Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024DC0091

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Rioscaí aeráide a bhainistiú — daoine agus rathúnas a chosaint

    COM/2024/91 final

    Strasbourg, 12.3.2024

    COM(2024) 91 final

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

    Rioscaí aeráide a bhainistiú — daoine agus rathúnas a chosaint


    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

    Rioscaí aeráide a bhainistiú — daoine agus rathúnas a chosaint

    1.Réamhrá 

    1.1.Leis an ngéarú ar rioscaí aeráide, is gá bainistiú réamhghníomhach a dhéanamh

    Is é bainistiú na héiginnteachta a shainíonn an chinnteoireacht sa lá atá inniu ann, bíodh sin don phobal, do chuideachtaí nó do rialtais. Tá gá le gníomhaíocht phráinneach mar gheall ar éiginnteachtaí cogaidh agus geopholaitiúla, an costas maireachtála, dúshláin dhéimeagrafacha, díghrádú comhshaoil agus éigeandálaí sláinte, neamhionannais shóisialta, polarú polaitiúil agus an bhréagaisnéis, mearfhorbairtí teicneolaíochta agus an imirce. Ní mór do lucht ceaptha beartas cothromaíocht a aimsiú idir aireachas agus acmhainní. Agus an ghéarchéim aeráide fite fuaite i ngéarchéimeanna pláinéadacha eile an truaillithe agus chailliúint na bithéagsúlachta agus toisc go méadaítear léi go leor rioscaí eile, tá sí ar cheann de na bagairtí is eisí atá os ár gcomhair.

    Tá gníomhaíocht á déanamh ag an Aontas chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú sna deich mbliana amach romhainn agus chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Tá tús curtha ag an gCoimisiún le díospóireacht maidir le sprioc aeráide 2040 mar chéim bhreise i dtreo todhchaí iomaíoch, glan-nialasach 1 . Tá gá le laghduithe tapa den sórt sin ar astaíochtaí domhanda, ós rud é go bhfuil teorainneacha fisiceacha ann maidir leis an méid ar féidir oiriúnú dó. 

    Tá tionchair aeráide ann cheana féin, agus leanfaidh rioscaí de bheith ag méadú sna blianta amach romhainn agus ina dhiaidh sin mar gheall ar tháimhe an chórais aeráide, fiú má thagann laghdú ar an damáiste a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh laghduithe uaillmhianacha ar astaíochtaí domhanda. I mí Feabhra 2024, thuairiscigh Clár Copernicus: an tseirbhís um an athrú aeráide gur sháraigh an mheánteocht dhomhanda sna 12 mhí roimhe sin an tairseach de 1,5 céim ceinteagrád os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch 2 . Cuirtear an tionchas don Eoraip i láthair ar bhealach maith sa chéad Mheasúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide (EUCRA) 3 riamh ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil. Sa chás is fearr ina dteorannaímid an téamh domhanda go 1,5 céim os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, beidh ar an Eoraip – atá ag téamh dhá oiread an ráta dhomhanda – foghlaim conas maireachtáil in aeráid atá 3 chéim níos teo, agus, dá bhrí sin, déileáil le méid tonnta teasa agus teagmhais adhaimsire eile a bheidh i bhfad níos mó.



    Fíor 1: Réamh-mheastacháin teochta le haghaidh na hEorpa faoi cheithre chás chaighdeánacha maidir leis aeráid domhanda

    Foinse: EUCRA, atá bunaithe ar Chlár Copernicus: an tseirbhís um an athrú aeráide

    Baineann athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide le feidhmeanna sochaíocha a choinneáil ar bun, ach baineann sí freisin leis an iomaíochas maidir le geilleagair agus cuideachtaí, agus le poist dá bhrí sin. Is coinníoll riachtanach é rioscaí aeráide a bhainistiú chun caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú, chun an neamhionannas a chomhrac agus chun daoine a chosaint. Baineann sé le marthanas eacnamaíoch do limistéir thuaithe agus chósta, d’fheirmeoirí, d’fhoraoiseoirí agus d’iascairí. I gcás gnólachtaí, aithnítear go maith cheana féin na rioscaí aeráide atá ann agus meastar go bhfuil siad i measc na gceithre riosca is mó le deich mbliana anuas 4 . D’fhéadfadh srianta acmhainní ar leith a bheith ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Cibé acu trí shlabhraí soláthair neamhchosanta, trí rochtain ar árachas atá ag laghdú, trí shócmhainní intíre leochaileacha, trí chailliúint na bithéagsúlachta ar a mbíonn earnálacha eacnamaíocha ag brath, nó trí chosaint neamhleor ar dhaoine, déanfaidh an téarnamh ó thubaistí a bhaineann leis an aeráid, atá ag éirí níos déine, níos mó acmhainneachta agus caipitil a ionsú i gcás na ndreamanna neamhullmhaithe.

    D’aithin an Banc Ceannais Eorpach agus an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach gur féidir le rioscaí aeráide difear a dhéanamh don chobhsaíocht airgeadais ar go leor bealaí, agus tá cás déanta acu ar son straitéis mhacrastuamachta láidir ar fud an chórais chun dul i ngleic leis na rioscaí sin 5 . An tráth céanna, cuideachtaí solúbtha dinimiciúla de chuid an Aontais, lena náirítear FBManna, d’fhéadfaidis a bheith ina gceannairí i gcuid de na deighleoga margaidh lena gcothaítear an athléimneacht, amhail an nuálaíocht maidir le húsáid sonraí agus teicneolaíochtaí spáis.

    Bíonn tionchar freisin ag na rioscaí aeráide atá ag dul i méid ar an tírdhreach geopholaitiúil, rud a chuireann isteach ar shábháilteacht agus slándáil dhomhanda, ar shreafaí trádála agus cobhsaíocht eacnamaíoch, agus ar an gcumas seirbhísí fíor-riachtanacha a choinneáil ar bun le haghaidh na bpobal a ndéantar difear dóibh. Os a choinne sin, trí fheabhas a chur ar an ullmhacht agus an athléimneacht in aghaidh tionchair aeráide, is féidir cuidiú le bainistiú a dhéanamh ar cheann de mhórdhúshláin dhomhanda an lae inniu ag a bhfuil éifeachtaí seach-iarmharta dearfacha.

    Tá 77 % de phobal an Aontais den tuairim gur fadhb an-tromchúiseach é an tathrú aeráide, agus braitheann 37 % den phobal cheana féin go bhfuil siad neamhchosanta ar rioscaí aeráide. D’aithin Parlaimint na hEorpa 6 agus ceannairí an Aontais 7 a phráinní atá sé dlús a chur leis an bhfreagairt ar an éigeandáil aeráide agus athléimneacht an Aontais a neartú. I gcomhréir leis an Teachtaireacht maidir le sprioc aeráide 2040 na hEorpa agus an chonair i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050, d’fhéadfadh infheistíochtaí i bhfoirgnimh, in iompar agus i gcóras fuinnimh atá athléimneach ó thaobh na haeráide de deiseanna móra gnó a chruthú, barainneachtaí scála a ghiniúint, agus d’fhéadfaidis dul chun tairbhe níos forleithne do gheilleagar na hEorpa, rud a ghineann poist ardoilte agus fuinneamh glan inacmhainne.

    Is foinse láidreachta í an fhís Eorpach maidir le sochaí shláintiúil, chuimsitheach agus chothrom. Sheas an dlúthpháirtíocht, an chuimsitheacht, an nuálaíocht agus an smacht reachta dúinn trí dhúshláin stairiúla agus seasfaidh siad dúinn tríd an dúshlán seo.

    An comhordú atá ann a bhuí leis an Aontas Eorpach, is uirlis chumhachtach é chun athléimneacht a chothú. Leis an gcomhordú sin, cruthaítear éifeachtúlachtaí atá bunriachtanach agus an oiread sin éileamh ar acmhainní poiblí agus príobháideacha ann. Is féidir le tíortha, réigiúin agus pobail áitiúla a fháil amach cad atá ag obair agus nach bhfuil ag obair in áiteanna eile freisin, agus bíonn gníomhaíocht níos tapúla agus níos éifeachtaí mar thoradh air. Mar gheall ar an méid gníomhaíochta lena bhfuil gá i réimsí áirithe, mura mbeidh comhordú ann, ní dócha go ndéanfar na cinntí agus na bearta is gá in am chun tionchair dho-aisiompaithe ar an gcomhshaol a chosc. Ar deireadh, cuireann an tAontas breisluach ar fáil trí uirlisí a fhorbairt a chuidíonn le saoránaigh agus le páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha athléimneacht a chothú. Rinneadh infheistíocht shuntasach ó bhuiséad an Aontais, go háirithe tríd an mbeartas comhtháthaithe, san oiriúnú don athrú aeráide agus sa mhaolú ar an athrú aeráide le deich mbliana anuas. In 2021-2027, meastar go sroichfidh infheistíochtaí comhtháthaithe sa réimse sin thart ar EUR 118 mbilliún.

    Léiríonn roinnt de na tubaistí a tharla in 2023 patrún na rioscaí aeráide atá ag dul i méid, agus rinneadh difear do thíortha uile an Aontais go pointe áirithe, sa bhreis ar na samplaí a thugtar thíos.

    Bosca 1: Ceithre shampla de theagmhais tubaiste in 2023 atá nasctha le guaiseacha a bhaineann leis an aeráid:

    -An Ghréig. Ó mhí Iúil go mí Lúnasa, dódh achar 170 000 heicteár sa Ghréig de thoradh falscaithe, arbh iad triomach agus tonnta teasa ba chúis leo. Go háirithe, ba é an falscaí in Alexandroupolis an falscaí ba mhó san Eoraip ó bhí 2000 ann, agus dódh níos mó ná 96 000 heicteár mar thoradh air. Ba í Stoirm Daniel ba chúis leis an mbáisteach ba mhó riamh sa Ghréig go luath i mí Mheán Fómhair, agus tuairiscíodh gur thit 750 mm báistí laistigh de 24 uair an chloig in Zagora, agus ba mhó sin ná bliain de charnadh báistí sa cheantar sin. Scrios an teagmhas sin thart ar 15 % de tháirgeacht talmhaíochta bhliantúil na tíre.

    -An tSlóivéin. I mí Lúnasa, tharla tuilte agus sciorrthaí talún ollmhóra mar thoradh ar bháisteach throm thar roinnt laethanta agus leibhéil arda uisce a bhí ann cheana féin, rud a d’fhág go ndearnadh difear do dhá thrian den tSlóivéin, agus b’ionann na damáistí a rinneadh agus b’ionann na damáistí a rinneadh agus thart ar 16 % den OTI.

    -Críoch Lochlann. I mí Lúnasa, réab Stoirm Hans trasna na Danmhairge, na hIorua agus na Sualainne, rud a rinne damáiste tromchúiseach don bhonneagar agus don talmhaíocht agus a chuir isteach go mór ar líonraí iompair criticiúla. Taifeadadh an líon ba mhó éileamh árachais riamh.

    -An Eoraip ar fad. Le tonn teasa Cerberus 2023, taifeadadh na teochtaí ab airde riamh i roinnt tíortha. Tháinig sé sin sna sála ar thonnta teasa shamhradh 2022 inar cailleadh idir 60 000 agus 70 000 Eorpach leis an teas ab airde riamh.

    Is chun leasa gach duine é gníomhú ar son na haeráide. Ní tharlaíonn damáistí a bhaineann leis an aeráid mar thoradh ar dhrochthubaistí nádúrtha gan choinne. Tarlaíonn siad mra gheall ar rioscaí aitheanta aeráide, agus de na gníomhaíochtaí beartais a dhéantar chun na rioscaí sin a laghdú. Leagtar amach sa Teachtaireacht seo na príomhchéimeanna is gá chun a áirithiú, d’ainneoin na rioscaí aeráide atá ag dul in olcas, gur féidir leis an bpobal agus le gnólachtaí brath ar an Aontas agus ar a Bhallstáit chun feidhmeanna sochaíocha agus rochtain leanúnach ar sheirbhísí bunúsacha a choinneáil ar bun. Sa Teachtaireacht féachtar lena shoiléiriú cé atá freagrach as na roghanna deacra a dhéanamh agus as gníomhaíocht a dhéanamh, bunaithe ar an bhfianaise is fearr. Léirítear inti conas is féidir leis an Aontas aghaidh a thabhairt ar thionchair aeráide sna blianta atá le teacht agus gur saoire agus furasta cuspóirí beartais eile a bhaint amach má chothaítear an athléimneacht. Chun an méid sin a dhéanamh, ní mór an ullmhacht agus an athléimneacht in aghaidh rioscaí aeráide a chur san áireamh mar réamhshocrú amach anseo i ngníomhaíocht ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát ar fud na réimsí beartais.

    1.2.Tá bunchlocha an Aontais i bhfeidhm chun bainistiú riosca aeráide a fheabhsú

    Leis an Dlí Aeráide Eorpach, ceanglaítear ar institiúidí an Aontais agus ar a Bhallstáit dul chun cinn leanúnach a áirithiú maidir leis an acmhainneacht oiriúnaitheach chun an athléimneacht a neartú agus chun an leochaileacht a mhaolú. Tá cur chun feidhme phlean gníomhaíochta leathan straitéis an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú 2021 faoi lán seoil. Chun feabhas a chur ar athléimneacht infheistíochtaí arna gcistiú ag an Aontas, tá an beartas comhtháthaithe agus príomhchláir eile i mbuiséad an Aontais tar éis an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chomhtháthú agus tá cleachtas maidir le díonadh ar an athrú aeráide bunaithe acu. Tá réimse leathan beartas earnála á thabhairt cothrom le dáta maidir le rioscaí aeráide. Tá feabhas á chur ag na Ballstáit ar ghníomhaíocht oiriúnúcháin agus tá na chéad chéimeanna glactha acu chun an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chur san áireamh ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFAnna).

    Mar sin féin, bhí éagsúlacht i dtorthaí na measúnuithe 8   9   10 a rinne an Coimisiún le déanaí. Cé gur féidir dul chun cinn seasta a thabhairt faoi deara ar leibhéal an Aontais trí chur chun feidhme straitéis an Aontais um an oiriúnú, ní mór do na Ballstáit i bhfad níos mó a dhéanamh maidir le gnéithe rialachais, múscailt feasachta, cothroime agus athléimneacht chóir, maoiniú agus réitigh dhúlrabhunaithe. Sna measúnuithe is déanaí ón gCoimisiún ar dhréacht-PNFAnna nuashonraithe agus sna moltaí gaolmhara, sainaithnítear neamhréir idir na PNFAnna agus na beartais agus na bearta oiriúnaithe atá beartaithe agus curtha chun feidhme ag na Ballstáit. D’eisigh an Coimisiún moltaí agus tá sé réidh chun tuilleadh cúnaimh a thabhairt do na Ballstáit chun feabhas a chur ar a PNFAnna chun dlús a chur le cur chun feidhme agus le hinfheistíochtaí sna blianta amach romhainn.

    Léirítear sa tuarascáil ‘Riosca tubaiste a chosc agus a bhainistiú san Eoraip’ 11 go bhfuil tús áite ag rioscaí a bhaineann leis an aeráid ar an gclár oibre maidir le bainistiú riosca tubaiste ar fud na hEorpa. Cé go naithnítear rioscaí aeráide den chuid is mó, is ábhar imní é freisin gur annamh a chuirtear cásanna agus éiginnteachtaí aeráide san áireamh sna measúnuithe riosca ar chosaint shibhialta. Déanfar measúnuithe na mBallstát ar rioscaí do bhonneagar criticiúil faoi mhí Eanáir 2026 faoin Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil. Ní chuirtear rioscaí aeráide san áireamh go córasach sna measúnuithe ar an ionchas buiséadach atá ann faoi láthair, má chuirtear san áireamh ar chor ar bith iad. Ar an iomlán, cé gur féidir leis na próisis agus na ceanglais a chomhaontaítear i gcreataí beartais ar leibhéal an Aontais aghaidh a thabhairt ar rioscaí aeráide, ní leor an cur chun feidhme faoi láthair chun dearbhú réasúnach a sholáthar.

    Dá bhrí sin, tá an dul chun cinn míchothrom agus níl sé ag coinneáil suas leis an athrú aeráide a bhfuil géarú air. Ní mór don Aontas agus dá Bhallstáit araon a bheith i bhfad níos fearr maidir le hullmhú do rioscaí aeráide agus maidir le dul i ngleic leo go héifeachtach.

    Leagtar amach go mion i dtuarascáil EUCRA na príomhrioscaí aeráide atá ann don Eoraip agus an bealach ina nidirghníomhaíonn siad le go leor rioscaí nach mbaineann leis an aeráid agus an bealach ina méadaíonn siad na rioscaí sin. Is freagairt í an Teachtaireacht seo ar an tuarascáil agus ar fhianaise eile a bhí ann le déanaí. Ní fhéachtar go mion inti ar rioscaí don Aontas, a d’fhéadfadh a bheith mór, de thoradh tionchair aeráide lasmuigh den Aontas, nó vice versa. Is féidir leis an athrú aeráide rioscaí cascáideacha a scaoileadh, agus díghrádú comhshaoil agus cúiseanna coinbhleachta, easáitithe agus imirce atá ann cheana a dhéanamh níos measa. Is fiú anailís shonrach a dhéanamh ar na hidirnaisc chasta sin chun bonn eolais a chur faoi chinntí beartais, mar a léirítear sa Teachtaireacht maidir leis an nasc idir an aeráid agus an tslándáil 12 .

    I gcomhréir leis an ngné idirnáisiúnta de straitéis an Aontais um an oiriúnú 13 , leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt do réitigh chomhtháite maidir leis an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide i dtíortha soghonta agus leochaileacha. Le Global Gateway an Aontais, straitéis chuimsitheach an Aontais dar luach EUR 300 billiún, agus leis na Pleananna Eacnamaíocha agus Infheistíochta atá ceaptha do Chomharsanacht Dheisceart an Aontais, do Chomhpháirtíocht an Oirthir agus do na Balcáin Thiar, is féidir uirlisí a chur ar fáil chun rioscaí aeráide a mhaolú ar an leibhéal domhanda. Mar shampla, sheol an tAontas Tionscnamh cuimsitheach Fhoireann na hEorpa maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide agus Athléimneacht san Afraic Fho-Shahárach mar chuid de phacáiste infheistíochta Global Gateway idir an tAontas Eorpach agus an Afraic. I gcomhréir le Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste, leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt do laghdú rioscaí tubaiste i dtíortha comhpháirtíochta, agus béim á cur ar eolas agus rialachas i ndáil le rioscaí tubaiste, cosc, ullmhacht (go háirithe córais luathrabhaidh), freagairt agus téarnamh.

    Déantar obair leantach sa Teachtaireacht ar na torthaí is déanaí ó Chruinniú Mullaigh Aeráide na Náisiún Aontaithe (COP28) maidir leis an oiriúnú agus go háirithe maidir le cur chun feidhme Chreat Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha um Athléimneacht Dhomhanda in aghaidh an Athraithe Aeráide 14 . Leanfaidh an tAontas den athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus de bhainistiú rioscaí aeráide a chothú, rud a rannchuideoidh leis an oiriúnú don athrú aeráide agus le cosc coinbhleachtaí ina uirlisí taidhleoireachta aeráide lena ndéantar taithí na hEorpa a ghiaráil i bhfóraim idirnáisiúnta agus go déthaobhach.

    2.Anailís: an fhianaise is déanaí maidir leis na príomhrioscaí don Eoraip 

    2.1.Torthaí an Mheasúnaithe Eorpaigh ar Rioscaí Aeráide 

    Tá an eolaíocht soiléir: Beidh an Eoraip thíos le teochtaí foriomlána níos airde, an baol go mbeidh tonnta teasa níos déine agus níos minice ann, triomaigh fhada, frasaíocht níos déine, meánluasanna gaoithe níos ísle agus níos lú sneachta. Cuireadh an méid sin in iúl go soiléir i dtuarascálacha an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC). Mar sin féin, ní léiríonn an léargas foriomlán sin na hidirghníomhaíochtaí casta idir guaiseacha agus an dóchúlacht go mbeidh tionchair thubaisteacha ann.

    Fíor 2: Treochtaí breathnaithe agus réamh-mheasta i bpríomhghuaiseacha a bhaineann leis an aeráid i réigiúin éagsúla na hEorpa

     

    Foinse: EUCRA

    Mar thoradh ar na guaiseacha aeráide sin, beidh níos mó tubaistí ann amhail triomaigh, tuilte, falscaithe, galair, teipeanna barr, básanna de dheasca teasa, damáiste do bhonneagar, agus athruithe struchtúracha ar an gcomhshaol. Sa chleachtas, is iad ullmhacht na sochaí, an acmhainneacht airgeadais agus riaracháin chun téarnamh, agus an suíomh fisiciúil na príomhthosca a chinneann a neamhchosanta agus a leochailí atáimid mar shochaí.

    Beidh brú aeráide níos mó ar Dheisceart na hEorpa agus ar limistéir Artacha, i gcomparáid leis an gcuid eile den Eoraip. Baineann tacar rioscaí ar leith leis na réigiúin is forimeallaí. Leis an neamhchosaint neamhshiméadrach sin ar thionchair aeráide, cuirtear leis na héagothromaíochtaí atá ann cheana idir réigiúin ó thaobh an ghá atá le hoiriúnú don athrú aeráide, le rioscaí a chosc agus le hullmhacht, rud a d’fhéadfadh brú a chur ar na huirlisí le haghaidh comhtháthú ar fud an Aontais.

    Na costais agus na tairbhí ar fud na sochaí a bhaineann le damáistí seachanta, ní féidir iad a ríomh go cruinn, ach ba cheart gur leor meastachán ar an scála chun gníomh a dhéanamh. Meastachán coimeádach is ea go bhféadfadh tionchair aeráide atá ag dul in olcas OTI an Aontais a laghdú thart ar 7 % faoi dheireadh an chéid. Má théann an téamh domhanda thar an tairseach 1,5 céim ó Chomhaontú Pháras ar bhonn níos buaine, d’fhéadfadh EUR 2,4 trilliún a bheith i gceist leis an laghdú carnach breise ar OTI don Aontas ina iomláine sa tréimhse ó 2031 go 2050 15 . D’fhéadfadh damáistí bliantúla san Eoraip de dheasca tuilte cósta a bheith os cionn EUR 1,6 trilliún faoi 2100 16 , agus d’fhéadfadh 3,9 milliún duine a bheith neamhchosanta ar thuilte cósta gach bliain.

    Tá rioscaí aeráide le brath go háirithe i measc na ndaoine is leochailí mar gheall ar raon tosca socheacnamaíocha amhail ioncam, inscne, aois, míchumas, sláinte, agus eisiamh sóisialta (ar tosca iad sin a dhéanann difear go háirithe d’imircigh, do mhionlaigh eitneacha agus do phobail dhúchasacha). Le míbhuntáistí atá ann cheana, laghdaítear an acmhainneacht chun téarnaimh ó thubaistí arb é an t‑athrú aeráide is cúis leo. Is iondúil go mbíonn ceantair uirbeacha níos boichte, chomh maith le scoileanna agus ospidéil, lonnaithe ar theasoileáin uirbeacha. I gceantair uirbeacha agus thuaithe araon, is mó iad na rioscaí tuilte roimh phobail a mhaireann i gceantair ísle, chomh maith leis na hiarmhairtí a bhaineann le héilliú uisce.

    Oibrithe neamhchosanta, go príomha na hoibrithe sin a oibríonn amuigh faoin aer in earnálacha amhail an talmhaíocht, an tógáil, seirbhísí éigeandála agus an turasóireacht, is mó seans go mbeidh orthu aghaidh a thabhairt ar dhálaí teasa foircneacha. Cé is moite de thionchair sláinte agus sábháilteachta ceirde agus caillteanais tuillimh a dhéanann difear d’oibrithe aonair mar gheall ar uaireanta oibre caillte, is féidir leis an laghdú ina dhiaidh sin ar tháirgiúlacht saothair easnaimh a chruthú in aschur eacnamaíoch ar leibhéal críochach níos leithne. Is féidir neamhionannais a dhéanamh níos measa fós mar gheall ar réitigh oiriúnaithe a bhfuil drochdhearadh orthu. Gnéithe sóisialta, idirphlé agus próisis chinnteoireachta chuimsitheacha agus rannpháirteacha le pobail a ndéantar difear dóibh, tá sé fíor-riachtanach na nithe sin a mheas chun gníomhaíocht beartais dea-dheartha a dhéanamh. Tá soláthar slándála mar chuid den chonradh sóisialta lenár saoránaigh.

    Sainaithníodh 36 phríomhriosca don Eoraip in EUCRA, agus tá roinnt de na rioscaí sin ar leibhéil chriticiúla cheana féin agus tá an-phráinn ag baint leo. Ba cheart do lucht ceaptha beartas gach ceann de na rioscaí sin a mheas. I Roinn 4, freagraítear do chuid de na rioscaí sin, agus dírítear ar ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh freagairt do roinnt rioscaí go comhuaineach.



    Fíor 3: Naisc idir braislí rioscaí móra aeráide agus réimsí beartais neamhchosanta

    Foinse: EUCRA

    2.2.Éiginnteachtaí agus dóchúlachtaí 

    D’ainneoin chastacht an chórais aeráide agus d’ainneoin na n‑éiginnteachtaí atá ann i láthair na huaire, tá na heolaithe réasúnta cinnte go leanfaidh an aeráid de bheith ag dul in olcas sna blianta amach romhainn. Ní mór do lucht ceaptha beartas agus d’infheisteoirí machnamh a dhéanamh ar dhóchúlacht an toraidh ar mian leo é a sheachaint.

    Ní leithscéal bailí as neamhghníomhaíocht í an éiginnteacht. Le prionsabal an réamhchúraim 17 , ceanglaítear ar chinnteoirí cur chuige coisctheach réamhghníomhach a ghlacadh chun dea-mhaoirseacht ár sochaithe a áirithiú.

    3.Spás na réiteach — an tsochaí a ullmhú le haghaidh gníomhaíochta

    Tá gá le réitigh inghníomhaithe a fhorbairt, a thástáil agus a chur in úsáid go tapa i dtimpeallacht atá ag athrú. Le Misean an Aontais um an Oiriúnú don Athrú Aeráide, tacaítear le réigiúin le réitigh nuálacha a ghabhann le réigiún nó le húdarás áitiúil i dtreo athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide faoi 2030, agus is féidir leis feidhmiú mar dhea-chleachtas le haghaidh na bpáirtithe leasmhara uile.

    Má dhéantar infheistíocht san athléimneacht ó thús tionscadail bonneagair, is fearr a bheidh an tsócmhainn in ann dálaí adhaimsire a sheasamh ionas go seachnófar costais atógála agus aisghabhála ad hoc. Gach euro a theastaíonn chun an damáiste a leigheas, is euro é nach gcaitear ar infheistíocht níos táirgiúla. Os a choinne sin, rachaidh gach euro a chaitear ar chosc agus ar ullmhacht chun tairbhe do chách, rud a rachaidh níos faide ná an infheistíocht tosaigh 18 . Le cinntí pleanála an lae inniu, ní mór tógáil ar mheasúnú fónta réamh-mheasta ar rioscaí 19 .

    Ní féidir aghaidh a thabhairt ar na rioscaí aeráide atá os comhair na hEorpa gan aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha eile. Is iad na réitigh is fearr agus is buanseasmhaí na réitigh sin a áirithíonn tairbhí iomadúla. Léiríonn an fhianaise i dtuarascáil EUCRA roinnt réimsí ina bhféadfadh réitigh thrasearnálacha cuidiú le deireadh a chur le bacainní ar an oiriúnú don athrú aeráide. Is é sin an fáth a bhfuil gá le cur chuige sistéamach.

    Sainaithnítear sna foranna seo a leanas ceithre chatagóir uileghabhálacha de réitigh a fhágann gur fearr a bheidh córais riaracháin san Aontas agus ina Bhallstáit in ann déileáil le rioscaí aeráide: rialachas feabhsaithe, uirlisí d’úinéirí riosca, leas a bhaint as beartais struchtúracha, agus na réamhchoinníollacha cearta maidir le hathléimneacht airgeadais.

    3.1.Rialachas feabhsaithe

    Tá éagsúlacht ann idir réimsí beartais maidir le roinnt na bhfreagrachtaí idir an tAontas agus an leibhéal náisiúnta – úinéireacht riosca – agus tá an méid sin bunaithe ar an gcoimhdeacht. Sa chleachtas, ciallaíonn sé sin go minic go dtagann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir le comhchreat ginearálta ar leibhéal an Aontais, lena mbaineann cuir chuige cur chun feidhme iarbhír arna gceapadh agus arna gcinneadh ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta, agus arna gcur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Ar leibhéal an Aontais, ba cheart breithniú níos fearr a dhéanamh ar rioscaí aeráide i ngnéithe rialachais na mbeartas, na reachtaíochta agus na n‑ionstraimí airgeadais, agus nuair a bhíonn sineirgí á lorg idir beartais agus bearta an Aontais.

    Cé go n‑áirítear i bhformhór na mbeartas forálacha chun rioscaí aeráide a mheas, tá easnaimh ann maidir leis an gcaoi a gcuirtear beartais agus reachtaíocht den sórt sin chun feidhme sna Ballstáit. Tá gá le feabhsuithe ar gach leibhéal rialachais. Ní mór aird a thabhairt ar an gcaoi a n‑idirghníomhaíonn an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil agus ar an gcaoi a ndéantar a n‑acmhainní agus a gcúraimí a ailíniú. Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit na gealltanais atá ann cheana maidir le hoiriúnú a chur chun feidhme ina n‑iomláine, agus machnamh a dhéanamh freisin ar mholtaí ábhartha ón gCoimisiún.

    Chun rialachas rioscaí aeráide a fheabhsú, tá gá leis an méid seo a leanas:

    Úinéireacht riosca shoiléir. An chaoi a ndáiltear rioscaí aeráide earnáilsonracha agus an fhreagracht gníomhú maidir le rioscaí aeráide idir an tAontas agus na Ballstáit, iarrann an Coimisiún ar institiúidí uile an Aontais machnamh a dhéanamh air sin sa leagan amach reachtach atá ann faoi láthair le haghaidh príomhréimsí beartais.

    Struchtúir rialachais neartaithe. Le struchtúir rialachais shoiléire maidir le rioscaí aeráide a bhainistiú sna Ballstáit, ba cheart comhordú ingearach agus cothrománach a áirithiú i measc na leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na cumais agus na hacmhainní is gá ag úinéirí riosca ar an leibhéal náisiúnta chun rioscaí aeráide a bhainistiú. Déanfaidh an Coimisiún rioscaí aeráide a leabú go struchtúrach ina phróisis inmheánacha trí fheidhmeanna rialaitheora riosca aeráide a neartú agus tríd an tseiceáil comhsheasmhachta aeráide a chur chun feidhme sna ceanglais maidir le Rialáil Níos Fearr.

    Sineirgí i bpróisis rialachais. D’fhéadfaí tuilleadh feabhais a chur ar chur chun feidhme na reachtaíochta a bhaineann le rioscaí aeráide agus d’fhéadfaí é a dhéanamh níos comhsheasmhaí. An Dlí Aeráide Eorpach, an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil, an Rialachán maidir le Bagairtí Trasteorann Tromchúiseacha ar Shláinte, Creat Rialachais Eacnamaíoch athbhreithnithe an Aontais atá ar na bacáin, an Dlí um Athbhunú an Dúlra, nuair a ghlacfar é, na Treoracha maidir le hÉin agus Gnáthóga, an Treoir Réime maidir le hUisce, an Treoir maidir le Tuilte, an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, an Cinneadh maidir le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta lena ngabhann Spriocanna an Aontais maidir le hAthléimneacht ó Thubaistí, áirítear iontu uile forálacha a bhaineann le rioscaí aeráide a bhainistiú. Chun próisis a shimpliú agus chun iad a dhéanamh níos éifeachtaí, féachfaidh an Coimisiún ar conas is féidir cur chun feidhme ceanglas ar leibhéal an Aontais a éascú, a chuíchóiriú agus a neartú a thuilleadh.

    3.2.Uirlisí chun úinéirí riosca a chumhachtú

    A bhuí leis an dul chun cinn eolaíoch atá déanta maidir le tuiscint a fháil ar rioscaí aeráide, agus a bhuí le cistiú taighde agus nuálaíochta an Aontais a thacaíonn leis an dul chun cinn sin, is féidir linn gníomhaíocht fhiúntach a dhéanamh anois. Leanfaidh an Coimisiún d’infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus nuálaíocht atá úsáideach don chinnteoireacht, agus leanfaidh sé d’eolas agus réitigh arna gcur chun cinn ag misin, tionscadail agus comhpháirtíochtaí ábhartha an Aontais sa chlár Fís Eorpach a ghiaráil. Ní leor an méid sin ann féin, mar a léirigh na gníomhaíochtaí eolais a chuir EUCRA chun cinn. Bheadh measúnú riosca ardtaifigh cainníochtúil ar ilghuaiseacha, mar aon le measúnú comhfhreagrach oiriúnaithe agus athléimneachta an-ábhartha chun tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht. Le rochtain ar uirlisí agus sonraí taighde agus oibríochtúla atá ar fáil, agus leis an gcumas iad a úsáid, is féidir tacú le hiomaíochas ghnólachtaí an Aontais agus cinntí beartais phoiblí a fheabhsú. Tá gá freisin le staidreamh oifigiúil Eorpach a bhaineann leis an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, a thiomsaítear i gcomhréir le OTI agus le comhiomláin eile na gcuntas náisiúnta.

    Fiú i gcás ina bhfuil struchtúir rialachais láidir, déantar cinnteoireacht éifeachtach maidir le rioscaí aeráide a choinneáil siar mar gheall ar bhearnaí móra scileanna, saothair agus eolais san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí araon, rud atá níos measa fós mar gheall an mbréagaisnéis aeráide. Chun rioscaí aeráide a bhainistiú go héifeachtach agus chun úsáid níos fearr a bhaint as an bhfaisnéis agus as na córais luathrabhaidh atá ar fáil cheana féin, tá gá le rochtain níos fearr orthu sin agus ar uirlisí eolais ábhartha, chomh maith le fothú acmhainneachta.

    Chun feabhas a chur ar chumas na n‑úinéirí riosca a gcúraimí a chomhlíonadh, tá gá leis an méid seo a leanas:

    Sonraí aeráide, uirlisí samhaltaithe agus táscairí. Tá sonraí agus samhlacha aeráide atá sothuigthe agus ar ardchaighdeán ríthábhachtach le haghaidh cinnteoireacht fheasach maidir le réimse ábhar idir an phleanáil fhadtéarmach agus chórais luathrabhaidh.

    -Tabharfaidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) rochtain ar shonraí, táirgí, feidhmchláir, táscairí agus seirbhísí tábhachtacha, idir ghráinneach agus logánaithe, go háirithe tríd an ardán Climate-ADAPT agus trí ardáin sonraí Chlár Copernicus: an tseirbhís um an athrú aeráide, is é sin Éiceachóras Spáis Sonraí Copernicus 20 agus WEkEO 21 .

    -Leis an gcéad dá leathchúpla dhigiteacha faoin tionscnamh Destination Earth (DestinE) - leathchúplaí digiteacha an Oiriúnaithe don Athrú Aeráide agus na nDálaí Foircneacha atá spreagtha ag an Aimsir - soláthrófar ionsamhlúcháin mhionsonraithe de chásanna aeráide ó lár 2024 ar aghaidh ón leibhéal domhanda go dtí an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal fo-náisiúnta ar amscála il-dheichbhliantúil, lena náirítear cainníochtú éiginnteachta. Le Digital Twin of the Ocean, soláthrófar ionsamhlúcháin agus cásanna mionsonraithe freisin agus beifear in ann tuiscint níos fearr a fháil ar phróisis amhail ardú ar leibhéal na mara, leá oighir, creimeadh cósta, an timthriall carbóin agus athruithe ar an mbithéagsúlacht. Leanfaidh Fís Eorpach de thacaíocht a thabhairt do thaighde arb é is aidhm dó tacair mhóra d’ionsamhlúcháin aeráide il-dheichbhliantúla ardtaifigh gan uaim a sholáthar chun rioscaí agus éiginnteachtaí áitiúla a thréithriú ar bhealach níos fearr.

    -Chun cuidiú le héigeandálaí, beidh Seirbhís Satailíte Rabhaidh Éigeandála Galileo (EWSS) ar fáil in 2025 chun faisnéis foláirimh a chur in iúl do dhaoine, do ghnólachtaí agus d’údaráis phoiblí fiú nuair a bheidh córais foláirimh talún as feidhm.

    -Laghdófar bearnaí móra sonraí a bhuí leis an Dlí um Fhaireachán ar Fhoraoisí 22 atá beartaithe agus a bhuí leis an Dlí um Fhaireachán Ithreach 23 atá beartaithe, rud a chuirfidh feabhas ar uirlisí luathrabhaidh le haghaidh falscaithe agus tubaistí eile agus a chuirfidh le measúnuithe riosca níos cruinne. Ar bhonn níos leithne, déanfaidh an Coimisiún úsáid na gcóras faireacháin, réamhaisnéise agus rabhaidh atá ar fáil a chur chun cinn 24 .

    Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na huirlisí agus ar na treoirlínte atá ann cheana lena náirítear Taiscéalaí Sonraí Aeráide Eorpach EEA 25 agus an deais oiriúnaithe a óstáiltear i dTairseach Mhisean an Aontais um an Oiriúnú don Athrú Aeráide 26 in Climate-ADAPT, an Mol Sonraí Riosca 27 , deais rioscaí aeráide PROVIDE 28 agus úsáid níos mó a bhaint as cumais anailíseacha agus fadbhreathnaitheachta an Lárionaid Comhordúcháin Práinnfhreagartha. Cuirfidh an Coimisiún feabhas ar rochtain úsáideoirí, lena náirítear ar an leibhéal áitiúil, agus déanfaidh sé faireachán ar úsáid na nuirlisí. Lorgóidh sé táscairí níos fearr i dtaca le dul chun cinn maidir leis an athléimneacht, lena náirítear i gcomhar le táscairí idirnasctha ábhartha eile chun cur chuige córais a áirithiú.

    Cásanna aeráide bonnlíne. Chun laghdú a dhéanamh ar an gcastacht a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar rioscaí, úsáidfidh an Coimisiún cás astaíochtaí idirmheánacha IPCC 29 mar an cás aeráide bonnlíne inghlactha is ísle chun rioscaí fisiceacha a chumhdach agus measúnú á dhéanamh ar thionchair beartas agus úsáidfidh sé cásanna níos díobhálaí i dtástáil struis agus chun comparáid a dhéanamh idir roghanna oiriúnaithe. Moltar do na Ballstáit déanamh amhlaidh, agus táthar ag súil go ndéanfaidh páirtithe leasmhara príobháideacha amhlaidh freisin; foilseofar treoir inmheánach an Choimisiúin maidir leis an ábhar sin. Sonraí stairiúla níos fearr, mar shampla sonraí maidir le caillteanais de dheasca tubaiste, tá siad úsáideach mar tháscaire agus ionchur i réamh-mheastacháin. Tá sé meargánta, áfach, cinneadh a dhéanamh maidir le todhchaí na haeráide bunaithe go príomha ar shonraí stairiúla eachtarshuite.

    Acmhainneachtaí feabhsaithe san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach. Tacóidh an Coimisiún le forbairt ábhar oiliúna agus cúrsaí oscailte ar líne maidir le hathléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide trí ardán amháin ar líne, go páirteach trí Climate-ADAPT. Beidh raon leathan na nuirlisí pleanála oiriúnaithe ar leibhéal an Aontais mar chuid den bhonn eolais. Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit ina niarrachtaí chun a áirithiú go mbeidh curaclaim náisiúnta agus cláir oiliúna náisiúnta, lena náirítear curaclaim agus cláir le haghaidh riarthóirí poiblí, réidh don todhchaí, agus leanfaidh sé de thacaíocht a thabhairt don chomhar riaracháin i measc na mBallstát agus laistigh díobh 30 . Ar bhonn tuilleadh plé, forbróidh an Coimisiún uirlisí measúnaithe riosca aeráide agus tubaiste chun cuidiú leis na Ballstáit agus leis an earnáil phríobháideach, FBManna san áireamh.

    Déanfaidh an Coimisiún uirlisí atá ann cheana a ghiaráil freisin:

    -Cuireann Misean an Aontais um an Oiriúnú don Athrú Aeráide go mór le fothú acmhainneachta réigiúnaí.

    -Leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, tacaítear leis na Ballstáit i gceapadh agus i gcur chun feidhme na nathchóirithe atá dírithe ar rioscaí aeráide a laghdú agus a bhainistiú.

    -Leis an gcreat inniúlachta maidir leis an inbhuanaitheacht (GreenComp), a eisíodh in 2022, soláthraítear bonn chun inniúlachtaí a chothú a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide. 

    -Úsáidfear na tionscnaimh agus na beartais oideachais agus oiliúna a forbraíodh faoin Limistéar Eorpach Oideachais (mar shampla le hOideachas le haghaidh Comhghuaillíocht Aeráide).

    -Leis an tsamhail uathúil comhair idir an saol acadúil, an taighde agus an gnó a forbraíodh faoin Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) agus a Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna), go háirithe PEN ‘EIT Climate’, is féidir tacaíocht a thabhairt.

    An bhréagaisnéis a chomhrac. Rannchuideoidh an Coimisiún le hiarrachtaí chun faireachán agus anailís a dhéanamh ar an gcaoi a dtéann insintí bréagaisnéise isteach sa spás poiblí agus a mbíonn tionchar acu ar thuairimí agus ar iompraíocht. Cuirfidh sé feabhas ar an úsáid a bhaintear as uirlisí beartais ábhartha, réitigh dhigiteacha, agus cineálacha cur chuige cumarsáide chun an bhréagaisnéis aeráide a chomhrac. Áirítear leis sin a áirithiú go gcumhdaítear bréagaisnéis i gceart le comhlíonadh an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha agus go gcumhdaítear an eolaíocht aeráide i gceart nuair a chomhlíonann cuideachtaí meán sóisialta an Cód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis. Oibreoidh sé freisin le comhpháirtithe ar bhonn idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis mar dhúshlán sochaíoch atá ag dul i méid agus atá fréamhaithe i ndreasachtaí eacnamaíocha atá claonta agus is bagairt í an bhréagaisnéis ar fheidhmiú ár gcóras daonlathach.

    3.3.Leas a bhaint as beartais struchtúracha

    Cé go bhfuil éagsúlacht sna réimsí beartais maidir le dáileadh úinéireachta riosca idir an tAontas agus a Bhallstáit, tá an-ghealladh faoi thrí réimse beartais struchtúracha chun rioscaí aeráide a bhainistiú ar fud go leor earnálacha:

    Pleanáil spásúlachta níos fearr sna Ballstáit. Is freagrachtaí náisiúnta iad úsáid agus pleanáil talún, agus is minic gur freagrachtaí áitiúla iad freisin. Ní hamháin gur sócmhainn í an talamh ach tá brí agus luach atá sonrach go háitiúil ag baint léi, seachas an tairgead. An tráth céanna, déanann cinntí maidir le húsáid talún agus pleanáil difear d’athléimneacht agus d’inárachaitheacht na bpobal agus na ngeilleagar i gcoitinne in aghaidh rioscaí. Ba cheart na toimhdí maidir le rioscaí aeráide a lua go sainráite sna cinntí sin agus ba cheart do na húdaráis náisiúnta atá freagrach as athléimneacht an bhonneagair chriticiúil agus na neintiteas criticiúil iad a fhormheas. Déanfaidh an Coimisiún roghanna a mheas chun glacadh dea-chleachtas a dhreasú, lena náirítear tríd an nasc a neartú idir cáilíocht na pleanála críochaí agus muirí, agus na beartais chomhtháthaithe, iompair, iascaigh, airgeadais agus talmhaíochta. Cuirfidh an Coimisiún leis an obair atá ann cheana agus áireoidh sé prionsabail na hathléimneachta i dtionscnamh Bauhaus Eorpach Nua 31 chun pleanáil pobal athléimneach a éascú.

    Rioscaí aeráide a leabú sa phleanáil agus bonneagar criticiúil a chothabháil. Agus dlúthnasc aige le pleanáil spásúlachta, braitheann cumas na rialtas feidhmeanna sochaíocha a choinneáil ar bun ar athléimneacht na neintiteas a oibríonn bonneagar criticiúil chun a seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthar don tsochaí agus don gheilleagar. Leis an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil, éascaítear comhordú idir na Ballstáit agus leagtar amach próisis mheasúnaithe riosca dóibh féin agus do na heintitis chriticiúla. Iarrann an Coimisiún ar gach Ballstát a áirithiú go dtabharfar aghaidh go sainráite ina measúnú riosca náisiúnta faoin Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil 32 ar athléimneacht fhadtéarmach na neintiteas atá faoin raon feidhme i leith rioscaí aeráide agus iarrann sé ar na Ballstáit é sin a dhéanamh roimh spriocdháta 2026 a leagtar síos sa Treoir. Déantar cuid den bhonneagar criticiúil a chomhaontú agus a chómhaoiniú ar leibhéal an Aontais, amhail na gréasáin thras-Eorpacha TEN-T agus TEN-E, ach déantar é freisin i gcás ospidéal agus scoileanna atá cistithe ag an Aontas mar shampla. Déanfaidh an Coimisiún na treoirdhoiciméid earnála ábhartha a thabhairt cothrom le dáta agus a fhorbairt. Ba cheart na sonraí agus na seirbhísí satailíte atá ar fáil a úsáid ina niomláine chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil in aghaidh rioscaí aeráide a neartú.

    Dlúthpháirtíocht ar leibhéal an Aontais a nascadh le bearta athléimneachta náisiúnta leordhóthanacha. Má bhíonn na hacmhainneachtaí náisiúnta faoi bhrú, féadfar leas a bhaint as acmhainneachtaí cosanta sibhialta agus sásraí dlúthpháirtíochta eile ar leibhéal an Aontais (lena n‑áirítear Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais, infheistíochtaí struchtúracha an bheartais chomhtháthaithe, uirlisí áirithe faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus pacáistí tacaíochta earnála eile) chun daoine a chosaint ar thionchair aeráide agus chun cuidiú leo téarnamh níos tapúla. Mar sin féin, tá brú ar acmhainneachtaí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais cheana féin agus leanfaidh brúnna riosca de bheith ag méadú. Ó bhí 2019 ann, rinneadh Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta a ghníomhachtú agus rinne sé cúnamh a chomhordú 76 uair i mBallstáit an Aontais agus i dtríú tíortha le haghaidh cásanna éigeandála a bhaineann leis an aeráid (tuilte móra, falscaithe, stoirmeacha agus géarthriomach). Caitheadh os cionn EUR 8,6 billiún trí Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun tacú le 24 Bhallstát agus le 4 thír aontachais tar éis 110 dtubaiste de dheasca guaiseacha nádúrtha.

    Ní mór acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil do na sásraí dlúthpháirtíochta chun a áirithiú gur féidir leis an Aontas cuidiú leo siúd atá i ngátar. Ní mór féachaint chuige go mbeidh na córais agus na sócmhainní cosanta sibhialta slán i bhfad na haimsire, trí infheistíocht a dhéanamh i mbainistiú riosca tubaistí an Aontais agus na mBallstát, in acmhainneachtaí freagartha agus i saineolas is féidir a úsáid go tapa thar theorainneacha. Leis sin, ba cheart rioscaí aeráide a chomhtháthú go hiomlán sna próisis bainistithe riosca tubaistí, mar a leagtar amach i spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí 33 agus sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir le bainistiú riosca coisc i dtaca le rioscaí tubaiste san Eoraip 34 . Ós rud é gur féidir le hacmhainneachtaí freagartha agus téarnaimh an Aontais a bheith ídithe agus rioscaí ag dul i méid, breithneoidh an Coimisiún conas is féidir leis na sásraí dlúthpháirtíochta na Ballstáit a dhreasú ar bhealach níos fearr chun réamhghníomhaíochtaí leordhóthanacha a dhéanamh maidir le príomhrioscaí ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht fhioscach, agus bainistiú riosca tubaistí, ullmhacht agus freagairt an Aontais á neartú san am céanna.

    3.4.Na réamhchoinníollacha cearta chun an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a mhaoiniú

    Ní mór do lucht ceaptha beartas, infheisteoirí agus gnólachtaí tuiscint a fháil ar na riachtanais agus na bearnaí atá ann ó thaobh na hinfheistíochta agus na cosanta de, idirghabhálacha spriocdhírithe a cheapadh bunaithe ar an tionchar agus ar an bpráinn a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, dul i dteagmháil le húinéirí riosca agus straitéisí maoinithe fadtéarmacha a chruthú. Chun rioscaí aeráide a bhainistiú go héifeachtach, ba cheart caiteachas poiblí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n‑áirítear infheistíochtaí sóisialta, agus dreasachtaí le haghaidh infheistíocht phríobháideach a cheapadh ar bhealach lena gcuirfear cosc ar shuaitheadh a bhaineann leis an aeráid agus lena ndéanfar dochar don rogha is fearr ó thaobh an gheilleagair de. Ní mór comhlíonadh na rialacha maidir leis an státchabhair a áirithiú. Tugtar le tuiscint leis sin:

    A áirithiú go mbeidh caiteachas an Aontais athléimneach in aghaidh an athraithe aeráide. Déanfaidh an Coimisiún breithnithe maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide a chomhtháthú i gcur chun feidhme chláir agus ghníomhaíochtaí an Aontais mar chuid den phrionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais don chreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027, i gcás inarb indéanta agus inarb iomchuí. Áiritheofar leis sin go rannchuideoidh cláir ábhartha uile an Aontais leis an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide.

    Athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a leabú sa soláthar poiblí. 14 % de OTI an Aontais atá sa soláthar poiblí agus ní mór rioscaí aeráide a chur san áireamh ann. I gcás cinntí bonneagair go háirithe, tá ról lárnach ag an mbeartas seo maidir le tacú le hathléimneacht sócmhainní in aghaidh an athraithe aeráide agus le feasacht agus eolas cuideachtaí tairisceana ar an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide. Déanfaidh an Coimisiún rioscaí aeráide a mheas mar ghné i gcás athbhreithniú ar an gcreat rialála le haghaidh soláthair. Go comhthreomhar, iarrann sé ar na Ballstáit rioscaí aeráide a chur san áireamh, i measc nithe eile, agus critéir inbhuanaitheachta comhshaoil á gcur san áireamh i dtairiscintí iomaíocha, mar shampla trí dhlús a chur le cur chun feidhme fhorálacha an Ghnímh um an Tionscal Glan-Nialasachta 35 maidir le critéir neamhphraghais i ndearadh na tairisceana.

    Maoiniú a shlógadh chun athléimneacht a chothú. Tá sé ríthábhachtach infheistíocht phríobháideach a mhealladh agus a éascú chun aghaidh a thabhairt go rathúil ar rioscaí aeráide agus chun an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chothú. Agus an Coimisiún ag cur le hobair an Idirphlé maidir leis an Athléimneacht in aghaidh an Athraithe Aeráide agus le hobair ábhartha eile, tionólfaidh sé Meitheal Mhachnaimh shealadach maidir le Maoiniú na hAthléimneachta in aghaidh an Athraithe Aeráide a shlógadh chun machnamh a dhéanamh ar conas maoiniú na hathléimneachta in aghaidh an athraithe aeráide a éascú. Leis an Meitheal Mhachnaimh, tabharfar le chéile príomhghníomhaithe tionsclaíocha agus ionadaithe ó institiúidí airgeadais poiblí agus príobháideacha. Féadfaidh sé leas a bhaint freisin as eolas an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde i réimse mhaoiniú an oiriúnaithe agus na forbartha athléimneachta. Déanfaidh sé dea-chleachtais a mhapáil agus sainaithneoidh sé bacainní agus coinníollacha cumasúcháin maidir leis an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a mhaoiniú. Cuirfidh an Coimisiún toradh an phlé sin san áireamh d’fhonn maoiniú le haghaidh na hathléimneachta in aghaidh an athraithe aeráide a neartú.

    4.Príomhghníomhaíochtaí an Aontais sna príomhbhraislí tionchair 

    Is iomaí nasc idir rioscaí aeráide agus beartais an Aontais. Tá próisis chinnteoireachta, a d’fhéadfadh rioscaí aeráide a chur san áireamh, i bhformhór bheartais an Aontais cheana féin. Cuirfidh saibhreas na fianaise a chuirtear chun cinn i dtuarascáil EUCRA leis na próisis sin. Leagtar amach sa roinn seo gníomhaíochtaí sonracha le haghaidh braislí roghnaithe a ndéantar difear dóibh agus cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh iad, sa bhreis ar an obair atá ar siúl cheana féin.

    4.1.Éiceachórais nádúrtha

    Seachas an bhithéagsúlacht féin a chothú, soláthraíonn éiceachórais nádúrtha seirbhísí a thacaíonn leis an mbeatha amhail fionnuisce, bia agus bithábhar, ceapadh carbóin, rialú creimthe ithreach agus cósta, cosc ar thuilte agus ar thriomaigh, fuarú limistéar uirbeach a bhfuil daonra mór iontu. Meastar go bhfuil níos mó ná leath de OTI iomlán an domhain ag brath go measartha nó go mór ar an dúlra agus ar an mbithéagsúlacht. Tá éiceachórais shláintiúla féinchothromaithe, ach is féidir le héiceachórais cliseadh go tapa freisin má sháraítear tairseacha criticiúla. Imreofar an tionchar díobhálach is práinní ar an tslándáil bia, ar phobail áitiúla agus ar na hearnálacha eacnamaíocha sin is mó atá ag brath ar dhúlra sláintiúil. Chun athléimneacht na néiceachóras agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad a choinneáil ar bun agus a athbhunú, ní mór thart ar 30-50 % de thalamh, d’fhionnuisce agus d’aigéin an Domhain a chaomhnú ar bhealach éifeachtach agus cothrom  36 .

    Is féidir le réitigh dhúlrabhunaithe a sheasfaidh an aimsir a bheith costéifeachtach agus is féidir leo an athléimneacht a mhéadú agus ba cheart iad a bheith ar an gcéad rogha maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide aon uair is féidir. Chun rioscaí aeráide a bhainistiú go héifeachtach, ní mór éiceachórais a chosaint agus a bhainistiú go cuimsitheach, agus ba cheart caipiteal nádúrtha a chur san áireamh go hiomlán sna measúnuithe ar rachmas agus ar ghníomhaíocht eacnamaíoch 37 agus úsáid á baint as dul chun cinn modheolaíoch a rinneadh le déanaí. Le cur chun feidhme na dTreoracha maidir le hÉin agus Gnáthóga agus le forbairt na bpleananna athchóirithe náisiúnta faoin Dlí um Athbhunú an Dúlra atá ar na bacáin, ba cheart sineirgí leis an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a áirithiú. Chun tacú leis an oiriúnú don athrú aeráide i limistéir faoi chosaint, tabharfaidh an Coimisiún na treoirlínte maidir le Natura 2000 agus an tathrú aeráide cothrom le dáta.

    Tá gá le tuilleadh oibre chun suaitheadh mór foraoise a chosc agus chun ullmhacht do shuaitheadh den sórt sin a fheabhsú. Bainfidh an Coimisiún úsáid as gníomhaíochtaí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta chun cosc ar rioscaí falscaithe a chur chun cinn, bainfidh sé úsáid as na rialacháin atá beartaithe maidir le creat faireacháin le haghaidh foraoisí Eorpacha athléimneacha agus maidir le hábhar atáirgthe foraoise; agus cuirfidh sé brúnna aeráide san áireamh agus meastachán á dhéanamh aige ar rannchuidiú féideartha linnte carbóin le spriocanna glan-nialasacha an Aontais.

    Ní mór do na Ballstáit sláinte na néiceachóras muirí a fheabhsú. Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, as an Dlí um Athbhunú an Dúlra agus as an bPlean Gníomhaíochta Muirí 38 chun athléimneacht na néiceachóras muirí uile a mhéadú agus chun éagsúlacht na néiceachóras muirí uile a chaomhnú chun a nacmhainneacht tháirgiúil a choinneáil ar bun chun bia, ábhair agus seirbhísí éiceachórais a sholáthar. Tá gníomhaíochtaí faoi Mhisean Aigéin agus Uiscí an Aontais 39 ag cur le réimse leathan réiteach den sórt sin. Chun iascach inbhuanaithe a áirithiú in aeráid atá ag athrú, ba cheart leas iomlán a bhaint as na sineirgí idir an comhbheartas iascaigh agus an reachtaíocht maidir leis an gcomhshaol, mar a chuirtear chun cinn sa Chomhshocrú Iascaigh agus Aigéan, chun slándáil bia agus slite beatha a áirithiú d’iascairí agus do phobail chósta.

    Ní mór aghaidh a thabhairt san am céanna ar na croíghnéithe de thírdhreach atá athléimneach ó thaobh na haeráide de chun cumas tírdhreach a chaomhnú chun an riosca triomaigh, tuilte, borrthaí stoirme, falscaithe nó creimthe a laghdú agus chun éicisheirbhísí eile a sholáthar. Cumhdaíonn ceantair thuaithe an chuid is mó de thalamh na hEorpa agus is beag eile is féidir a bhaint amach le cur chuige neamh-chomhtháite maidir le bainistiú ithreach, uisce agus foraoisí sa limistéar céanna. Tá gá le cur chuige cuimsitheach comhtháite chun a áirithiú gur féidir le héiceachórais thar limistéir mhóra déileáil leis na bagairtí iomadúla. Chun tacú leis an úsáid is fearr a bhaint as doiciméid phleanála atá ann cheana agus i sineirgíocht le pleananna na mBallstát um pleanáil spásúlachta agus athbhunú an dúlra, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoir a tharraingt suas maidir le tírdhreacha athléimneacha a fhorbairt ar féidir leo tionchair an athraithe aeráide a mhaolú.

    4.2.Uisce

    Is acmhainn ríthábhachtach é an t‑uisce atá faoi bhrú cheana féin in go leor áiteanna san Eoraip mar gheall ar mhíbhainistíocht struchtúrach, úsáid talún neamh-inbhuanaithe, athruithe hidreamoirfeolaíocha agus truailliú. Tá na brúnna sin á ndéanamh níos measa ag an athrú aeráide agus tá sé ag méadú na rioscaí a bhaineann le huisce i bhfoirm triomaigh níos minice nó níos faide nó i bhfoirm frasaíocht fhoircneach. Rachaidh siad sin in olcas amach anseo agus déanfaidh strus maidir le huisce difear do chodanna níos mó den Eoraip, agus tá riosca níos mó ann maidir le meigeathriomaigh (a chumhdaíonn réigiúin mhóra agus a mhaireann roinnt blianta), falscaithe, níos mó tuilte, agus leibhéil farraige atá ag ardú lena méadaítear an riosca go dtarlóidh tuilte cósta agus borrthaí stoirme, creimeadh cósta agus ionsá sáile.

    Cuirtear i dtábhacht in EUCRA go bhfuil baint ag rioscaí a bhaineann le huisce leis na príomhearnálacha a bhreithnítear sa Teachtaireacht seo agus gur bagairt sláinte iad tuilte tromchúiseacha, triomaigh agus dóiteáin foraoise anois agus gur cúis iad arís agus arís eile le caillteanais shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíocha. D’fhéadfadh na rioscaí sin teacht chun cinn i bhfoirmeacha éagsúla, agus áirítear le cuid de na foirmeacha sin triomaigh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do limistéir mhóra ar feadh tréimhsí fada, rud a mbíonn tionchar diúltach aige ar tháirgeadh barr, an tslándáil bia, soláthairtí uisce óil agus táirgeadh fuinnimh nó inúsáidteacht uiscebhealaí, agus is féidir leis sin cur leis an riosca falscaithe; na rioscaí do bhonneagar criticiúil, do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus do shláinte an duine de dheasca tuilte, agus go ginearálta déantar méadú ar an iomaíocht maidir le hacmhainní uisce thar earnálacha agus úsáidí, lena n‑áirítear riosca féideartha coinbhleachtaí laistigh de na Ballstáit agus ina measc mar gheall ar acmhainní uisce trasteorann. Léirítear in EUCRA go mbeidh na costais a bhaineann le cur chun feidhme neamhleor nó moillithe an bhainistithe chomhtháite uisce neamh-inacmhainne. Meastar gurb é EUR 9 mbilliún in aghaidh na bliana costais na dtriomach agus go bhfuil costais na dtuilte níos mó ná EUR 170 billiún san iomlán ó bhí 1980 ann.

    Tá sé ríthábhachtach timthriall an uisce a chosaint agus a athbhunú, geilleagar an Aontais atá cliste ó thaobh bainistiú uisce de a chur chun cinn agus soláthairtí fionnuisce atá ar ardchaighdeán, inacmhainne agus inrochtana a chosaint do chách chun Eoraip atá athléimneach ó thaobh an uisce de a áirithiú. Chun athléimneacht uisce a bhaint amach, ní mór ár gcumas comhchoiteann a chothú chun uisce a bhainistiú agus a úsáid ar bhealach atá níos solúbtha i bhfianaise na bhforbairtí geopholaitiúla, eacnamaíocha, sochaíocha agus comhshaoil atá ag athrú go tapa agus nach féidir a thuar ach go páirteach. Ní mór uisce a bhainistiú, agus ní mór an t‑éileamh daonna a chur in oiriúint don soláthar nua atá níos gainne.

    I bhfianaise an róil bhunúsaigh atá ag an uisce maidir leis an mbeatha a chothú agus mar ionchur eacnamaíoch, déanfaidh an Coimisiún breithniú cuimsitheach ar shaincheisteanna uisce, agus é ag tógáil ar thorthaí na measúnuithe leanúnacha ar Phleananna Bainistithe Abhantraí agus ar Phleananna Bainistithe Riosca Tuilte, chomh maith leis na Cláir Mhuirí Beart a chuir na Ballstáit i bhfeidhm agus ar an mbonn sin, measfaidh sé an gá atá le gníomhaíocht.

    4.3.Sláinte

    Tá tionchar ag an athrú aeráide ar shláinte an duine. Fuair idir 60 000 agus 70 000 duine bás go hanabaí de dheasca thonn teasa 2022 san Eoraip. Léirítear sna réamh-mheastacháin go bhfuil glanmhéadú láidir tagtha ar rátaí básmhaireachta a bhaineann le teocht cheana féin do lár an chéid 40 . Trí théamh leanúnach agus teagmhais adhaimsire, is féidir leis an athrú aeráide cur le galair neamhtheagmhálacha nó iad a dhéanamh níos measa, arb iad na galair sin is cúis le thart ar dhá thrian de na básanna uile i réigiún na hEorpa. Leis an tionscnamh ‘Healthier Together’ - tionscnamh an Aontais maidir le galair neamhtheagmhálacha 41 , tacaítear leis na Ballstáit beart coisctheach iomchuí a dhéanamh.

    Tiocfaidh laghdú ar tháirgiúlacht saothair agus beidh baol ann go gcaillfear uaireanta oibre mura ndéanfar bearta oiriúnúcháin éifeachtacha. Braitheann leochaileacht aonair agus réigiúnach agus an beart is iomchuí ar thosca amhail leibhéil ullmhachta, leibhéal an uirbithe, struchtúr aoise, nó neamhchosaint chomhthráthach ar thruailliú aeir. Mar a aithnítear sa Teachtaireacht maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte 42 , bíonn tionchar mór ag an ngéarchéim aeráide ar an meabhairshláinte.

    Meastar go dtiocfaidh méadú ar mhinicíocht na ngalar tógálach atá aeráid-íogair, agus beidh galair amhail víreas na Níle Thiar, fiabhras deinge agus fiabhras chikungunya eindéimeach in áiteanna san Eoraip agus scaipfear pataiginí bia-iompartha agus uisce-iompartha ar bhealach níos éasca. Mar sin féin, i bhformhór na gcásanna, tá frithbhearta leighis éifeachtacha chun freagairt do na galair sin gann nó níor forbraíodh go fóill iad. D’fhéadfadh iomadú baictéar frithsheasmhach agus níos mó aistriú géine a bheith mar thoradh ar phatrúin adhaimsire freisin, rud a fhágann go dtiocfaidh méadú ar ionfhabhtuithe ina bhfuil baictéir fhrithsheasmhacha agus fungais.

    Cuirfidh na rioscaí sin agus rioscaí eile brú breise ar na córais cúraim sláinte, ar oibrithe seirbhísí sláinte agus ar bhuiséid sláinte atá faoi bhrú cheana féin. Baineann na príomhréitigh le beartais lenar féidir leochaileachtaí a laghdú agus neamhchosaint an duine a theorannú. Ba cheart bainistiú leordhóthanach a dhéanamh ar oibrithe san earnáil sláinte agus ar fhoirgnimh atá neamhchosanta go díreach ar rioscaí aeráide. Chun gníomhaíocht an Choimisiúin a neartú a thuilleadh, agus chun na cuspóirí agus na gealltanais a leagtar amach i nDearbhú Bhúdaipeist agus i nDearbhú COP28 43 maidir leis an aeráid agus an tsláinte a chur i gcleachtas, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

    Dlús a chur le bearta chun a áirithiú go dtugtar cosaint leordhóthanach d’oibrithe atá neamhchosanta ar rioscaí aeráide. Agus athbhreithniú á dhéanamh ar reachtaíocht maidir le sábháilteacht agus sláinte cheirde (OSH) lena gcosnaítear oibrithe ar gach riosca ceirde, lena náirítear na rioscaí a bhaineann le teochtaí comhthimpeallacha méadaithe agus strus teirmeach, déanfaidh an Coimisiún breithniú ar an ngá atá le tuilleadh gníomhaíochta chun oibrithe a chosaint ar rioscaí aeráide, agus é ag cur freisin leis an treoir agus na huirlisí atá ann cheana 44 . Chuir an Coimisiún idirphlé nua le páirtithe leasmhara ar bun 45 . Tá an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) ag neartú na fadbhreathnaitheachta maidir leis an nasc idir an aeráid agus OSH 46 agus seolfaidh sí tionscadal in 2025 chun athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú sna háiteanna oibre.

    Feabhas a chur ar an bhFaireachlann Eorpach Aeráide agus Sláinte, a chuidíonn le córais sláinte áitiúla agus náisiúnta a ullmhú don athrú aeráide, acmhainneacht bhreise a fhorbairt, sásraí faireacháin agus luathrabhaidh a neartú, oiliúint agus oideachas a chur ar an lucht saothair sláinte, agus réitigh oiriúnaithe fianaise-bhunaithe agus idirghabhálacha cúraim sláinte a chur chun cinn.

    Sásraí faireachais agus freagartha le haghaidh bagairtí sláinte a bhaineann leis an aeráid a neartú tríd an Rialachán maidir le bagairtí trasteorann tromchúiseacha ar shláinte a chur chun feidhme, tríd an gCóras Luathrabhaidh agus Freagartha a idirnascadh le córais foláirimh eile (amhail foláirimh aeráide agus aimsire) chun bainistiú comhleanúnach ar rioscaí sláinte a éascú. Tacóidh Tascfhórsa Sláinte nua an Aontais leis an bhfreagairt ar bhagairtí tromchúiseacha sláinte ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear teagmhais a bhaineann leis an aeráid.

    Slógadh trasteorann pearsanra leighis agus aistriú othar a neartú, mar shampla trí chreat a fhorbairt chun tacú leis na Ballstáit ag a bhfuil seirbhísí cúraim sláinte atá faoi bhrú.

    Rochtain ar fhrithbhearta leighis criticiúla agus forbairt na bhfrithbheart sin a áirithiú. Le teochtaí atá ag ardú agus le teagmhais adhaimsire níos minice, is féidir cur isteach ar mhonarú nó rochtain ar amhábhair a theorannú. Chomh maith leis sin, mar thoradh ar athruithe ar phatrúin ghalair arb é an aeráid is cúis leo, d’fhéadfadh borradh gan choinne teacht ar an éileamh ar chógais áirithe, nó d’fhéadfaí éileamh ar tháirgí atá go hiomlán nua a chruthú, rud a chuirfeadh brú ar shlabhraí soláthair atá ann cheana nó a d’éileodh infheistíocht i slabhraí soláthair nua. Chun na leochaileachtaí a laghdú, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na rioscaí ábhartha agus déanfaidh sé tuilleadh forbartha ar stoc-chairn straitéiseacha le haghaidh príomh-fhrithbheart. Faoin gclár Fís Eorpach agus faoin gclár EU4Health, tá an Coimisiún ag tacú le forbairt vacsaíní agus táirgí teiripeacha nua in aghaidh galair thrópaiceacha a bhfuil siléig déanta iontu agus galair thógálacha atá ag teacht chun cinn. Dá bhrí sin, mar shampla, bhíothas in ann dul chun cinn a dhéanamh le déanaí maidir le vacsaín in aghaidh víreas chikungunya.

    4.4.Bia

    Tá an soláthar bia san Aontas ag éirí níos neamhchosanta ar rioscaí aeráide, amhail táirgeadh talmhaíochta go háirithe i nDeisceart na hEorpa, iascach agus dobharshaothrú, próiseáil bia agus slabhraí soláthair idirnáisiúnta. Déanann an t‑athrú aeráide difear do cheithre cholún na slándála bia sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma: infhaighteacht, rochtain, úsáid agus cobhsaíocht. Idirghníomhaíonn sé le roinnt cúiseanna eile leis an tslándáil bia ar bhealaí cascáideacha éagsúla, e.g. strus maidir le huisce, cothaithigh bhreise, sláinte ithreach, aistí bia, agus sláinte. Tá táirgeadh bia i mbaol go háirithe i ngeall ar thuilte, tonnta teasa, triomaigh, brúnna méadaitheacha lotnaidí agus galar, chomh maith le cailliúint bithéagsúlachta, díghrádú ithreach agus athruithe ar imirce éisc.

    I gcás feirmeoirí, beidh obair amuigh faoin aer níos casta mar gheall ar an teas. Cuirfidh athruithe ar chriosanna agra-aeráide brú ar roghnú barr agus méadóidh siad ráta teipe na mbarr, agus cuirfidh praghsanna ionchuir agus inathraitheacht na margaí domhanda an bhunlíne faoi bhrú. I gcás iascairí, is féidir leis an mbrú breise ón athrú aeráide, ón eotrófú agus ó aigéadú na n‑aigéan táirgiúlacht an stoic éisc a laghdú, rud a fhágann go mbíonn gabhálacha i bhfad níos ísle ann agus go dtagann siad sa bhreis ar roinnt stoc a ndéantar ró-iascaireacht orthu. Agus slite beatha agus inbhuanaitheacht tháirgeadh bia an Aontais i mbaol, ní leor roghanna a chruthú le haghaidh gníomhaíochtaí oiriúnúcháin ar leibhéal na bhfeirmeacha talmhaíochta nó na n‑oibríochtaí iascaireachta agus ní mór iad a fhorlíonadh le bearta tacaíochta leordhóthanacha le haghaidh an aistrithe chuig feirmeoireacht agus iascaireacht athléimneach. Le bearta tacaíochta den sórt sin, ba cheart a áirithiú freisin go leanfaidh bia sláintiúil inbhuanaithe de bheith inacmhainne agus inrochtana do thomhaltóirí, agus ba cheart ioncam inbhuanaithe a áirithiú d’fheirmeoirí.

    Cé nach riosca mór go fóill iad allmhairí bia an Aontais, d’fhéadfadh teipeanna barr comhthráthacha i roinnt gráinseach ar fud an domhain nó in iascach mór méadú a dhéanamh ar phraghsanna bia an Aontais (toisc go ndíolann táirgeoirí an Aontais ar phraghsanna domhanda), agus dá réir sin, d’fhéadfaí tionchar a imirt ar chumhacht cheannaigh na dtomhaltóirí agus an tslándáil bia agus inacmhainneacht aistí bia sláintiúla le haghaidh na teaghlach is boichte san Aontas a chur i mbaol. Chomh maith leis sin, cé nach bhfuil sé seo sistéamach go fóill, tá an tsábháilteacht bia i mbaol níos airde cheana féin de dheasca pataiginí atá spreagtha ag an teas agus pataiginí eile.

    Le dul chun cinn teicneolaíochta, le feabhsuithe ar bhainistíocht feirme agus le hoiriúnú leanúnach na gcleachtas feirmeoireachta, cuidíodh leis an oiriúnú gearrthéarmach don athrú aeráide. Le straitéis an Aontais um an oiriúnú agus leis an gcomhbheartas talmhaíochta, cumasaíodh gníomhaíochtaí oiriúnúcháin, ach tá fianaise theoranta ann maidir le hullmhacht struchtúrach do thubaistí a bhaineann leis an aeráid. Ina theannta sin, trí úsáid níos fearr a bhaint as éagsúlacht ghéiniteach agus as acmhainní géiniteacha neamhdhíobhálacha plandaí le haghaidh an oiriúnaithe don athrú aeráide agus na hathléimneachta in aghaidh an athraithe aeráide, is féidir cuidiú le feirmeoirí agus le bainisteoirí talún dul i ngleic le rioscaí aeráide. An togra le haghaidh rialachán maidir le plandaí a fhaightear trí theicnící géanómaíocha nua áirithe agus a mbia agus a mbeatha 47 , is féidir leis tacú le réitigh den sórt sin.

    Beidh sé ina thosaíocht ag an gCoimisiún féachaint chuige go mbeidh táirgeadh bia an Aontais slán i bhfad na haimsire. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair leis na Ballstáit chun leas iomlán a bhaint as pleananna straitéiseacha an chomhbheartais talmhaíochta chun feabhas a chur ar an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus chun úsáid níos leithne a bhaint as uirlisí bainistithe riosca. Ós rud é go bhfuil díghrádú ithreach ina bhagairt mhór ar ár dtáirgeadh bia, neartóidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, faireachán ar shláinte na hithreach. Ba cheart luach níos fearr a chur ar rannchuidiú feirmeoirí le cosaint éicisheirbhísí. Déanfaidh an Coimisiún staidéar freisin ar an oiriúnú don talmhaíocht, a thabharfar chun críche faoi dheireadh 2025.

    Le téamh agus aigéadú na n‑aigéan, lena n‑áirítear an méadú atá ag teacht ar thonnta teasa muirí agus ar limistéir ina bhfuil leibhéil ísle ocsaigine, tá athrú á dhéanamh cheana féin ar chomhdhéanamh na speiceas agus tá difear á dhéanamh do stoic éisc agus iad ag bogadh go huisce níos doimhne agus i dtreo moil. Cruthóidh sé sin neamhréireanna idir cuótaí bunaithe agus fíordheiseanna iascaireachta. Ba cheart tionchair aeráide a chomhtháthú sa chomhbheartas iascaigh. Ní mór raon na n‑éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú aeráide amach anseo a chur san áireamh sna réamhaisnéisí stoc éisc agus ba cheart cleachtais bainistithe iascaigh a bheith athléimneach in aghaidh athruithe éiceolaíocha amach anseo. Leis na nuashonruithe ar an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, ba cheart rioscaí aeráide a chomhtháthú go hiomlán sa tacaíocht a thugann sé do chleachtais inbhuanaithe iascaigh agus dobharshaothraithe lena gcothaítear an athléimneacht.

    4.5.Bonneagar agus an timpeallacht thógtha 

    Tá sócmhainní bonneagair i mbaol mór ó thuilte, falscaithe, teochtaí arda agus teagmhais fhoircneacha eile, rud a d’fhéadfadh damáiste ollmhór a dhéanamh. Is féidir le cailliúint rochtana ar fhuinneamh, ar iompar agus ar chumarsáid cur isteach go tapa ar shochaithe. Faoi láthair, níl aon mheasúnú iontaofa ann ar a fheabhas a bheidh bonneagar an Aontais in ann feidhmiú sna dálaí athraitheacha aeráide. Tá bonneagar criticiúil agus stoc foirgneamh ag dul in aois go tapa. Agus machnamh á dhéanamh ag na Ballstáit ar an easpa eolais agus ar na costais thoirmeascacha a mheastar a bheith ann, bíonn sé deacair orthu móriarrachtaí oiriúnaithe bonneagair a phleanáil agus tabhairt fúthu, fiú más féidir le hiolraithe cistí bonneagair de chuid an Aontais atá ar fáil a bheith i gceist le damáistí de dheasca tubaiste aonair.

    Le cuspóir an Aontais maidir le rátaí athchóirithe a mhéadú agus an geilleagar a dhícharbónú, tugtar deis an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a fheabhsú. Is é dearadh na timpeallachta tógtha a chinneann athléimneacht na bhfoirgneamh féin, agus a n‑áitritheoirí. Na comhthairbhí a bhaineann le tithíocht chónaithe a dhíonadh ar an athrú aeráide i dtéarmaí inacmhainneachta, timpeallacht maireachtála níos sláintiúla, agus éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr, ba cheart iad a uasmhéadú. Chomh maith le formhaoirseacht chothrománach láidir ar rioscaí sistéamacha a bhaineann le bonneagar agus lena shuíomh trí phleanáil spásúlachta, tá gá le réitigh níos earnáilsonraí.

    Ní mór na caighdeáin bhonneagair a neartú. Iarrfaidh an Coimisiún ar na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú breithnithe maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide agus an athléimneacht a chomhtháthú i gcaighdeáin Eorpacha i dtaca le dearadh bonneagair ag a bhfuil saolré níos mó ná 30 bliain, amhail stáisiúin chumhachta nó iarnróid. Ina theannta sin, iarrfaidh an Coimisiún ar na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú caighdeáin nua a fhorbairt maidir le seirbhísí aeráide.

    Leis an nuashonrú atá beartaithe ar chaighdeáin (Eorachóid 48 ) foirgneamh lena leagtar síos na híoscheanglais maidir le dearadh struchtúrach san Aontas in 2026, beidh sé éigeantach breithniú a dhéanamh ar na guaiseacha aeráide a bheidh ann amach anseo ar struchtúir foirgneamh. Tá staidéir phíolótacha á ndéanamh ag an gCoimisiún agus ullmhóidh sé treoir le haghaidh na mBallstát maidir le húsáid a bhaint as tacair sonraí aeráide atá ar fáil go héasca chun an lódáil aeráide lena bhfuil coinne ar a gcríoch a shainiú.

    Is deis ríthábhachtach í féile Bauhaus Eorpach Nua i mí Aibreáin 2024 chun tabhairt faoi idirphlé le codanna éagsúla den tionscal tógála, chun príomhshruthú níos fearr an oiriúnaithe don athrú aeráide agus na hathléimneachta san earnáil sin a chur chun cinn.

    Tá an bonneagar iompair uile i mbaol i ngeall ar an athrú aeráide. Mar sin féin, tá bearna eolais san Aontas i ndáil le hathléimneacht bhonneagar iompair na hEorpa in aghaidh thionchair an athraithe aeráide maidir le neamhchosaint ar riosca, riachtanais oiriúnaithe agus réitigh, chomh maith le riachtanais infheistíochta chun aghaidh a thabhairt orthu. Tacóidh an Coimisiún le measúnuithe ar rioscaí aeráide agus le díonadh ar an athrú aeráide trína threoirlínte athbhreithnithe maidir leis an nGréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) a fhorbairt. Thug sí faoi staidéar 49 ar athléimneacht TEN-T in aghaidh an athraithe aeráide mar chéad chéim chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna eolais a sainaithníodh agus chun riachtanais oiriúnaithe agus tosaíochtaí infheistíochta a chinneadh.

    Ní mór pleanáil riosca aeráide a neartú in earnáil an fhuinnimh. Bíonn an t‑athrú aeráide ina chúis le rioscaí méadaithe don tslándáil fuinnimh, go háirithe rioscaí méadaithe maidir le cur isteach ar leictreachas de dheasca teasa, falscaithe, triomach agus tuilte a dhéanann difear do bhuaicéileamh agus a mbíonn tionchar acu ar tháirgeadh, stóráil, iompar agus dáileadh. Níor chuir ach roinnt Ballstát pleananna mionsonraithe isteach ina ndréacht-PNFAnna nuashonraithe chun breithniú a dhéanamh ar an oiriúnú don athrú aeráide i gcomhthéacs athléimneacht a gcóras fuinnimh. Breithneoidh an Coimisiún na féidearthachtaí atá ann rioscaí aeráide a phríomhshruthú ar bhealach níos fearr, mar shampla i gcomhthéacs an athbhreithnithe leanúnaigh ar an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide. Agus an Coimisiún ag cur leis na pleananna ullmhachta náisiúnta in earnáil an leictreachais, déanfaidh sé machnamh freisin ar idirphlé a thionscnamh maidir le rioscaí aeráide le páirtithe leasmhara roghnaithe san earnáil fuinnimh, agus iarrann sé ar ghníomhaithe leasmhara (e.g. earnáil an leictreachais) tograí a chur chun cinn.

    4.6.Geilleagar

    Cuirfidh gach tubaiste a bhaineann leis an athrú aeráide brú breise ar an ngeilleagar, trí chaillteanas táirgiúlachta agus bás, damáiste díreach, acmhainneacht fáis laghdaithe agus brú ar bhuiséid phoiblí. Nuair a dhéantar an infheistíocht a atreorú le haghaidh atógála tar éis damáistí, laghdaítear an méid atá ar fáil le haghaidh infheistíocht tháirgiúil. Ní thuigtear go maith na hidirghníomhaíochtaí idir na codanna éagsúla den chóras airgeadais, agus d’fhéadfadh rioscaí aeráide leochaileachtaí atá ann cheana a bhrú thar thairseacha criticiúla le haghaidh na gcóras sin. Is iad buiséid rialtais an phríomhfhoinse chumhdaigh le haghaidh na rioscaí sin, ach tá brú orthu cheana féin mar gheall ar leibhéil arda fiachais. D’fhéadfadh na dliteanais theagmhasacha intuigthe ó rioscaí aeráide cobhsaíocht fhioscach agus inbhuanaitheacht fhioscach na mBallstát a chur i mbaol. D’fhéadfadh na rioscaí do gheilleagar an Aontais a bheith suntasach 50 .

    Tá slándáil eacnamaíoch an Aontais neamhchosanta freisin ar rioscaí aeráide i slabhraí soláthair, go háirithe maidir le cógaisíocht agus leathsheoltóirí. I bhfianaise na mbearnaí sonraí agus eolais atá ann cheana, ní chuirtear as an áireamh go bhfuil rioscaí a bhaineann leis an aeráid praghsáilte faoina luach faoi láthair. Is féidir leis sin freagairtí mí-ordúla a chruthú ar an margadh, mar shampla nuair a tharlaíonn teagmhais fhoircneacha nó nuair is dócha go dtarlóidh siad. Tá cumhdach árachais sócmhainní agus maoine atá neamhchosanta ar an aeráid íseal san Aontas, agus tá éagsúlacht mhór idir na Ballstáit agus priacail a bhaineann leis an aeráid, agus is dócha go laghdóidh sé a thuilleadh agus préimheanna ag dul i méid de réir mar a mhéadaíonn teagmhais a bhaineann leis an aeráid ó thaobh minicíochta agus déine de. Tá obair shuntasach ar siúl maidir leis na rioscaí inbhuanaitheachta éagsúla, go háirithe trí straitéis an Aontais maidir le maoiniú inbhuanaithe, nó tríd an Idirphlé maidir leis an Athléimneacht in aghaidh an Athraithe Aeráide arb é is aidhm dó an bhearna cosanta aeráide san árachas a dhúnadh 51 .

    Tá bearta móra déanta ag an Aontas cheana féin chun leas a bhaint as an ngníomhú domhanda ar son na haeráide agus as an trádáil. Comhghuaillíocht na nAirí Trádála maidir leis an Aeráid 52 , arna seoladh agus arna stiúradh ag an Aontas le hEacuadór, leis an gCéinia agus leis an Nua-Shéalainn, léiríonn sí go bhfuil méadú ag teacht ar an aitheantas atá á thabhairt ag rialtais do leasanna comhroinnte ag an nasc idir an aeráid agus an trádáil chun feabhas a chur ar an rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith ag an trádáil agus ag an mbeartas trádála leis an ngníomhú ar son na haeráide. Is féidir le comhaontuithe déthaobhacha trádála an Aontais a bheith ina nardáin thábhachtacha chun dul i dteagmháil le comhpháirtithe trádála maidir le gníomhú ar son na haeráide agus an chomhshaoil 53 .

    Is guais mhór iad rioscaí a bhaineann leis an aeráid d’athléimneacht ghnólachtaí an Aontais, go háirithe FBManna. Déanann rioscaí aeráide difear do rochtain FBManna ar mhaoiniú, dá gcostas caipitil, agus dá gcumas fiacha a aisíoc 54 . Tá imní ar bheagnach leath de ghnólachtaí an Aontais faoi ghuaiseacha nádúrtha, ach tá infheistíocht déanta ag níos lú ná trian de ghnólachtaí, nó tá infheistíocht beartaithe ag níos lú ná trian de ghnólachtaí, chun tionchar rioscaí guaise nádúrtha a mhaolú. 55  Mar a leagtar amach i straitéis FBManna an Aontais, tá sé ríthábhachtach tacú le FBManna rioscaí comhshaoil a thuiscint agus a mhaolú 56 . Mar chuid de chur chun feidhme na straitéise Eorpaí um an tslándáil eacnamaíoch 57 , déanfaidh an Coimisiún rioscaí aeráide a mheas freisin. Na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Phacáiste Fóirithinte do FBManna 58 , arb é is aidhm dóibh, i measc nithe eile, é a dhéanamh níos éasca do FBManna rochtain a fháil ar mhaoiniú inbhuanaithe agus an tualach riaracháin a íoslaghdú san am céanna, cuidíonn siad freisin le cuideachtaí an Aontais a staid iomaíochta a choinneáil ar bun agus d’fhéadfaidís forbairt an mhargaidh a chruthú agus a stiúradh i ndeighleoga ina gcothaítear an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide. Cuimsítear leis sin tacaíocht a thabhairt don tsochaí agus sciar suntasach a ghabháil sa mhargadh domhanda le haghaidh teicneolaíochtaí agus córais faisnéise a bhaineann leis an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus bainistiú riosca. Chun feabhas a chur ar athléimneacht shistéamach shlabhraí soláthair an Aontais, breithneoidh an Coimisiún an bhféadfaí scagadh a dhéanamh ar rioscaí fisiceacha aeráide i gcomhthéacs faireachán a dhéanamh ar leochaileachtaí sa slabhra soláthair.

    Is léir gur gá an inbhuanaitheacht fhioscach a neartú. Leis an gcomhaontú sealadach maidir le creat rialachais eacnamaíoch nua, meastar go neartófar an inbhuanaitheacht fhioscach agus go gcuirfear fás chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, go háirithe athchóirithe agus infheistíochtaí le haghaidh thosaíochtaí coiteanna an Aontais amhail an taistriú aeráide. 59 Tá obair ar siúl chun réamh-mheastachán na dtionchar aeráide ar inbhuanaitheacht fiachais a fhorbairt. Mar chuid den chomhaontú sealadach, áirítear sna leasuithe ar an Treoir maidir le Creataí Buiséadacha Náisiúnta ceanglais tuairiscithe a bhaineann leis an aeráid sna pleananna buiséadacha náisiúnta bliantúla agus ilbhliantúla. Cumhdaítear leis na forálacha sin sonraí roimhe seo maidir le caillteanas de dheasca tubaiste a bhaineann leis an aeráid agus meastacháin ar rioscaí fioscacha de dheasca an athraithe aeráide. Chun buiséadú rioscaí aeráide a fheabhsú agus a phríomhshruthú i bpróisis bhuiséadacha náisiúnta, tá an Coimisiún réidh chun tacú leis na Ballstáit agus dea-chleachtais á malartú acu agus chun tacaíocht theicniúil agus oiliúint a chur ar fáil. Tá obair ar siúl chun na meastacháin ar riachtanais infheistíochta oiriúnaithe a bheachtú 60 , agus oibreoidh an Coimisiún freisin leis na Ballstáit chun na bearnaí sonraí a líonadh inter alia chun riachtanais infheistíochta oiriúnaithe náisiúnta a mheas. Tá an Coimisiún réidh chun tacú le státchistí na mBallstát agus iad ag iarraidh malartú a dhéanamh ar an ról atá acu maidir le beartais oiriúnaithe a chomhordú, a cheapadh agus a chur chun feidhme.

    Ní mór do bheartais an mhargaidh airgeadais cur chuige stuama a ghlacadh i leith rioscaí aeráide chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint. Tá sé d’aidhm ag Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le maoiniú inbhuanaithe rioscaí aeráide agus rioscaí comhshaoil eile a dhéanamh níos trédhearcaí agus córas airgeadais an Aontais a dhéanamh níos sábháilte. Leanfaidh an Coimisiún dá áirithiú go léireofar na rioscaí ábhartha uile go hiomchuí sna creataí stuamachta, e.g. sna tograí a comhaontaíodh le déanaí maidir le Sócmhainneacht II agus an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil, lena soláthraítear an bonn chun riosca aeráide a leabú i gcreataí na mbanc agus na n‑árachóirí. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear chun feidhme go pras iad.

    5.Na chéad chéimeanna eile 

    Mar chuid de chur chun feidhme straitéis an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú, cuirtear i dtábhacht sa Teachtaireacht seo na príomhghníomhaíochtaí nach mór don Aontas agus dá Bhallstáit a dhéanamh chun rioscaí aeráide atá ag dul i méid a bhainistiú ar bhealach níos fearr, go háirithe chun na beartais atá ann cheana a chur chun feidhme agus chun úinéireacht riosca i bpróisis rialachais a shoiléiriú. Déantar amhlaidh chun freagairt láidir agus thráthúil a thabhairt ar an mbaol atá ann faoi láthair go mbeidh níos mó tubaistí aeráide ann.

    Cuirtear i dtábhacht sa Teachtaireacht an gá atá le fianaise atá úsáideach don chinnteoireacht, amhail tuarascáil EUCRA, an fhaisnéis teochta is déanaí, tuarascálacha ar dhul chun cinn, agus faisnéis maidir leis na costais a bhaineann le damáistí aeráide. Cuirtear béim inti ar an ngá atá le húsáid iomlán a bhaint as an bhfaisnéis atá ar fáil chun bonn eolais a chur faoi roghanna beartais ar fud na n‑earnálacha. Sna blianta amach romhainn, ba cheart do lucht ceaptha beartas ar gach leibhéal rialachais aghaidh a thabhairt go réamhghníomhach ar an oiriúnú don athrú aeráide, agus úsáid á baint as uirlisí, teicneolaíochtaí agus modhanna eile atá ann cheana. Chuige sin, ní mór gníomhaíocht chomhbheartaithe a dhéanamh ar gach leibhéal agus bealach soiléir a fhorbairt chun feabhas a chur ar an ullmhacht agus ar an athléimneacht.

    Cé go ndírítear sa Teachtaireacht seo ar ghníomhaíocht san Aontas Eorpach, déantar foráil inti freisin maidir le taithí agus faisnéis a mhalartú agus a chomhroinnt le tíortha comhpháirtíochta an Aontais. Tá cumhdach na n‑earnálacha agus na réimsí gníomhaíochta sa doiciméad seo ag teacht, a bheag nó a mhór, leis na cinntí a bhaineann leis an oiriúnú don athrú aeráide a rinneadh ag COP28 UNFCCC in Dubai. Cuirfidh an Coimisiún ábhair ábhartha san áireamh go réamhghníomhach in idirphlé déthaobhach, trí Chomhghuaillíochtaí Glasa agus Comhpháirtíochtaí Glasa, i bhfóraim ábhartha de chuid na Náisiún Aontaithe agus i bhfóraim iltaobhacha eile (amhail G7, G20, ECFE, WEF, EDT). Thairis sin, breathnóidh an Coimisiún ar an bhféidearthacht siompóisiam idirnáisiúnta a eagrú maidir le Rioscaí Domhanda Aeráide a bhainistiú in 2025, ina dtabharfar le chéile ionadaithe rialtais, airgeadaithe agus eagraíochtaí saineolaithe ar fud an domhain.

    Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair leis na Ballstáit, leis an bpobal, le gnólachtaí agus le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais chun athléimneacht shochaí agus gheilleagar an Aontais a mhéadú. Is féidir linn ár ndaoine agus ár rathúnas a chosaint le chéile.

    (1)

    COM(2024) 63 final. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=COM%3A2024%3A63%3AFIN

    (2)

      https://climate.copernicus.eu/copernicus-2023-hottest-year-record  

    (3)

     EEA (2024), Measúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide, ISSN 1977-8449. https://www.eea.europa.eu/publications/european-climate-risk-assessment  

    (4)

      https://www.weforum.org/publications/global-risks-report-2024/  

    (5)

      https://www.ecb.europa.eu/press/pr/date/2023/html/ecb.pr231218_1~6b3bea9532.ga.html  

    (6)

    P9_TA(2022)0330. https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2022-0330_GA.html  

    (7)

    EUCO 14/23. https://www.consilium.europa.eu/media/67627/20241027-european-council-conclusions.pdf  

    (8)

    SWD(2023) 339 final. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX:52023SC0339

    (9)

    SWD(2023) 932 final. https://climate.ec.europa.eu/system/files/2023-12/SWD_2023_932_1_EN.pdf  

    (10)

      https://commission.europa.eu/energy-climate-change-environment/implementation-eu-countries/energy-and-climate-governance-and-reporting/national-energy-and-climate-plans_en

    (11)

    COM(2024) 130 final. https://civil-protection-humanitarian-aid.ec.europa.eu/what/civil-protection/european-disaster-risk-management_en  

    (12)

    JOIN(2023) 19 final. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A52023JC0019  

    (13)

    COM(2021)82 final. eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52021DC0082&from=EN

    (14)

    CMA.5 Cinneadh i dtaca le clár oibre Ghlaschú – Sharm el-Sheikh maidir leis an sprioc dhomhanda maidir le hoiriúnú

    (15)

    SWD(2024) 63 final. https://climate.ec.europa.eu/document/download/768bc81f-5f48-48e3-b4d4-e02ba09faca1_en  

    (16)

     https://www.nature.com/articles/s41467-020-15665-3

    (17)

    Maidir le beartais an Aontais, mar a leagtar amach in Airteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    (18)

    2021 an Banc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha / an Banc Domhanda: Economics for Disaster Prevention and Preparedness: Investment in Disaster Risk management in Europe Makes Economic Sense

    (19)

    Moladh lena mbunaítear Spriocanna an Aontais maidir le hAthléimneacht ó Thubaistí IO C 56, 15.2.2023

    (20)

      https://dataspace.copernicus.eu/  

    (21)

      https://www.wekeo.eu/  

    (22)

    COM(2023) 728 final. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=COM%3A2023%3A728%3AFIN  

    (23)

    COM(2023) 416 final. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A52023PC0416  

    (24)

    E.g. EFAS, EFFIS, EDO

    (25)

      https://climate-adapt.eea.europa.eu/en/knowledge/european-climate-data-explorer/  

    (26)

      https://discomap.eea.europa.eu/MKH/MapViewer/index.html

    (27)

      https://drmkc.jrc.ec.europa.eu/risk-data-hub#/  

    (28)

      https://climate-risk-dashboard.climateanalytics.org/  

    (29)

    Tugtar tuairisc air sa séú Tuarascáil Mheasúnachta ó IPCC mar chuid de chás SSP2-4.5, lena mbaineann thart ar 4,5 fórsáil radantach éifeachtach dhomhanda.

    (30)

     COM(2023) 667. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/ALL/?uri=COM:2023:667:FIN  

    (31)

      https://new-european-bauhaus.europa.eu/get-involved/use-compass_en  

    (32)

    Treoir (AE) 2022/2557. IO L 333, 27.12.2022, lgh. 164-198

    (33)

    COM(2023) 61. Moladh IO C 56, 15.2.2023, lch. 1. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52023DC0061  

    (34)

    COM(2024) 130.

    (35)

    COM(2023) 161

    (36)

    An séú Tuarascáil Mheasúnachta ó IPCC. https://www.ipcc.ch/assessment-report/ar6/  

    (37)

    Dasgupta, P (2021), The Economics of Biodiversity: The Dasgupta Review, Londain: Státchiste an Rí; https://www.worldbank.org/en/publication/changing-wealth-of-nations

    (38)

    COM(2023) 102 final. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A52023DC0102  

    (39)

      https://research-and-innovation.ec.europa.eu/funding/funding-opportunities/funding-programmes-and-open-calls/horizon-europe/eu-missions-horizon-europe/restore-our-ocean-and-waters_en  

    (40)

    Uirlis idirghníomhach EXHAUSTION: https://www.exhaustion.eu/

    (41)

      https://health.ec.europa.eu/non-communicable-diseases/healthier-together-eu-non-communicable-diseases-initiative_en  

    (42)

    COM(2023) 298 final. https://health.ec.europa.eu/publications/comprehensive-approach-mental-health_en  

    (43)

    Dearbhú ón Seachtú Comhdháil Aireachta maidir leis an gComhshaol agus an tSláinte ( https://www.who.int/europe/publications/i/item/EURO-Budapest2023-6 ), Dearbhú COP28 Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha maidir leis an Aeráid agus an tSláinte ( https://www.cop28.com/en/cop28-uae-declaration-on-climate-and-health )

    (44)

      https://osha.europa.eu/en/oshnews/heat-work-guidance-workplaces  

    (45)

    An Mheitheal um an Athrú Aeráide agus um Shábháilteacht agus Sláinte Cheirde de chuid an Choiste Chomhairligh thrípháirtigh um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair

    (46)

    Staidéar fadbhreathnaitheachta ar ‘impleachtaí OSH a bheidh ag forbairtí agus géarchéimeanna a bhaineann leis an athrú aeráide amach anseo’ (a seoladh in 2024) 

    (47)

    COM(2023) 411 final

    (48)

      https://eurocodes.jrc.ec.europa.eu/2nd-generation/second-generation-eurocodes-what-new  

    (49)

    Schade, W., Khanna, A.A., Mader, S., Streif, M., Abkai, T., de Stasio, C., Thiery, W., Deidda, C., Maatsch, S., Kramer, H. (2023): Support study on the climate adaptation & cross-border investment needs to realize the TEN-T network. Tuarascáil thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh (atá le teacht).

    (50)

    SWD(2024) 63 final. https://climate.ec.europa.eu/document/download/768bc81f-5f48-48e3-b4d4-e02ba09faca1_en  

    (51)

    Tá coinne leis an Tuarascáil ón Idirphlé maidir leis an Athléimneacht in aghaidh an Athraithe Aeráide i samhradh 2024.

    (52)

      http://www.tradeministersonclimate.org/

    (53)

    COM(2022) 409 final. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A52022DC0409  

    (54)

      Barbaglia, L., Fatica, S. agus Rho, C., Flooded credit markets: physical climate risk and small business lending, an Coimisiún Eorpach, 2023, JRC136274.

    (55)

      https://www.ecb.europa.eu/pub/economic-bulletin/focus/2023/html/ecb.ebbox202306_05~f5ec994b9e.en.html

    (56)

    COM/2020/103 final. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/en/ALL/?uri=CELEX%3A52020DC0103  

    (57)

    JOIN(2023) 20 final. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A52023JC0020  

    (58)

    COM/2023/535 final. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=COM%3A2023%3A535%3AFIN  

    (59)

    COM(2023) 240 final. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A52023PC0240  

    (60)

    Trí eachtarshuí ó mheastacháin aon tíre amháin go dtí leibhéal an Aontais, d’fhéadfadh costas bliantúil an oiriúnaithe don athrú aeráide a bheith idir EUR 15 bhilliún agus EUR 64 bhilliún in aghaidh na bliana (0,1-0,4 faoin gcéad de OTI an Aontais) go dtí 2030, agus meastachán airmheánach ann de thart ar EUR 21 bhilliún (an Banc Domhanda (le teacht, 2024). Investing in Resilience: Climate Adaptation Costing in a Changing World. Phase II study under Economics for Disaster Prevention and Preparedness: Prioritizing and Financing Resilient Investments.).

    Top