AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,1.7.2024
COM(2024) 254 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
An mheastóireacht ex post ar Chlár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI) lena n-áirítear an mheastóireacht deiridh ar an tSaoráid Eorpach um Micrimhaoiniú Foráis (EPMF)
{SEC(2024) 184 final} - {SWD(2024) 146 final}
Clár na nÁbhar
1.
Réamhrá
2.
Príomhthorthaí na meastóireachta
2.1
Éifeachtacht
2.2
Éifeachtúlacht
2.3
Breisluach AE
2.4
Comhleanúnachas agus comhlántacht
2.5
Ábharthacht
3.
Conclúidí
3.1
Ceachtanna ar baineadh leas astu cheana
3.2
Ceachtanna chun cur leis an mbeartas amach anseo
1.Réamhrá
Déantar achoimre sa tuarascáil seo ar na príomhthorthaí agus na ceachtanna a tháinig ón Doiciméad Inmheánach Oibre , ina gcuirtear i láthair torthaí mheastóireacht ex post an Choimisiúin ar an gClár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta 2014-2020 (EaSI), lena n‑áirítear an mheastóireacht chríochnaitheach ar an tSaoráid Mhicreamhaoiniúcháin Eorpach um Fhostaíocht agus um Chuimsiú Sóisialta 2010-2016 (EPMF). Sheol an Coimisiún an mheastóireacht ar an dá chlár in 2021. I gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, breathnaíodh sa mheastóireacht ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas/comhlántacht agus breisluach AE an dá chlár sin.
Ceapadh an Clár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta 2014-2020 (EaSI) chun rannchuidiú le nuachóiriú beartas fostaíochta agus sóisialta (an ais PROGRESS); chun rochtain ar mhargaí saothair agus ar shoghluaisteacht ghairmiúil a éascú (an ais EURES); chun rochtain ar mhicreamhaoiniú agus fiontraíocht shóisialta a mhéadú (an ais maidir le Micreamhaoiniú/Fiontraíocht Shóisialta). Chuir an Coimisiún EaSI chun feidhme sna Ballstáit agus i dtíortha rannpháirteacha eile (CSTE/LEE, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha de chuid an Aontais).
Sheol an Coimisiún an tSaoráid Mhicreamhaoiniúcháin Eorpach um Fhostaíocht agus um Chuimsiú Sóisialta 2010 - 2016 (EPMF) chun for-rochtain an mhicreamhaoinithe a leathnú chuig grúpaí áirithe atá i mbaol agus chuig micrifhiontair. Tar éis don Bhanc Eorpach Infheistíochta (BEI) EPMF a chur chun feidhme sna Ballstáit, tháinig glúin nua ionstraimí airgeadais chun cinn faoi ais maidir le Micreamhaoiniú/Fiontraíocht Shóisialta an chláir EaSI.
Tá an Doiciméad Inmheánach Oibre bunaithe ar shonraí a bailíodh trí staidéar tacaíochta seachtrach agus trí mheastóireacht a rinne Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE). Bhí ionadaithe ón gCiste Eorpach Infheistíochta (CEI) rannpháirteach go gníomhach sa mheastóireacht, agus sholáthair siad sonraí, faisnéis agus saineolas. Ina theannta sin, déantar na meastóireachtaí ex ante agus ex post EaSI roimhe seo a mheas ann, agus aitheantas á thabhairt do mheastóireachtaí meántéarmacha EaSI (2017)/meastóireachtaí eatramhacha EPMF (2014). Ina theannta sin, tugtar aird chuí ar thorthaí
mheastóireacht ex post Rialachán EURES
(2021) chun torthaí ais EURES a neartú, mar aon le staidéar INOVA+ (2022) ar thionscadail tástálacha sóisialta chun torthaí na haise PROGRESS a fheabhsú.
Chuathas i gcomhairle le réimse leathan páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear údaráis náisiúnta, tairbhithe clár, eagraíochtaí príobháideacha, fiontair shóisialta, idirghabhálaithe airgeadais, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus saoránaigh. Ar an iomlán, thug níos mó ná 400 páirtí leasmhar aiseolas le linn an phróisis comhairliúcháin ina iomláine.
Déantar achoimre sa tuarascáil seo ar phríomhthorthaí na meastóireachta agus sainaithnítear inti easnaimh/réimsí feabhais a bhféadfadh an Coimisiún díriú orthu sa chlárthréimhse atá ann faoi láthair. Ina theannta sin, tugtar forléargas inti ar na feabhsuithe a cuireadh chun feidhme cheana faoi shraith EaSI Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+).
2.Príomhthorthaí na meastóireachta
Spreag EaSI agus EPMF éifeacht iolraitheora trí raon gníomhaíochtaí comhlántacha a chistiú (staidéir, tástálacha sóisialta, fothú acmhainneachta agus ardáin foghlama frithpháirtí) agus trí thionscnaimh phíolótacha chun fostaíocht, soghluaisteacht an lucht saothair, agus rochtain ar mhaoiniú do ghrúpaí leochaileacha agus d’fhiontair shóisialta a spreagadh. Na príomhthorthaí a chuirtear i láthair thíos, tá siad leagtha amach de réir na gcúig chritéar meastóireachta.
2.1Éifeachtacht
Ceapadh beartas fianaisebhunaithe agus infheictheacht na nuálaíochta sóisialta. Tá sé cruthaithe go bhfuil EaSI éifeachtach maidir le tacaíocht a thabhairt don cheapadh beartas fianaisebhunaithe. Sholáthair sé eolas anailíseach comparáideach agus deiseanna foghlama frithpháirtí, bunaithe ar chur chuige téamach leathan agus ar chumhdach geografach. Tháinig an tástáil shóisialta chun cinn mar cheann de na gníomhaíochtaí is infheicthe agus is rathúla, agus trí raon leathan idirghabhálacha sóisialta, díríodh ar na daoine is mó a bhfuil riachtanais acu. Mar sin féin, cuireadh teorainn le príomhshruthú/leabú thorthaí na tástála sóisialta sa cheapadh beartas mar gheall ar easpa bealaí iomchuí scaipthe agus sásraí dreasachta lena nasctar EaSI agus CSE le chéile agus leis na páirtithe leasmhara/an lucht ceaptha beartas náisiúnta. Ar an iomlán, léirítear sa mheastóireacht nár scaipeadh go leormhaith deiseanna cistiúcháin, torthaí agus dea-chleachtais EaSI.
Úinéireacht agus cumas méadaithe na bpáirtithe leasmhara maidir le tionchar a imirt ar an gceapadh beartas. Bhí EaSI éifeachtach maidir le borradh a chur faoi chumas na bpáirtithe leasmhara páirt a ghlacadh i gceapadh beartas agus tionchar a imirt ar an gceapadh beartas. Maidir leis an eolas a gineadh agus a malartaíodh, ba dheis é sin don lucht ceaptha beartas sna tíortha rannpháirteacha agus ar leibhéal an Aontais roghanna beartais a bhunú ar fhianaise nithiúil. Leis sin, méadaíodh an fheasacht agus an úinéireacht ar bheartas an Aontais sa réimse sóisialta i measc an phobail freisin. Leis an tacaíocht a tugadh do ENRanna ar leibhéal an Aontais, bhí siad in ann inbhuanaitheacht fhadtéarmach a dhaingniú,agus a bheith ina bhfoinse chriticiúil saineolais don lucht ceaptha beartas náisiúnta agus d’institiúidí an Aontais. Mar sin féin, toisc gurgá do líonraí na n‑eagraíochtaí neamhrialtasacha ar leibhéal an Aontais athiarratas a dhéanamh gach bliain ar ghlaonna athfhillteacha ar thograí, fágann sé sin go bhfuil éiginnteacht ann sna líonraí sin agus go gcruthaítear ualach riaracháin leo (ar thaobh na n‑iarratasóirí agus ar thaobh sheirbhísí an Choimisiúin araon).
Nasc cumarsáide cobhsaí a chruthú idir an tAontas agus eagraíochtaí an phobail. Maidir leis na líonraí eagraíochtaí neamhrialtasacha ar leibhéal an Aontais ar bronnadh deontais oibriúcháin orthu, d’úsáid siad na deontais chun a n‑inbhuanaitheacht fhadtéarmach a dhaingniú agus chun bheith níos gairmiúla trí fhoireann rialta a fhostú. Trí thacaíocht a thabhairt d’fhothú acmhainneachta agus trí chomhroinnt taithí, bhíothas in ann ballraíocht náisiúnta a mhéadú freisin, mar aon le balleagraíochtaí a thabhairt níos gaire dá chéile trí mhuintearas a chothú. Mar thoradh air sin, d’éirigh beartas an Aontais níos infheicthe agus níos ábhartha do na heagraíochtaí sin.
Feabhas a chur ar shoghluaisteacht an lucht saothair, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca ganntanais saothair a líonadh. Bhí EaSI éifeachtach maidir le meaitseáil idir folúntais agus riachtanais cuardaitheoirí poist a éascú, trí rannchuidiú le trédhearcacht mhargadh an tsaothair agus trí fhaisnéis ábhartha a sholáthar maidir le dálaí oibre/maireachtála san Aontas. Léiríodh sa mheastóireacht acmhainneacht mhéadaitheach Thairseach EURES um shoghluaisteacht ó phost go chéile, mar aon le hacmhainneacht mhéadaitheach na gcomhpháirtíochtaí trasteorann agus na scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe, a raibh líon méadaithe socrúchán poist ar leibhéal an Aontais an mar thoradh orthu. Ina theannta sin, chuir na seirbhísí sin feabhas ar an dearcadh i leith na fostaíochta trasteorann agus d’éascaigh siad soghluaisteacht gheografach/ghairmiúil oibrithe. Mar sin féin, léirítear sa mheastóireacht gur baineadh an bonn de na torthaí dearfacha sin faoi dheireadh 2020 mar gheall ar fholúntais náisiúnta a bheith foilsithe go neamhiomlán agus mar gheall ar infheictheacht neamhleor sheirbhísí socrúcháin EURES do na fostóirí.
Maoiniú níos inrochtana do ghrúpaí leochaileacha, micrifhiontair agus fiontair shóisialta. Bhí EaSI agus EPMF an-éifeachtach maidir le tacaíocht a thabhairt d’idirghabhálaithe airgeadais chun teagmháil a dhéanamh le daoine a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar mhaoiniú chun gnólacht a chruthú nó a fhorbairt agus chun maoiniú a chur ar fáil d’fhiontair shóisialta. Mar thoradh ar chomhaontuithe le hidirghabhálaithe airgeadais, bhíothas in ann líon níos mó iasachtaí a sholáthar do spriocghrúpaí deiridh agus níos mó leachtachta a ghiaráil ná mar a bhí coinne leis, faoi EPMF agus faoi EaSI. Éifeacht bhreise ab ea an méadú leanúnach ar chumhdach geografach agus ar chumhdach spriocghrúpaí araon. Léirítear sa mheastóireacht gur tháinig laghdú ar an tacaíocht do chatagóirí áirithe (mná agus daoine dífhostaithe den chuid is mó) le himeacht an ama, agus gur tháinig méadú mór ar an tacaíocht do sheanóirí agus do dhaoine a thagann ó thríú tíortha.
Éiceachórais fheabhsaithe micreamhaoinithe agus fiontraíochta sóisialta. D’fhonn cumas na n‑idirghabhálaithe airgeadais a neartú chun na táirgí airgeadais arna soláthar faoin ais maidir le Micreamhaoiniú/Fiontraíocht Shóisialta a chur chun feidhme, chuir EaSI seirbhísí oiliúna agus comhairleacha ar fáil do sholáthraithe micrichreidmheasa. Ó thaobh na cainníochta de, sháraigh an tacaíocht a soláthraíodh an sprioc a leagadh amach ar dtús, agus go cáilíochtúil, tháinig cumas méadaithe na soláthraithe micrichreidmheasa chun cinn mar phríomhghnóthachtáil EaSI, agus ar an gcaoi sin feabhsaíodh na héiceachórais mhicreamhaoinithe agus fiontraíochta sóisialta sna tíortha rannpháirteacha.
Rannpháirtíocht neamhionann na dtíortha in EaSI. Cé go raibh glaonna ar thograí EaSI oscailte do gach tír incháilithe, b’airde go comhréireach cáilíocht na dtograí a thíolaic tíortha a bhfuil níos mó taithí/feasa gnó acu ar iarratas a dhéanamh ar chistiú ón Aontas (toisc a ghaire atá siad d’institiúidí an Aontais agus/nó scaipeadh níos déine/níos réamhghníomhaí faisnéise faoi dheiseanna cistiúcháin an Aontais) ná cáilíocht na dtograí a thíolaic tíortha eile (go háirithe tíortha beaga, na Ballstáit is déanaí a tháinig isteach san Aontas, agus tíortha is iarrthóirí/tíortha is iarrthóirí ionchasacha). Dá bhrí sin, bhí níos mó seans ann go ndeonófaí iad faoin modh bainistíochta dírí (bunaithe ar chritéir cháilíochta na nglaonna ar thograí).
Prionsabail ‘chothrománacha’ a chomhtháthú sa dá chlár. Léiríodh sa mheastóireacht gurb iad na prionsabail chothrománacha a chumhdaítear faoin dá bhunús dlí,a bhí ina dtreoirphrionsabail do na páirtithe leasmhara agus na cláir á gcur chun feidhme acu - go háirithe do líonraí ENRanna ar leibhéal an Aontais, ach do thairbhithe deontas EaSI agus d’idirghabhálaithe airgeadais EaSI/EPMF freisin.
2.2Éifeachtúlacht
Cur chun feidhme costéifeachtach na ngníomhaíochtaí. Léiríodh san anailís chost-éifeachtúlachta gur leithdháileadh acmhainní leordhóthanacha i measc na ngníomhaíochtaí agus gur baineadh na cuspóirí amach go héifeachtach. Mheas páirtithe leasmhara go raibh na hiarrachtaí a bhaineann le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí comhréireach leis na tairbhí, agus mheas siad go raibh an buiséad a leithdháileadh leordhóthanach chun na torthaí a bhí beartaithe a bhaint amach. Mar sin féin, cuireadh moill ar an éifeachtúlacht sin mar gheall ar an ualach riaracháin i gcéimeanna iarratais, dámhachtana agus cur chun feidhme na dtionscadal, go háirithe i gcás struchtúir bheaga agus líonraí ENRanna ar leibhéal an Aontais, agus é sin mar thoradh ar acmhainní teoranta airgeadais agus daonna.
Leithdháileadh cuí acmhainní agus easpa fhoriomlán dramhaíola. Cuirtear in iúl san anailís ar éifeachtúlacht eacnamaíoch go ndearnadh na hionchuir a thiontú ina dtorthaí ar an mbealach is costéifeachtaí. Bhí an t‑éileamh ar Mhicreamhaoiniú/Fiontraíocht Shóisialta níos airde ná mar a bhí coinne leis, ach cuireadh leis sin go rathúil trí ráthaíocht an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) a úsáid. Ina theannta sin, léirítear sa mheastóireacht go raibh na costais riaracháin seasmhach agus dea-phleanáilte ar feadh na tréimhse ar fad. Bhí na costais a bhain le rialachas i bhfad níos ísle ná mar a bhí coinne leis, rud a thugann ardleibhéal éifeachtúlachta le fios.
2.3Breisluach AE
Tionchar a imirt agus comhar a chothú nach dtarlódh murach sin. Léiríodh sa mheastóireacht gur chuir EaSI ardán nithiúil ar fáil do thíortha rannpháirteacha chun eolas a chomhroinnt agus chun foghlaim fhrithpháirteach a dhéanamh, gur chomhdhlúthaigh sé líonraí na n‑eagraíochtaí neamhrialtasacha ar leibhéal an Aontais agus gur chuir sé ar a gcumas dóibh cur lena mballraíocht ar fud an Aontais. Ina theannta sin, chuir sé feabhas ar an gcomhar laistigh de chóras EURES chun soghluaisteacht an lucht saothair a éascú ar leibhéal an Aontais. Mhéadaigh EaSI agus EPMF an tacaíocht do mhicreamhaoiniú agus fiontraíocht shóisialta ar leibhéal an Aontais trí chomhar nuálach le CEI. Ina theannta sin, spreag siad comhar agus foghlaim fhrithpháirteach i measc páirtithe leasmhara ó na hearnálacha poiblí agus príobháideacha agus ón tsochaí shibhialta, ar páirtithe leasmhara iad nach mbeadh ach líon beag dreasachtaí acu oibriú le chéile murach sin, agus spreag siad tuiscint níos fearr ar riachtanais na spriocghrúpaí.
Breisluach AE a ghiniúint i gcomparáid leis an leibhéal náisiúnta. Léiríodh sa mheastóireacht gurb é EaSI an modh is oiriúnaí le haghaidh gníomhaíochta ar fud an Aontais, amhail bunachair sonraí chomparáideacha, staidéir agus gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí - topaicí nach príomhthosaíochtaí iad i gcónaí ar leibhéil rialachais eile. Ar an gcuma chéanna, gan tacaíocht ó EaSI, is beag seans go mbeadh scéimeanna náisiúnta in ann tacú le tástáil shóisialta ar fud na dtíortha rannpháirteacha agus líonraí eagraíochtaí neamhrialtasacha ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, ní raibh acmhainní eile de chuid an Aontais ar fáil a ceapadh go sonrach le haghaidh comhpháirtíochtaí trasteorann, scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe agus Tairseach Folúntais ar leibhéal an Aontais.
Rochtain ar chistiú a neartú do mhicrifhiontair agus d’fhiontair shóisialta ar leibhéal an Aontais. Leis an gclár EaSI, soláthraíodh tacaíocht do spriocghrúpaí sonracha, tacaíocht nach mbeadh indéanta murach sin. Léiríodh sa mheastóireacht gur dhruid EaSI agus EPMF bearna shoiléir, ar an leibhéal náisiúnta, a sainaithníodh sna margaí comhfhreagracha micreamhaoinithe agus fiontraíochta sóisialta. Baineadh an méid sin amach sna cláir trí na rioscaí do na hidirghabhálaithe airgeadais a laghdú, agus ar an gcaoi sin rochtain ar mhaoiniú agus infhaighteacht maoinithe a éascú do dhaoine dífhostaithe, daoine faoi mhíbhuntáiste, micrifhiontair agus fiontair shóisialta.
2.4Comhleanúnachas agus comhlántacht
Dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus gnóthachain éifeachtúlachta a ghiniúint. Le EaSI, trí chistí ilroinnte, ach iad comhlántach freisin, a bhailiú le chéile faoi aon ‘scáth’ amháin, cuireadh feabhas ar bhreisluach AE agus seachnaíodh dúbláil iarrachtaí san am céanna. Le cuíchóiriú ionstraimí, rialacha agus nósanna imeachta faoi EaSI, laghdaíodh an t‑am a caitheadh ar chlársceidealú agus cur chun feidhme, mar aon leis na hacmhainní airgeadaíochta/neamhairgeadaíochta a infheistíodh, rud a ghin gnóthachain éifeachtúlachta. Deimhníodh sa mheastóireacht go raibh tacaíocht EaSI níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla chun freastal ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara ná mar a bhí an tacaíocht ilroinnte a soláthraíodh ar leithligh faoi na cláir a bhí ann roimhe.
Comhlántachtaí idir EaSI agus CSE. Bhí cuspóirí comhchosúla ag an dá chlár, ach bhí éagsúlachtaí maidir lena gcur chuige chun na cuspóirí sin a bhaint amach, i.e. bainistíocht dhíreach/indíreach á húsáid i gclár amháin agus bainistíocht chomhroinnte sa cheann eile. Mar sin féin, léiríodh sa mheastóireacht go bhfuil easpa sineirgí eatarthu, go háirithe maidir le huas-scálú na nuálaíochtaí sóisialta a tástáladh faoi EaSI. Léirítear sa mheastóireacht nach ndéantar torthaí EaSI a scaipeadh go leormhaith ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe i measc Údaráis Bhainistíochta CSE, agus go bhfuil easpa dreasachtaí/sásraí ann chun an t‑aistriú ón modh bainistíochta dírí chuig an modh bainistíochta comhroinnte a éascú. Ina theannta sin, sainaithníodh roinnt comhlántachtaí idir CSE agus an tríú hais de chuid EaSI - cé gurbh annamh an méid sin sular seoladh EaSI - rud a léiríonn feabhas i gcomparáid leis na tréimhsí roimhe sin, nuair nár baineadh leas leormhaith as na comhlántachtaí féideartha idir EPMF agus CSE.
Comhlántachtaí idir EaSI agus cistí eile ar leibhéal an Aontais. D’ainneoin na gcosúlachtaí i dtéarmaí cuspóirí agus spriocghrúpaí, bhí EaSI ag díriú ar nithe an-éagsúil (i dtéarmaí cuspóirí, gníomhaíochtaí, spriocghrúpaí, raon feidhme geografach agus tosaíochtaí beartais) i gcomparáid le cistí eile ar leibhéal an Aontais (Erasmus+, Fís 2020, EURAXESS, Interreg, COSME, InnovFin), agus dá bhrí sin, ní raibh forluí ann. Léiríodh sa mheastóireacht go raibh comhthoil ann maidir leis an tábhacht a bhaineann le cineálacha éagsúla tacaíochta a choinneáil ar bun ar leibhéal an Aontais, agus comhordú méadaithe á áirithiú san am céanna idir cláir an Aontais atá dírithe ar na grúpaí céanna.
2.5Ábharthacht
Gá soiléir leanúnach leis na cineálacha gníomhaíochta uile a ndéantar measúnú orthu. Léiríodh sa mheastóireacht go bhfuil gá soiléir leanúnach le gníomhaíochtaí anailíseacha chun tacú le fianaise bheartais, lena n‑áirítear tástáil shóisialta, fothú acmhainneachta chun rannpháirtíocht/tionchar na bpáirtithe leasmhara ar bheartais a fheabhsú, ionstraimí chun an tsoghluaisteacht gheografach agus ghairmiúil a éascú, mar aon le rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú, go háirithe rochtain grúpaí leochaileacha.
A fheabhas a d’éirigh leis dul in oiriúint do thosaíochtaí agus dúshláin nua. Léiríodh sa mheastóireacht gur éirigh le EaSI dul in oiriúint do dhúshláin agus tosaíochtaí nua (an ghéarchéim dídeanaithe, Brexit, paindéim Covid-19, an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach) mar gheall ar an éagsúlacht/an chomhlántacht idir a ghníomhaíochtaí, mar aon lena chlársceidealú/a chur chun feidhme measartha simplí faoi na modhanna bainistíochta dírí/indírí.
Rannchuidiú le dea-bhail na spriocghrúpaí agus leis na spriocanna beartais uileghabhálacha. Agus breithniú á dhéanamh ar na tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus airgeadais a léiríodh do na spriocghrúpaí, thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht gur chuir EPMF agus EaSI feabhas ar dhea-bhail, timpeallacht agus cumhachtú daoine i gcomhréir le Straitéis 2020 an Aontais, le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Tá seans mór ann go leanfaidh na tairbhí sin ar aghaidh sa mheántéarma agus san fhadtéarma, agus ábharthacht agus inbhuanaitheacht leanúnach na ngníomhaíochtaí á gcur san áireamh freisin.
Comhthoil maidir le tábhacht na tacaíochta sin a choinneáil ar bun ar leibhéal an Aontais. Léiríodh sa mheastóireacht go bhféadfadh an struchtúr CSE+ atá ann faoi láthair, i dteannta comhchórais bainistíochta comhroinnte dírí agus indírí, feabhas a chur ar éifeachtaí dearfacha agus inscálaitheacht ghníomhaíochtaí EaSI, agus comhordú méadaithe á áirithiú le cláir de chuid an Aontais lena ndírítear ar na grúpaí céanna.
3.Conclúidí
D’ainneoin a ábhartha atá sé rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha, ní raibh tionchar ag an dá chlár ar threochtaí socheacnamaíocha i gcoitinne mar thoradh ar scála agus foinsí airgeadais teoranta an dá chlár. Ina theannta sin, sainaithníodh sa mheastóireacht réimsí sonracha a d’fhéadfaí a fheabhsú a bhféadfadh an Coimisiún aird ar leith a thabhairt orthu agus gníomhaíochtaí á gclársceidealú aige faoin gciste a bheidh ann i ndiaidh CSE+, mar aon le comhpháirtithe eile a bhfuil baint acu leis an gcur chun feidhme faoi láthair, amhail an tÚdarás Eorpach Saothair agus InvestEU.
3.1Ceachtanna ar baineadh leas astu cheana
Mínítear thíos an chaoi ar chomhtháthaigh CSE+ ina struchtúr - agus é ag cur le conclúidí meastóireachta meántéarma EaSI go háirithe - na ceachtanna a foghlaimíodh, ceachtanna arna ndeimhniú le meastóireacht ex post EaSI.
·Cumarsáid agus scaipeadh struchtúrtha. Tá deiseanna cistiúcháin agus torthaí na sraithe EaSI á gcur chun cinn ó 2021 i leith tríd an
Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’
. Cuireann an Tairseach sin fíorionad ilfhreastail ar fáil, ní hamháin chun deiseanna a aimsiú ach le haghaidh idirghníomhaíochtaí laethúla na dtionscadal leis an Aontas freisin. Cuirtear pointe iontrála uathúil ar fáil leis chun deontais agus conarthaí soláthair, ar conarthaí iad a bhainistítear go lárnach, a bhainistiú go hiomlán ar bhonn leictreonach. Déantar gach clár de chuid an Aontais a bhainistítear go lárnach a áireamh, rud a thugann rochtain éasca ar dheiseanna cistiúcháin agus tairisceana bunaithe ar eochairfhocail agus ar chuardach téacs iomláin. Cuirfear an roinn soláthair chun feidhme a thuilleadh d’fhonn an tseirbhís soláthair a chomhtháthú go hiomlán (láimhseáil gan pháipéar mar a dhéantar i gcás na ndeontas). Ina theannta sin, cuireann
Pointí Teagmhála Náisiúnta
na sraithe EaSI deiseanna agus torthaí na sraithe EaSI chun cinn i dteangacha na dtíortha rannpháirteacha. Eagraítear comhairliúchán struchtúrtha leis na páirtithe leasmhara freisin sula nglactar gach clár oibre bliantúil de chuid na sraithe EaSI.
·Dálaí níos fearr chun nuálaíocht shóisialta a uas-scálú. Le Rialachán CSE+ tugtar dreasachtaí do na Ballstáit chun go mbainfidís leas as cur chuige comhtháite nua chun nuálaíocht shóisialta a chur chun cinn. Dá bhrí sin, leanann sraith EaSI de chineálacha nua cur chuige beartais a thástáil ar mionscála trí thástáil shóisialta, agus de bheith ina bonn le gníomhaíochtaí uas-scálaithe, príomhshruthaithe agus/nó macasamhlaithe na nuálaíochta sóisialta faoin tsraith CSE+ atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, nó faoi chistí eile. Mar sin féin, cuireadh modhanna nua leis na forálacha dlíthiúla sin chun tacú leis an nuálaíocht shóisialta, go háirithe an
comhar trasnáisiúnta
lena gcistítear na
Lárionaid Inniúlachtaí um an Nuálaíocht Shóisialta
agus na Pointí Teagmhála Náisiúnta. Ina theannta sin, tá spriocanna an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais á bpríomhshruthú níos mó de réir a chéile i ngníomhaíochtaí na sraithe EaSI; mar shampla, seoladh glao ar thograí in 2022 cheana, tograí arb é is aidhm dóibh cineálacha cur chuige nuálaíochta sóisialta a thástáil chun aistriú glas agus digiteach a chothú i scoileanna, in ionaid oiliúna, sa láthair oibre, agus i bpobail áitiúla.
·Comhlántachtaí feabhsaithe le cistí eile ar leibhéal an Aontais. Féachann CSE+ go háirithe le comhlántachtaí a áirithiú le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, an Ciste Tearmainn agus Imirce (AMIF), agus leis an bhFís Eorpach agus an Clár don Eoraip Dhigiteach. Sampla amháin de shineirge idir CSE+ agus Erasmus+ is ea cómhaoiniú chóras
EUROPASS
, ar sampla suntasach é den chomhar idir CSE+ agus Erasmus+.
·Rialachas simplithe. Feidhmíonn CSE+ faoin mbainistíocht chomhroinnte agus faoin mbainistíocht dhíreach araon, agus braitheann sé ar struchtúr rialachais nua atá níos simplí. Tacaíonn dhá mheitheal theicniúla speisialaithe le Coiste CSE+, meitheal amháin don bhainistíocht chomhroinnte agus meitheal eile don tsraith EaSI. Leis an dearadh rialachais sin, is féidir sineirgí níos láidre a bheith ann i gcéim an chlársceidealaithe agus i gcéim an chur chun feidhme, agus cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí agus tairbhithe á nascadh ar bhealach níos fearr. De réir leithdháileadh na n‑acmhainní, is mó a dhírítear i sraith EaSI anois ar chothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais agus tosaíochtaí atá in iomaíocht le chéile, agus san am céanna, fuarthas réidh go hiomlán leis na teorainneacha (leithdháileadh táscach scaireanna) idir aiseanna a bhí ann roimhe seo.
·Solúbthacht bhuiséadach fheabhsaithe. Deimhníodh sa mheastóireacht ex post go bhfuarthas amach sa mheastóireacht mheántéarma gur foráil neamhéifeachtúil sa chleachtas é an clásal solúbthachta dá bhforáiltear chun cistiú a choigeartú sna trí ais (Airteagal 33 de
Rialachán EaSI
), i bhfianaise an ualaigh riaracháin thábhachtaigh a d’fhéadfaí ghiniúint chun na hathruithe sin a oibriú. Bunaithe ar thorthaí meastóireachta meántéarma EaSI, tugadh isteach le
Rialachán Omnibus
(2018) leasuithe ar Rialachán EaSI chun an buiséad a dhéanamh níos solúbtha. Mar thoradh air sin, d’imigh Airteagal 33 i léig agus scriosadh é, dá bhrí sin, ó bhunús dlí EaSI. Sa tréimhse 2021-2027, cuireadh deireadh leis na trí rannán den chlár EaSI a bhí ann roimhe (PROGRESS, EURES agus Micreamhaoiniú/Fiontraíocht Shóisialta), mar aon le simpliú agus solúbthacht an mhaoinithe.
·Córas tomhais feidhmíochta simplithe agus treisithe. Léirítear sa mheastóireacht go bhfuil gá le córas faireacháin/meastóireachta an chláir a shimpliú agus a chuíchóiriú chun an t‑ualach riaracháin ar sheirbhísí an Choimisiúin agus ar pháirtithe leasmhara a laghdú. I Rialachán CSE+ (bunaithe ar thorthaí meastóireachta meántéarma an chláir EaSI a deimhníodh sa mheastóireacht ex post), sainaithnítear 5 Phríomhtháscaire Feidhmíochta (KPIanna) atá éasca a thuiscint, praiticiúil agus ar féidir iad a úsáid go héasca chun tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn na sraithe EaSI maidir lena chuspóirí. Maidir le sonraí a bhailítear trí úsáid a bhaint as modhanna comhlántacha cáilíochtúla agus cainníochtúla, amhail agallaimh, grúpaí fócais, agus suirbhéanna, déantar foráil maidir leo sa chóras nua faireacháin/meastóireachta chun tuiscint mhaith a thabhairt ar dhearcthaí agus idirghníomhaíochtaí na bpáirtithe leasmhara. Chun athbhreithniú éifeachtach a dhéanamh ar na naisc idir an beartas agus cur chun feidhme an chláir, úsáidtear modhanna triantánaithe sonraí chun an raon sonraí atá ar fáil a tharraingt le chéile, lena n‑áirítear faisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil
3.2Ceachtanna chun cur leis an mbeartas amach anseo
D’fhéadfaí díriú ar roinnt réimsí a fheabhsú faoin tsraith EaSI, ach freisin - i gcás inarb iomchuí - faoin Údarás Eorpach Saothair (úinéir gnó Thairseach EURES ó bhí 2019 ann) agus InvestEU (rud a thabharfadh le chéile na hionstraimí airgeadais iomadúla de chuid an Aontais a bhí ann roimhe seo, lena n‑áirítear na hionstraimí a cuireadh chun feidhme faoi EaSI).
·Infheictheacht na sraithe EaSI a fheabhsú tríd an minicíocht a mhéadú agus uainiú fhoilsiú na faisnéise maidir le deiseanna maoinithe a oiriúnú; trí níos mó torthaí, samplaí tírshonracha agus dea-chleachtais a scaipeadh; trí bhunachair sonraí na dtionscadal a chruthú ar líne; trína áirithiú go mbeidh rochtain ag pobal leathan ar an bhfaisnéis i dtéarmaí an chumhdaigh gheografaigh agus na gcineálacha páirtithe leasmhara; trí inneachar na suíomhanna gréasáin a dhéanamh níos soláimhsithe don úsáideoir agus níos inrochtana don phobal i gcoitinne, lena n‑áirítear trí fhaisnéis ilteangach a sholáthar.
·Infheictheacht níos mó a áirithiú maidir le torthaí na dtástálacha sóisialta (go háirithe i measc na nÚdarás Bainistíochta i dtaca le bainistíocht chomhroinnte CSE+) agus maidir le Tairseach EURES (go háirithe i measc na bhfostóirí).
·Féachaint ar bhealaí/dreasachtaí nua chun méadú a dhéanamh sciar na dtástálacha sóisialta a dhéantar a uas-scálú, chun sciar na bhfolúntas náisiúnta a fhoilsítear ar Thairseach EURES a mhéadú, agus chun rochtain na mban agus na ndaoine dífhostaithe ar mhargadh na n‑ionstraimí airgeadais a mhéadú.
·Feabhas a chur ar an nasc idir Tairseach EURES agus Tairseach Europass trí chuntas amháin a mholadh chun rochtain a fháil ar gach iarratas a dhéantar ar an dá shuíomh sin trí logáil isteach uathúil AE le haghaidh EURES agus Europass; tríd an nascleanúint idir EURES agus Europass a éascú; agus trí fheidhmiúlachtaí forluiteacha a bhaint de na suíomhanna.
·Féachaint ar bhealaí chun ualach riaracháin na ndeontas gníomhaíochta agus na ndeontas oibriúcháin a laghdú ar thaobh na n‑iarratasóirí agus ar thaobh sheirbhísí an Choimisiúin.
·Sineirgí a fheabhsú le cistí ar leibhéal an Aontais atá dírithe ar ghrúpaí comhchosúla, go háirithe sineirgí arna gcur chun feidhme ag AS EAC, AS GROW agus AS RTD, mar aon le sineirgí breise le cistí eile, mar shampla na sineirgí atá dírithe ar dhaonra na tuaithe (CETFT).
·Príomhshruthú na bprionsabal cothrománach a fheabhsú i ngníomhaíochtaí uile na sraithe EaSI, go háirithe na gníomhaíochtaí a bhaineann le cúrsaí míchumais agus inrochtaineachta.
·Príomhshruthú spriocanna an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais a fheabhsú i ngníomhaíochtaí uile na sraithe EaSI. Rannchuidiú chun feabhas a chur ar úsáid seirbhísí digiteacha airgeadais, go háirithe i gcás daoine leochaileacha ar lú seans go mbainfidh siad tairbhe as digitiú na seirbhísí airgeadais (lena n‑áirítear i gceantair thuaithe).
·Cistiú breise a sholáthar ionas gur féidir tástáil shóisialta chruthaithe a uas-scálú agus/nó a aistriú chuig gníomhaithe nó comhthéacsanna eile, rud a chruthóidh tionchar níos leithne, chun fás fiontar sóisialta a éascú agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua shóisialta, chomhshaoil agus dhigiteacha.
·Creat ama agus raon feidhme meastóireachta iomchuí a áirithiú, go háirithe le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le fothú acmhainneachta, tástáil shóisialta agus trédhearcacht sa mhargadh saothair, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil am ag teastáil sula mbeidh éifeacht acu.
Ag breathnú chun cinn, is cosúil go bhfuil ról tábhachtach ag sraith chomhtháite EaSI laistigh de CSE+ maidir le fostaíocht agus nuálaíocht shóisialta a chothú san Eoraip, sineirgí a chruthú le sraith bainistíochta comhroinnte CSE+, tacú le beartais fostaíochta, beartais shóisialta agus beartais scileanna an Aontais agus na mBallstát (go háirithe i ndáil le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme), acmhainneacht na bpáirtithe leasmhara a fheabhsú, agus glacadh níos leithne tionscnamh cistithe a chur chun cinn.