This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023XC00441
Compilation of national control lists under Article 9(4) of Regulation (EU) 2021/821 of the European Parliament and of the Council of 20 May 2021 setting up a Union regime for the control of exports, brokering, technical assistance, transit and transfer of dual-use items
Tiomsú liostaí náisiúnta rialaithe faoi Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú
Tiomsú liostaí náisiúnta rialaithe faoi Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú
PUB/2023/1267
IO C, C/2023/441, 20.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/441/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/441 |
20.10.2023 |
Tiomsú liostaí náisiúnta rialaithe faoi Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (1)
(C/2023/441)
Le hAirteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2021/821 (dá ngairtear ‘an Rialachán’ anseo thíos), ceanglaítear go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh liostaí náisiúnta rialaithe arna nglacadh ag Ballstát agus a dtugtar fógra ina leith don Choimisiún agus do na Ballstáit eile de bhun an Airteagail sin.
Le hAirteagal 10 den Rialachán, cuirtear ar chumas na mBallstát eile ceanglas údarúcháin a fhorchur maidir le honnmhairiú earraí ar bhonn liosta náisiúnta rialaithe arna ghlacadh ag Ballstát agus arna fhoilsiú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9(4).
Tiomsaítear sa nóta faisnéise seo na liostaí náisiúnta rialaithe arna nglacadh ag an Spáinn an 31 Bealtaine 2023 agus ag an Ísiltír an 23 Meitheamh 2023 agus ar tugadh fógra ina leith de bhun an Airteagail sin 9.
Mura sonraítear a mhalairt sna hiontrálacha thíos, is onnmhairiú amach as an Aontas Eorpach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) den Rialachán iad na cinn scríbe lena mbaineann.
1B1901 (2)
Arna eisiúint ag an Spáinn (3)
Faisnéis bhreise:
Tuairisc ar na hearraí rialaithe:
Trealamh monaraíochta suimithí atá deartha nó modhnaithe chun gairis nó cruthanna pléascacha, piriteicniúla nó tiomántáin a tháirgeadh ó ábhair fhuinniúla, agus ar fíor ina leith aon cheann de na saintréithe seo a leanas:
a. |
Tá siad deartha nó modhnaithe chun na caighdeáin náisiúnta sábháilteachta is infheidhme maidir le timpeallachtaí ina bhfuil armlón a d’fhéadfadh a bheith pléascach a chomhlíonadh; nó |
b. |
Easbhrúiteoir ultrasonaic amháin nó níos mó. |
3B1001.l (4)
Arna eisiúint ag an Ísiltír (5)
Faisnéis bhreise:
Tuairisc ar na hearraí rialaithe:
Peillicíní EUV
3B1001.m (6)
Arna eisiúint ag an Ísiltír (7)
Faisnéis bhreise:
Tuairisc ar na hearraí rialaithe:
Trealamh táirgthe le haghaidh peillicíní EUV
3B1001.f.4 (8)
Arna eisiúint ag an Ísiltír (9)
Faisnéis bhreise:
Tuairisc ar na hearraí rialaithe:
Trealamh liteagrafach, mar a leanas:
a. |
Trealamh céime agus athdhéanta (céim dhíreach ar an tsliseog) nó trealamh céime agus scanta (scanóir) d’ailíniú agus do nochtadh chun sliseoga a phróiseáil trí mhodhanna fóta-optúla nó x-ghathacha, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
Nóta Teicniúil:
1. |
Déantar ‘Méid na Tréithe Intaifithe is Lú’ (MRF) a ríomh de réir na foirmle a leanas:
|
2. |
Is é is ’forleagan crágáin tiomnaithe’ ann, cruinneas ailínithe patrúin nua le patrún atá ann cheana agus atá priontáilte ar sliseog ag an gcóras liteagrafach céanna. |
3B1001.d.12 (10)
Arna eisiúint ag an Ísiltír (11)
Faisnéis bhreise:
Tuairisc ar na hearraí rialaithe:
Trealamh le haghaidh Deascadh Ciseal Adamhach (ALD) de mhiotail ‘feidhm oibre’
a. |
ag a bhfuil na saintréithe uile seo a leanas:
|
b. |
Tá siad deartha chun miotal ‘feidhm oibre’ a dheascadh a bhfuil na saintréithe uile seo a leanas aige:
|
Nóta Teicniúil
1. |
Is é is ‘miotal feidhme oibre’ ann ábhar a rialaíonn voltas tairsí trasraitheora. |
3B1001.a.4 (12)
Arna eisiúint ag an Ísiltír (13)
Faisnéis bhreise:
Tuairisc ar na hearraí rialaithe:
Trealamh atá deartha le haghaidh sileacain (Si), sileacan dópáilte carbóin, gearmáiniam sileacain (SiGe), nó fás eipeatacsach SiGe dópáilte carbóin, a bhfuil na saintréithe uile seo a leanas aige:
1. |
Tá iliomad cuasán acu agus coimeádann siad ardfholús (arb ionann é agus 0.01 Pa nó ar lú é ná sin) nó timpeallacht thámh (is lú ná 0.01 Pa an brú páirteach uisce agus ocsaigine) idir céimeanna próisis; |
2. |
Cuasán réamhchóireála amháin ar a laghad atá deartha le haghaidh ullmhúchán dromchla chun dromchla sliseog a ghlanadh; agus |
3. |
Teocht oibriúcháin deascaidh eipeatacsacha 685° C nó níos lú. |
3B1001.d.19 (14)
Arna eisiúint ag an Ísiltír (15)
Faisnéis bhreise:
Tuairisc ar na hearraí rialaithe:
Trealamh atá deartha le haghaidh deascadh plasma feabhsaithe saor ó fholús de chiseal tréleictreach íseal-k i mbearnaí idir línte miotail ar lú iad ná 25 nm ar leithead agus a bhfuil cóimheas treoíochta acu ar mó é ná 1:1 nó arb ionann é agus sin, agus tairiseach tréleictreach ar lú é ná 3.3.
3B1901 (16)
Arna eisiúint ag an Spáinn (17)
Faisnéis bhreise:
Tuairisc ar na hearraí rialaithe:
Trealamh leictreonmhicreascóp scanacháin atá deartha chun feistí leathsheoltóra nó ciorcaid iomlánaithe a íomháú, ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas:
a. |
Tá cruinneas suite céime acu arb ionann é agus 30 nm nó ar lú é ná sin; |
b. |
Cruinneas suite céime a dhéantar le trasnamhéadracht léasair; |
c. |
Calabrú suímh laistigh de réimse radhairc bunaithe ar thomhas fadscála trasnamhéadair léasair; |
d. |
Tá ar a gcumas íomhánna a bhfuil níos mó ná 2x108 bpicteilín acu a bhailiú agus a stóráil; |
e. |
Tá forluí réimse radhairc acu ar lú é ná 5 % i dtreonna ingearacha agus cothrománacha; |
f. |
Tá fuáil forluí réimse radhairc acu ar lú é ná 50 nm; agus |
g. |
Tá voltas luasghéaraithe acu ar mó é ná 21 kV; |
Nóta:
Áirítear le 3B1901 trealamh leictreonmhicreascóp scanacháin atá deartha chun sliseanna a dheisiú.
3B1902 (18)
Arna eisiúint ag an Spáinn (19)
Faisnéis bhreise:
Tuairisc ar na hearraí rialaithe:
Trealamh atá deartha chun eitseáil thirim a dhéanamh ar fíor ina leith aon cheann de na saintréithe seo a leanas:
1. |
Trealamh atá deartha nó atá modhnaithe le haghaidh eitseáil thirim iseatrópach, a bhfuil roghnaíocht eitseála gearmáiniam sileacain go sileacan (SiGe:Si) aige ar mó í ná 100: 1 nó arb ionann í agus sin; nó |
2. |
Trealamh atá deartha nó atá modhnaithe le haghaidh eitseáil thirim ainiseatrópach, ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas;
|
Nóta 1:
Áirítear le 3B1902 eitseáil trí fhréamhacha, iain, imoibrithe seicheamhacha nó imoibrithe neamhsheicheamhacha.
Nóta 2:
Áirítear le 3B1902 eitseáil trí úsáid a bhaint as plasma a scaoiltear le bíog RF, plasma atá corraithe le dleacht-thimthriall bíogach, plasma atá modhnaithe le voltas bíogach ar leictreoidí, instealladh timthriallach agus íonú gás in éineacht le plasma, eitseáil ciseal adamhach plasma nó eitseáil ciseal cuasadamhach plasma.
Nóta Teicniúil 1:
Chun críoch 3B1902, tomhaistear roghnaíocht eitseála gearmáiniam sileacain go sileacan (SiGe:Si) le haghaidh tiúchan Ge ar mó í ná 30 % nó arb ionann í agus 30 % (Si0,70Ge0,30).
Nóta Teicniúil 2:
Chun críoch 3B1902, sainmhínítear radacach mar adamh, móilín, nó ian a bhfuil leictreon neamhphéireáilte aige i gcumraíocht leictreonsceall oscailte.
3D1007 (20)
Arna eisiúint ag an Ísiltír (21)
Faisnéis bhreise:
Tuairisc ar na hearraí rialaithe:
Bogearraí atá saindeartha chun na hearraí a shonraítear sa scéim seo a fhorbairt, a tháirgeadh nó a úsáid faoi cheannteidil 3B1001.l, 3B1001.m, 3B1001.f.4, 3B1001.d.12, 3B1001.a.4 de 3B1001.d.19.
3D1901 (22)
Arna eisiúint ag an Spáinn (23)
Faisnéis bhreise:
Tuairisc ar na hearraí rialaithe:
Bogearraí atá deartha chun sonraí GDSII nó sonraí coibhéiseacha leagain amach chaighdeánaigh a bhaint amach agus ailíniú ciseal go ciseal a dhéanamh ó íomhánna leictreonmhicreascóp a scanadh, agus sonraí ilchiseal GDSII nó glanliosta ciorcaid a ghiniúint.
Nóta Teicniúil:
Ciallaíonn GDSII (Córas Deartha Grafach II) formáid comhaid bunachar sonraí le haghaidh malartú sonraí i leith obair ealaíne ciorcaid iomlánaithe nó obair ealaíne leagan amach ciorcaid iomlánaithe.
3E1005 (24)
Arna eisiúint ag an Ísiltír (25)
Faisnéis bhreise:
Tuairisc ar na hearraí rialaithe:
Teicneolaíocht atá riachtanach le haghaidh fhorbairt, tháirgeadh nó úsáid na n-earraí a shonraítear sa scéim seo faoi cheannteidil 3B1001.l, 3B1001.m, 3B1001.f.4, 3B1001.d.12, 3B1001.a.4 de 3B1001.d.19.
3E1901 (26)
Arna eisiúint ag an Spáinn (27)
Faisnéis bhreise:
Tuairisc ar na hearraí rialaithe:
Teicneolaíocht chun micreascóip leictreonacha scanacháin a shonraítear in 3B1901 a fhorbairt nó a tháirgeadh.
3E1902 (28)
Arna eisiúint ag an Spáinn (29)
Faisnéis bhreise:
Tuairisc ar na hearraí rialaithe:
Teicneolaíocht chun bogearraí a shonraítear in 3D1901 a fhorbairt nó a tháirgeadh.
3E1903 (30)
Arna eisiúint ag an Spáinn (31)
Faisnéis bhreise:
Tuairisc ar na hearraí rialaithe:
Teicneolaíocht chun trealamh atá deartha le haghaidh eitseáil thirim a shonraítear le 3B1902 a fhorbairt nó a tháirgeadh.
3E1904 (32)
Arna eisiúint ag an Spáinn (33)
Faisnéis bhreise:
Tuairisc ar na hearraí rialaithe:
Teicneolaíocht chun ciorcaid nó feistí iomlánaithe a fhorbairt nó a tháirgeadh, lena n-úsáidtear struchtúir trasraitheora tionchair réimse geata uileghabhálacha (GAAFET).
4A1901 (34)
Arna eisiúint ag an Spáinn (35)
Faisnéis bhreise:
Tuairisc ar na hearraí rialaithe:
Ríomhairí candamacha agus cóimeálacha leictreonacha gaolmhara agus comhpháirteanna lena n-aghaidh, mar a leanas:
a. |
Ríomhairí candamacha, i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
|
b. |
Feistí candamghiotáin agus ciorcaid candamghiotáin ina bhfuil eagair de chandamghiotáin fhisiceacha nó a thacaíonn leo, agus atá saindeartha le haghaidh earraí a shonraítear in 4A1901; |
c. |
Comhpháirteanna rialaithe candaim agus feistí tomhais candaim atá saindeartha le haghaidh earraí a shonraítear in 4A1901; |
Nótaí:
1. |
Tá feidhm ag 4A1901 maidir le ríomhairí candamacha samhla ciorcaid (nó ‘geatabhunaithe’) agus ríomhairí candamacha aonbhealaigh (nó ‘tomhasbhunaithe’- MBQC). |
2. |
Ní gá go mbeadh aon chandamghiotán go fisiceach in earraí a shonraítear in 4A1901. Mar shampla, ní bhíonn earra fisiceach go buan i ríomhairí candamacha atá bunaithe ar scéimeanna fótónacha ar féidir é a aithint mar chandamghiotán. Gintear na candamghiotáin fhótónacha agus an ríomhaire ag feidhmiú agus caitear i leataobh iad ina dhiaidh sin. |
3. |
Áirítear ar na hearraí a shonraítear in 4A1901 leathsheoltóirí, forsheoltóirí agus sliseanna candamghiotáin fótónacha agus eagair sliseanna; eagair ianghaiste; teicneolaíochtaí gaibhniúcháin candamghiotáin eile; agus idirnaisc chomhleanúnacha idir na heilimintí sin. |
4. |
Tá feidhm ag 4A1901 maidir le hearraí atá deartha chun candamghiotáin chónaitheacha ríomhaire chandamaigh a chalabrú, a thúsú, a ionramháil nó a thomhas. |
Nótaí Teicniúla:
Chun críocha 4A1901:
1. |
Is é is candamghiotán fisiceach ann córas candamach dhá leibhéal a úsáidtear chun bunaonad na loighce candamaí a léiriú trí ionramhálacha agus trí thomhais nach gceartaítear a n-earráidí. Tá difríocht idir candamghiotáin fhisiceacha agus candamghiotáin loighciúla sa mhéid is gur candamghiotáin earráidcheartaithe iad na cinn dheireanacha atá comhdhéanta de roinnt candamghiotáin fhisiceacha. |
2. |
Ciallaíonn rialaithe go hiomlán gur féidir an candamghiotán fisiceach a chalabrú, a thúsú, a gheatú agus a léamh amach, de réir mar is gá. |
3. |
Ciallaíonn nasctha gur féidir oibríochtaí geata dhá chandamghiotán a dhéanamh idir aon phéire treallach de na candamghiotáin fhisiceacha fheidhmiúla atá ar fáil. Ní gá go mbeadh nascacht ‘uile-go-huile’ i gceist leis sin. |
4. |
Ciallaíonn feidhmiúil go gcomhlíonann an candamghiotán fisiceach feidhmeanna oibre ríomhaireachtúla candamacha uilíocha de réir shonraíochtaí an chórais maidir le tomhais toirte agus toillte, i gcomhréir le dílseacht oibríochtúil candamghiotáin. |
5. |
Tagraíonn tacú le 34 chandamghiotán fhisiceacha nó níos mó atá rialaithe go hiomlán, nasctha agus feidhmiúil do chumas ríomhaire chandamaigh an fhaisnéis chandamach atá cuimsithe i 34 chandamghiotán fhisiceacha nó níos mó a theorannú, a rialú, a thomhas agus a phróiseáil. |
6. |
Is é is earráid C-NOT ann an ghnáthearráid gheata fhisicigh maidir leis na geataí rialaithe-NOT (C-NOT) is gaire do dhá chandamghiotán fhisiceacha. |
4E1901 (36)
Arna eisiúint ag an Spáinn (37)
Faisnéis bhreise:
Tuairisc ar na hearraí rialaithe:
Teicneolaíocht chun ríomhairí candamacha, feistí candamacha agus ciorcaid chandamghiotáin a fhorbairt nó a tháirgeadh, chomh maith le comhpháirteanna candamacha tomhais agus rialaithe a shonraítear in 4A1901.
(1) IO L 206, 11.6.2021, lch. 1.
(2) Cód náisiúnta coibhéiseach: 1.B.901.
(3) Iarscríbhinn III.5 a ghabhann le Foraithne Ríoga 679/2014 an 1 Lúnasa 2014, a thiocfaidh i bhfeidhm an 7 Meitheamh 2023.
(4) Cód náisiúnta coibhéiseach: 3B001.l
(5) Rialachán ón Aire um Thrádáil Eachtrach agus Comhar Forbartha an 23 Meitheamh 2023, Uimh. MinBuza.2023.15246-27 lena dtugtar isteach oibleagáid cheadúnais chun ardtrealamh táirgthe a onnmhairiú le haghaidh leathsheoltóirí nach luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 2021/821 (Rialachán maidir le hardtrealamh táirgthe le haghaidh leathsheoltóirí), a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2023.
(6) Cód náisiúnta coibhéiseach: 3B001.m
(7) Rialachán ón Aire um Thrádáil Eachtrach agus Comhar Forbartha an 23 Meitheamh 2023, Uimh. MinBuza.2023.15246-27 lena dtugtar isteach oibleagáid cheadúnais chun ardtrealamh táirgthe a onnmhairiú le haghaidh leathsheoltóirí nach luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 2021/821 (Rialachán maidir le hardtrealamh táirgthe le haghaidh leathsheoltóirí), a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2023.
(8) Cód náisiúnta coibhéiseach: 3B001.f.4
(9) Rialachán ón Aire um Thrádáil Eachtrach agus Comhar Forbartha an 23 Meitheamh 2023, Uimh. MinBuza.2023.15246-27 lena dtugtar isteach oibleagáid cheadúnais chun ardtrealamh táirgthe a onnmhairiú le haghaidh leathsheoltóirí nach luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 2021/821 (Rialachán maidir le hardtrealamh táirgthe le haghaidh leathsheoltóirí), a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2023.
(10) Cód náisiúnta coibhéiseach: 3B001.d.12
(11) Rialachán ón Aire um Thrádáil Eachtrach agus Comhar Forbartha an 23 Meitheamh 2023, Uimh. MinBuza.2023.15246-27 lena dtugtar isteach oibleagáid cheadúnais chun ardtrealamh táirgthe a onnmhairiú le haghaidh leathsheoltóirí nach luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 2021/821 (Rialachán maidir le hardtrealamh táirgthe le haghaidh leathsheoltóirí), a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2023.
(12) Cód náisiúnta coibhéiseach: 3B001.a.4
(13) Rialachán ón Aire um Thrádáil Eachtrach agus Comhar Forbartha an 23 Meitheamh 2023, Uimh. MinBuza.2023.15246-27 lena dtugtar isteach oibleagáid cheadúnais chun ardtrealamh táirgthe a onnmhairiú le haghaidh leathsheoltóirí nach luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 2021/821 (Rialachán maidir le hardtrealamh táirgthe le haghaidh leathsheoltóirí), a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2023.
(14) Cód náisiúnta coibhéiseach: 3B001.d.19
(15) Rialachán ón Aire um Thrádáil Eachtrach agus Comhar Forbartha an 23 Meitheamh 2023, Uimh. MinBuza.2023.15246-27 lena dtugtar isteach oibleagáid cheadúnais chun ardtrealamh táirgthe a onnmhairiú le haghaidh leathsheoltóirí nach luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 2021/821 (Rialachán maidir le hardtrealamh táirgthe le haghaidh leathsheoltóirí), a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2023.
(16) Cód náisiúnta coibhéiseach: 3.B.901.
(17) Iarscríbhinn III.5 a ghabhann le Foraithne Ríoga 679/2014 an 1 Lúnasa 2014, a tháinig i bhfeidhm an 7 Meitheamh 2023.
(18) Cód náisiúnta coibhéiseach: 3.B.902.
(19) Iarscríbhinn III.5 a ghabhann le Foraithne Ríoga 679/2014 an 1 Lúnasa 2014, a tháinig i bhfeidhm an 7 Meitheamh 2023.
(20) Cód náisiúnta coibhéiseach: 3D007
(21) Rialachán ón Aire um Thrádáil Eachtrach agus Comhar Forbartha an 23 Meitheamh 2023, Uimh. MinBuza.2023.15246-27 lena dtugtar isteach oibleagáid cheadúnais chun ardtrealamh táirgthe a onnmhairiú le haghaidh leathsheoltóirí nach luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 2021/821 (Rialachán maidir le hardtrealamh táirgthe le haghaidh leathsheoltóirí), a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2023.
(22) Cód náisiúnta coibhéiseach: 3.D.901.
(23) Iarscríbhinn III.5 a ghabhann le Foraithne Ríoga 679/2014 an 1 Lúnasa 2014, a tháinig i bhfeidhm an 7 Meitheamh 2023.
(24) Cód náisiúnta coibhéiseach: 3E005
(25) Rialachán ón Aire um Thrádáil Eachtrach agus Comhar Forbartha an 23 Meitheamh 2023, Uimh. MinBuza.2023.15246-27 lena dtugtar isteach oibleagáid cheadúnais chun ardtrealamh táirgthe a onnmhairiú le haghaidh leathsheoltóirí nach luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 2021/821 (Rialachán maidir le hardtrealamh táirgthe le haghaidh leathsheoltóirí), a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2023.
(26) Cód náisiúnta coibhéiseach: 3.E.901.
(27) Iarscríbhinn III.5 a ghabhann le Foraithne Ríoga 679/2014 an 1 Lúnasa 2014, a tháinig i bhfeidhm an 7 Meitheamh 2023.
(28) Cód náisiúnta coibhéiseach: 3.E.902.
(29) Iarscríbhinn III.5 a ghabhann le Foraithne Ríoga 679/2014 an 1 Lúnasa 2014, a tháinig i bhfeidhm an 7 Meitheamh 2023.
(30) Cód náisiúnta coibhéiseach: 3.E.903.
(31) Iarscríbhinn III.5 a ghabhann le Foraithne Ríoga 679/2014 an 1 Lúnasa 2014, a tháinig i bhfeidhm an 7 Meitheamh 2023.
(32) Cód náisiúnta coibhéiseach: 3.E.904.
(33) Iarscríbhinn III.5 a ghabhann le Foraithne Ríoga 679/2014 an 1 Lúnasa 2014, a tháinig i bhfeidhm an 7 Meitheamh 2023.
(34) Cód náisiúnta coibhéiseach: 4.A.901.
(35) Iarscríbhinn III.5 a ghabhann le Foraithne Ríoga 679/2014 an 1 Lúnasa 2014, a tháinig i bhfeidhm an 7 Meitheamh 2023.
(36) Cód náisiúnta coibhéiseach: 4.E.901.
(37) Iarscríbhinn III.5 a ghabhann le Foraithne Ríoga 679/2014 an 1 Lúnasa 2014, a tháinig i bhfeidhm an 7 Meitheamh 2023.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/441/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)