AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,10.10.2024
COM(2024) 456 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Cistiú chun cearta bunúsacha a chur chun cinn, a chosaint agus a fhorfheidhmiú
Tuarascáil Bhliantúil 2024 maidir le Cur i bhFeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
Cistiú chun cearta bunúsacha a chur chun cinn, a chosaint agus a fhorfheidhmiú
Tuarascáil Bhliantúil 2024 maidir le Cur i bhFeidhm
Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
Clár ábhair
1.Réamhrá
2.Cearta bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint tríd an gclár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna5
3.Cearta bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint trí chláir chistiúcháin eile an Aontais11
4.Cistiú do chearta bunúsacha sna Ballstáit30
5.Comhar idir an tAontas agus deontóirí poiblí agus príobháideacha eile37
6.Conclúid43
1.Réamhrá
Tugtar le chéile i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt) na cearta bunúsacha a bhfuil gach duine san Aontas Eorpach ina dteideal. Agus muid ag tarraingt ar chomóradh 25ú bliain a forógra in 2025, tá cearta, saoirsí agus prionsabail na Cairte fós chomh tábhachtach agus a bhí riamh.
|
Cathain a bhíonn feidhm ag an gCairt?
Ó bhí 2009 ann, tá an stádas dlí céanna ag an gCairt leis na Conarthaí, dlí an Aontais ar a bhfuil reachtaíocht agus beartais an Aontais bunaithe. Ní mór d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais cloí léi ina gcuid gníomhaíochtaí uile, mar aon leis na Ballstáit agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu.
Cuireann na Ballstáit dlí an Aontais i bhfeidhm i gcás go ndéanann siad an méid seo a leanas:
- éifeacht a thabhairt do reachtaíocht an Aontais trí bhearta náisiúnta cur chun feidhme a ghlacadh;
- reachtaíocht a ghlacadh i gcás ina bhforchuirtear oibleagáidí sonracha le dlí an Aontais, nó ina gceadaítear maolú leis;
- cláir um chistiú ón Aontas a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha cistiúcháin an Aontais.
|
Ina Straitéis ó 2020 chun cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha san Aontas (straitéis na Cairte) a neartú, leag an Coimisiún Eorpach amach bearta chun úsáid na Cairte a fheabhsú chun tacú le cur i bhfeidhm na gceart bunúsach ar fud bheartais an Aontais. Bealach amháin inar féidir leis an gCoimisiún cur i bhfeidhm na Cairte a chur ar taispeáint is ea trí thuarascálacha bliantúla téamacha a chur i láthair maidir le cur i bhfeidhm na Cairte. Tá tuarascáil na Cairte i mbliana tiomnaithe do chistiú chun cearta bunúsacha a chur chun cinn, a chosaint agus a fhorfheidhmiú.
|
Infheidhmeacht na gceart bunúsach i gcistiú an Aontais. I gcaitheamh na mblianta, shoiléirigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) an gaol idir cistiú ón Aontas agus cur i bhfeidhm na Cairte. De réir CBAE, meastar go bhfuil na Ballstáit ‘ag cur dlí an Aontais chun feidhme’ agus go bhfuil sé d’oibleagáid orthu cearta na Cairte a urramú agus cur i bhfeidhm na Cairte a chur chun cinn nuair a bhíonn dlí an Aontais maidir le cistiú á chur chun feidhme. Áirítear leis sin, go háirithe, doiciméid chlársceidealaithe a tharraingt suas, córais bhainistíochta, faireacháin agus rialaithe a bhunú, cláir a chur chun feidhme, agus na gníomhaíochtaí nithiúla a leagtar amach i dtuairisc ar an tionscadal a dhéanamh. I dteannta na n‑ údarás bainistíochta náisiúnta agus na gcomhlachtaí idirmheánacha, féadfar a mheas go bhfuil dlí an Aontais á chur chun feidhme ag tairbhithe tionscadail áirithe agus go bhfuil siad faoi cheangal ag an gCairt.
|
Tá ról lárnach ag cistiú tiomnaithe maidir le tacú le cur chun feidhme bheartais an Aontais um chearta bunúsacha sna Ballstáit. D’aithin an Coimisiún go háirithe an gá atá le tacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta, do chosantóirí chearta an duine, d’údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, do reachtóirí, do bhreithiúna agus do chleachtóirí ceartais eile agus do dhaoine eile chun cearta bunúsacha a chur i bhfeidhm. Mheabhraigh an Coimisiún na deacrachtaí a thuairiscigh eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) agus cosantóirí chearta an duine maidir le rochtain a fháil ar chistiú, agus tá bearta déanta aige chun tacú le timpeallacht chumasúcháin le haghaidh ESSanna. Sa Mholadh uaidh maidir le ról agus rannpháirtíocht éifeachtach na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta i bpróisis ceaptha beartas poiblí a chur chun cinn, spreag an Coimisiún na Ballstáit chun cistiú a thiomnú do rannpháirtíocht ESSanna agus a n‑ athléimneacht a neartú agus iad ag tabhairt aghaidh ar bhagairtí agus ar ionsaithe. D’aithin an Coimisiún freisin gur gá do na Ballstáit agus don Choimisiún araon a áirithiú go gcomhlíonann tionscadail arna gcistiú ag an Aontas luachanna an Aontais agus dlí an Aontais, lena n‑ áirítear an Chairt.
|
Seimineár 2023 ón gCoimisiún Eorpach maidir le tacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta trí chistiú. I mí an Mheithimh 2023, d’eagraigh an Coimisiún seimineár maidir le tacaíocht a thabhairt do ESSanna trí chistiú. Mar chuid den obair leantach ar thuarascáil na Cairte 2022 maidir le spás sibhialta rathúil, chumasaigh an seimineár malartú idir an tsochaí shibhialta, an Coimisiún agus deontóirí eile maidir le dea-chleachtais cistithe agus sineirgí. I measc na gníomhaíochta breise a mhol na rannpháirtithe bhí soláthar leanúnach an chistithe le haghaidh fothú acmhainneachta, athléimneacht agus cosaint trí chistí an Aontais agus trí chistí náisiúnta. Spreag na rannpháirtithe idirphlé rialta deontóirí freisin chun comhlántacht agus éagsúlú cistiúcháin a áirithiú, chun a inrochtaineacht agus a sholúbthacht a mhéadú, agus chun foghlaim fhrithpháirteach a chumasú i measc deontóirí.
|
Le linn an tsainordaithe sin (2019-2024), neartaigh an Coimisiún a fhócas ar chistiú chun tacú le cur chun feidhme luachanna agus chearta bunúsacha an Aontais, lena n‑ áirítear trí bhuiséad an chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV) a bhfuil méadú suntasach tagtha air a bhainistiú. Tá coinníollachtaí maidir le cearta bunúsacha bunaithe ag an gCoimisiún freisin chun a áirithiú go gcaithfear cistiú ón Aontas ar bhealach a chomhlíonann cearta bunúsacha agus luachanna an Aontais. Ó glacadh an Creat Airgeadais Ilbhliantúil reatha, leagadh béim i roinnt géarchéimeanna domhanda ar an ngá atá le tacú leis na gníomhaithe a rannchuidíonn le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na Cairte ar fud an Aontais.
Tugtar forléargas sa tuarascáil Cairte seo ar na forbairtí i réimse an chistithe a bhaineann le cearta bunúsacha. Mar a tharla i mblianta roimhe seo, féachann sé le léargas a thabhairt ar na gnéithe sin a shainaithin na páirtithe leasmhara a bheith ábhartha trí éachtaí agus dúshláin a chur i láthair. Tá na samplaí go léir neamh-uileghabhálach agus áirítear iad chun críocha léiriúcháin amháin. Liostaítear san iarscríbhinn cuid de na tionscadail a thuairiscigh páirtithe leasmhara mar shamplaí de chur chun cinn na gceart bunúsach a leagtar amach sa Chairt.
|
Cén t‑ ábhar ar a bhfuil an tuarascáil seo bunaithe?
D’oibrigh an Coimisiún le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) chun sonraí a bhailiú le haghaidh na tuarascála. Chomh maith leis an ábhar a bhailigh an Coimisiún agus FRA, baintear leas sa tuarascáil seo as measúnú cáilíochtúil ar aiseolas comhairliúcháin, lena n‑ áirítear:
·comhairliúcháin spriocdhírithe leis na páirtithe seo a leanas: (i) na Ballstáit agus pointí fócasacha na Cairte; (ii) deontóirí idirnáisiúnta poiblí agus príobháideacha; agus (iii) Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine (ENNHRI) agus Líonra Eorpach na gComhlachtaí Comhionannais (Equinet) agus a gcomhaltaí;
·comhairliúchán ar líne trí líonra sochaí sibhialta FRA, an t‑ ardán um Chearta Bunúsacha;
·ionchur ó pháirtithe leasmhara a fuarthas le haghaidh gníomhaíochtaí eile de chuid an Choimisiúin, amhail i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar an ‘Coinníoll Cumasúcháin Cothrománach maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach na Cairte‘.
|
Soláthraítear deis leis an tuarascáil ar an gCairt freisin chun breithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme straitéis na Cairte. Is féidir an dul chun cinn seo a leanas a thuairisciú ón mbliain seo caite:
|
Cén chaoi ar cuireadh straitéis na Cairte chun feidhme le bliain anuas?
-I mí na Nollag 2023, ghlac an Coimisiún a Thuarascáil Bhliantúil 2023 maidir le cur i bhfeidhm na Cairte, tuarascáil atá tiomnaithe do chosaint dlí éifeachtach agus do rochtain ar an gceartas.
-I mí an Mhárta 2024, i gcomhpháirt le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, d’eagraigh sé seimineár leantach tiomnaithe chun páirtithe leasmhara a thabhairt le chéile chun dea-chleachtais agus dúshláin a bhaineann le cosaint dlí éifeachtach agus rochtain ar cheartas a chomhroinnt.
-Tá pointe fócasach Cairte ainmnithe ag 26 Bhallstát chun cur i bhfeidhm éifeachtach na Cairte a chur chun cinn ina mBallstát. D’eagraigh an Coimisiún cruinnithe rialta le pointí fócasacha na Cairte agus roinneann sé faisnéis ábhartha leo.
-Lean an Coimisiún d’oiliúint d’fhoireann an Aontaisa fhorbairt maidir leis an gCairt a chur i bhfeidhm i measúnuithe tionchair. Cuireann sé cúrsa oiliúna inmheánach leanúnach ar fáil maidir leis an gCairt i measúnuithe tionchair. Tá nuashonrú á dhéanamh ar an Treoir Oibríochtúil maidir le Cearta Bunúsacha a chur san áireamh i Measúnuithe Tionchair an Choimisiúin.
-Tá tús curtha ag an gCoimisiún freisin le lámhleabhar a fhorbairt chun a áirithiú go gcuirfear na coinníollacha cumasúcháin cothrománacha maidir leis an gCairt chun feidhme go comhleanúnach agus go héifeachtach, chomh maith le cúrsaí ar líne atá ar fáil go poiblí a fhorbairt.
-Leanadh den soláthar oiliúna do ghairmithe ceartais maidir le cur i bhfeidhm na Cairte faoin straitéis Eorpach um oiliúint bhreithiúnach 2021-2024, agus tá faisnéis faoi chearta bunúsacha ar fáil tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas agus ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
-I gcomhpháirt le FRA, i mí na Nollag 2023 d’eagraigh an Coimisiún imeacht ar líne CharterXchange den chéad uair riamh, inar tugadh le chéile gairmithe agus rannpháirtithe eile chun malartú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Cairte. Chomh maith leis sin, tá uirlisí na Cairte á gcur ar fáil ag FRA i dteangacha náisiúnta.
|
2.Cearta bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint tríd an gclár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna
Is é an clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna an t‑ aon chlár cistiúcháin de chuid an Aontais a fhéachann go sonrach leis na cearta agus na luachanna a chumhdaítear sna Conarthaí agus sa Chairt a chosaint agus a chur chun cinn, chun sochaithe oscailte, cearta-bhunaithe, daonlathacha, comhionanna agus cuimsitheacha atá bunaithe ar an smacht reachta a chothú
. Leis an gclár, cistítear gníomhaíochtaí lena spreagtar rannpháirtíocht dhaonlathach, shibhialta agus shóisialta, agus éagsúlacht shochaí na hEorpa ar bhonn na luachanna, na staire agus na cuimhne is coiteann dúinn, chomh maith le hacmhainneacht na sochaí sibhialta a fheabhsú agus comhar trasteorann agus muinín a chothú.
Méadaíodh buiséad an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna go suntasach don tréimhse 2021–2027 tar éis togra ó Pharlaimint na hEorpa chun é a mhéadú níos mó ná faoi dhó go dtí os cionn EUR 1,5 billiún. Leis sin, athraíodh an clár go dtí an ciste is mó de chuid an Aontais atá tiomnaithe do na luachanna bunaidh agus na cearta bunúsacha a chur chun cinn ar fud na hEorpa agus chun Aontas Comhionannais, Ceartais, Ceart agus Luachanna a threisiú.
Cistíonn an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna raon leathan gníomhaithe sna Ballstáit agus i dtríú tíortha. Cé go dtacaíonn an clár go háirithe le ESSanna, áirítear ar thairbhithe eile líonraí Eorpacha, údaráis phoiblí (lena n‐áirítear institiúid náisiúnta um chearta an duine, comhlachtaí comhionannais, ombudóirí agus comhlachtaí eile um chearta bunúsacha agus údaráis náisiúnta cosanta sonraí), bailte agus bardais, an saol acadúil agus institiúidí taighde, meithleacha machnaimh, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gníomhaithe eile atá gníomhach i gcur chun cinn luachanna agus chearta an Aontais.
Cuirtear an clár chun feidhme go príomha trí dheontais ach féadfar cistí a leithdháileadh freisin trí sholáthar chun faireachán, rialú, iniúchadh agus meastóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí, ar chórais teicneolaíochta faisnéise, ar staidéir, ar chruinnithe saineolaithe agus ar chumarsáid.
Ina theannta sin, cuirtear gníomhaíochtaí éagsúla chun feidhme le rannchuidiú ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail ECFE, ESCE, Comhairle na hEorpa agus UNESCO. Mar shampla, tacaíonn an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna le hobair comhroinnte eolais agus socraithe caighdeán Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) maidir leis an bhfuathchoireacht
.
Tugadh nithe nua agus simplithe isteach sa Chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna chun a éifeachtacht a neartú agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a ardaíonn páirtithe leasmhara, agus ESSanna go háirithe. Áirítear orthu sin tacaíocht airgeadais a thabhairt isteach do thríú páirtithe, cláir oibre ilbhliantúla a fhorbairt, íocaíochtaí cnapshuime, chomh maith le líonra de Phointí Teagmhála Náisiúnta don Chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna a bhunú.
Leis an tsraith nua arb í luachanna an Aontais, a bhfuil buiséad EUR 668 milliún ag gabháil léi, treisíodh ról an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna mar chlár an Aontais chun ESSanna a chistiú, lena n‑ áirítear iad siúd ar leibhéal an phobail. Le linn na chéad bhliana den chur chun feidhme, thacaigh tionscadail a cistíodh ón nglao ar luachanna an Aontais le breis agus 800 ESS i measc an phobail.
Leis an scéim tacaíochta airgeadais do thríú páirtithe, is féidir cistí an Aontais a eisíoc chun acmhainneachtaí ESSanna an phobail a neartú trí athdheonú a dhéanamh trí idirghabhálaithe, amhail ESSanna móra, brateagraíochtaí ar fud an Aontais agus líonraí Eorpacha eile. Dá bhrí sin, éascaíonn an scéim d’eagraíochtaí beaga a bhfuil taithí agus cumais theoranta acu rochtain a fháil ar chistiú ón Aontas. Go dtí seo, bhí ról lárnach ag an scéim maidir le tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí a oibríonn chun luachanna an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn, lena n‑ áirítear iad siúd a dhéanann foréigean a chomhrac. Is é is aidhm don ghlao is déanaí ar thograí faoin tsraith an tsraith arb í Luachanna an Aontais rannchuidiú le cistiú leordhóthanach a áirithiú agus ESSanna a chumhachtú chun a n‑ acmhainneacht agus a n‑ athléimneacht a neartú, lena n‑ áirítear trí fhaireachán a dhéanamh ar bhagairtí agus ar ionsaithe agus trí fhreagairt dóibh.
I dteannta na scéime athdheonaithe, díríonn an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna ar inrochtaineacht agus simpliú méadaithe trí chláir oibre ilbhliantúla a úsáid, lena gcuirtear ar chumas tairbhithe ionchasacha peirspictíocht níos fadtéarmaí a fhorbairt maidir leis na féidearthachtaí cistiúcháin atá ar na bacáin agus solúbthacht á coinneáil ag an am céanna. Ina theannta sin, ceadaítear le glaonna sonracha atá dírithe ar thacú le ESSanna tréimhse níos faide ná meánfhad tionscadail. Ar an gcaoi chéanna, trí chnapshuimeanna a thabhairt isteach le haghaidh fhormhór ghlaonna an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, is féidir íocaíochtaí a dhéanamh de réir feidhmíocht réamhaontaithe.
Leis an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, leantar de na deontais ghníomhaíochta thraidisiúnta a dhámhachtain freisin, go háirithe ar ESSanna, chomh maith le deontais oibriúcháin do Chomhpháirtithe Chreat an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, mar a thugtar orthu, ar 73 líonra Eorpacha, ESSanna agus meithleacha machnaimh Eorpacha iad atá gníomhach ar leibhéal an Aontais i réimsí luachanna an Aontais. Thairis sin, bronntar deontais oibriúcháin ar 10 Líonra ar leibhéal an Aontais atá gníomhach i réimse chearta daoine faoi mhíchumas.
Tá an clár ag brath freisin ar líonra de Phointí Teagmhála Náisiúnta atá ainmnithe ag na Ballstáit in 21 Bhallstát
. Cuireann siad treoir, faisnéis agus cúnamh ar fáil d’iarratasóirí, do thairbhithe agus do pháirtithe leasmhara ionchasacha agus cuidíonn siad le faisnéis a scaipeadh agus le hinfheictheacht agus inrochtaineacht an chláir a fheabhsú. Bíonn níos mó ná 4000 duine in aghaidh na bliana i láthair ag imeachtaí arna n‑ eagrú go díreach ag Pointí Teagmhála Náisiúnta. Tá an Coimisiún ag ullmhú freisin chun feachtas cumarsáide an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna a sheoladh sa chuid dheireanach de 2024 chun feasacht an phobail a mhúscailt maidir leis an gclár agus chun deiseanna cistiúcháin a chur chun cinn i measc iarratasóirí ionchasacha.
Léiríonn na réamhléargais ó anailís leanúnach chomh maith le haiseolas ó thairbhithe cineál uathúil chistiú an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna. Meastar gur sruth cistithe ríthábhachtach é an clár chun go mairfidh go leor eagraíochtaí tairbhíocha, agus ar sruth é a rannchuidíonn le beartais ábhartha an Aontais a chur chun cinn. Meastar go bhfuil an clár uathúil ina thosaíochtaí agus ina chineálacha gníomhaíochtaí arna gcistiú, agus is ann do shineirgí le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais; tá níos mó intuarthachta, solúbthachta agus simplithe i gcur chun feidhme an chláir mar thoradh ar roinnt nuálaíochtaí. Is minic a mheasann tairbhithe gurb é cistiú díreach ón Aontas sna réimsí a chumhdaítear leis an gclár an t‑ aon bhealach amháin chun inrochtaineacht a áirithiú, trédhearcacht a mhéadú, agus chun rioscaí a bhaineann le drochriarachán a laghdú. Ina theannta sin, chun luachanna a chur chun cinn agus a chosaint ar an leibhéal Eorpach, tá gá le sásraí comhair trasnáisiúnta, líonrú agus deiseanna foghlama frithpháirtí, nach féidir le Ballstáit aonair a thairiscint de ghnáth. Tacaíonn an clár freisin le tionscadail agus le heagraíochtaí a oibríonn chun cearta agus luachanna a chur chun cinn agus a chosaint gan beann ar chineál gníomhaíochtaí na dtairbhithe. Dá bhrí sin, tá an clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna bunriachtanach don Aontas chun sochaithe oscailte, cearta-bhunaithe, daonlathacha, comhionanna agus cuimsitheacha atá bunaithe ar an smacht reachta a chothú agus a fhorbairt a thuilleadh.
Ar an iomlán, tá spéis shuntasach sa chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna. Mar shampla, rinne 41 % de na freagróirí ar chomhairliúchán FRA ar líne a rinneadh chun tacú leis an tuarascáil seo iarratas ar chistiú an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus fuair siad é agus rinne 20 % eile iarratas ach ní bhfuair siad cistiú.
Cé go dtairbhíonn an clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna de bhuiséad níos airde ná a réamhtheachtaithe, níl a mhéid ailínithe go hiomlán fós leis an éileamh atá air i ndáiríre. Tá ró-éileamh ar roinnt glaonna ar leith ar thograí, rud a fhágann nach gcistítear ach idir 8 % agus 17 % de na hiarratais orthu. Ní féidir cuid mhór iarratas den scoth a chistiú mar gheall ar theorainneacha buiséid.
Go dtí seo, is ESSanna iad níos mó ná 60 % de na tairbhithe. Ó bhí 2021 ann, tá tacaíocht faighte ag beagnach 4000 ESS ó na Ballstáit uile ón gclár. Faoi na glaonna ar thograí chun feasacht eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an gCairt, fothú acmhainneachta agus cur chun feidhme na Cairte a chur chun cinn, dámhadh os cionn EUR 19 milliún ar thionscadail maidir le fothú acmhainneachta agus múscailt feasachta faoin gCairt, an spás sibhialta a chumhachtú, tacú le dlíthíocht straitéiseach, an fhuathchoireacht agus an fhuathchaint a chomhrac, agus sceithirí eolais a chosaint.
Gníomhaíocht Faireacháin don Spás Sibhialta: is é is aidhm don tionscadal cearta agus luachanna daonlathacha a chur chun cinn tríd an tsochaí shibhialta a chumhachtú. Forbrófar leis córas chun faireachán a dhéanamh ar an timpeallacht ina n‑ oibríonn ESSanna, ag tógáil ar tháscairí FRA. Forbrófar leis modheolaíocht faireacháin agus córas luathrabhaidh chun institiúidí an Aontais a chur ar an airdeall faoi bhagairtí ar an spás sibhialta, chomh maith le hacmhainneacht faireacháin chomhpháirtithe na dtíortha a fhorbairt.
Leis an bhFaireachlann Eorpach um Fhuathchaint ar Líne – Fóiréinsic cothaítear spás digiteach níos sábháilte trí chásanna fuathchainte ar líne a shainaithint trí úsáid a bhaint as an ardteicneolaíocht. Comhoibríonn sé le lucht forfheidhmithe dlí agus le ESSanna chun oibriú i dtreo spás digiteach ina mbeidh rath ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh gan eagla roimh idirdhealú ná mí-úsáid. Is é is aidhm don tionscadal modheolaíochtaí nua bailithe sonraí a chur ar fáil chun an fhuathchoireacht a bhrath agus chun déantóirí na coire a thabhairt faoi réim an cheartais.
Is é is aidhm do Thimpeallacht Chumasúcháin do Sceithirí san Aontas a Neartú agus a Chothú, tionscadal a d’fhorbair ocht n‑ eagraíocht réigiúnacha de chuid Transparency International, cur chun feidhme na Treorach maidir le Cosaint do Lucht Sceite Eolais a neartú. Is é is aidhm don tionscadal leanúnach cur leis an eolas atá ag an bpobal, ag sceithirí féideartha, ag ESSanna, ag ceardchumainn agus ag iriseoirí faoin sceithireacht, feabhas a chur ar chur chun feidhme na ndlíthe maidir le sceithireacht, feabhas a chur ar a bhforfheidhmiú, agus ar infhaighteacht sonraí maidir le tuairiscí sceithirí agus cásdlí. Tá na gníomhaíochtaí sin beartaithe chun rannchuidiú le cur chun feidhme na Treorach.
Chomh maith leis sin, dhírigh tionscadail eile a chistítear faoi tsraith arb í luachanna an Aontais ar thacú le cur chun feidhme na Cairte, amhail an tionscadal Mionlaigh, Cuntasacht, Cearta, Neamhspleáchas agus Forbairt Eagraíochtúil (MARIO). Cuireann sé cearta bunúsacha chun cinn trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil agus trí fhorbairt a dhéanamh ar acmhainneacht ESSanna an phobail ó aon Bhallstát déag. Bíonn 30 000 duine ó phobail mhionlaigh (amhail Romaigh, Úcránaigh easáitithe, agus Giúdaigh) rannpháirteach in oiliúint agus abhcóideacht, táirgeann sé ábhair oiliúna, agus soláthraítear leis cúnamh dlíthiúil pro-bono.
Príomhchuspóir de chuid an chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna is ea freagairtí éifeachtacha fianaise-bhunaithe a chur ar fáil ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn a bhaineann an bonn de chearta bunúsacha, de rannpháirtíocht shibhialta agus de luachanna an Aontais. Bhí an clár in ann freagairt do dhúshláin a bhaineann, mar shampla, leis an aistriú digiteach agus leis an Intleacht Shaorga le tosaíochtaí tiomnaithe glaonna. Sampla de sin is ea tacaíocht airgeadais do ghníomhaíochtaí na n‑ údarás náisiúnta cosanta sonraí chun feasacht an phobail a ardú agus chun comhlíonadh FBManna leis an gceart chun cosanta sonraí sa ré dhigiteach a éascú.
Bhí dúshláin shuntasacha ag baint le paindéim COVID-19 do thionscadail an chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, ar cuireadh síneadh le cuid acu nó ar cuireadh siar iad nó ar cuireadh gníomhaíochtaí eile ina n‑ ionad. Ina theannta sin, tugann tionscadail áirithe atá ar siúl faoi láthair aghaidh ar éifeachtaí na paindéime, mar shampla trí iniúchadh a dhéanamh ar an tionchar a bhí aici ar an díospóireacht dhaonlathach agus ar theachtadh na gceart bunúsach. Ar an gcaoi chéanna, tugadh aird i roinnt glaonna de chuid an chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna ar aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí an chogaidh fhoghaigh atá an Rúis a chur ar an Úcráin – thug glao spriocdhírithe ar thograí aghaidh ar riachtanais agus ar dhúshláin leanaí san Aontas agus thug sé aird ar chearta leanaí a bhfuil leochaileachtaí sonracha acu, lena n‑ áirítear iad siúd a theith ón Úcráin.
Tá roinnt tionscadal de chuid an chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna dírithe ar shaoirsí daonlathacha a chosaint agus ar chearta bunúsacha a bheith á dteachtadh ag cách, go háirithe daoine sna cásanna is leochailí.
Is é is aidhm do Rannpháirtíocht Leanaí i Málta a Chumhachtú leanaí a chumhachtú chun páirt a ghlacadh sa saol daonlathach, tuairimí a chur in iúl gan bhac agus tionchar a imirt ar chinntí a dhéanann difear dóibh. Is é is aidhm don tionscadal ardán rannpháirtíochta leanaí ar líne a fhorbairt, cumas lucht ceaptha beartas a fhorbairt chun rannpháirtíocht leanaí sa chinnteoireacht a fheabhsú, agus feasacht a mhúscailt maidir le ceart leanaí chun éisteachta.
Inscne agus na Meáin – Athscríobh an scéil: dul i ngleic le steiréitíopaí inscne na meán sa saol polaitiúil agus poiblí: ag obair le hiriseoirí, bainisteoirí na meán, comhlachais iriseoirí, saineolaithe inscne, comhlachtaí meán féinrialála, mná sa saol polaitiúil, acadóirí agus an chéad ghlúin eile de ghairmithe sna meáin, féachtar leis an tionscadal le hathchóirithe a thionscnamh sna meáin Eorpacha maidir le cultúr an tseomra nuachta agus beartais chun feabhas a chur ar chleachtais maidir le léiriú na mban agus na bhfear sa saol poiblí, rud a chuirfidh ar chumas úsáideoirí cinntí níos eolasaí a dhéanamh maidir le rannpháirtíocht pholaitiúil.
Léirítear sna comhairliúcháin a ndearnadh chun tacú leis an tuarascáil seo gur gá don Choimisiún leanúint d’inrochtaineacht an chláir d’iarratasóirí ionchasacha agus leanúnachas an chistithe do na tairbhithe a chothú. Ba cheart an cistiú a bheith ailínithe i gcónaí leis na riachtanais bheartais ar an láthair, agus an fhéidearthacht a bheith ann riachtanais nua agus riachtanais atá ag teacht chun cinn a chumhdach. Ina fhianaise sin, is príomhchuspóir i gcónaí é sineirgí a fhorbairt idir cistiú náisiúnta agus cistiú ar leibhéal an Aontais ó chláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais chun barrfheabhas a chur ar bhaint amach na dtosaíochtaí beartais maidir le cearta bunúsacha.
3.Cearta bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint trí chláir chistiúcháin eile an Aontais
Le cistiú ón Aontas, rannchuidítear le cearta bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint ar fud réimsí éagsúla beartais. Tugtar tuairisc sa chaibidil seo ar an gcistiú ábhartha a chuirtear ar fáil faoin gclár um Cheartas, Fís Eorpach, Erasmus+, an clár don Eoraip Dhigiteach agus cláir eile. Féachtar inti freisin ar shásraí cistiúcháin nua a fhágann go bhfuil cistiú ón Aontas coinníollach ar athchóirithe náisiúnta agus scrúdaítear léi coinníoll cumasúcháin cothrománach na Cairte maidir le hurraim do chearta bunúsacha a chur chun cinn i gcur chun feidhme chistí an Aontais a chumhdaítear le Rialachán na bhForálacha Coiteanna.
Tá ról tábhachtach ag breithiúna náisiúnta agus ag cleachtóirí ceartais eile maidir le limistéar Eorpach Ceartais a fhorbairt atá bunaithe ar an smacht reachta, ar aitheantas frithpháirteach, ar mhuinín fhrithpháirteach agus ar chomhar breithiúnach. Mar a aithnítear i dtuarascáil 2023 ar an gCairt maidir le cosaint dlí éifeachtach agus rochtain ar cheartas, tá ról lárnach acu chun a áirithiú go mbeidh daoine aonair in ann a gcearta a dhearbhú go héifeachtach, lena n‑ áirítear cearta bunúsacha, i gcomhréir le hAirteagail 47 go 50 den Chairt.
Leis an gclár um Cheartas, a bhfuil buiséad iomlán EUR 296,8 milliún aige do 2021-2027, cistítear oiliúint a chur ar chleachtóirí ceartais, tacaítear le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla agus le rochtain éifeachtach ar cheartas do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.
Tá an sciar is mó den bhuiséad tiomnaithe d’oiliúint bhreithiúnach, arna cur chun feidhme i gcomhréir leis an Straitéis um Oiliúint Bhreithiúnach 2021-2024. Is é is aidhm don ghlao ar thograí le haghaidh deontais ghníomhaíochta chun tacú le tionscadail thrasnáisiúnta maidir le hoiliúint bhreithiúnach lena gcumhdaítear an dlí sibhialta, an dlí coiriúil nó cearta bunúsacha rannchuidiú le dlí sibhialta agus coiriúil agus cearta bunúsacha an Aontais a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go comhleanúnach trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais oiliúna gairmithe ceartais. Déantar cearta bunúsacha a ionchorprú freisin in oiliúint i réimsí eile de dhlí an Aontais. Tugtar aird ar chearta daoine atá i staideanna leochaileacha (amhail daoine faoi mhíchumas, íospartaigh an fhoréigin inscne agus an fhoréigin baile, ciníochas agus idirdhealú ar fhorais eile, agus leanaí). Eisítear an sciar is mó den bhuiséad oiliúna chuig an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach (GEOB). Tá an clár um Oideachas ar Chearta an Duine do ghairmithe Dlí (HELP) cómhaoinithe freisin ón gclár um Cheartas.
Arna fhorbairt i gcomhar idir Comhairle na hEorpa, FRA agus an Coimisiún, is cúrsa ríomhfhoghlama saor in aisce é Oideachas ar Chearta Daonna do Ghairmithe Dlí (HELP) maidir leis an idirghníomhú idir an Chairt agus an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Tá sé beartaithe go bhfoghlaimeoidh breithiúna, ionchúisitheoirí agus dlíodóirí eile faoi chaighdeáin Eorpacha um chearta bunúsacha agus faoina gcur i bhfeidhm.
Ceartas, cearta bunúsacha agus an intleacht shaorga: i bhfianaise na bhforbairtí is déanaí i gcreat dlíthiúil an Aontais maidir leis an intleacht shaorga, déantar anailís sa tionscadal seo ar an gcaoi a n‑ úsáideann cúirteanna, riaracháin phoiblí agus gnólachtaí, gairmithe cúraim sláinte agus gníomhaithe príobháideacha eile cinnteoireacht leath-uathoibrithe. Trí fhoghlaim fhrithpháirteach, treoir agus scaipeadh dea-chleachtais, is é is aidhm don tionscadal tuiscint na mbreithiúna ar chinnteoireacht algartamach agus na himpleachtaí a bhaineann léi don cheart chun triail chóir a fháil, don neamh-idirdhealú agus do chearta bunúsacha eile a fhorbairt.
Ina theannta sin, is é is aidhm don ghlao ar thograí le haghaidh deontais ghníomhaíochta chun tacú le tionscadail thrasnáisiúnta i réimsí an r-cheartais, chearta na n‑ íospartach agus na gceart nós imeachta, cur chun feidhme éifeachtach dhlí an Aontais maidir le cearta nós imeachta agus cearta íospartach agus na cearta bunúsacha gaolmhara (Airteagail 47 agus 48 den Chairt) a áirithiú. Faoin nglao, cistíonn an Coimisiún tionscadail lena n‑ éascaítear rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an gceartas do gach duine agus cosaint bhreithiúnach éifeachtach, lena n‑ áirítear trí mhodhanna leictreonacha (r-cheartas). Dírítear ar imeachtaí coiriúla éifeachtúla agus cothroma a chur chun cinn, agus, maidir le híospartaigh na coireachta, imeachtaí sibhialta gaolmhara. Cumhdaítear leis an nglao gníomhaíochtaí faireacháin agus fothaithe acmhainneachta chun cur chun feidhme éifeachtach chearta íospartaigh uile na coireachta agus chearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla a áirithiú.
DigiRIGHTS – DIGItalisation of defence RIGHTS: leis an tionscadal atá ar siúl faoi láthair, tugtar le chéile baill foirne taighde ó shé ollscoil chun cleachtais digiteála na gceart nós imeachta coiriúil a mhapáil agus a mheasúnú. Ag díriú ar na cearta chun ateangaireachta, aistriúcháin, rochtain ar an gcáschomhad, cabhair dhlíthiúil agus cúnamh dlí, agus an ceart a bheith i láthair ag triail, forbrófar leis an tionscadal treoirlínte chun coibhéis a áirithiú idir cearta nós imeachta as líne agus ar líne.
Infovictims III: díríodh leis an tionscadal ar chearta íospartach chun faisnéise a neartú trí infhaighteacht faisnéise simplí agus inrochtana a áirithiú maidir leis na cearta dá bhforáiltear faoin Treoir maidir le Cearta Íospartach i máthairtheanga na n‑ íospartach, agus trí shuíomhanna gréasáin agus aipeanna faisnéiseacha atá furasta le húsáid.
Leis an gclár um Cheartas cuirtear cistiú ar fáil freisin le haghaidh staidéar, grúpaí saineolaithe agus imeachtaí, chomh maith leis an Tairseach Eorpach don r-Cheartas,, ionad ilfhreastail le haghaidh faisnéis a bhaineann leis an gceartas san Aontas. Óstálann an Tairseach faisnéis chuimsitheach maidir le cearta bunúsacha, an uirlis ‘An bhfuil feidhm ag an gCairt maidir le mo Chás?’ agus ábhar teagaisc ar an gCairt chomh maith leis an Ardán Oiliúna Eorpach.
Sa bhreis ar dheontais ghníomhaíochta le haghaidh tionscadail aonair, deonaíonn an Coimisiún deontais oibriúcháin do pháirtithe leasmhara áirithe ón gclár um Cheartas chun tacú lena bhfeidhmiú rianúil.
Tá modhanna éifeachtacha forbartha ag Comhlachas an Líonra Eorpaigh maidir le Cearta Íospartach do chomhar agus comhordú idir gairmithe na mBallstát i réimse chearta na n‑ íospartach agus béim á leagan ar chásanna trasteorann. Chuir sé sin go mór le feabhas a chur ar mhodhanna chun dlí an Aontais a chur chun feidhme agus chuir sé feabhas ar rochtain íospartach ar a gcearta ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.
Déantar tionscnaimh maidir le digiteáil an cheartais a chistiú go páirteach ón gClár don Eoraip Dhigiteach, lena ndírítear ar acmhainneachtaí digiteacha an Aontais a chothabháil agus a fhorbairt i bpríomhréimsí, lena n‑ áirítear an intleacht shaorga (IS), an chibearshlándáil, agus teicneolaíochtaí le haghaidh earnálacha amhail fuinneamh, an t‑ athrú aeráide agus an comhshaol, monaraíocht, talmhaíocht agus cúram sláinte. Baineadh úsáid as an gClár don Eoraip Dhigiteach, mar shampla, chun tionscnaimh a chistiú chun tacú le hullmhú agus cur chun feidhme an Ghnímh um an Intleacht Shaorga.
Eisíodh cistiú ón gClár don Eoraip Dhigiteach freisin chun tacú le cur chun feidhme na Straitéise i ndáil le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí (BIK+), lena rannchuidítear le cur i bhfeidhm chearta an linbh a chumhdaítear in Airteagal 24 den Chairt. Úsáidtear cistiú ón gClár don Eoraip Dhigiteach chun líonra na nIonad d’Idirlíon Níos Sábháilte sna Ballstáit agus an ardáin i ndáil le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí a chistiú, lena n‑ ardaítear feasacht maidir le cearta digiteacha leanaí agus daoine óga. Cuireann na hIonaid ar chumas an phobail ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a thuairisciú gan ainm agus comhairle a thabhairt do leanaí maidir le conas déileáil le hábhar díobhálach ar líne. Baineadh úsáid as an gClár don Eoraip Dhigiteach freisin chun tacú le cur chun feidhme na Treorach maidir le hInrochtaineacht Gréasáin agus le caighdeáin a fhorbairt maidir le hinrochtaineacht dhigiteach, rud a rannchuidíonn le cur i bhfeidhm Airteagal 25 den Chairt maidir le cearta daoine scothaosta agus Airteagal 26 maidir le daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú.
Tá baol ann go mbainfidh an bhréagaisnéis agus an mhífhaisnéis an bonn den cheart atá ag gach duine faisnéis agus smaointe a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás poiblí, ceart a chumhdaítear in Airteagal 11(1) den Chairt. Tríd an gClár don Eoraip Dhigiteach, tacaíonn an Coimisiún le hobair na Faireachlainne Eorpaí um na Meáin Dhigiteacha agus lena líonra de 14 mhol náisiúnta nó ilnáisiúnta, atá gníomhach ar fud 28 dtír AE agus LEE. Neartaíonn an líonra – ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal áitiúil – an comhar laistigh de phobal páirtithe leasmhara a thugann aghaidh ar an mbréagaisnéis ar líne.
Leis an gclár Eoraip na Cruthaitheachta (CE) cuirtear cistiú ar fáil chun éagsúlacht chultúrtha agus teanga a chothú, léiriú ealaíonta a chur chun cinn, agus borradh a chur faoi acmhainneacht eacnamaíoch na dtionscal cruthaitheach. Rannchuidíonn a chuspóirí le cur chun cinn an neamh-idirdhealaithe, an chomhionannais idir mná agus fir agus na héagsúlachta cultúrtha agus teanga
a chumhdaítear in Airteagail 21, 22 agus 23 den Chairt. Thacaigh an Coimisiún le tionscadail laistigh d’earnálacha na meán, a rannchuidíonn le saoirse agus iolrachas na meán a chur chun cinn (Airteagal 11(2) den Chairt).
Faoin ‘Tionscnamh nuachta’, tacaíodh le saoirse agus iolrachas na meán trí dheontais a dháileadh ar eagraíochtaí meán a chuireann le dea-fheidhmiú an daonlathais (mar shampla eagraíochtaí áitiúla, pobail agus imscrúdaitheacha). Eisíodh cistiú freisin do thionscadail amhail an ‘sásra mearfhreagartha uile-Eorpach le haghaidh sáruithe ar shaoirse an phreasa agus na meán’, gníomhaíocht chun sáruithe ar shaoirse an phreasa agus na meán a rianú agus a thuairisciú agus chun tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil d’iriseoirí i bhfoirm comhairle agus tacaíocht dhlíthiúil chomh maith le dídean agus cúnamh lóistíochta a chur ar fáil.
Fócas eile de chlár Eoraip na Cruthaitheachta is ea faireachán a dhéanamh ar iolrachas agus úinéireacht na meán trí staidéir chun tacú le tograí le haghaidh reachtaíochta, amhail an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán. Cuireadh tacaíocht ar fáil freisin chun athléimneacht eacnamaíoch na meán a neartú trí nuálaíochtaí chun cabhrú leis ioncam a mhéadú. Is féidir le heagraíochtaí meán oiliúint a fháil, samhlacha gnó a fhorbairt le chéile, nó íoc as obair eagarthóireachta.
Bíonn tionchar ag cinntí ar leibhéal an Aontais ar shaol na ndaoine ach is minic a dhéantar tearcthuairisciú orthu sna meáin. Faoin líne bhuiséid ‘Gníomhaíochtaí Ilmheán’, cuireadh cistiú ar fáil d’eagraíochtaí meán agus do ghníomhaireachtaí preasa náisiúnta chun faisnéis neamhspleách a chur ar fáil. Is féidir leis an gcistiú cabhrú, mar shampla, le díriú ar réimsí ina bhfuil iolrachas na meán íseal, rud a rannchuidíonn le cur chun cinn an chirt atá ag gach duine faisnéis a fháil agus a thabhairt i gcomhthéacs ina measann 64 % de shaoránaigh nach bhfuil dóthain eolais acu faoi chúrsaí Eorpacha. Tacaíodh le hinfhaighteacht agus iolrachas na meán freisin trí thionscadail chun dul i ngleic le teacht chun cinn fásach nuachta agus chun cuidiú le gairmithe neamhspleácha na meán ón Rúis agus ón mBealarúis a cuireadh ar deoraíocht san Aontas tar éis thús an chogaidh fhoghaigh atá an Rúis a chur ar an Úcráin.
Is tionscadal mór comhair é Europe Beyond Access ina bhfuil deich gcomhpháirtí a thacaíonn le healaíontóirí faoi mhíchumas. Tacaíonn an tionscadal le cruthú agus cúrsaíocht thrasnáisiúnta, le fothú acmhainneachta agus le foghlaim institiúideach, agus é mar chuspóir aige deireadh a chur leis an gcumasachas i réimse cultúrtha na hEorpa.
Leis an gclár Erasmus+ spreagtar rannpháirtíocht daoine óga sa saol daonlathach, lena n‑ áirítear trí thacú le gníomhaíochtaí a chuireann le hoideachas saoránachta agus le tionscadail chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí na sochaí sibhialta
. Sna réimsí sin, is foinse luachmhar cistiúcháin é an clár do ESSanna.
De réir Rialachán Erasmus+
, rannchuidíonn an clár go háirithe le hurraim don tsaoirse acadúil, a chumhdaítear in Airteagal 13 den Chairt. Ar bhonn níos lú, féachann an clár le hurraim do chearta bunúsacha eile a áirithiú, lena n‑ áirítear an ceart chun comhionannais agus neamh-idirdhealaithe agus béim á leagan ar chearta bunúsacha i ngníomhaíochtaí áirithe. Áirítear orthu sin gníomhaíochtaí rannpháirtíochta óige Erasmus+, lena dtacaítear le tionscadail lasmuigh den oideachas foirmiúil agus den oiliúint fhoirmiúil agus lena spreagtar rannpháirtíocht sa saol daonlathach
. Táthar ag súil freisin go dtreiseofar le tionscadail chomhair Erasmus+ i measc eagraíochtaí agus institiúidí freagairtí na gcóras oideachais agus oiliúna agus bheartais na hóige ar dhúshláin an lae inniu, lena n‑ áirítear i réimse na gceart bunúsach
.
Cistítear le tionscnamh Erasmus+ na nOllscoileanna Eorpacha comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais. Cuireann siad ar chumas scoláirí agus fhoireann na hollscoile staidéar a dhéanamh thar thíortha, teangacha, earnálacha agus disciplíní, ag baint tairbhe as eolas éagsúil. Is é is aidhm do chomhghuaillíochtaí straitéiseacha fadtéarmacha a bhunú idir ollscoileanna Eorpacha luachanna agus féiniúlacht Eorpach a chur chun cinn chomh maith le barr feabhais san eolaíocht agus sa chuimsiú.
Cistíonn Acadaimh Múinteoirí Erasmus+tionscadail chun oideachas agus oiliúint do mhúinteoirí a fhorbairt agus chun forbairt cúrsaí, modúl agus deiseanna foghlama eile a spreagadh maidir le luachanna coiteanna, rannpháirtíocht agus rannpháirteachas saoránachta.
Bhí ról ar leith ag gníomhaíochtaí Jean Monnet Erasmus+ maidir le cearta bunúsacha a chur chun cinn tríd an teagasc, an fhoghlaim agus an taighde.
Tugann go leor tionscadal Jean Monnet oideachas um chearta bunúsacha chuig seomraí ranga trí réamhrá ginearálta a thabhairt don Chairt agus do chearta bunúsacha, agus trí dhíriú ar ghnéithe sonracha de chearta bunúsacha, amhail an ceart chun gnó a dhéanamh, neamh-idirdhealú agus comhionannas idir mná agus fir, éagsúlacht chultúrtha agus teanga, cosaint an chomhshaoil agus cearta bunúsacha sa saol digiteach. Ina theannta sin, ullmhaítear tíortha le roinnt tionscadal le haghaidh aontachas leis an Aontas, nó baineann siad inspioráid as creat an Aontais um chearta bunúsacha d’áiteanna eile ar domhan.
Is féidir le tionscadail atá ag feidhmiú i dtríú tíortha i gcomhpháirtíocht le hinstitiúidí an Aontais deiseanna an chláir Erasmus+ a thapú freisin.
Tá sé d’aidhm ag ACT – Virtual exchanges for Active CiTizenship [Malartuithe fíorúla le haghaidh Saoránacht Ghníomhach] saoránacht ghníomhach, saoirse, caoinfhulaingt agus neamh-idirdhealú a fhorbairt trí mhic léinn agus foireann ollscoile thíortha réigiún Chomharsanacht na hEorpa agus an Deiscirt a nascadh trí ghníomhaíochtaí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla ar líne. Leis an tionscadal déantar teagmháil le hEorpaigh óga agus lena bpiaraí ón bPalaistín, ón Liobáin, ón Libia, ó Mharacó agus ón Túinéis.
Chun comhdheiseanna agus éagsúlacht a chur chun cinn, forbraíodh Creat maidir le bearta cuimsithe, chomh maith le ‘Straitéis um Chuimsiú agus Éagsúlacht’ ar leith, chun tacú le rochtain níos éasca ar chistiú le haghaidh réimse níos leithne eagraíochtaí agus iarratasóirí.
Thairis sin, ceanglaítear ar ghníomhaireachtaí náisiúnta pleananna um chuimsiú agus éagsúlacht a tharraingt suas agus cuirtear tacaíocht thiomnaithe ar fáil d’eagraíochtaí agus do rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu.
Tá buiséad iomlán EUR 95,5 billiún ag Fís Eorpach, an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus tá sé dírithe ar bhunús eolaíoch agus teicneolaíoch an Aontais a neartú. Ráthaítear leis barr feabhais eolaíoch agus cuireann sé urraim don tsaoirse acadúil chun cinn, a chumhdaítear in Airteagal 13 den Chairt, i ngach tír de chuid an Aontais agus i ngach tír nach bhfuil san Aontas a thairbhíonn dá chistí. Ba cheart cur chuige duinelárnach a chur chun cinn sna hábhair thaighde, cur chuige atá bunaithe ar urraim do chearta bunúsacha agus i gcomhréir le luachanna eiticiúla agus sochaíocha. Is iad sin is bonn le gach ceann de thrí cholún an chláir: eolaíocht den scoth; dúshláin dhomhanda agus iomaíochas tionsclaíoch na hEorpa; agus an Eoraip nuálach.
Go háirithe, faoi cholún II maidir le dúshláin dhomhanda agus iomaíochas tionsclaíoch na hEorpa, is é is aidhm do na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta maidir le ‘Sláinte’ réitigh a fhorbairt chun an tsláinte a chur chun cinn ar bhealach níos éifeachtaí, de réir bhrí Airteagal 35 den Chairt, agus aird á tabhairt ag an am céanna ar eitic, ar chosaint dhínit an duine, ar chomhionannas inscne agus ar ghnéithe eitneacha, chomh maith le riachtanais daoine atá faoi mhíbhuntáiste agus daoine leochaileacha.
Leis an tionscadal Flexible Approaches to Support Health through financing [Cineálacha Cur Chuige Solúbtha chun Tacú leis an tSláinte trí mhaoiniú] déantar anailís ar shásraí maoiniúcháin cúraim sláinte san Eoraip agus déantar measúnú ann an féidir leo déileáil le cásanna atá ag teacht chun cinn. I measc na ndúshlán tá dúshláin a bhaineann le daonraí atá ag dul in aois agus an brú méadaitheach ar bhuiséid cúraim sláinte mar gheall ar nuálaíocht theicneolaíoch. Leis an tionscadal déanfar measúnú ar chothromas agus ar éifeachtúlacht réiteach malartach.
Is é is aidhm do roinnt línte taighde maidir le ‘Cultúr, cruthaitheacht agus sochaí chuimsitheach’ trédhearcacht, inrochtaineacht, éifeachtacht agus dlisteanacht an rialachais dhaonlathaigh a fheabhsú, chomh maith le héifeachtúlacht na gcóras ceartais atá bunaithe ar neamhspleáchas breithiúnach agus ar nósanna imeachta cothroma, éifeachtúla agus trédhearcacha in ábhair shibhialta agus choiriúla a mhéadú.
Dhírigh gníomhaíochtaí taighde maidir le ‘Slándáil shibhialta don tsochaí’ ar fheabhas a chur ar an gcibearshlándáil, ar an bpríobháideachas digiteach, ar chosaint sonraí pearsanta, ar spás níos sábháilte a chruthú do leanaí ar líne trí uirlisí nuálacha a fhorbairt chun mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí a chosc agus chun scaipeadh faisnéise bréagaí agus díobhálaí a chomhrac chun cobhsaíocht dhaonlathach, shóisialta agus eacnamaíoch a chosaint. Tá tionscadail iontu maidir le héifeachtaí tubaistí a theorannú, bídís ina dtubaistí nádúrtha nó ina dtubaistí de dhéantús an duine, rud a d’fhéadfadh feidhmeanna sochaíocha agus bonneagair chriticiúla a chur i mbaol i réimsí na sláinte, an bhia, an uisce óil, na slándála nó an rialtais.
Is é is aidhm don tionscadal VANGUARD (Ardréitigh theicneolaíocha mar aon le tuiscint agus feasacht atá dírithe ar an tsochaí chun cur isteach ar gháinneáil ar dhaoine) an gháinneáil ar dhaoine a chomhrac trí réitigh theicneolaíocha, ardú feasachta agus oiliúint a fhorbairt chun cur isteach go luath ar shlabhraí gáinneála agus aghaidh a thabhairt ar chultúr na saoirse ó phionós. Is é is aidhm don tionscadal pictiúr faisnéise feabhsaithe den gháinneáil a sholáthar, agus béim á leagan ar gháinneáil chun críocha teacht i dtír gnéasach, dúshaothrú saothair agus coiriúlacht éigeantais.
Thairis sin, chun gníomhaíochtaí taighde maidir le ‘Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás’ a dhéanamh, ní mór don intleacht shaorga agus don róbataic sábháilteacht agus fóntacht shochaíoch agus chomhshaoil na bhfeidhmchlár atá bunaithe ar an intleacht shaorga a áirithiú agus maolú a dhéanamh ar an acmhainneacht atá iontu maidir le húsáid mhailíseach agus idirdhealú neamhbheartaithe, amhail claonadh inscne, ciníoch nó míchumais. Déantar taighde freisin ar conas timpeallacht iontaofa faisnéise a choinneáil ar bun ina bhfuil sé de chumhacht ag daoine iarrachtaí a aithint chun an dioscúrsa sibhialta a ionramháil.
Ar deireadh, sa taighde ar ‘Bhia, an bithgheilleagar, acmhainní nádúrtha, talmhaíocht agus an comhshaol’ baintear leas as acmhainneacht an taighde agus na nuálaíochta chun táirgeadh bia atá sábháilte agus sláintiúil a ráthú, cleachtais inbhuanaithe a chur chun cinn sa talmhaíocht, sa dobharshaothrú, san iascach agus san fhoraoiseacht, rochtain ar uisce, ithir agus aer glan a áirithiú do chách, aigéin agus uiscí intíre a ghlanadh, agus an comhshaol a chaomhnú agus a athbhunú.
Tacaíonn tionscadal na Comhpháirtíochta Eorpaí um Bithéagsúlacht le cur chun feidhme rathúil Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais 2030. Tugann sé le chéile 75 eagraíocht ó 37 dtír, lena n‑ áirítear údaráis chomhshaoil, aireachtaí, eagraíochtaí maoiniúcháin, agus gníomhaireachtaí cosanta comhshaoil, tá sé d’aidhm aige an faireachán a fheabhsú, an bonn fianaise a leathnú, agus cás gnó an chaomhnaithe a dhéanamh.
Faigheann an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) tacaíocht ó dhá chiste, an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe. Den chéad uair riamh, tá cuspóir sonrach ag CBT maidir le comhionannas inscne agus rannpháirtíocht na mban san fheirmeoireacht, lena gcuireann sé le cur i bhfeidhm an chomhionannais idir mná agus fir mar a chumhdaítear in Airteagal 23 den Chairt. Cuireann formhór na mBallstát eagraíochtaí um chearta na mban san áireamh i gCoistí Faireacháin a bPleananna Straitéiseacha CBT. Mar shampla, chuir an Spáinn breisiú san áireamh leis an tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga d’fheirmeoirí ban óga agus tá tacaíocht níos airde curtha ar fáil ag Éirinn do mhná faoina scéim infheistíochta caipitil ar an bhfeirm.
Rannchuidíonn CBT le cur i bhfeidhm chearta na n‑ oibrithe maidir le dálaí oibre cothroma agus córa, dá bhforáiltear in Airteagal 31 den Chairt. Déantar é sin trí shásra coinníollachta sóisialta, a mbíonn laghdú ar íocaíochtaí CBT mar thoradh air, má sháraíonn feirmeoirí reachtaíocht an Aontais sa réimse sin. In earnálacha áirithe, tá tacaíocht airgeadais ar fáil chun dálaí feirmeoirí a fheabhsú.
Is é is aidhm don tionscadal EmpowerUs (An t‑ aistriú glas trí phobail chósta) pobail chósta a chumhachtú chun aistriú i dtreo forbairt chósta atá níos athléimní, níos cuimsithí agus níos inbhuanaithe trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide agus le cleachtais thraidisiúnta agus chultúrtha. Cuirfidh líonra de shé shaotharlann ar fud réigiúin chósta an Aontais todhchaí níos glaise chun cinn.
Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA), tá glúin nua cistí cruthaithe ag an Aontas, a bhfuil a n‑ eisíocaíocht nasctha le cuspóirí agus spriocanna sonracha a bhaint amach. Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cuirtear cistí ar fáil do na Ballstáit chun a ngeilleagair a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe don aistriú glas agus don aistriú digiteach. Leis na bearta, tugtar aghaidh ar na dúshláin a shainaithnítear faoi chreat an tSeimeastair Eorpaigh maidir le comhordú an bheartais eacnamaíoch agus shóisialta. Cuireann an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta Plean REPowerEU chun feidhme freisin – an fhreagairt ar an gcruatan socheacnamaíoch agus ar shuaitheadh an mhargaidh fuinnimh mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin.
Tá STA bunaithe ar shé cholún: an t‑ aistriú glas; an claochlú digiteach; fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach; comhtháthú sóisialta agus críochach; sláinte, agus athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach; agus beartais don chéad ghlúin eile. Tríd an raon leathan réimsí sin, rannchuidíonn sé le cearta bunúsacha éagsúla a chur chun cinn, a chosaint agus a fhorfheidhmiú.
Airteagal 37 den Chairt maidir le cosaint an chomhshaoil: Rannchuidíonn STA le hardleibhéal cosanta comhshaoil agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a chomhtháthú i mbeartais an Aontais. Le Rialachán STA, ceanglaítear ar gach Ballstát 37 % ar a laghad dá chistiú STA a leithdháileadh ar bhearta a rannchuidíonn le cuspóirí aeráide. Ní mór do gach beart an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a urramú. Áiríodh leis na hathchóirithe acmhainneacht bhreise a shuiteáil le haghaidh fuinneamh in-athnuaite agus bearta cosanta in aghaidh tuilte, falscaithe agus tubaistí nádúrtha eile.
Airteagal 47 den Chairt maidir leis an gceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa: Tacaíonn STA le bearta chun éifeachtúlacht, cáilíocht agus neamhspleáchas na gcóras breithiúnach a mhéadú. Áiríodh leis na hinfheistíochtaí ábhartha digiteáil na gcóras ceartais, bonneagar breithiúnach feabhsaithe agus oiliúint bhreithiúnach. Tá réitigh dhigiteacha shlána forbartha ag Málta chun próisis chúirte a shimpliú agus chun rochtain ar cheartas a fheabhsú. Tá bearta déanta ag an gCróit chun riaráistí a laghdú, imeachtaí sibhialta agus tráchtála a ghiorrú, agus riarachán trédhearcach agus éifeachtúil cásanna a neartú.
Comhlánaíonn an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (ITT) na bearta thuas chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí eacnamaíocha na paindéime trí fheabhas a chur ar chumas na n‑ institiúidí náisiúnta athchóirithe a chur chun feidhme agus trí mhalartú dea-chleachtas a éascú. I réimse na n‑ athchóirithe breithiúnacha, tacaíodh le 27 dtionscadal in 15 Bhallstát maidir le hinrochtaineacht agus digiteáil an cheartais (uirlisí ar líne, cúnamh dlíthiúil, bailiú sonraí), réitigh mhalartacha díospóidí (idirghabháil) agus tacaíocht d’íospartaigh. Baineann tionscadail le cibearshlándáil, bailiú sonraí, láimhseáil dhigiteach sreafaí oibre cásanna agus fianaise, chomh maith le trédhearcacht cinntí breithiúnacha a mhéadú.
|
Feabhas a chur ar na straitéisí agus na creataí náisiúnta chun tacú le híospartaigh coireanna san Eastóin, sa Phortaingéil agus i Málta: leis an tionscadal seo arna chomhordú ag Victim Support Europe, tacaítear le trí Bhallstát chun straitéisí agus creataí le haghaidh tacaíocht d’íospartaigh a bhunú, a chur chun feidhme agus a neartú. Is é is aidhm don tionscadal straitéis aontaithe a chur chun feidhme ar mhaithe le híospartaigh gach coire, agus ar an gcaoi sin rátaí tuairiscithe a mhéadú agus tionchair dhíobhálacha na coireachta i saol na n‑ íospartach agus na costais fhoriomlána don tsochaí i gcoitinne a laghdú.
|
Ina theannta sin, leis an gclár InvestEU slógtar infheistíocht phoiblí agus phríobháideach le haghaidh phríomhthosaíochtaí beartais an Aontais. Go háirithe, rannchuidíonn a ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna le cearta bunúsacha a chur i bhfeidhm, amhail cúram sláinte, slándáil shóisialta, an ceart chun oideachais, comhionannas idir mná agus fir, agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas. Déantar infheistíochtaí ar bhonneagar sóisialta (lena n‑ áirítear tithíocht shóisialta inacmhainne, bonneagar sláinte agus oideachais) agus dírítear maoiniú ar bhearta chun comhionannas inscne, imeascadh daoine leochaileacha agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas agus inrochtaineacht dóibh a chur chun cinn. Thairis sin, cuireann micreamhaoiniú, maoiniú eiticiúil agus maoiniú sóisialta fiontraíocht agus an geilleagar sóisialta chun cinn agus béim á leagan ar na grúpaí is leochailí. I réimse chosaint an chomhshaoil, tacaíonn InvestEU le hinfheistíocht inbhuanaithe agus leis an aistriú glas le hIonú Bonneagair Inbhuanaithe tiomnaithe.
Idir 2021 agus 2027, déantar cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn trí thacaíocht ó chistí an Aontais a chumhdaítear le Rialachán na bhForálacha Coiteanna (cistí RFC), a gcumhdaíonn gach ceann acu réimse sonrach de bheartas an Aontais. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh dearadh agus cur chun feidhme na gclár a fhaigheann tacaíocht ó na cistí sin i gcomhréir leis an gCairt le linn na clárthréimhse.
|
Cumhdaíonn Rialachán na bhForálacha Coiteanna ocht gciste de chuid an Aontais, eadhon Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE); Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+); An Ciste Comhtháthaithe (CC); An Ciste um Aistriú Cóir (CUAC); an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID); An Ciste Tearmainn agus Imirce (CTIL); An Ciste Slándála Inmheánaí (CSI); agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IBTV) (Cistí RFC).
|
Tacaíonn roinnt cistí RFC le cur chun feidhme na mbeartas imirce agus gnóthaí baile. Le tionscnaimh arna maoiniú ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV cuirtear chun cinn cur i bhfeidhm roinnt ceart bunúsach, amhail an ceart chun tearmainn
agus cearta an linbh
. Tacaíonn tionscnaimh chistithe freisin le cosaint a sholáthar in aghaidh na gáinneála ar dhaoine, lena n‑ áirítear chun críoch saothair nó teacht i dtír gnéasach
.
|
Is é is aidhm do thionscadal IMPROV-EU prótacal a fhorbairt chun cuíchóiriú a dhéanamh ar chur chun feidhme forálacha a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha daoine i staideanna leochaileacha a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha an Aontais. Oibríonn an tionscadal Rightlines chun cosaint na gceart bunúsach a neartú ag teorainneacha na Gréige agus na Cipire.
Díríonn an tionscadal CSAPE ar leanaí a chumhachtú le faisnéis agus ar chuidiú le daoine óga atá i mbaol.
|
Tacaíonn an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) le tionscadail chun úsáid inbhuanaithe acmhainní uisceacha agus muirí a áirithiú. Rinneadh dhá ghlao ar thograí le haghaidh ‘Mná sa Gheilleagar Gorm’ chun rannpháirtíocht agus cumhachtú na mban san iascach, sa dobharshaothrú, sa longthógáil agus sa mhuiriompar a mhéadú.
Le cistí an bheartais chomhtháthaithe, trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), cuirtear chun cinn, mar shampla, cur i bhfeidhm an chirt chun oideachais agus chun sláinte, cearta daoine scothaosta, comhionannas idir mná agus fir, agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas.
|
Leis an tionscadal ‘Na hAonaid Chúraim Sláinte Shoghluaiste Neasachta’ cuireadh an cuimsiú sóisialta chun cinn agus laghdaíodh neamhionannais trí aonaid chúraim sláinte shoghluaiste a chur in úsáid chun inrochtaineacht ar chúram coisctheach, ar dhiagnóisiú galar agus ar fhaireachán i réigiún Algarve a mhéadú.
Sheol an Coimisiún an Foghrúpa maidir le húsáid chistí an Aontais do chuimsiú na Romach chun obair leantach a dhéanamh ar éisteachtaí saineolaithe maidir le dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le rochtain a fháil ar chistí an Aontais agus feabhas a chur ar shaol na bpobal imeallaithe Romach. D’ullmhaigh an Foghrúpa tiomsú de chleachtais a bhfuil gealladh fúthu, a roinneadh le Pointí Teagmhála Náisiúnta do na Romaigh, le húdaráis bhainistíochta ábhartha agus le ESSanna. Cuireann an próiseas leis na hullmhúcháin don chéad CAI eile, le clársceidealú an bheartais chomhtháthaithe atá ar na bacáin agus le forbairtí comhchosúla i gcistí ábhartha eile.
|
Rannchuidíonn Rialachán na bhForálacha Coiteanna le cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn trí ‘choinníollacha cumasúcháin’ a thabhairt isteach le haghaidh chistí uile Rialachán na bhForálacha Coiteanna, rud atá úrnua i gcomparáid leis na coinníollachtaí ex ante i Rialachán na bhForálacha Coiteanna 2014-2020
. Ní mór do gach Ballstát na coinníollacha cumasúcháin a chomhlíonadh chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na gcistí sin a áirithiú le linn na clárthréimhse. Tá dhá chineál coinníollacha cumasúcháin ann, i.e. na Coinníollacha Cumasúcháin Cothrománacha is infheidhme maidir le gach ciste RFC
, agus na coinníollacha cumasúcháin téamacha is infheidhme go heisiach maidir le CFRE, CC agus CSE+.
Le coinníoll cumasúcháin cothrománach na Cairte ceanglaítear ar na Ballstáit sásraí éifeachtacha a chur ar bun chun cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme éifeachtach na Cairte a áirithiú. Áirítear orthu sin socruithe chun a áirithiú go gcomhlíonann na cláir a fhaigheann tacaíocht ó chistí RFC agus a gcur chun feidhme forálacha ábhartha na Cairte, agus socruithe tuairiscithe don choiste faireacháin maidir le cásanna nach gcomhlíonann oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na cistí sin an Chairt agus gearáin maidir leis an gCairt.
Mura bhfuil sásraí éifeachtacha i bhfeidhm, ní mheastar coinníoll cumasúcháin cothrománach na Cairte a bheith comhlíonta. Dá thoradh sin, cuireann an Coimisiún in iúl don Bhallstát nach n‑ aisíocfar an caiteachas a bhaineann leis na cuspóirí sonracha go dtí go gcuirfidh an Ballstát ráthaíochtaí leordhóthanacha ar fáil go bhfuil sásraí éifeachtacha i bhfeidhm. Go háirithe, ceanglaítear ar na Ballstáit róil agus freagrachtaí na n‑ údarás agus na gcomhlachtaí éagsúla a leagan amach. Ní mór gach céim den chlársceidealú agus den chur chun feidhme a chumhdach leis sin, agus ní mór na comhlachtaí nó na daoine a thugann cúnamh maidir le cearta bunúsacha a shainaithint. Ceanglaítear ar na Ballstáit freisin faisnéis a sholáthar faoi na nósanna imeachta le haghaidh cásanna neamhchomhlíonta agus gearáin agus faoi chomhdhéanamh agus rialacha nósanna imeachta na gcoistí faireacháin. Ba cheart a áireamh orthu sin comhlachtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar an tsochaí shibhialta, amhail comhlachtaí atá freagrach as an gcuimsiú sóisialta, na cearta bunúsacha, cearta daoine faoi mhíchumas, an comhionannas inscne agus an neamh-idirdhealú a chur chun cinn.
|
Sa chomhairliúchán ar líne a rinneadh chun tacú leis an tuarascáil, bhí 62 % de na ESSanna a d’fhreagair ar an eolas faoi na hoibleagáidí a eascraíonn as coinníoll cumasúcháin cothrománach na Cairte. Thug ceann amháin as dhá cheann de na heagraíochtaí a thug freagra le fios gur oibrigh siad chun comhlíonadh na gceart bunúsach a áirithiú maidir le húsáid chistí an Aontais, i.e. mar chomhalta nó mar bhreathnóirí i gcoistí faireacháin, nó trí oiliúint, fothú acmhainneachta nó meastóireachtaí a sholáthar ar chomhlíonadh na gceart bunúsach i dtionscadail arna gcistiú ag an Aontas.
|
Ceanglaítear ar na Ballstáit freisin faisnéis a sholáthar faoi na nósanna imeachta chun gearáin a scrúdú i gcásanna nach gcomhlíontar an Chairt agus faoi chomhdhéanamh agus rialacha nós imeachta na gcoistí faireacháin, lena ráthaítear ionadaíocht chothrom na gcomhpháirtithe ábhartha a bhfuil an neamhspleáchas is gá acu chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Chairt. Chun comhlíonadh choinníoll cumasúcháin cothrománach na Cairte a áirithiú, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta comhroinnte
, coinníonn an Coimisiún idirphlé ar bun leis na Ballstáit sna coistí faireacháin nó go déthaobhach.
|
Rannchuidigh coinníoll cumasúcháin cothrománach na Cairte le hAirteagal 21 den Chairt a chosaint agus a chur chun cinn i gcás inar cuireadh clásal frith-idirdhealaithe sa chomhaontú comhpháirtíochta agus sna cláir chomhtháthaithe chun a áirithiú nach raibh aon ghníomhaíocht idirdhealaitheach (mar shampla ar fhorais an ghnéaschlaonta) in iarratais ar thionscadail a chuir údaráis áitiúla nó réigiúnacha isteach.
Rannchuidigh sé le cur i bhfeidhm Airteagal 47 den Chairt i roinnt Ballstát, a ghlac bearta chun neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na gcúirteanna agus na mbinsí a neartú.
|
Tá dúshláin fós ann maidir le cur chun feidhme choinníoll cumasúcháin cothrománach na Cairte áfach, agus is iad an easpa acmhainní airgeadais agus daonna do na heagraíochtaí a ghlacann páirt i gcur chun feidhme choinníoll cumasúcháin cothrománach na Cairte na cinn is ábhartha. Eascraíonn sé sin as an méadú ar an éileamh ar thacaíocht ó chomhlachtaí um chearta bunúsacha. Agus tagairt á déanamh don cheanglas atá ar thíortha faoi Phrionsabail Pháras na Náisiún Aontaithe a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha agus uathriail airgeadais leordhóthanach ag Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, molann Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine acmhainní leordhóthanacha dá chomhaltaí. Tugann sí dá haire go bhfuil gá le hacmhainní substaintiúla chun comhlíonadh ceart bunúsach a áirithiú i gcomhthéacs ina bhfuil teorainn leis na hacmhainní atá ar fáil d’Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine chun a bpríomh-shainordú a chur i gcrích. Cé go bhfuil roinnt Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine tar éis an easpa acmhainní daonna a leigheas trí fhoireann bhreise a earcú, ní mór do chuid eile acu ról na gcomhlachtaí nó na ndaoine a chuireann cúnamh ar fáil maidir le cearta bunúsacha a theorannú bunaithe ar na hacmhainní teoranta, agus iarrann siad go ndéanfaí cistí a leithdháileadh tuilleadh don tsaincheist sin.
|
Ba cheart a thabhairt faoi deara go gcuirtear ar chumas na mBallstát go sainráite le Rialachán na bhForálacha Coiteanna céatadán de na hacmhainní ó na cistí a leithdháileadh ar mhaithe le fothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta agus na ESSanna a bhfuil baint acu le hullmhú, cur chun feidhme agus meastóireacht na gclár, ach níl eolas maith go leor air sin ná níl sé á chur i bhfeidhm go leordhóthanach. Ina theannta sin, tá ceanglas maidir le díriú téamach ag gabháil le CSE+ maidir le fothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta agus ESSanna chun a rannpháirtíocht fhóinteach i mbaint amach beartas fostaíochtaí, oideachais agus cuimsithe shóisialta a dtacaíonn CSE+ leo a áirithiú. Leithdháil na Ballstáit EUR 400 milliún chun tacú leis an tsochaí shibhialta agus EUR 362 mhilliún chun tacú leis na comhpháirtithe sóisialta.
|
Áiríodh sna comhairliúcháin freisin glao soiléir ar thuilleadh faisnéise agus treorach chun tacú le húdaráis náisiúnta coinníoll cumasúcháin cothrománach na Cairte a chur chun feidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an ngá atá le soiléireacht maidir lena himpleachtaí praiticiúla agus le saineolas teicniúil méadaithe ar chistí an Aontais. I gcomhréir le gealltanais straitéis na Cairte, tá tús curtha ag an gCoimisiún le hullmhú lámhleabhair a threoróidh údaráis agus comhlachtaí náisiúnta maidir le cur chun feidhme éifeachtach choinníoll cumasúcháin cothrománach na Cairte.
|
In 2023, d’fhoilsigh Lárionad Náisiúnta na Slóvaice um Chearta an Duine tuarascáil maidir le ról na gcomhlachtaí náisiúnta um chearta bunúsacha i gcomhlíonadh chearta bunúsacha chistí an Aontais a áirithiú. De réir na tuarascála sin, bíonn tionchar ag roinnt tosca ar an dóchúlacht go mbainfear amach acmhainneacht iomlán choinníoll cumasúcháin cothrománach na Cairte. Áirítear orthu sin infhaighteacht faisnéise, fothú acmhainneachta, comhar i measc na n‑ údarás agus an gá atá le doiciméadacht bhainistíochta a shimpliú.
Tá seicliosta maidir le comhlíonadh na Cairte forbartha ag Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine de chuid na Polainne chun cistí an Aontais a chur chun feidhme, chomh maith le treoir maidir le cur i bhfeidhm na Cairte agus cistí an Aontais á gcaitheamh aici.
Oibríonn an tionscadal arna mhaoiniú ag an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna ECHOFunds – Feabhas a chur ar Chomhlíonadh na Cairte ag Cistí ón Aontas chun forbhreathnú a thabhairt ar na páirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le cistí ón Aontas a chur chun feidhme, chomh maith le hábhair ar líne a fhorbairt bunaithe ar dhea-chleachtas sainaitheanta ón réimse sin.
|
Mar thoradh ar an dian-idirphlé idir an Coimisiún agus na Ballstáit le linn chéim formheasa na gclár agus tar éis a bhformheasta, comhlíonann 26 Bhallstát coinníoll cumasúcháin cothrománach na Cairte faoi láthair. Tá Ballstát amháin ann nach gcomhlíonann go fóill é faoi roinnt clár, ós rud é go bhfuil imní thromchúiseach ann fós maidir le roinnt cearta bunúsacha.
Déanann an Coimisiún faireachán leanúnach ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar coinníoll cumasúcháin cothrománach na Cairte nó ar cé acu a bhíonn nó nach mbíonn tionchar ag forbairtí sna Ballstáit ar chomhlíonadh na gcoinníollacha cumasúcháin. Chomh maith leis na bealaí rialta faisnéise a úsáideann an Coimisiún, soláthraítear le Rialachán na bhForálacha Coiteanna creat chun faireachán a dhéanamh, i measc nithe eile, trí chruinnithe Athbhreithnithe Feidhmíochta Bliantúla agus trí chruinnithe coiste faireacháin. Cuirtear i dtábhacht leo sin an oibleagáid dhlíthiúil atá ar na Ballstáit aon tsaincheist a mbíonn tionchar aici ar chomhlíonadh choinníoll cumasúcháin cothrománach na Cairte a phlé leis na comhpháirtithe ar choistí faireacháin nó leis an gCoimisiún.
Tá freagracht ghinearálta ar na Ballstáit na luachanna coiteanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus sa Chairt a urramú, agus buiséad an Aontais á chur chun feidhme acu. Ceanglaítear leis an Rialachán Airgeadais ar an gCoimisiún a áirithiú ag gach céim den timthriall cistiúcháin (réamhshíniú, cur chun feidhme, seiceálacha ex post) nach n‑ eisítear cistiú ón Aontas d’eagraíochtaí ná do thionscadail a dhéanann gníomhaíochtaí atá ar neamhréir le luachanna an Aontais.
Sula síneofar comhaontú deontais, déanann an Coimisiún meastóireacht ar na tograí a cuireadh isteach chun iad siúd atá le cistiú a roghnú. Ag an gcéim seo, déantar seiceálacha chun a fhíorú an bhfuil luachanna an Aontais á n‑ urramú ag na tionscadail. Leis an gCóras Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES), sásra chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar dhaoine agus eintitis neamhiontaofa, cumasaítear luathbhrath eintiteas a bhfuil rioscaí ag baint leo, agus déantar foráil maidir lena n‑ eisiamh. Cumasaítear leis freisin pionós airgeadais a fhorchur de réir Airteagal 138 den Rialachán Airgeadais. Ina theannta sin, síníonn sínitheoirí an deontais dearbhú onóra chun a dheimhniú nach nglacann siad páirt i ngníomhaíochtaí in aghaidh luachanna an Aontais. Féadfar critéir incháilitheachta mhionsonraithe maidir le hurraim do luachanna an Aontais a chur san áireamh i nglaonna sonracha ar thograí freisin.
Le linn chéim an chur chun feidhme, le samhail-chomhaontuithe deontais corparáideacha déantar foráil maidir leis an oibleagáid atá ar na tairbhithe roghnaithe luachanna an Aontais a urramú. Leathnaítear an oibleagáid sin chuig comhpháirtithe comhlachaithe, fochonraitheoirí agus faighteoirí tacaíochta airgeadais chuig tríú páirtithe. Má shainaithnítear sárú ar luachanna an Aontais le linn chur chun feidhme na gníomhaíochta, féadfaidh an t‑ oifigeach údarúcháin bearta a dhéanamh, amhail íocaíocht a chur ar fionraí, laghdú deontais nó diúltú costais, foirceannadh an chomhaontaithe nó rannpháirtíocht an tairbhí lena mbaineann.
Tar éis bailchríoch a chur ar an ngníomhaíocht, beidh an deontas fós faoi réir seiceálacha, iniúchtaí nó imscrúdaithe ag an údarás deonúcháin, ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) nó ag an gCúirt Iniúchóirí. Thairis sin, bainistíonn OLAF Clár Frithchalaoise an Aontais, a thacaíonn leis na Ballstáit sa chomhrac in aghaidh na calaoise in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais. Cuirtear tacaíocht ar fáil mar chúnamh teicniúil, oiliúint agus taighde. Dhírigh cuid de na tionscadail a maoiníodh ar a áirithiú go gcomhlíonann na himscrúduithe cearta bunúsacha agus ráthaíochtaí nós imeachta.
Is é is aidhm don tionscadal i ndáil leis an bPrionsabal maidir le Neamh-ionchoiriú i gcás Imscrúduithe Riaracháin agus OLAF(NonIncrimInA) cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus ráthaíochtaí maidir le triail chóir a threisiú. Déanann sé taighde dlíthiúil agus cuireann sé oiliúint ar fáil maidir le cur i bhfeidhm an chirt bheith i do thost agus gan tú féin a ionchoiriú in imeachtaí riaracháin, go háirithe in imscrúduithe OLAF, i bhfianaise chásdlí CBAE.
Féadfar ceanglais bhreise maidir le luachanna an Aontais a leagan síos leis an reachtaíocht maidir le cistiú earnálach. Mar shampla, tagraítear sa Rialachán maidir leis an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna don ghá atá leis na luachanna bunaidh agus na cearta bunúsacha a chothú, a chosaint agus a chur chun cinn go gníomhach tráth a chaithfidh sochaithe Eorpacha aghaidh a thabhairt ar an antoisceachas, ar an radacachas agus ar an easaontas, agus tráth a bhfuil an spás don tsochaí shibhialta neamhspleách ag laghdú. Ceanglaítear ar iarratasóirí ionchasacha breac-chuntas a thabhairt ar na bearta atá beartaithe acu a dhéanamh chun a ráthú go gcomhlíonfar go hiomlán luachanna an Aontais agus Airteagal 21 den Chairt.
Ó 2024 ar aghaidh, ceanglaítear go sainráite freisin ar na gníomhaireachtaí náisiúnta a chuireann clár Erasmus+ chun feidhme trí bhainistíocht indíreach a áirithiú go n‑ urramófar luachanna an Aontais. Ina theannta sin, áirítear sna critéir dhámhachtana deontais ‘a mhéid atá an togra ábhartha maidir le hurraim agus cur chun cinn’. Féadfar deontas a fhoirceannadh nó a laghdú mura n‑ urramaítear na forálacha sin
.
Ar an gcaoi chéanna, sa chlár Fís Eorpach, ní mór do gach gníomhaíocht taighde agus nuálaíochta a dhéantar an dlí náisiúnta, dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh, lena n‑ áirítear an Chairt agus an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Aistrítear na forálacha sin ina n‑ oibleagáidí conarthacha sa tsamhail-chomhaontú deontais.
Meastar go bhfuil comhlíonadh eiticiúil ríthábhachtach chun barr feabhais taighde a bhaint amach. Sula ndeonaítear tionscadail, déantar meastóireacht eitice ar thograí Fís Eorpach chun comhlíonadh rialacha agus caighdeán eiticiúil a fhíorú, lena n‑ áirítear an Chairt. Déantar faireachán ar na gnéithe sin le linn an tionscadail agus déantar anailís orthu i gcomhar le saineolaithe neamhspleácha.Áirithítear le rialuithe agus iniúchtaí go gcomhlíonann córais bhainistíochta agus rialaithe na gclár arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte don chlárthréimhse 2021-2027 an Chairt.
Cuireann na Ballstáit agus páirtithe leasmhara náisiúnta, amhail institiúidí náisiúnta um chearta an duine, comhlachtaí comhionannais agus ombudóirí, bearta chun feidhme freisin chun rioscaí a mhaolú maidir le cistiú a dheonú agus a eisíoc. Is iondúil go mbíonn siad sin san áireamh sna comhaontuithe deontais. Tagraíonn na páirtithe leasmhara sin freisin do bheartais náisiúnta frithéillithe, do rialacha sceithirí agus do chóid iompair.
I scéim deontais Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC), deonaítear dámhachtain tar éis measúnú riosca airgeadais a dhéanamh ar gach iarratasóir ar an ngearrliosta. Déantar íocaíochtaí i dtráthchodanna, agus soláthraíonn iarratasóirí tuarascálacha ráithiúla ar dhul chun cinn a dtionscadal agus ar an gcaiteachas. Má shainaithnítear dúshláin, déanann Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas measúnú ar an gcás agus cuireann sé tacaíocht ar fáil. Déantar faireachán níos géire ar na tionscadail sin. I gcásanna neamhchoitianta nuair nach féidir le tionscadail dul chun cinn a dhéanamh, iarrann Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas cistí a thabhairt ar ais. A luaithe a bheidh tionscadal curtha i gcrích, ní mór don deontaí tuarascáil críochnaitheach tionscadail agus airgeadais a chur isteach mar aon le hadmhálacha gan íoc agus cóipeanna d’aschuir inláimhsithe. Scaoiltear íocaíocht deiridh tar éis an tionscadal a chur i gcrích go sásúil. Déanann rialaitheoir agus ard-iniúchóir an Stáit athbhreithniú bliantúil ar an scéim deontas. Tá sé faoi réir iniúchadh inmheánach freisin.
4.Cistiú do chearta bunúsacha sna Ballstáit
Bunaithe ar an ról comhlántach frithpháirteach atá ag cistiú ón Aontas agus ag cistiú náisiúnta, tugtar tuairisc sa chaibidil seo ar an gcaoi a gcuireann na Ballstáit cistiú ar fáil chun cur i bhfeidhm na gceart bunúsach a chur chun cinn. Agus leas á bhaint go háirithe as na comhairliúcháin spriocdhírithe leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile, tugtar tuairisc agus samplaí ann den chaoi ar úsáideadh deiseanna cistiúcháin náisiúnta chun cur i bhfeidhm na Cairte a chur chun cinn.
Sa suirbhé a rinneadh chun an tuarascáil seo a ullmhú, thug ceann amháin as gach trí cinn (34 %) de na ESSanna a d’fhreagair le fios gurbh iad cistí ón Aontas an fhoinse chistiúcháin ba thábhachtaí dá gcuid oibre maidir le cearta bunúsacha in 2019-2024, ach ba é cistiú ón rialtas náisiúnta an phríomhfhoinse le haghaidh 17 %. Ag an am céanna, i gcomhairliúchán bliantúil FRA maidir leis an spás sibhialta lena gcumhdaítear an taithí in 2023,, tagraíonn ESSanna do rialtais náisiúnta mar a bpríomhfhoinse chistiúcháin (22 %), agus ina dhiaidh sin cistiú ón Aontas agus ó fhondúireachtaí príobháideacha (17 % an ceann).
Mheas freagróirí an tsuirbhé ar an tsochaí shibhialta freisin gurbh é príomh-bhreisluach an chistithe ón Aontas gur thacaigh sé le hobair a n‑ eagraíochta ar luachanna bunaidh an Aontais (61 % ), gur chumasaigh sé comhar, comhpháirtíochtaí, nó líonrú ar fud roinnt Ballstát (60 %), agus gur thacaigh sé le forbairt líonraí Eorpacha agus na sochaí sibhialta (56 %). De réir roinnt freagróirí, dá dtabharfaí aird níos mó ar shásraí athdheonaithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar bhunchistiú, go gcuideofaí leis an mbreisluach a mhéadú tuilleadh. I gcomhréir leis sin, léirítear ó na torthaí ó chomhairliúchán bliantúil FRA maidir leis an spás sibhialta go measann 58 % de na ESSanna gurb é an t‑ athrú is ábhartha ar chreataí cistiúcháin ná infhaighteacht bhreise ar chistiú neamhshrianta, ar bhunchistiú nó ar chistiú bonneagair.
Féachtar sa chaibidil freisin ar ról na n‑ institiúid náisiúnta um chearta an duine, comhlachtaí comhionannais agus ombudóirí maidir le feasacht a mhúscailt faoi dheiseanna cistiúcháin agus naisc a chruthú idir leibhéil éagsúla an rialtais agus na sochaí sibhialta chun forbairt agus cur chun feidhme tionscadal ina mBallstáit a éascú.
Déantar gníomhaíochtaí chun cearta bunúsacha a chur chun cinn, a chosaint agus a fhorfheidhmiú a chistiú go ginearálta ó bhuiséid reachtúla na mBallstát. I bhfianaise raon feidhme cothrománach chur i bhfeidhm na gceart bunúsach, tá gníomhaíochtaí atá ábhartha do chur chun cinn na gceart bunúsach i mbeagnach gach réimse beartais, lena n‑ áirítear sláinte, oideachas agus ceartas nó gnóthaí baile. Tacaíonn roinnt mhaith Ballstát freisin le cur i bhfeidhm na gceart bunúsach trí dheontais tionscadail a eisiúint agus trí iarrachtaí cistiúcháin an Aontais a chomhlánú tríd an gcómhaoiniú is gá a chur ar fáil do thionscnaimh arna gcistiú ag an Aontas. Ina theannta sin, mar a phléitear i gcaibidil 5, soláthraíonn roinnt deontóirí eile seachas an tAontas cistiú atá ábhartha maidir le cearta bunúsacha sna Ballstáit.
Maidir le cistiú tionscadail, cuireann na Ballstáit deiseanna cistiúcháin tionscadail ar fáil i roinnt réimsí beartais a bhaineann le cearta bunúsacha a chur i bhfeidhm.
|
I réimse an chomhionannais idir mná agus fir, cistíonn an Ostair tionscadail in aghaidh foréigean inscne agus chun mná agus cailíní a chumhachtú san eolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic agus sa saol digiteach, chomh maith lena litearthacht airgeadais a fhorbairt. Cuireadh cistiú ar fáil freisin chun mná os cionn 60 bliain d’aois a chumhachtú, agus béim á leagan ar mhná ó cheantair thuaithe. I réimse an cheartais, tá cistiú deonaithe ag an bhFionlainn chun feabhas a chur ar staid na n‑ athchiontóirí óga coireachta atá i mbaol eisiamh sóisialta, chun radacú a chosc, agus coireacht áitiúil a chosc.
I measc na samplaí tionscadail sonracha tá tionscadal in Éirinn, ‘Ciste na hÉireann in aghaidh an Chiníochais’, a thacaíonn le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta in aghaidh an Chiníochais trí obair le pobail mhionlaigh eitneacha a chistiú. Cuirtear cistiú ar fáil do thionscadail áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta maidir le comhionannas ciníoch a chothú. San Ostair, tugann tionscadal a thionscain Comhphobal Giúdach Vín, ‘LIKRAT – Let’s Talk’ [LIKRAT – Déanaimis plé]
, daoine óga agus aosaigh óga idir 10 mbliana agus 35 bliana d’aois le chéile chun spás a chruthú le haghaidh idirphlé oscailte, a bhfuil sé d’aidhm aige claontachtaí in aghaidh an Ghiúdachais a shárú agus naisc a chothú idir rannpháirtithe ó chúlraí reiligiúnacha agus eitneacha éagsúla agus é de chuspóir aige deireadh a chur le steiréitíopaí agus tuiscint idirchreidmheach agus cearta bunúsacha a chothú.
|
Tuairiscíonn roinnt Ballstát tionscnaimh chun a áirithiú go ndéanann cistiú chun cearta bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint páirtithe leasmhara a bhaint amach ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil.
|
Cuireann rialtas na Sualainne cistiú tionscadail forlíontach ar fáil do réigiúin agus do bhardais chun seirbhísí cúraim sláinte a sholáthar i réimsí inar gá gníomhaíochtaí a dhéanamh sa bhreis orthu siúd a chumhdaítear ó bhuiséad an stáit. Sa Spáinn, caitear 20 % de chistiú tionscadail maidir le gnóthaí sóisialta ar ghníomhaíochtaí ar leibhéal an stáit, agus 80 % ar an leibhéal réigiúnach.
|
I gcomhréir leis an tábhacht a bhaineann leis an tsochaí shibhialta agus cosantóirí chearta an duine a chistiú agus spás sibhialta oscailte a chothabháil, is iad ESSanna na príomhfhaighteoirí cistiúcháin i réimse na gceart bunúsach a chosaint agus a chur chun cinn i roinnt Ballstát. Cistíonn go leor acu an tsochaí shibhialta óna ngnáthbhuiséid stáit, agus tá scéimeanna deontais tionscadail spriocdhírithe breise bunaithe ag cuid acu.
|
Chuir Lucsamburg ar a cumas don Aireacht Dlí agus Cirt tionscadail de chuid eagraíochtaí a oibríonn i réimse na gceart bunúsach a mhaoiniú. Tá ceardlanna bunaithe ag tionscadail roghnaithe do leanaí chun foghlaim faoina gcearta, chuir siad comhairle dlí ar fáil d’imircigh leochaileacha, agus chuir siad oiliúint ar fáil do sholáthraithe cúnaimh dhlíthiúil. Tacaíonn an Eastóin le heagraíochtaí atá ag obair ar chearta bunúsacha, ar chomhionannas agus ar chearta na mban, trí dheontas trí bliana a bhfuil sé mar aidhm leis inbhuanaitheacht chistithe a fheabhsú agus spleáchas ar ghníomhaíochtaí gearrthéarmacha atá bunaithe ar thionscadail a laghdú. In 2023, dheonaigh an Fhrainc fóirdheontais do bheagnach 1500 comhlachas a bhí i gceannas ar na bearta glactha, cóiríochta agus lánpháirtíochta d’iarrthóirí tearmainn agus d’imircigh. Roghnaítear na tairbhithe trí ghlaonna bliantúla ar thionscadail ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.
|
|
In 2022, sheol comhghuaillíocht de ESSanna na Gearmáine an tionscnamh Hannah-Arendt-Initiative, clár cosanta d’iriseoirí, do ghairmithe sna meáin agus do chosantóirí saoirse cainte. Cuireadh tacaíocht ar fáil do bheagnach 5000 duine ón Úcráin, ón Rúis, ón mBealarúis, ó Mhaenmar, ón tSúdáin, ón Afganastáin agus ó áiteanna eile. Leis an gclár cuirtear scoláireachtaí éigeandála, oiliúint agus fothú acmhainneachta, cláir chomhaltachta agus moil iriseoireachta ar deoraíocht ar fáil. Is éard atá san obair ciste do na meáin atá ar deoraíocht, deontais taighde agus staidéir, scoláireachtaí, tacaíocht dhlíthiúil agus shíceasóisialta agus cláir chónaithe.
|
Foilsíonn formhór na mBallstát is rannchuiditheoirí faisnéis faoi na deiseanna cistiúcháin atá ar fáil ar leathanach gréasáin an rialtais nó gníomhaireachta nó ar na meáin shóisialta. I gcásanna áirithe, áfach, ní chumhdaítear leis an bhfaisnéis ach foinse chistiúcháin amháin nó foinsí cistiúcháin ó réimse beartais áirithe, agus níl aon fhoinse faisnéise láraithe ar fáil maidir leis an bhfaisnéis chistiúcháin uile.
|
Tá Bunachar Sonraí Náisiúnta um Fhóirdheontais i bhfeidhm ag an Spáinn lena bhfoilsítear gach glao ar thograí a fhoilsítear san iris oifigiúil agus lena gcláraítear iad sa Chóras Náisiúnta um Fhóirdheontais Phoiblí agus Deontais Phoiblí a Phoibliú. Chomh maith leis sin, tá ardán ar líne forbartha ag an Rómáin ina bhfuil faisnéis faoi na deiseanna cistiúcháin atá ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Feidhmíonn an pointe rochtana aonair sin freisin mar uirlis chun comhpháirtithe cistiúcháin a shainaithint agus chun dea-chleachtais a chomhroinnt. San Fhionlainn, comhoibríonn Pointe Teagmhála Náisiúnta an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna leis an tsochaí shibhialta trí oiliúint agus seisiúin faisnéise a eagrú maidir le deiseanna cistiúcháin, trí pháirt a ghlacadh in imeachtaí, agus trí oibriú le struchtúir atá ann cheana, amhail an Bord Comhairleach um an tSochaí Shibhialta, boird agus gníomhaireachtaí comhairleacha rialtais eile, agus líonraí brateagraíochtaí.
|
Ag an am céanna leis na hiarrachtaí thuas, tuairiscíonn ESSanna gur fhulaing siad ciorruithe cistiúcháin arbh í an pholaitíocht ba chúis leo, rud a dhéanann difear diúltach dá gcumais oibriúcháin agus dá bhféidearthachtaí chun rannchuidiú le dioscúrsa oscailte daonlathach. Mar a tharlaíonn gach bliain, bailítear le chéile i dtuarascáil na Cairte samplaí arna soláthar ag na Ballstáit, ag pointí fócasacha na Cairte, ag an tsochaí shibhialta agus ag páirtithe leasmhara eile. Ciallaíonn sé sin nach mbailítear aon fhaisnéis inchomparáide maidir le gach cás inar ciorraíodh cistiú do ESSanna, inar géaraíodh go díréireach na coinníollacha maidir le cistiú, nó inar lagaíodh imthosca ghníomhaithe na gceart bunúsach ar shlí eile le bliain anuas. I bhfianaise sonraí a fuarthas le déanaí, áfach, tá forbairtí den sórt sin fós ag tarlú ar fud an Aontais.
|
Ina theannta sin, sa suirbhé ar an tsochaí shibhialta a rinneadh chun an tuarascáil seo a ullmhú, sainaithníodh dhá phríomhdhúshlán a mhéid a bhaineann le cistiú náisiúnta don tsochaí shibhialta: an easpa cistithe atá ar fáil mar gheall ar fhócas téamach ghníomhaíochtaí na bhfreagróirí (35 %) agus an easpa bunchistithe nó an easpa cistithe bonneagair (30 %). I measc na saincheisteanna eile a mheasann an tsochaí shibhialta gur dúshláin iad, tá faisnéis neamhleor nó faisnéis ar deacair teacht uirthi (22 %), easpa cistithe do thionscadail a bhaineann le heagraíochtaí beaga nó do thionscadail níos lú (22 %), agus tionchar teoranta na dtionscadal mar gheall ar thimthriallta gearra cistithe nó easpa cistithe leantaigh (21 %).
|
Ina theannta sin, tuairiscíonn na Ballstáit ar chomhar le deontóirí idirnáisiúnta i réimse chistiú na gceart bunúsach. Is amhlaidh atá go háirithe i réimse na gníomhaíochta seachtraí, réimse ina rannchuidíonn na Ballstáit le cistiú comhlachtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha um chearta an duine, chomh maith le cistiú ESSanna idirnáisiúnta. Cuireann roinnt Ballstát deontais dhéthaobhacha ar fáil freisin do ghníomhaithe chearta an duine faoina mbeartais eachtracha, nó tá cláir dhéthaobhacha um chomhar i bhfeidhm acu.
|
Maidir le húsáid deiseanna cistiúcháin tríú páirtí sna Ballstáit, tá cistiú ó bhuiséad an stáit, ón gclár um Cheartas agus ó dheontais LEE/na hIorua comhcheangailte ag an mBulgáir chun acmhainneacht na mbreithiúna a fhorbairt i réimse na gceart bunúsach, lena n‑ áirítear maidir le hoiliúint bhreithiúnach, ceartas a thacaíonn le leanaí agus foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile a chomhrac. Tuairiscíonn an Pholainn ar roinnt tionscnamh ó réimse an riaracháin ceartais a cistíodh ón gclár um Cheartas agus ó Dheontais LEE/na hIorua. Sa Rómáin, tugadh 12 thionscadal a cistíodh ó Dheontais LEE/na hIorua chun críche maidir le rochtain ar sheirbhísí sláinte a fheabhsú do ghrúpaí leochaileacha, lena n‑ áirítear na Romaigh. Tagraíonn an tSlóivéin do thionscadail arna gcómhaoiniú ag Comhairle na hEorpa agus ag Tacaíocht an Aontais um Athchóiriú Struchtúrach.
|
Léiríodh sna comhairliúcháin a rinneadh chun tacú leis an tuarascáil seo spéis mhór ó institiúidí náisiúnta um chearta an duine, ó chomhlachtaí comhionannais agus ó ombudóirí. San iomlán, ghlac 20 acu, agus a líonraí ar leibhéal an Aontais, páirt sa chomhairliúchán spriocdhírithe.
|
Institiúidí náisiúnta um chearta an duine faoi straitéis na Cairte – lárnach do chur chun feidhme na Cairte
I straitéis na Cairte, thug an Coimisiún dá aire an ról criticiúil atá ag institiúidí náisiúnta um chearta an duine maidir leis an rialtas agus an tsochaí shibhialta a nascadh le chéile. Cuireann institiúidí náisiúnta um chearta an duine cosaint na gceart bunúsach uile chun cinn trí fhaireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Cairte, trí fhaisnéis agus tacaíocht a chur ar fáil d’íospartaigh sáruithe ar chearta agus trí chomhoibriú le hinstitiúidí náisiúnta eile chun úsáid na Cairte agus an fheasacht uirthi a fheabhsú. I bhfianaise a stádais neamhspleách agus a saineolais maidir le faireachán agus comhairle a chur ar fáil d’údaráis, d’fhéadfadh ról a bheith ag institiúidí náisiúnta um chearta an duine chun a áirithiú go ndéanfar cláir arna gcistiú ag an Aontas a dhearadh agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gCairt.
|
A mhéid a bhaineann le cistiú chun cearta bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint, chuir na hinstitiúidí náisiúnta um chearta an duine, na comhlachtaí comhionannais agus na hombudóirí rannpháirteacha i dtábhacht na teorainneacha a bhaineann lena sainorduithe. Mar a thug Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine dá aire freisin ina ráiteas tiomnaithe ó 2022, de réir Phrionsabail Pháras na Náisiún Aontaithe, ní iomchuí d’institiúidí náisiúnta um chearta an duine seasamh cinnteoireachta ná vótála a ghlacadh sna coistí faireacháin a bhaineann le cur chun feidhme choinníoll cumasúcháin cothrománach na Cairte, ná deimhnithe a eisiúint maidir le comhlíonadh ceart bunúsach na dtionscadal cistithe.
Déantar gníomhaíochtaí institiúidí náisiúnta um chearta an duine, comhlachtaí comhionannais agus ombudóirí a chistiú go ginearálta ó bhuiséad an stáit, a d’fhéadfaí a fhorlíonadh ó am go chéile le cistiú seachtrach (amhail Deontais na hIorua/LEE). Ní eisíonn formhór na n‑ institiúidí náisiúnta um chearta an duine, na gcomhlachtaí comhionannais agus na n‑ ombudóirí a d’fhreagair cistiú le haghaidh tionscadail um chearta bunúsacha iad féin. Ní chuireann a sainorduithe de chúram ar na comhlachtaí sin gníomhaíochtaí a bhaineann le cistiú a dhéanamh.
Tá eisceachtaí ann. Le hAcht Ginearálta na Gearmáine um Chóir Chomhionann, cuirtear ar chumas an chomhlachta comhionannais náisiúnta tionscadail a chistiú ar mhaithe le leas na cónaidhme, nuair nach féidir le stát cónaidhme iad sin a chistiú go héifeachtach. Dá réir sin, eisíonn sé glaonna ar chistiú i gcomhréir lena threoirlínte cistiúcháin agus lena bhuiséad bliantúil.
Sa Ghearmáin, leithdháileadh cistiú don chlár cistiúcháin Respekt*land, an chéad chlár cónaidhme chun comhairle agus struchtúir tacaíochta a chistiú d’íospartaigh an idirdhealaithe. Le buiséad EUR 4,8 milliún in 2023 agus 5,75 milliún in 2024, roghnaigh FADA 35 thionscadal phíolótacha as 103 iarratas i gcomhar leis na stáit chónaidhme. Tá fócas réigiúnach ag formhór na dtionscadal (ní ghlacann ach naoi gcinn acu cur chuige náisiúnta). Sampla de na tionscadail is ea, mar shampla, comhairle dhlíthiúil phíolótach agus comhairleoireacht i réigiúin tearcfhreastail, nó seirbhísí comhairle agus comhairleoireachta a leathnú d’íospartaigh an idirdhealaithe isteach i gceantair thuaithe. Bunaítear le tionscadal amháin caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais agus frith-idirdhealaithe áitiúla agus bardasacha.
Ar an gcaoi chéanna, in Éirinn, tugann an tAcht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014 sainordú don Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine deontais a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí chun cearta an duine agus comhionannas a chur chun cinn. Eisítear cistiú de réir na dtosaíochtaí a leagtar amach i ráiteas straitéise agus cuirtear ar fáil é faoi scéim deontas beag (ina bhfuil deontais suas le EUR 6 000) agus mar dheontais ghinearálta (suas le EUR 20 000). Tá os cionn 200 tionscadal cistithe ag an Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine chun tacú le sealbhóirí beaga cirt agus le grúpaí faoi stiúir an phobail. Fáiltíonn an scéim freisin roimh chomhpháirtíochtaí idir roinnt eagraíochtaí.
Ní chuireann aon cheann de na hInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, na comhlachtaí comhionannais ná na hombudóirí a d’fhreagair iarratasóirí ionchasacha ar an eolas faoi na deiseanna cistiúcháin atá ar fáil. Thug Ombudóir na Gréige dá aire, áfach, go bhféadfadh sé moltaí a dhéanamh don riarachán poiblí maidir le cearta bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint, lena n‑ áirítear trí chistiú.
Tá baint ag roinnt ombudóirí agus Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine ar shlí eile le gníomhaíochtaí cistithe. Tacaíonn Ombudóirí na Cróite le hiarratais ar chistiú ó ESSanna aithnidiúla. Glacann Ombudóirí na Cróite, na Cipire agus na Gréige, agus Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine de chuid na Bulgáire, na Spáinne agus na Slóivéine, páirt in imeachtaí arna n‑ eagrú ag ESSanna mar chuid de thionscadail chistithe, nó glacann siad páirt i ngníomhaíochtaí tionscadail mar chuid de chomhghuaillíocht.
Leis an tionscadal Rooting for Rights (R4R) cuirtear chun cinn úsáid na Cairte chun cearta iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a chosaint sa Chipir, sa Ghréig, i Málta agus sa Phortaingéil. Ag tógáil ar straitéis na Cairte, díríonn an tionscadal ar fheasacht a mhúscailt agus abhcóideacht a dhéanamh leis na húdaráis náisiúnta (25 institiúid náisiúnta, comhlacht um chearta an duine, gníomhaí stáit agus ombudóir san iomlán). Cuireann sé le cumas na gcleachtóirí dlí, ESSanna agus na gairmithe túslíne an Chairt a agairt go héifeachtach agus iad ag tacú le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus forbraíonn sé ábhair chun iad a chur ar an eolas faoina gcearta. Glacann Coimisiún Náisiúnta na Gréige um Chearta an Duine páirt de bhun a shainordaithe faireachán a dhéanamh ar sháruithe ar chearta an duine agus comhairle a thabhairt maidir le beartais um chearta an duine.
Oibríonn roinnt Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, comhlachtaí comhionannais agus ombudóirí i gcomhar le deontóirí eile. Áirítear leis sin comhar le Deontais LEE/na hIorua (Ombudóirí na Cipire, na Seicia agus na Gréige, Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine de chuid na Slóivéine). Tagraíonn ranníocóirí freisin do thionscadail dhéthaobhacha arna gcistiú ag an Ísiltír agus ag US AID, chomh maith le comhar tionscadail le Comhairle na hEorpa agus le FRA.
Le cistiú ó Dheontais LEE/na hIorua, chuir FRA tionscadal réigiúnach chun feidhme maidir le ‘tacú le hinstitiúidí náisiúnta um chearta an duine chun faireachán a dhéanamh ar chearta bunúsacha agus ar ghnéithe na gceart bunúsach den smacht reachta’ sa Bhulgáir, sa Chróit, sa Chipir, sa Laitvia, sa Pholainn, sa tSlóvaic, agus sa tSlóivéin. Ba iad na hInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine na tairbhithe, a thug faoi ghníomhaíochtaí chun comhlíonadh ceart bunúsach a áirithiú i gcur chun feidhme chistí an Aontais. Ghlac Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine páirt mar chomhpháirtí saineolach. Bhí sé d’aidhm ag an tionscadal feabhas a chur ar an úsáid a bhaineann Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine as an gCairt agus a ról i bhforfheidhmiú na Cairte ar an leibhéal náisiúnta a neartú, a n‑ acmhainneacht maidir le cearta bunúsacha agus faireachán ar an smacht reachta a neartú, agus acmhainneacht bhreise a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceart bunúsach i gcur chun feidhme chistí an Aontais.
Tagraíonn Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, comhlachtaí comhionannais agus ombudóirí freisin do chistiú a chuireann Equinet agus Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine ar fáil. Tá tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe ar cheann de na gníomhaíochtaí a chuireann Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine chun feidhme faoi dheontas oibriúcháin an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna. Leis an bhféidearthacht athdheonaithe sin, bhí Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine in ann cistí a chur ar fáil dá chomhaltaí Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine tar éis glao tiomnaithe agus in 2023, cuireadh naoi dtionscadal chun feidhme maidir le dul chun cinn straitéiseach i gcur chun cinn agus i gcosaint na gceart bunúsach ar an leibhéal náisiúnta.
Chomh maith leis na dúshláin a sainaithníodh san fhaireachán ar chur chun feidhme na Cairte maidir le heisíocaíocht chistí an Aontais, tarraingíonn ombudóir na Cróite aird ar shaincheisteanna áirithe a bhaineann le cistiú, amhail moilleanna ar fhoilsiú glaonna cistiúcháin, easpa glaonna ilbhliantúla, agus ualach riaracháin iomarcach d’eagraíochtaí atá ag obair ar fhaireachán ar chearta bunúsacha, gníomhaíochtaí faire, abhcóideacht agus neamh-idirdhealú. Tugann Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine de chuid na Slóvaice le fios go bhfuil easpa cistithe inbhuanaithe, nach cistiú é atá bunaithe ar thionscadal, ann do ESSanna.
5.Comhar idir an tAontas agus deontóirí poiblí agus príobháideacha eile
Comhlánaíonn iarrachtaí cistithe an Aontais i réimse na gceart bunúsach iarrachtaí a dhéanann deontóirí idirnáisiúnta eile, idir phoiblí agus phríobháideach. Cuireann an tAontas agus gníomhaithe idirnáisiúnta eile cistiú atá ábhartha maidir le cearta bunúsacha ar fáil san Aontas agus sna tíortha comharsanachta agus sna tíortha is iarrthóirí araon, agus ar fud an domhain. I dtríú tíortha, tacaíonn an tAontas le cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn trína bheartais sheachtracha agus trí luachanna uilíocha a chur chun cinn do chách. Tacaíonn eagraíochtaí daonchairdis, mar chuid den tsochaí shibhialta, le ESSanna eile freisin trí thionscnaimh rialtais agus trí thionscnaimh na hearnála príobháidí a chomhlánú.
Ag tógáil ar ionchur a fuarthas sna comhairliúcháin spriocdhírithe, léirítear sa chaibidil seo conas a chuireann roinnt gníomhaithe cistiú ar fáil do thionscadail um chearta bunúsacha, agus conas a dhéanann siad iarrachtaí chun a áirithiú go gcomhfhreagraíonn a n‑ ábhair agus a modheolaíochtaí do riachtanais na dtairbhithe ar an láthair. Cé go léirítear ó na comhairliúcháin comhoiriúnacht ghinearálta na n‑ iarrachtaí sin, léirítear uathu freisin go bhféadfaí bearta breise a dhéanamh chun sineirgí follasacha a chruthú.
Cuireann roinnt deontóirí idirnáisiúnta poiblí agus príobháideacha cistiú ar fáil chun cearta bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint san Aontas trí chistiú tionscadail agus trí chistiú déthaobhach díreach. I gcomhairliúchán bliantúil FRA maidir leis an spás sibhialta ina gcumhdaítear an taithí a fuarthas in 2023, tuairiscíonn ESSanna gur tháinig 15 % dá gcistiú ó dheontóirí poiblí idirnáisiúnta nó eachtracha, 8 % ó Dheontais LEE agus na hIorua agus 7 % ó fhoinsí idirnáisiúnta eile.
Cuireann Deontais LEE agus na hIorua tacaíocht airgeadais ar fáil do 15 Bhallstát de chuid an Aontais chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a laghdú agus chun an comhar a neartú. Ní mór na gníomhaíochtaí a bheith bunaithe ar mheas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine. Eisítear cistiú, mar shampla, chun an tsochaí shibhialta a neartú agus chun grúpaí i gcásanna leochaileacha a chumhachtú, chun feabhas a chur ar chumas na riarachán poiblí cearta bunúsacha a chaomhnú, chun ombudóirí, institiúidí náisiúnta um chearta an duine agus comhlachtaí comhionannais a chumhachtú, agus chun an t‑ idirdhealú a chomhrac, lena n‑ áirítear an fhuathchoireacht agus an fhuathchaint. Tacaíonn na deontais freisin le cuimsiú agus cumhachtú na Romach agus béim ar leith á leagan ar thíortha ina bhfuil pobail mhóra Romach (an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghréig, an Rómáin agus an tSlóvaic).
Sa Rómáin, chuir tionscadal seirbhísí sóisialta, leighis agus oideachais ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht agus ar an eisiamh sóisialta. Cuireadh chun feidhme é i gcomhar le baill den phobal lena mbaineann, Romaigh den chuid is mó, agus áiríodh leis modheolaíocht athlonnaithe inbhuanaithe a fhorbairt agus 63 aonad tithíochta sóisialta a cheannach do theaghlaigh. Sa Bhulgáir, thacaigh an clár le hionaid don óige agus le luathchúram leanaí i lonnaíochtaí iargúlta, tuaithe agus/nó bochta, chomh maith le rochtain níos fearr ar oideachas, ar fhostaíocht, ar sheirbhísí sóisialta agus sláinte.
Maoiníonn Deontais LEE agus na hIorua tionscnaimh dhéthaobhacha sna stáit is tairbhithe freisin, chomh maith le comhpháirtíochtaí tionscadail le tíortha comharsanachta an Aontais. Oibríonn sé i gcomhar le Comhairle na hEorpa, FRA agus ECFE. Tugann na heagraíochtaí comhpháirtíochta idirnáisiúnta sin comhairle dó maidir le cláir agus tionscadail agus cuireann siad a dtionscadail féin chun feidhme.
Leis an tionscadal ‘Cúnamh Cuimsitheach d’Íospartaigh an Fhoréigin Ghnéis ón Úcráin’ cuirtear tacaíocht ar fáil do dhídeanaithe ón Úcráin ar íospartaigh foréigin ghnéis iad trí líne chabhrach 24/7 agus trí chomhairleoireacht shóisialta agus shíceolaíoch agus trí thacaíocht dhlíthiúil, leighis agus ábhartha. Maoinítear an tionscadal le ciste déthaobhach ón Liotuáin agus roinneann sé eolas freisin ó eagraíochtaí eile a eagraíonn oiliúint tráma.
Chomh maith leis sin, tá sé d’aidhm ag USAID sochaithe oscailte, cearta-bhunaithe, daonlathacha, comhionanna agus cuimsitheacha atá bunaithe ar an smacht reachta a chothú agus a fhorbairt a thuilleadh. Tacaíonn sé le tionscnaimh ó ESSanna, ó chosantóirí chearta an duine, agus ó ghrúpaí faire, chomh maith le hinstitiúidí a bhfuil dualgas orthu, amhail Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine (INCDanna), ombudóirí, chomh maith le hionchúisitheoirí agus breithiúna sa Bhulgáir, san Ungáir agus sa Pholainn. Sheol sé soláthar tacaíochta do ghníomhaithe ar son chearta an duine atá ar deoraíocht trí dheontais a chur ar fáil sa Pholainn agus sa Ghearmáin agus lasmuigh den Aontas do chláir a thacaíonn le gníomhaithe na Rúise agus na Bealarúise.
Cuireann Oifig Ard-Choimisinéara na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (OHCHR) cistiú ar fáil trí Chiste Saorálach na Náisiún Aontaithe le haghaidh Íospartaigh an Chéasta agus trí Chiste Iontaobhais Saorálach na Náisiún Aontaithe maidir le Cineálacha Comhaimseartha Sclábhaíochta. Cuireadh cistiú ar fáil d’eagraíochtaí a thugann tacaíocht dhíreach do mharthanóirí an chéasta agus na sclábhaíochta d’eagraíochtaí ón mBeilg, ón gCróit, ón tSeicia, ón bhFrainc, ón nGearmáin, ón nGréig, ón Ungáir, ó Éirinn, ón Iodáil, ón Ísiltír, ón Rómáin, agus ón Spáinn.
Is iad an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa (CEB) a sholáthraíonn iasachtaí fadtéarmacha le haghaidh bonneagair i roinnt earnálacha a chumhdaítear leis an gCairt. Infheistíonn BEI i dtionscadail i réimsí an bhonneagair shóisialta, an fhuinnimh in-athnuaite, an airgeadais chuimsithigh agus na forbartha uirbí, chomh maith le hiasachtaí a chumasc le deontais agus tacaíonn sé le tionscadail infheistíochta. Den chuid is mó, cistíonn CEB bonneagar do thithíocht, oideachas agus cúram sláinte. Ar an gcaoi chéanna, tairgtear iasachtaí agus deontais do chomhaltaí CEB ó lasmuigh den Aontas, sna Balcáin Thiar agus i gComharsanacht an Oirthir den chuid is mó.
Lorgaíonn na deontóirí rannchuidithe uile aiseolas ó pháirtithe leasmhara maidir le cláir a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Eagraíonn deontóirí idirnáisiúnta comhairliúcháin agus seisiúin faisnéise sna stáit is tairbhithe, agus bíonn comhpháirtithe páirteach iontu le cinneadh a dhéanamh faoin gcaoi a n‑ úsáidtear cistí tionscadail, le hoiriúnú d’athruithe polaitiúla, agus le hamlínte a shocrú. De réir FRA, is minice a tharlaíonn comhairliúcháin le ESSanna chun cláir chistiúcháin nua a fhorbairt le heagraíochtaí níos mó. Cuireann deontóirí cineálacha eile tacaíochta ar fáil freisin, eadhon fothú acmhainneachta, saineolas teicniúil agus meantóireacht. Earcaítear oibreoirí cistí ó na stáit is tairbhithe bunaithe ar a gcuid eolais ar shochaí shibhialta na dtíortha chun a áirithiú go gcomhlíontar riachtanais na dtairbhithe.
Feictear do na deontóirí rannpháirteacha freisin go bhféadfaí tuilleadh simplithe a dhéanamh chun an t‑ ualach riaracháin a laghdú agus chun foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht bhreise. Tagraíonn siad freisin do mhachnamh leanúnach ar conas ailíniú a áirithiú idir na gníomhaíochtaí cistithe agus luachanna na ndeontas. Tá gá freisin le cúnamh chun feabhas a chur ar acmhainneachtaí na rannpháirtithe maidir le cearta bunúsacha i gcoitinne, chomh maith le hoiliúint agus meantóireacht réamhiarratais chun cúnamh a thabhairt go háirithe d’eagraíochtaí beaga agus iad ag cur isteach ar chistiú.
Tagraíonn OHCHR do bhearna chistiúcháin dá dhá chiste, a mhéid a léiríonn an líon ard iarratas, nach raibh sé in ann cistiú a dheonú ina leith, an chaoi a bhfuil na mílte íospartach á bhfágáil gan freastal orthu in ainneoin an gá atá acu le tacaíocht. Léiríonn sé sin gur gá foinsí cistiúcháin a éagsúlú, lena n‑ áirítear le deontóirí príobháideacha.
Leagann Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa (CEB) béim ar ról ríthábhachtach na ndeontas chun bonneagar sóisialta agus tionscadail chúraim a fhorbairt ós rud é nach ngineann tionscadail sna réimsí sin ioncam de ghnáth. Is minic a chuirtear chun feidhme iad ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, áit a bhféadfadh gá níos mó a bheith le saineolas teicniúil. Deontais a thabhairt i ndáil le tionscadail atá comhlíontach le cearta bunúsacha, d’fhéadfadh sé freisin go mbeadh sé d’éifeacht thairbhiúil aige sin go ndreasófaí tionscadail chun a ngníomhaíochtaí a thógáil ar bhealach a chuireann cearta bunúsacha chun cinn.
Freagraíonn fondúireachtaí daonchairdiúla do riachtanais chistiúcháin trí mheascán de dheontais tionscadail agus deontais fothaithe acmhainneachta a eisiúint, trí chroíghníomhaíochtaí eagraíochtaí a chistiú, agus trí thacú le heagraíochtaí pobail trí athdheonú agus micri-dheonú.
Tá eagraíochtaí daonchairdis gníomhach maidir le cisteoirí um chearta bunúsacha a thabhairt le chéile. Cuireann sé sin ar a gcumas dóibh dea-chleachtais chistiúcháin a chomhroinnt ionas gur féidir iad a uas-scálú agus a mhacasamhlú, cistí a chomhthiomsú le haghaidh cúiseanna sonracha nó comhthionscnaimh. Ina theannta sin, bíonn siad i mbun taighde agus scaipeadh faisnéise maidir le deiseanna agus bearnaí cistiúcháin agus déanann siad measúnú ar thionchar an chistithe. Oibríonn roinnt acu i gcomhar le deontóirí eile freisin, lena n‑ áirítear an tAontas Eorpach.
Mar cheann dá ghníomhaíochtaí, nascann Philea a chomhaltaí le chéile trí líonraí téamacha. Áirítear orthu sin, mar shampla:
- Líonra Daonlathais Philea, a éascaíonn gníomhaíochtaí comhoibríocha maidir leis an daonlathas a chosaint agus a fhorbairt. Tugann sé bunsraitheanna le chéile le haghaidh plé agus malartú eolais.
Cuireann - Fóram Cisteoirí Iriseoireachta Philea ar a gcumas do chisteoirí páirt a ghlacadh ar bhealach idirghníomhach agus réamhghníomhach maidir le saincheist na hiriseoireachta neamhspleáiche ar ardchaighdeán, agus maidir lena ról chun tacú leis an daonlathas.
A mhéid a bhaineann le cistiú comhpháirteach, oibríonn OHCHR ‘gníomhaíochtaí ildeontóirí’, sa chaoi go ndéantar ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a chumasc le cistiú deontóirí eile chun na críche céanna. Tuairiscíonn USAID tar éis dóibh dul i gcomhpháirtíocht leis an Aontas, le Oak Foundation, Civitates, agus deontóirí eile i soláthar cistithe, agus tacaíonn Comhairle na hEorpa níos mó agus níos mó le hathchóirithe i mBallstáit an Aontais trí shaineolas a sholáthar i dtionscadail arna gcistiú ón sásra an ionstraim um thacaíocht theicniúil.
Léirítear sa tuarascáil seo cineál iarrachtaí cistiúcháin an Aontais agus deontóirí eile i réimse na gceart bunúsach, ar iarrachtaí iad a neartaíonn a chéile. Mar obair leantach ar sheimineár 2023 maidir le tacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta trí chistiú, cuireadh cruinnithe malartaithe neamhfhoirmiúla i dtaca le cistiú cearta bunúsacha ar bun idir deontóirí poiblí agus príobháideacha, lena n‑ áirítear an Coimisiún. Tá gá fós le malartuithe leanúnacha chun comhoiriúnacht na n‑ iarrachtaí agus malartú faisnéise agus dea-chleachtas cistiúcháin a áirithiú i gcomhréir le riachtanais na dtairbhithe.
Ina ghníomhaíocht sheachtrach, úsáideann an tAontas réimse uirlisí chun seasamh le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta ina chaidreamh déthaobhach agus i bhfóraim iltaobhacha, go príomha ón Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI) – an Eoraip Dhomhanda. Áirítear in ICFCI ‘Clár Téamach um Chearta an Duine agus um an Daonlathas’, dar luach EUR 1,5 billiún san iomlán don tréimhse 2021-2027. Rannchuidíonn sé le cur chun feidhme tosaíochtaí Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2027Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a mhéid a bhaineann le tionchar dhíghrádú an chomhshaoil agus an athraithe aeráide ar chearta an duine, agus tacaíonn sé freisin le misin bhreathnóireachta toghcháin.
Is iad toscaireachtaí an Aontais a bhainistíonn thart ar leath den chistiú sin. Cuireann tionscadail cearta sibhialta agus polaitiúla agus sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha chun cinn i dtíortha comhpháirtíochta agus tacaíonn siad le comhlachtaí chearta an duineagus leis an daonlathas ar fud an domhain. Le cláir théamacha bhreise faoin ionstraim maidir leis an gcomharsanacht, an fhorbairt agus an comhar idirnáisiúnta (ICFCI), cistítear gníomhaíochtaí chun tacú le cearta leanaí, comhionannas inscne, cearta sóisialta, cearta imirceach agus daoine eastáitithe, sláinte agus oideachas, agus tacaíonn clár le timpeallacht chumasúcháin a chothabháil le haghaidh na sochaí sibhialta.
Leanann bainistiú na gcistí cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine le hanailís riosca ar chearta an duine agus bearta chun rannpháirtíocht sealbhóirí ceart a áirithiú, chomh maith le bearta maolaitheacha chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí nuair is gá.
Samplaí de thionscadail dhomhanda arna gcistiú ó ICFCI:
- ProtectDefenders.eu agus an Ciste Éigeandála do Chosantóirí Chearta an Duine: deontas EUR 30 milliún do 12 ESS speisialaithe chun tacaíocht a chur ar fáil do chosantóirí chearta an duine (CCDanna) atá i mbaol ar fud an domhain. Tá an clár sin ar an gclár is tábhachtaí dá leithéid ar fud an domhain agus comhlánaítear é le saoráid do dheontais bheaga, a sholáthraítear trí thoscaireachtaí an Aontais chun cásanna tosaíochta a chumhdach ar bhealach níos críochnúla.
- An Tionscnamh Spotsolais, comhpháirtíocht ilbhliantúil idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe chun deireadh a chur le gach cineál foréigin inscne in aghaidh na mban agus na gcailíní. Seoladh an tionscnamh le hinfheistíocht tosaigh EUR 500 milliún ón Aontas, agus is infheistíocht dhomhanda sa chomhionannas inscne é nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo.
- Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine: deontas leanúnach EUR 5 mhilliún do rúnaíocht Comhghuaillíocht Dhomhanda na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, comhlachas domhanda institiúid náisiúnta um chearta an duine in Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine, lena dtugtar le chéile líonraí réigiúnacha institiúid náisiúnta um chearta an duine. Cumhdaítear leis an deontas gníomhaíochtaí creidiúnaithe agus fothaithe acmhainneachta le haghaidh Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine.
Ina theannta sin, maoiníonn an tAontas gníomhaíochtaí a chuidíonn le cearta bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint i dtíortha faoin beartas um Méadú agus faoi bheartas Comharsanachta na hEorpa. Tá tionscadail ábhartha á gcistiú, mar shampla, sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, sa Chosaiv, i Montainéagró, sa tSeirbia, sa Tuirc agus sa Mholdóiv, agus i réigiún na Meánmhara Theas chomh maith.
Thairis sin, cistíonn an tAontas cláir chomhpháirteacha idir an tAontas agus Comhairle na hEorpa. Mar shampla, faoin tSaoráid Chothrománach do na Balcáin Thiar agus don Tuirc, cuirtear tacaíocht ar fáil do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha ar aontachas leis an Aontas chun a gcláir oibre um athchóiriú a chomhlíonadh agus chun caighdeáin Eorpacha a chomhlíonadh, lena n‑ áirítear i réimse na gceart bunúsach.
6.Conclúid
Leagadh béim sa tuarascáil seo ar a ábhartha atá cistiú ón Aontas chun cearta bunúsacha a chosaint, a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú ina bheartais inmheánacha agus sheachtracha. Léirítear inti an chaoi a rannchuidíonn an tAontas le cearta, saoirsí agus prionsabail na Cairte a chur chun cinn trína chláir chistiúcháin thiomnaithe agus trína chláir earnála thiomnaithe.
Mar a cuireadh i dtábhacht i straitéis na Cairte, is gá cur le hacmhainneacht na ndaoine sin a bhfuil ról acu i gcur i bhfeidhm na Cairte ina saol laethúil. Tá cistiú ar cheann de na príomhbhealaí chun an obair thábhachtach sin a dhéanamh. Le tionscadail chistithe – bídís á gcistiú ag an Aontas nó ag na Ballstáit – déantar réitigh phraiticiúla de na forálacha maidir le cearta bunúsacha a théann chun tairbhe do shaoránaigh, lena n‑ áirítear daoine atá i staideanna leochaileacha.
Is comhpháirteanna fíor-riachtanacha de shochaithe oscailte daonlathacha iad ESSanna agus cosantóirí chearta an duine a chloíonn le luachanna bunaidh an Aontais. Dá bhrí sin, léirigh iarrachtaí cistiúcháin an Aontais agus deontóirí eile ábhair imní maidir le cúngú an spáis shibhialta san Aontas agus ar fud an domhain. Mar a aithnítear i dtuarascáil na Cairte 2022 maidir le spás sibhialta rathúil, ní mór do ESSanna a bheith in ann feidhmiú i dtimpeallacht nach bhfuil a gcearta bunúsacha, ná cearta a gcomhaltaí, i mbaol. Is tosaíocht thábhachtach de chuid an Choimisiúin i gcónaí é an gá atá le tacú le hearnáil ghníomhach na sochaí sibhialta ar fud an Aontais agus í a chumhachtú.
D’ainneoin cistiú suntasach a bheith curtha ar fáil ag an Aontas agus ag deontóirí poiblí agus príobháideacha idirnáisiúnta, ní fhaigheann roinnt gníomhaithe um chearta bunúsacha go leor cistí. I measc na ndúshlán a chuirtear i dtábhacht sa tuarascáil seo tá deacrachtaí maidir le faisnéis a fháil faoin gcistiú atá ar fáil, easpa acmhainneachta chun iarratas a dhéanamh ar chistiú agus próisis chasta iarratais agus tuairiscithe, deiseanna teoranta chun cistiú fadtéarmach agus cistiú a fháil le haghaidh príomhghníomhaíochtaí nó le haghaidh gníomhaíochtaí in earnálacha áirithe.
An tráth céanna, léirítear sa tuarascáil conas a rinne an tAontas agus deontóirí idirnáisiúnta bearta le déanaí chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin laistigh de na teorainneacha a bhaineann le bainistíocht fhónta airgeadais agus ceanglais maidir le maolú riosca. Cuireadh dlús leis an soláthar faisnéise maidir le deiseanna cistiúcháin agus forbraíodh modheolaíochtaí cistiúcháin éagsúla chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar na riachtanais ar an láthair.
I gcás sciar suntasach de ghníomhaithe um chearta bunúsacha, leanann cistiú náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil de bheith ina phríomhfhoinse chistiúcháin. Dá bhrí sin, tá ról tábhachtach ag na Ballstáit maidir le cistiú ón Aontas a chomhlánú agus maidir le tacú le cistiú ón Aontas a sholáthar trí fhaisnéis a chur ar fáil maidir le deiseanna cistiúcháin agus páirt a ghlacadh i dtionscadail de chuid an Aontais mar chomhchisteoirí. Beidh an comhar leis na Ballstáit fós ina ghné lárnach i gcur chun feidhme chistiú ón Aontas. An tráth céanna, is gá a áirithiú go rachaidh an fhaisnéis maidir leis na deiseanna cistiúcháin atá ar fáil chomh fada leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla.
Is díol sásaimh don Choimisiún rannpháirtíocht fhorleathan na bpáirtithe leasmhara in ullmhú na tuarascála seo. Moltar do pháirtithe leasmhara, amhail údaráis náisiúnta, pointí fócasacha Cairte, ESSanna, Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine agus cosantóirí eile chearta an duine, cleachtóirí dlí agus daoine eile, an tuarascáil seo a dháileadh a thuilleadh agus í a úsáid chun a gcomhdhamhnaí a chur ar an eolas faoin gcistiú atá ar fáil ón Aontas i réimse na gceart bunúsach. Ina theannta sin, iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle díospóireachtaí tiomnaithe a eagrú maidir leis an tuarascáil agus tá sí le fáil chun tacú leis na malartuithe sin.