadú beag leanúnach ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais go dtí thart ar 85 % de OTI in 2034. Tá conair an fhiachais sách íogair do shuaití maicreacnamaíocha. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena n‑ionsamhlaítear raon mór turraingí sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, tá dóchúlacht mheasartha ann go mbeadh an cóimheas fiachais níos mó in 2028 ná mar a bhí sé in 2023.
Ní mór tosca eile a chur san áireamh chun measúnú foriomlán a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fiachais. Ar láimh amháin, baineann tosca méadaithe riosca leis an méadú a tháinig le déanaí ar rátaí úis. Ar an láimh eile, áirítear ar thosca maolaithe riosca foinsí maoinithe atá réasúnta cobhsaí (a bhfuil bonn mór infheisteoirí intíre acu) agus ainmníocht airgeadra an fhiachais (ainmnítear thart ar thrí cheathrú den fhiachas gan íoc san airgeadra áitiúil).
Thairis sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag athchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí faoi NextGenerationEU (NGEU)/an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: (STA), ach iad a bheith curtha chun feidhme go hiomlán, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn. Tá cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí a áirítear i bplean Téarnaimh agus Athléimneachta na Polainne faoi lán seoil ach tá iarrachtaí méadaithe ag teastáil chun é a chur i gcrích in am trátha.
Creat buiséadach náisiúnta. Neartaíodh an creat fioscach sa Pholainn le 2 bhliain anuas, lena n‑áirítear trí bhearta a áirítear sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá na rialacha fioscacha uimhriúla fós i gcroílár an chreata. Cé go gcumhdaítear an rialtas láir leis na huasteorainneacha fiachais atá fréamhaithe sa Bhunreacht, baineann riail fiachais ar leith le haonaid rialtais áitiúil. Neartaíodh riail an chaiteachais chobhsaithe le déanaí trí aonaid bhreise agus cistí sainchuspóireacha a chumhdach agus tá coigeartuithe molta ag an rialtas chun í a chur i gcomhréir le ceanglais athchóirithe an Aontais. Tá sé beartaithe ag an rialtas freisin Comhairle Fhioscach neamhspleách a bhunú chun faireachán ar rialacha fioscacha agus freagrachtaí ábhartha eile a thabhairt le chéile, faireachán atá scaipthe faoi láthair ar fud roinnt comhlachtaí.
Méadú ar infheistíocht rialtais i réimse na cosanta. Ar bhonn shonraí COFOG arna bhfoilsiú ag Eurostat, ba é a bhí i gcaiteachas poiblí ginearálta iomlán 1,6 % de OTI in 2022. As an méid sin, 0,3 % de OTI in 2022 a bhí in infheistíocht phoiblí i réimse na cosanta, rud nár athraigh i gcomparáid le 2019. De réir réamh-mheastacháin a sholáthair an Pholainn, 2,1 % de OTI in 2023 a bhí i gcaiteachas míleata iomlán COFOG, lena n‑áirítear seachadtaí trealaimh mhíleata agus infheistíochtaí míleata eile a mheastar a bheith cothrom le 0,7 % de OTI. De réir na Polainne, ós rud é go gcláraítear leis na rialacha cuntasaíochta an caiteachas míleata tráth an tseachadta seachas tráth na híocaíochta, beidh an caiteachas ard míleata atá ann faoi láthair bunaithe ar airgead tirim le feiceáil i dtéarmaí fabhraithe sna blianta ina dhiaidh sin, tráth a sheachadfar an trealamh míleata. Go nithiúil, tá coinne ag an bPolainn leis go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar an gcaiteachas sa chosaint sna 4 bliana amach romhainn, ós rud é go meastar go sroichfidh sé 2,8 % de OTI in 2024, 3,2 % de OTI in 2025, 3,7 % de OTI in 2026, 4,3 % de OTI in 2027 agus 4,1 % de OTI in 2028.
Tosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh. An 17 Bealtaine 2024, sholáthair an Pholainn tosca ábhartha breise nár luadh thuas cheana, is é sin faisnéis maidir leis an tionchar buiséadach a bheadh ag neartú theorainn sheachtrach an Aontais leis an Rúis, leis an mBealarúis agus leis an Úcráin (0,3 % de OTI) agus tacaíocht urghnách d’fheirmeoirí (0,4 % de OTI). Ina theannta sin, cuireann an Pholainn i dtábhacht go gcaitheann sí an méid is mó ar chosaint i measc Bhallstáit an Aontais, agus ar an gcaoi sin go bhfónann sí don chuspóir níos leithne slándáil na hEorpa a neartú agus cuidiú le leas coiteann poiblí a chur ar fáil d’Eorpaigh. Dheimhnigh an Pholainn freisin go bhfuil sí tiomanta don smacht fioscach agus don chóimheas fiachais a choinneáil faoi bhun 60 %. An 30 Aibreán 2024, ghlac an rialtas Plean Airgeadais Ilbhliantúil an Stáit le haghaidh 2024-2027, agus gealltanas tugtha aige maidir le comhdhlúthú fioscach 0,5 % de OTI ar a laghad in aghaidh na bliana; thiocfadh laghdú de réir a chéile ar an easnamh ó 5,1 % de OTI in 2024 go 4,6 % in 2025, 4,0 % in 2026, 3,5 % in 2027 agus 2,9 % in 2028.
an tSlóivéin
An riocht maicreacnamaíoch meántéarmach. Tháinig laghdú 4,2 % ar fhíor-OTI in 2020. Tar éis forleathnú 8,2 % in 2021, tháinig fás 2,5 % ar fhíor-OTI in 2022 agus fás 1,6 % ar fhíor-OTI in 2023. Meastar go dtiocfaidh méadú air faoi 2,3 % in 2024 agus 2,6 % in 2025. Is iad an tomhaltas poiblí agus sócmhainní go príomha is cúis leis an bhfás in 2024.
An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht. Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 4,6 % in 2021 go 3,0 % de OTI in 2022 agus 2,5 % in 2023. Réamh-mheastar go mbeidh sé ag 2,8 % agus 2,2 % de OTI in 2024 agus in 2025, faoi seach. Tar éis an mhéadaithe go dtí 4,7 % de OTI in 2021 agus go dtí 5,4 % in 2022, tháinig laghdú beag ar an infheistíocht phoiblí go dtí 5,3 % de OTI in 2023. Réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú uirthi go 5,8 % de OTI in 2024, sula dtiocfaidh laghdú beag uirthi go 5,4 % de OTI in 2025. Ó 2021 ar aghaidh, tá an infheistíocht phoiblí níos mó ná an t‑easnamh rialtais.
In 2023, de réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach crapthach, faoi 0,5 % de OTI, i gcomhthéacs an bhoilscithe aird. Leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, soláthraíodh rannchuidiú crapthach 0,4 % de OTI leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin costas laghdaithe na mbeart tacaíochta éigeandála spriocdhírithe le haghaidh na dteaghlach is leochailí agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh faoi 0,3 % de OTI. Bhí fás an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta in 2023 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Is éard a bhí i gceist le caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 1,3 % de OTI in 2023. Is éard a bhí i gceist leis an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta 4,6 % de OTI in 2023, is é sin laghdú bliantúil 0,2 pointe céatadáin i gcomparáid le 2022. Mhaoinigh an tSlóivéin infheistíocht bhreise tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear infheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, mar shampla i mbonneagar iarnróid, i bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh agus i gcosc tubaistí nádúrtha, rudaí a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.
Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, réamh-mheastar go mbeidh an staid fhioscach crapthach faoi 0,2 % de OTI in 2024. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú 5,6 % ar ghlanchaiteachas príomhúil na Slóivéine a mhaoinítear go náisiúnta in 2024, figiúr atá os cionn an uasráta fáis a mholtar. Tá an baol ann nach bhfuil sé sin go hiomlán i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. De réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 1,4 % de OTI a bhí i nglanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta éigeandála fuinnimh in 2023, agus réamh-mheastar gurb é 0,1 % a bheidh ann in 2024, agus 0,0 % in 2025. Dá n‑úsáidfí an coigilteas gaolmhar chun an t‑easnamh rialtais a laghdú, mar a mhol an Chomhairle, thuigfí as na réamh-mheastacháin sin go mbeidh coigeartú fioscach 1,3 % de OTI ann in 2024, ach soláthraítear rannchuidiú crapthach ó ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta leis an staid fhioscach 0,1 % de OTI sa bhliain sin. Meastar go ndéanfar na bearta tacaíochta éigeandála fuinnimh a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2023 agus in 2024. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Mar sin féin, ní mheastar go n‑úsáidfear an coigilteas gaolmhar go hiomlán chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Tá an baol ann nach mbeidh sé sin i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú ar infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta go 5,3 % de OTI in 2024 (ó 4,6 % de OTI in 2023). Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Dá réir sin, maidir le caiteachas poiblí a mhaoinítear le hioncam ó chistí an Aontais, lena n‑áirítear deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go bhfanfaidh sé cobhsaí ag 1,3 % de OTI in 2024 (ó 1,3 % de OTI in 2023).
Dúshláin fiachais agus riocht fiachais meántéarmach. Tháinig laghdú ar an ollfhiachas rialtais ó 79,6 % de OTI ag deireadh 2020 go dtí 74,4 % ag deireadh 2021. Tháinig laghdú breise air go 72,5 % agus 69,2 % de OTI a bheidh ann in 2022 agus in 2023, faoi seach. Réamh-mheastar gur 68,1 % agus 66,4 % de OTI a bheidh ann in 2024 agus in 2025, faoi seach.
Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí measartha ann sa mheántéarma. De réir an réamh-mheastacháin bhunlíne 10 mbliana, thiocfadh méadú ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais go dtí thart ar 74 % de OTI in 2034. Tá conair bhunlíne an fhiachais sách íogair do shuaití maicreacnamaíocha. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena n‑ionsamhlaítear raon mór suaití sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, tá dóchúlacht mheasartha ann go mbeadh an cóimheas fiachais in 2028 ní ba mhó ná mar a bhí sé in 2023.
Ní mór tosca eile a chur san áireamh chun measúnú foriomlán a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fiachais. Ar láimh amháin, baineann tosca méadaithe riosca leis an méadú a tháinig le déanaí ar rátaí úis agus leis an sciar mór den fhiachas rialtais atá i seilbh neamhchónaitheoirí. Thairis sin, eascraíonn rioscaí ón earnáil tithíochta de dheasca praghsanna tithe atá ag méadú go tapa. Ar an láimh eile, áirítear ar na tosca maolaithe rioscaí cobhsaíocht aibíochta fiachais ag leibhéil arda le blianta beaga anois agus foinsí maoinithe a bheith sách cobhsaí le bonn infheisteoirí mór éagsúlaithe agus sciar ard fiachais atá i seilbh an bhainc ceannais intíre.
Thairis sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag athchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí faoi NextGenerationEU (NGEU)/an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: (STA), ach iad a bheith curtha chun feidhme go hiomlán, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn. Tá cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí a áirítear i bplean Téarnaimh agus Athléimneachta na Slóivéinefaoi lán seoil ach tá iarrachtaí méadaithe ag teastáil chun é a chur i gcrích in am trátha.
Creat buiséadach náisiúnta. Is ceann den dá institiúid fhioscacha neamhspleácha atá ag an tSlóivéin Comhairle Fhioscach na Slóivéine, agus díríonn sí ar fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha fioscacha agus ar mheasúnú a dhéanamh ar réamhaisnéis an rialtais. Tá riail fhioscach i bhfeidhm ag an tSlóivéin lena ndírítear ar an gcomhardú struchtúrach, cé nach bhfuil aon riail ann chun srian a chur leis an bhfiachas náisiúnta ar an leibhéal náisiúnta. Tá an plean buiséadach meántéarmach mionsonraithe agus cumhdaítear ann sciar mór den rialtas ginearálta, ach níl cineál ceangailteach an phlean ná a nasc leis an mbuiséad bliantúil an-láidir: gach bliain, is féidir figiúirí nua a thabhairt isteach le haghaidh na mblianta uile a chumhdaítear leis an bplean agus is féidir le buiséid bhliantúla imeacht ó phleananna meántéarmacha a glacadh roimhe sin.
Méadú ar infheistíocht rialtais i réimse na cosanta. Ar bhonn shonraí COFOG arna bhfoilsiú ag Eurostat, ba é a bhí i gcaiteachas poiblí ginearálta iomlán 1,2 % de OTI in 2022. As an méid sin, 0,1 % de OTI in 2022 a bhí in infheistíocht phoiblí i réimse na cosanta, rud nár athraigh i gcomparáid le 2019. De réir na réamh-mheastachán a chuir an tSlóivéin ar fáil, thiocfadh méadú 0,1 % de OTI in 2023 agus thiocfadh méadú breise 0,25 % ar OTI in 2024 ar infheistíocht i réimse na cosanta.
Tosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh. An 16 Bealtaine 2024, sholáthair an tSlóivéin toisc ábhartha bhreise nár luadh thuas cheana, is é sin tionchar buiséadach na dtuilte in 2023. Is éard a bhí i gceist leis sin cúnamh láithreach dóibh siúd a ndearna na tuilte difear dóibh agus bearta cuimsitheacha chun atógáil, forbairt agus cosaint a dhéanamh ar thuilte agus ar sciorrthaí talún. Bhí an caiteachas a bhain le tubaistí níos ísle ná mar a bhí coinne leis in 2023 agus meastar gurb é 1,7 % de OTI in 2024 a bheidh ann. De réir na Slóivéine, ba cheart bearta um athshlánú ó thubaiste in 2024 a mheas mar chaiteachas aon-uaire. Tagraíonn an tSlóivéin do phleananna an rialtais an t‑easnamh rialtais a laghdú agus d’fhiachas sna blianta atá romhainn freisin. Réamh-mheastar go dtitfidh an t‑easnamh faoi bhun an luacha tagartha 3 % de OTI in 2025 agus go dtiocfaidh laghdú breise air go 1,9 % de OTI in 2027. Réamh-mheastar freisin go dtiocfaidh laghdú ar an bhfiachas rialtais le linn na tréimhse sin, ó 69,2 % de OTI in 2023 agus go 64,3 % de OTI in 2027.
an tSlóvaic
An riocht maicreacnamaíoch meántéarmach. Tháinig laghdú 3,3 % ar fhíor-OTI in 2020. Tar éis forleathnú 4,8 % in 2021, tháinig fás 1,9 % ar fhíor-OTI in 2022 agus fás 1,6 % ar fhíor-OTI in 2023. Meastar go dtiocfaidh méadú air faoi 2,2 % in 2024 agus 2,9 % in 2025. Is iad sócmhainní agus an tomhaltas poiblí go príomha is mó is cúis leis an bhfás in 2024.
An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht. Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 5,2 % in 2021 go 1,7 % de OTI in 2022, sular tháinig méadú air go 4,9 % de OTI in 2023. Réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú breise air go 5,9 % de OTI in 2024, agus go dtiocfaidh laghdú beag air go 5,4 % de OTI in 2025. Tar éis d’infheistíocht phoiblí a bheith ag 3,1 % de OTI in 2021 agus in 2022, tháinig méadú uirthi go 4,7 % de OTI in 2023. Réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú uirthi go 4,1 % de OTI in 2024, sula dtiocfaidh méadú uirthi go 4,5 % de OTI in 2025.
In 2023, de réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach forleathnaitheach, faoi 6,1 % de OTI, i gcomhthéacs an bhoilscithe aird. Leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, soláthraíodh rannchuidiú forleathnaitheach 3,8 % de OTI leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin costas laghdaithe na mbeart tacaíochta éigeandála spriocdhírithe le haghaidh na dteaghlach is leochailí agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh faoi 0,2 % de OTI. Áirítear leis sin freisin costais níos airde chun cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (faoi 0,1 % de OTI). Dá bhrí sin, ní hí an tacaíocht spriocdhírithe éigeandála do na teaghlaigh agus na gnólachtaí is leochailí i leith ardú praghsanna fuinnimh, ná do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin ba chúis leis an rannchuidiú forleathnaitheach ó chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta de bhreis ar an bhfás aschuir féideartha meántéarmach. Ba é bearta éigeandála fuinnimh neamhspriocdhírithe, méaduithe buana ar phá na hearnála poiblí agus ar shochair shóisialta, caiteachas níos airde ar chúram sláinte agus laghdú ar rátaí CBL ar ítimí roghnaithe ba chúis leis an bhfás forleathnaitheach sa chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim). Mar achoimre, ní raibh fás an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta in 2023 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Is éard a bhí i gceist le caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 3,2 % de OTI in 2023. Is éard a bhí i gceist leis an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta 3,2 % de OTI in 2023, is é sin méadú bliantúil 0,8 pointe céatadáin i gcomparáid le 2022. Mhaoinigh an tSlóvaic infheistíocht bhreise tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear infheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, mar shampla i mbonneagar fuinnimh agus iompair le hastaíochtaí nialasacha agus éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh, rudaí a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.
Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, réamh-mheastar go mbeidh an staid fhioscach crapthach faoi 1,4 % de OTI in 2024. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú 6,2 % ar ghlanchaiteachas príomhúil na Slóvaice a mhaoinítear go náisiúnta in 2024, figiúr atá os cionn an uasráta fáis a mholtar. Tá an baol ann nach bhfuil sé sin go hiomlán i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 2,1 % de OTI in 2023 a bhí i nglanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta éigeandála fuinnimh, agus réamh-mheastar gurb é 0,4 % a bheidh ann in 2024 agus 0,0 % a bheidh ann in 2025. Dá n‑úsáidfí an coigilteas gaolmhar chun an t‑easnamh rialtais a laghdú, mar a mhol an Chomhairle, thuigfí as na réamh-mheastacháin sin go mbeidh coigeartú fioscach 1,7 % de OTI ann in 2024, ach soláthraítear rannchuidiú crapthach ó ghlanchaiteachas príomhúil
a mhaoinítear go náisiúnta leis an staid fhioscach 0,2 % de OTI sa bhliain sin. Ní mheastar go ndéanfar na bearta tacaíochta éigeandála fuinnimh a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2023 agus in 2024. Tá an baol ann nach bhfuil sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Thairis sin, ní mheastar go n‑úsáidfear an coigilteas gaolmhar go hiomlán chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Tá an baol ann freisin nach mbeidh sé sin i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú ar infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta go 3,0 % de OTI in 2024 ó 3,2 % de OTI in 2023. Is é is cúis leis an laghdú sin deireadh chlárthréimhse 2014-2020 de chistí struchtúracha an Aontais, a raibh cistí ar fáil ina leith go dtí 2023. Is é is cúis leis sin freisin gur cuireadh seachadadh trealaimh mhíleata siar go dtí 2025. Agus na tosca breise sin á gcur san áireamh, meastar go bhfuil an infheistíocht phoiblí in 2024 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Dá réir sin, maidir le caiteachas poiblí a mhaoinítear le hioncam ó chistí an Aontais, lena n‑áirítear deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go dtiocfaidh laghdú air go 2,0 % de OTI in 2024 ó 3,2 % de OTI in 2023. Is é is cúis leis an laghdú sin deireadh chlárthréimhse 2014-2020 de chistí struchtúracha an Aontais, a raibh cistí ar fáil ina leith go dtí 2023.
Dúshláin fiachais agus riocht fiachais meántéarmach. Tháinig méadú ar ollfhiachas rialtais ó 58,8 % de OTI ag deireadh 2020 go 61,1 % ag deireadh 2021, tháinig laghdú air go 57,7 % de OTI ag deireadh 2022 agus go 56,0 % ag deireadh 2023. Réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú air go 58,5 % agus 59,9 % de OTI in 2024 agus in 2025, faoi seach.
Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí arda ann sa mheántéarma. De réir na réamh-mheastachán bunlíne 10 mbliana, mhéadódh cóimheas an ollfhiachais rialtais ar bhonn leanúnach sna blianta amach romhainn go thart ar 106 % de OTI in 2034. Tá conair bhunlíne an fhiachais faoi réir turraingí maicreacnamaíocha. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena n‑ionsamhlaítear raon mór turraingí sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, tá dóchúlacht mheasartha ann go mbeadh an cóimheas fiachais níos mó in 2028 ná mar a bhí sé in 2023.
Ní mór tosca eile a chur san áireamh chun measúnú foriomlán a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fiachais. Ar láimh amháin, baineann tosca méadaithe riosca le staid ghlan infheistíochta idirnáisiúnta dhiúltach na Slóvaice. Ar an láimh eile, baineann tosca maolaithe riosca le struchtúr an fhiachais. Go sonrach, sciar íseal an fhiachais rialtais ghearrthéarmaigh agus an fíoras go bhfuil iomlán an fhiachais rialtais ainmnithe in euro (agus rioscaí airgeadra eisiata ar an gcaoi sin), cuidíonn sin le rioscaí inbhuanaitheachta fiachais a mhaolú.
Thairis sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag athchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí faoi NextGenerationEU (NGEU)/an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: (STA), ach iad a bheith curtha chun feidhme go hiomlán, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn. Tá cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí a áirítear i bplean Téarnaimh agus Athléimneachta na Slóvaice faoi lán seoil ach tá iarrachtaí méadaithe ag teastáil chun é a chur i gcrích in am trátha.
Measúnú faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Tá míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sa tSlóvaic. Go sonrach, tá leochaileachtaí os comhair na Slóvaice a bhaineann le hiomaíochas costais, comhardú seachtrach, an margadh tithíochta agus fiachas teaghlaigh, agus ní ann do ghníomhaíocht beartais.
Creat buiséadach náisiúnta. Tá sainordú leathan agus láithreacht fhairsing sna meáin ag Comhairle na Slóvaice um Fhreagracht Buiséid ach níl a hidirphlé leis an rialtas agus leis an bparlaimint an-láidir. Le Bunreacht na Slóvaice agus leis na dlíthe a ghabhann léi, tugadh isteach riail an bhuiséid chomhardaithe i dtéarmaí struchtúracha agus riail fiachais, lena gcumhdaítear an rialtas ginearálta, chomh maith le buiséad comhardaithe agus riail fiachais a bhfuil feidhm aici maidir le rialtais áitiúla. Tá straitéis bhuiséadach mheántéarmach i bhfeidhm ag an tSlóvaic freisin ina leagtar amach cuspóirí fioscacha agus tosaíochtaí meántéarmacha an Rialtais thar thréimhse 3 bliana agus tar éis fuinneog pleanála rollaí táscaí. Ar an iomlán, tá creat fioscach náisiúnta sách láidir ag an tSlóvaic.
Méadú ar infheistíocht rialtais i réimse na cosanta. Ar bhonn shonraí COFOG arna bhfoilsiú ag Eurostat, ba é a bhí i gcaiteachas poiblí ginearálta iomlán 1,5 % de OTI in 2022. As an méid sin, 0,2 % de OTI in 2022 a bhí in infheistíocht phoiblí i réimse na cosanta, rud nár athraigh i gcomparáid le 2019. De réir na réamhfhaisnéise a sholáthair an tSlóvaic, mhéadódh infheistíocht i réimse na cosanta arna tiomáint ag seachadtaí trealaimh mhíleata.
Tosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh. An 16 Bealtaine 2024, sholáthair an tSlóvaic toisc ábhartha bhreise amháin nár luadh thuas cheana, is é sin an méadú a tháinig le déanaí ar chaiteachas ar ús. Dheimhnigh an tSlóvaic a gealltanas freisin an t‑easnamh ceannlíne a laghdú 1 phointe céatadáin in aghaidh na bliana ó 2025 ar aghaidh.
an Fhionlainn
An riocht maicreacnamaíoch meántéarmach. Tháinig laghdú 2,4 % ar fhíor-OTI in 2020. Tar éis forleathnú 2,8 % in 2021, tháinig fás 1,3 % ar an bhfíor-OTI in 2022 agus ansin chrap sé faoi 1,0 % in 2023. Réamh-mheastar go bhfanfaidh aschur beagnach gan athrú in 2024 agus go dtiocfaidh méadú 1,4 % air in 2025. Is iad an tomhaltas príobháideach agus infheistíocht go príomha is cúis leis an bhfás in 2024.
An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht. Tháinig laghdú ar an easnamh rialtais ó 2,8 % in 2021 go dtí 0,4 % de OTI in 2022, sular tháinig méadú air go 2,7 % in 2023. Réamh-mheastar go mbeidh sé ag 3,4 % in 2024 agus ag 2,8 % in 2025. Bhí infheistíocht phoiblí ag 4,2 % de OTI in 2021 agus in 2022, agus tháinig laghdú beag uirthi go 4,0 % in 2023. Réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú uirthi go 4,1 % de OTI in 2024, agus go dtiocfaidh méadú uirthi go 4,5 % in 2025, agus go mbeidh sí níos airde ná an t‑easnamh rialtais don 5ú bliain as a chéile ó bhí 2021 ann.
In 2023, de réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach forleathnaitheach, faoi 0,9 % de OTI, i gcomhthéacs an bhoilscithe aird. Leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, soláthraíodh rannchuidiú forleathnaitheach 0,8 % de OTI leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin costais níos airde chun cosaint shealadach a thabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin (0,2 % de OTI). Dá bhrí sin, ní raibh rannchuidiú forleathnaitheach an ghlanchaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta in 2023 mar thoradh ar an tacaíocht do dhaoine a bhí ag teitheadh ón Úcráin ach go páirteach. Ba é an méadú leanúnach tapa ar phraghsanna agus ar chostais - go háirithe praghsanna agus costais seirbhísí agus pearsanra a ceannaíodh sa rialtas áitiúil, chomh maith leis an méadú ar chostais a bhaineann le hullmhacht a glacadh mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a spreag an fás forleathnaitheach ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim). Mar achoimre, ní raibh fás an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta in 2023 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Is éard a bhí i gceist le caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 0,4 % de OTI in 2023. Is éard a bhí i gceist leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta 4,0 % de OTI in 2023, is é sin laghdú 0,2 pointe céatadáin i gcomparáid le 2022. Mhaoinigh an Fhionlainn infheistíocht bhreise tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear infheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, mar shampla bonneagar fuinnimh in-athnuaite agus hidrigin le hastaíochtaí nialasacha, rudaí a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.
Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, réamh-mheastar go mbeidh an staid fhioscach forleathnaitheach, faoi 0,7 % de OTI, in 2024. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú 4,0 % ar ghlanchaiteachas príomhúil na Fionlainne a mhaoinítear go náisiúnta in 2024, figiúr atá os cionn an uasráta fáis a mholtar. Tá an baol ann nach bhfuil sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 0,2 % de OTI in 2023 a bhí i nglanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta éigeandála fuinnimh, agus réamh-mheastar gurb é 0,0 % a bheidh ann in 2024 agus 2025. Dá n‑úsáidfí an coigilteas gaolmhar chun an t‑easnamh rialtais a laghdú, mar a mhol an Chomhairle, thuigfí as na réamh-mheastacháin sin go mbeidh coigeartú fioscach 0,2 % de OTI ann in 2024, i gcomparáid le rannchuidiú forleathnaitheach ó ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta leis an staid fhioscach de 0,7 % de OTI an bhliain sin. Meastar go ndéanfar na bearta tacaíochta éigeandála fuinnimh a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2023 agus in 2024. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Mar sin féin, ní mheastar go n‑úsáidfear an coigilteas gaolmhar go hiomlán chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Tá an baol ann nach mbeidh sé sin i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún, maidir le hinfheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú uirthi go 4,1 % de OTI in 2024 ó 4,0 % de OTI in 2023. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Dá réir sin, maidir le caiteachas poiblí a mhaoinítear le hioncam ó chistí an Aontais, lena n‑áirítear deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go bhfanfaidh sé cobhsaí ag 0,4 % de OTI in 2024.
Dúshláin fiachais agus riocht fiachais meántéarmach. Tháinig laghdú ar ollfhiachas rialtais ó 74,7 % de OTI ag deireadh 2020 go 72,6 % ag deireadh 2021, agus tháinig ansin méadú leanúnach air, rud a d’fhág go raibh sé ag 73,5 % de OTI ag deireadh 2022 agus ag 75,8 % de OTI ag deireadh 2023. Réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú breise air go 80,5 % ag deireadh 2024, agus go 82,4 % de OTI ag deireadh 2025.
Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí arda ann sa mheántéarma. De réir an réamh-mheastacháin bhunlíne 10 mbliana, thiocfadh méadú beag ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais go dtí thart ar 96 % de OTI in 2034. Tá conair bhunlíne an fhiachais faoi réir turraingí maicreacnamaíocha. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena n‑ionsamhlaítear raon mór suaití sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, tá dóchúlacht ard ann go mbeadh an cóimheas fiachais in 2028 ní ba mhó ná mar a bhí sé in 2023.
Ní mór tosca eile a chur san áireamh chun measúnú foriomlán a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fiachais. Ar láimh amháin, baineann tosca méadaithe riosca leis an méadú a tháinig le déanaí ar rátaí úis, le sciar an fhiachais rialtais ghearrthéarmaigh agus le rioscaí ón réadmhaoin agus ó na margaí tithíochta. Ar an láimh eile, áirítear ar na tosca maolaithe riosca fadú na haibíochta fiachais le blianta beaga anuas, foinsí maoinithe atá sách cobhsaí (le bonn infheisteoirí mór éagsúlaithe) agus leis an sciar an-mhór d’fhiachas atá ainmnithe in euro.
Thairis sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag athchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí faoi NextGenerationEU (NGEU)/an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: (STA), ach iad a bheith curtha chun feidhme go hiomlán, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn. Tá moill ar chur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí a áirítear i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Fionlainne.
Creat buiséadach náisiúnta. Thug an Fhionlainn isteach riail an bhuiséid chomhardaithe i dtéarmaí struchtúracha lena gcumhdaítear an rialtas ginearálta, agus socraítear riail fiachais trí chomhaontú polaitiúil. Le rialacha an bhuiséid chomhardaithe trí chomhaontú polaitiúil, rialaítear na rialtais áitiúla agus earnáil na slándála sóisialta freisin. Tá riail cheangailteach caiteachais i bhfeidhm freisin: ag tús an téarma pharlaimintigh, déanann an rialtas cinneadh maidir leis na teorainneacha caiteachais agus na rialacha lena rialaítear an nós imeachta le haghaidh na téarma iomlán 4 bliana. Tá straitéis bhuiséadach mheántéarmach i bhfeidhm ag an bhFionlainn freisin ina leagtar amach cuspóirí fioscacha agus tosaíochtaí meántéarmacha an rialtais, straitéis a leanann fuinneog pleanála rollaí. Ar an iomlán, tá creat fioscach sách láidir ag an bhFionlainn.
Méadú ar infheistíocht rialtais i réimse na cosanta. Ar bhonn shonraí COFOG arna bhfoilsiú ag Eurostat, ba é a bhí i gcaiteachas poiblí ginearálta iomlán 1,3 % de OTI in 2022. As an méid sin, ba é a bhí in infheistíocht phoiblí i réimse na cosanta 0,3 % de OTI in 2022, rud a bhí 0,1 pointe céatadáin níos airde ná mar a bhí in 2019. De réir réamh-mheastacháin a sholáthair an Fhionlainn, thiocfadh méadú thart ar 0,5 % de OTI in 2024 ar infheistíocht a bhaineann le cosaint, rud lena léirítear infheistíocht shubstaintiúil a bhaineann le cosaint chomh maith le hinfheistíocht athsholáthair in ábhar cosanta mar gheall ar an gcúnamh don Úcráin; mar sin féin, de réir na Fionlainne, is dócha go n‑áireofar cuid de na hinfheistíochtaí sin, cé go bhfuil siad inchomparáide leis an gcosaint, i rannán COFOG eile (go háirithe ‘Ord poiblí agus sábháilteacht’).
Tosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh. Cumhdaítear leis an anailís a chuirtear i láthair sna ranna roimhe seo na tosca ábhartha a chuir an Fhionlainn chun tosaigh an 17 Bealtaine 2024.
4.2.2.Na Ballstáit nach féidir tosca ábhartha a chur san áireamh ina leith
an Bheilg
An riocht maicreacnamaíoch meántéarmach. Tháinig laghdú 5,3 % ar fhíor-OTI in 2020. Tar éis forleathnú 6,9 % in 2021, tháinig fás 3,0 % ar fhíor-OTI in 2022 agus fás 1,4 % ar fhíor-OTI in 2023. Meastar go dtiocfaidh méadú ar an ngeilleagar faoi 1,3 % in 2024 agus 1,4 % in 2025. Is iad an tomhaltas príobháideach agus infheistíocht go príomha is cúis leis an bhfás in 2024.
An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht. Ó bhí 2020 ann, tá an t‑easnamh rialtais os cionn 3 % de OTI; tháinig laghdú air ó 5,4 % de OTI in 2021 go 3,6 % de OTI in 2022, sular tháinig méadú air arís go 4,4 % de OTI in 2023. Réamh-mheastar go bhfanfaidh sé ag 4,4 % de OTI in 2024 agus go dtiocfaidh méadú air go 4,7 % de OTI in 2025. Ba é a bhí in infheistíocht phoiblí in 2021 2,8 % de OTI sular tháinig laghdú uirthi go 2,7 % in 2022 agus sular tháinig méadú uirthi go 2,9 % in 2023. Réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú breise uirthi go 3,1 % de OTI in 2024 agus ansin go dtiocfaidh laghdú beag uirthi go 2,9 % in 2025.
In 2023, de réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach forleathnaitheach, faoi 0,7 % de OTI, i gcomhthéacs an bhoilscithe aird. Leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, soláthraíodh rannchuidiú forleathnaitheach 0,4 % de OTI leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin costas laghdaithe na mbeart tacaíochta éigeandála spriocdhírithe le haghaidh na dteaghlach is leochailí agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh faoi 0,1 % de OTI. Dá bhrí sin, ní hí an tacaíocht spriocdhírithe a thugtar do na teaghlaigh agus na gnólachtaí is leochailí i leith ardú praghsanna fuinnimh ba chúis le fás an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta de bhreis ar an bhfás a d’fhéadfadh teacht ar aschur meántéarmach. Méaduithe buana ar phá na hearnála poiblí agus ar shochair shóisialta a d’eascair as sásra an innéacsaithe uathoibríoch, laghdú sealadach ar ranníocaíochtaí sóisialta fostóirí in 2023, agus costais bhuiséadacha mhéadaitheacha a bhaineann le haosú déimeagrafach, ba iad ba chúis leis an bhfás forleathnaitheach ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim). Mar achoimre, ní raibh fás an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta in 2023 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Is éard a bhí i gceist le caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 0,3 % de OTI in 2023. Is éard a bhí i gceist leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta 2,8 % de OTI in 2023, is é sin méadú 0,1 pointe céatadáin i gcomparáid le 2022. Mhaoinigh an Bheilg infheistíocht bhreise tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear infheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail infheistíocht i mbonneagar iarnróid agus rothaíochta, in athchóiriú foirgneamh poiblí, agus i mbonneagar hidrigine, rudaí a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.
Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, réamh-mheastar go mbeidh an staid fhioscach crapthach faoi 0,1 % de OTI in 2024. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú 4 % ar ghlanchaiteachas príomhúil na Beilge a mhaoinítear go náisiúnta in 2024, figiúr atá os cionn an uasráta fáis a mholtar. Tá an baol ann nach bhfuil sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 0,4 % de OTI in 2023 a bhí i nglanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta éigeandála fuinnimh, agus réamh-mheastar gurb é 0 % de OTI a bheidh ann in 2024 agus 2025. Dá n‑úsáidfí an coigilteas gaolmhar chun an t‑easnamh rialtais a laghdú, mar a mhol an Chomhairle, thuigfí as na réamh-mheastacháin sin go mbeidh coigeartú fioscach 0,4 % de OTI ann in 2024, ach soláthraítear rannchuidiú crapthach ó ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta leis an staid fhioscach 0,1 % de OTI sa bhliain sin. Meastar go ndéanfar na bearta tacaíochta éigeandála fuinnimh a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2023 agus in 2024. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Mar sin féin, ní mheastar go n‑úsáidfear an coigilteas gaolmhar go hiomlán chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Tá an baol ann nach mbeidh sé sin i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún, maidir le hinfheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú uirthi go 2,9 % de OTI in 2024 ó 2,8 % de OTI in 2023. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Dá réir sin, maidir le caiteachas poiblí a mhaoinítear le hioncam ó chistí an Aontais, lena n‑áirítear deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go bhfanfaidh sé cobhsaí ag 0,3 % de OTI in 2024.
Dúshláin fiachais agus riocht fiachais meántéarmach. Tháinig laghdú ar an ollfhiachas rialtais ó 111,9 % de OTI ag deireadh 2020 go 107,9 % ag deireadh 2021 thairis sin go 104,3 % in 2022 sular tháinig méadú air go 105,2 % ag deireadh 2023. Réamh-mheastar gur 105,0 % agus 106,6 % de OTI a bheidh ann in 2024 agus in 2025, faoi seach.
Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí arda ann sa mheántéarma. De réir an réamh-mheastacháin bhunlíne 10 mbliana, thiocfadh méadú ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais go dtí thart ar 119 % de OTI in 2034. Tá conair bhunlíne an fhiachais faoi réir turraingí maicreacnamaíocha. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena n‑ionsamhlaítear raon mór suaití sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, tá dóchúlacht ard ann go mbeadh an cóimheas fiachais in 2028 ní ba mhó ná mar a bhí sé in 2023.
Ní mór tosca eile a chur san áireamh chun measúnú foriomlán a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fiachais. Ar láimh amháin, baineann na tosca méadaithe rioscaí le méadú ar rátaí úis le déanaí, leis an sciar fiachais ghearrthéarmaigh, le hollriachtanais mhaoiniúcháin arda, leis an sciar mór den fhiachas rialtais atá i seilbh neamhchónaitheoirí agus leis an easpa comhordú fioscach i measc na leibhéal rialtais éagsúil, agus roinnt de na heintitis chónasctha ag léiriú leochaileachtaí sonracha. Ar an láimh eile, áirítear leis na tosca maolaithe rioscaí fadú na haibíochta fiachais le blianta beaga anuas, rud a fhágann gur féidir rátaí úis atá ag ardú a tharchur níos cothroime ar an ualach fiachais, foinsí maoinithe atá sách cobhsaí, le bonn infheisteoirí mór éagsúlaithe, agus fiachas rialtais a ainmniú go hiomlán in euro.
Thairis sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag athchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí faoi NextGenerationEU (NGEU)/an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: (STA), ach iad a bheith curtha chun feidhme go hiomlán, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn. Mar sin féin, tá moill mhór ar chur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí a áirítear i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Beilge.
Creat buiséadach náisiúnta. Tá éifeachtacht na pleanála meántéarmaí sa Bheilg fós lag agus tá an comhordú ar fud leibhéil an rialtais teoranta. Níl an Ard-Chomhairle Airgeadais ag feidhmiú go hiomlán fós. Tá.cur chun feidhme éifeachtach chomhaontú comhair 2013 idir gach leibhéal rialtais maidir le conairí fioscacha ilbhliantúla a shainiú agus an cúram faireacháin ar chomhlíonadh a shannadh don Ard-Chomhairle Airgeadais neamhchomhlánaithe fós. Cuireann sé sin bac ar an bhfaireachán ar chomhlíonadh agus méadaíonn sé an riosca go n‑imeoidh sé ón gconair fhioscach mheántéarmach. Áirítear ar na rialacha fioscacha sa Bheilg spriocanna caiteachais maidir le cúram sláinte ar an leibhéal feidearálach agus rialacha dochta atá leagtha síos d’údaráis áitiúla. Cé gurb iad an leibhéal feidearálach agus na réigiúin is cúis le sciar ard de chaiteachas an rialtais ghinearálta, is beag riail fhoirmiúil atá ann lena rialaítear na leibhéil sin, cé is moite de phríomheisceacht, is é sin an sprioc chaiteachais le déanaí de chuid Fhlóndras. An tráth céanna, tá gealltanas tugtha ag an mBeilg ina Plean Téarnaimh agus Athléimneachta athbhreithnithe caiteachais a dhéanamh.
Méadú ar infheistíocht rialtais i réimse na cosanta. Ar bhonn shonraí COFOG arna bhfoilsiú ag Eurostat, ba é a bhí i gcaiteachas iomlán an rialtais sa chosaint 1 % de OTI in 2022. As an méid sin, 0,1 % de OTI in 2022 a bhí in infheistíocht phoiblí i réimse na cosanta, rud nár athraigh i gcomparáid le 2019.
Tosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh. An 17 Bealtaine 2024, sholáthair an Bheilg tosca ábhartha breise nár luadh thuas cheana, is é sin iarrachtaí a rinneadh le déanaí chun infheistíocht phoiblí a mhéadú chun dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach (lena n‑áirítear trí chur chun feidhme an Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta) agus chun dlús a chur leis an gcaiteachas in earnála na cosanta; tionchar an bhoilscithe an-ard ar an airgeadas poiblí, go háirithe i bhfianaise sásraí innéacsaithe uathoibríocha; agus céimeanna arb é is aidhm dóibh inbhuanaitheacht chóras na bpinsean a fheabhsú agus an córas cánachais a athchóiriú.
an Spáinn
An riocht maicreacnamaíoch meántéarmach. Tháinig laghdú 11,2 % ar fhíor-OTI in 2020. Tar éis forleathnú 6,4 % in 2021, tháinig fás 5,8 % ar fhíor-OTI in 2022 agus fás 2,5 % ar fhíor-OTI in 2023. Meastar go dtiocfaidh méadú air faoi 2,1 % in 2024 agus 1,9 % in 2025. Is iad an tomhaltas príobháideach agus, ar bhonn níos lú, infheistíocht is mó is cúis leis an bhfás in 2024.
An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht. Ó bhí 2020 ann, tá an t‑easnamh rialtais os cionn 3 % de OTI; tháinig laghdú air ó 6,7 % in 2021 go 4,7 % de OTI in 2022 agus 3,6 % in 2023. Réamh-mheastar go dtiocfadh laghdú breise air go 3.0 % agus 2,8 % de OTI in 2024 agus in 2025, faoi seach. Tháinig méadú beag ar infheistíocht phoiblí ó 2,7 % de OTI in 2021 go 2,8 % agus 3,0 % in 2022 agus in 2023 faoi seach. Réamh-mheastar go mbeidh sí ag 3,1 % in 2024 agus in 2025, agus go mbeidh sí níos mó ná an t‑easnamh rialtais sna blianta céanna.
In 2023, de réir na réamh-mheastachán ón gCoimisiún, bhí an staid fhioscach neodrach den chuid is mó, ag -0,2 % de OTI. Leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, soláthraíodh rannchuidiú crapthach de 0,3 % de OTI leis an staid fhioscach, rud a bhí i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Bhí an rannchuidiú crapthach ó chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta mar thoradh ar costais níos ísle na mbeart tacaíochta éigeandála (spriocdhírithe agus neamhdhírithe) do theaghlaigh agus do ghnólachtaí mar fhreagairt ar arduithe ar phraghsanna fuinnimh (faoi 0,6 pointe céatadáin de OTI). Sochair shóisialta seachas sochair chomhchineáil, arna spreagadh ag athluacháil pinsean, agus tomhaltas idirmheánach, arna spreagadh ag caiteachas in earnáil na cosanta, ba iad na príomhchúiseanna leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glanchaiteachas beart ioncaim). Is éard a bhí i gceist le caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 1,3 % de OTI in 2023. Is éard a bhí i gceist leis an infheistíocht a mhaoinítear go náisiúnta 2,3 % de OTI in 2023, le méadú bliantúil 0,1 pointe céatadáin. Mhaoinigh an Spáinn infheistíocht bhreise tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear infheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail an tsraith uirlisí digiteacha, PERTE le haghaidh feithiclí leictreacha agus nasctha, spásanna gairmoideachais agus gairmoiliúna agus infheistíochtaí i réimse na hidrigine in-athnuaite, rudaí a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.
Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, réamh-mheastar go mbeidh an staid fhioscach neodrach ag 0,0 % de OTI in 2024. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú 3,8 % ar ghlanchaiteachas príomhúil na Spáinne a mhaoinítear go náisiúnta in 2024, figiúr atá os cionn an uasráta fáis a mholtar. Tá an baol ann nach bhfuil sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 0,9 % de OTI in 2023 a bhí i nglanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta éigeandála fuinnimh, agus réamh-mheastar gurb é 0,2 % a bheidh ann in 2024 agus -0,1 % a bheidh ann in 2025. Dá n‑úsáidfí an coigilteas gaolmhar chun an t‑easnamh rialtais a laghdú, mar a mhol an Chomhairle, thuigfí as na réamh-mheastacháin sin go mbeidh coigeartú fioscach 0,7 % de OTI ann in 2024, ach soláthraítear rannchuidiú crapthach ó ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta leis an staid fhioscach 0,3 % de OTI sa bhliain sin. Meastar go ndéanfar na bearta tacaíochta éigeandála fuinnimh a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2023 agus in 2024. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Mar sin féin, ní mheastar go n‑úsáidfear an coigilteas gaolmhar go hiomlán chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Tá an baol ann nach mbeidh sé sin i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún, maidir le hinfheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú uirthi go 2,4 % de OTI in 2024 ó 2,3 % de OTI in 2023. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Dá réir sin, maidir le caiteachas poiblí a mhaoinítear le hioncam ó chistí an Aontais, lena n‑áirítear deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go dtiocfaidh méadú air go 1,6 % de OTI in 2024 (ó 1,3 % de OTI in 2023).
Dúshláin fiachais agus riocht fiachais meántéarmach. Tháinig laghdú ar an ollfhiachas rialtais ó 120,3 % de OTI ag deireadh 2020 go 116,8 % ag deireadh 2021 agus go 111,6 % in 2022. Tháinig laghdú breise air ag deireadh 2023 go 107,7 % agus réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú níos mó air ag deireadh 2024 agus 2025 (is é sin, 105,5 % agus 104,8 % de OTI faoi seach).
Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí arda ann sa mheántéarma. De réir an réamh-mheastacháin bhunlíne 10 mbliana, tiocfaidh laghdú beag ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais agus méadóidh sé arís go 113 % de OTI in 2034. Tá an chonair fiachais faoi réir turraingí maicreacnamaíocha. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena n‑ionsamhlaítear raon mór suaití sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, tá dóchúlacht ard ann go mbeadh an cóimheas fiachais in 2028 ní ba mhó ná mar a bhí sé in 2023.
Ní mór tosca eile a chur san áireamh chun measúnú foriomlán a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fiachais. Ar láimh amháin, baineann tosca méadaithe riosca le comhthéacs na rátaí úis atá níos airde i bhfianaise an leibhéil ardaithe d’fhiachas náisiúnta. Ar an láimh eile, áirítear ar na tosca maolaithe riosca fadú na haibíochta fiachais le blianta beaga anuas, foinsí maoinithe atá sách cobhsaí le bonn infheisteoirí mór éagsúlaithe agus leis an sciar an-mhór d’fhiachas atá ainmnithe in euro. Thairis sin, ach an ‘clásal clabhsúir’ a tugadh isteach le hathchóiriú pinsean 2023 a chur chun feidhme go hiomlán, rannchuideofaí le haghaidh a thabhairt ar bhearnaí inbhuanaitheachta fioscacha atá ag teacht chun cinn a bhaineann le caiteachas poiblí ar phinsin.
Thairis sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag athchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí faoi NextGenerationEU (NGEU)/an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: (STA), ach iad a bheith curtha chun feidhme go hiomlán, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn. Tá cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí a áirítear i bplean Téarnaimh agus Athléimneachta na Spáinne faoi lán seoil ach tá iarrachtaí méadaithe ag teastáil chun é a chur i gcrích in am trátha.
Measúnú faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Níl míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sa Spáinn a thuilleadh.
Creat buiséadach náisiúnta. Tá sainordú leathan ag Comhairle Fhioscach na Spáinne (AIReF) agus chruthaigh sí go tapa gur institiúid neamhspleách iontaofa í. I measc na rialacha fioscacha náisiúnta sa Spáinn tá riail an bhuiséid chomhardaithe, an riail maidir le fiachas agus an riail maidir le caiteachas náisiúnta. Le díghníomhachtú an Chlásail Éalaithe Ghinearálta ag deireadh 2023 agus le glacadh nua ar leibhéal an Aontais le déanaí, tá an Spáinn i gcéim idirthréimhseach faoi láthair agus tá a rialacha fioscacha náisiúnta á gcur i bhfeidhm arís. I bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Spáinne, tá gealltanas tugtha aici athbhreithnithe caiteachais a d’ullmhaigh AIReF a dhéanamh agus iad a chomhtháthú sa phróiseas buiséadach bliantúil.
Méadú ar infheistíocht rialtais i réimse na cosanta. Ar bhonn shonraí COFOG arna bhfoilsiú ag Eurostat, ba é a bhí i gcaiteachas poiblí ginearálta iomlán 1,1 % de OTI in 2022. As an méid sin, ba é a bhí in infheistíocht phoiblí i réimse na cosanta 0,4 % de OTI in 2022, rud a bhí 0,2 pointí céatadáin níos airde ná mar a bhí in 2019.
Tosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh. Cumhdaítear leis an anailís a chuirtear i láthair sna ranna roimhe seo na tosca ábhartha a chuir an Spáinn chun tosaigh an 20 Bealtaine 2024.
an Fhrainc
An riocht maicreacnamaíoch meántéarmach. Tháinig laghdú 7,5 % ar fhíor-OTI in 2020. Tar éis forleathnú 6,4 % in 2021, tháinig fás 2,5 % ar fhíor-OTI in 2022 agus fás 0,7 % ar fhíor-OTI in 2023. Meastar go dtiocfaidh méadú air faoi 0,7 % in 2024 agus 1,3 % in 2025. Is iad an tomhaltas príobháideach agus poiblí go príomha is mó is cúis leis an bhfás in 2024.
An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht. Ó bhí 2020 ann, tá an t‑easnamh rialtais os cionn 3 % de OTI; tháinig laghdú air ó 6,6 % in 2021 go dtí 4,8 % de OTI in 2022, agus tháinig méadú air go 5,5 % in 2023. Réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú air go 5,3 % de OTI in 2024 agus go 5,0 % de OTI in 2025. D’fhan infheistíocht phoiblí sách cobhsaí (beagán os cionn 4 % de OTI) idir 2020 agus 2023. Réamh-mheastar go mbeidh sí ag 4,3 % de OTI in 2024 agus go dtiocfaidh laghdú uirthi go 4,2 % in 2025.
In 2023, de réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach crapthach, faoi 0,5 % de OTI, i gcomhthéacs an bhoilscithe aird. Leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, soláthraíodh rannchuidiú crapthach de 0,3 % de OTI leis an staid fhioscach, rud a bhí i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Is éard a bhí i gceist le caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 0,4 % de OTI in 2023. Is éard a bhí i gceist leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta 4,1 % de OTI in 2023, is é sin méadú 0,1 pointe céatadáin i gcomparáid le 2022. Mhaoinigh an Fhrainc infheistíocht bhreise tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear infheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail chun réitigh hidrigine in-athnuaite agus ísealcharbóin a fhorbairt agus a chur in úsáid go tionsclaíoch, tionscadail nuálaíochta i gcórais talmhaíochta inbhuanaithe, ábhair athchúrsáilte, foirgnimh nuálacha, soghluaisteacht a dhigitiú agus a dhícharbónú chomh maith le hinfheistíochtaí le haghaidh athchóiriú teirmeach foirgneamh, rudaí a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh an Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.
Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, réamh-mheastar go mbeidh an staid fhioscach crapthach faoi 1,1 % de OTI in 2024. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú 1,8 % ar ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta de chuid na Fraince in 2024, figiúr atá faoi bhun an uasráta fáis a mholtar. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 0,9 % de OTI in 2023 a bhí i nglanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta éigeandála fuinnimh, agus réamh-mheastar gurb é 0,2 % a bheidh ann in 2024 agus 0,0 % a bheidh ann in 2025. Dá n‑úsáidfí an coigilteas gaolmhar chun an t‑easnamh rialtais a laghdú, mar a mhol an Chomhairle, thuigfí as na réamh-mheastacháin sin go mbeidh coigeartú fioscach 0,6 % de OTI ann in 2024, ach soláthraítear rannchuidiú crapthach ó ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta leis an staid fhioscach 1,0 % de OTI sa bhliain sin. Meastar go ndéanfar na bearta tacaíochta éigeandála fuinnimh a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2023 agus in 2024. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Thairis sin, meastar go n‑úsáidfear an coigilteas gaolmhar go hiomlán chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Tá sé sin i gcomhréir freisin leis an moladh ón gComhairle. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún, maidir le hinfheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta, réamh-mheastar go bhfanfaidh sé cobhsaí ag 4,1 % de OTI in 2024. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Dá réir sin, maidir le caiteachas poiblí a mhaoinítear le hioncam ó chistí an Aontais, lena n‑áirítear deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go bhfanfaidh sé cobhsaí ag 0,4 % de OTI in 2024.
Dúshláin fiachais agus riocht fiachais meántéarmach. Tháinig laghdú ar an ollfhiachas rialtais ó 113,0 % de OTI ag deireadh 2021 go dtí 111,9 % ag deireadh 2022 agus thairis sin go 110,6 % ag deireadh 2023. Réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú air go 112,4 % agus go 113,8 % de OTI in 2024 agus in 2025, faoi seach.
Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí arda ann sa mheántéarma. De réir an réamh-mheastacháin bhunlíne 10 mbliana, thiocfadh méadú beag ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais go dtí thart ar 139 % de OTI in 2034. Tá an chonair fiachais faoi réir turraingí maicreacnamaíocha. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena n‑ionsamhlaítear raon mór suaití sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, tá dóchúlacht ard ann go mbeadh an cóimheas fiachais in 2028 ní ba mhó ná mar a bhí sé in 2023.
Ní mór tosca eile a chur san áireamh chun measúnú foriomlán a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fiachais. Ar láimh amháin, baineann tosca méadaithe rioscaí leis an méadú le déanaí ar rátaí úis, an sciar d’fhiachas náisiúnta gearrthéarmach, an méadú a mheastar a bheidh ann ar ollriachtanais mhaoiniúcháin sa mheántéarma agus leis na rioscaí i dtaobh dliteanas teagmhasach a eascraíonn as an earnáil phríobháideach, lena n‑áirítear trí ráthaíochtaí rialtais arna ndeonú do ghnólachtaí agus do dhaoine féinfhostaithe le linn ghéarchéim COVID-19 a d’fhéadfadh teacht ann. Ar an láimh eile, áirítear ar na himthosca maolaithe rioscaí an aibíocht fiachais a fhadú le blianta beaga anuas agus foinsí maoinithe atá réasúnta cobhsaí (agus bonn mór éagsúlaithe infheisteoirí fúthu).
Thairis sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag athchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí faoi NextGenerationEU (NGEU)/an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: (STA), ach iad a bheith curtha chun feidhme go hiomlán, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn. Tá cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí a áirítear i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Fraince faoi lán seoil. FÉACH AN TRÁCHT A NOLLAIG
Measúnú faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Níl míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sa Fhrainc a thuilleadh. Go sonrach, chuidigh gníomhaíocht beartais le leochaileachtaí a laghdú, a raibh ábharthacht trasteorann ag baint leo, a bhaineann le hiomaíochas i gcomhthéacs fás íseal táirgiúlachta, ach ní mór leanúint leis na hiarrachtaí, agus tá leochaileachtaí a bhaineann le fiachas náisiúnta ard fós ann.
Creat buiséadach náisiúnta. Tá sainordú measartha cúng ag an Ard-Chomhairle um Airgeadas Poiblí (HCPF) , atá teoranta do thuairimí a eisiúint maidir le hinchreidteacht na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha is bun leis na doiciméid bhuiséadacha bhliantúla agus ilbhliantúla agus a gcomhsheasmhacht leis na cuspóirí maidir le comhardú struchtúrach. Le Bunreacht na Fraince agus leis na dlíthe a ghabhann leis, tugadh isteach riail an bhuiséid chomhardaithe i dtéarmaí struchtúracha lena gcumhdaítear an rialtas ginearálta agus riail an bhuiséid chomhardaithe le haghaidh rialtais áitiúla. Tá straitéis bhuiséadach mheántéarmach i bhfeidhm freisin ina leagtar amach cuspóirí fioscacha agus tosaíochtaí meántéarmacha an rialtais thar thréimhse 3 go 5 bliana. San am a chuaigh thart, rinneadh athbhreithniú ar na cuspóirí buiséadacha náisiúnta a leagadh síos sa mheántéarma nó na cuspóirí nár baineadh amach agus rinneadh an coigeartú fioscach a shiarchoinneáil, rud a lagaíonn an nasc le buiséid bhliantúla. An tráth céanna, i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na Fraince, tá gealltanas tugtha aici athbhreithnithe caiteachais a dhéanamh i ndáil leis an mbuiséad bliantúil.
Méadú ar infheistíocht rialtais i réimse na cosanta. Ar bhonn shonraí COFOG arna bhfoilsiú ag Eurostat, ba é a bhí i gcaiteachas poiblí ginearálta iomlán 1,8 % de OTI in 2022. As an méid sin, 0,3 % de OTI in 2022 a bhí in infheistíocht phoiblí i réimse na cosanta, rud nár athraigh i gcomparáid le 2019.
Tosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh. An 22 Bealtaine 2024, sholáthair an Fhrainc tosca ábhartha breise nár luadh thuas cheana, is é sin leaisteachas íseal OTI an ioncaim cánach agus, ar bhonn níos lú, tionchar an athbhreithnithe ar an mbonn staidrimh a rinne institiúid staidrimh na Fraince.
an Iodáil
An riocht maicreacnamaíoch meántéarmach. Tar éis crapadh 9,0 % in 2020, tháinig fás 8,3 % ar fhíor-OTI in 2021, fás 4,0 % ar fhíor-OTI in 2022 agus fás 0,9 % ar fhíor-OTI in 2023. Meastar go mbeidh fás ag 0,9 % in 2024 freisin agus go dtiocfaidh méadú beag air go 1,1 % in 2025. Is iad glan-onnmhairí agus infheistíocht go príomha is cúis leis an bhfás in 2024.
An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht. Ó bhí 2020 ann, tá an t‑easnamh rialtais os cionn 3 % de OTI; tháinig laghdú air ó 8,7 % in 2021 go 8,6 % de OTI in 2022 agus 7,4 % in 2023. Áirítear i bhfigiúirí easnaimh 2020-2023 tionchar méadaitheach na gcreidmheasanna cánach athchóirithe maidir le tithíocht. Réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú ar an easnamh rialtais go 4,4 % de OTI in 2024 sula dtiocfaidh méadú beag air go 4,7 % de OTI in 2025. Tar éis d’infheistíocht phoiblí méadú go 2,9 % de OTI in 2021, tháinig laghdú beag uirthi go 2,7 % de OTI in 2022, sular tháinig méadú uirthi go 3,2 % in 2023, áit a réamh-mheastar go mbeidh sé in 2024 freisin. In 2025, meastar go mbeidh sí ag 3,5 % de OTI.
In 2023, de réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach beagán forleathnaitheach, faoi 0,3 % de OTI, i gcomhthéacs an bhoilscithe aird. Leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, soláthraíodh rannchuidiú crapthach de 1,0 % de OTI leis an staid fhioscach, rud a bhí i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Bhí an rannchuidiú crapthach ó chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta mar thoradh ar costais níos ísle na mbeart tacaíochta éigeandála (spriocdhírithe agus neamhdhírithe) do theaghlaigh agus do ghnólachtaí mar fhreagairt ar arduithe ar phraghsanna fuinnimh (faoi 1,4 pointe céatadáin de OTI). Ba iad pinsin agus ciorruithe ar an ding chánach na príomhchúiseanna leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim). Is éard a bhí i gceist le caiteachas arna mhaoiniú ag deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 0,8 % de OTI in 2023. Is éard a bhí i gceist leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta 2,9 % de OTI in 2023, is é sin méadú 0,3 pointe céatadáin i gcomparáid le 2022. Mhaoinigh an Iodáil infheistíocht bhreise tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear infheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail eangacha cliste a neartú, ‘nasc Mhuir Thoirian’ a thógáil, mearchórais olliompair a fhorbairt, hidrigin a tháirgeadh i láithreáin athfhorbraíochta, naisc idirlín ghasta agus an riarachán poiblí a dhigitiú, rudaí a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.
Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, réamh-mheastar go mbeidh an staid fhioscach crapthach ag 3,1 % de OTI in 2024. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú 2,8 % ar ghlanchaiteachas príomhúil na hIodáile a mhaoinítear go náisiúnta in 2024, figiúr atá faoi bhun an uasráta fáis a mholtar. Mar sin féin, bhí glanchaiteachas in 2023 níos airde ná mar a bhí coinne leis tráth an mholta (faoi 2,9 % de OTI). Dá bhrí sin, ó rud é gur ceapadh an moladh le haghaidh 2024 mar ráta fáis, cuirtear an bhunéifeacht ó 2023 san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh freisin. I gcás ina raibh an glanchaiteachas in 2023 mar a bhí coinne leis tráth an mholta, bheadh ráta fáis an ghlanchaiteachais in 2024 os cionn an ráta fáis a mholtar, faoi 0,9 % de OTI. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil baol ann nach bhfuil an glanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta go hiomlán i gcomhréir leis an moladh. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 1,0 % de OTI in 2023 a bhí i nglanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta fuinnimh, agus réamh-mheastar gurb é 0,0 % a bheidh ann in 2024. Dá n‑úsáidfí an coigilteas gaolmhar chun an t‑easnamh rialtais a laghdú, mar a mhol an Chomhairle, thuigfí as na réamh-mheastacháin sin go mbeidh coigeartú fioscach 1,0 % de OTI ann in 2024, ach soláthraítear rannchuidiú crapthach ó ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta leis an staid fhioscach 2,7 % de OTI sa bhliain sin. Mar sin féin, tá an dara ceann á spreagadh ag rannchuidiú crapthach 3,2 % de OTI ó chaiteachas caipitiúil eile, rannchuidiú a bhaineann go príomha leis an laghdú géar thuasluaite ar fhóirdheontais a bhaineann le creidmheasanna cánach le haghaidh athchóiriú tithíochta in 2024. An tráth céanna, an rannchuidiú ó ghlanchaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta leis an staid fhioscach, rud a bhfuil difear á dhéanamh dó leis an deireadh atá á chur de réir a chéile leis na bearta tacaíochta, réamh-mheastar go mbeidh sé forleathnaitheach faoi 0,4 % de OTI, rud a léiríonn go mbeidh úsáid iomlán á baint as an gcoigilteas 0,8 % de OTI ó na bearta tacaíochta fuinnimh atá ann faoi láthair le haghaidh beartais fhorleathnaitheacha lena méadaítear glanchaiteachas reatha in 2024, lena n‑áirítear ciorruithe ar an ding chánach. Meastar go ndéanfar na bearta tacaíochta éigeandála fuinnimh a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2023 agus in 2024. Tá sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Mar sin féin, ní mheastar go n‑úsáidfear an coigilteas gaolmhar go hiomlán chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Tá an baol ann nach bhfuil sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú ar infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go poiblí go 2,8 % de OTI in 2024 ó 2,9 % de OTI in 2023. Tá sé sin i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Dá réir sin, maidir le caiteachas poiblí a mhaoinítear le hioncam ó chistí an Aontais, lena n‑áirítear deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go dtiocfaidh laghdú air go 0,8 % de OTI in 2024 (ó 1,2 % de OTI in 2023), go príomha i ndáil le ReactEU.
Dúshláin fiachais agus riocht fiachais meántéarmach. Tháinig laghdú ar an ollfhiachas rialtais ó 155,0 % de OTI ag deireadh 2020 go 147,1 % ag deireadh 2021, 140,5 % in 2022 agus 137,3 % in 2023. Réamh-mheastar ansin go dtiocfaidh méadú air go 138,6 % agus 141,7 % de OTI ag deireadh 2024 agus 2025, faoi seach.
Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí arda ann sa mheántéarma. De réir na réamh-mheastachán bunlíne 10 mbliana, méadóidh an cóimheas ollfhiachais rialtais go leanúnach go dtí thart ar 168 % de OTI in 2034. Tá an chonair fiachais faoi réir turraingí maicreacnamaíocha. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena n‑ionsamhlaítear raon mór turraingí sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, tá dóchúlacht ard ann go mbeadh an cóimheas fiachais níos mó in 2028 ná mar a bhí sé in 2023.
Ní mór tosca eile a chur san áireamh chun measúnú foriomlán a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fiachais. Ar láimh amháin, baineann tosca méadaithe riosca leis an sciar d’fhiachas náisiúnta gearrthéarmach. Ar an láimh eile, áirítear ar na tosca maolaithe riosca struchtúr an fhiachais. Go sonrach, tá an sciar mór d’ollfhiachas rialtais fós i seilbh iasachtóirí intíre. Thairis sin, ós rud é go bhfuil an fiachas náisiúnta ainmnithe go hiomlán in euro, eisiatar rioscaí airgeadra. Le staid ghlan infheistíochta idirnáisiúnta na hIodáile, maolaítear rioscaí fioscacha a thuilleadh.
Thairis sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag athchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí faoi NextGenerationEU (NGEU)/an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: (STA), ach iad a bheith curtha chun feidhme go hiomlán, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn. Tá cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí a áirítear i bplean Téarnaimh agus Athléimneachta na hIodáile faoi lán seoil ach tá iarrachtaí méadaithe ag teastáil chun é a chur i gcrích in am trátha.
Measúnú faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Tá míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ag an Iodáil, tar éis di a bheith sainaitheanta mar thír ina bhfuil míchothromaíochtaí iomarcacha in 2023. Go sonrach, baineann leochaileachtaí na hIodáile le fiachas náisiúnta ard agus le fás lag ar an táirgiúlacht i gcomhthéacs laigí i margadh an tsaothair agus roinnt laigí iarmharacha sna margaí airgeadais, a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo.
Creat buiséadach náisiúnta. Tá sainordú leathan ag Oifig Buiséid Pharlaiminteach na hIodáile (PBO) agus is sampla é de dhea-chleachtas i measc institiúidí fioscacha neamhspleácha na hEorpa. Tá PBO i mbun idirphlé leanúnach leis an rialtas. Le Bunreacht na hIodáile agus leis na dlíthe a ghabhann leis, tugadh isteach riail maidir le buiséad comhardaithe i dtéarmaí struchtúracha agus riail maidir le fiachas don rialtas ginearálta, riail maidir le caiteachas a bhfuil feidhm aici maidir leis an rialtas ginearálta agus riail maidir le buiséad comhardaithe réigiúnach. Tá straitéis bhuiséadach mheántéarmach i bhfeidhm freisin ina leagtar amach cuspóirí fioscacha agus tosaíochtaí meántéarmacha an rialtais thar thréimhse 3 bliana. An tráth céanna, tá an buiséad bliantúil fréamhaithe go lag sa phlean meántéarmach. I bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na hIodáile, tá gealltanas tugtha ag an Iodáil athbhreithnithe caiteachais bliantúla a dhéanamh le linn 2023-2025.
Méadú ar infheistíocht rialtais i réimse na cosanta. Ar bhonn shonraí COFOG arna bhfoilsiú ag Eurostat, ba é a bhí i gcaiteachas poiblí ginearálta iomlán 1,3 % de OTI in 2022. As an méid sin, 0,3 % de OTI in 2022 a bhí in infheistíocht phoiblí i réimse na cosanta, rud nár athraigh i gcomparáid le 2019.
Tosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh. Cumhdaítear leis an anailís a chuirtear i láthair sna ranna roimhe seo na tosca ábhartha a chuir an Iodáil chun tosaigh an 17 Bealtaine 2024.
an Ungáir
An riocht maicreacnamaíoch meántéarmach. Tháinig laghdú 4,5 % ar fhíor-OTI in 2020. Tar éis forleathnú 7,1 % in 2021, tháinig fás 4,6 % ar an bhfíor-OTI in 2022 agus ansin chrap sé faoi 0,9 % in 2023. Meastar go dtiocfaidh méadú air faoi 2,4 % in 2024 agus 3,5 % in 2025. Is iad an tomhaltas príobháideach agus infheistíocht go príomha is cúis leis an bhfás in 2024.
An riocht buiséadach meántéarmach, lena n‑áirítear an infheistíocht. Ó bhí 2020 ann, tá an t‑easnamh rialtais os cionn 3 % de OTI; tháinig laghdú air ó 7,2 % in 2021 go 6,2 % de OTI in 2022, sular tháinig méadú air arís go 6,7 % de OTI in 2023. Réamh-mheastar go mbeidh sé ag 5.4 % agus 4,5 % de OTI in 2024 agus in 2025, faoi seach. Tar éis an mhéadaithe ar an infheistíocht rialtais go 6,3 % de OTI in 2021, tháinig laghdú uirthi go 5,4 % de OTI in 2022 agus go 5,1 % in 2023. Réamh-mheastar go mbeidh sí ag 4,6 % de OTI in 2024 agus 4,7 % in 2025, agus go mbeidh sí níos mó ná an t‑easnamh rialtais in 2025.
In 2023, de réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach crapthach, ag 4,7 % de OTI, i gcomhthéacs an bhoilscithe aird. Leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, soláthraíodh rannchuidiú crapthach 1,7 % de OTI leis an staid fhioscach. Bhí fás an chaiteachais reatha phríomhúil a mhaoinítear go náisiúnta in 2023 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Mar sin féin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gurb é an leibhéal an-ard glanchaiteachais in 2022 i gcomparáid le 2023 ba chúis leis sin den chuid is mó, lena n‑áirítear caiteachas neamh-spriocdhírithe i roinnt réimsí, rud a rannchuidigh le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, a mhaoinítear le brabús amhantair agus le cánacha earnála a ghearrtar ar chuideachtaí in earnálacha an fhuinnimh, an airgeadais agus an mhiondíola go príomha. Is éard a bhí i gceist leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta 4,6 % de OTI in 2023, is é sin méadú 0,2 pointe céatadáin i gcomparáid le 2022. Mhaoinigh an Ungáir infheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh agus digitiú sa chúram sláinte agus san oideachas. Níl iarraidh ar íocaíocht curtha isteach ag an Ungáir go fóill faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, réamh-mheastar go mbeidh an staid fhioscach crapthach faoi 1,0 % de OTI in 2024.. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú 3,6 % ar ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta de chuid na hUngáire in 2024, figiúr atá faoi bhun an uasráta fáis a mholtar. Mar sin féin, bhí glanchaiteachas in 2023 níos airde ná mar a bhí coinne leis tráth an mholta (faoi 1,8 % de OTI). Dá bhrí sin, ó rud é gur ceapadh an moladh le haghaidh 2024 mar ráta fáis, cuirtear an bhunéifeacht ó 2023 san áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh freisin. I gcás ina raibh an glanchaiteachas in 2023 mar a bhí coinne leis tráth an mholta, bheadh ráta fáis an ghlanchaiteachais in 2024 os cionn an ráta fáis a mholtar, faoi 1,5 % de OTI. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil baol ann nach bhfuil an glanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta go hiomlán i gcomhréir leis an moladh. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 1,6 % de OTI in 2023 a bhí i nglanchostas buiséadach na mbeart tacaíochta fuinnimh, agus réamh-mheastar gurb é 0,9 % a bheidh ann in 2024 agus 0,4 % a bheidh ann in 2025. Dá n‑úsáidfí an coigilteas gaolmhar chun an t‑easnamh rialtais a laghdú, mar a mhol an Chomhairle, thuigfí as na réamh-mheastacháin sin go mbeidh coigeartú fioscach 0,6 % de OTI ann in 2024, ach soláthraítear rannchuidiú crapthach ó ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta leis an staid fhioscach 1,9 % de OTI sa bhliain sin. Ní mheastar go ndéanfar na bearta tacaíochta éigeandála fuinnimh a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2023 agus in 2024. Tá an baol ann nach bhfuil sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Thairis sin, meastar go n‑úsáidfear an coigilteas gaolmhar go hiomlán chun an t‑easnamh rialtais a laghdú. Tá sé sin i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú ar infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta go 4,0 % de OTI in 2024 (ó 4,6 % de OTI in 2023). Is é is cúis leis sin den chuid is mó ciorruithe agus cur siar i dtionscadail infheistíochta a mhaoinítear go náisiúnta a d’fhógair na húdaráis i bhfianaise na n‑easnamh ard réamh-mheasta. Tá an baol ann nach bhfuil sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Dá réir sin, maidir le caiteachas poiblí a mhaoinítear le hioncam ó chistí an Aontais, lena n‑áirítear deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go méadóidh sé go 1,7 % de OTI in 2024 ó 0,8 % de OTI in 2023. Is é is cúis leis an méadú sin méadú réamh-mheasta ar ionsú chistiú bheartas comhtháthaithe an Aontais ón gclárthréimhse 2020-2027 agus caiteachas níos airde ar infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
Dúshláin fiachais agus riocht fiachais meántéarmach. Tháinig laghdú ar an ollfhiachas rialtais ó 79,3 % de OTI ag deireadh 2020 go dtí 76,7 % ag deireadh 2021 agus go 74,1 % ag deireadh 2022, agus laghdaigh sé thairis sin go 73,5 % in 2023. Réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú air ansin go 74,3 % in 2024, sula dtiocfaidh laghdú air go 73,8 % ag deireadh 2023.
Ar an iomlán, léirítear leis an anailís ar inbhuanaitheacht an fhiachais go bhfuil rioscaí measartha ann sa mheántéarma. De réir na réamh-mheastachán bunlíne 10 mbliana, thiocfadh méadú ar an gcóimheas ollfhiachais rialtais go dtí thart ar 78 % de OTI in 2034. Tá conair an fhiachais sách íogair do shuaití maicreacnamaíocha. De réir réamh-mheastacháin stocastacha, lena n‑ionsamhlaítear raon mór turraingí sealadacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athróga maicreacnamaíocha, tá dóchúlacht mheasartha ann go mbeadh an cóimheas fiachais níos mó in 2028 ná mar a bhí sé in 2023.
Ní mór tosca eile a chur san áireamh chun measúnú foriomlán a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fiachais. Ar láimh amháin, baineann tosca méadaithe riosca le struchtúr an fhiachais náisiúnta, go háirithe na sciartha arda den fhiachas náisiúnta gearrthéarmach agus den fhiachas náisiúnta arna sealbhú in airgeadra eachtrach. Tá rioscaí fioscacha breise ag baint le rioscaí dliteanais theagmhasaigh a eascraíonn as an earnáil baincéireachta, chomh maith le staid ghlan infheistíochta idirnáisiúnta dhiúltach na hUngáire. Ar an láimh eile, airítear ar na tosca maolaithe riosca sciar ard d’fhiachas náisiúnta atá i seilbh intíre.
Thairis sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag athchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí faoi NextGenerationEU (NGEU)/an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: (STA), ach iad a bheith curtha chun feidhme go hiomlán, ar fhás OTI sna blianta amach romhainn. Tá moill mhór ar chur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí a áirítear i bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na hUngáire, de bharr dúshláin shubstaintiúla.
Measúnú faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Tá míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha san Ungáir. Go sonrach, tá leochaileachtaí os comhair na hUngáire a bhaineann le brúnna praghsanna agus riachtanais maoinithe sheachtraigh agus rialtais, cé gur maolaíodh roinnt rioscaí gearrthéarmacha le timpeallacht sheachtrach atá ag feabhsú.
Creat buiséadach náisiúnta. Is eagraíocht sách beag í institiúid fhioscach neamhspleách na hUngáire (an Chomhairle Fhioscach) a bhfuil sainordú sách cúng aici. Níl baint aici faoi láthair le réamhaisnéisí buiséadacha, costálacha beart beartais ná meastóireachtaí ex post ar réamhaisnéisí maicreacnamaíocha a tháirgeadh. Tá roinnt rialacha fioscacha náisiúnta ag an Ungáir, riail amháin lena gcuirtear teorainn leis an bhfiachas náisiúnta agus dhá riail maidir le buiséad comhardaithe. Cuireann an riail maidir le laghdú fiachais srian éifeachtach ar bhuiséid bhliantúla ach tá gnéithe comhthimthriallacha áirithe aici, toisc go gcuireann sí srian ar chaiteachas agus go gceadaíonn sí méaduithe cánach nuair a bhíonn an fás agus an boilsciú níos ísle agus a mhalairt. Le riail ilbhliantúil an bhuiséid chomhardaithe, cuirtear srian níos lú ar na buiséid náisiúnta bhliantúla, ós rud é gur féidir na spriocanna le haghaidh na bpleananna meántéarmacha a athrú 2 uair sa bhliain i gcás na mblianta uile a chumhdaítear faoi na pleananna. I bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta na hUngáire, tá gealltanas tugtha aici athbhreithnithe caiteachais a dhéanamh mar bhealach chun éifeachtúlacht an chaiteachais phoiblí a mhéadú agus chun spás fioscach breise a aimsiú chun freastal ar bhrúnna nua caiteachais.
Méadú ar infheistíocht rialtais i réimse na cosanta. Ar bhonn shonraí COFOG arna bhfoilsiú ag Eurostat, ba é a bhí i gcaiteachas poiblí ginearálta iomlán 1,4 % de OTI in 2022. As an méid sin, ba é a bhí in infheistíocht phoiblí i réimse na cosanta 0,3 % de OTI in 2022, rud a bhí 0,1 pointí céatadáin níos airde ná mar a bhí in 2019. De réir réamh-mheastacháin a sholáthair an Ungáir, meastar gur tháinig caiteachas ar chosaint i ngiorracht do 2 % de OTI in 2023.
Tosca eile a chuir an Ballstát chun tosaigh. An 17 Bealtaine 2024, sholáthair an Ungáir toisc ábhartha bhreise nár luadh cheana thuas, is é sin gur tháinig feabhas mór ar an bpríomhchomhardú in 2023, lena n‑áirítear i dtéarmaí struchtúracha.
5.Conclúidí
Sháraigh an t‑easnamh rialtais luach tagartha 3 % de OTI in 2023 i 10 mBallstát de chuid an Aontais: an Bheilg, an tSeicia, an Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, Málta, an Pholainn agus an tSlóvaic. Sna Ballstáit uile, cé is moite den Eastóin, bhí na heasnaimh rialtais os cionn an luacha tagartha agus ní raibh siad gar dó in 2023.
Maidir leis an Eastóin, bhí an t‑easnamh os cionn an luacha tagartha ach bhí sé gar dó in 2023.
Bhí easnamh rialtais ag an bhFionlainn nach raibh níos mó ná an luach tagartha in 2023, ach thuairiscigh sí easnamh beartaithe os cionn 3 % de OTI ach gar dó in 2024; ar an gcaoi chéanna, réamh-mheastar le réamhaisnéis an Choimisiúin easnamh os cionn 3 % de OTI ach gar dó le haghaidh 2024.
Bhí easnamh rialtais ag an tSlóivéin nach raibh os cionn luach tagartha an Chonartha in 2023, ach thuairiscigh sí easnamh beartaithe os cionn 3 % de OTI agus nach raibh gar dó in 2024; ós rud é go réamh-mheastar easnamh 2024 faoi bhun 3 % de OTI i Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, ní dheimhnítear an sárú atá beartaithe ar an luach tagartha in 2024 de réir bhrí Airteagal 126(3) CFAE i gcás na Slóivéine.
De réir na Réamhaisnéise ón gCoimisiún, réamh-mheastar go mbeidh na heasnaimh rialtais sa Bheilg, san Eastóin, sa Fhrainc, san Iodáil, san Ungáir, i Málta, sa Pholainn agus sa tSlóvaic os cionn 3 % de OTI in 2025. Dá bhrí sin, déantar measúnú ar na heasnaimh atá os cionn an luacha tagartha mar easnaimhnach bhfuil sealadach i gcás na Beilge, na hEastóine, na Fraince, na hIodáile, na hUngáire, Mhálta, na Polainne, agus na Slóvaice. De mhalairt air sin, faoi láthair réamh-mheastar nach sáróidh na heasnaimh rialtais sa tSeicia, sa Spáinn, sa tSlóivéin agus san Fhionlainn an luach tagartha in 2025, agus déantar measúnú ar na heasnaimh mar easnaimh shealadacha dá bharr.
Déantar an farasbarr atá os cionn an luacha tagartha a mheasúnú mar fharasbarr eisceachtúil i gcás na hEastóine agus mar fharasbarr nach bhfuil eisceachtúil i gcás na Seicia, Mhálta, na Polainne, na Slóvaice, na Beilge, na Fraince, na hIodáile, na hUngáire, na Spáinne, na Slóivéine agus na Fionlainne.
Mar achoimre, tugann an anailís seo le fios nach bhfuil an critéar easnaimh á chomhlíonadh ag 12 Bhallstát sula mbreithnítear na tosca ábhartha: an Bheilg, an tSeicia, an Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Fhionlainn.
Is féidir tosca ábhartha a chur san áireamh sna céimeanna as a n‑eascraíonn an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann le haghaidh na mBallstát ag a bhfuil ollfhiachas rialtais faoi 60 % de OTI ( (an tSeicia, an Eastóin, Málta, an Pholainn agus an tSlóvaic) agus le haghaidh na mBallstát ag a bhfuil ollfhiachas rialtais os cionn 60 % de OTI i gcás ina bhfanfaidh an t‑easnamh gar don luach tagartha agus i gcás ina mbeidh an farasbarr os cionn an luacha tagartha sealadach (an tSlóivéin agus an Fhionlainn). Is féidir leo difear a dhéanamh don mheasúnú ar chomhlíonadh an chritéir easnaimh mar thosca géaraitheacha nó maolaitheacha, trína meastar dúshláin fiachais shubstaintiúla a bheith ina bpríomhthosca géaraitheacha.
Ar an iomlán, meastar go léiríonn na tosca ábhartha a scrúdaíodh sa tuarascáil seo pictiúr measctha le haghaidh Mhálta, na Polainne agus na Fionlainne. Déantar measúnú orthu mar thosca maolaitheacha, ar an iomlán, le haghaidh na Seicia, na hEastóine agus na Slóivéine, agus mar thosca géaraitheacha le haghaidh na Slóvaice.
Le haghaidh na Slóivéine agus na Fionlainne, i bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann leis na sonraí atá beartaithe agus ós rud é, de réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, nach ndeimhnítear an sárú atá beartaithe ar an luach tagartha in 2024 i gcás na Slóivéine, agus go meastar go bhfanfaidh an t‑easnamh gar don luach tagartha in 2024 agus go dtitfidh sé faoina bhun in 2025 i gcás na Fionlainne, déanfaidh an Coimisiún faireachán cúramach ar fhorbairtí buiséadacha agus déanfaidh sé athmheasúnú ar an gcás san fhómhar.
Le haghaidh na Seicia agus na hEastóine, agus na tosca ábhartha arna dtabhairt chun cinn ag na Ballstáit á gcur san áireamh, meastar go bhfuil an critéar easnaimh á chomhlíonadh.
Le haghaidh na Spáinne, is easnamh sealadach é an t‑easnamh buiséadach atá os cionn an luacha tagartha. Ar bhonn Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go mbeidh an t‑easnamh faoi bhun an luacha tagartha in 2024 agus 2025, gan bearta breise. Ós rud é nach mbeidh gá le haon choigeartú fioscach breise le haghaidh na Spáinne chun a heasnamh a thabhairt faoi bhun an luacha tagartha, ní bheadh sé úsáideach, ag an bpointe seo, nós imeachta um easnamh iomarcach a thionscnamh. In aon chás, leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí buiséadacha sa Spáinn agus déanfaidh sé athmheasúnú ar an gcás san fhómhar.
I bhfianaise an mheasúnaithe sin, agus tar éis breithniú a dhéanamh ar an tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais mar a bhunaítear faoi Airteagal 126(4) CFAE, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a mholadh i mí Iúil tús a chur le nósanna imeachta um easnamh iomarcach, trína mholadh don Chomhairle Cinneadh a ghlacadh faoi Airteagal 126(6) lena suitear gurb ann d’easnamh iomarcach, i gcás na Beilge, na Fraince, na hIodáile, na hUngáire, Mhálta, na Polainne agus na Slóvaice.
_________________