Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024AE3566

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An chosaint tomhaltóirí agus tionchar an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais ar thomhaltóirí (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtarántacht na Polainne)

EESC 2024/03566

IO C, C/2025/2010, 30.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2010/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2010/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/2010

30.4.2025

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An chosaint tomhaltóirí agus tionchar an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais ar thomhaltóirí

(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtarántacht na Polainne)

(C/2025/2010)

Rapóirtéir:

Ileana IZVERNICEANU DE LA IGLESIA

Comhairliúchán

6.9.2024, Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

12.2.2025

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.2.2025

Seisiún iomlánach Uimh.

594

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

209/0/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá idir dhúshláin agus dheiseanna ag baint leis an aistriú chuig geilleagar atá níos inbhuanaithe agus níos digití do na tomhaltóirí uile. Leagann CESE béim ar an ngá atá ann tomhaltóirí a chumhachtú chun roghanna inbhuanaithe a dhéanamh agus chun iad féin a chur in oiriúint do thimpeallacht dhigiteach atá ag athrú go tapa, mar a chuirtear in iúl sa Chlár Oibre Nua maidir le Tomhaltóirí (1). Bíodh sin mar atá, léirítear i staidéir áirithe (2) gur minic nach gcuireann ardáin dhigiteacha ná miondíoltóirí ar líne faisnéis shoiléir ar fáil maidir le hinbhuanaitheacht táirgí, rud a chuireann bac ar thomhaltóirí roghanna feasacha a dhéanamh. Ina theannta sin, is iondúil go mbíonn praghas níos airde ag baint le táirgí inbhuanaithe, rud atá ina bhac suntasach go fóill ar go leor tomhaltóirí (3). Mar sin féin, a bhuí leis an digiteáil, is féidir na baic eacnamaíocha sin a mhaolú ach é a dhéanamh níos fusa comparáid a dhéanamh idir praghsanna agus raon táirgí a chur ar fáil, go háirithe i limistéir ina nach bhfuil an oiread sin roghanna ar fáil agus ina gcuirtear srian le cumhacht na dtomhaltóirí cinneadh a dhéanamh i ngeall air sin.

1.2.

Má táthar chun an t-aistriú glas a chur chun cinn agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí, creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach faisnéis shoiléir iontaofa a chur ar fáil maidir le hinbhuanaitheacht táirgí. I ndáil leis sin, is é is aidhm do Threoir (AE) 2024/825 (4) deireadh a chur le cleachtais ghlas-snasaithe tráchtála agus an trédhearcacht dhigiteach a fheabhsú. Cuireann CESE in iúl go bhfuil sé ríthábhachtach táirgí a lipéadú sa dóigh is gur féidir ceannacháin fheasacha a éascú, lena gcuirfear faisnéis ar fáil maidir le costais saolré, éifeachtúlacht fuinnimh, marthanacht agus indeisitheacht táirgí. Ar a mhuin sin, measann sé gur gá ceanglais éigeantacha agus dheonacha maidir le faisnéis faoi tháirgí a chomhchuibhiú ar an leibhéal Eorpach, ró-ualach faisnéise a sheachaint agus fírinneacht na lipéad a áirithiú i dtreo gur féidir le tomhaltóirí patrúin tomhaltais níos inbhuanaithe a chothú.

1.3.

Cuirtear i bhfios go láidir faoi Chlár Oibre Nua an Choimisiúin Eorpaigh do Thomhaltóirí (5) nár cheart rochtain ar tháirgí inbhuanaithe a bheith ag brath ar leibhéal ioncaim ná ar áit chónaithe ach gur cheart iad a bheith ar fáil agus inacmhainne do chách. Chuige sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis náisiúnta creat iomchuí a cheapadh chun rochtain ar tháirgí inbhuanaithe a áirithiú trí dhreasachtaí cánach agus, i gcásanna áirithe, trí fhóirdheontais dhíreacha chun an difreálach praghsanna a laghdú. Ina theannta sin, iarrann sé orthu beartais éifeachtacha a chur chun feidhme chun rochtain ar an margadh digiteach a áirithiú, go háirithe i gceantair thuaithe agus i gceantair inar lú an daonra, agus teicneolaíochtaí a fhorbairt chun tacú le tomhaltóirí nach bhfuil na scileanna digiteacha céanna acu. Is fusa teicneolaíochtaí inbhuanaithe (e.g. a mhéid a bhaineann le hathúsáid agus athchúrsáil) a ghlacadh a bhuí leis an digiteáil freisin. Bíodh is go bhféadfadh praghsanna a bheith ard ar dtús, fágann siad go bhféadfar coigilteas suntasach a dhéanamh ar thomhaltas fuinnimh agus ar chostais oibriúcháin san fhadtéarma.

1.4.

Measann CESE, ar an mórgóir, go dtugann tomhaltóirí aird ar an inbhuanaitheacht. Is fíor sin go háirithe i gcás na ndaoine óga san Eoraip, a bheidh buailte go dona ag tionchar an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais. Mar sin féin, cuireann an ghéarchéim maidir le costas maireachtála iallach ar go leor tomhaltóirí, agus ar dhaoine óga go háirithe — ar minic a bhíonn a n-ioncam níos ísle — tosaíocht a thabhairt do phraghsanna thar inbhuanaitheacht. Is ríthábhachtach cothromaíocht a bhaint amach idir inrochtaineacht táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe agus inacmhainneacht na seirbhísí sin.

1.5.

Measann CESE gur riachtanach an ról atá ag an aistriú digiteach agus an t-aistriú glas maidir leis an inbhuanaitheacht san fhadtéarma agus ba cheart iad a bhainistiú ar bhealach cuimsitheach ionas nach bhfágfar tomhaltóirí leochaileacha ar lár, go háirithe daoine nár tógadh i ré na digiteála. Tathantaíonn CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cosaint ar leith a thabhairt do thomhaltóirí leochaileacha (agus an leochaileacht sin á cur san áireamh ar bhealach leathan dinimiciúil) chun rochtain níos fearr a thabhairt dóibh ar tháirgí inbhuanaithe ar mhargaí digiteacha, go háirithe i ndáil le ríomhthráchtáil agus ardáin. D’fhéadfadh an méid sin an deighilt tuaithe a laghdú.

1.6.

Athdhearbhaíonn CESE a thábhachtaí atá sé oideachas a chur ar thomhaltóirí chun roghanna feasacha a dhéanamh. Gné ríthábhachtach is ea an t-oideachas chun tacú le beartais um aistriú inbhuanaithe agus chun trédhearcacht, caighdeánú suíomhanna gréasáin iontaofa agus cineálacha cur chuige áitbhunaithe a chur chun cinn. I ndáil leis an méid sin, leagann CESE béim ar an ról tábhachtach atá ag eagraíochtaí tomhaltóirí sa dá aistriú sin. Mar sin féin, ní mór cistiú a áirithiú dóibh má tá siad chun rannchuidiú láidir gairmiúil a dhéanamh. Anuas air sin, ba cheart do na húdaráis áitiúla féachaint le cúnamh níos fearr a chur ar fáil agus deireadh a chur le bacainní maorlathacha.

1.7.

Cuireann CESE in iúl go bhfuil rannpháirtíocht na dtomhaltóirí uile, agus rannpháirtíocht na monaróirí agus na ndíoltóirí freisin, ríthábhachtach chun an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas a bhaint amach. Ní mór do na gníomhaithe uile lena mbaineann freagracht a ghlacadh.

1.8.

Tá CESE den tuairim gur cheart, trí ardáin dhigiteacha agus miondíoltóirí ar líne, an rochtain ar tháirgí inbhuanaithe a éascú agus ní mór do na hardáin sin a bheith trédhearcach agus uirlisí a sholáthar chun costais agus tairbhí a chur i gcomparáid le chéile. Ar a mhuin sin, ba cheart don Aontas aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le hardáin tríú tíortha a thairgeann táirgí ar phraghsanna ísle agus rialáil níos déine a bhunú, lena n-áirítear dleachtanna custaim éifeachtacha a chur i bhfeidhm.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Tá idir dhúshláin agus dheiseanna do na tomhaltóirí uile ag baint leis an aistriú chuig sochaí dhigiteach agus níos inbhuanaithe sa chiall is leithne. San aistriú sin ba cheart an geilleagar (fás eacnamaíoch leanúnach agus cobhsaí a áirithiú, forbairt chuimsitheach agus éifeachtúil a chur chun cinn nach n-ídíonn acmhainní ná nach mbuanaíonn neamhionannais) a chur san áireamh, mar aon leis an gcomhshaol (éiceachórais nádúrtha agus an bhithéagsúlacht a chaomhnú, a chosaint agus a athbhunú, úsáid fhreagrach acmhainní nádúrtha nach dtéann thar acmhainneacht athghiniúnach an phláinéid a áirithiú) agus an tsochaí (cothroime, ceartas sóisialta agus folláine a chur chun cinn do chách, mar aon le rochtain chomhionann ar phríomhacmhainní amhail oideachas, sláinte agus obair chuibhiúil). Is fíor an méid sin go háirithe i gcás Eorpaigh óga (nach mbeidh an dara rogha acu) agus daoine leochaileacha, bídís ina ndaoine scothaosta, iad siúd nár tógadh i ré na digiteála, nó iad siúd atá leochaileach ar chúiseanna eile.

2.2.

I ndáil leis an méid sin, leagtar béim sa Chlár Oibre Nua maidir le Tomhaltóirí (6) ar an ngá atá ann tomhaltóirí a chumhachtú, ní hamháin chun roghanna inbhuanaithe a dhéanamh, ach freisin chun iad féin a chur in oiriúint do thimpeallacht dhigiteach atá ag athrú go tapa. Is uirlis mhaith í an digiteáil a fhágann gur féidir faisnéis maidir le táirgí inbhuanaithe a rochtain go tapa. Tá castacht i gceist léi freisin, áfach, amhail an iomarca roghanna nó easpa soiléireachta sa dóigh a gcuirtear saintréithe comhshaoil in iúl.

2.3.

Fuair Eagraíocht na dTomhaltóirí agus na nÚsáideoirí (OCU) — eagraíocht cosanta tomhaltóirí na Spáinne — amach go bhfuil praghas ceannaigh táirgí inbhuanaithe i bhfad níos airde ná praghas ceannaigh gnáth-tháirgí (7). Tá táirgí éicilipéadaithe ar fáil do thomhaltóirí atá tiomanta d’aire a thabhairt don phláinéad agus do chineálacha táirgthe talmhaíochta agus beostoic atá neamhdhíobhálach don talamh agus do leas ainmhithe. Mar sin féin, tá éifeacht athchomhairleach ag praghsanna na dtáirgí sin, atá 68 % níos airde ná praghsanna‘gnáth-tháirgí’. Ní rannchuidíonn na difríochtaí sin ar chor ar bith le samhail tomhaltais níos inbhuanaithe a chruthú, agus tá i bhfad níos mó fós le déanamh chun an inbhuanaitheacht agus an inacmhainneacht a thabhairt le chéile (8).

2.4.

Chun rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, bunaithe ar ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, don chomhshaol, agus do chearta oibrithe, agus chun dul chun cinn a dhéanamh san aistriú glas, tá sé ríthábhachtach gur féidir le tomhaltóirí cinntí feasacha ceannaigh a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, cur le patrúin tomhaltais níos inbhuanaithe. Fágann sé sin go bhfuil sé de fhreagracht ar thrádálaithe faisnéis shoiléir, ábhartha agus iontaofa a chur ar fáil. Is é is aidhm do Threoir (AE) 2024/825 (9) deireadh a chur leis an nglas-snasú agus ardleibhéal faisnéise soiléire agus trédhearcaí a sholáthar. Neartóidh an Treoir freisin cosaint tomhaltóirí i gcoinne cleachtais dífheidhmeachta luaithe (10) agus, mar thoradh uirthi, cuirfear faisnéis níos fearr ar fáil maidir le cearta ráthaíochta dlíthiúla, marthanacht táirgí agus deisiú táirgí ag an díolphointe. Measann CESE nach mór do na Ballstáit tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh lena áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir sin agus go gcuirfear deireadh leis na cleachtais sin. San am céanna, ní mór d’ardáin dhigiteacha gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh chun deireadh a chur le cleachtais éagóracha a bhaineann le maímh bhréagacha faoi inbhuanaitheacht táirgí.

2.5.

Aithníonn CESE an obair a dhéanann an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (11) maidir le comhar i gcosaint na dtomhaltóirí. I réimse na hinbhuanaitheachta, tá gníomhaíocht déanta ag an ngréasán sin, a ndéanann an Coimisiún comhordú air agus a dtacaíonn an Coimisiún leis, i gcoinne roinnt cuideachtaí (12) mar gheall ar na maímh ghlasa mhíthreoracha, nó an dífheidhmeacht luath atá déanta acu, sin nó mar gheall ar an bhfaisnéis mhíchruinn a thug siad don tomhaltóir. I réimse an mhiondíola ar líne, tá ardán Temu á n-imscrúdú ag an ngréasán sin (13) agus ag an gCoimisiún Eorpach (14) faoi láthair i leith roinnt cleachtais neamhdhleathacha. I ndáil leis an méid sin, is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí sin agus aithníonn sé iad, chomh maith leis an machnamh ar an Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí a athchóiriú chun é a chur chun feidhme ar bhealach níos tapúla, níos éifeachtaí agus chun go mbeidh éifeacht athchomhairleach níos mó aige.

2.6.

Bacainn mhór eile do thomhaltóirí is ea an easpa trédhearcachta. Dá bhrí sin, chun geilleagar níos glaise agus níos ciorclaí a chur chun cinn inar féidir le tomhaltóirí ról gníomhach a ghlacadh agus cinntí ceannaigh á ndéanamh acu, cinntí nach mór a bheith bunaithe ar mhaímh agus ar lipéid atá iontaofa ó thaobh an chomhshaoil de, is den ríthábhacht faisnéis a bhailiú ní hamháin maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, ach freisin maidir le costais saolré, marthanacht agus indeisitheacht táirgí. Measann CESE gur gá na ceanglais maidir le faisnéis éigeantach agus dheonach faoi tháirgí a chomhchuibhiú d’fhonn ró-ualach faisnéise a sheachaint (tá líon mór lipéad ann cheana) agus a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis sin cruinn.

3.   Barúlacha maidir le costas táirgí inbhuanaithe

3.1.

Is eol do thomhaltóirí go bhfhéadfadh costais níos airde a bheith i gceist le táirgí inbhuanaithe. Anuas air sin, is fusa teacht ar bhia orgánach agus ar tháirgí orgánacha eile i siopaí ar líne, cé go bhféadfadh méadú teacht ar chostais na dtáirgí i ngeall i bpáirt ar lóistíocht dáileacháin. Chun an inbhuanaitheacht a chur chun cinn, d’fhéadfadh tomhaltóirí, agus iad ag ceannach ar líne, modh dáileacháin níos inbhuanaithe a roghnú, amhail seachadadh inbhuanaithe an mhíle deiridh, mar shampla feithiclí leictreacha, seachadtaí baisceanna, pointí seachadta, etc. a úsáid.

3.2.

Cuirtear i bhfios go láidir faoi Chlár Oibre Nua an Choimisiúin Eorpaigh do Thomhaltóirí (15) nár cheart rochtain ar tháirgí inbhuanaithe a bheith ag brath ar leibhéal ioncaim ná ar áit chónaithe ach gur cheart don uile dhuine a bheith in ann teacht orthu. Chuige sin, creideann CESE nach mór don Choimisiún agus do na húdaráis náisiúnta creat iomchuí a cheapadh chun rochtain na dtomhaltóirí uile ar tháirgí inbhuanaithe a áirithiú trí dhreasachtaí cánach — mar shampla, cáin bhreisluacha i bhfabhar na hinbhuanaitheachta — agus, i gcás inar gá, d’fhéadfaí féachaint ar fhóirdheontais dhíreacha chun difreálach praghsanna na dtairgí sin a laghdú. Ba cheart beartais éifeachtacha a chur i bhfeidhm freisin chun rochtain tomhaltóirí ar an margadh digiteach a áirithiú gan beann ar a n-áit chónaithe, agus béim á leagan ar cheantair thuaithe agus ar cheantair inar lú an daonra agus a bhfuil dúshláin éagsúla os a gcomhair cheana féin, mar a luadh i dtuairim roimhe seo ó CESE (16). Ina theannta sin, ba cheart teicneolaíochtaí a fhorbairt chun tomhaltóirí nach bhfuil na scileanna digiteacha céanna acu a chomhtháthú, chomh maith le húsáid teicneolaíochtaí inbhuanaithe (e.g. a mhéid a bhaineann le hathúsáid agus athchúrsáil) agus rochtain ar tháirgí inbhuanaithe a chur chun cinn.

3.3.

A bhuí leis an digiteáil, is fusa freisin teicneolaíochtaí agus seirbhísí inbhuanaithe a cheannach nó a fháil ar cíos, amhail fearais ísealfhuinnimh. Ina theannta sin, ós rud é gur féidir teacht ar fhaisnéis ar líne, is féidir le tomhaltóirí brandaí agus samhlacha éagsúla a chur i gcomparáid le chéile chun teacht ar an rogha is inacmhainne agus is inbhuanaithe dóibh féin. Ba cheart feasacht níos mó ar thomhaltas fuinnimh a chur chun cinn freisin trí úsáid a bhaint as gléasanna agus feidhmchláir dhigiteacha atá nasctha le méadair agus fearais leictreachais chun beartais éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a fhorfheidhmiú.

4.   A bhfuil ag dó na geirbe ag tomhaltóirí óga

4.1.

Tá méadú ag teacht ar an imní atá ar dhaoine óga san Eoraip, arb iadsan a bhraithfidh tionchar iomlán an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais, faoin gcomhshaol agus faoin inbhuanaitheacht, agus tá ról lárnach ag ardáin dhigiteacha maidir leis an gcaoi a bhfaigheann siad faisnéis agus a gcinneann siad táirgí agus seirbhísí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a lorg. De réir Eorabharaiméadair (17), measann 91 % de dhaoine óga idir 15 agus 24 mbliana d’aois gur féidir leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide a sláinte agus a bhfolláine féin a fheabhsú.

4.2.

Cé go gceadaíonn ardáin dhigiteacha agus miondíoltóirí ar líne rochtain níos éasca ar tháirgí inbhuanaithe, ní bhíonn siad inacmhainne i gcónaí. Tá dúshláin mhóra eacnamaíocha roimh dhaoine óga freisin. De réir staidéar ó Euroconsumers (18), tá méadú tagtha ar an mbrú atá ar dhaoine táirgí a roghnú ar bhonn an phraghais mar gheall ar ghéarchéim na gcostas maireachtála. Is léir gurb iad na tomhaltóirí óga is mó a ndéantar difear dóibh (a thuilleann ioncaim níos ísle de ghnáth), ach tá teaghlaigh ar ioncam íseal agus fiú teaghlaigh ar mheánioncam thíos leis an ngéarchéim sin freisin. Is gá, dá bhrí sin, cothromaíocht a bhaint amach idir an rogha inbhuanaithe agus an inacmhainneacht, ionas nach rud é sin a mbeidh fáil ach ag líon teoranta tomhaltóirí air. Tugann CESE dá aire go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndaoine óga ar cíosaithe iad sa lóistín ina bhfuil cónaí orthu ar feadh tréimhsí níos faide, rud a chiallaíonn nach mbíonn fíorthionchar acu de ghnáth ar inbhuanaitheacht na bhfearas tí agus na dtáirgí a úsáideann siad sna tithe sin.

5.   Na ceachtanna a foghlaimíodh go dtí seo agus ag féachaint chun cinn

5.1.

Cuireann CESE in iúl go bhfuil gá ní amháin le rannpháirtíocht na dtomhaltóirí uile, ach le rannpháirtíocht na monaróirí agus na ndíoltóirí freisin, chun an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas a bhaint amach. Ní mór do na gníomhaithe uile lena mbaineann freagracht a ghlacadh. Ní féidir éinne a fhágáil ar lár agus ní mór riachtanais éagsúla na n-aoisghrúpaí uile a chur san áireamh.

5.2.

Is riachtanach an ról atá ag an aistriú digiteach agus an t-aistriú glas maidir leis an inbhuanaitheacht san fhadtéarma agus ba cheart iad a bhainistiú ar bhealach cuimsitheach ionas nach bhfágfar na tomhaltóirí is leochailí ar lár. Iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beartais a dhéanamh chun tomhaltóirí leochaileacha a chosaint ar dhóigh níos fearr agus tairgí inbhuanaithe á gceannach acu ar mhargaí digiteacha. Ba cheart leochaileacht na dtomhaltóirí a mheas ar dhóigh leathan dhinimiciúil thar am, óir d’fhéadfadh tomhaltóirí a bheith i staid leochaileach ar chúiseanna éagsúla (cúinsí sláinte, eacnamaíocha, sóisialta, scileanna, nó a n-áit chónaithe). D’fhéadfadh sé freisin nach mbeidh tomhaltóirí i staid leochaileach ach ar bhonn sealadach, mar shampla, de bharr dífhostaíochta nó aoise, bídís óg nó aosta, rud is saincheist ábhartha é. Cuireann CESE in iúl go bhfuil sé tábhachtach an chumarsáid a chur in oiriúint ar bhealach níos fearr do riachtanais grúpaí leochaileacha éagsúla. I ndáil leis an méid sin, a bhuí leis an ríomhthráchtáil, is féidir an deighilt tuaithe a laghdú agus an rochtain ar tháirgí nó seirbhísí ardcháilíochta a fheabhsú.

5.3.

Creideann CESE go bhfuil oideachas tomhaltóirí (lena n-áirítear cumhachtú digiteach) ríthábhachtach chun muinín a chothú agus chun tacú le beartais aistrithe inbhuanaithe. Ach cur chuige comhcheangailte a ghlacadh i leith na digiteála agus an oideachais, cuirfear ar a gcumas do thomhaltóirí roghanna feasacha a dhéanamh agus páirt ghníomhach a ghlacadh san aistriú chuig sochaí níos inbhuanaithe. Ní mór prionsabail na trédhearcachta agus na faisnéise sa ríomhthráchtáil, caighdeánú suíomhanna gréasáin iontaofa agus cineálacha cur chuige áitiúla maidir le hiompraíochtaí inbhuanaithe ar cheart gnáthchleachtas a dhéanamh díobh (i.e. táirge a dheisiú seachas táirge eile a chur ina ionad, nó tús áite a thabhairt do shamhlacha eacnamaíocha sóisialta nó ciorclacha) a chur chun cinn. Is ríthábhachtach an ról atá ag eagraíochtaí tomhaltóirí sa dá aistriú sin. Mar sin féin, ní mór cistiú a áirithiú dóibh ionas gur féidir leo cabhrú go héifeachtach le tomhaltóirí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá rompu. Ina theannta sin, ba cheart do na húdaráis áitiúla féachaint le cúnamh níos fearr a chur ar fáil trí ionaid ilfhreastail a sholáthar a bhfuil rochtain ag saoránaigh orthu agus deireadh a chur le bacainní maorlathacha.

5.4.

Creideann CESE gur den ríthábhacht é go ndíreodh beartais ní hamháin ar sholáthar táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe, ach freisin ar fheabhsú ardán digiteach agus ar mhiondíoltóirí ar líne. Ba cheart na beartais sin a dhearadh ar dhóigh lena n-áiritheofar gur fusa teacht ar tháirgí inbhuanaithe agus lena n-áiritheofar go mbeidh raon níos leithne de na táirgí sin ar fáil. Ní mór do na beartais sin a bheith trédhearcach agus faisnéis á cur i láthair agus uirlisí a sholáthar leo chun gur féidir comparáid éifeachtach a dhéanamh idir costais agus tairbhí san fhadtéarma.

5.5.

Measann CESE gur gá rialacha níos déine a bhunú d’ardáin tríú tíortha, nach mór dóibh reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí a urramú go hiomlán agus táirgí sábháilte, agus sin amháin, a thairiscint, chomh maith lena n-iarrachtaí inbhuanaitheachta a léiriú. Ba cheart do na rialacha sin aghaidh a thabhairt ar an imghabháil cánach freisin. Is ríthábhachtach go gcomhlíonfar caighdeáin sábháilteachta táirgí, caighdeáin chomhshaoil agus caighdeáin cosanta tomhaltóirí. Ní mór ionramháil, amhail gearrluacháil chustaim, a chosc ar mhaithe leis na rannpháirtithe uile i margadh aonair na hEorpa. D’fhéadfadh an tAontas custaim a dhigitiú agus a neartú chun teacht isteach táirgí ina bhfuil cáithníní díobhálacha a laghdú nó a dhíothú. Tá foirne níos mó agus córais dhigiteacha iomlánaíocha agus nua-aimseartha de dhíth ar na húdaráis um fhaireachas margaidh. I dtaca le hardáin atá lonnaithe lasmuigh den Aontas Eorpach a thairgeann táirgí ar phraghsanna an-íseal do thomhaltóirí Eorpacha, iarrann CESE go dtabharfaí aird faoi leith ar na héifeachtaí diúltacha atá acu ar an gcomhshaol agus ar na cearta sóisialta agus daonna iontu.

An Bhruiséil, an 26 Feabhra 2025.

Uachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)   COM(2020) 696 final.

(2)  Mar shampla: Zarra A. et al., Sustainability in the Age of Platforms , 2019.

(3)  Staidéar ó Eagraíocht na dTomhaltóirí agus na nÚsáideoirí (OCU), Precio de los productos ecológicos, 2022.

(4)  Treoir (AE) 2024/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Treoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe ghlais trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr (IO L, 2024/825, 6.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/825/oj).

(5)   COM(2020) 696 final.

(6)   COM(2020) 696 final.

(7)   Eagraíocht na dTomhaltóirí agus na nÚsáideoirí, Alimentación saludable: el precio importa , 2023.

(8)  Staidéar ó Eagraíocht na dTomhaltóirí agus na nÚsáideoirí (OCU), Precio de los productos ecológicos, 2022.

(9)   IO L, 2024/825, 6.3.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dir/2024/825/oj?locale=ga. Beidh feidhm ag an Treoir ón 27 Meán Fómhair 2026.

(10)  ( IO C 67, 6.3.2014, lch. 23).

(11)   An Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí.

(12)   Sustainable consumption actions [Gníomhaíochtaí ar son tomhaltas inbhuanaithe], 2023.

(13)  An Coimisiún Eorpach, Preaseisiúint, 8.11.2024.

(14)  An Coimisiún Eorpach, Preaseisiúint, 31.10.2024.

(15)   COM(2020) 696 final.

(16)   IO C, C/2024/1571, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1571/oj.

(17)  An Coimisiún Eorpach, Preaseisiúint, 25.1.2022.

(18)   Euroconsumers Affordability Barometer, 2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2010/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top