Elija las funciones experimentales que desea probar

Este documento es un extracto de la web EUR-Lex

Documento 52024AP0190

P9_TA(2024)0190 — Laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh — Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942 (COM(2021)0805 – C9-0467/2021 – 2021/0423(COD)) (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

IO C, C/2025/1298, 13.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1298/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1298/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/1298

13.3.2025

P9_TA(2024)0190

Laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942 (COM(2021)0805 – C9-0467/2021 – 2021/0423(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2025/1298)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0805),

ag féachaint d’Airteagail 294(2) agus 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0467/2021),

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá beartaithe,

ag féachaint d’Airteagal 294(3) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Teach na dTeachtaí sa tSeic, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Bealtaine 2022  (1),

ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 12 Deireadh Fómhair 2022  (2),

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialacha 59 agus 40 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do chomhphléití an Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta;

ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0162/2023),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é (3);

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


(1)   IO C 323, 26.8.2022, lch. 101.

(2)   IO C 498, 30.12.2022, lch. 83.

(3)  Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 9 Bealtaine 2023 (IO C, C/2023/1081, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1081/oj).


P9_TC1-COD(2021)0423

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 10 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1787.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1298/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Arriba