This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52024AP0201
P9_TA(2024)0201 – Amending Directive 2009/16/EC on port State control – European Parliament legislative resolution of 10 April 2024 on the proposal for a directive of the European Parliament and of the Council amending Directive 2009/16/EC on port State control (COM(2023)0271 – C9-0191/2023 – 2023/0165(COD)) (Ordinary legislative procedure: first reading)
P9_TA(2024)0201 — Leasú ar Threoir 2009/16/CE maidir le rialú Stáit ar chalafoirt — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/16/CE maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (COM(2023)0271 – C9-0191/2023 – 2023/0165(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
P9_TA(2024)0201 — Leasú ar Threoir 2009/16/CE maidir le rialú Stáit ar chalafoirt — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/16/CE maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (COM(2023)0271 – C9-0191/2023 – 2023/0165(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
IO C, C/2025/1309, 13.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1309/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1309 |
13.3.2025 |
P9_TA(2024)0201
Leasú ar Threoir 2009/16/CE maidir le rialú Stáit ar chalafoirt
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/16/CE maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (COM(2023)0271 – C9-0191/2023 – 2023/0165(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(C/2025/1309)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0271), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0191/2023), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Meán Fómhair 2023 (1), |
|
— |
tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún, |
|
— |
ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iascach, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0419/2023), |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é; |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
(1) IO C, C/2023/876, 8.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/876/oj.
P9_TC1-COD(2023)0165
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 10 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/16/CE maidir le rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/3099.)
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1309/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)