EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0229

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le feidhmiú na cumhachta a thugtar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid inbhuanaithe lotnaidí

COM/2024/229 final

An Bhruiséil,3.6.2024

COM(2024) 229 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le feidhmiú na cumhachta a thugtar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid inbhuanaithe lotnaidí


1.Réamhrá

Le Treoir 2009/128/CE 1 , bunaítear creat dlíthiúil comhchoiteann chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach, agus cineálacha cur chuige réamhchúraim agus coisctheacha á gcur san áireamh. Glacadh in 2009 í agus b’éigean í a thrasuí i ndlíthe náisiúnta na mBallstát faoin 26 Samhain 2011.

Bunaítear leis an Treoir seo creat chun na rioscaí agus an tionchar a bhaineann le húsáid lotnaidicídí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a laghdú agus chun úsáid bainistithe lotnaidí chomhtháite agus cineálacha cur chuige nó teicnící malartacha a chur chun cinn.

Leis an Treoir, cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh agus forchuirtear air oibleagáid tuairisciú do na comhreachtóirí maidir le feidhmiú na gcumhachtaí tarmligthe sin.

2.Bunús dlí

Ceanglaítear an tuarascáil seo a dhéanamh faoi Airteagal 20a(2) de Threoir 2009/128/CE. De bhun na forála sin, tugtar don Choimisiún an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir leis na hábhair a liostaítear inti ar feadh tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019 ar aghaidh agus ní mór don Choimisiún tuarascáil a ullmhú maidir le tarmligean na cumhachta 9 mí ar a dhéanaí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana sin.

Mar a leagtar amach in Airteagal 20a(2), cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 5(3), 8(7), 14(4) agus 15(1) de Threoir 2009/128/CE a ghlacadh.

Leagtar síos le hAirteagal 20a(2) den Treoir sin go gcuirfear síneadh go hintuigthe le tarmligean na cumhachta go ceann tréimhsí comhfhaid, ach amháin i gcás ina gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle i gcoinne an tsínidh sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse, agus le hAirteagal 20a(3) luaitear go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5(3), 8(7), 14(4) agus 15(1) de Threoir 2009/128/CE a chúlghairm tráth ar bith.

3.An tarmligean a fheidhmiú

Le linn na tréimhse tuairiscithe, níor fheidhmigh an Coimisiún aon chumhachtú faoi Airteagail 5(3), 8(7), 14(4) agus 15(1), dá dtagraítear in Airteagal 20a(2) de Threoir 2009/128/CE. Tharla an tréimhse sin i gcomhthráth le hullmhú agus caibidlíocht togra le haghaidh rialachán maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí 2 . An tráth a raibh an tuarascáil sin le cur isteach, ní raibh an Coimisiún in ann teacht ar chonclúidí cinntitheacha maidir le cé acu a bheadh nó nach mbeadh gá leis na cumhachtaí tarmligthe faoi Threoir 2009/128/CE a leathnú toisc nach mbeadh aon ghá leis na cumhachtaí tarmligthe a leathnú dá ndéanfaí an Treoir a aisghairm.

An 27 Márta 2024 d’fhormheas an Coimisiún tarraingt siar an togra agus áiríodh an méid sin i liosta na dtograí a tarraingíodh siar a foilsíodh an 6 Bealtaine 2024. 3

4.CONCLÚID

Leis an tuarascáil seo, comhlíonann an Coimisiún a oibleagáid tuairiscithe faoi Airteagal 20a(2) de Threoir 2009/128/CE. Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/128/CE agus tá dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil á dhéanamh faoi láthair freisin, rud a d’fhéadfadh a bheith ina údar le gníomhartha tarmligthe breise a ghlacadh amach anseo chun an creat dlíthiúil a choinneáil cothrom le dáta. Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.

(1)

   Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach, IO L 309, 24.11.2009, lch. 71,  http://data.europa.eu/eli/dir/2009/128/oj .

(2)

   COM(2022)305 final.

(3)

   Tarraingt Siar na dTograí ón gCoimisiún, IO C, C/2024/3117, 6.5.2024, http://data.europa.eu/eli/C/2024/3117/oj .

Top